As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 14 de 1937.
ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA, 1937.
CUID I.
Roimhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal.
1.—Féadfar an tAcht um Thoghacháin Áitiúla, 1937, do ghairm den Acht so.
An tAire.
2.—San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.
Cosaint d'údaráis scurtha.
3.—Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so dochar ná deifir d'oibriú aon orduithe ar n-a dhéanamh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fé alt 12 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923), no fé alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925).
CUID II.
Foralacha Sealadacha i gcoir Toghachan chun Udaras Áitiúil seachas Comhairle Chontae-Bhuirge Chorcaighe.
Mínithe chun crícheanna Coda II.
4.—(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “Acht 1927” an tAcht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927).
(2) Beidh gach cólucht acu so leanas ina údarás áitiúil chun crícheanna na Coda so den Acht so agus déanfar, sa Chuid seo den Acht so, an abairt “údarás áitiúil” do léiriú dá réir sin, sé sin le rá:—
(a) comhairle chontae,
(b) comhairle chontae-bhuirge seachas contae-bhuirg Chorcaighe,
(c) comhairle bhuirge,
(d) comhairle bhailecheanntair,
(e) coimisinéirí baile.
Na hamanna i gcóir toghachán chun údarás áitiúil d'atharú.
5.—(1) Déanfaidh an tAire, roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1940, le hordú, lá nach déanaí ná an 30adh lá san de Mheán Fhómhair, 1940, do cheapadh, maidir le gach údarás áitiúil, chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so alos an údaráis áitiúla san.
(2) Ní déanfar aon toghachán cinn trí mblian do bhaill aon údaráis áitiúla (seachas údarás áitiúil le n-a mbaineann an chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so) do chomóradh le linn na tréimhse dar tosach dáta an Achta so do rith agus dar críoch an lá roimh an lá is lá ceaptha alos an údaráis áitiúla san, ach ina ionad san déanfar toghachán do bhaill an údaráis áitiúla san do chomóradh an lá ceaptha san.
(3) I gcás inar gá do réir dlí toghachán (nach toghachán cinn trí mblian) do bhaill údaráis áitiúla do chomóradh laistigh de thréimhse áirithe a raghaidh in éag an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1940, no roimhe sin, comórfar an toghachán san an lá is lá ceaptha don údarás áitiúil sin.
(4) Féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh fén alt so chun bheith ina lá cheaptha alos údarásanna áitiúla deifriúla.
(5) Pé uair a dhéanfaidh an tAire le hordú fén alt so (le n-a n-áirmhítear ordú fén bhfo-alt so) lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha d'údarás áitiúil, féadfaidh, le hordú ina dhiaidh sin, an t-ordú san do cheiliúradh agus lá eile do cheapadh fé fho-alt (1) den alt so chun bheith ina lá cheaptha don údarás áitiúil sin.
(6) Ní oibreoidh éinní atá san alt so chun srian do chur le comhacht an Aire fé aon achtachán seachas an tAcht so chun a ordú toghachán do bhaill údaráis áitiúla scurtha do chomóradh tráth ar bith.
(7) San Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fén alt so chun bheith ina lá cheaptha don údarás áitiúil gur ina thaobh a húsáidtear an abairt.
Forálacha iarmartacha maidir le toghacháin chinn trí mblian.
6.—Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach togachán do bhaill údaráis áitiúla comórfar an lá ceaptha do réir na Coda so den Acht so, sé sin le rá:—
(a) tuigfear gur toghachán cinn trí mblian an toghachán san, agus déanfar na hamanna ar a gcomórfar toghacháin chinn trí mblian ina dhiaidh sin do bhaill an údaráis áitiúla san d'áireamh dá réir sin;
(b) lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, beidh an lá ceaptha, chun crícheanna Coda II d'Acht 1927, ina ghnáth-lá toghacháin do bhaill an údaráis áitiúla san;
(c) mas comhairle chontae an t-údarás áitiúil sin, beidh an seachtú lá tar éis an lae cheaptha, beidh san, chun crícheanna Coda II d'Acht 1927, ina ghnáth-lá chun baill an údaráis áitiúla san do dhul as oifig, agus dá réir sin leanfaidh téarmaí oifige fé seach na mball san go dtí an seachtú lá san agus ní níos sia ná san;
(d) maran comhairle chontae an t-údarás áitiúil sin, beidh an cúigiú lá tar éis an lae cheaptha, beidh san, chun crícheanna Coda II d'Acht 1927, ina ghnáth-lá chun baill an údaráis áitiúla san do dhul as oifig, agus dá réir sin leanfaidh téarmaí oifige fé seach na mball san go dtí an cúigiú lá san agus ní níos sia ná san.
