As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 21 de 1932.


[EN]

ACHT CHUN DÉANTÚISÍ DO RIALÚ, 1932.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN NA SLÍ INA gCOIMEÁDFAR DÉANTÚISÍ AR SIÚL I SAORSTÁT ÉIREANN DO RIALÚ. [29adh Deireadh Fómhair, 1932.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so;

[EN]

cialluíonn an abairt “cólucht corpruithe” cólucht corpruithe a bunuíodh roimh an Acht so do rith no a bunófar dá éis sin pe'ca laistigh no lasmuich de Shaorstát Éireann a bunuíodh no a bunófar é;

[EN]

léireofar an focal “scaireanna” mar fhocal a fholuíonn stoc ach ná foluíonn debentiúirí ná stoc debentiúra;

[EN]

foluionn an abairt “earra do chur in oiriúint chun a díolta” an carra san do phacáil, do chur i mbuidéil no duillíní do chur uirthe chun a díolta, ach ní fholuíonn sí mion-díoltóir do phacáil earra, do chur earra i mbuidéil ná do chur duillíní ar earra a bheidh sé ar aigne a dhíol ina mion-choda.

[EN]

(2) Chun crícheanna an Achta so is náisiúnach de Shaorstát Éireann gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) duine do rugadh i Saorstát Éireann no sa líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é;

[EN]

(b) duine bheidh ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann le linn an ama bhaineann leis an gcás agus a bheidh tar éis bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh cúig mblian ar a laighead as a chéile díreach roimh an am san.

[EN]

Srian le déantúisí do choimeád ar siúl.

2.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith go mbeidh gnó i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as ar siúl aige aon obair acu so leanas do dhéanamh i gcúrsaí an ghnótha san no mar chuid den ghnó san. sé sin le rá, earra, abhar no substaint ar bith no aon chuid d'earra, d'abhar no de shubstaint ar bith do dhéanamh, d'atharú, do dheisiú, d'órnáidiú, do chríochnú, no do chur in oiriúint chun a dhíolta, maran rud é—

[EN]

(a) go mbeidh an gnó san, le linn na hoibre sin do dhéanamh, ar únaeracht chun tairbhe ag duine is náisiúnach de Shaorstát Éireann le linn an ama san; no

[EN]

(b) go mbeidh an gnó san, le linn na hoibre sin do dhéanamh, ar únaeracht ag beirt daoine no níos mó agus go mbeidh níos mó ná leath an chaipitail a bheidh suncálta sa ghnó san le linn an ama san ar únaeracht chun tairbhe ag duine is náisiúnach de Shaorstát Éireann le linn an ama san no ag beirt daoine no níos mó gur náisiúnach de Shaorstát Éireann gach duine fé leith acu le linn an ama san; no

[EN]

(c) go mbeidh an gnó san, le linn na hoibre sin do dhéanamh, ar únaeracht ag cólucht corpruithe go mbeidh an uair sin níos mó ná leath (in ainm-luach) de sna scaireanna leis a bheidh tugtha amach ar únaeracht chun tairbhe ag duine bheidh, le linn an ama san, no ag beirt daoine no níos mó go mbeidh gach duine fé leith acu, le linn an ama san, ina náisiúnach de Shaorstát Éireann no ina chólucht chorpruithe go mbeidh an uair sin níos mó ná leath (in ainm-luach) de sna scaireanna leis a bheidh tugtha amach ar únaeracht chun tairbhe ag daoine is náisiúnaigh de Shaorstát Éireann; no

[EN]

(d) go raibh an gnó san ar siúl i Saorstát Éireann an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus go mbeidh an gnó san, le linn na hoibre sin do dhéanamh, ar únaeracht ag an gcólucht chorpruithe ag á raibh sé ar únaeracht an 1adh lá san de Mheitheamh, 1932, agus dá mba ar an 1adh lá san de Mheitheamh, 1932, no laistigh den mhí díreach roimh an dáta san, a déanfaí an obair sin, gur i ngnáthchúrsaí an ghnótha san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann a déanfaí í no go mbeadh a déanamh ina chuid den ghnó san no ina leathnú réasúnta ar an ngnó san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann; no

[EN]

(e) go raibh an gnó san ar siúl i Saorstát Éireann an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus go mbeidh an gnó san, le linn na hoibre sin do dhéanamh, ar únaeracht chun tairbhe ag an duine ag á raibh, no ag gach duine no ag cuid no ag duine amháin de sna daoine ag á raibh, sé ar únaereacht chun tairbhe an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus dá mba ar an 1adh lá san de Mheitheamh, 1932, no laistigh den mhí díreach roimh an dáta san, a déanfaí an obair sin, gur i ngnáthchúrsaí an ghnótha san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann a déanfaí í no go mbeadh a déanamh ina chuid den ghnó san no ina leathnú réasúnta ar an ngnó san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann; no

[EN]

(f) go raibh an gnó san ar siúl i Saorstát Éireann an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus go mbeidh an gnó san, le linn na hoibre sin do dhéanamh, ar únaeracht ag cólucht corpruithe go mbeidh níos mó ná leath (in ainm-luach) de sna scaireanna leis a bheidh tugtha amach ar únaeracht chun tairbhe ag an duine no ag na daoine ag á raibh an gnó ar únaeracht chun tairbhe an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, agus dá mba ar an 1adh lá san de Mheitheamh, 1932, no laistigh den mhí díreach roimh an dáta san, a déanfaí an obair sin, gur i ngnáth-chúrsaí an ghnótha san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann a déanfaí í no go mbeadh a déanamh ina chuid den ghnó san no ina leathnú réasúnta ar an ngnó san mar a bhí sé ar siúl an uair sin i Saorstát Éireann; no

