As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 15 de 1935.
ACHT TORTHAÍ TALMHAÍOCHTA (EASPORTÁIL DO RIALÁIL) (LEASÚ), 1935.
“An Príomh-Acht.”
1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Torthaí Talmhaíochta (Easportáil do Rialáil), 1933 (Uimh. 26 de 1933).
Ailt 1 agus 2 den Phríomh-Acht do leasú.
2.—(1) Deintear leis seo an míniú ar an abairt “tora talmhaíochta” atá in alt 1 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “aon ainmhí, bainne, uachtar, uibhe, agus aon earra bhídh no dighe do rinneadh no do fuarthas, i bpáirt no go hiomlán, as aon tora den tsórt san no o aon ainmhí no as bainne, uachtar no uibhe, agus foluíonn sí cleití, olann seithí agus croicne ainmhithe” do chur in ionad na bhfocal “agus aon earra bhídh no dighe do rinneadh no do fuarthas, i bpáirt no go hiomlán, as aon tora den tsórt san agus lomraí agus seithí ainmhithe” agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige ag féachaint go cuibhe don atharú deintear ar an abairt sin leis an leasú san.
(2) Leasuítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (1) atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
“(1) I gcás Rialtais aon tíre do bhunú aon chórais ag srianadh no ag rialú iomportála aon tora talmhaíochta áirithe isteach sa tír sin o Shaorstát Éireann no i gcás Rialtais aon tíre do dhéanamh aon chó-aontuithe no socruithe le Rialtas Shaorstáit Éireann tré n-ar ceaduithe no tré n-ar gá méid teoranta d'aon tora talmhaíochta áirithe d'iomportáil isteach sa tír sin o Shaorstát Éireann no tré n-a gcuirtear in usacht aon tora talmhaíochta áirithe d'iomportáil isteach sa tír sin o Shaorstát Éireann féadfaidh an tAire, pé uair agus a mhinicí is doich leis is ceart é, ordú do dhéanamh (dá ngairmtear ordú iomportála san Acht so) chun easportála aon tora talmhaíochta áirithe chun na tíre sin o Shaorstát Éireann do rialáil agus do stiúradh i pé slí chífear do is deallrathach a chuirfidh in áirithe go bhfuighfear an tairbhe is mó lomhálfaidh an córas sriantachta agus rialuithe sin no an có-aontú no an socrú san no is deallrathach a chuirfidh in áirithe go ndéanfar do réir an chó-aontuithe no an tsocruithe sin agus go sonnrách féadfaidh, gan dochar do gheneráltacht na forála san roimhe seo, socrú do dhéanamh, leis an ordú san, i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) daoine bhíonn ag easportáil an tortha san chun na tíre sin do chlárú;
(b) easportáil an tortha san chun na tíre sin o Shaorstát Éireann do rialú agus do shrianadh;
(c) easportáil aon tsaghsanna áirithe den tora san chun na tíre sin o Shaorstát Éireann do thoirmeasc;
(d) a thoirmeasc ar éinne seachas an tAire, no pé duine no daoine údaróidh sé o am go ham, an tora san d'easportáil chun na tíre sin o Shaorstát Éireann;
(e) an tAire do dhéanamh orduithe o am go ham ag ceapadh tréimhsí áirithe chun bheith ina dtréimhsí quota chun crícheanna an orduithe sin agus ag ceapadh caindíochtaí áirithe den tora san chun bheith ina quotaí in aghaidh na dtréimhsí quota san;
(f) a cheangal ar dhaoine cláruithe easportáil do dhéanamh chun na tíre sin, i rith aon tréimhse no tréimhsí quota a ceapfar chun crícheanna an orduithe sin, ar chaindíocht áirithe den tora san nách mó ná an chaindíocht a bheidh geallta ag na daoine sin fé seach a easportáil chun na tíre sin i rith na tréimhse no na dtréimhsí sin;
(g) aon easportáil eile chun na tíre sin, a bheidh ceaduithe mar mhalairt de thurus na huaire, do rialáil agus do stiúradh;
(h) a chur in áirithe go dtabharfar tuairisceáin;
(i) a shocrú sáruithe áirithe ar an ordú san do bheith ina gciontaí is inphionósuithe ar dhaoine do chiontú ionta ar an slí achmair, agus na pionóisí do cheapadh a gheobhaidh leis na ciontaí sin.”
(3) Beidh agus tuigfear go raibh éifeacht ag fo-ailt (1) agus (2) den alt so o dháta an Phríomh-Achta do rith.
(4) Gach ordú do rinneadh fé fho-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht roimh dháta an Achta so do rith agus atá i bhfeidhm ar an dáta san leanfa sé i bhfeidhm agus tuigfear go ndearnadh é go cuibhe fén bPríomh-Acht, mar a leasuítear é leis an Acht so, agus beidh sé ina ordú easportála do réir bhrí an Phríomh-Achta, mar a leasuítear é amhlaidh.
