As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 18 de 1924.


[EN]

ACHT NA gCOISTÍ DHÁRÉAG (LEASÚ), 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEAS LE COISTÍ DHÁRÉAG AGUS AR AN MÉID DEN ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923, A BHAINEAS LEIS AN NÍ SIN. [23adh Bealtaine, 1924.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Beidh liostaí de choisteoirí ar an gclár de thoghthoirí.

1.—(1) Ar an gclár de thoghthóirí atá le hullamhú do réir an Achta Timpeal Toghachán, 1923, i dteanta na nithe a hiarrtar leis an Acht san a thaisbeáint air, taisbeánfar ar an gcuma orduithe, i dtaobh gach éinne go bhfuil a ainm air, ce'ca tá sé cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir speisialta no mar choisteoir ghenerálta no ná fuil, no a bhfuil sé nea-cháilithe chun fónamh mar choisteoir no saor uaidh sin.

[EN]

(2) Gach éinne i ngach aontán clárathachta fé leith ina líomatáiste clárathachta a dheabhruíonn bheith cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir speisialta no mar choisteoir ghenerálta no bheith nea-cháilithe chun fónamh amhlaidh no saor uaidh sin, beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta a ainm sin do chur agus do chomharthú ar an gcuma orduithe ar na liostaí de thoghthóirí atá le hullamhú aige do réir an Achta Timpeal Toghachán, 1923.

[EN]

(3) Gach foráil den Acht Timpeal Toghachán, 1923, a bhaineann le héilithe atá le hiontráil ar an gclár, le hagóidí i gcoinnibh na liostaí de thoghthóirí agus le ceartuithe dhéanamh ar na liostaí de thoghthóirí, bainfe sí (ach amháin sa chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) leis na nithe a hiarrtar leis an Acht so a chur ar an gclár agus ar na liostaí de thoghthóirí fé seach fé mar a bhaineann sí leis na nithe a hiarrtar leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923, a chur ar an gclár agus ar na liostaí de thoghthóirí fé seach.

[EN]

(4) Sna liostaí uile fé leith d'éilitheoirí, de dhaoine gur tugadh fógra go gcuirfí i gcoinnibh iad do chlárú, agus d'éilitheoirí gur tugadh fógra go gcuirfí i gcoinnibh iad do chlárú, liostaí a ullamhóidh oifigeach clárathachta do réir an Achta Timpeal Toghachán, 1923, marcálfar ar an gcuma orduithe na daoine sin, díobh súd 'na bhfuil a n-ainmneacha ar na liostaí sin, a dheabhruíonn bheith cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoirí speisialta no mar choisteoirí generálta no bheith nea-cháilithe chun fónamh amhlaidh no saor uaidh sin.

[EN]

(5) Ní bhainfidh an t-alt so le dáilcheanntar príomh-scoile ná le hoifigeach clárathachta, clár toghthóirí, na liostaí toghthóirí an dáilcheanntair sin.

[EN]

Iontrála ar dubláid do sheachaint.

2.—I gcás duine go bhfuil a ainm iontrálta ar an gclár de thogthóirí mar thoghthóir Dála, Seanaid, no Rialtais Áitiúla in aon aontán clárathachta do bheith cáilthe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir sa chontae riaracháin no sa chontae-bhuirg ina luíonn an t-aontán clárathachta san, is ar an gclár de thoghthóirí don aontán clárathachta roimhráite a hiontrálfar go bhfuil sé cáilithe agus ionghlaoite mar sin chun fónamh mar choisteoir, bíodh gur ar scór tailte, tionóntachán, ionoighreachtaí, no áitreibh eile, seachas iad súd ina luíonn an áit adeirtar sa chlár san a beith mar sheola aige, gurb ea atá sé cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir.

[EN]

Féadfidh mná áirithe saoirse fháil o fhónamh mar choisteoirí.

3.—(1) Gach bean le n-a mbaineann an t-alt so agus atá cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir in aon chontae riaracháin no contae-bhuirg, beidh aici, más mian léi é, teideal chun a hiontrála, ar an gclár de thoghthóirí don líomatáiste clárathachta ina bhfuil an chontae riaracháin no an chontae-bhuirg sin, mar bhean atá saor o fhónamh mar choisteoir agus beidh sí saor o fhónamh amhlaidh faid a bheidh sí iontrálta amhlaidh.

