As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 14 de 1935.
ACHT NA nEACHTRANNACH, 1935.
[10adh Abrán, 1935.]
Mínithe go generálta.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.
Míniú ar “eachtrannach.”
2.—San Acht so cialluíonn an focal “eachtrannach” duine nách saoránach de Shaorstát Éireann.
Cearta eachtrannach maidir le maoin.
3.—(1) Féadfaidh eachtrannach gach saghas maoine réalta agus pearsanta i Saorstát Éireann no fé réir dhlí Shaorstáit Éireann do thógaint, d'fháil, do shealbhú agus do chur de láimh sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna ina bhféadfadh saoránach de Shaorstát Éireann an mhaoin sin do thógaint, d'fháil, do shealbhú no do chur de láimh.
(2) Féadfar teideal chun aon tsaghas maoine réalta no pearsanta i Saorstát Éireann no fé réir dhlí Shaorstáit Éireann d'fháil tré eachtrannach no uaidh no i gcomharbas do sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna ar gach slí ina bhféadfaí an mhaoin sin d'fháil tré shaoránach de Shaorstát Éireann no uaidh no i gcomharbas do.
(3) Ní oibrecidh éinní san alt so—
(a) chun eachtrannaigh do cháiliú chun aon oifige no chun aon reachtshaoirse cathrach, páirliminte no eile ná beadh sé cáilithe chúichi dá mba na hachtófaí an t-alt so, no
(b) chun eachtrannaigh do cháiliú chun bheith ina únaer ar luing no ar aon scair i luing a bheidh cláruithe i Saorstát Éireann, no
(c) chun eachtrannaigh do cháiliú chun bheith ina únaer ar aon aer-árthach a bheidh cláruithe i Saorstát Éireann, no
(d) chun aon eachtrannaigh do cháiliú chun aon chirt no príbhléide bronntar le hAcht den Oireachtas (ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis) ar aon aicme no drong daoine, pe'ca mar shaoránaigh no mar náisiúnaigh de Shaorstát Éireann no in aon tslí eile tuairiscítear iad, nách duine dhíobh an t-eachtrannach san an t-am a bheidh i gceist.
Eachtrannaigh do bheith fé réir dhlí Shaorstáit Éireann.
4.—Beidh eachtrannach freagarthach i láthair dlí Shaorstáit Éireann agus intrialta fén dlí sin sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna ar gach slí ina mbeidh saoránach de Shaorstát Éireann freagarthach agus intrialta amhlaidh.
Eachtrannaigh do rialú.
5.—(1) Féadfaidh an tAire, más dóich leis agus pé uair is dóich leis gur ceart é, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh le hordú (dá ngairmtear ordú eachtrannach san Acht so) maidir le gach eachtrannach no maidir le heachtrannaigh de náisiúntacht áirithe no, neachtar acu, d'aicme áirithe, no maidir le heachtrannaigh áirithe, sé sin le rá:—
(a) a thoirmeasc ar na heachtrannaigh le n-a moaineann an t-ordú teacht i dtír no teacht isteach i Saorstát Éireann;
(b) srian do chur le heachtrannaigh, agus coinníollacha do chur ortha, maidir le teacht i dtír no teacht isteach i Saorstát Éireann, agus ortha san srian agus coinníollacha á chur ortha gan teacht i dtír ná teacht isteach amhlaidh ach in áiteanna áirithe no gan teacht i dtír ná teacht isteach amhlaidh in áiteanna áirithe;
(c) a thoirmeasc ar na heachtrannaigh sin Saorstát Éireann d'fhágaint agus chuige sin a thoirmeasc ar na heachtrannaigh sin dul ar bord loingis no aer-árthach i Saorstát Éireann;
(d) srian do chur leis na heachtrannaigh sin, agus coinníollacha do chur ortha, maidir le himeacht as Saorstát Éireann agus ortha san srian agus coinníollacha á chur ortha gan imeacht amhlaidh ach o áiteanna áirithe no ar shaghsanna áirithe córach taistil no gan imeacht amhlaidh o áiteanna áirithe no ar shaghsanna áirithe córach taistil;
(e) socrú do dhéanamh chun na n-eachtrannach san do dhúnadh amach no d'ionnarbadh agus do dhúnadh amach as Saorstát Éireann agus socrú do dhéanamh agus údarás do thabhairt chun an Aire do dhéanamh orduithe chuige sin;
(f) a cheangal ar na heachtrannaigh sin comhnaí no fanúint i gceanntracha no in áiteanna áirithe i Saorstát Éireann;
(g) a thoirmeasc ar na heachtrannaigh sin comhnaí no fanúint i gceanntracha no in áiteanna áirithe i Saorstát Éireann;
(h) a cheangal ar na heachtrannaigh sin forálacha áirithe i dtaobh cláruithe, atharú áite comhnaithe, taistil, fostaíochta, slí bheatha, agus nithe eile dá sórt san do chólíonadh faid a bheid i Saorstát Éireann.
