As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 1 de 1944.


[EN]

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1944.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1942. [23adh Feabhra, 1944.] ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932);

[EN]

tá leis na habairtí “an tAire” agus “cumann maitheasa puiblí” agus leis an bhfocal “tigh” na bríonna atá leo fé seach i gCuid II den Phríomh-Acht.

[EN]

Fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht dá leasú.

2.—(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do leasú ar na slite seo leanas:

[EN]

(a) léireofar mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1945, an tagairt don 1adh lá d'Abrán, 1935, atá i ngach ceann fé leith de mhíreanna (c), (d), (e), (f), (g) agus (h) den fho-alt san (1);

[EN]

(b) léireofár mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1945, an tagairt don 1adh lá d'Abrán, 1942, atá i bhfo-mhír (i) de mhír (i) den fho-alt san (1) (eadhon, an fho-mhír do cuireadh isteach ann trí mhír (b) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1939 (Uimh. 3 de 1939));

[EN]

(c) léireofar mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1945, gach tagairt fé leith don 1adh lá d'Abrán, 1940, atá i mír (j) den fho-alt san (1) (eadhon, an mhír do cuireadh isteach ann trí mhír (c) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1939 (Uimh. 3 de 1939)).

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1942 (Uimh. 15 de 1942).

[EN]

(3) Beidh an t-alt so mar bheadh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige amhail ar an 1adh lá d'Abrán, 1943, agus ón lá san amach.

[EN]

Brí an fhocail “athdéanamh”.

3.—(1) Nuair a húsáidtear an focal “athdéanamh” maidir le tigh in Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1942, cialluíonn sé aon athrú déanmhais do dhéanamh ar an tigh, lena n-áirmhítear é leathnú no é mhéadú, no aon oibreacha eile do dhéanamh maidir leis an tigh is dóich leis an Aire do bheith riachtanach do réir réasúin chun é dhéanamh níos oiriúnaighe chun daoine do chomhnaidhe ann, agus léireofar dá réir sin focail atá gaolmhar leis nuair a húsáidtear amhlaidh iad.

[EN]

(2) Beidh an t-alt so mar bheadh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith riamh aige amhail o dháta an Phríomh-Achta do rith.

[EN]

Cabhair do chumann maitheasa puiblí.

4.—I gcás cumann maitheasa puiblí do chur tithe do lucht oibre ar fáil tar éis an 1adh lá d'Iúl, 1940, agus roimh dháta an Achta so do rith, no tar éis dáta an Achta so do rith, agus na tithe sin d'úsáid mar áiteanna comhnaithe do dhaoine bheidh easáitithe de dheascaibh aon ghníomhartha fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, o údarás áitiúil, féadfaidh an t-údarás áitiúil, le toiliú an Aire agus do réir na rialachán a déanfar chun crícheanna an Achta so, cabhair do thabhairt don chumann maitheasa puiblí i slí no i slite aca so leanas:—

[EN]

(a) trí iasacht,

[EN]

(b) trí rann-íoc chun na muirear bliantúil i leith iasachtaí,

[EN]

(c) trí dheontas caipitiúil.

[EN]

(d) trí thalamh do dheonadh no do léasú,

[EN]

(e) trí oibreacha forbairte foirgníochta do dhéanamh.

[EN]

Cúiteamh i gcabhair a bheidh tugtha do chumann maitheasa puiblí.

5.—I gcás údarás áitiúil do thabhairt cabhrach fé alt 4 den Acht so i slí no i slite dá luaidhtear i míreanna (b), (c), (d) agus (e) den alt san, féadfaidh an tAire, do réir na rialacha atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do réir na rialachán a déanfar chun crícheanna an Achta so, an t-údarás áitiúil do chúiteamh sa chabhair a bheidh tugtha amhlaidh.

[EN]

Gan rátaí do bheith ionmhaithte.

6.—Is tuigthe nach áit chomhnaithe do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940), arna leasú leis an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1943 (Uimh. 6 de 1943), tigh a dtabharfar cabhair ina leith fé alt 4 den Acht so.

[EN]

Rialacháin.

7.—Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh chun crícheanna an Achta so.

[EN]

Costais.

8.—Déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, na costais féna raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh d'íoc as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas.

[EN]

Gearr-theideal agus có-luadh.

9.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1944, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1944, do ghairm d'Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1942, agus den Acht so le chéile.

[EN]

SCEIDEAL

Rialacha i dtaobh Iocaiochtai Cuitimh.

1. Sna Rialacha so cialluíonn an abairt “na rann-íocanna oiriúnacha”, maidir le cabhair do bhéarfaidh údarás áitiúil do chumann maitheasa puiblí i slí no i slite dá luaidhtear i míreanna (b), (c) (d) agus (e) d'alt 4 den Acht so, na rann-íocanna d'fhéadfadh an tAire do dhéanamh do réir ailt 6 den Phríomh-Acht dá mb'é an t-údarás áitiúil féin a chuirfeadh na tithe iomchuibhe ar fáil le hairgead a thógfaidís ar iasacht suas go dtí méid ba chóionann leis an gcostas, arna chinneadh do réir na rialachán a déanfar chun crícheanna an Achta so, féna raghadh an cumann maitheasa puiblí chun na tithe sin do chur ar fáil.

