As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 18 de 1932.
ACHT NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1932.
[2adh Lúnasa, 1932.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “Acht 1908” an Old Age Pensions Act, 1908;
cialluíonn an abairt “Acht 1911” an Old Age Pensions Act, 1911;
cialluíonn an abairt “Acht 1919” an Old Age Pensions Act, 1919;
cialluíonn an abairt “Acht 1924” Acht na bPinsean Scan-Aoise, 1924 (Uimh. 19 de 1924).
Coinníoll reachtúil nua do chur in ionad seana-choinníll.
2.—(1) In ionad an dara coinníll reachtúla atá i mír (2) (a hathghairmtear leis an Acht so) d'alt 2 d'Acht 1908, achtuítear leis seo go mbeidh sé ina choinníoll chun éinne d'fháil pinsin tsean-aoise a bheith ar an duine sin a chur ina luighe ar na húdaráis phinsin go bhfuil sé tar éis bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh tréimhse iomláine nách giorra ná triocha bliain, agus gur tar éis do aois chaogad blian do shlánú do caitheadh sé bliana ar a laighead den tréimhse sin i gcás saoránaigh de Shaorstát Éireann no sé bliana déag ar a laighead den tréimhse sin i gcás éinne eile.
(2) Chun críche an choinníll reachtúla forchuirtear de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so tuigfear gur saoránach de Shaorstát Éireann bean a phós eachtrannach dá mba saoránach de Shaorstát Éireann í dá mbeadh sí gan pósadh amhlaidh.
(3) Chun tréimhse chomhnaithe aon duine i Saorstát Éireann do dhéanamh amach chun críche an choinníll reachtúla forchuirtear de bhuadh an chéad fho-ailt den alt so, déanfar aon fhaid do bhí sé as láthair go sealadach o Shaorstát Éireann agus nách sia ná sé mí i rith na tréimhse sin, aon chomhnaí do bhí air i Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí i rith na tréimhse sin agus roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag. 1922, agus aon fhaid do bhí sé as láthair o Shaorstát Éireann i rith na tréimhse sin agus go ndearna sé le n-a linn aon mhuirear i Saorstát Éireann do chothú no congnamh do thabhairt chuige sin, déanfar iad san d'áireamh sa tréimhse sin agus beid ina gcuid di.
Acfuinn fhir chéile no bhain-chéile do dhéanamh amach.
3.—In ionad forálacha (a hathghairmtear leis an Acht so) fo-ailt (2) d'alt 2 d'Acht 1911 mar a leasuítear é le fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1919 achtuítear leis seo nuair a beifear ag déanamh amach acfuinne duine is duine de lánúin atá in aon-tigheas go mbeidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) tuigfear gurbh é is acfuinn an duine sin ann ná leath acfuinne iomláine na lánúna san;
(b) tuigfear an duine sin do bheith i dteideal leath na maoine go léir chun a bhfuil teideal ag an duine sin, no ag an duine eile den lánúin sin no chun a bhfuil teideal ag an duine sin agus ag an duine eile sin le chéile:
(c) má éagann duine de lánúin ní déanfar éinní do háirmhíodh no a háirmheofaí (dá mbeadh an duine éagtha san i dteideal pinsin tsean-aoise d'fháil) mar acfuinn leis an duine éagtha san chun crícheanna Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1928, d'áireamh mar acfuinn leis an duine beo den lánúin sin chun pinsin an duine bheo san do laigheadú má rinneadh aon íocaíocht alos an phinsin sin d'íoc roimh bhás an duine éagtha san no má thagann sí chun bheith iníoctha alos tréimhse go raibh a hiomlán no cuid di roimh an mbás san.
Alt 5 d'Acht 1911 do leasú.
4.—Leasuítear leis seo alt 5 d'Acht 1911 tré sna focail “Saorstát Éireann” do chur in ionad na bhfocal “United Kingdom” i mír (a) den alt san agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Alt 4 (1) (a) d'Acht 1919 do chur i mbaint.