[EN]

(g) gur sealbhóir ar cheadúnas déantóireachta nua an duine sin agus gur fén gceadúnas san a déanfar an obair sin; no

[EN]

(h) go mbeidh an gnó san ar siúl i gcomharbas dhíreach do ghnó dhuine mhairbh do bheadh, dá mba díreach roimh a bhás a déanfaí an obair sin, i dteideal do réir dlí fé sna forálacha san roimhe seo den fho-alt so na hoibre sin do dhéanamh i gcúrsaí an ghnótha san no mar chuid den ghnó san agus gur idir an lá do fuair an duine sin bás agus lá deonta probháide a uachta no litreach riaracháin a estáit phearsanta agus i gcúrsaí an ghnótha san no mar chuid den ghnó san a déanfar an obair sin no gur faid a bheidh an gnó san ar siúl aige i gcúrsaí cuibhe riaracháin a dhéanfaidh ionadaí pearsanta an duine sin an obair sin amhlaidh; no

[EN]

(i) go ndéanfar an obair sin i gcúrsaí gnótha no mar chuid de ghnó a bheidh ar siúl ag sannaí i gnó-bhriseadh, ag iontaobhaí d'fhéicheamh a bheidh ag déanamh socruithe. no ag glacadóir no bainisteoir a cheapfaidh cúirt, agus é ag leanúint de ghnó duine do bheadh, dá mba díreach sarar thosnuigh an sannaí, an t-iontaobhaí, an glacadóir no an bainisteoir sin ar an ngnó san do bheith ar siúl aige a déanfaí an obair sin, i dteideal do réir dlí fé sna forálacha san roimhe seo den fho-alt so na hoibre sin do dhéanamh i gcúrsaí an ghnótha san no mar chuid den ghnó san.

[EN]

(2) Chun crícheanna míre (c) den fho-alt deiridh sin roimhe seo ach ní chun aon chríche eile ná ar aon tslí eile, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) má gheibheann duine is náisiúnach de Shaorstát Éireann bás agus má bhíonn sé le linn a bháis ina únaer chun tairbhe ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe tuigfear, go dtí go ndeonfar probháid a uachta no litreacha riaracháin a estáit phearsanta, na scaireanna san do leanúint in únaeracht chun tairbhe dhuine is náisiúnach de Shaorstát Éireann, agus, ar dheonadh do dhéanamh, an té is ionadaí pearsanta don náisiúnach san de thurus na huaire tuigfear, faid a bheidh sé i dteideal na scaireanna san mar ionadaí, gurb é is únaer chun tairbhe ar na scaireanna san, agus maran náisiúnach de Shaorstát Éireann é gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é; agus

[EN]

(b) ma thagann duine is náisiúnach de Shaorstát Éireann chun bheith gnó-bhriste no má dheineann sé socrú le n-a fhiach-éilitheoirí agus má bhí an náisiúnach san, le linn a ghnó-bhriste no a shocruithe, ina únaer chun tairbhe ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe agus má thagann a leas sna scaireanna san chun bheith dílsithe ina shannaí i ngnó-bhriseadh no in iontaobhaí ar estát an náisiúnaigh sin mar fhéicheamh go mbeidh socrú á dhéanamh aige tuigfear, faid a leanfaidh an leas san dílsithe amhlaidh, na scaireanna san do bheith ar únaeracht chun tairbhe an tsannaí no an iontaobhaí sin, agus faid a leanfaidh an leas san dílsithe amhlaidh tuigfear maran náisiúnach de Shaorstát Éireann an sannaí no an t-iontaobhaí sin gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é; agus

[EN]

(c) má bhíonn duine de thurus na huaire i dteideal an ioncuim a thagann as aon scaireanna bheidh ar seilbh ag iontaobhaí i gcólucht corpruithe tuigfear, faid a leanfaidh an duine sin de bheith i dteideal an ioncuim sin, gurb é is únaer chun tairbhe ar na scaireanna san; agus

[EN]

(d) má bhíonn gach duine fé leith de bheirt daoine no níos mó de thurus na huaire i dteideal ceana den ioncum a thagann as scaireanna i gcólucht corpruithe áirithe no as na scaireanna san agus as maoin eile bheidh ar seilbh ag iontaobhaí tuigfear maidir le gach duine fé leith acu san, faid a leanfa sé de bheith i dteideal ceana den ioncum san, gurb é an duine sin is únaer chun tairbhe ar chion có-réire de sna scaireanna san; agus

[EN]

(e) má deintear na scaireanna bheidh tugtha amach ag cólucht corpruithe d'aistriú go dtí banc, is cólucht corpruithe, mar urrús ar roimh-íoc agus má deintear an banc san do chlárú mar únaer na scaireanna san i gclár scaireánach an chóluchta chorpruithe sin, tuigfear ná hoibreoidh an t-aistriú agus an clárú san chun únaerachta na scaireanna san d'aistriú go dtí an banc san; agus

[EN]

(f) pé uair a scuirfidh na scaireanna bheidh tugtha amach ag cólucht corpruithe de bheith ar seilbh sa tslí luaidhtear sa mhír sin (c), tuigfear na scaireanna san do leanúint de bheith ar seilbh do réir na míre sin go cionn tréimhse sé mí tar éis dóibh scur de bheith ar seilbh amhlaidh.