2. I gcás an chabhair iomchuibhe do thabhairt sa tslí a luaidhtear i mír (b) d'alt 4 den Acht so agus sa tslí sin amháin, féadfaidh an tAire pé íocaíochta cúitimh a mheasfaidh is ceart do dhéanamh alos na cabhrach san ach gan luach caipitiúil na n-íocaíocht cúitimh do dhul thar luach caipitiúil na rann-íocanna oiriúnacha.

3. I gcás an chabhair iomchuibhe do thabhairt i slí no i slite dá luaidhtear i míreanna (c), (d) agus (e) d'alt 4 den Acht so agus mar sin amháin, féadfaidh an tAire pé íocaíocht chúitimh a mheasfaidh is ceart do dhéanamh alos luach na cabhrach san, arna chinneadh do réir na rialachán a déanfar chun crícheann an Achta so, ach gan an íocaíocht chúitimh do dhul thar luach caipitiúil na ranníocanna oiriúnacha.

4. I gcás an chabhair iomchuibhe do thabhairt go leathrannach sa tslí luaidhtear i mír (b) d'alt 4 den Acht so agus go leathrannach i slí no i slite dá luaidhtear i míreanna (c), (d) agus (e) den alt san, féadfaidh an tAire—

(a) pé íocaíochta cúitimh a mheasfaidh is ceart do dhéanamh alos na cabhrach do bhéarfar sa tslí luaidhtear sa mhír sin (b), ach gan luach caipitiúil na n-íocaíocht do dhul thar luach caipitiúil na rann-íocanna oiriúnacha, no

(b)     (i) pé íocaíocht chúitimh a mheasfaidh is ceart do dhéanamh alos an mhéid is luach, arna chinneadh do réir na rialachán a déanfar chun crícheanna an Achta so, don chabhair do bhéarfar i slí no i slite dá luaidhtear sna míreanna san (c), (d) agus (e), ach gan an íocaíocht chúitimh do dhul thar luach caipitiúil na rann-íocanna oiriúnacha, agus

(ii) más lugha de mhéid ar bith an íocaíocht chúitimh sin ná luach caipitiúil na rann-íocanna oiriúnacha, pé íocaíochta breise cúitimh a mheasfáidh is ceart do dhéanamh alos na cabhrach a bhéarfar sa tslí a luaidhtear sa mhír sin (b), ach gan luach caipitiúil na n-íocaíocht cúitimh breise do dhul thar an méid sin.

[GA]

harp.jpg


Number 1 of 1944.


[GA]

HOUSING (AMENDMENT) ACT, 1944.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Amendment of sub-section (1) of section 5 of the Principal Act.

3.

Meaning of reconstruction.

4.

Assistance to public utility society.

5.

Recoupment in respect of assistance given to public utility society.

6.

Exclusion from remission of rates.

7.

Regulations.

8.

Expenses.

9.

Short title and collective citation.

SCHEDULE.

Rules Governing Recoupments.


Acts Referred to

Housing (Financial and Miscellaneous Provisions) Act, 1932

No. 19 of 1932

Housing (Amendment) Act, 1939

No. 3 of 1939

Housing (Amendment) Act, 1942

No. 15 of 1942

Local Government (Remission of Rates) Act, 1940

No. 8 of 1940

Local Government (Remission of Rates) Act, 1943

No. 6 of 1943

harp.jpg


Number 1 of 1944.


HOUSING (AMENDMENT) ACT, 1944.


AN ACT TO AMEND AND EXTEND THE HOUSING (FINANCIAL AND MISCELLANEOUS PROVISIONS) ACTS, 1932 TO 1942. [23rd February, 1944.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—In this Act—

[GA]

the expression “the Principal Act” means the Housing (Financial and Miscellaneous Provisions) Act, 1932 (No. 19 of 1932);

[GA]

the expressions “the Minister” and “public utility society” and the word “house” have the same meanings respectively as they have in Part II of the Principal Act.

[GA]

Amendment of sub-section (1) of section 5 of the Principal Act.

2.—(1) Sub-section (1) of section 5 of the Principal Act is hereby amended in the following respects:

[GA]

(a) the reference to the 1st day of April, 1935, contained in each of the paragraphs (c), (d), (e), (f), (g) and (h) of the said sub-section (1) shall be construed as a reference to the 1st day of April, 1945;

[GA]

(b) the reference to the 1st day of April, 1942, contained in sub-paragraph (i) of paragraph (i) of the said sub-section (1) (being the sub-paragraph inserted by paragraph (b) of section 2 of the Housing (Amendment) Act, 1939 (No. 3 of 1939)), shall be construed as a reference to the 1st day of April, 1945;

[GA]

(c) each of the references to the 1st day of April, 1940, contained in paragraph (j) of the said sub-section (1) (being the paragraph inserted by paragraph (c) of section 2 of the Housing (Amendment) Act, 1939 (No. 3 of 1939)) shall be construed as a reference to the 1st day of April, 1945.