Forálacha iarmartacha maidir le toghacháin nach toghacháin chinn trí mblian.
7.—(1) Foráil ar bith atá in aon achtachán eile agus le n-a gceaptar an t-am gur laistigh de comórfar no a cuirfear fé ndeár go gcomórfar toghachán (seachas toghachán cinn trí mblian) do bhaill údaráis áitiúla ní bheidh feidhm ná éifeacht aici maidir leis an toghachán do bhall an údaráis áitiúla san is gá do réir an Achta so do chomóradh an lá ceaptha.
(2) I gcás inar gá, do réir an Achta so, toghachán (seachas toghachán cinn trí mblian) do bhaill údaráis áitiúla do chomóradh an lá ceaptha beidh dearbhú in ordú an Aire le n-a gceapfar an lá ceaptha san á dhearbhú (fé mar is ceart dar leis, an Aire) go dtuigfear an toghachán san do bheith ina thoghachán cinn trí mblian no ná beidh an toghachán san ná ná tuigfear é bheith ina thoghachán cinn trí mblian, agus i ngach cás den tsórt san—
(a) másé bheidh sa dearbhú san ná dearbhú go dtuigfear an toghachán san do bheith ina thoghachán cinn trí mblian, ansan beidh an toghachán san chun gach críche ina thoghachán cinn trí mblian do bhaill an údaráis áitiúla san agus bainfidh Cuid II d'Acht, 1927, leis dá réir sin, no
(b) másé bheidh sa dearbhú san ná dearbhú ná beidh an toghachán san ná ná tuigfear é bheith ina thoghachán cinn trí mblian, ansan ní bheidh an toghachán san ina thoghachán cinn trí mblian ach beidh an chéad toghachán eile ina dhiaidh sin do bhaill an údaráis áitiúla san ina thoghachán cinn trí mblian agus, má bhíonn sé le comóradh roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1940, bainfidh an tAcht so leis.
Téarma oifige ball áirithe de bhúird, etc., áirithe.
8.—(1) Baineann an t-alt so leis na baill sin, de bhord no de choiste no de chólucht eile gur gá do réir dlí go gceapfadh comhairle chontae no chontae-bhuirge gach ball no aon bhall de i gcionn gach trí mblian, a ceaptar ag comhairle chontae no chontae-bhuirge gur gá do réir an Achta so toghachán cinn trí mblian chúichi do chomóradh an lá ceaptha agus go bhfuil a dtéarma oifige á chaitheamh le linn an Achta so do rith.
(2) An téarma oifige atá á chaitheamh, le linn an Achta so do rith, ag na baill sin le n-a mbaineann an t-alt so, leanfa sé go dtí an lá tar éis an lae a comórfar an chéad chruinniú bliantúil no, i gcás contae-bhuirge, an chéad chruinniú ráithiúil, tar éis an lae cheaptha, den chomhairle do cheap na baill sin.
(3) Isé an tAire do bhéarfaidh breith ar gach amhrus, ceist agus aighneas i dtaobh ce'ca tá no ná fuil aon bhall áirithe d'aon bhord, coiste no cólucht eile ina bhall le n-a mbaineann an t-alt so agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.
Foth-fholúntaisi.
9.—(1) Gach foth-fholúntas le n-a mbaineann an t-alt so féadfar é líonadh tríd an údarás áitiúil gur ina mballraíocht do thárla an folúntas san do roghnú duine chun an fhoth-fholúntais sin do líonadh, ach ní har aon tslí eile.
(2) Duine roghnóidh údarás áitiúil fén alt so chun fothfholúntas le n-a mbaineann an t-alt so do líonadh beidh sé i seilbh oifige ar gach slí díreach fé is dá dtoghtaí é chun an fholúntais sin do líonadh.
(3) Baineann an t-alt so le gach foth-fholúntas i mballraíocht aon údaráis áitiúla do thárla ach nár líonadh roimh an Acht so do rith no thárlóidh tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha agus gur ghá do réir dlí i gceachtar cás acu san é líonadh tré thoghachán mara mbeadh an t-alt so.
Pionóisí ghabhann le heirghe-as do mhaitheamh.
10.—Má dheineann aon bhall d'údarás áitiúil chun ar gá do réir an Achta so toghachán cinn trí mblian do chomóradh an lá ceaptha eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha, ní dlighfear aon fhíneáil ná pionós eile do chur air i dtaobh ná alos an eirghe-as san.