[EN]

(3) Gach duine dhéanfaidh gníomh ar bith is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

[EN]

(4) Má cúisítear duine i gcionta do dhéanamh fén alt so agus má tugtar fianaise prima facie ar an gcionta san is ar an duine cúiseofar amhlaidh a bheidh na nithe no aon cheann de sna nithe atá luaidhte i míreanna (a), (b), (c), (d), (e), (f), (g), (h) agus (i) fé seach d'fho-alt (1) den alt so do chruthú agus go dtí go gcruthófar a mhalairt tuigfear gan feidhm do bheith ag aon cheann de sna nithe sin maidir leis an ngníomh adeirtear gurb é an cionta san é.

[EN]

Deimhniú i dtaobh dílseánaigh chláruithe scaireanna i gcólucht chorpruithe.

3.—(1) Má deintear, in aon imeachta i gcoinnibh cóluchta chorpruithe i dtaobh cionta fén alt deiridh sin roimhe seo. deimhniú, fé láimh dhuine bheidh cláruithe mar dhílseánach scaireanna sa chólucht chorpruithe sin, do thabhairt i láthair a bheidh sa bhfuirm orduithe agus ina mbeidh na mion-innste orduithe agus a bheidh fíoruithe sa tslí orduithe, deimhniú á dheimhniú—

[EN]

(a) gurb eisean is únaer chun tairbhe ar na scaireanna san agus gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é, no

[EN]

(b) gur thar ceann duine eile atá na scaireanna san ar seilbh aige agus gur náisiúnach de Shaorstát Éireann an duine eile sin,

[EN]

beidh san ina fhianaise prima facie ar na nithe deimhnítear amhlaidh.

[EN]

(2) Má chuireann duine ar bith i ndeimhniú fén alt so ráiteas ar bith a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach. beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaid thar deich bpúint do chur air.

[EN]

Iarrataisí ar cheadúnaisí déantóireachta nua.

4.—(1) Duine ar bith go mbeidh aon ghnó, i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as, ar siúl aige, no bheidh ar aigne an gnó san do bheith ar siúl aige, i Saorstát Éireann féadfa sé a iarraidh ar an Aire ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas déantóireachta nua san Acht so) do thabhairt do á údarú dho pé obair no oibreacha, díobh san a bheidh údaruithe a dhéanamh fé cheadúnas déantóireachta nua. a luadhfaidh an duine sin san iarratas san, do dhéanamh i gcúrsaí an ghnótha san no mar chuid den ghnó san.

[EN]

(2) Is sa bhfuirm orduithe a bheidh gach iarratas fén alt so ar cheadúnas déantóireachta nua agus is sa tslí orduithe déanfar é agus beidh na mion-innste orduithe ann.

[EN]

(3) Gach duine iarrfaidh ceadúnas déantóireachta nua fén alt so déanfa sé. ar an Aire do cheangal san air, an t-eolas go léir do thabhairt don Aire a theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú.

[EN]

Eolas bréagach.

5.—Má dheineann éinne, agus é ag tabhairt aon eolais uaidh do réir iarratais ón Aire fén alt deiridh sin roimhe seo. aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach. beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

[EN]

Ceadúnaisí déantóireachta nua do dheonadh.

6.—(1) Pé uair a déanfar iarratas ar cheadúnas déantóireachta nua do chur chun an Aire fén Acht so féadfaidh an tAire. do réir forálacha a hordófar—

[EN]

(a) ceadúnas déantóireachta nua do dheonadh don iarratasóir chun gach oibre bheidh luaidhte san iarratas san do dhéanamh; no

[EN]

(b) ceadúnas déantóireachta nua do dheonadh don iarratasóir chun cuid de sna hoibreacha bheidh luaidhte san iarratas san no chun oibre amháin acu do dhéanamh: no

[EN]

(c) diúltú don cheadúnas san do dheonadh.

[EN]

(2) Gach ceadúnas déantóireachta nua a dheonfaidh an tAire—

[EN]

(a) beidh sé sa bhfuirm orduithe; agus

[EN]

(b) déarfa sé agus déanfa sé a údarú, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, don duine is sealbhóir ar an gceadúnas de thurus na huaire pé obair no oibreacha dhíobh so leanas a bheidh luaidhte sa cheadúnas san do dhéanamh i gcúrsaí gnótha no mar chuid de ghnó bheidh ar siúl i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as, sé sin le rá:—

[EN]

(i) earra, abhar, no substaint ar bith no aon chuid d'earra, d'abhar, no de shubstaint ar bith do dhéanamh is de shaghas no de chineál ar bith a bheidh luaidhte sa cheadúnas san;

[EN]

(ii) earra, abhar, no substaint ar bith no aon chuid d'earra, d'abhar, no de shubstaint ar bith d'atharú, do dheisiú, d'órnáidiú agus do chríochnú is de shaghas no de chineál ar bith a bheidh luaidhte sa cheadúnas san;

[EN]

(iii) earra, abhar, no substaint ar bith no aon chuid d'earra, d'abhar no de shubstaint ar bith do chur in oiriúint chun a dhíolta is de shaghas no de chineál ar bith a bheidh luaidhte sa cheadúnas san; agus

[EN]

(c) deonfar é agus déarfa sé go ndeontar é fé réir pé téarmaí agus coinníollacha a bheidh do réir forálacha a hordófar.

