As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 17.
ACHT UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTÍS, 1923.
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—
Miniú ar thagartha do shean-Achtanna.
1.—San Acht so—
cialluíonn an focal “Príomh-Acht” an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1920;
cialluíonn an abairt “Acht a 2 de 1921” an tAcht um Arachas Díomhaointis (Uimh. 2), 1921; agus
cialluíonn an abairt “Acht 1922” an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1922.
Deire na ceathrú tréimhse speisialta.
2.—(1) Ath-ghairmtear leis seo oiread d'fho-alt (2) d'alt 3 d'Acht, 1922, agus fhorálann an ceathrú tréimhse speisialta a bunuíodh leis an bhfo-alt san do bheith istigh an 1adh lá d'Iúl, 1923.
(2) Beidh an ceathrú tréimhse speisialta san istigh—
(a) an 16adh lá de Bhealtaine, 1923, do gach duine go mbeidh fachta aige ar an dáta san, no roimhe, iomlán an tsochair a údaruítear a íoc leis sa cheathrú tréimhse speisialta;
(b) an 6adh lá de Mheitheamh, 1923, do gach duine a gheobhaidh, tar éis an 16adh lá de Bhealtaine, 1923, agus ar an 6adh lá de Mheitheamh, 1923, no roimhe, iomlán an tsochair a údaruítear a íoc leis i rith na ceathrú tréimhse speisialta;
(c) an 1adh lá d'Iúl, 1923, do gach éinne eile.
(3) Bainfidh Alt 11 den Phríomh-Acht le gach ceist a eireoidh i dtaobh ce'ca tá an ceathrú tréimhse speisialta istigh, no ná fuil, in aon chás áirithe, agus san chó hiomlán is dá luadhfí na ceisteanna san go speisialta san alt san.
Chun méid an tsochair d'áireamh.
3.—(1) Chun a shocrú cadé an méid sochair 'na bhfuil teideal ag aon duine chuige do réir an chothruim idir shochar agus síntiúisí a socruíodh le mír a 3 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, agus ní chun aon críche eile—
(a) fágfar gan áireamh, tar éis deire na ceathrú tréimhse speisialta, aon tsochar a fuair an duine sin idir an 7adh lá de Mhí na Samhna, 1920, agus tosach an chéad bhliana sochair; agus
(b) i rith an chéad bhliana sochair áireofar gach síntiús d'uimhir iomlán na síntiúisí a íocfar thar ceann an duine sin tar éis cúig síntiúisí do bhaint as an iomlán san in aghaidh gach sochair seachtaine a fuair an duine sin roimh an 8adh lá de Mhí na Samhna, 1920, áireofar é do bheith có-mhéid le trí síntiúisí no le huimhir is lú ná san de shíntiúisí (nách lú ná ceann amháin) fé mar ordóidh an t-Aire o am go ham le rialacháin a déanfar chun na críche sin.
(2) Ath-ghairmtear leis seo oiread d'fho-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1922 agus tá buniscionn leis an bhfo-alt san roimhe seo.
Tosach agus deire gach bliana sochair.
4.—Sé bheidh sa chéad bhliain sochair ná an tréimhse dar tosach an lá tar éis an lae ar a mbeidh deire leis an gceathrú tréimhse fén Acht so agus dar críoch an 17adh lá de Dheire Fomhair, 1923, agus sé bheidh sa dara bliain sochair ná an tréimhse dar tosach an 18adh lá de Dheire Fomhair, 1923, agus dar críoch an 15adh lá de Dheire Fomhair, 1924, agus sé bheidh i ngach bliain sochair ina dhiaidh sin ná an tréimhse dar tosach an lá tar éis lá deiridh na bliana sochair do chuaidh roimpe agus dar críoch an Chéadaoin is goire don 16adh lá de Dheire Fomhair sa bhliain chaileandair ina dhiaidh sin.
Achtacháin áirithe do bheith gan feidhm ar feadh an chéad bhliana sochair.
5.—Beidh na hachtanna so leanas gan feidhm gan éifeacht ar feadh an chéad bhliana sochair, sé sin le rá—
(a) coiníoll (i) d'fho-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht;
(b) fo-alt (4) d'alt 8 den Phríomh-Acht.
