As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 17 de 1958.


[EN]

AN tACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT TALMHAÍOCHTA, 1931 GO 1955. [2 Iúil, 1958.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Talmhaíochta, 1931 (Uimh. 8 de 1931).

[EN]

Ranníoca ó chomhairlí contae le coistí talmhaíochta.

2.—(1) Déanfaidh comhairle chontae, an bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1958, agus gach bliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, ranníoc faoin bhfo-alt seo le coiste talmhaíochta an chontae nach 1ú ná dhá oiread agus nach mó ná cúig oiread déag an fháltais ó ráta pingin sa phunt an bhliain airgeadais áitiúil roimhe sin sa límistéar arb é an contae é gan aon cheantar uirbeach ann (más ann) d'áireamh.

[EN]

(2) I gcás ina mbeidh ordú um scéim foraoiseachta déanta ag an Aire maidir le contae, déanfaidh comhairle an chontae gach bliain airgeadais áitiúil tar éis dáta an ordaithe má iarr an tAire sin orthu an bhliain airgeadais áitiúil roimhe sin ach ní dhéanfaidh in aon chás eile, ranníoc le coiste talmhaíochta an chontae faoin bhfo-alt seo nach mó ná leath an fháltais ó ráta pingin sa phunt an bhliain airgeadais áitiúil roimhe sin sa límistéar arb é an contae é gan aon cheantar uirbeach ann (más ann) d'áireamh.

[EN]

(3) I bhfo-alt (1) agus i bhfo-alt (2) den alt seo ciallaíonn “fáltas” an glan-fháltas arna ríomh sa tslí agus arna dheimhniú sa bhfoirm a forordaítear chun críocha fo-ailt (6) d'alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (Uimh. 24 de 1946), arna leasú le halt 50 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 (Uimh. 9 de 1955).

[EN]

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) d'alt 36 den Phríomh-Acht maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1958, ná maidir le aon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin.

[EN]

(5) Na gníomhartha agus na nithe a rinne comhairle chontae roimh dháta an Achta seo a rith maidir le aon ráta a ghearradh don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1958, beid chomh bailí éifeachtach agus dá mbeadh na forálacha roimhe seo den alt seo i bhfeidhm an tráth a rinneadh na gníomhartha nó na nithe sin.

[EN]

Coistí talmhaíochta a chorprú.

3.—De bhuaidh an ailt seo, tiocfaidh coiste talmhaíochta chun bheidh ina chomhlacht corpraithe leis an ainm “Coiste Talmhaíochta Chontae . . . . . . .” (ainm an chontae a chur isteach) le comharbas suthain agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar aird bhreithiúnach) agus beidh cumhacht agartha aige, agus féadfar agra a dhéanamh air, faoina ainm chorpraithe.

[EN]

Cumhacht chun talamh a thógaint agus a dhiúscairt agus chun foirgnimh a thógáil.

4.—(1) Féadfaidh coiste talmhaíochta, le toiliú an Aire agus faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfeas sé—

[EN]

(a) talamh (lena n-áirítear talamh lasmuigh dá límistéar feidhmiúcháin) a thógaint, pé acu trína cheannach nó ar léas nó ar shlí eile é, agus

[EN]

(b) talamh (lena n-áirítear talamh lasmuigh dá límistéar feidhmiúcháin) a thóg sé faoin alt seo nó a dílsíodh ann faoi alt 41 den Phríomh-Acht a dhiúscairt, pé acu trína dhíol nó a ligean ar léas nó ar shlí eile é.

[EN]

(2) Féadfaidh coiste talmhaíochta, le toiliú an Aire agus faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfeas sé, aon fhoirgnimh (lena n-áirítear foirgnimh lasmuigh dá límistéar feidhmiúcháin) a thógáil a mheasfas sé is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

[EN]

(3) Aon airgead a gheobhfas coiste talmhaíochta maidir le aon talamh a dhiúscairt faoin alt seo úsáidfidh an coiste é chun aon chríche dá sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 38 den Phríomh-Acht, arna leasú le fo-alt (8) d'alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1944 (Uimh. 3 de 1944), fo-alt (6) d'alt 3 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1948 (Uimh. 24 de 1948), agus fo-ailt (5) agus (9) d'alt 8 den Acht seo, nó, muran amhlaidh sin a húsáidfear é, chun aon chríche eile a chinnfeas an Coiste le toiliú an Aire.