(2) Féadfaidh forálacha chun gach críche no aon chríche acu so leanas bheith in ordú eachtrannach, sé sin le rá:—
(a) chun oblagáidí do chur ar mháistrí long ag teacht isteach i Saorstát Éireann no ag imeacht as, ar na píolótaí no na daoine eile i mbun aer-árthach ag teacht isteach i Saorstát Éireann no ag imeacht as, ar chuideachtana bóthair iarainn go ngabhann a línte bóthair iarainn trasna talamh-theorann Shaorstáit Éireann, agus ar na tiománuithe no na dacine eile i mbun feithiclí bóthair ag teacht isteach i Saorstát Éireann no ag imeacht as, agus chun srian do chur leo, pé oblagáidí agus pé srian is dóich leis an Aire is gá chun lánéifeachta do thabhairt don ordú san no chun a chur in áirithe go ndéanfar dá réir;
(b) chun na gcomhacht san uile (ar a n-áirmhítear comhachta gabhála agus coinneála) do bhronnadh ar an Aire agus ar oifigigh don Aire, ar oifigigh chustum agus máil agus ar fhórsaí míleata agus póilíneachta an Stáit is dóich leis an Aire is gá chun lán-éifeachta do thabhairt don ordú san no chun a chur in áirithe go ndéanfar dá réir;
(c) chun a chinneadh cadé an náisiúntacht a cuirfear i leith eachtrannach nách fios no nách deimhin cad is náisiúntacht dóibh;
(d) i gcás orduithe eachtrannach le n-a ndeintear socrú chun eachtrannach do dhúnadh amach no d'ionnarbadh agus do dhúnadh amach—chun oibriú an orduithe sin agus gach orduithe do rinneadh fé do bhuanú d'ainneoin aon atharuithe i náisiúntacht na n-eachtrannach no an eachtrannaigh le n-a mbaineann an t-ordú san no na t-ordú do rinneadh fé;
(e) chun a cheangal ar lucht tithe aoigheachta no ósta agus ar dhaoine eile bheireann lóistín no cóir chodlata uatha ar luach saothair in áitreabhacha atá ar únaeracht no ar seilbh acu cláir do choimeád de dhaoine bheidh ar lóistín no chodlóidh sna tithe aoigheachta no ósta no sna háitreabhacha san agus leigint d'oifigigh don Aire agus do bhaill d'fhórsaí póilíneachta an Stáit na cláir sin d'iniúchadh agus cóipeanna dhíobh do dhéanamh no sleachta do thógaint asta.
(3) Más rud é, in aon imeachta, coiriúil no síbhialta, go n-eireoidh aon cheist fé ordú eachtrannach no fé ordú do rinneadh fé ordú eachtrannach no maidir le haon cheann acu i dtaobh ce'ca eachtrannach aon duine áirithe no nách eadh no ce'ca eachtrannach de náisiúntacht áirithe no d'aicme áirithe é no nách eadh no ce'ca eachtrannach áirithe luaidhtear san ordú san é no nách eadh is ar an duine sin a bheidh a chruthú nách eachtrannach é, no nách eachtrannach de náisiúntacht no d'aicme áirithe é, no nách é an t-eachtrannach áirithe sin é (pe'ca aca é).
(4) Ní bhainfidh ordú eachtrannach le haon duine acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) ceann aon mhisiúin thaidhleoireachta bheidh údaruithe go cuibhe do Shaorstát Éireann, baill de theaghlach an chinn sin, agus gach ball d'fhoirinn taidhleoireachta an mhisiúin sin gur cuireadh a cheapadh mar bhall den tsórt san in úil don Aire Gnóthaí Coigríche go hoifigiúil no agá mbeidh aon teideal eile chun saoirsí taidhleoireachta agus céile agus clann an bhaill sin;
(b) an t-árd-chonsul agus aon chonsul no leas-chonsul i Saorstát Éireann o thír ar bith eile agus céile agus clann an árd-chonsuil, an chonsuil no an leas-chonsuil sin.
(c) éinne ná baineann aon mhír de sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so leis agus go ndearbhófar, le hordú dhéanfaidh an tAire Gnóthaí Coigríche, gur ionadaí oifigiúil i Saorstát Éireann do rialtas tíre eile é.