[EN]

(2) Baineann an t-alt so le mná nea-phósta agus le baintreacha, agus fós le mná pósta 'na bhfuil a bhfir cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoirí sa chontae riaracháin no sa chontae-bhuirg chéanna ina bhfuil na mná san féin cáilithe agus ionghlaoite amhlaidh.

[EN]

Nea-cháilíocht dhaoine nách toghthóirí.

4.—I dteanta na ndaoine atá gan cáilíocht anois chun fónamh ar choistí dháréag éinne ná fuil cláruithe mar thoghthóir Dála no mar thoghthóir Rialtais Áitiúla beidh sé gan aon cháilíocht in aon chor chun fónamh ar aon choiste dháréag ná fiosrúchán (lasmuich d'fhiosrúchán a chuirfidh cróinéir ar siúl de bhua a oifige), agus ní cuirfar ainmneacha na ndaoine sin in aon leabhair de choisteoirí ná ar aon liostaí de choisteoirí.

[EN]

Chun Cúirteanna Dúithche a déanfar athchomairc i dtaobh liostaí de choisteoirí.

5.—(1) Ní luífidh aon athchomharc, fé Alt 16 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), i gcoinnibh aon bhreith a thabharfidh an t-oifigeach clárathachta i dtaobh éinní a hiarrtar leis an Acht so a chur ar an gclár, agus in ionad a leithéid sin d'athchomharc, luífidh athchomharc chun na Ghiúistís Dúithche go bhfuil údarás aige sa líomatáiste clárathachta i gcóinnibh aon bhreith a thabharfidh an t-oifigeach clárathachta ar aon cheist dlí no fírinne a bhaineann le héinní a hiarrtar leis an Acht so a chur ar an gclár, agus féadfar an t-athchomharc san do dhéanamh bíodh nár dhin an t-athchomharcach teacht os cóir an oifigigh chlárathachta ná aon éileamh ná agóid do chur chuige.

[EN]

(2) Marar dhin an t-athchomharcach teacht os cóir an oifigigh chlárathachta ná aon éileamh ná agóid do chur chuige, déanfar an t-athchomharc fén alt so roimh an 26adh lá den chéad Abrán tar éis don oifigeach clárathachta a bhreith do thabhairt, agus i ngach cás eile déanfar an t-athchomharc fén alt so laistigh de sheacht lá tar éis don oifigeach clárathachta a bhreith do thabhairt.

[EN]

(3) Ní dhéanfa sé difríocht do cháilíocht ná d'ionghlaoiteacht athchomharcaigh chun fónamh mar choisteoir athchomharc do bheith ar siúl fén alt so, agus go dtí go mbeifar réidh ar fad leis an athchomharc san leanfidh an cháilíocht agus an ionghlaoiteacht roimhráite chó maith is ná déanfí aon athchomharc den tsórt san.

[EN]

(4) San alt so foluíonn an focal “Giúistís Dúithche” Giúistís Roinne do Cheanntar Phóilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath.

[EN]

Ullamhú liostaí generálta de choisteoirí.

6.—(1) An précheapt atá le tabhairt amach ag cléireach na síochána do réir alt 8 den Juries (Ireland) Act, 1871, tabharfar amach agus seachadfar é an 15adh lá de mhí Samhna gach bliana, no roimhe sin, do rúnaí na comhairle contae, do bhaile-chléireach gach contae-bhuirge no buirge eile, agus do chléireach gach comhairle bhaile-cheanntair laistigh dá chontae riaracháin no dá chontae-bhuirg, agus beidh sé i pé fuirm a ordóidh an tAire um Ghnóthai Dúithche o am go ham.

[EN]

(2) Na liostaí generálta de choisteoirí a hullamhófar agus a cuirfar isteach do réir na bprécheapt roimhráite, beid i pé fuirm a hordófar agus déanfar ainmneacha daoine atá cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoirí speisialta do mharcáil no do chomharthú ortha ar an gcuma orduithe, agus déanfar amach iad do gach aontán clárathachta fé leith sa chontae riaracháin no sa chontae-bhuirg, agus riarfar na hainmneacha ar na liostaí sin san ordú in ar gá do réir dlí de thurus na huaire na hainmneacha do riara ar an gclár de thoghthóirí don aontán clárathachta san.

[EN]

An dáta ar a dtiocfidh leabhair na gcoisteoirí in úsáid.