Cosaint ar dhícháiliú i gcásanna áirithe.
11.—Má thárla no má thárlann do bhall d'údarás áitiúil go ndeintear toghachán cinn trí mblian chuige do chomóradh an lá ceaptha scur de bheith ina thoghthóir rialtais áitiúla i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san de bhíthin clár nua de thoghthóirí rialtais áitiúla do theacht i bhfeidhm aon lá tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha, ní bheidh sé dí-cháilithe, de dhruim an scurtha san, agus dá dhruim sin amháin, chun leanúint i seilbh oifige mar bhall den údarás áitiúil sin go dtí an chéad ghnáth-lá chun baill an údaráis áitiúla san do dhul as oifig tar éis an lae cheaptha.
Alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, do leasú.
12.—An tagairt atá i bhfo-alt (7) d'alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, mar a leasuítear é le halt 77 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), do sna trí bliana airgeadais áitiúla is déanaí do chríochnuigh roimh an toghachán cinn trí mblian deiridh do chomhairleoirí contae, léireofar í, o am an Achta so do rith go dtí an lá ceaptha, mar thagairt do sna trí bliana airgeadais áitiúla is déanaí do chríochnuigh roimh an toghachán cinn trí mblian deiridh do chomhairleoirí contae roimh an Acht so do rith, agus beidh éifeacht ag an bhfo-alt san dá réir sin.
Deireadh do chur le deacrachtaí i dtaobh cruinnithe áirithe.
13.—Más rud é, de bhuadh an Achta so, ná déanfar toghachán cinn trí mblian do bhaill aon údaráis áitiúla áirithe a dlightear do chomóradh sa bhliain 1937 do chomóradh amhlaidh, agus ná beidh aon dáta ceaptha ag an údarás áitiúil sin chun an chruinnithe bhliantúla no an chruinnithe ráithiúla (pe'ca aca é) den údarás áitiúil sin do chomóradh gur gá do réir dlí é chomóradh i rith na tréimhse dar tosach an 23adh lá de Mheitheamh, 1937, agus dar críoch an 1adh lá d'Iul, 1937, no go bhfuil no go mbeidh aon deacracht eile ann i dtaobh an chruinnithe sin, féadfaidh an tAire, le hordú, pé socrú do dhéanamh i dtaobh an chruinnithe sin (agus ceapadh dáta a chomórtha d'áireamh) a chífear dó is gá chun a chur in áirithe go gcomórfar an cruinniú san go cuibhe laistigh den tréimhse sin agus go ndéanfar gnó an chruinnithe sin go cuibhe ag an gcruinniú san.
Achtacháin d'oiriúnú.
14.—Sa mhéid go mbainid le toghachán ar bith a bheidh ann an lá ceaptha no le cruinnithe údaráis áitiúla go gcomórfar toghachán chuige an lá ceaptha, beidh éifeacht, fé réir forálacha na Coda so den Acht so, ag gach reacht, ordú, agus rialachán a bhaineann le toghachán do bhaill aon údaráis áitiúla no le cruinnithe aon údaráis áitiúla, agus féadfaidh an tAire, le hordú, pé oiriúnú no atharú do dhéanamh ar aon reacht, ordú no rialachán den tsórt san is dóich leis is gá chun go mbeidh éifeacht ag an reacht, ag an ordú, no ag an rialachán san do réir an ailt seo.
CUID III.
Foralacha Sealadacha i gcoir Toghachan chun Comhairle Chontae-Bhuirge Chorcaighe.
Mínithe chun crícheanna Coda III.
15.—Sa Chuid seo den Acht so—
cialluíonn an abairt “an chomhairle” comhairle chontae-bhuirge Chorcaighe;
cialluíonn an abairt “toghachán buirge” toghachán chun baill den Chomhairle do thogadh.
Amanna i gcóir toghachán buirge d'atharú.
16.—(1) Déanfaidh an tAire, roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1940, le hordú, lá nach déanaí ná an 30adh lá san de Mheán Fhómhair, 1940, do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so alos na Comhairle.
(2) Ní comórfar aon toghachán buirge i rith na tréimhse dar tosach dáta an Achta so do rith agus dar críoch an lá roimh an lá ceapfar fén alt so chun bheith ina lá cheaptha alos na Comhairle, ach comórfar toghachán buirge an lá san a ceapfar amhlaidh chun bheith ina lá cheaptha agus comórfar toghacháin bhuirge go bliantúil ina dhiaidh sin.
