As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 15 de 1953.
AN tACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA, 1953.
[An tiontó oifigiúil.]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “údarás áitiúil” aon chomhlucht acu seo a leanas :
(a) comhairle chontae,
(b) bardas contae-bhuirge nó buirge eile,
(c) comhairle cheantair uirbigh,
(d) coimisinéirí baile;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.
(2) D'ainneoin aon ní san alt seo, déanfar tagairt san Acht seo do chruinniú, do chomhalta nó do chomhaltas d'údarás áitiúil d'fhorléiriú, más bardas contae-bhuirge nó buirge eile an t-údarás áitiúil atá i gceist, mar thagairt do chruinniú, do chomhalta nó do chomhaltas den chomhairle a bunaíodh le dlí i leith na contae-bhuirge nó na buirge eile sin.
Blianta toghcháin.
2.—(1) Déanfar toghchán do chomhaltaí gach údaráis áitiúil a chomóradh sa bhliain 1955.
(2) Tar éis na bliana 1955, déanfar toghchán do chomhaltaí gach údaráis áitiúil a chomóradh gach cúigiú bliain as a chéile i ndiaidh na bliana inar comóradh na toghcháin deiridh roimhe. sin den tsórt sin.
(3) Ní comórfar toghchán do chomhaltaí údaráis áitiúil idir dáta an Achta seo a rith agus dáta an toghcháin de bhun fo-ailt (1) den alt seo do chomhaltaí an údaráis sin, agus beidh faidiú dá réir sin ar an téarma oifige a bheas á chaitheamh ar dháta an Achta seo a rith ag comhaltaí an údaráis sin.
(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir do Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941), ná d'aon ordú a rinneadh faoin gCuid sin.
(5) Má rinne aon údarás áitiúil nó aon chomhalta de nó aon oifigeach dó (lena n-áirítear ceann comhairimh), nó má d'fhág sé gan déanamh, roimh an Acht seo a rith, aon ghníomh, ní nó rud a mbeadh sé dleathach é a dhéanamh nó é d'fhágaint gan déanamh dá mba rud é go raibh an t-alt seo i ngníomh an uair sin, measfar an gníomh, an ní nó an rud sin a bheith déanta nó fágtha gan déanamh go dleathach.
Leasú ar an Acht Freastal Scoile, 1926.
3.—(1) D'ainneoin aon ní in alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926 (Uimh. 17 de 1926)—
(a) ceapfar comhaltaí gach coiste freastal scoile sa bhliain 1955,
(b) ní ceapfar comhaltaí coiste freastal scoile idir dáta an Acht seo a rith agus an dáta a déanfar de bhun na míre deiridh roimhe seo comhaltaí an údaráis sin a cheapadh, agus
(c) aon téarma oifige a bheas á chaitheamh ag comhalta de choiste freastal scoile ar dháta an Achta seo a rith agus, mura mbeadh an mhír seo, a raghadh in éag roimh an 31ú lá de Nollaig, 1955, beidh faidiú air go dtí an lá sin.
(2) Tar éis na ceapacháin de bhun míre (a) d'fho-alt (1) den alt seo a dhéanamh, beidh éifeacht ag alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926, ach—
(a) “i gceann tréimhsí cúig bliana” a chur in ionad “go trí-bliantach” agus “cúig bliana” in ionad “trí mblian” i bhfo-alt (3), agus
(b) “i gceann tréimhse chúig bliana” a chur in ionad “go tríbhliantach”, agus “an cheaptha sin i gceann tréimhse chúig bliana” in ionad “an cheaptha thrí-bhliantaigh sin”, agus “cúig bliana” in ionad “trí mblian” sa dá áit ina bhfuil na focail deiridh sin, i bhfo-alt 4.
Leasú ar na hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1950.
4.—Sna hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1950, agus in aon ordú nó rialachán a rinneadh fúthu, ciallóidh “bliain toghcháin,” in ionad an ní a chiallaigh sé díreach roimh dháta an Achta seo a rith, aon bhliain ina gcomórfar toghcháin do chomhaltaí údarás áitiúla de bhun ailt 2 den Acht seo agus cuirfear tagairtí do chruinniú cinn cúig bliana in ionad tagairtí do chruinniú cinn trí mblian.
Leasú ar na hAchta Talmhaíochta, 1931 go 1948.
5.—Sna hAchta Talmhaíochta, 1931 go 1948, ciallóidh “bliain toghcháin”, in ionad an ní a chiallaigh sé díreach roimh dháta an Achta seo a rith, aon bhliain ina gcomórfar toghcháin do chomhaltaí údarás áitiúla de bhun ailt 2 den Acht seo.
Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil, 1941.
6.—(1) I bhfo-alt (2) d'alt 45 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941), cuirfear “chúig bliana” in ionad “thrí bliana” mar a bhfuil na focail deiridh sin sa bhfo-alt.
(2) Más rud é, toisc comhaltaí comhairle contae a chur as oifig, nach féidir lá comórtha aon toghacháin den tsórt dá dtagartar i bhfo-alt (2) d'alt 5 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927), a chinneadh de bhun an fho-ailt sin, comórfar an toghchán pé lá a shocrós an tAire le hordú.
Leasú ar an Acht Cuanta, 1946.
7.—Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (2) d'alt 9 den Acht Cuanta, 1946 (Uimh. 9 de 1946):
“(2) I dteannta na céad bhliana toghcháin, beidh gach bliain dá éis sin is bliain ina gcomórfar toghcháin do chomhaltaí comhairlí contae de bhun ailt 2 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1948 (Uimh. 8 de 1948), nó de bhun ailt 2 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1953, ina bliain toghcháin i leith údaráis chuain.”
Téarma oifige comhaltaí de chomhluchta áirithe.
8.—(1) Baineann an t-alt seo le bord, coiste nó comhlucht eile ar gá do réir dlí go gceapfadh údarás áitiúil a chomhaltaí uile nó aon chuid díobh i ndiaidh toghcháin do chomhaltaí an údaráis sin.
(2) An téarma oifige a bheas á chaitheamh ar dháta an Achta seo a rith ag comhalta de bhord, de choiste nó de chomhlucht eile lena mbaineann an t-alt seo, beidh faidiú air go dtí an lá a bheas an comharba a ceapfar ar an gcomhalta sin sa bhliain 1955 le tosnú ar a théarma oifige.
(3) Is é an tAire a chinnfeas gach amhras, ceist agus díospóid i dtaobh aon bhord, coiste nó comhlucht eile áirithe a bheith nó gan a bheith ina bhord, ina choiste nó ina chomhlucht lena mbaineann an t-alt seo.
Cosaint in aghaidh dícháilíochta i gcásanna áirithe.
9.—Aon chomhalta d'údarás áitiúil a scoirfeas de bheith ina thoghthóir rialtais áitiúil i líomatáiste feidhme an údaráis toisc clár nua de thoghthóirí rialtais áitiúil a theacht i bhfeidhm tar éis dáta an Achta seo a rith agus roimh an toghchán do chomhaltaí an údaráis de bhun fo-ailt (1) d'alt (2) den Acht seo, ní bheidh sé, mar gheall ar an scor sin amháin, dícháilithe chun leanúint de bheith i seilbh oifige mar chomhalta den údarás go dtí gnáth-lá scortha comhaltaí an údaráis i ndiaidh an toghcháin sin.
Achtacháin d'oiriúnú.
10.—(1) San alt seo ciallaíonn “comhlucht áitiúil” údarás áitiúil nó comhlucht lena mbaineann alt 8 den Acht seo.
(2) Déanfar aon tagairt in aon reacht, ordú nó rialachán a bheas i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith do thoghchán cinn trí mblian do chomaltaí comhluchta áitiúil d'fhorléiriú mar thagairt do thoghchán de bhun an Achta seo do na comhaltaí sin.
(3) Beidh éifeacht, faoi réir forál an Achta seo, ag gach reacht, ordú agus rialachán a bhaineas le toghcháin do chomhaltaí aon chomhluchta áitiúil nó do chruinnithe aon chomhluchta áitiúil, agus féadfaidh an tAire le hordú pé oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh in aon reacht, ordú nó rialachán den tsórt sin is dóigh leis is gá chun go mbeadh éifeacht aige i gcomhréir leis an Acht seo.
(4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
Cruinnithe áirithe a chomóradh.
11.—Mura mbíonn dáta ceaptha ag údarás áitiúil roimh an 23ú lá de Mheitheamh, 1953, chun an cruinniú bliantúil nó an cruinniú ráithiúil (pé acu é) den údarás áitiúil a chomóradh is gá do réir dlí a chomóradh i rith na tréimhse dár tosach an 23ú lá de Mheitheamh, 1953, agus dár críoch an lú lá d'Iúil, 1953, gairmfidh an rúnaí contae nó an baile-chléireach (pé acu é) cruinniú den údarás áitiúil chun teacht le chéile chun na críche sin ag uair a chloig agus ar dháta caothúil laistigh den tréimhse sin, agus measfar cruinniú a comórfar de bhun na gairme sin a bheith ina chruinniú bliantúil nó ráithiúil a comóradh ar dháta a cheap an t-údarás áitiúil.