7.—Athghairmtear leis seo an méid d'Altanna 13 agus 14 den Juries (Ireland) Act, 1871, le n-a bhforáltar go ndéanfidh cléireach na síochána, an 1adh lá d'Eanair gach bliana, no roimhe sin, leabhar na gcoisteoirí generálta agus leabhar na gcoisteoirí speisialta a luaidhtear san alt san do sheachada do shirriam na contae, agus go gcuirfar na leabhair sin in úsáid an chéad lá den chéad théarma Hiláire tar éis a seachadtha amhlaidh, agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndéanfidh cléireach na síochána an leabhar san na gcoisteoirí generálta agus an leabhar san na gcoisteoirí speisialta do sheachada d'fho-shirriam na contae no na contae-bhuirge an 15adh lá d'Iúl gach bliana, no roimhe sin, agus cuirfar na leabhair sin in úsáid an chéad lá den chéad théarma Mhichíl tar éis a seachadtha amhlaidh.

[EN]

Costaisí feidhmiú an Achta.

8.—(1) I gcás contae riaracháin déanfidh comhairle na contae sin costaisí feidhmiú an Achta so d'íoc amach as an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán, agus i gcás contae-bhuirge, íocfidh comhairle na contae-bhuirge sin iad amach as an ráta no as an gciste go n-íoctar costaisí generálta na comhairle amach as, no amach as aon ráta no ciste eile a cheadóidh an tAire um Rialtas Áitiúil tar éis iarratas d'fháil ón gcomhairle.

[EN]

(2) Aon rúnaí no cléireach comhairle contae no contae-bhuirge cléireach comhairle bhaile-cheanntair, no ráta-bhailitheoir no duine ag gníomhú mar ráta-bhailitheoir, a ceapadh tar éis an 15adh lá de Mhí na Samhna, 1923, ní bhfuighe sé aon táille ná luach saothair eile ná aon chostaisí ar scór dualgaisí a dhéanfa sé i bhfeidhmiú na Juries (Ireland) Acts, 1871 to 1894, fé mar a leasuítear leis an Acht so iad.

[EN]

Leasú ar Alt 12 den Acht Timpeal Toghachán 1923.

9.—(1) Athghairmtear leis so fo-alt (5) d'Alt 12 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), agus ina ionad san achtuítear go n-íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le comhairle gach contae no contae-bhuirge agus mar chabhair don chiste no don ráta 'na n-íocfidh an chomhairle sin aon chostaisí clárathachta amach as do réir an Achta san, na coda so a leanas de sna costaisí clárathachta a híocfar amhlaidh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ceathrú den méid d'íoc an chomhairle leis an oifigeach clárathachta ar scór dualgaisí a chó-líon éinne de sna hoifigigh seo síos a ceapadh no a ceapfar tar éis an 15adh lá de Mhí na Samhna, 1923, sé sin le rá, i gcás contae riaracháin, rúnaí comhairle na contae no cléireach comhairle aon bhaile-cheanntair laistigh den chontae, agus, i gcás contaebhuirge, rúnaí no cléireach comhairle na contae-bhuirge agus

[EN]

(b) trian an mhéide d'íoc an chomhairle leis an oifigeach claráthachta ar scór dualgaisí a chó-líon ráta-bhailitheoirí a ceapadh no a ceapfar tar éis an 15adh lá de Mhí na Samhna, 1923; agus

[EN]

(c) leath gach costais clárathachta eile d'íoc an chomhairle roimhráite.

[EN]

(2) Athghairmtear leis so an méid d'fho-alt (7) d'Alt 12 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), le n-a n-achtuítear go ndéanfar leath de chostas na clódóireachta a luaidhtear sa bhfo-alt san d'íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus go ndéanfidh an chomhairle a luaidhtear sa bhfo-alt san an leath eile dhe d'íoc, agus ina ionad san achtuítear leis seo gur trí sheachtú de chostas na clódóireachta a luaidhtear sa bhfo-alt san a híocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, agus gur ceithre sheachtú de sna costaisí sin a íocfidh an chomhairle ar a mbeidh íoc na gcostaisí clárathachta gur cuid díobh costas na clódóireachta san.

[EN]

Orduithe i gcás deacrachta agus práinne.

10.—(1) Má eiríonn aon deacracht i bhfeidhmiú an Achta so i rith na bliana 1924, féadfidh an tAire um Rialtas Áitiúil, le hOrdú, éinní no aon rud a dhéanamh a chífar do is gá a dhéanamh chun an tAcht so d'fheidhmiú sa cheart i rith na bliana san.