[EN]

Cumhacht chun iasacht a fháil.

5.—(1) Féadfaidh coiste talmhaíochta, le toiliú an Aire agus faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfeas sé, airgead a fháil ar iasacht trí ró-tharraingt ó bhanc nó ar shlí eile, le haghaidh na scéimeanna a bheas á riaradh aige nó le haghaidh aon chríocha eile a bhainfeas lena fheidhmeanna.

[EN]

(2) Má bhíonn aisíoc an airgid a gheobhfas coiste talmhaíochta ar iasacht faoin alt seo le roinnt thar téarma blian, féadfaidh an coiste an t-airgead a fháil ar iasacht ar urrús na ranníoc a déanfar faoi alt 2 den Acht seo leis an gcoiste agus féadfaidh sé íoc na príomh-shuime a fuarthas ar iasacht amhlaidh maraon leis an ús air a chur de mhuirear ar na ranníoca sin.

[EN]

Eifeacht chúlghabhálach a bheith ag rialacháin áirithe.

6.—Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith ag rialacháin faoi alt 27 nó alt 28 den Phríomh-Acht, má deirtear iontu go mbeidh.

[EN]

Costais taistil, etc.

7.—Beidh éifeacht ag fo-alt (3) d'alt 3 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1948 (Uimh. 24 de 1948), faoi réir na leasaithe seo a leanas:

[EN]

(i) cuirfear “míle” i mír (a) in ionad “trí mhíle”;

[EN]

(ii) cuirfear na fo-mhíreanna seo a leanas le mír (a):

[EN]

“Más rud é—

[EN]

(i) go ndéanfaidh comhalta de choiste talmhaíochta nó d'fho-choiste formheasta den choiste talmhaíochta sin cruinniú den choiste nó den fho-choiste sin a fhreastal in áit nach gaire ná cúig mhíle, de bhealach ar bith, dá ghnáth-áit chónaithe agus go mbeidh air, mar gheall ar an bhfreastal sin, bheith as baile ar feadh tréimhse leanúnaí nach lú ná trí huaire an chloig, agus

[EN]

(ii) go mbeidh rún i bhfeidhm de thuras na huaire ón gcoiste á chinneadh go mbeidh feidhm ag an bhfo-mhír seo maidir leis an gcoiste nó leis an bhfo-choiste,

[EN]

íocfaidh an coiste leis an gcomhalta, maidir leis an gcruinniú, liúntas uileghabhálach (nach mó ná méid a bheas sonraithe le rialacha a húdaraítear leis seo don Aire a dhéanamh) i leith costas taistil agus cothaithe, agus i gcás ina mbeadh, ar leithligh ón bhfo-mhír seo, liúntas iníoctha faoin gcéad fho-mhír den mhír seo, is liúntas in ionad an liúntais sin a bheas ann agus ní liúntas ina theannta.

[EN]

Féadfar rún faoin dara fo-mhír den mhír seo a chúlghairm tráth ar bith le rún eile ón gcoiste lena mbainfidh.”;

[EN]

(iii) cuirfear isteach “nó do réir an fho-ailt sin arna leasú le fo-alt (1) d'alt 67 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 (Uimh. 9 de 1955),” i mír (c) i ndiaidh “do réir fo-ailt (7) den alt sin 67”.

[EN]

Leasaithe iarmartacha.

8.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 19 den Phríomh-Acht, maidir le haon íocaíochtaí dá dtagartar sa bhfo-alt agus a déanfar an 1ú lá d'Aibreán, 1958, trí “a mhuirearú ar an líomatáiste arb é atá ann an contae sin gan aon cheantar uirbeach ann (más ann) d'áireamh” a chur in ionad “do chruinniú tríd an ráta céanna tré n-a gcruinneofar an ráta talmhaíochta a chruinneoidh an chomhairle sin agus d'íoc amach as na cistí céanna as a n-íocfar an ráta san agus do mhuirearú ar an líomatáiste céanna ar a muirearófar an ráta san, ach ní háireofar aon tsuim den tsórt san chun crícheanna achtacháin ar bith (agus an tAcht so d'áireamh) tré n-a gcuirtear teora le méid an ráta san.”