[EN]

Coinníollacha ceadúnais déantóireachta nua do bhriseadh.

7.—Má theipeann ar dhuine ar bith is sealbhóir ar cheadúnas déantóireachta nua na téarmaí agus na coinníollacha gur fé n-a réir do deonadh an ceadúnas san do chólíonadh no má thugann sé faillí no má dheineann sé diúltadh maidir leis an gcólíonadh san, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig phúint fhichead do chur air i gcás an chéad chiontuithe agus fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt i gcás an dara chiontuithe no aon chiontuithe ina dhiaidh sin.

[EN]

Ceadúnaisí déantóireachta nua d'aistriú.

8.—Má bhíonn ceadúnas déantóireachta nua i bhfeidhm á údarú obair do dhéanamh i gcúrsaí gnótha no mar chuid de ghnó agus má deintear únaeracht an ghnótha san d'aistriú ón gceadúnaí fén gceadúnas déantóireachta nua san go dtí duine eile tré ghníomh na bpáirtithe no tré oibriú dhlí, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfaidh an duine sin a iarraidh ar an Aire an ceadúnas san d'aistriú chuige, agus air sin d'iarraidh déanfaidh an tAire an ceadúnas san d'aistriú chun an duine sin maran rud é go mbeadh an t-aistriú san ina shárú ar choinníollacha an cheadúnais sin;

[EN]

(b) má haistrítear an ceadúnas déantóireachta nua san amhlaidh tuigfear gurb é dáta ar a haistrítear é ná dáta an ghnótha san d'aistriú.

[EN]

Ceadúnas déantóireachta nua do dhul in éag.

9.—Scuirfidh ceadúnas déantóireachta nua, á údarú obair áirithe do dhéanamh i gcúrsaí gnótha no mar chuid de ghnó, scuirfe sé de bheith i bhfeidhm ar scur den ghnó san do bheith ar siúl no ar an gceadúnas san do cheiliúradh no ar an Aire do dhiúltadh don cheadúnas san d'aistriú fén alt deiridh sin roimhe seo, pe'ca ní acu san is túisce thárlóidh.

[EN]

Ceadúnaisí déantóireachta nua d'atharú agus do cheiliúradh.

10.—(1) Féadfaidh an tAire uair ar bith ceadúnas déantóireachta nua d'atharú no do cheiliúradh ar n-a iarraidh sin do shealbhóir an cheadúnais sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire uair ar bith, gan aon iarratas den tsórt san, ceadúnas déantóireachta nua do cheiliúradh i gcás sealbhóra an cheadúnais sin do chiontú i gcionta trom fé aon alt den Acht so.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh an tAire ceadúnas déantóireachta nua do cheiliúradh ná d'atharú ach amháin fén alt so agus do réir an ailt seo.

[EN]

Déantóirí agus daoine eile do thabhairt eolais uatha.

11.—(1) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar aon chólucht chorpruithe go mbíonn gnó, i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as, ar siúl acu le n-a mbaineann an t-alt so, fógra á cheangal ar an gcólucht chorpruithe sin cuntas do chur chun an Aire laistigh de sheasca lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil, cuntas ina mbeidh eolas i dtaobh pé nithe, ná beidh sna cuntaisí thabharfaidh an cólucht corpruithe sin uatha fé Achtanna na gCuideachtan, agus is nithe ná beidh ag teastáil ach amháin chun a chinneadh cé is únaer chun tairbhe ar an ngnó san a bhíonn ar siúl ag an gcólucht corpruithe sin agus cad is cineál don ghnó san no cadé an dáta ar ar bunuíodh é.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith go mbíonn gnó, i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as, ar siúl aige le n-a mbaineann an t-alt so, fógra á cheangal ar an duine sin cuntas do chur chun an Aire laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fhógra san do sheirbheáil, cuntas ina mbeidh eolas i dtaobh pé ní no nithe acu so leanas a bheidh luaidhte sa bhfógra san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) cuspóirí an ghnótha san;

[EN]

(b) an dáta ar ar bunuíodh an gnó san;

[EN]

(c) má bhí an gnó san ar siúl an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, cineál an ghnótha fé mar do bhí sé ar siúl an dáta san agus ainm agus seoladh no ainmneacha agus seolta an duine no na ndaoine ag á raibh sé ar únaeracht chun tairbhe an dáta san;

[EN]

(d) ainm agus seoladh no ainmneacha agus seolta an duine no na ndaoine ag á bhfuil sé ar únaeracht chun tairbhe ar dháta an chuntais do chur isteach, á luadh i gcás gach duine fé leith acu san ce'ca náisiúnach de Shaorstát Éireann é no nách eadh agus cadé an méid atá ar seilbh ag an duine sin den chaipital atá suncálta sa ghnó san;

[EN]