[EN]

(2) Bainfidh fo-alt (2) d'Alt 62 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), le hullamhú clár na dtoghthóirí, maidir le nithe a hiarrtar leis an Acht so a chur ar an gclár san, ar an gcuma gcéanna ina mbaineann an fo-alt san le hullamhú an chláir sin fén Acht san.

[EN]

Oiriúnú achtachán.

11.—Féadfidh an Ard-Chomhairle, le hOrdú, oiriúnuithe do dhéanamh ar fhorálacha aon Achta (maraon le haon Acht áitiúil agus le haon Acht chun Ordú Sealadach do dhaingniú), pé oiriúnuithe a chífar dóibh bheith riachtanach chun na forálacha san do chur i gcó-réir le forálacha an Achta so, agus aon Ordú a déanfar amhlaidh oibreoidh fé mar a hachtófaí san Acht so é.

[EN]

Míniú.

12.—Gach focal a húsáidtear san Acht so, i dtaobh clárú, toghthóirí, no toghachán, agus a húsáidtear, leis, san Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), beidh leis an brí céanna atá leis an bhfocal san san Acht Timpeal Toghachán, 1923, mara mínítear ar a mhalairt de shlí san Acht so é.

[EN]

Athghairmeanna.

13.—Dintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm oiread is deirtear sa triú colún den Sceideal san.

[EN]

Gearr-theideal, léiriu, agus tosach feidhme.

14.—(1) Féadfar Acht na gCoistí Dháréag (Leasú), 1924, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na Juries (Ireland) Acts, 1871 to 1894, agus féadfar Achtanna na gCoistí Dháréag, 1871 go 1924, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

[EN]

(3) Tuigfar an tAcht so do theacht i bhfeidhm an 15adh lá de Mhí na Samhna, 1923, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus ón lá san amach.

[EN]

SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Siosón agus Caibideal.

Gearr-Theideal.

Méid na hAthghairme.

34 & 35 Vic. c. 65

Juries (Ireland) Act, 1871.

Oiread d'Altanna 8 agus 9 agus tá bunoscionn le hAlt 6 den Acht so; Alt 12.

39 & 40 Vic. c. 21.

Jurors Qualification (Ireland) Act, 1876.

Oiread d'Altanna 4 agus 5 agus tá bunoscionn le hAlt 6 den Acht so:

Sceideal 3.

[GA]

harp.jpg


Number 18 of 1924.


[GA]

JURIES (AMENDMENT) ACT, 1924.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Register of electors to include lists of jurors.

2.

Avoidance of duplicate entries.

3.

Certain women may be exempted from serving as jurors.

4.

Disqualification of persons who are not electors.

5.

Appeals in relation to jurors lists to be to District Courts.

6.

Preparation of general lists of jurors.

7.

Date on which jurors books come into use.

8.

Expenses of execution of Act.

9.

Amendment of Section 12 of Electoral Act, 1923.

10.

Difficulty and emergency orders.

11.

Adaptation of enactments.

12.

Interpretation.

13.

Repeals.

14.

Short title, construction, and commencement.

SCHEDULE


Act Referred to

Electoral Act, 1923

No. 12 of 1923

harp.jpg


Number 18 of 1924.


JURIES (AMENDMENT) ACT, 1924.


AN ACT TO AMEND THE LAW RELATING TO JURIES AND IN CONNECTION THEREWITH TO AMEND THE ELECTORAL ACT, 1923. [23rd May, 1924.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTAT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Register of electors to include lists of jurors.

1.—(1) The register of electors to be prepared pursuant to the Electoral Act, 1923, shall, in addition to the matters required by that Act to be shown therein, show in the prescribed manner in respect of each person whose name appears therein whether he is or is not qualified and liable to serve as a special juror or as a general juror or is disqualified or exempted from serving as a juror.

[GA]

(2) It shall be the duty of the registration officer to include and identify in the prescribed manner in the electors lists to be prepared by him pursuant to the Electoral Act, 1923, the names of all persons in each registration unit in his registration area appearing to be qualified and liable to serve as special jurors or general jurors or to be disqualified or exempted from so serving.

[GA]

(3) All the provisions of the Electoral Act, 1923, in relation to claims to be entered in the register, objections to the electors lists and corrections of the electors lists shall (save as otherwise provided by this Act) apply to the matters required by this Act to be included in the register and in the electors lists respectively in like manner as those provisions apply to the matters required by the Electoral Act, 1923, to be included in the register and electors lists respectively.

