As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 26 de 1924.


[EN]

ACHT UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS, 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR NA hACHTANNA UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS, 1920 GO 1923, AGUS CHUN CRÍCHEANNA A BHAINEAS LEIS SIN.

[18adh Iúl, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Tosach agus deire Blianta Sochair.

1.—(1) (a) Athghairmtear leis seo an méid sin d'alt 4 d'Acht 1923, le n-a bhforáltar gurb é an 15adh lá de Dheire Fomhair, 1924, is críoch don “Dara Bliain Sochair” a bunuíodh leis an alt san.

[EN]

(b) Críochnóidh an Dara Bliain Sochair sin an 29adh lá de Mheitheamh, 1924.

[EN]

(2) In ainneoin éinní atá in alt 4 d'Acht 1923—

[EN]

(a) tosnóidh “Tríú Bliain Sochair” ar an 30adh lá de Mheitheamh, 1924, agus críochnóidh sí an 29adh lá de Dheire Fomhair, 1924;

[EN]

(b) tosnóidh “Ceathrú Bliain Sochair” ar an 30adh lá de Dheire Fomhair, 1924, agus críochnóidh sí an 25adh lá de Mhárta, 1925;

[EN]

(c) tosnóidh “Cúigiú Bliain Sochair” ar an 26adh lá de Mhárta, 1925, agus críochnóidh sí ar an gCéadaoin is goire don 16adh lá de Dheire Fomhair, 1925;

[EN]

(d) sé bheidh i ngach Bliain Sochair ina dhiaidh sin ná an tréimhse dar tosach an lá tar éis lá deiridh na Bliana Sochair do chuaidh roimpe agus dar críoch an Chéadaoin is goire don 16adh lá de Dheire Fomhair sa bhliain chaileandair ina dhiaidh sin.

[EN]

Leasu ar Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

2.—Cuirfar an focal “Benefit Year” in ionad an fhocail “Insurance Year” i mír 2 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

[EN]

Chun méid an tSochair d'áireamh.

3.—Chun a shocrú cadé an méid sochair 'na bhfuil teideal ag aon duine chuige do réir an chothruim idir shochar agus sintiúisí a socruíodh le mír 3 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, agus ní chun aon chríche eile, fágfar gan áireamh, tar éis deire na Dara Bliana Sochair aon tsochar a fuair an duine sin idir an dáta is tosach don Chéad Bhliain Sochair agus an dáta is críoch don Dara Bliain Sochair.

[EN]

Sintiúisí ar scór seirbhíse mileata.

4.—(1) Athghairmtear leis seo alt 7 d'Acht 1923.

[EN]

(2) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas íocfidh an tAire Cosanta leis an Aire, chun creidiúna don Chiste Díomhaointis agus thar ceann gach duine le n-a mbaineann an t-alt so, pé síntiúisí is gá chun deimhin do dhéanamh de ná beidh fé bhun ceithre síntiúisí ar fhichid curtha chun creidiúna don duine sin in aghaidh gach bliana árachais gur le n-a linn no le linn coda dhi a bhí an duine sin mar dhuine le n-a mbaineann an t-alt so.

[EN]

(3) Baineann an t-alt so le gach duine a liostáladh i bhfórsaí mileata Shaorstáit Éireann i gcóir tréimhse seirbhíse dar críoch an 29adh lá de Mheitheamh, 1924, no aon am roimhe sin, agus gur híocadh thar a cheann ar scór fostaíochta roimh dháta a liostála, fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, fiche síntiús aon uair no neachtar aca, deich síntiúisí ón 8adh lá de Mhí na Samhna, 1920.

[EN]

(4) Na suimeanna a íocfidh an tAire Cosanta leis an Aire gach bliain fén alt so, is ar pé tráthanna agus ar pé cuma ar a socrófar idir an tAire Cosanta agus an tAire a déanfar amach agus a híocfar iad.

[EN]

Tréimhsí Sochair.

5.—In ainneoin éinní atá sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1923, no san Acht so, ní bheidh teideal ag éinne chun sochar d'fháil sa Tríú Bliain Sochair a bunuítear leis an Acht so ar son tréimhsí is sia ná deich seachtaine san iomlán; ná sa Cheathrú Bliain Sochair a bunuítear leis an Acht so ar son tréimhsí is sia ná sé seachtaine déag san iomlán; ná sa Chúigiú Bliain Sochair a bunuítear leis an Acht so ar son tréimhsí is sia ná cúig seachtaine déag san iomlán; ná in aon Bhliain Sochair ina dhiaidh sin ar son tréimhsí is sia ná 26 seachtaine san iomlán.