(e) pé nithe eile i dtaobh an ghnótha san a bheidh luaidhte sa bhfógra san agus is gá chun a chinneadh cé is únaer chun tairbhe ar an ngnó san, cad is cineál don ghnó san, no cadé an dáta ar ar bunuíodh é.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar aon chólucht chorpruithe (dá ngairmtear cólucht corpruithe sealbhach san alt so) ag á bhfuil seilbh ar aon scaireanna i gcólucht chorpruithe go mbíonn gnó ar siúl acu le n-a mbaineann an t-alt so, fógra á cheangal ar an gcólucht chorpruithe shealbhach san cuntas do chur chun an Aire laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fhógra san do sheirbheáil, cuntas ina luadhfar aon atharuithe do thárla in ainmneacha no i seolta na scaireánach sa chólucht chorpruithe shealbhach san o dháta an chuntais dheiridh a tugadh fé Achtanna na gCuideachtan.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith ag á bhfuil seilbh ar aon scaireanna i gcólucht chorpruithe go mbíonn gnó ar siúl acu le n-a mbaineann an t-alt so, fógra á cheangal ar an duine sin cuntas do chur chun an Aire laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fhógra san do sheirbheáil, cuntas ina ndéarfar an eisean an t-únaer chun tairbhe ar na scaireanna san no nách é agus, maidir le pé cinn (más aon cheann é) de sna scaireanna san gur do dhaoine eile atáid ar seilbh aige, cad is ainmneacha agus seolta na ndaoine eile sin, á luadh i gcás gach duine eile fé leith acu san cad is líon agus cad is ainmluach do sna scaireanna atá ar seilbh do.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith ag á bhfuil seilbh ar aon scaireanna i gcólucht chorpruithe shealbhach, fógra á cheangal ar an duine sin a rá an eisean an t-únaer chun tairbhe ar na scaireanna atá ar seilbh aige amhlaidh no nách é agus, maidir le pé cinn (más aon cheann é) de sna scaireanna san gur do dhaoine eile atáid ar seilbh aige. cad is ainmneacha agus seolta na ndaoine eile sin, á luadh i gcás gach duine eile fé leith acu san cad is líon agus cad is ainm-luach do sna scaireanna atá ar seilbh do agus ce'ca náisiúnach de Shaorstát Éireann é no nách eadh.

[EN]

(6) Má dheineann duine ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so diúltadh, no má thugann sé faillí, maidir le cuntas do thabhairt do réir an fhógra san no má thugann sé cuntas uaidh a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air i gcás an chéad chiontuithe agus fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt i gcás an dara chiontuithe no aon chiontuithe ina dhiaidh sin.

[EN]

(7) Baineann an t-alt so le gach gnó gur cuid de aon obair no oibreacha acu so leanas, eadhon, earra, abhar no substaint ar bith, no aon chuid d'earra, d'abhar no de shubstaint ar bith do dhéanamh, d'atharú, do dheisiú, d'ornáidiú, do chríochnú no d'oiriúnú chun a dhíolta.

[EN]

(8) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don duine go mbeidh a ainm air no tré n-a chur tríd an bpost chláruithe chun an duine go mbeidh a ainm air agus é fé sheoladh an áitreibh ina ndeineann an duine sin gnó.

[EN]

Rialacháin ghenerálta.

12.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no acn ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

[EN]

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

[EN]

Ciontuithe do chúiseamh.

13.—Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

[EN]

Costaisí an Aire.

14.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar aon chostaisí fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

[EN]

Ní bhainfidh an tAcht le cruithneacht do mheilt, etc.

15.—Ní bhainfidh an tAcht so le cruithneacht do mheilt ná le haon toradh cruithneachtan a meilfear i muillean do chur in oiriúint ag an muillean san i gcóir a dhíolta, ná le talmhaíocht, ná le mion-díoltóir d'atharú no do dheisiú earra a bheidh sé ar aigne do dhíol ina mion-choda.

[EN]

Gearr-theideal.

16.—(1) Féadfar an tAcht chun Déantúisí do Rialú, 1932, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht so i bhfeidhm pé lá socrófar chuige sin le hordú ón Aire.

[GA]

harp.jpg


Number 21 of 1932.


[GA]

CONTROL OF MANUFACTURES ACT, 1932.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Restriction on the carrying on of manufactures.

3.

Certificate as to registered proprietor of shares in a body corporate.

4.

Applications for new manufacture licences.

5.

False information.

6.

Grant of new manufacture licences.

7.

Breach of conditions of new manufacture licence.

8.

Transfer of new manufacture licences.

9.

Expiry of new manufacture licence.

10.

Alteration and revocation of new manufacture licences.

11.

Information from manufacturers and other persons.

12.

General regulations.

13.

Prosecution of offences.

14.

Expenses of the Minister.

15.

Non-application of Act to milling of wheat, etc.

16.

Short title.

harp.jpg


Number 21 of 1932.


CONTROL OF MANUFACTURES ACT, 1932.


AN ACT TO MAKE PROVISION FOR CONTROLLING THE CARRYING ON OF MANUFACTURES IN SAORSTÁT EIREANN. [29th October, 1932.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTAT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—(1) In this Act—

[GA]

the expression “the Minister” means the Minister for Industry and Commerce;

[GA]

the expression “prescribed” means prescribed by regulations made by the Minister under this Act;

[GA]

the expression “body corporate” means a body corporate whether constituted before or after the passing of this Act and whether constituted within or without Saorstát Eireann;

[GA]

the word “shares” shall be construed as including stock but excluding debentures and debenture stock;

[GA]

the expression “adapt for sale” includes pack, bottle, or label for sale, but does not include the packing, bottling or labelling by a retailer of an article intended to be sold retail by him.