[GA]

(4) The several lists of claimants, of persons to whose registration notice of objection has been given, and of claimants to whose registration notice of objection has been given, prepared by a registration officer pursuant to the Electoral Act, 1923, shall distinguish in the prescribed manner which of the persons whose names are included in such lists appear to be qualified and liable to serve as special jurors or as general jurors or to be disqualified or exempted from so serving.

[GA]

(5) This section shall not apply to a university constituency or to the registration officer, register of electors, or electors lists for such constituency.

[GA]

Avoidance of duplicate entries.

2.—Where a person whose name is entered in the register of electors as a Dáil, Seanad, or Local Government elector in any registration unit is qualified and liable to serve as a juror in the administrative county or county borough in which such registration unit is situate, the entry of his said qualification and liability to serve as a juror shall be made in the register of electors for the registration unit aforesaid, notwithstanding that his qualification and liability to serve as a juror may be in respect of other lands, tenements, hereditaments, or premises than those at which his address as stated in the said register is situate.

[GA]

Certain women may be exempted from serving as jurors.

3.—(1) Every woman to whom this section applies who is qualified and liable to serve as a juror in any administrative county or county borough shall be entitled, if she so desires, to be entered in the register of electors for the registration area comprising such administrative county or county borough as exempt from serving as a juror and while so entered shall be exempted from so serving.

[GA]

(2) This section applies to unmarried women and to widows, and also to married women whose husbands are qualified and liable to serve as jurors in the same administrative county or county borough as that in which such women are themselves so qualified and liable.

[GA]

Disqualification of persons who are not electors.

4.—In addition to the persons now disqualified for serving on juries, any person who is not registered as a Dáil or Local Government elector shall be absolutely disqualified from serving on any jury or inquest (other than an inquest held by a coroner by virtue of his office), and the names of such persons shall not be inserted in any jurors books or jurors lists.

[GA]

Appeals in relation to jurors lists to be to District Courts.

5.—(1) No appeal shall lie under Section 16 of the Electoral Act, 1923 (No. 12 of 1923), from any decision of the registration officer in relation to any matter required by this Act to be included in the register, and in lieu of such appeal, an appeal shall lie to the District Justice having jurisdiction in the registration area from any decision of the registration officer on any question of law or fact in relation to any matter required by this Act to be included in the register, and such appeal may be brought although the appellant did not appear before, or send any claim or objection to, the registration officer.

[GA]

(2) Where the appellant did not appear before, or send any claim or objection to, the registration officer, the appeal under this section shall be brought before the 26th day of April next after the decision of the registration officer is given, and in every other case the appeal under this section shall be brought within seven days after the decision of the registration officer is given.

[GA]

(3) The qualification and liability of an appellant to serve as a juror shall not be affected by the fact that an appeal is pending under this section, and until such appeal is finally disposed of the qualification and liability aforesaid shall continue as if no such appeal had been brought.

[GA]

(4) In this section the expression “District Justice” includes a Divisional Justice of the Police District of Dublin Metropolis.

[GA]

Preparation of general lists of jurors.

6.—(1) The precept to be issued by the clerk of the peace pursuant to Section 8 of the Juries (Ireland) Act, 1871, shall be issued and delivered on or before the 15th day of November in every year to the secretary of the county council, the town clerk of every county or other borough, and the clerk of every urban district council within his administrative county or county borough, and shall be in such form as shall from time to time be prescribed by the Minister for Home Affairs.

[GA]

(2) The general lists of jurors to be prepared and returned pursuant to the precepts aforesaid shall be in such form as shall be prescribed, and shall mark or distinguish in the prescribed manner the names of persons qualified and liable to serve as special jurors, and shall be made out for each registration unit in the administrative county or county borough, and the names in such lists shall be arranged in the like order as the names on the register of electors for that registration unit are for the time being required by law to be arranged.

[GA]

Date on which jurors books come into use.

7.—So much of Sections 13 and 14 of the Juries (Ireland) Act, 1871, as provides that the clerk of the peace shall, on or before the 1st day of January in every year, deliver the general jurors book and special jurors book mentioned in that section to the sheriff of the county, and that the said books shall be brought into use on the first day of Hilary term next after they shall have been so delivered, is hereby repealed, and in lieu thereof it is hereby enacted that the clerk of the peace shall deliver the said general jurors book and special jurors book to the under-sheriff of the county or county borough on or before the 15th day of July in every year, and the said books shall be brought into use on the first day of Michaelmas term next after they shall have been so delivered.