Leasuithe ar Sceidil a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
6.—(1) Cuirfear an mhír seo leanas in ionad mír (b) de Chuid I. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:—
“ (b) Fostú fé chonnra den tsórt san roimhráite mar mháistir no mar dhuine den bhfuirinn ar aon luing atá cláruithe i Saorstát Éireann no ar luing no ar árthach Saorstátach no Briotáineach (nách long atá cláruithe sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann) gur i Saorstát Éireann atá a chomhnaí no a príomh-áit ghnótha ag á húnaer no, más le breis agus éinne amháin í, ag á húnaer bainistí no ag á bainisteoir.”
(2) Cuirfar an mhír seo leanas in ionad mír (c) de Chuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:—
“ (c) Fostú i seirbhís mhíleata Shaorstáit Éireann.”
(3) Cuirfar an mhír seo leanas in ionad mír 2 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:—
“ 2. Ní bhfuighidh éinne sochar díomhaointis i gcóir breis agus cúig seachtainí déag i rith an chéad bhliana sochair ná ar feadh breis agus sé seachtainí fichead i rith aon bhliana sochair ina dhiaidh sin, ná i gcóir aon tréimhse is lú ná lá aon uair.”
(4) Cuirfar an mhír seo leanas in ionad mír 5 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:—
“ 5. Ní tuigfar tréimhse díomhaointis do thosnú go dtí an dáta a iarrfidh an síntiúsaire sochar díomhaointis ar an gcuma atá orduithe:
Ach féadfar rialacháin do dhéanamh fén Acht so a leigfidh dáta éigin is luatha ná san do chur in ionad dáta an iarratais in aon chás ina dtaisbeánfar cúis mhaith do bheith leis an moill do bhí ar an iarratas.”
Chun saighdiúiri do chimeád fé árachas.
7.—(1) Chun árachas do chimeád suas do shaighdiúirí do liostáladh ar gearra-sheirbhís agus do bhí ar gnáth-fhostú i ngnó ionárachais sara liostáladh iad íocfidh an tAire Cosanta leis an Aire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus chun creidiúna don Chiste Díomhaointis agus thar ceann gach duine le n-a mbaineann an t-alt so, pé síntiúisí is gá chun deimhin do dhéanamh de ná beidh fé bhun dhá shíntiús déag curtha chun creidiúna don duine sin in aghaidh gach bliana árachais gur le n-a linn no le linn coda dhi a bhí an duine sin mar dhuine le n-a mbaineann an t-alt so.
(2) Na suimeanna a bheidh le n' íoc gach bliain ag an Aire Cosanta leis an Aire fén alt so, déanfar amach agus íocfar iad ar pé uaire agus ar pé cuma ar a socrófar idir an Aire Cosanta agus an tAire.
(3) Bainfidh an t-alt so le gach éinne do bhí liostáltha i bhfórsaí míleata Shaorstáit Éireann ar feadh aon tréimhse nách sia ná dhá mhí dhéag no do liostáladh roimh 1adh Bealtaine, 1923, ar feadh tréimhse seirbhíse a chríochnóidh ar 1adh Bealtaine, 1924, no roimhe sin, agus 'na raibh íoctha thar a cheann, ar dháta a liostála, fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, fiche síntiús aon uair no, neachtar aca, deich síntiúisí ón 8adh lá de Mhí na Samhna, 1920.
Roimh-íocanna ón Aire Airgid.
8.—(1) Féadfidh an tAire Airgid roimh-íoc do dhéanamh, as an bPrímh-Chiste no a thora fáis, ar aon tsuimeanna a theastóidh chun íoctha fiachaisí an Chiste Dhíomhaointis fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1922, mar a leasuítear leis an Acht so iad, agus chun na suimeanna a bheidh le roimh-íoc amhlaidh do sholáthar féadfidh an tAire Airgid airgead d'fháil ar iasacht ar pé slí is dó leis is ceart.
(2) Aon tsuimeanna a roimh-íocfar fén bhfo-alt san roimhe seo, maraon le hús ortha (má bhíonn ann) do réir pé ráta a shocróidh an tAire Airgid, beidh a muirear agus a n-aisíoc ar an gCiste Díomhaointis.