(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fén alt so chun bheith ina lá cheaptha alos na Comhairle.
Forálacha de dhruim amanna na dtoghachán buirge d'atharú.
17.—Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na téarmaí oifige atá á gcaitheamh, le linn an Achta so do rith, ag baill na Comhairle, sé sin le rá:—
(a) maidir leis na baill sin go bhfuil a dtéarmaí oifige dlite do bheith caithte an cúigiú lá tar éis an toghacháin bhuirge do comórfaí, mara mbeadh an tAcht so, sa bhliain 1937, leanfaidh na téarmaí sin go dtí an cúigiú lá tar éis an lae cheaptha,
(b) maidir leis na baill sin go bhfuil a dtéarmaí oifige dlite do bheith caithte an cúigiú lá tar éis an toghacháin bhuirge do comórfaí, mara mbeadh an tAcht so, sa bhliain 1938, leanfaidh na téarmaí sin go dtí an cúigiú lá tar éis an chéad toghacháin bhuirge tar éis an lae cheaptha,
(c) maidir leis na baill sin go bhfuil a dtéarmaí oifige dlite do bheith caithte an cúigiú lá tar éis an toghacháin bhuirge do comórfaí, mara mbeadh an tAcht so, sa bhliain 1939, leanfaidh na téarmaí sin go dtí an cúigiú lá tar éis an dara toghacháin bhuirge tar éis an lae cheaptha.
Forálacha maidir le téarmaí áirithe oifige.
18.—(1) Baineann an t-alt so leis na baill sin, d'aon bhord no d'aon choiste no d'aon chólucht eile gur gá do réir dlí go gceapfadh an Chomhairle gach ball no aon bhall de i gcionn gach trí mblian, a ceaptar ag an gComhairle agus go bhfuil a dtéarma oifige á chaitheamh le linn an Achta so do rith.
(2) An téarma oifige atá á chaitheamh, le linn an Achta so do rith, ag na baill sin le n-a mbaineann an t-alt so, leanfa sé go dtí an lá tar éis an lae a comórfar an chéad chruinniú ráithiúil den chomhairle tar éis an lae cheaptha.
(3) Isé an tAire do bhéarfaidh breith ar gach amhrus, ceist agus aighneas i dtaobh ce'ca tá no ná fuil aon bhall áirithe d'aon bhord, coiste no cólucht eile ina bhall le n-a mbaineann an t-alt so agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.
Foth-fholúntaisí sa Chomhairle.
19.—(1) San alt so cialluíonn an abairt “foth-fholúntas” aon fholúntas i mballraíocht na Comhairle, de dhruim ball di d'éag no d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht, do thárla ach nár líonadh roimh an Acht so do rith no thárlóidh tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha.
(2) Pé uair a thárlóidh foth-fholúntas féadfaidh an Chomhairle aon tráth ina dhiaidh sin más rogha leo féin é, tré rún do rith chuige sin tar éis fógra seachtaine do thabhairt do gach ball den Chomhairle, a chinneadh an foth-fholúntas san do líonadh tré chó-thoghadh do réir an fho-ailt seo agus, ar bheith rithte don rún san, féadfaidh an Chomhairle, ag an gcruinniú ag ar ritheadh an rún san no ag aon chruinniú den Chomhairle ina dhiaidh sin, duine do thoghadh chun an fhoth-fholúntais sin le vótanna móráirimh de sna baill den Chomhairle bheidh i láthair agus a vótálfaidh ag an gcruinniú san.
(3) Duine có-thoghfar fén alt so chun foth-fholúntas do líonadh sealbhóidh sé oifig i ngach slí fé is dá mb'é an duine é gurb é a fholúntas a bheidh á líonadh aige.
(4) Beidh éifeacht ag an alt so in ainneoin éinní atá in alt 4 d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 (Uimh 1 de 1929).
Pionóisí ghabhann le heirghe as an gComhairle do mhaitheamh.
20.—Má ciríonn aon bhall den Chomhairle as a oifig mar bhall den tsórt san tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha, ní dlighfear aon fhíneáil ná pionós eile do chur air i dtaobh ná alos an eirghe-as san.
Cosaint ar dhícháiliú maidir leis an gComhairle.
21.—Má thárla no má thárlann do bhall den Chomhairle scur de bheith ina thoghthóir rialtais áitiúla i líomatáiste feidhmiúchán na Comhairle de bhíthin clár nua de thoghthóirí rialtais áitiúla do theacht i bhfeidhm aon lá tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha, ní bheidh sé dí-cháilithe, de dhruim an scurtha san agus dá dhruim sin amháin, chun leanúint i seilbh oifige mar bhall den Chomhairle go dtí an cúigiú lá tar éis an lae cheaptha.