(5) Eachtrannach a bheidh ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann agus a bhí ina chomhnaí amhlaidh ann ar feadh tréimhse (cuid di roimh an Acht so do rith agus cuid di ina dhiaidh no, neachtar acu, í uile ina dhiaidh) nár ghiorra ná cúig bliana agus a bheidh de thurus na huaire ar fostú i Saorstát Éireann no ag gabháil do ghnó no ag cleachtadh gairme i Saorstát Éireann ní déanfar é d'ionnarbadh as Saorstát Éireann fé ordú eachtrannach ná fé ordú déanfar fé ordú eachtrannach maran rud é—
(a) go mbeidh téarma pian-tseirbhíse no príosúntachta do chuir Cúirt i Saorstát Éireann air caithte no á chaitheamh ag an eachtrannach san, no
(b) gur mhol Cúirt i Saorstát Éireann, gur díotáladh no gur cúisíodh an t-eachtrannach san ina láthair in aon choir no cionta, an t-eachtrannach san d'ionnarbadh no
(c) go mbeidh fógra ráithe i scríbhinn i dtaobh an ionnarba san tugtha ag an Aire don eachtrannach san.
(6) Gach ordú do rinneadh fé sna Aliens Restriction Acts, 1914 and 1919, agus atá i bhfeidhm ar dháta an Achta so do rith féadfar é do leasú no do cheiliúradh le hordú eachtrannach, agus go dtí go gceiliúrfar amhlaidh é, agus fé réir aon leasuithe den tsórt san, leanfaidh i bhfeidhm agus tuigfear gur fén Acht so do rinneadh é agus beidh ina ordú eachtrannach do réir bhrí an Achta so.
(7) Féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, ordú eachtrannach do rinneadh roimhe sin do cheiliúradh no do leasú.
(8) Leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas, chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, gach ordú eachtrannach agus gach ordú ag ceiliúradh no ag leasú orduithe eachtrannach agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.
(9) Pé uair is i dtaobh eachtrannach d'aicme áirithe déanfar ordú déanfar fé ordú eachtrannach foillseofar an t-ordú san san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.
Sárú ar ordú eachtrannach.
6.—(1) Gach duine dhéanfaidh éinní, pe'ca tré ghníomh no tré fhaillí é, is sárú ar aon fhoráil d'ordú eachtrannach do rinneadh no tuigtear do rinneadh fén Acht so no d'ordú do rinneadh fé ordú eachtrannach beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí, agus an Chúirt gur os a comhair a ciontófar an duine sin féadfaidh, i dteanta no in ionad aon fhíneála no príosúntachta den tsórt san, a ordú don duine sin dul fé bhannaí, go n-urraí no dá n-éamuis, á cheangal ar an duine sin déanamh do réir forálacha no aon cheann d'fhorálacha an orduithe sin.
(2) Gach duine go dteipfidh air déanamh do réir orduithe ón gCúirt a déanfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so á cheangal air dul fé bhannaí beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí.
Barántaisí cuardaigh.
7.—(1) Pé uair is deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúithche, ar fhaisnéis thiomanta oifigigh den Ghárda Síochána nách ísle céim ná ceannphort, go bhfuil sé riachtanach chó fada le réasún, chun na gcrícheanna bhaineann le foirfheidhmiú orduithe eachtrannach no orduithe do rinneadh fé ordú eachtrannach, go gcuardódh baill den Ghárda Síochána aon talamh, foirgint, áitreabh no áit áirithe eile féadfaidh an Breitheamh san barántas cuardaigh den tsórt a luaidhtear san alt so do thabhairt amach don oifigeach san.
(2) Barántas cuardaigh do bhéarfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche amach fén alt so déarfaidh agus déanfaidh a údarú do bhall ainmnithe den Ghárda Síochána nách ísle céim ná ceannphort, agus pé baill eile den Ghárda Síochána is dóich leis is ceart ina theanta, dul isteach agus cuardach do dhéanamh, aon uair laistigh d'ocht n-uaire is dachad a' chluig tar éis an bharántais chuardaigh sin do thabhairt amach, agus san le héigin más gá é, ar an talamh no sa bhfoirgint, san áitreabh no san áit a bheidh luaidhte sa bharántas chuardaigh sin agus gach duine no aon duine do gheobhfar san áit sin do chuardach agus do cheistniú agus do ghabháil.
Srian le heachtrannaigh d'atharú a n-ainme.