(3) Cuirfar de mhuirear ar an bPrímh-Chiste no a thora fáis colann agus ús aon urrúsanna a thabharfaidh an tAire Airgid amach chun airgead d'fháil ar iasacht fén alt so agus fós na costaisí fé n-a raghfar chun na hurrúsanna san do thabhairt amach.
Chun suimeanna a fuarthas mar shochar ar shlí nár chóir d'fháil tharnais.
9.—(1) Éinne a bheidh freagarthach in aisíoc do dhéanamh leis an gCiste Díomhaointis ar aon tsuim a fuair sé mar shochar agus ná taisbeánfidh gur ghlac sé an t-airgead san le croí macánta agus gan a fhios aige ná raibh teideal aige chuige, féadfar gan dochar d'aon tslí eile chun í d'fháil tharnais, an tsuim sin d'fháil tharnais tré choda do bhaint d'aon tsochar 'na mbeidh teideal ag an duine sin chuige an uair sin no ina dhiaidh sin fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1922, mar a leasuítear leis an Acht so iad.
(2) Gach ceist a eireoidh i dtaobh ce'ca is cóir no nách cóir go ndéanfí fén alt so baint as aon tsochar den tsórt san roimhráite a bheadh ag dul d'aon duine áirithe, bainfidh Alt 11. den Phríomh-Acht léi chó hiomlán is dá luadhfí na ceisteanna san go speisialta san alt san.
Comhachtanna áirithe i dtaobh Scéimeanna Speisialta.
10.—(1) Le hintinn deimhin do dhéanamh de go mbeidh iníoctha fé aon Scéim Speisialta a dineadh fé Alt 18 den Phríomh-Acht rátaí sochair den tsórt atá iníoctha fén Acht so agus go mbeidh na sochair fén Scéim Speisialta san chó maith ar a luíod ar gach slí eile leis na sochair a foráltar le forálacha generálta na nAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1922, mar a leasuítear leis an Acht so iad, ach ní chun aon intinne eile, féadfidh an tAire, le hOrdú a dhéanfa sé tar éis comhairle do ghlaca leis an gcólucht, gur cuireadh riara na Scéime Speisialta san de chúram ortha, féadfa sé téarmaí agus forálacha aon Scéime Speisialta den tsórt san d'atharú ar pé slí a chífar don Aire is gá chun an intinn sin adubhradh do thabhairt chun críche.
(2) I gcás aon Scéim Speisialta, a dineadh fé alt 18 den Phríomh-Acht, do bheith ag baint le daoine atá ar fostú i Saorstát Éireann chó maith le daoine atá ar fostú in áiteanna eile, no na daoine sin do bheith fé réim na Scéime sin, féadfidh an tAire le hOrdú, daoine atá ar fostú i Saorstát Éireann do chur o bhaint do bheith ag an Scéim Speisialta san leo, agus leis sin, beidh gach duine le n-a ndéanfar amhlaidh, beidh sé fé réir forálacha generálta na nAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1922, mar a leasuítear leis an Acht so iad, agus san ar pé slí a ordófar leis an Ordú san.
Atharú ar alt 17 den Phríomh-Acht,
11.—D'ainneoin éinní atá in aon Acht, ní gá don Aire a chur ar aon chumann ná ar aon chólucht eile le n-a mbaineann alt 17 den Phríomh-Acht aon tsoláthar i gcóir sochair dhíomhaointis do dhéanamh, roimh dheire an chéad bhliana sochair, thar mar a fhéadfí a chur ar an gcumann no ar an gcólucht san a dhéanamh fé chlás (a) d'fho-alt (1) den alt san 17 mar a achtuíodh ar dtúis é.
Ath-Ghairm.
12.—Ath-ghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 d'Acht a 2 de 1921.
Miniú ar Aire.
13.—San Acht so cialluíonn an focal “Aire” an tAire um Tiúscal agus Tráchtáil.
Gearr-Theideal agus Léiriú.
14.—Féadfar an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1923, do ghairm den Acht so, agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1922, agus féadfar na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1923 do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.