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag na forála seo a leanas in alt 30 den Phríomh-Acht maidir le conarthaí a dhéanfas coiste talmhaíochta tar éis dáta an Achta seo a rith:

[EN]

(i) an fhoráil atá i bhfo-alt (1) ag tosnú leis na focail “agus gach connra den tsórt san”,

[EN]

(ii) mír (b) d'fho-alt (2).

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 32 den Phríomh-Acht i gcás imeachtaí dlíthiúla a tosnófar tar éis dáta an Achta seo a rith.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh comhairle chontae aon airgead a fháil ar iasacht faoi alt 37 den Phríomh-Acht tar éis dáta an Achta seo a rith.

[EN]

(5) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 38 den Phríomh-Acht—

[EN]

(i) trí “agus gach ranníoc a dhéanfas an chomhairle sin faoi fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958,” a chur isteach roimh “d'íoc leis an gcoiste talmhaíochta”, agus

[EN]

(ii) tríd na míreanna seo a leanas a chur leis:

[EN]

“(g) chun íoctha caiteachais faoina raghaidh an coiste sin faoi alt 4 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958;

[EN]

(h) chun airgead a gheobhfas an coiste sin ar iasacht d'aisíoc agus ús d'íoc ar an airgead sin.”

[EN]

(6) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 38 den Phríomh-Acht trí “agus gach ranníoc ón gcomhairle sin faoi fho-alt (2) d'alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958,” a chur roimh “d'íoc leis an gcoiste talmhaíochta”.

[EN]

(7) Leasaítear leis seo alt 39 den Phríomh-Acht trí “nó chun aon chríocha dleathacha eile de chuid coistí talmhaíochta” a chur isteach roimh “pé airgead”.

[EN]

(8) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 5 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1944 (Uimh. 3 de 1944), maidir le haon íocaíochtaí dá dtagartar sa bhfo-alt a déanfar an 1ú lá d'Aibreán, 1958, nó dá éis, trí “ranníoca faoi fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958, ó chomhairle an chontae sin” a chur in ionad “an airgead a chruinneoidh comhairle na contae sin tríd an ráta talmhaíochta”.

[EN]

(9) Forléireofar an tagairt i bhfo-alt (6) d'alt 3 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1948 (Uimh. 24 de 1948), do na forálacha roimhe sin den alt sin mar thagairt a fholaíos tagairt do na forálacha sin arna leasú le halt 7 den Acht seo, agus forléireofar dá réir sin alt 17 agus mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 38 den Phríomh-Acht.

[EN]

Gearrtheideal, forléirú agus comhlua.

9.—(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1958, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar na hAchta Talmhaíochta, 1931 go 1955, agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

[EN]

(3) Féadfar na hAchta Talmhaíochta, 1931 go 1958, a ghairm de na hAchta Talmhaíochta, 1931 go 1955, agus den Acht seo le chéile.

[GA]

harp.jpg


Number 17 of 1958.


[GA]

AGRICULTURE (AMENDMENT) ACT, 1958.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Contributions by county councils to committees of agriculture.

3.

Incorporation of committees of agriculture.

4.

Power to acquire and dispose of land and to erect buildings.

5.

Power to borrow.

6.

Retrospective effect of certain regulations.

7.

Travelling, etc., expenses.

8.

Consequential amendments.

9.

Short title, construction and collective citation.

Acts Referred to

Agriculture Act, 1931

No. 8 of 1931

Local Government Act, 1946

No. 24 of 1946

Local Government Act, 1955

No. 9 of 1955

Agriculture (Amendment) Act, 1944

No. 3 of 1944

Agriculture (Amendment) Act, 1948

No. 24 of 1948

harp.jpg


Number 17 of 1958.


AGRICULTURE (AMENDMENT) ACT, 1958.


AN ACT TO AMEND AND EXTEND THE AGRICULTURE ACTS, 1931 TO 1955. [2nd July, 1958.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—In this Act—

[GA]

the Minister” means the Minister for Agriculture;

[GA]

the Principal Act” means the Agriculture Act, 1931 (No. 8 of 1931).