[GA]

(2) Sub-section (1) of section 2 of the Housing (Amendment) Act, 1942 (No. 15 of 1942), is hereby repealed.

[GA]

(3) This section shall have and be deemed to have had effect as on and from the 1st day of April, 1943.

[GA]

Meaning of reconstruction.

3.—(1) In the Housing (Financial and Miscellaneous Provisions) Acts, 1932 to 1942, the word “reconstruction”, when used in relation to a house, means the carrying out of any structural alteration to the house, including the extension or enlargement thereof, or the carrying out of any other works in relation to the house which, in the opinion of the Minister, are reasonably necessary for the purpose of rendering it more suitable for human habitation, and cognate words, when so used, shall be construed accordingly.

[GA]

(2) This section shall have and be deemed to have had effect as from the passing of the Principal Act.

[GA]

Assistance to public utility society.

4.—Where a public utility society have provided after the 1st day of July, 1940, and before the passing of this Act or provide after the passing of this Act houses for the working classes and such houses are used for the re-housing of persons displaced by operations under the Housing of the Working Classes Acts, 1890 to 1931, of a local authority, the local authority may, with the consent of the Minister and in accordance with the regulations made for the purposes of this Act, give assistance to the public utility society in one or more of the following ways:—

[GA]

(a) by loan,

[GA]

(b) by contribution to annual loan charges,

[GA]

(c) by capital grant,

[GA]

(d) by the grant or lease of land,

[GA]

(e) by the execution of building development works.

[GA]

Recoupment in respect of assistance given to public utility society.

5.—Where under section 4 of this Act a local authority give assistance in one or more of the ways mentioned in paragraphs (b), (c), (d) and (e) of that section, the Minister may, in accordance with the rules contained in the Schedule to this Act and the regulations made for the purposes of this Act, recoup the local authority in respect of the assistance so given.

[GA]

Exclusion from remission of rates.

6.—A house by reference to which assistance is given under section 4 of this Act shall be deemed not to be a residence within the meaning of the Local Government (Remission of Rates) Act, 1940 (No. 8 of 1940), as amended by the Local Government (Remission of Rates) Act, 1943 (No. 6 of 1943).

[GA]

Regulations.

7.—The Minister may make regulations for the purposes of this Act.

[GA]

Expenses.

8.—The expenses incurred by the Minister in the administration of this Act shall, to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.

[GA]

Short title and collective citation.

9.—(1) This Act may be cited as the Housing (Amendment) Act, 1944.

[GA]

(2) The Housing (Financial and Miscellaneous Provisions) Acts, 1932 to 1942, and this Act may be cited together as the Housing (Financial and Miscellaneous Provisions) Acts, 1932 to 1944.

[GA][GA]

SCHEDULE.

Rules Governing Recoupments.

1. In these Rules, the expression “the appropriate contributions” means, in relation to assistance given by a local authority to a public utility society in one or more of the ways mentioned in paragraphs (b), (c), (d) and (e) of section 4 of this Act, the contributions which could be made by the Minister in accordance with section 6 of the Principal Act if the local authority had themselves provided the relevant houses on money borrowed by them to an amount equal to the cost, determined in accordance with the regulations made for the purposes of this Act, of the provision by the public utility society of such houses.

2. Where the relevant assistance is given solely in the way mentioned in paragraph (b) of section 4 of this Act, the Minister may make such recoupments as he thinks proper in respect of such assistance, subject to the limitation that the capital value of the recoupments shall not exceed the capital value of the appropriate contributions.

3. Where the relevant assistance is given solely in one or more of the ways mentioned in paragraphs (c) (d) and (e) of section 4 of this Act, the Minister may make such recoupment as he thinks proper in respect of the value, determined in accordance with the regulations made for the purposes of this Act, of such assistance, subject to the limitation that the recoupment shall not exceed the capital value of the appropriate contributions.

4. Where the relevant assistance is given partly in the way mentioned in paragraph (b) of section 4 of this Act and partly in one or more of the ways mentioned in paragraphs (c), (d) and (e) of that section, the Minister may either—

(a) make such recoupments as he thinks proper in respect of the assistance given in the way mentioned in the said paragraph (b), subject to the limitation that the capital value of the recoupments shall not exceed the capital value of the appropriate contributions, or

(b) (i) make such recoupment as he thinks proper in respect of the value, determined in accordance with the regulations made for the purposes of this Act, of the assistance given in one or more of the ways mentioned in the said paragraphs (c), (d) and (e), subject to the limitation that the recoupment shall not exceed the capital value of the appropriate contributions, and

(ii) if that recoupment is less by any amount than the capital value of the appropriate contributions, make such further recoupments as he thinks proper in respect of the assistance given in the way mentioned in the said paragraph (b), subject to the limitation that the capital value of the further recoupments shall not exceed the said amount.