5.—Bainfidh clás (a) d'fho-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1919 le gach cás le n-a mbainfeadh alt 5 (a hathghairmtear leis an Acht so) d'Acht 1924 dá mba ná hathghairmfí amhlaidh é.
Finsin do dhaill os cionn 30 blian.
6.—In ionad ailt 1 (a hathghairmtear leis an Acht so) den Blind Persons Act, 1920, achtuítear leis seo go mbeidh gach dall go bhfuil aois triochad blian slán aige i dteideal pinsin d'fháil agus leanúint d'é d'fháil. pé pinsean a bheadh sé i dteideal fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1928, mar a leasuítear leis an Acht so iad, d'fháil dá mbeadh aois seachtó blian slán aige, agus bainfidh forálacha na nAchtanna so mar a leasuítear amhlaidh iad (agus na forálacha maidir le costaisí d'áireamh ach gan na forálacha d'fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1908 a bhaineann le clárathóirí beireataisí agus básanna do thabhairt fógraí uatha d'áireamh) bainfid ar gach slí leis na daoine sin fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) in ionad an chéad choinníll reachtúla atá in alt 2 d'Acht 1908 cuirfear an coinníoll go gcaithfidh an duine bheith ina dhuine go bhfuil aois triochad blian slán aige agus a chuireann ina luighe ar na húdaráis phinsin go bhfuil sé chó dall san nách féidir leis aon obair do dhéanamh 'na bhfuil amharc na súl riachtanach le n-a haghaidh no nách féidir leis leanúint dá ghnáthshlí bheatha; agus
(b) má bhíonn na húdaráis phinsin sásta gurbh fhéidir le duine fostuíocht no slí bheatha go luach saothair d'fháil no do bheith ar siúl aige do bheadh feiliúnach dá shláinte agus dá staid sa tsaol, ansan, an luach saothair go bhféadfaí, dar leis na húdaráis phinsin, bheith ag súil go réasúnta é do bheith le fáil ag an duine sin as an bhfostuíocht no as an slí bheatha san ach í sin d'fháil no do bheith ar súil aige, déanfar é do chur san áireamh chun acfuinne an duine sin do dhéanamh amach; agus
(c) in ionad an choinníll reachtúla a chuireann an tAcht so in ionad an dara coinníll reachtúla atá san alt san 2 cuirfear an coinníoll go mbeidh ar an duine a chur ina luighe ar na húdaráis phinsin go bhfuil sé, o shlánuigh sé ocht mbliana déag d'aois, tar éis bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh tréimhse iomláine de shé bliana, más saoránach de Shaorstát Éireann é, agus ar feadh tréimhse iomláine de shé bliana déag, maran saoránach den tsaghas san é, agus na forálacha den Acht so, maidir leis an gcoinníoll reachtúil sin do céad-luadhadh do léiriú bainfid le léiriú an choinníll a forchuirtear leis an mír seo.
Cosaint do phinsin atá a n-íoc cheana.
7.—Aon duine le n-ar híocadh íocaíocht ar bith alos pinsin tsean-aoise roimh thosach feidhme an Achta so ní bainfear an pinsean san de ná ní déanfar aon laigheadú ar an bpinsean san de bhíthin éinní atá san Acht so más rud é ná beadh sé i mbaol an pinsean san do bhaint de ná do laigheadú air (do réir mar bheidh) dá mba ná rithfí an tAcht so.
Is údarás áitiúil chun crícheanna áirithe coiste no fo-choiste pinsean.
8.—Beidh gach coiste pinsean áitiúil agus gach fo-choiste cheapfaidh coiste pinsean áitiúil fé alt 8 d'Acht 1908 ina údarás áitiúil chun críche ailt 15 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923), agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Athghairm.
9.—Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
Gearr-theideal, léiriú, luadh agus tosach feidhme.
10.—(1) Féadfar Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932, do ghairm den Acht so.