[GA]

Contributions by county councils to committees of agriculture.

2.—(1) The council of a county shall, in the local financial year beginning on the 1st day of April, 1958, and every subsequent local financial year, make to the committee of agriculture for the county a contribution under this subsection of not less than twice and not more than fifteen times the produce of a rate in the preceding local financial year of one penny in the pound in the area consisting of the county exclusive of every (if any) urban district therein.

[GA]

(2) Where the Minister has made a forestry scheme order in respect of a county, the council of the county shall, in every local financial year after the date of the order if so required by the Minister during the preceding local financial year, but not otherwise, make to the committee of agriculture for the county a contribution under this subsection of not more than half the produce of a rate in such preceding local financial year of one penny in the pound in the area consisting of the county exclusive of every (if any) urban district therein.

[GA]

(3) In subsection (1) and in subsection (2) of this section “produce” means the net produce calculated in the manner and certified in the form prescribed for the purposes of subsection (6) of section 10 of the Local Government Act, 1946 (No. 24 of 1946), as amended by section 50 of the Local Government Act, 1955 (No. 9 of 1955).

[GA]

(4) Subsections (1) and (2) of section 36 of the Principal Act shall not apply in relation to the local financial year beginning on the 1st day of April, 1958, or any subsequent local financial year.

[GA]

(5) All acts and things done before the passing of this Act by the council of a county in relation to the making of any rate for the local financial year beginning on the 1st day of April, 1958, shall be as valid and effectual as if the foregoing provisions of this section were in force at the time those acts or things were done.

[GA]

Incorporation of committees of agriculture.

3.—A committee of agriculture shall become by virtue of this section a body corporate by the name “the County Committee of Agriculture” (the name of the county being inserted) with perpetual succession and an official seal (which shall be judicially noticed) and with power to sue and be sued in its corporate name.

[GA]

Power to acquire and dispose of land and to erect buildings.

4.—(1) A committee of agriculture may, with the consent of and subject to any conditions imposed by the Minister—

[GA]

(a) acquire, whether by way of purchase or lease or otherwise, land (including land outside its functional area), and

[GA]

(b) dispose of, whether by way of sale or lease or otherwise, land (including land outside its functional area) acquired by it under this section or vested in it under section 41 of the Principal Act.

[GA]

(2) A committee of agriculture may, with the consent of and subject to any conditions imposed by the Minister, erect any buildings (including buildings outside its functional area) which it considers necessary for the performance of its functions.

[GA]

(3) Moneys received by a committee of agriculture in relation to any disposal under this section of land shall be applied by the committee for any of the purposes specified in subsection (1) of section 38 of the Principal Act, as amended by subsection (8) of section 2 of the Agriculture (Amendment) Act, 1944 (No. 3 of 1944), subsection (6) of section 3 of the Agriculture (Amendment) Act, 1948 (No. 24 of 1948), and subsections (5) and (9) of section 8 of this Act, or, in default of being so applied, for any other purpose determined by the committee with the consent of the Minister.

[GA]

Power to borrow.

5.—(1) A committee of agriculture may, with the consent of and subject to any conditions imposed by the Minister, borrow by means of bank overdraft or otherwise money for the purposes of the schemes which it administers or for any other purposes connected with its functions.

[GA]

(2) Where the repayment of money borrowed under this section by a committee of agriculture is to be spread over a term of years, the committee may borrow the money on the security of the contributions under section 2 of this Act to the committee and may charge those contributions with payment of the principal money so borrowed and the interest thereon.

[GA]

Retrospective effect of certain regulations.

6.—Regulations under section 27 or section 28 of the Principal Act may, if so expressed, have retrospective effect.

[GA]

Travelling, etc., expenses.