8.—(1) Ach amháin i gcás agus sa mhéid go n-údarófar é le ceadúnas do bhéarfar amach fén Acht so ní bheidh sé dleathach d'aon eachtrannach a bheidh de thurus na huaire bliain is fiche d'aois no os a chionn aon ainm seachas an ainm do bheirtí air de ghnáth agus i gcoitinne pé lá acu so is déanaí, sé sin le rá, an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, no an lá roimh an dáta ar ar shlánuigh sé a bhliain is fiche, do ghlacadh ná d'úsáid ná a thabhairt le tuisgint í bheith glactha no á húsáid aige ná leanúint d'í thabhairt air féin ná d'úsáid tar éis an lae cheaptha.
(2) Ach amháin i gcás agus sa mhéid go n-údarófar é le ceadúnas do bhéarfar amach fén Acht so ní bheidh sé dleathach d'eachtrannach, ina aonar ná i bpáirtíocht le duine no le daoine eile, bheith ag gabháil d'aon trádáil no gnó ná leanúint de bheith ag gabháil d'aon trádáil no gnó tar éis an lae cheaptha fé aon ainm no teideal seachas an ainm no an teideal fé n-a raibh no fé n-a mbeidh an trádáil no an gnó san ar siúl—
(a) más roimh an lá ceaptha (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis) do thosnuigh no thosnóidh an t-eachtrannach san, ina aonar no i bpáirtíocht le duine no daoine eile, ar bheith ag gabháil don trádáil no don ghnó san—pé lá acu so leanas is déanaí, sé sin le rá, an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, no an lá do thosnuigh no thosnóidh ar bheith ag gabháil don trádáil no don ghnó san amhlaidh, no
(b) más ar an lá ceaptha no dá éis a thosnóidh an t-eachtrannach san amhlaidh ar bheith ag gabháil don trádáil no don ghnó san—an lá thosnóidh amhlaidh ar bheith ag gabháil don trádáil no don ghnó san.
(3) I gcás trádála no gnótha dá mbeidh beirt no níes mó ag gabháil i bpáirtíocht fé theideal no fé ainm is ionann nách mór agus cónascadh d'ainmneacha fé seach na ndaoine sin ní hatharú, chun crícheanna an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, ar an teideal no ar an ainm sin aon atharú sa teideal no san ainm sin a déanfar mar gheall ar atharú i mballraíocht na páirtíochta san agus a bheidh nách mór do réir an atharuithe sin.
(4) Ní sárú ar an alt so bean do ghlacadh ainme a fir chéile ar phósadh dhi ná í d'úsáid na hainme sin tar éis pósta dhi.
(5) Gach duine dhéanfaidh éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.
(6) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá nách túisce ná trí mhí tar éis dáta an orduithe sin do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun críche an ailt seo agus an chéad ailt ina dhiaidh seo agus san alt so agus sa chéad alt san ina dhiaidh seo cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar amhlaidh.
Ceadúnaisí chun eachtrannach d'atharú a n-ainme.
9.—(1) Eachtrannach gur mian leis—
(a) leanúint d'ainm d'úsáid tar éis an lae cheaptha go dtoirmeasctar air leis an alt deiridh sin roimhe seo den Acht so leanúint amhlaidh d'í d'úsáid, no
(b) ainm do ghlacadh no d'úsáid tar éis an lae cheaptha go dtoirmeasctar air leis an alt deiridh sin roimhe seo den Acht so í do ghlacadh no d'úsáid amhlaidh, no
(c) bheith ag gabháil no leanúint de bheith ag gabháil, tar éis an lae ceaptha, do thrádáil no do ghnó (ina aonar no i bpáirtíocht le duine no daoine eile) fé theideal no fé ainm go dtoirmeasctar air leis an alt deiridh sin roimhe seo den Acht so leanúint de bheith ag gabháil amhlaidh don ghnó san fé,
féadfa sé ceadúnas d'iarraidh sa bhfuirm agus sa tslí orduithe ar an Aire, roimh an lá ceaptha no dá éis, chun leanúint den ainm sin d'úsáid, no chun na hainme sin do ghlacadh agus d'úsáid, no chun bheith ag gabháil no leanúint de bheith ag gabháil don trádáil no don ghnó san, pe'ca aca é, fén dteideal no fén ainm sin.
(2) Féadfaidh an tAire ceadúnas a hiarrfar fén alt so do thabhairt amach no diúltú d'é thabhairt amach, fé mar is rogha leis féin, agus má bheireann sé amach aon cheadúnas den tsórt san féadfaidh pé coinníollacha do chur ag gabháil leis an gceadúnas san is dóich leis is ceart agus a luadhfa sé ann.