Deireadh do chur le deacrachtaí i dtaobh cruinnithe ráithiúla áirithe.
22.—Más rud é, de bhuadh an Achta so, ná déanfar an toghachán buirge a dlightear do chomóradh sa bhliain 1937 do chomóradh amhlaidh, agus ná beidh aon dáta ceaptha ag an gComhairle chun an chruinnithe ráithiúla den Chomhairle do chomóradh gur gá do réir dlí é chomóradh i rith na tréimhse dar tosach an 23adh lá de Mheitheamh, 1937, agus dar críoch an 1adh lá d'Iúl, 1937, no go bhfuil no go mbeidh aon deacracht eile ann i dtaobh an chruinnithe sin, féadfaidh an tAire, le hordú, pé socrú do dhéanamh i dtaobh an chruinnithe sin (agus ceapadh dáta a chomórtha d'áireamh) a chífear dó is gá chun a chur in áirithe go gcomórfar an cruinniú san go cuibhe laistigh den tréimhse sin agus go ndéanfar gnó an chruinnithe sin go cuibhe ag an gcruinniú san.
Achtacháin d'oiriúnú i dtaobh na Comhairle.
23.—Sa mhéid go mbainid le haon toghachán buirge bheidh ar siúl an lá ceaptha no le cruinnithe den Chomhairle tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha, beidh éifeacht, fé réir forálacha na Coda so den Acht so, ag gach reacht, ordú agus rialachán a bhaineann le toghacháin bhuirge do bhaill den Chomhairle no le cruinnithe na Comhairle agus féadfaidh an tAire, le hordú, pé oiriúnú no atharú do dhéanamh ar aon reacht, ordú no rialachán den tsórt san is dóich leis is gá chun go mbeidh éifeacht ag an reacht, ag an ordú, no ag an rialachán san do réir an ailt seo.
CUID IV.
Foralacha maidir le Blianta Toghachain Airithe.
Bliain toghacháin i gcóir coistí oideachais ghairme beatha.
24.—Athghairmtear leis seo alt 12 den Acht Toghachán agus Cruinnithe Áitiúla (Cur ar Ath-ló), 1931 (Uimh. 17 de 1931), agus ina ionad san achtuítear leis seo, chun crícheanna an Achta Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930), go mbeidh, maidir le gach comhairle chontae no chontae-bhuirge no bhailecheanntair agus le gach coiste oideachais ghairme beatha, an bhliain ina mbeidh an lá ceapfar fén Acht so chun toghachán do bhaill den chomhairle sin do chomóradh ina bliain toghacháin agus go mbeidh gach tríú bliain de sna blianta i ndiaidh na bliana san ina bliain toghacháin freisin.
Bliain toghacháin i gcóir coistí talmhaíochta.
25.—Athghairmtear leis seo an méid sin, den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhaíochta, 1931 (Uimh. 8 de 1931), a mhíníonn an abairt “bliain toghacháin” agus ina ionad san achtuítear leis seo, maidir le gach comhairle chontae agus le gach coiste talmhaíochta, go mbeidh an bhliain ina mbeidh an lá ceapfar fén Acht so chun toghachán do bhaill den chomhairle sin do chomóradh ina bliain toghacháin chun crícheanna an Sceidil sin agus go mbeidh gach tríú bliain de sna blianta i ndiaidh na bliana san ina bliain toghacháin freisin chun na gcrícheanna san.
Number 14 of 1937.
LOCAL ELECTIONS ACT, 1937.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Preliminary and General
Section | |
Temporary Provisions for Elections to Local Authorities other than the Council of the County Borough of Cork
Consequential provisions in regard to non-triennial elections. | |
Amendment of Section 9 of the Local Government (Ireland) Act, 1898. | |
Temporary Provisions for Elections to the Council of the County Borough of Cork
Provisions consequential on the alteration of the times of borough elections. | |
Removal of difficulties in regard to a certain quarterly meeting. | |
Provisions in relation to certain Election years
Acts Referred to | |
No. 9 of 1923 | |
No. 5 of 1925 | |
No. 39 of 1927 | |
No. 1 of 1929 | |
No. 17 of 1931 | |
No. 29 of 1930 | |
No. 8 of 1931 |
Number 14 of 1937.
LOCAL ELECTIONS ACT, 1937.
BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:—
PART I.
Preliminary and General.