[GA]

Expenses of execution of Act.

8.—(1) The expenses of the execution of this Act shall be paid, in the case of an administrative county, by the council of that county out of the poor-rate as a county-at-large charge, and in the case of a county borough, by the council of that county borough out of the rate or fund out of which the general expenses of the council are paid, or out of any other rate or fund which the Minister for Local Government may, on the application of the council, approve.

[GA]

(2) No secretary οr clerk of the council of a county or county borough, clerk of an urban district council, or rate-collector or person acting as rate-collector appointed after the 15th day of November, 1923, shall receive any fees or other remuneration or any expenses in respect of duties performed by him in execution of the Juries (Ireland) Acts, 1871 to 1894, as amended by this Act.

[GA]

Amendment of Section 12 of Electoral Act, 1923.

9.—(1) Sub-section (5) of Section 12 of the Electoral Act, 1923 (No. 12 of 1923), is hereby repealed, and in lieu thereof it is enacted that there shall be paid out of moneys provided by the Oireachtas to the council of every county or county borough in aid of the fund or rate out of which any registration expenses are paid by that council in accordance with the said Act, the following proportions of the registration expenses so paid, that is to say—

[GA]

(a) one-fourth of the amount paid by the council to the registration officer in respect of duties performed by any of the following officers who has or shall have been appointed after the 15th day of November, 1923, that is to say, in the case of an administrative county, the secretary of the council of the county or the clerk of the council of any urban district within the county, and, in the case of a county borough, the secretary or clerk of the council of the county borough, and

[GA]

(b) one-third of the amount paid by the council to the registration officer in respect of duties performed by rate-collectors appointed after the 15th day of November, 1923, and

[GA]

(c) one-half of all other registration expenses paid by the council aforesaid.

[GA]

(2) So much of Sub-section (7) of Section 12 of the Electoral Act, 1923 (No. 12 of 1923), as enacts that one-half of the cost of the printing mentioned in the said sub-section shall be paid out of moneys provided by the Oireachtas, and the other half thereof shall be paid by the council mentioned in the said sub-section, is hereby repealed, and in lieu thereof it is hereby enacted that three-sevenths of the cost of the printing mentioned in the said sub-section shall be paid out of moneys provided by the Oireachtas, and four-sevenths of the said costs shall be paid by the council by which the registration expenses of which such printing forms part are payable.

[GA]

Difficulty and emergency orders.

10.—(1) If any difficulty shall arise in the execution of this Act during the year 1924 the Minister for Local Government may by Order do any matter or thing which appears to him to be necessary for the proper execution of this Act during that year.

[GA]

(2) Sub-section (2) of Section 62 of the Electoral Act, 1923 (No. 12 of 1923), shall apply to the preparation of the register of electors in relation to the matters required by this Act to be included in such register in like manner as the said sub-section applies to the preparation of such register under that Act.

[GA]

Adaptation of enactments.

11.—The Executive Council may, by Order, make such adaptations in the provisions of any Act (including any local Act and any Act to confirm a Provisional Order), as may seem to them necessary to make those provisions conform with the provisions of this Act, and any Order so made shall operate as if enacted in this Act.

[GA]

Interpretation.

12.—Every expression relating to registration, electors, or elections used in this Act which is also used in the Electoral Act, 1923 (No. 12 of 1923), shall, if not otherwise defined in this Act, have the same meaning as such expression has in the Electoral Act, 1923.

[GA]

Repeals.

13.—The enactments mentioned in the Schedule to this Act are hereby repealed to the extent specified in the third column of that Schedule.

[GA]

Short title, construction, and commencement.

14.—(1) This Act may be cited as the Juries (Amendment) Act, 1924.

[GA]

(2) This Act shall be construed as one with the Juries (Ireland) Acts, 1871 to 1894, and those Acts and this Act may be cited together as the Juries Acts, 1871 to 1924.

[GA]

(3) This Act shall be deemed to have come into force on and shall take effect as on and from the 15th day of November, 1923.

[GA][GA]

SCHEDULE.

Enactments Repealed.

Session and Chapter.

Short Title.

Extent of Repeal.

34 & 35 Vic. ch. 65.

Juries (Ireland) Act, 1871.

So much of Sections 8 and 9 as is inconsistent with Section 6 of this Act; Section 12.

39 & 40 Vic. ch. 21.

Jurors Qualification (Ireland) Act, 1876.

So much of Sections 4 and 5 as is inconsistent with Section 6 of this Act; Schedule 3.