(3) Ceadúnas do bhéarfar amach fén alt so déarfaidh agus déanfaidh a údarú don cheadúnaí bheidh ainmnithe ann leanúint d'ainm áirithe d'úsáid. no ainm áirithe do ghlacadh agus d'úsáid, no leanúint de bheith ag gabháil do thrádáil no do ghnó áirithe fé theideal no fé ainm áirithe no bheith ag gabháil do thrádáil no do ghnó áirithe fé theideal áirithe, pe'ca aca is gá sa chás, ar dháta an cheadúnais sin no ar aon dáta is déanaí ná san a luadhfar ann agus as san amach agus, in aon chás, fé réir pé coinníollacha luadhfar sa cheadúnas san.
(4) Eileofar agus íocfar ar gach ceadúnas do thabhairt amach fén alt so pé táille ordóidh an tAire le toliú an Aire Airgid.
(5) Is i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham a baileofar agus a glacfar gach táille is iníoctha alos ceadúnaisí do bhéarfar amach fén alt so agus íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir orduithe an Aire sin.
(6) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén alt so.
(7) Féadfaidh an tAire aon uair mar is rogha leis féin ceadúnas do thug sé amach fén alt so do cheiliúradh.
(8) Chó luath agus is féidir é tar éis ceadúnais do bhéarfar amach fén alt so do thabhairt amach no do cheiliúradh foillseoidh an tAire san Iris Oifigiúil fógra i dtaobh an cheadúnais sin do thabhairt amach no do cheiliúradh (pe'ca aca é) maraon le pé mion-innste i dtaobh an cheadúnais sin is dóich leis an Aire is ceart chun a thaisbeáint, i gcás ceadúnas do thabhairt amach, cé hé an duine no cadé an trádáil no an gnó gur maidir leis do tugadh an ceadúnas san amach no cad is brí generálta don cheadúnas san no chun a thaisbeáint, i gcás ceadúnas do cheiliúradh, cadé an ceadúnas áirithe do ceiliúradh.
Comhacht chun saoránach de thíortha áirithe do shaoradh o fheidhm forálacha den Acht so, etc.
10.—(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, saoirse o fheidhm aon fhorála no forálacha den Acht so no d'aon ordú eachtrannach do thabhairt do shaoránaigh is géilliúnaigh no náisiúnaigh d'aon tír gur deimhin leis an Ard-Chomhairle ina taobh, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis agus go sonnrách do dhlithe na tíre sin maidir le hinimircigh, gur ceart an tsaoirse luadhfar san ordú san do dheonadh.
(2) Gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.
(3) Féadfaidh an Ard-Chomhairle aon uair, le hordú, aon ordú do rinneadar roimhe sin fén alt so do cheiliúradh,
Rialacháin.
11.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh aon ní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú ach ní déanfar aon rialachán den tsórt san i dtaobh méide táille gan toiliú an Aire Airgid.
(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
Ciontaí do chúiseamh.
12.—Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fé aon alt no fo-alt den Acht so do chúiseamh.
Costaisí.
13.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire ag cur an Achta so i bhfeidhm do.
Athghairm.
14.—Na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
Gearr-theideal.
15.—Féadfar Acht na nEachtrannach, 1935, do ghairm den Acht so.
SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibideal | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme. |
4 & 5 Geo. V, c. 12. | Aliens Restriction Act, 1914. | An tAcht iomlán. |
9 & 10 Geo. V, c. 92. | Aliens Restriction (Amendment) Act, 1919. | An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe. |
Number 14 of 1935.
ALIENS ACT, 1935.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Power to exempt citizens of certain countries from application of provisions of Act, etc. | |
Enactments Repealed.
Number 14 of 1935.
ALIENS ACT, 1935.
Definitions generally.
1.—In this Act—
the expression “the Minister” means the Minister for Justice; the word “prescribed” means prescribed by regulations made by the Minister under this Act.
Definition of “alien”.
2.—In this Act the word “alien” means a person who is not a citizen of Saorstát Eireann.
Rights of aliens in relation to property.
3.—(1) Real and personal property of every description in Saorstát Eireann or subject to the law of Saorstát Eireann may be taken, acquired, held, and disposed of by an alien in the like manner and to the like extent as such property may be taken, acquired, held, or disposed of by a citizen of Saorstát Eireann.
(2) A title to real or personal property of any description in Saorstát Eireann or subject to the law of Saorstát Eireann may be derived through, from, or in succession to an alien in the like manner and to the like extent in all respects as such property may be derived through, from, or in succession to a citizen of Saorstát Eireann.