Short title.
1.—This Act may be cited as the Local Elections Act, 1937.
The Minister.
2.—In this Act the expression “the Minister” means the Minister for Local Government and Public Health.
Saving for dissolved authorities.
3.—Nothing in this Act shall prejudice or affect the operation of any order made (whether before or after the passing of this Act) under section 12 of the Local Government (Temporary Provisions) Act, 1923 (No. 9 of 1923), or section 72 of the Local Government Act, 1925 (No. 5 of 1925).
PART II.
Temporary Provisions for Elections to Local Authorities other than the Council of the County Borough of Cork.
Definitions for the purposes of Part II.
4.—(1) In this Part of this Act the expression “the Act of 1927” means the Local Elections Act, 1927 (No. 39 of 1927).
(2) Each of the following bodies shall be a local authority for the purposes of this Part of this Act and the expression “local authority” shall, in this Part of this Act, be construed accordingly, that is to say:—
(a) the council of a county,
(b) the council of a county borough other than the county borough of Cork,
(c) the council of a borough,
(d) the council of an urban district,
(e) the commissioners of a town.
Alteration of times for elections to local authorities.
5.—(1) The Minister shall, before the 30th day of September, 1940, by order appoint in respect of every local authority a day not later than the said 30th day of September, 1940, to be the appointed day for the purposes of this Part of this Act in respect of such local authority.
(2) No triennial election of the members of any local authority (other than a local authority to which the next following sub-section of this section applies) shall be held during the period beginning on the date of the passing of this Act and ending on the day before the day which is the appointed day in respect of such local authority, but in lieu thereof an election of the members of such local authority shall be held on the said appointed day.
(3) Where an election (not being a triennial election) of the members of a local authority is required by law to be held within a specified period which expires on or before the 30th day of September, 1940, such election shall be held on the day which is the appointed day for such local authority.
(4) Different days may be appointed under this section to be the appointed day in respect of different local authorities.
(5) Whenever the Minister has by an order under this section (including an order under this sub-section) appointed a day to be the appointed day for a local authority, he may by a subsequent order revoke such order and appoint under sub-section (1) of this section another day to be the appointed day for such local authority.
(6) Nothing in this section shall operate to restrict the power of the Minister under any enactment other than this Act to order an election of the members of a dissolved local authority to be held at any time.
(7) In this Act the expression “the appointed day” means the day appointed under this section to be the appointed day for the local authority in respect of which the expression is used.
Consequential provisions in regard to triennial elections.
6.—The following provisions shall have effect in relation to every election of the members of a local authority which is held on the appointed day in pursuance of this Part of this Act, that is to say:—
(a) such election shall be deemed to be a triennial election, and the times for the holding of subsequent triennial elections of the members of such local authority shall be calculated accordingly;
(b) save as is otherwise provided by this Act, the appointed day shall, for the purposes of Part II of the Act of 1927, be an ordinary day of election of the members of such local authority;
(c) where such local authority is the council of a county, the seventh day after the appointed day shall, for the purposes of Part II of the Act of 1927, be an ordinary day of retirement of the members of such local authority, and accordingly the respective terms of office of such members shall continue until such seventh day and no longer;
(d) where such local authority is not the council of a county, the fifth day after the appointed day shall, for the purposes of Part II of the Act of 1927, be an ordinary day of retirement of the members of such local authority, and accordingly the respective terms of office of such members shall continue until such fifth day and no longer.
Consequential provisions in regard to non-triennial elections.
7.—(1) No provision in any other enactment limiting the time within which an election (other than a triennial election) of the members of a local authority shall be held or caused to be held shall apply or have effect in relation to the election of the members of such local authority which is required by this Act to be held on the appointed day.
(2) Where an election (other than a triennial election) of the members of a local authority is required by this Act to be held on the appointed day, the order of the Minister appointing such appointed day shall contain a declaration either (as the Minister shall think proper) that such election shall be deemed to be a triennial election or that such election shall not be or be deemed to be a triennial election, and in every such case—
(a) if such declaration is that such election shall be deemed to be a triennial election, then such election shall for all purposes be a triennial election of the members of such local authority and Part II of the Act of 1927 shall apply thereto accordingly, or
(b) if such declaration is that such election shall not be or be deemed to be a triennial election, then such election shall not be a triennial election but the next subsequent election of the members of such local authority shall be a triennial election and, if it falls to be held before the 30th day of September, 1940, this Act shall apply to it.
Term of office of certain members of certain boards, etc.