[GA]

(2) Each of the following persons shall for the purposes of this Act be a national of Saorstát Eireann, that is to say:—

[GA]

(a) a person born in Saorstát Eireann or the area now comprised in Saorstát Eireann;

[GA]

(b) a person who at the relevant time is and for not less than five consecutive years immediately preceding that time has been ordinarily resident in Saorstát Eireann.

[GA]

Restriction on the carrying on of manufactures.

2.—(1) It shall not be lawful for any person who carries on a business by way of trade or for the purposes of gain to do any of the following things in the course or as part of such business, that is to say, to make, alter, repair, ornament, finish, or to adapt for sale any article, material, or substance or any part of any article, material, or substance, unless either—

[GA]

(a) such business is, at the time such thing is done, in the beneficial ownership of an individual who is at that time a national of Saorstát Eireann; or

[GA]

(b) such business is, at the time such thing is done, owned by two or more individuals and more than half the capital invested at that time in such business is beneficially owned by an individual who is or two or more individuals each of whom is at that time a national of Saorstát Eireann; or

[GA]

(c) such business is, at the time such thing is done, owned by a body corporate the issued shares of which are at that time to an extent exceeding one-half (in nominal value) thereof in the beneficial ownership of a person who is or of two or more persons each of whom is at that time either a national of Saorstát Eireann or a body corporate the issued shares of which are at that time to an extent exceeding one-half (in nominal value) thereof in the beneficial ownership of nationals of Saorstát Eireann; or

[GA]

(d) such business was carried on in Saorstát Eireann on the 1st day of June, 1932, and such business is, at the time such thing is done, owned by the body corporate by which it was owned on the said 1st day of June, 1932, and the doing of such thing would, if it had been done on the said 1st day of June, 1932, or within one month immediately preceding that date have been in the ordinary course or formed part of such business or have been a reasonable extension of such business as then carried on in Saorstát Eireann; or

[GA]

(e) such business was carried on in Saorstát Eireann on the 1st day of June, 1932, and such business is, at the time such thing is done, beneficially owned by the individual or all, some, or one of the individuals by whom it was beneficially owned on the 1st day of June, 1932, and the doing of such thing would, if it had been done on the said 1st day of June, 1932, or within one month immediately preceding that date have been in the ordinary course or formed part of such business or have been a reasonable extension of such business as then carried on in Saorstát Eireann; or

[GA]

(f) such business was carried on in Saorstát Eireann on the 1st day of June, 1932, and such business is, at the time such thing is done, owned by a body corporate the issued shares of which are beneficially owned to an extent exceeding one half (in nominal value) by the individual or individuals by whom the business was beneficially owned on the 1st day of June, 1932, and the doing of such thing would, if it had been done on the said 1st day of June, 1932, or within one month immediately preceding that date, have been in the ordinary course or formed part of such business or have been a reasonable extension of such business as then carried on in Saorstát Eireann; or

[GA]

(g) such person is the holder of a new manufacture licence and such thing is done under such licence; or

[GA]

(h) such business is carried on in direct succession to a deceased person who would, if such thing had been done immediately before his death, have been lawfully entitled, under the foregoing provisions of this sub-section, to do such thing in the course or as part of such business, and such thing is done in the course or as part of such business between the date of the death of such person and the grant of probate of his will or letters of administration of his personal estate or, is so done by the personal representative of such person while carrying on such business in due course of administration; or

[GA]

(i) such thing is done in the course or as part of a business carried on by an assignee in bankruptcy, a trustee of an arranging debtor, or a receiver or manager appointed by a court in continuation of the business of a person who would, if such thing had been done immediately before such assignee, trustee, receiver, or manager commenced to carry on such business, have been lawfully entitled under the foregoing provisions of this sub-section to do such thing in the course or as part of such business.

[GA]

(2) For the purposes of paragraph (c) of the immediately preceding sub-section but not further or otherwise, the following provisions shall have effect, that is to say:—

[GA]

(a) where a national of Saorstát Eireann dies and is at the time of his death the beneficial owner of any shares in a body corporate, such shares shall, until the grant of probate of his will or letters of administration of his personal estate, be deemed to continue in the beneficial ownership of a national of Saorstát Eireann, and upon a grant being made the personal representative for the time being of such national shall, so long as he is entitled to such shares in his representative capacity, be deemed to be the beneficial owner of such shares and, if he is not a national of Saorstát Eireann, to be a national of Saorstát Eireann; and

[GA]

(b) where a national of Saorstát Eireann becomes a bankrupt or carries an arrangement with his creditors and such national was at the time of his bankruptcy or arrangement the beneficial owner of any shares in a body corporate, and his interest in such shares becomes vested in his assignee in bankruptcy or a trustee of the estate of such national as an arranging debtor, such shares shall be deemed, so long as such interest remains so vested, to be in the beneficial ownership of such assignee or trustee, and such assignee or trustee shall, so long as such interest remains so vested be deemed, if he is not a national of Saorstát Eireann, to be a national of Saorstát Eireann; and