(3) Nothing in this section shall operate—
(a) to qualify an alien for any office or for any municipal, parliamentary, or other franchise for which he would not be qualified if this section had not been enacted, or
(b) to qualify an alien to be the owner of a ship or of any share in a ship registered in Saorstát Eireann, or
(c) to qualify an alien to be the owner of any aircraft registered in Saorstát Eireann, or
(d) to qualify any alien for any right or privilege conferred by an Act of the Oireachtas (whether passed before or after this Act) on any class or group of persons, whether defined as citizens or as nationals of Saorstát Eireann or in any other manner whatsoever, of which such alien is not a member at the relevant time.
Subjection of aliens to the law of Saorstát Eireann.
4.—An alien shall be amenable to and triable under the law of Saorstát Eireann in the like manner and to the like extent in all respects as a citizen of Saorstát Eireann.
Control of aliens.
5.—(1) The Minister may, if and whenever he thinks proper, do by order (in this Act referred to as an aliens order) all or any of the following things in respect either of all aliens or of aliens of a particular nationality or otherwise of a particular class, or of particular aliens, that is to say:—
(a) prohibit the aliens to whom the order relates from landing in or entering into Saorstát Eireann;
(b) impose on such aliens restrictions and conditions in respect of landing in or entering into Saorstát Eireann, including limiting such landing or entering to particular places or prohibiting such landing or entering at particular places;
(c) prohibit such aliens from leaving Saorstát Eireann and for that purpose prohibit such aliens from embarking on ships or aircraft in Saorstát Eireann;
(d) impose on such aliens restrictions and conditions in respect of leaving Saorstát Eireann including limiting such leaving to particular places or particular means of travelling or prohibiting such leaving from particular places or by particular means of travelling;
(e) make provision for the exclusion or the deportation and exclusion of such aliens from Saorstát Eireann and provide for and authorise the making by the Minister of orders for that purpose;
(f) require such aliens to reside or remain in particular districts or places in Saorstát Eireann;
(g) prohibit such aliens from residing or remaining in particular districts or places in Saorstát Eireann;
(h) require such aliens to comply, while in Saorstát Eireann, with particular provisions as to registration, change of abode, travelling, employment, occupation, and other like matters.
(2) An aliens order may contain provisions for all or any of the following purposes, that is to say:—
(a) imposing such obligations and restrictions on the masters of ships entering or leaving Saorstát Eireann, the pilots or other persons in charge of aircraft entering or leaving Saorstát Eireann, railway companies whose railway lines cross the land frontier of Saorstát Eireann, and the drivers or other persons in charge of road vehicles entering or leaving Saorstát Eireann as may, in the opinion of the Minister, be necessary for giving full effect to or securing compliance with such order;
(b) conferring on the Minister and on officers of the Minister, officers of customs and excise and the military and police forces of the State all such powers (including powers of arrest and detention) as are, in the opinion of the Minister, necessary for giving full effect to or enforcing compliance with such order;
(c) determining the nationality to be ascribed to aliens whose nationality is unknown or uncertain;
(d) in the case of an aliens order which provides for the exclusion or the deportation and exclusion of aliens, continuing the operation of such order and every order made thereunder notwithstanding any change in the nationality of the aliens or the alien to which such order or the order made thereunder relates;
(e) requiring hotelkeepers and innkeepers and other persons providing for reward on premises owned or occupied by them lodging or sleeping accommodation to keep registers of persons lodging or sleeping in such hotel, inn, or premises and to permit officers of the Minister and members of the police forces of the State to inspect and take copies of or extracts from such registers.
(3) If in any proceedings, whether civil or criminal, any question arises under or in relation to an aliens order or an order made under an aliens order whether any person is or is not an alien, or is or is not an alien of a particular nationality or otherwise of a particular class, or is or is not a particular alien specified in such order, the onus of proving (as the case may require) that such person is not an alien, or is not an alien of a particular nationality or of a particular class, or is not such particular alien, shall lie on such person.
(4) An aliens order shall not apply to any of the following persons, that is to say:—
(a) the head of any diplomatic mission duly accredited to Saorstát Eireann, the members of the household of such head, and every member of the diplomatic staff of such mission whose appointment as such has been officially notified to the Minister for External Affairs or is otherwise entitled to diplomatic immunities and the spouse and child of such member;
(b) the consul-general and any consul or vice-consul in Saorstát Eireann of any other country and the spouse and child of such consul-general, consul or vice-consul;
(c) any person to whom neither of the preceding paragraphs of this sub-section applies who is declared by an order made by the Minister for External Affairs to be an official representative in Saorstát Eireann of the Government of another country.