[EN]

Beidh achtacháin áirithe gan oibriú i gcaitheamh na Tríú agus na Ceathrú Bliana Sochair.

6.—(1) Beidh coiníoll (i) d'fho-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht gan oibriú agus gan éifeacht i gcaitheamh na Tríú agus na Ceathrú Bliana Sochair.

[EN]

(2) In ainneoin forálacha fo-alt (4) d'alt 8 den Phríomh-Acht ní bheidh éinne, i rith na Tríú agus na Ceathrú Bliana Sochair, gan cáilíocht chun Sochar Díomhaointis d'fháil mara mbeidh de chúis leis ach nár híocadh aon tsintiúisí thar a cheann i rith aon Bhliana Arachais áirithe.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag alt 35 den Príomh-Acht (a bhaineann leis na crícheanna gur féidir don Aire rialacháin do dhéanamh ina gcóir) fé mar a cuirfí an ní seo a leanas le mír (c) d'fho-alt (1) den alt san:—

[EN]

“for requiring, on the consideration and examination of any such claims and questions, the attendance of any person whose presence is necessary or desirable for the purpose of giving evidence concerning such claims and questions, and”.

[EN]

Roimh-íocanna ón Aire Airgid.

7.—(1) Féadfidh an tAire Airgid roimh-íoc do dhéanamh, as an bPrímh-Chiste no a thora fáis, ar aon tsuimeanna a theastóidh chun íoctha fiachaisí an Chiste Dhíomhaointis fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1923, mar a leasuítear leis an Acht so iad, agus chun na suimeanna a bheidh le roimh-íoc amhlaidh do sholáthar féadfidh an tAire Airgid airgead d'fháil ar iasacht ar pé slí is dó leis is ceart.

[EN]

(2) Aon tsuimeanna a roimh-íocfar fén bhfo-alt san roimhe seo, maraon le hús ortha (má bhíonn ann) do réir pé ráta a shocróidh an tAire Airgid, beidh a muirear agus a n-aisíoc ar an gCiste Díomhaointis.

[EN]

(3) Cuirfar de mhuirear ar an bPrímh-Chiste no a thora fáis colann agus ús aon urrúsanna a thabharfidh an tAire Airgid amach chun airgead d'fháil ar iasacht fén alt so agus fós na costaisí fé n-a raghfar chun na hurrúsanna san do thabhairt amach.

[EN]

Deire le comhachta i dtaobh scéimeanna speisialta.

8.—(1) Beidh deire leis an gcomhacht atá ag an Aire fé alt a hocht déag den Phríomh-Acht chun Orduithe speisialta dhéanamh chun scéimeanna speisialta do cheadú no do dhéanamh: Ach ní dhéanfidh an fhoráil sin roimhe seo aon difir d'oibriú aon scéime speisialta a cheaduigh an tAire go cuibhe roimh thosach feidhme an Achta so.

[EN]

(2) Chun deimhin do dhéanamh de i gcás scéime speisialta, go mbeidh iníoctha le daoine le n-a mbaineann an scéim rátaí sochair den tsórt atá iníoctha fén Acht so agus go mbeidh na Sochair fén scéim chó maith ar a luíod ar gach slí eile leis na Sochair a foráltar le forálacha generálta na nAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1924 (ach ní chun aon chríche eile), féadfidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gcólucht gur cuireadh riara na scéime de chúram ortha, forálacha na scéime d'atharú no do leasú le hordú in ainneoin éinní atá san alt san a hocht déag, agus féadfar forálacha chur san ordú san chun leasuithe iarmarta dhéanamh i dtaobh rátaí síntiúis agus éinní eile.

[EN]

(3) Ní bheidh éifeacht feasta ag fo-alt (7) d'alt a hocht déag den Phríomh-Acht (le n-a bhforáltar go ndéanfar gach bliain, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas suim áirithe d'íoc leis an gcólucht gur cuireadh riara scéime speisialta de chúram ortha).

[EN]

Atharú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

9.—D'ainneoin éinní atá in aon Acht, ní gá don Aire a chur ar aon chumann ná ar aon chólucht eile le n-a mbaineann alt a seacht déag den Phríomh-Acht aon tsoláthar i gcóir Sochair Dhíomhaointis do dhéanamh, roimh dheire na Ceathrú Bliana Sochair, thar mar a feadfí a chur ar an gcumann no ar an gcólucht san a dhéanamh fé chlás (a) d'fho-alt (1) den alt san a seacht déag mar a hachtuíodh ar dtúis é.