Feidhmeanna an Aire Talmhaíochta d'aistriú chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála.
3.—(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, o am go ham, le hordú, na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí uile fé seach a bronntar no forchuirtear leis an bPríomh-Acht, mar a leasuítear é leis an Acht so, ar an Aire Talmhaíochta d'aistriú chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus do dhílsiú ann sa mhéid go mbaineann na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí sin le tora no torthaí talmhaíochta luadhfar san ordú san.
(2) Pé uair a bheidh feidhmeanna, comhachta, agus dualgaisí an Aire Talmhaíochta fén bPríomh-Acht, mar a leasuítear é leis an Acht so, maidir le haon tora talmhaíochta áirithe, dílsithe de thurus na huaire san Aire Tionnscail agus Tráchtála de bhuadh orduithe fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí sin fé seach d'ath-aistriú chun an Aire Talmhaíochta agus d'ath-dhílsiú ann, sa mhéid go mbainid leis an tora talmhaíochta áirithe sin.
(3) Féadfaidh an Ard-Chomhairle aon uair, le hordú, aon ordú do rinneadh roimhe sin fén alt so do leasú.
(4) Pé uair agus faid a bheidh na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí bronntar no forchuirtear ar an Aire Talmhaíochta leis an bPríomh-Acht, mar a leasuítear é leis an Acht so, dílsithe, sa mhéid go mbainid le tora talmhaíochta áirithe, san Aire Tionnscail agus Tráchtála de bhuadh orduithe do rinneadh fén alt so ní bheidh feidhm ná éifeacht, maidir leis an tora talmhaíochta áirithe sin, ag an méid sin den Phríomh-Acht a mhíníonn an abairt “an tAire” mar abairt a chialluíonn an tAire Talmhaíochta agus ina ionad san, sa Phríomh-Acht mar a leasuítear é leis an Acht so, ciallóidh an abairt sin, maidir leis an tora talmhaíochta áirithe sin, an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus déanfar an Príomh-Acht, mar a leasuítear é leis an Acht so, do leiriú agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(5) Ní dhéanfaidh aon aistriú ná ath-aistriú déanfar fén alt so ar fheidhmeanna, ar chomhachta agus ar dhualgaisí dochar ná deifir do dhleathacht, d'oibriú ná do ré aon orduithe no ní (agus áireamh de dhéanamh ar ordú no ar ní do rinneadh roimh an Acht so do rith) do rinne an tAire, ina raibh na feidhmeanna agus na comhachta agus na dualgaisí sin dílsithe de thurus na huaire, i bhfeidhmiú no i gcólíonadh na bhfeidhmeanna agus na gcomhacht agus na ndualgaisí sin roimh an aistriú no roimh an athaistriú san (pe'ca aca é) agus léireofar tagairtí in aon ordú den tsórt san don Aire do rinne an t-ordú san agus beidh éifeacht acu mar thagairtí don Aire ina mbeidh na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí sin dílsithe de thurus na huaire.
Costaisí.
4.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire Talmhaíochta no an tAire Tionnscail agus Tráchtála fén bPríomh-Acht, mar a leasuítear é leis an Acht so.
Gearr-theideal agus luadh.
5.—Féadfar an tAcht Torthaí Talmhaíochta (Easportáil do Rialáil) (Leasú), 1935, do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Torthaí Talmhaíochta (Easportáil do Rialáil), 1933 agus 1935, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.
Number 15 of 1935.
AGRICULTURAL PRODUCTS (REGULATION OF EXPORT) (AMENDMENT) ACT, 1935.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Transfer of functions of Minister for Agriculture to Minister for Industry and Commerce. | |
Act Referred to | |
No. 26 of 1933 |
Number 15 of 1935.
AGRICULTURAL PRODUCTS (REGULATION OF EXPORT) (AMENDMENT) ACT, 1935.
“The Principal Act.”
1.—In this Act the expression “the Principal Act” means the Agricultural Products (Regulation of Export) Act, 1933 (No. 26 of 1933).
Amendment of sections 1 and 2 of the Principal Act.
2.—(1) The definition of the expression “agricultural product” contained in section 1 of the Principal Act is hereby amended by the substitution of the words “any animal, milk, cream, eggs, and any article of food or drink wholly or partly manufactured or derived from any such product or from any animal or from milk, cream or eggs, and includes feathers, wool, hides and skins of animals,” for the words “and any article of food or drink wholly or partly manufactured, or derived from any such product, and fleeces and skins of animals,” and the Principal Act shall be construed and have effect with due regard to the modification of the said expression effected by the said amendment.