(5) An alien who is ordinarily resident in Saorstát Eireann and has been so resident for a period (whether partly before and partly after the passing of this Act or wholly after such passing) of not less than five years and is for the time being employed in Saorstát Eireann or engaged in business or the practice of a profession in Saorstát Eireann shall not be deported from Saorstát Eireann under an aliens order or an order made under an aliens order unless—
(a) such alien has served or is serving a term of penal servitude or of imprisonment inflicted on him by a Court in Saorstát Eireann, or
(b) the deportation of such alien has been recommended by a Court in Saorstát Eireann before which such alien was indicted for or charged with any crime or offence, or
(c) three months' notice in writing of such deportation has been given by the Minister to such alien.
(6) Every order made under the Aliens Restriction Acts, 1914 and 1919, and in force at the date of the passing of this Act may be amended or revoked by an aliens order, and until so revoked, and subject to any such amendment, shall continue in force and be deemed to have been made under this Act, and shall be an aliens order within the meaning of this Act.
(7) The Minister may, at any time, by order revoke or amend an aliens order previously made.
(8) Every aliens order and every order revoking or amending an aliens order shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made, and, if a resolution is passed by either House of the Oireachtas within the next subsequent twenty-one days on which such House has sat after such order is laid before it annulling such order, such order shall be annulled accordingly, but without prejudice to the validity of anything previously done under such order.
(9) Whenever an order made under an aliens order is made in respect of aliens of a particular class, such order shall be published in the Iris Oifigiúil as soon as may be after it is made.
Contravention of aliens order.
6.—(1) Every person who does any act, whether of commission or omission, which is a contravention of any provision of an aliens order made or deemed to have been made under this Act or of an order made under an aliens order shall be guilty of an offence under this sub-section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding one hundred pounds or, at the discretion of the Court, to imprisonment for any term not exceeding six months, and the Court, before which such person is so convicted, may, either in addition to or in lieu of any such fine or imprisonment, order such person to enter into recognizances, either with or without sureties, binding such person to comply with the provisions or any of the provisions of such order.
(2) Every person who fails to comply with an order of the Court, made under the foregoing sub-section of this section, requiring him to enter into recognizances, shall be guilty of an offence under this sub-section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding one hundred pounds or at the discretion of the Court to imprisonment for any term not exceeding six months.
Search warrants.
7.—(1) Whenever a Justice of the District Court is satisfied, on the information on oath of an officer of the Gárda Síochána not below the rank of superintendent, that it is reasonably necessary, for the purposes of the enforcement of an aliens order or an order made under an aliens order, that any particular land, building, premises, or other place should be searched by members of the Gárda Síochána, such Justice may issue to such officer such search warrant as is mentioned in this section.
(2) A search warrant issued by a Justice of the District Court under this section shall be expressed and shall operate to authorise a named member of the Gárda Síochána not below the rank of inspector accompanied by such other members of the Gárda Síochána as he shall think proper, at any time within forty-eight hours after the issue of such search warrant, and if needs be by force, to enter and search the land, building, premises, or place specified in such search warrant and to search and interrogate and to arrest all or any persons or person found in such place.
Restrictions on change of name by aliens.
8.—(1) Save if and so far as may be authorised by a licence issued under this Act, it shall not be lawful for any alien of or over the age of twenty-one years to assume or use or purport to assume or use or to continue the assumption or use after the appointed day of any name other than the name by which he was ordinarily and usually known on whichever of the following days is the later, that is to say, the 6th day of December, 1922, or the day before the date on which he attained the age of twenty-one years.
(2) Save if and so far as may be authorised by a licence issued under this Act, it shall not be lawful for an alien to carry on or continue to carry on after the appointed day either alone or in partnership with another person or other persons any trade or business under any name or style other than the name or style under which such trade or business was or is carried on—
(a) where such alien began or begins to carry on, either alone or in partnership with another person or persons, such trade or business before the appointed day (whether before or after the passing of this Act), on whichever of the following days was or is the later, that is to say, the 6th day of December, 1922, or the day on which he began or begins so to carry on such trade or business, or
(b) where such alien begins so to carry on such trade or business on or after the appointed day, the day on which he so begins to carry on such trade or business.
(3) In the case of a trade or business carried on by two or more persons in partnership under a style or name which is substantially a combination of the respective names of such persons, no change in such style or name which is made in consequence of and substantially corresponds to a change in the membership of such partnership shall be a change of such style or name for the purposes of the next preceding sub-section of this section.
(4) In the case of a woman, neither the assumption on her marriage of the surname of her husband nor the use of that surname after her marriage shall be a contravention of this section.