[EN]

Comharshocruithe le Rialtaisí eile.

10.—Féadfidh an tAire, fé réir ceada ón Aire Airgid, comharshocruithe no socruithe eile do dhéanamh le Rialtas na Breataine Móire agus le Rialtas Thuaiscirt Éireann fé seach fé mar a chífar dó bheith riachtanach no cóir de bharr an plean árachais dhíomhaointis i Saorstát Éireann do bheith scartha leis an bplean atá ar bun sa Bhreatain Mhóir agus i dTuaisceart Éireann.

[EN]

Minithe.

11.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “Príomh-Acht” an Unemployment Insurance Act, 1920;

[EN]

cialluíonn an focal “Acht 1923” an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1923;

[EN]

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

[EN]

Gearr-theideal.

12.—Féadfar an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1924, do ghairm den Acht so, agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1923, agus féadfar na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1924, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

[GA]

harp.jpg


Number 26 of 1924.


[GA]

UNEMPLOYMENT INSURANCE ACT, 1924.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Commencement and termination of Benefit Years.

2.

Amendment of Schedule to Principal Act.

3.

Calculation of amount of Benefit.

4.

Contributions in respect of military service.

5.

Periods of Benefit.

6.

Certain enactments not to operate during Third and Fourth Benefit Years.

7.

Advances by the Minister for Finance.

8.

Cessation of powers in respect of special schemes.

9.

Modification of section 17 of Principal Act.

10.

Reciprocal arrangements with other Governments.

11.

Definitions.

12.

Short title.

harp.jpg


Number 26 of 1924.


UNEMPLOYMENT INSURANCE ACT, 1924.


AN ACT TO AMEND THE UNEMPLOYMENT INSURANCE ACTS, 1920 TO 1923, AND FOR PURPOSES CONNECTED THEREWITH. [18th July, 1924.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Commencement and termination of Benefit Years.

1.—(1) (a) So much of section 4 of the Act of 1923 as provides that the “Second Benefit Year” established by that section shall terminate on the 15th day of October, 1924, is hereby repealed.

[GA]

(b) The said Second Benefit Year shall terminate on the 29th day of June, 1924.

[GA]

(2) Notwithstanding anything contained in section 4 of the Act of 1923—

[GA]

(a) a “Third Benefit Year” shall commence on the 30th day of June, 1924, and terminate on the 29th day of October, 1924;

[GA]

(b) a “Fourth Benefit Year” shall commence on the 30th day of October, 1924, and terminate on the 25th day of March, 1925;

[GA]

(c) a “Fifth Benefit Year” shall commence on the 26th day of March, 1925, and terminate on the Wednesday nearest to the 16th day of October, 1925;

[GA]

(d) every subsequent Benefit Year shall be the period beginning on the day next following the day on which the preceding Benefit Year expired and ending on the Wednesday nearest to the 16th day of October in the next following calendar year.

[GA]

Amendment of Schedule to Principal Act.

2.—The expression “Benefit Year” shall be substituted for the expression “Insurance Year” in paragraph 2 of the Second Schedule to the Principal Act.

[GA]

Calculation of amount of Benefit.

3.—For the purpose of determining the amount of benefit to which, having regard to the proportion of benefit to contributions fixed by paragraph 3 of the Second Schedule to the Principal Act, any person is entitled, but for no other purpose, no account shall, after the termination of the Second Benefit Year, be taken of any benefit which may have been received by such person between the date on which the First Benefit Year commenced and the date on which the Second Benefit Year terminated.

[GA]

Contributions in respect of military service.

4.—(1) Section 7 of the Act of 1923 is hereby repealed.

[GA]

(2) The Minister for Defence shall out of monies to be provided by the Oireachtas, pay to the Minister for the credit of the Unemployment Fund such contributions for each person to whom this section applies as are necessary to secure that there are not less than twenty-four contributions to the credit of such person in respect of each insurance year during which, or part of which, such person has been a person to whom this section applies.

[GA]

(3) This section applies to every person enlisted in the military forces of Saorstát Eireann for a period of service which terminates on or before the 29th day of June, 1924, who in respect of employment before the date of enlistment has had paid for him under the Unemployment Insurance Acts either twenty contributions at any time or ten contributions since the 8th day of November, 1920.