Number 17.
UNEMPLOYMENT INSURANCE ACT, 1923.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Certain enactments not to operate during first benefit year. | |
Number 17.
UNEMPLOYMENT INSURANCE ACT, 1923.
Interpretation of references to previous Acts.
1.—In this Act—
the expression “Principal Act” means the Unemployment Insurance Act, 1920;
the expression “Act No. 2 of 1921” means the Unemployment Insurance (No. 2) Act, 1921; and
the expression “Act of 1922” means the Unemployment Insurance Act, 1922.
Termination of fourth special period.
2.—(1) So much of sub-section (2) of section 3 of the Act of 1922 as provides that the fourth special period established by that sub-section shall terminate on the 1st day of July, 1923, is hereby repealed.
(2) The said fourth special period shall terminate—
(a) on the 16th day of May, 1923, in respect of every person who shall on or before that date have received all the benefit authorized to be paid to him in the fourth special period;
(b) on the 6th day of June, 1923, in respect of every person who shall, after the 16th day of May, 1923, and on or before the 6th day of June, 1923, have received all the benefit authorized to be paid to him during the fourth special period;
(c) on the 1st day of July, 1923, in respect of every other person.
(3) Section 11 of the Principal Act shall apply to every question which shall arise as to whether the fourth special period has or has not terminated in any particular case as fully as if such questions were specifically mentioned in that section.
Calculation of amount of benefit.
3.—(1) For the purpose of determining the amount of benefit to which, having regard to the proportion of benefit to contributions fixed by paragraph 3 of the Second Schedule to the Principal Act, any person is entitled, but for no other purpose—
(a) no account shall, after the termination of the fourth special period, be taken of any benefit which may have been received by such person between the 7th day of November, 1920, and the commencement of the first benefit year; and
(b) during the first benefit year each of the total number of contributions actually paid in respect of such person after deducting from that total five contributions in respect of each week's benefit received by such person before the 8th day of November, 1920, shall be treated as equivalent to three contributions or such lesser number of contributions (not being less than one) as the Minister may from time to time prescribe by regulations made for the purpose.
(2) So much of sub-section (1) of section 6 of the Act of 1922 as is inconsistent with the foregoing sub-section is hereby repealed.
Commencement and termination of benefit years.
4.—The first benefit year shall be the period beginning on the day next following the day on which the fourth special period shall terminate under this Act and ending on the 17th day of October, 1923, and the second benefit year shall be the period beginning on the 18th day of October, 1923, and ending on the 15th day of October, 1924, and every subsequent benefit year shall be the period beginning on the day next following the day on which the preceding benefit year expired and ending on the Wednesday nearest to the 16th day of October in the next following calendar year.
Certain enactments not to operate during first benefit year.
5.—The following enactments shall not operate or have effect during the first benefit year, that is to say—
(a) condition (i) of sub-section (1) of section 7 of the Principal Act;
(b) sub-section (4) of section 8 of the Principal Act.
Amendments of Schedules to the Principal Act.
6.—(1) The following paragraph shall be substituted for paragraph (b) of Part I. of the First Schedule to the Principal Act:—
“(b) Employment under such a contract as aforesaid as master or a member of the crew of any ship registered in Saorstát Eireann or of a Saorstát Eireann or British ship or vessel (not being a ship registered in Great Britain or Northern Ireland) of which the owner or, if there is more than one owner, the managing owner or manager resides or has his principal place of business in Saorstát Eireann.”
(2) The following paragraph shall be substituted for paragraph (c) of Part II. of the First Schedule to the Principal Act:—
“(c) Employment in the military service of Saorstát Eireann.”
(3) The following paragraph shall be substituted for paragraph 2 of the Second Schedule to the Principal Act:—
“2. No person shall receive unemployment benefit for more than fifteen weeks during the first benefit year nor for more than twenty-six weeks during any subsequent benefit year, nor at any time in respect of any period less than one day.”
(4) The following paragraph shall be substituted for paragraph 5 of the Second Schedule to the Principal Act:—
“5. A period of unemployment shall not be deemed to commence until the date on which the insured contributor makes application in the prescribed manner for unemployment benefit:
Provided that regulations may be made under this Act for allowing some earlier date to be substituted for the date of application in any case in which good cause is shown for delay in making the application.”