[GA]

(c) where a person is for the time being entitled to the income arising from any shares in a body corporate held by a trustee, such person shall, so long as he continues to be entitled to such income, be deemed to be the beneficial owner of such shares; and

[GA]

(d) where two or more persons are each for the time being entitled to a proportionate part of the income arising from shares in a particular body corporate or from such shares and other property held by a trustee, each of such persons, so long as he continues to be entitled to a proportion of such income, shall be deemed to be the beneficial owner of a corresponding proportion of such shares; and

[GA]

(e) where the issued shares of a body corporate are transferred to a bank, being a body corporate, by way of security for an advance and such bank is registered as the owner of such shares in the register of shareholders of such body corporate, such transfer and registration shall be deemed not to operate to transfer the ownership of such shares to such bank; and

[GA]

(f) whenever the issued shares of a body corporate cease to be held in the manner stated in the said paragraph (c), such shares shall be deemed to continue to be held in accordance with that paragraph for a period of six months after they cease to be in fact so held.

[GA]

(3) Every person who does any act which is a contravention of this section shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding twenty pounds in the case of a first offence and fifty pounds in the case of a second or subsequent offence.

[GA]

(4) Where a person is charged with having committed an offence under this section and prima facie evidence of such offence has been given, the onus of proving the matters or any of the matters mentioned in paragraphs (a), (b), (c), (d), (e), (f), (g), (h) and (i) respectively of sub-section (1) of this section shall lie on the person so charged, and until the contrary is proved it shall be presumed that none of those matters is applicable in relation to the act alleged to constitute such offence.

[GA]

Certificate as to registered proprietor of shares in a body corporate.

3.—(1) In any proceedings against a body corporate for an offence under the immediately preceding section, the production of a certificate in the prescribed form and containing the prescribed particulars and verified in the prescribed manner, under the hand of a person registered as the proprietor of shares in such body corporate certifying—

[GA]

(a) that he is the beneficial owner of such shares and is a national of Saorstát Eireann, or

[GA]

(b) that he holds such shares on behalf of another person and that such other person is a national of Saorstát Eireann,

[GA]

shall be prima facie evidence of the facts so certified.

[GA]

(2) If any person makes in a certificate under this section any statement which is false or misleading in any material respect, such person shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding ten pounds.

[GA]

Applications for new manufacture licences.

4.—(1) Any person who carries on or proposes to carry on in Saorstát Eireann any business by way of trade or for the purpose of gain may make application to the Minister for a licence (in this Act referred to as a new manufacture licence) authorising him to do in the course or as part of such business such one or more of the things which may be authorised to be done under a new manufacture licence as he may specify in such application.

[GA]

(2) Every application under this section for a new manufacture licence shall be in the prescribed form and be made in the prescribed manner and shall contain the prescribed particulars.

[GA]

(3) Every person who applies under this section for a new manufacture licence shall, when required by the Minister so to do, furnish to the Minister all such information as the Minister may require for the consideration of such application.

[GA]

False information.

5.—If any person in furnishing any information in pursuance of a requisition of the Minister under the immediately preceding section makes any statement which is false or misleading in any material respect, such person shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof in the case of a first offence, to a fine not exceeding ten pounds and, in the case of a second or any subsequent offence, to a fine not exceeding fifty pounds.

[GA]

Grant of new manufacture licences.

6.—(1) Whenever an application is made to the Minister under this Act for a new manufacture licence the Minister may, in accordance with provisions to be prescribed, either—

[GA]

(a) grant to the applicant a new manufacture licence to do all the things specified in such application; or

[GA]

(b) grant to the applicant a new manufacture licence to do some or one only of the things specified in such application; or

[GA]

(c) refuse to grant such licence.

[GA]

(2) Every new manufacture licence granted by the Minister shall—

[GA]

(a) be in the prescribed form; and

[GA]

(b) be expressed and operate to authorise the person who is for the time being the holder of the licence, so long as such licence is in force, to do in the course or as part of a business carried on by way of trade or for the purposes of gain such one or more of the following things as may be specified in such licence, that is to say:—

[GA]

(i) to make any article, material, or substance or any part of any article, material, or substance of any class or kind specified in such licence;

[GA]

(ii) to alter, repair, ornament and finish any article, material, or substance or any part of any article, material, or substance of any class or kind specified in such licence;

[GA]

(iii) to adapt for sale any article, material, or substance or any part of any article, material or substance of any class or kind specified in such licence; and

[GA]

(c) be and be expressed to be granted subject to such terms and conditions as shall be in accordance with provisions to be prescribed.

[GA]

Breach of conditions of new manufacture licence.

7.—If any person who is the holder of a new manufacture licence fails or neglects or refuses to comply with the terms and conditions subject to which such licence was granted, such person shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof in the case of a first conviction to a fine not exceeding twenty-five pounds or in the case of a second or subsequent conviction to a fine not exceeding fifty pounds.

[GA]

Transfer of new manufacture licences.

8.—Where a new manufacture licence authorising the doing of a thing in the course or as part of a business is in force, and the ownership of such business has been transferred, whether by act of the parties or operation of law, from the licensee under such new manufacture licence to another person, the following provisions shall have effect, that is to say:—

[GA]

(a) such person may apply to the Minister to transfer such licence to him, and on such application being made the Minister shall, unless such transfer would be a contravention of the conditions of such licence, transfer such licence to such person;

[GA]

(b) where such new manufacture licence is so transferred it shall be deemed to have been transferred as on the date on which such business is transferred.