(5) Every person who acts in contravention of this section shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding twenty pounds and a further fine not exceeding one pound for every day on which the offence is continued.
(6) The Minister may by order appoint a day, not earlier than three months after the date of such order, to be the appointed day for the purpose of this section and the next following section, and in this section and the said next following section the expression “the appointed day” means the day so appointed:
Licences for change of name by aliens.
9.—(1) An alien who desires—
(a) to continue to use after the appointed day a name which he is prohibited by the next preceding section of this Act from so continuing to use, or
(b) to assume or use after the appointed day a name which he is prohibited by the next preceding section of this Act from so assuming or using, or
(c) to carry on or continue to carry on, after the appointed day, a trade or business (either alone or in partnership with another person or other persons) under a style or name under which he is prohibited by the next preceding section of this Act from so continuing to carry on such business,
may apply in the prescribed form and manner to the Minister, either before or after the appointed day, for a licence, as the case may be, to continue to use such name, or to assume and use such name, or to carry on or continue to carry on such trade or business under such style or name.
(2) The Minister may, at his absolute discretion, either issue or refuse to issue a licence applied for under this section, and, if he issues any such licence, may attach thereto such conditions as he shall think proper and shall specify therein.
(3) A licence issued under this section shall be expressed and shall operate to authorise the licensee named therein either, as the ease may require, to continue to use a specified name, or to assume and use a specified name, or to continue to carry on a specified trade or business under a specified style or name or to carry on a specified trade or business under a specified style, as on and from the date of such licence or any later date specified therein and, in any case, subject to such conditions as shall be specified in such licence.
(4) There shall be charged and paid on the issue of every licence under this section such fee as the Minister may, with the consent of the Minister for Finance, prescribe.
(5) All fees payable in respect of licences issued under this section shall be collected and taken in such manner as the Minister for Finance shall, from time to time, direct and shall be paid into or disposed of for the benefit of the Exchequer in accordance with the directions of the said Minister.
(6) The Public Offices Fees Act, 1879, shall not apply in respect of any fees payable under this section.
(7) The Minister may, at any time at his absolute discretion, revoke a licence issued by him under this section.
(8) As soon as may be after the issue or the revocation of a licence issued under this section, the Minister shall publish in the Iris Oifigiúil notice of the fact of the issue or the revocation (as the case may be) of such licence together with such particulars of such licence as the Minister shall think proper for the purpose, in the case of the issue of a licence, of indicating the person or the trade or business in respect of which such licence is issued and the general purport of such licence or, in the case of the revocation of a licence, of identifying the licence which is revoked.
Power to exempt citizens of certain countries from application of provisions of Act, etc.
10.—(1) The Executive Council may by order exempt from the application of any provision or provisions of this Act, or of any aliens order, the citizens, subjects or nationals of any country in respect of which the Executive Council are satisfied that, having regard to all the circumstances and in particular the laws of such country in relation to immigrants, it is proper that the exemption mentioned in such order should be granted.
(2) Every order made by the Executive Council under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made, and, if a resolution is passed by either House of the Oireachtas within the next subsequent twenty-one days on which such House has sat after the order is laid before it annulling such order, such order shall be annulled accordingly, but without prejudice to the validity of anything previously done under such order.
(3) The Executive Council may, at any time, by order, revoke any order previously made by them under this section.
Regulations.
11.—(1) The Minister may by order make regulations in relation to any matter or thing referred to in this Act as prescribed or to be prescribed, but no such regulation shall be made in relation to the amount of a fee without the consent of the Minister for Finance.
(2) Every regulation made by the Minister under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made, and if a resolution annulling such regulation is passed by either such House within the next subsequent twenty-one days on which such House has sat after such regulation is so laid before it, such regulation shall be annulled accordingly but without prejudice to the validity of anything previously done thereunder.
Prosecution of offences.
12.—Every offence under any section or sub-section of this Act may be prosecuted by or at the suit of the Minister as prosecutor.
Expenses.
13.—All expenses incurred by the Minister in carrying this Act into execution shall, to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.
Repeals.
14.—The enactments mentioned in the Schedule to this Act are hereby repealed to the extent specified in the third column of the said Schedule.
Short title.
15.—This Act may be cited as the Aliens Act, 1935.
SCHEDULE.
Enactments Repealed.
Session and Chapter | Short Title | Extent of Repeal |
4 & 5 Geo. V, c. 12. | Aliens Restriction Act, 1914. | The whole Act. |
9 & 10 Geo. V, c. 92. | Aliens Restriction (Amendment) Act, 1919. | The whole Act so far as unrepealed. |