Athghairm.
12.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
Gearrtheideal agus comhlua.
13.—(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin Áitiúla, 1953, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta um Thoghcháin Áitiúla, 1927 agus 1953, a ghairm den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927), agus den Acht seo le chéile.
AN SCEIDEAL.
AchtachÁin a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAthghairme |
61 & 62 Vic., c. 37 | An Local Government (Ire- land) Act, 1898. | Fo-alt (2) d'alt 2. |
An tAcht um Thoghcháin Áitiúla, 1927. | Fo-alt (3) d'alt 5 ; Fo-alt (3) d'alt 16. | |
An tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930. | Fo-alt (1) d'alt 32 ; Na focail “Comórfar toghchán buirge sa bhliain 1930 agus gach tríú bliain ina dhiaidh sin agus ní in aon bhliain eile, agus” i bhfo-alt (2) d'alt 43. | |
Fo-alt (1) d'alt 7. | ||
Fo-alt (2) d'alt 5. | ||
Na focail “Comórfar toghcháin bhuirge in aghaidh na dtrí mblian agus” i bhfo-alt (1) d'alt 3 ; fo-alt (2) d'alt 3. |
Number 15 of 1953.
LOCAL ELECTIONS ACT, 1953.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Acts Referred to | |
No. 23 of 1941 | |
No. 17 of 1926 | |
No. 39 of 1927 | |
No. 9 of 1946 | |
No. 8 of 1948 |
Number 15 of 1953.
LOCAL ELECTIONS ACT, 1953.
Interpretation.
1.—(1) In this Act—
“local authority” means any of the following bodies:
(a) the council of a county,
(b) the corporation of a county or other borough,
(c) the council of an urban district,
(d) the commissioners of a town;
“the Minister” means the Minister for Local Government.
(2) Notwithstanding anything contained in this section, a reference in this Act to a meeting, member or membership of a local authority shall, where the local authority in question are a corporation of a county or other borough, be construed as a reference to a meeting, member or membership of the council established by law in respect of such county or other borough.
Election years.
2.—(1) An election of members of every local authority shall be held in the year 1955.
(2) After the year 1955, an election of members of every local authority shall be held in every fifth successive year after the year in which the immediately previous such elections were held.
(3) An election of members of a local authority shall not be held between the passing of this Act and the election pursuant to subsection (1) of this section of members of such authority and the term of office of the members of such authority current at the passing of this Act shall stand extended accordingly.
(4) Nothing in this section shall affect Part IV of the Local Government Act, 1941 (No. 23 of 1941), or any order made under that Part.
(5) Where any act, matter or thing which was done or omitted by any local authority or by any member or officer thereof (including a returning officer) before the passing of this Act would have been lawfully done or omitted if this section had then been in operation, such act, matter or thing shall be deemed to have been lawfully done or omitted.
Amendment of School Attendance Act, 1926.
3.—(1) Notwithstanding anything contained in section 10 of the School Attendance Act, 1926 (No. 17 of 1926)—
(a) an appointment of members of every school attendance committee shall be made in the year 1955,
(b) an appointment of members of a school attendance committee shall not be made between the passing of this Act and the appointment pursuant to the immediately preceding paragraph of members of such authority, and
(c) any term of office of a member of a school attendance committee current at the passing of this Act which, apart from this paragraph, would expire before the 31st day of December, 1955, shall stand extended to that day.
(2) After the appointments pursuant to paragraph (a) of subsection (1) of this section, section 10 of the School Attendance Act, 1926, shall have effect—
(a) with the substitution of “quinquennially” for “triennially” and “five” for “three” in subsection (3), and
(b) with the substitution of “quinquennial” for “triennial” wherever the latter word occurs in subsection (4).
Amendment of Vocational Education Acts, 1930 to 1950.
4.—In the Vocational Education Acts, 1930 to 1950, and in any order or regulation made thereunder “election year” shall, in lieu of having the meaning which it had immediately before the passing of this Act, mean any year in which elections of members of local authorities are held pursuant to section 2 of this Act and the expression “quinquennial meeting” shall be substituted for “triennial meeting”.
Amendment of Agriculture Acts, 1931 to 1948.