8.—(1) This section applies to those members of a board, committee, or other body all or any of the members of which are required by law to be appointed triennially by the council of a county or a county borough who are appointed by the council of a county or a county borough a triennial election to which is required by this Act to be held on the appointed day and whose term of office is current at the passing of this Act.
(2) The term of office current at the passing of this Act of those members to which this section applies shall continue until the day after the day on which is held the annual meeting or, in the case of a county borough, the quarterly meeting next after the appointed day of the council by whom such members were appointed.
(3) Every doubt, question, and dispute as to whether any particular member of any board, committee, or other body is or is not a member to whom this section applies shall be determined by the Minister whose decision thereon shall be final and conclusive.
Casual vacancies.
9.—(1) Every casual vacancy to which this section applies may be filled by means of the choice by the local authority in whose membership such vacancy has occurred of a person to fill such vacancy, but not otherwise.
(2) A person chosen under this section by a local authority to fill a casual vacancy to which this section applies shall hold office in all respects as if he has been elected to fill such vacancy.
(3) This section applies to every casual vacancy in the membership of any local authority which either occurred but was not filled before the passing of this Act or shall occur after the passing of this Act and before the appointed day and which in either case would, but for this section, be required by law to be filled by election.
Remission of penalties for resignation.
10.—No member of a local authority a triennial election to which is required by this Act to be held on the appointed day who shall resign his office as such member after the passing of this Act and before the appointed day shall be liable to any fine or other penalty for or on account of such resignation.
Saving from disqualification in certain cases.
11.—A member of a local authority a triennial election to which is held on the appointed day who has ceased or shall cease to be a local government elector in the functional area of such local authority by reason of the coming into force of a new register of local government electors on any day after the passing of this Act and before the appointed day shall not, by reason only of such cesser, be disqualified from continuing to hold office as a member of such local authority until the ordinary day of retirement of the members of such local authority next after the appointed day.
Amendment of Section 9 of the Local Government (Ireland) Act, 1898.
12.—The reference in sub-section (7) of section 9 of the Local Government (Ireland) Act, 1898, as amended by section 77 of the Local Government Act, 1925 (No. 5 of 1925), to the three local financial years which ended next before the last triennial election of county councillors shall from the passing of this Act until the appointed day be construed as a reference to the three local financial years which ended next before the triennial election of county councillors next before the passing of this Act, and the said sub-section shall have effect accordingly.
Removal of difficulties in regard to certain meetings.
13.—Where by virtue of this Act a triennial election of members of any local authority due to be held in the year 1937 is not so held and no date is appointed by such local authority for the holding of the annual meeting or the quarterly meeting (as the case may be) of such local authority which is required by law to be held during the period beginning on the 23rd day of June, 1937, and ending on the 1st day of July, 1937, or there is or shall be any other difficulty in regard to such meeting, the Minister may by order make such provision in regard to such meeting (including appointing a date for the holding thereof) as shall appear to him necessary for securing that such meeting shall be duly held within the said period and that the business of such meeting shall be duly transacted thereat.
Adaptation of enactments.
14.—Every statute, order, and regulation relating to elections of members of any local authority or to the meetings of any local authority shall, in so far as it relates to any election which takes place on the appointed day or to the meetings of a local authority an election to which takes place on the appointed day, have effect subject to the provisions of this Part of this Act, and the Minister may by order make such adaptations of or modifications in any such statute, order, or regulation as may in his opinion be necessary to enable such statute, order, or regulation to have effect in accordance with this section.
PART III.
Temporary Provisions for Elections to the Council of the County Borough of Cork.
Definitions for the purposes of Part III.
15.—In this Part of this Act—
the expression “the Council” means the council of the county borough of Cork;
the expression “borough election” means an election of members of the Council.
Alteration of times for borough elections.
16.—(1) The Minister shall before the 30th day of September, 1940, by order appoint a day not later than the said 30th day of September, 1940, to be the appointed day for the purposes of this Part of this Act in respect of the Council.
(2) No borough election shall be held during the period beginning on the date of the passing of this Act and ending on the day before the day appointed under this section to be the appointed day in respect of the Council, but a borough election shall be held on the said day so appointed to be the appointed day and borough elections shall be held annually thereafter.
(3) In this Part of this Act the expression “the appointed day” means the day appointed under this section to be the appointed day in respect of the Council.
Provisions consequential on the alteration of the times of borough elections.