[GA]

(4) The sums to be paid in each year by the Minister for Defence to the Minister under this section shall be ascertained and paid at such times and in such manner as may be agreed between the Minister for Defence and the Minister.

[GA]

Periods of Benefit.

5.—Notwithstanding anything in the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1923, or in this Act, no person shall be entitled to receive benefit in the Third Benefit Year established by this Act for periods amounting in the aggregate to more than ten weeks; or in the Fourth Benefit Year established by this Act for periods amounting in the aggregate to more than sixteen weeks; or in the Fifth Benefit Year established by this Act for periods amounting in the aggregate to more than fifteen weeks; or in any subsequent Benefit Year for periods amounting in the aggregate to more than 26 weeks.

[GA]

Certain enactments not to operate during Third and Fourth Benefit Years.

6.—(1) Condition (i) of sub-section (1) of section 7 of the Principal Act shall not operate or have effect during the Third or Fourth Benefit Years.

[GA]

(2) Notwithstanding the provisions of sub-section (4) of section 8 of the Principal Act no person shall during the Third and Fourth Benefit Years be disqualified for receiving Unemployment Benefit by reason only of the fact that no contributions have been paid in respect of him during any Insurance Year.

[GA]

(3) Section 35 of the Principal Act (which relates to the purposes for which the Minister may make regulations) shall have effect as if there were added to paragraph (c) of sub-section (1) of that section the following:—

[GA]

“for requiring, on the consideration and examination of any such claims and questions, the attendance of any person whose presence is necessary or desirable for the purpose of giving evidence concerning such claims and questions, and.”

[GA]

Advances by the Minister for Finance.

7.—(1) The Minister for Finance may out of the Central Fund or the growing produce thereof, advance any sums required for the purpose of discharging the liabilities of the Unemployment Fund under the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1923, as amended by this Act, and for the purpose of providing the sums to be so advanced the Minister for Finance may borrow money in such manner as he may think proper.

[GA]

(2) Any sums advanced under the foregoing sub-section, together with interest thereon (if any) at such rate as may be fixed by the Minister for Finance, shall be charged on and be repayable out of the Unemployment Fund.

[GA]

(3) The principal and interest of any securities issued by the Minister for Finance for the purpose of borrowing under this section and the expenses incurred in connection with the issue of such securities shall be charged on the Central Fund or the growing produce thereof.

[GA]

Cessation of powers in respect of special schemes.

8.—(1) The power of the Minister under section eighteen of the Principal Act to make special Orders approving or making special schemes shall cease: Provided that the foregoing provision shall not affect the operation of any special scheme duly approved by the Minister before the commencement of this Act.

[GA]

(2) For the purpose of securing in the case of a special scheme that like rates of benefit shall be payable to the persons to whom the scheme applies as are payable under this Act, and that the Benefits under the scheme shall otherwise be not less favourable than those provided by the general provisions of the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1924 (but for no other purpose), the Minister may, after consultation with the body charged with the administration of the scheme, notwithstanding anything in the said section eighteen, by order vary or amend the provisions of the scheme, and any such order may provide for consequential amendments as to the rates of contribution and otherwise.

[GA]

(3) Sub-section (7) of section eighteen of the Principal Act (which provides for the payment of a certain sum in every year out of moneys provided by the Oireachtas to the body charged with the administration of a special scheme) shall cease to have effect.

[GA]

Modification of section 17 of Principal Act.

9.—Notwithstanding anything in any Act, it shall not be necessary for the Minister to require any society or other association to which section seventeen of the Principal Act applies to make, before the end of the Fourth Benefit Year, any greater provision for Unemployment Benefit than such Society or association could have been required to make under clause (a) of sub-section (1) of the said section seventeen as originally enacted.

[GA]

Reciprocal arrangements with other Governments.

10.—The Minister may, subject to the approval of the Minister for Finance, make such reciprocal or other arrangements with the respective Governments of Great Britain and Northern Ireland as may appear to him necessary or proper in consequence of the severance of the system of unemployment insurance in Saorstát Eireann from that in Great Britain and Northern Ireland.

[GA]

Definitions.

11.—In this Act—

[GA]

the expression “Principal Act” means the Unemployment Insurance Act, 1920;

[GA]

the expression “Act of 1923” means the Unemployment Insurance Act, 1923;

[GA]

the expression “the Minister” means the Minister for Industry and Commerce.

[GA]

Short title.

12.—This Act may be cited as the Unemployment Insurance Act, 1924, and shall be construed as one with the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1923, and those Acts and this Act may be cited together as the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1924.