5.—In the Agriculture Acts, 1931 to 1948, “election year” shall, in lieu of having the meaning which it had immediately before the passing of this Act, mean any year in which elections of members of local authorities are held pursuant to section 2 of this Act.
Amendment of Local Government Act, 1941.
6.—(1) In subsection (2) of section 45 of the Local Government Act, 1941 (No. 23 of 1941), “five years” shall be substituted for “three years” wherever the latter words occur in the subsection.
(2) Where, by reason of the members of the council of a county being removed from office, the day on which any such election as is referred to in subsection (2) of section 5 of the Local Elections Act, 1927 (No. 39 of 1927), is to be held cannot be ascertained pursuant to that subsection, the election shall be held on such day as the Minister fixes by order.
Amendment of Harbours Act, 1946.
7.—The following subsection shall be substituted for subsection (2) of section 9 of the Harbours Act, 1946 (No. 9 of 1946):
“(2) In addition to the first election year, every year thereafter which is a year in which elections of members of councils of counties are held pursuant to section 2 of the Local Elections Act, 1948 (No. 8 of 1948), or section 2 of the Local Elections Act, 1953, shall be an election year in respect of a harbour authority.”
Term of office of members of certain bodies.
8.—(1) This section applies to a board, committee or other body all or any of the members of which are required by law to be appointed by a local authority following an election of the members of such authority.
(2) The term of office current at the passing of this Act of a member of a board, committee or other body to which this section applies shall stand extended to the day on which the successor of such member to be appointed in the year 1955 is due to commence his term of office.
(3) Every doubt, question and dispute as to whether any particular board, committee or other body is or is not a board, committee or body to which this section applies shall be determined by the Minister.
Saving for disqualification in certain cases.
9.—A member of a local authority who ceases to be a local government elector in the functional area of the authority by reason of the coming into force of a new register of local government electors after the passing of this Act and before the election of members of the authority pursuant to subsection (1) of section 2 of this Act shall not, by reason only of such cesser, be disqualified from continuing to hold office as a member of the authority until the ordinary day of retirement of the members of the authority after such election.
Adaptation of enactments.
10.—(1) In this section “local body” means a local authority or a body to which section 8 of this Act applies.
(2) Any reference in any statute, order or regulation in force at the passing of this Act to a triennial election of members of a local body shall be construed as a reference to an election pursuant to this Act of such members.
(3) Every statute, order and regulation relating to elections of members of any local body or to the meetings of any local body shall have effect subject to the provisions of this Act, and the Minister may by order make such adaptations or modifications in any such statute, order or regulation as may in his opinion be necessary to enable it to have effect in conformity with this Act.
(4) Every order under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made and if a resolution annulling the order is passed by either House, within the next twenty-one days on which that House has sat after the order is laid before it, the order shall be annulled accordingly, but without prejudice to the validity of anything previously done thereunder.
Holding of certain meetings.
11.—Where a date has not been appointed by a local authority before the 23rd day of June, 1953, for the holding of the annual meeting or quarterly meeting (as the case may be) of the local authority which is required by law to be held during the period beginning on the 23rd day of June, 1953, and ending on the 1st day of July, 1953, the county secretary or town clerk (as the case may be) shall summon a meeting of the local authority for a convenient hour and date within that period for the purpose, and a meeting held in pursuance of such summons shall be regarded as an annual or quarterly meeting held on a date appointed by the local authority.
Repeals.
12.—The enactments mentioned in the Schedule to this Act are hereby repealed to the extent specified in the third column of that Schedule.
Short title and collective citation.
13.—(1) This Act may be cited as the Local Elections Act, 1953.
(2) The Local Elections Act, 1927 (No. 39 of 1927), and this Act may be cited together as the Local Elections Acts, 1927 and 1953.
SCHEDULE.
Enactments Repealed.
Session and Chapter or Number and Year | Short title | Extent of Repeal |
61 & 62 Vic., c. 37 | Local Government (Ireland) Act, 1898. | Subsection (2) of section 2. |
No. 39 of 1927 | Subsection (3) of section 5; Subsection (3) of section 16. | |
No. 27 of 1930 | Subsection (1) of section 32; The words “A borough election shall be held in the year 1930 and in every third year thereafter and in no other year and” in subsection (2) of section 43. | |
No. 35 of 1934 | Subsection (1) of section 7. | |
No. 25 of 1939 | Subsection (2) of section 5. | |
No. 5 of 1941 | The words “Borough elections shall be held triennially and” in subsection (1) of section 3; subsection (2) of section 3. |