17.—The following provisions shall have effect in relation to the terms of office current at the passing of this Act of the members of the Council, that is to say:—
(a) as regards those members whose terms of office are due to expire on the fifth day after the borough election which would, but for this Act, be held in 1937, such terms shall continue until the fifth day after the appointed day,
(b) as regards those members whose terms of office are due to expire on the fifth day after the borough election which would, but for this Act, be held in 1938, such terms shall continue until the fifth day after the first borough election after the appointed day,
(c) as regards those members whose terms of office are due to expire on the fifth day after the borough election which would, but for this Act, be held in 1939, such terms shall continue until the fifth day after the second borough election after the appointed day.
Provisions in regard to certain terms of office.
18.—(1) This section applies to those members of any board, committee, or other body all or any of the members of which are required by law to be appointed triennially by the Council who are appointed by the Council and whose term of office is current at the passing of this Act.
(2) The term of office current at the passing of this Act of those members to which this section applies shall continue until the day after the day on which is held the quarterly meeting of the Council next after the appointed day.
(3) Every doubt, question, and dispute as to whether any particular member of any board, committee, or other body is or is not a member to whom this section applies shall be determined by the Minister whose decision thereon shall be final and conclusive.
Casual vacancies in the Council.
19.—(1) In this section the expression “casual vacancy” means any vacancy in the membership of the Council caused by the death, resignation or disqualification of a member thereof occurring but not filled before the passing of this Act or occurring after the passing of this Act and before the appointed day.
(2) Whenever a casual vacancy occurs the Council may, at any time thereafter in their absolute discretion, by resolution passed for that purpose after one week's notice to every member of the Council determine to fill such casual vacancy by co-option in accordance with this sub-section, and upon such resolution being passed the Council may either at the meeting at which such resolution was passed or any subsequent meeting thereof elect by the votes of a simple majority of the members of the Council present and voting at such meeting a person to fill such casual vacancy.
(3) A person co-opted under this section to fill a casual vacancy shall hold office in all respects as if he were the person whose vacancy he fills.
(4) This section shall have effect notwithstanding anything contained in section 4 of the Cork City Management Act, 1929 (No. 1 of 1929).
Remission of penalties for resignation from the Council.
20.—No member of the Council who shall resign his office as such member after the passing of this Act and before the appointed day shall be liable to any fine or other penalty for or on account of such resignation.
Saving from disqualification in relation to the Council.
21.—A member of the Council who has ceased or shall cease to be a local government elector in the functional area of the Council by reason of the coming into force of a new register of local government electors on any day after the passing of this Act and before the appointed day shall not, by reason only of such cesser, be disqualified from continuing to hold office as a member of the Council until the fifth day after the appointed day.
Removal of difficulties in regard to a certain quarterly meeting.
22.—Where by virtue of this Act the borough election due to be held in the year 1937 is not so held and no date is appointed by the Council for the holding of the quarterly meeting of the Council which is required by law to be held during the period beginning on the 23rd day of June, 1937, and ending on the 1st day of July, 1937, or there is or shall be any other difficulty in regard to such meeting, the Minister may by order make such provision in regard to such meeting (including appointing a date for the holding thereof) as shall appear to him necessary for securing that such meeting shall be duly held within the said period and that the business of such meeting shall be duly transacted thereat.
Adaptation of enactments in regard to the Council.
23.—Every statute, order, and regulation relating to borough elections of members of the Council or to the meetings of the Council shall, in so far as it relates to any borough election which takes place on the appointed day or to meetings of the Council after the passing of this Act and before the appointed day, have effect subject to the provisions of this Part of this Act, and the Minister may by order make such adaptations or modifications in any such statute, order, or regulation as may in his opinion be necessary to enable such statute, order, or regulation to have effect in accordance with this section.
PART IV.
Provisions in relation to certain Election years.
Election year for vocational education committees.
24.—Section 12 of the Local Elections and Meetings (Postponement) Act, 1931 (No. 17 of 1931), is hereby repealed and in lieu thereof it is hereby enacted for the purposes of the Vocational Education Act, 1930 (No. 29 of 1930), that, in relation to every council of a county, county borough or urban district and every vocational education committee, the year in which the day appointed under this Act for the holding of an election of members of such council occurs shall be an election year and every third successive year after that year shall also be an election year.
Election year for committees of agriculture.
25.—So much of the Second Schedule to the Agriculture Act, 1931 (No. 8 of 1931), as defines the expression “election year” is hereby repealed and in lieu thereof it is hereby enacted that, in relation to every county council and every committee of agriculture, the year in which the day appointed under this Act for the holding of an election of members of such council occurs shall be an election year for the purposes of the said Schedule and every third successive year after that year shall also be an election year for the said purposes.