(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin le hAchtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1928, agus féadfar Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1932, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.
(3) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá socrófar chuige sin le hordú a dhéanfaidh an tAire Airgid tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.
SCEIDEAL.
ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.
Siosón agus caibideal no uimhir agus bliain. | Gearr-theideal. | Méid na hathghairme. |
8 Edw. VII., c. 40. | Old Age Pensions Act, 1908. | Mir (2) d'alt 2; mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 3. |
1 & 2 Geo. V., c. 16. | Old Age Pensions Act, 1911. | Mir (d) d'fho-alt (1) agus fo-alt (2) d'alt 2; alt 3. |
9 & 10 Geo. V., c. 102. | Old Age Pensions Act, 1919. | Alt 2; fo-alt (1) d'alt 3; fo-alt (2) d'alt 4. |
10 & 11 Geo. V., c. 49. | Blind Persons Act, 1920. | Alt 1. |
Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924. | Ailt 5 agus 7. |
Number 18 of 1932.
OLD AGE PENSIONS ACT, 1932.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Pensions committee or sub-committee a local authority for certain purposes. | |
Acts Referred to | |
No. 19 of 1924 | |
No. 9 of 1923 |
Number 18 of 1932.
OLD AGE PENSIONS ACT, 1932.
Definitions.
1.—In this Act—
the expression “the Act of 1908” means the Old Age Pensions Act, 1908;
the expression “the Act of 1911” means the Old Age Pensions Act, 1911;
the expression “the Act of 1919” means the Old Age Pensions Act, 1919;
the expression “the Act of 1924” means the Old Age Pensions Act, 1924 (No. 19 of 1924).
Substitution of new statutory condition.
2.—(1) In lieu of the second statutory condition contained in paragraph (2) (repealed by this Act) of section 2 of the Act of 1908 it is hereby enacted that it shall be a condition for the receipt of an old age pension by any person that he shall satisfy the pension authorities that he has had his residence in Saorstát Eireann for an aggregate period of not less than thirty years, and that in the case of a citizen of Saorstát Eireann not less than six years, or in the case of any other person not less than sixteen years of that period were subsequent to his attaining the age of fifty years.
(2) For the purpose of the statutory condition imposed by virtue of the foregoing sub-section of this section a woman who has married an alien shall be deemed to be a citizen of Saorstát Eireann if she would have been a citizen of Saorstát Eireann if she had not so married.
(3) In computing for the purpose of the statutory condition imposed by virtue of the first sub-section of this section the period of residence of any person in Saorstát Eireann, any temporary absence from Saorstát Eireann not exceeding six months in such period, any residence in the late United Kingdom of Great Britain and Ireland in such period before the 6th day of December, 1922, and any absence from Saorstát Eireann in such period during which such person has maintained or assisted in maintaining any dependant in Saorstát Eireann, shall be reckoned in and form part of such period.
Calculation of means of husband or wife.
3.—In lieu of the provisions (repealed by this Act) of sub-section (2) of section 2 of the Act of 1911 as amended by sub-section (2) of section 4 of the Act of 1919 it is hereby enacted that in calculating the means of a person who is one of a married couple living together in the same house the following provisions shall have effect, that is to say:—
(a) the means of such person shall be taken to be one-half of the total means of such married couple;
(b) such person shall be deemed to be entitled to one-half of all property to which he or the other member of such married couple is entitled or to which he and such other member are jointly entitled;
(c) where one member of a married couple dies, nothing which was reckoned or would (if such deceased member had been entitled to receive an old age pension) have been reckoned as means of such deceased member for the purposes of the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1928, shall be reckoned as means of the surviving member of such married couple for the purpose of reducing the pension of such surviving member if any payment in respect of such pension was made before the death of such deceased member or becomes payable in respect of a period previous or partly previous to such death.
Amendment of section 5 of the Act of 1911.
4.—Section 5 of the Act of 1911 is hereby amended by the substitution of the words “Saorstát Eireann” for the words “United Kingdom” in paragraph (a) of that section and the said section shall be construed and have effect accordingly.