Maintenance of soldiers in insurance.
7.—(1) For the purpose of retaining in insurance soldiers enlisted on short service who, before enlistment, were normally employed in an insurable occupation the Minister for Defence shall, out of monies to be provided by the Oireachtas, pay to the Minister for the credit of the Unemployment Fund such contributions for each person to whom this section applies as are necessary to secure that there shall be not less than twelve contributions to the credit of such person in respect of each insurance year during which or part of which, such person has been a person to whom this section applies.
(2) The sums to be paid in each year by the Minister for Defence to the Minister under this section shall be ascertained and paid at such times and in such manner as may be agreed between the Minister for Defence and the Minister.
(3) This section applies to every person enlisted in the military forces of Saorstát Eireann for any period not exceeding twelve months or enlisted before 1st May, 1923, for a period of service which terminates on or before 1st May, 1924, who at the date of enlistment has had paid in respect of him under the Unemployment Insurance Acts either twenty contributions at any time, or ten contributions since the 8th day of November, 1920.
Advances by the Minister for Finance.
8.—(1) The Minister for Finance may, out of the Central Fund or the growing produce thereof, advance any sums required for the purpose of discharging the liabilities of the Unemployment Fund under the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1922, as amended by this Act, and for the purpose of providing the sums to be so advanced the Minister for Finance may borrow money in such manner as he may think proper.
(2) Any sums advanced under the foregoing sub-section, together with interest thereon (if any) at such rate as may be fixed by the Minister for Finance, shall be charged on and be re-payable out of the Unemployment Fund.
(3) The principal and interest of any securities issued by the Minister for Finance for the purpose of borrowing under this section and the expenses incurred in connection with the issue of such securities shall be charged on the Central Fund or the growing produce thereof.
Recovery of sums improperly received by way of benefit.
9.—(1) Where any person is liable to repay to the Unemployment Fund any sum received by him by way of benefit and does not show that such sum was received by him in good faith and without knowledge that he was not entitled thereto, such sum may, without prejudice to any other mode of recovery, be recovered by means of deductions from any benefit to which such person is or thereafter becomes entitled under the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1922, as amended by this Act.
(2) Section 11 of the Principal Act shall apply to every question which shall arise as to whether a person is or is not liable to have a deduction made under this section from any such benefit as aforesaid as fully as if such questions were specifically mentioned in that section.
Certain powers in respect of Special Schemes.
10.—(1) For the purpose of securing that like rates of benefit shall be payable under any Special Scheme made under section 18 of the Principal Act as are payable under this Act, and that the benefits under such Special Scheme shall otherwise be not less favourable than those provided by the general provisions of the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1922, as amended by this Act, but for no other purpose, the Minister may, by Order made after consultation with the body charged with the administration of such Special Scheme, alter the terms and provisions of any such Special Scheme in such manner as shall appear to the Minister to be necessary to carry out the purpose aforesaid.
(2) Wherever any Special Scheme made under section 18 of the Principal Act and applies to or includes persons employed in Saorstát Eireann as well as persons employed elsewhere, the Minister may by Order exclude from the application of such Special Scheme persons employed in Saorstát Eireann, and thereupon every person so excluded shall become subject to the general provisions of the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1922, as amended by this Act in such manner as shall be prescribed by such Order.
Modification of section 17 of Principal Act.
11.—Notwithstanding anything in any Act, it shall not be necessary for the Minister to require any society or other association to which section 17 of the Principal Act applies to make, before the end of the first benefit year, any greater provision for unemployment benefit than such society or association could have been required to make under clause (a) of sub-section (1) of the said section 17 as originally enacted.
Repeal.
12.—Sub-section (1) of Section 6 of Act No. 2 of 1921 is hereby repealed.
Definition of Minister.
13.—In this Act the expression “Minister” means the Minister for Industry and Commerce.
Short Title and Construction.
14.—This Act may be cited as the Unemployment Insurance Act, 1923, and shall be construed as one with the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1922, and those Acts and this Act may be cited- together as the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1923.