(2) Section 2 of the Principal Act is hereby amended by the insertion therein of the following sub-section in lieu of sub-section (1) now contained therein, and the said section shall be construed and have effect accordingly, that is to say:—
“(1) If the Government of any country establishes any system of restriction or control of the import of any agricultural product into that country from Saorstát Eireann or if the Government of any country has made any agreement or arrangement with the Government of Saorstát Eireann whereby any agricultural product is permitted or required to be imported to a limited extent into that country from Saorstát Eireann or whereby the import of any agricultural product into that country from Saorstát Eireann is facilitated the Minister may, whenever and so often as he thinks proper, make an order (in this Act referred to as an export order) regulating and controlling the export of any agricultural product to that country from Saorstát Eireann in such manner as appears to him to be calculated to secure the maximum benefit permitted by such system of restriction and control or such agreement or arrangement, or to be calculated to secure compliance with the requirements of such agreement or arrangement, and in particular may, without prejudice to the generality of the foregoing provision, by such order provide for all or any of the following matters, that is to say:—
(a) for the registration of persons engaged in exporting such product;
(b) for the control and restriction of the export of such product to such country from Saorstát Eireann;
(c) for prohibiting the export of any specified descriptions of such product to such country from Saorstát Eireann;
(d) for prohibiting the export of such product to such country from Saorstát Eireann by any person, other than the Minister or such person or persons as he may from time to time authorise;
(e) for the making from time to time by the Minister of orders appointing specified periods to be quota periods for the purposes of such order and specified quantities of such product to be quotas in respect of such quota periods;
(f) for requiring registered persons to export to such country during any quota period or periods appointed for the purposes of such order a specified quantity of such product not exceeding the quantity such persons respectively undertake to export to such country during such period or periods;
(g) for regulating and controlling any alternative export to such country which may for the time being be permitted;
(h) for securing the making of returns;
(i) for making specified infringements of such order offences punishable on summary conviction and fixing the penalties for such offences.”
(3) Sub-sections (1) and (2) of this section shall have and be deemed to have had effect as from the passing of the Principal Act.
(4) Every order made under sub-section (1) of section 2 of the Principal Act before the date of the passing of this Act and in force at such date shall continue in force and be deemed to have been duly made under the Principal Act, as amended by this Act, and shall be an export order within the meaning of the Principal Act, as so amended.
Transfer of functions of Minister for Agriculture to Minister for Industry and Commerce.
3.—(1) The Executive Council may, from time to time, by order transfer to and vest in the Minister for Industry and Commerce all the several functions, powers, and duties conferred or imposed by the Principal Act, as amended by this Act, on the Minister for Agriculture, so far as such functions, powers, and duties relate to or are concerned with one or more particular agricultural products specified in such order.
(2) Whenever the functions, powers, and duties of the Minister for Agriculture under the Principal Act, as amended by this Act, in relation to any particular agricultural product are for the time being vested in the Minister for Industry and Commerce by virtue of an order under the next preceding sub-section of this section, the Executive Council may by order retransfer to and revest in the Minister for Agriculture the said several functions, powers and duties, so far as the same relate to or are concerned with the said particular agricultural product.
(3) The Executive Council may at any time by order amend any order previously made under this section.
(4) Whenever and so long as the functions, powers, and duties conferred or imposed on the Minister for Agriculture by the Principal Act, as amended by this Act, are, so far as they relate to or are concerned with a particular agricultural product, vested in the Minister for Industry and Commerce by virtue of an order made under this section, so much of the Principal Act as defines the expression “the Minister” as meaning the Minister for Agriculture shall not apply or have effect in relation to the said particular agricultural product, and in lieu thereof the said expression shall in the Principal Act, as amended by this Act, mean, in relation to the said particular agricultural product, the Minister for Industry and Commerce and the Principal Act, as amended by this Act, shall be construed and have effect accordingly.
(5) No transfer or retransfer under this section of functions, powers, and duties shall prejudice or affect the validity, operation or duration of any order made or thing done (including an order made or thing done before the passing of this Act) in exercise or performance of such functions, powers and duties before such transfer or retransfer (as the case may be) by the Minister in whom such functions, powers, and duties were for the time being vested, and references in any such order to the Minister by whom such order was made shall be construed and have effect as references to the Minister in whom such functions, powers and duties are for the time being vested.
Expenses.
4.—All expenses incurred by the Minister for Agriculture or the Minister for Industry and Commerce under the Principal Act, as amended by this Act, shall to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.
Short title and citation.
5.—This Act may be cited as the Agricultural Products (Regulation of Export) (Amendment) Act, 1935, and the Principal Act and this Act may be cited together as the Agricultural Products (Regulation of Export) Acts, 1933 and 1935.