7.—Subsection (3) of section 3 of the Agriculture (Amendment) Act, 1948 (No. 24 of 1948), shall have effect subject to the following amendments:

[GA]

(i) “one mile” shall be substituted in paragraph (a) for “three miles”;

[GA]

(ii) the following subparagraphs shall be added to paragraph (a):

[GA]

“Where—

[GA]

(i) a member of a committee of agriculture or of an approved subcommittee of such committee of agriculture attends a meeting of the committee or subcommittee at a place less than five miles by any route from his ordinary place of residence and is obliged by reason of such attendance to remain away from his home for a continuous period of not less than three hours,

[GA]

and

[GA]

(ii) a resolution by the committee deciding that this subparagraph is to apply in relation to the committee or subcommittee is for the time being in force,

[GA]

the committee shall pay to the member in relation to the meeting an inclusive allowance (not exceeding an amount specified by rules which the Minister is hereby authorised to make) in respect of travelling expenses and subsistence, and such allowance shall, in the case in which, apart from this subparagraph, an allowance would be payable under the first subparagraph of this paragraph, be in lieu of, and not in addition to, that allowance.

[GA]

A resolution under the second subparagraph of this paragraph may be revoked at any time by another resolution of the committee concerned.”;

(iii) “or that subsection as amended by subsection (1) of section 67 of the Local Government Act, 1955 (No. 9 of 1955),” shall be inserted in paragraph (c) after “subsection (7) of the said section 67”.

[GA]

Consequential amendments.

8.—(1) Subsection (2) of section 19 of the Principal Act is hereby amended, in relation to any payments referred to in the subsection which are made on or after the 1st day of April, 1958, by the substitution of “charged on the area consisting of such county exclusive of every (if any) urban district therein” for “raised by means of the same rate and be paid out of the same funds and be charged on the same area as the agricultural rate to be raised by such council is raised by means of, paid out of and charged upon, but no such sum shall be reckoned for the purposes of any enactment (including this Act) limiting the amount of such rate”.

[GA]

(2) The following provisions contained in section 30 of the Principal Act shall not apply in relation to contracts by a committee of agriculture made after the passing of this Act:

[GA]

(i) the provision contained in subsection (1) beginning with the words “and every such contract”,

[GA]

(ii) paragraph (b) of subsection (2).

[GA]

(3) Section 32 of the Principal Act shall not apply in relation to legal proceedings commenced after the passing of this Act.

[GA]

(4) The council of a county shall not borrow under section 37 of the Principal Act after the passing of this Act.

[GA]

(5) Subsection (1) of section 38 of the Principal Act is hereby amended—

[GA]

(i) by the insertion of “and every contribution by such council under subsection (1) of section 2 of the Agriculture (Amendment) Act, 1958,” before “shall be paid”, and

[GA]

(ii) by the addition of the following paragraphs:

[GA]

“(g) to defray expenditure incurred by such committee under section 4 of the Agriculture (Amendment) Act, 1958 ;

[GA]

(h) to make repayments of money borrowed by such committee and payments of interest on such money.”

[GA]

(6) Subsection (2) of section 38 of the Principal Act is hereby amended by the insertion of “and every contribution by such council under subsection (2) of section 2 of the Agriculture (Amendment) Act, 1958,” before “shall be paid”.

[GA]

(7) Section 39 of the Principal Act is hereby amended by the insertion of “or any other lawful purposes of committees of agriculture” before “such moneys”.

[GA]

(8) Subsection (3) of section 5 of the Agriculture (Amendment) Act, 1944 (No. 3 of 1944), is hereby amended, in relation to any payments referred to in the subsection which are made on or after the 1st day of April, 1958, by the substitution of “contributions under subsection (1) of section 2 of the Agriculture (Amendment) Act, 1958, made” for “moneys raised by means of the agricultural rate”.

[GA]

(9) The reference in subsection (6) of section 3 of the Agriculture (Amendment) Act, 1948 (No. 24 of 1948), to the preceding provisions of that section shall be construed as including a reference to those provisions as amended by section 7 of this Act, and section 17 and paragraph (d) of subsection (1) of section 38 of the Principal Act shall be construed accordingly.

[GA]

Short title, construction and collective citation.

9.— (1) This Act may be cited as the Agriculture (Amendment) Act 1958.

[GA]

(2) The Agriculture Acts, 1931 to 1955, and this Act shall be construed together as one Act.

[GA]

(3) The Agriculture Acts, 1931 to 1955, and this Act may be cited together as the Agriculture Acts, 1931 to 1958.