Application of Section 4 (1) (a) of the Act of 1919.
5.—Clause (a) of sub-section (1) of section 4 of the Act of 1919 shall apply to every case to which section 5 (repealed by this Act) of the Act of 1924 would have applied if it had not been so repealed.
Pensions for blind persons over 30.
6.—In lieu of section 1 (repealed by this Act) of the Blind Persons Act, 1920, it is hereby enacted that every blind person who has attained the age of thirty years shall be entitled to receive and to continue to receive such pension as, under the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1928, as amended by this Act, he would be entitled to receive if he had attained the age of seventy years, and the provisions of those Acts as so amended (including the provisions as to expenses but excluding the provisions of sub-section (2) of section 10 of the Act of 1908 relating to the giving of notices by registrars of births and deaths) shall apply in all respects to such persons subject to the following modifications, that is to say:—
(a) for the first statutory condition contained in section 2 of the Act of 1908 there shall be substituted the condition that the person must be a person who has attained the age of thirty years, and satisfies the pension authorities that he is so blind that either he cannot perform any work for which eyesight is essential or that he cannot continue his ordinary occupation; and
(b) where the pension authorities are satisfied that a person could obtain or carry on remunerative employment or occupation suited to his physical condition and status in life, the remuneration which, in the opinion of the pension authorities, such person might reasonably be expected to derive from such employment or occupation, if he obtained or carried on the same, shall be taken into consideration in computing the means of such person; and
(c) for the statutory condition substituted by this Act for the second statutory condition contained in the said section 2 there shall be substituted the condition that the person shall satisfy the pension authorities that, since reaching the age of eighteen years, he has had his residence in Saorstát Eireann, if he is a citizen of Saorstát Eireann, for an aggregate period of six years and, if he is not such a citizen, for an aggregate period of sixteen years, and the provisions of this Act in relation to the interpretation of the said first-mentioned statutory condition shall apply to the interpretation of the condition imposed by this paragraph.
Saving for existing pensions.
7.—No person to whom any payment was made before the commencement of this Act in respect of an old age pension shall be deprived of such pension or suffer any reduction of such pension by reason of anything contained in this Act if he would not have been liable to suffer such deprivation or reduction (as the case may be) if this Act had not been passed.
Pensions committee or sub-committee a local authority for certain purposes.
8.—Every local pensions committee, and every sub-committee appointed by a local, pensions committee under section 8 of the Act of 1908, shall be a local authority for the purpose of section 15 of the Local Government (Temporary Provisions) Act, 1923 (No. 9 of 1923), and that section shall be construed and have effect accordingly.
Repeals.
9.—The enactments mentioned in the Schedule to this Act are hereby repealed to the extent mentioned in the third column of the said Schedule.
Short title, construction, citation and commencement.
10.—(1) This Act may be cited as the Old Age Pensions Act, 1932.
(2) This Act shall be construed as one with the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1928, and those Acts and this Act may be cited together as the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1932.
(3) This Act shall come into operation on such day as shall be fixed for that purpose by an order of the Minister for Finance made after consultation with the Minister for Local Government and Public Health.
SCHEDULE.
Enactments Repealed.
Session and chapter or number and year. | Short Title. | Extent of Repeal. |
8 Edw, VII. c. 40. | Old Age Pensions Act, 1908. | Paragraph (2) of section 2; paragraph (a) of sub-section (1) of section 3. |
1 & 2 Geo. V. c. 16. | Old Age Pensions Act, 1911. | Paragraph (d) of sub-section (1), and sub-section (2) of section 2; section 3. |
9 & 10 Geo. V. c. 102. | Old Age Pensions Act, 1919. | Section 2; sub-section (1) of section 3; sub-section (2) of section 4. |
10 & 11 Geo. V. c. 49. | Blind Persons Act, 1920. | Section 1. |
No. 19 of 1924. | Sections 5 and 7. |