[GA]

Expiry of new manufacture licence.

9.—A new manufacture licence authorising the doing of a particular thing in the course or as part of a business shall cease to be in force on the cesser of the carrying on of such business or the revocation of such licence or the refusal of the Minister to transfer such licence under the immediately preceding section whichever first happens.

[GA]

Alteration and revocation of new manufacture licences.

10.—(1) The Minister may at any time alter or revoke a new manufacture licence upon the application of the holder of such licence.

[GA]

(2) The Minister may at any time, without any such application, revoke a new manufacture licence, if the holder of such licence has been convicted of a serious offence under any section of this Act.

[GA]

(3) The Minister shall not revoke or alter a new manufacture licence save under and in accordance with this section.

[GA]

Information from manufacturers and other persons.

11.—(1) The Minister may from time to time serve a notice in writing on any body corporate which by way of trade or for purposes of gain carries on a business to which this section applies requiring such body corporate within sixty days after the service of such notice to send to the Minister a return giving information relating to such matters, not contained in the returns made by such body corporate under the Companies Acts, as are required solely for the purpose of determining the beneficial ownership and the nature or the date of the establishment of such business as may be carried on by such body corporate.

[GA]

(2) The Minister may from time to time serve a notice in writing on any person who by way of trade or for purposes of gain carries on a business to which this section applies requiring such person within twenty-eight days after the service of such notice to send to the Minister a return giving information in relation to such one or more of the following matters as may be specified in such notice, that is to say:—

[GA]

(a) the objects of such business;

[GA]

(b) the date of the establishment of such business;

[GA]

(c) if such business was being carried on on the 1st day of June, 1932, the nature of business as carried on at that date and the name and address or names and addresses of the person or persons by whom it was beneficially owned at that date;

[GA]

(d) the name and address or the names and addresses of the person or persons by whom it is beneficially owned at the date of the return, specifying in the case of each such person whether he is or is not a national of Saorstát Eireann and the amount of the capital invested in such business held by him;

[GA]

(e) such other matters relating to such business as may be specified in such notice and are required for the purpose of determining the beneficial ownership, the nature, or the date of establishment of such business.

[GA]

(3) The Minister may from time to time serve a notice in writing on any body corporate (in this section referred to as a holding body corporate) which holds any shares in a body corporate carrying on a business to which this section applies requiring such holding body corporate within twenty-eight days after the service of such notice to send to the Minister a return stating any changes in the names or addresses of the shareholders in such holding body corporate since the date of the last return made under the Companies Acts.

[GA]

(4) The Minister may from time to time serve a notice in writing on any person who holds any shares in a body corporate carrying on a business to which this section applies requiring such person within twenty-eight days after the service of such notice to send to the Minister a return stating whether he is or is not the beneficial owner of such shares and, in respect of such (if any) of the said shares as are held by him for other persons, the names and addresses of such other persons, specifying in the case of each such other person the number and nominal value of the shares held for him.

[GA]

(5) The Minister may from time to time serve a notice in writing on any person who holds any shares in a holding body corporate requiring such person to state whether he is or is not the beneficial owner of the shares so held by him, and in respect of such (if any) of the said shares as are held by him for other persons, the names and addresses of such other persons, specifying in the case of each such other person the number and nominal value of the shares held for him and whether he is or is not a national of Saorstát Eireann.

[GA]

(6) If any person on whom a notice is served under this section either refuses or neglects to make a return in accordance with such notice or makes a return which is false or misleading in any material respect, such person shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof in the case of a first conviction to a fine not exceeding ten pounds, or in the case of a second or subsequent conviction to a fine not exceeding twenty pounds.

[GA]

(7) This section applies to every business which includes any one or more of the following things, the making, altering, repairing, ornamenting, finishing or adapting for sale of any article, material or substance or any part of any article, material or substance.

[GA]

(8) A notice under this section may be served by delivering it to the person to whom it is addressed or by sending it by registered post to the person to whom it is addressed at the premises where such person carries on business.

[GA]

General regulations.

12.—(1) The Minister may by order make regulations in relation to any matter or thing referred to in this Act as prescribed or to be prescribed.

[GA]

(2) Every regulation made by the Minister under this Act shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made, and if a resolution is passed by either House of the Oireachtas within the next subsequent twenty-one days on which that House has sat annulling such regulation, such regulation shall be annulled accordingly, but without prejudice to the validity of anything done previously under such regulation.

[GA]

Prosecution of offences.

13.—Every offence under any section of this Act may be prosecuted by or at the suit of the Minister as prosecutor.

[GA]

Expenses of the Minister.

14.—Any expenses incurred by the Minister under this Act shall, to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.

[GA]

Non-application of Act to milling of wheat, etc.

15.—This Act shall not apply to the process of milling wheat or to the adapting for sale at a mill any product of wheat milled at such mill or to agriculture or to the altering or repairing by a retailer of an article intended to be sold retail by him.

[GA]

Short title.

16.—(1) This Act may be cited as the Control of Manufactures Act, 1932.

[GA]

(2) This Act shall come into operation on such day as shall be fixed for that purpose by order of the Minister.