As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 30 de 1961.
AN tACHT UM DHEONTAIS TIONSCAIL (LEASÚ), 1961.
[An tiontú oifigiúil.]
Léiriú.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Límistéirí Neamhfhorbartha, 1952;
ciallaíonn “Acht 1957” an tAcht um Limistéirí Neamhfhorbartha (Leasú), 1957;
ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht um Dheontais Tionscail, 1959.
Líon comhaltaí an Fhorais Tionscail.
2.—Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—
(a) trí “de chúigear comhaltaí” a chur in ionad “de thriúr comhaltaí” i bhfomhír (1) de mhír 2,
(b) trí “(i gcás inar triúr an líon sin) nó trí aon triúr dá líon (i gcás inar ceathrar nó cúigear an líon sin)” a chur isteach i bhfomhír (1) de mhír 3 i ndiaidh “aon bheirt dá líon”.
Teorainn le méid iomlán deontas.
3.—Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1959 trí “cúig mhilliún déag punt” a chur in ionad “deich milliún punt” i bhfo-alt (1) agus i bhfo-alt alt (2).
Deontais le haghaidh gléasra.
4.—Forléireofar gach tagairt d'innealra in alt 6 den Phríomh-Acht agus in alt 2 d'Acht 1959 mar thagairt a fholaíonn tagairt do ghléasra.
Téarma ar ar tugadh deontas a shárú.
5.—I gcás—
(a) ina ndéanfar, tar éis an tAcht seo a rith, deontas a thabhairt faoin bPríomh-Acht, faoi Acht 1957 nó faoi Acht 1959,
(b) go dtabharfar an deontas faoi réir téarma ar bith a chuireann srian le láithreáin nó áitribh monarchana, nó innealra agus trealamh (nó aon chuid de na láithreáin nó na háitribh sin nó den innealra agus den trealamh sin) nó, más cuideachta an deontaí, scaireanna ina caipiteal, a dhiúscairt, agus
(c) go sárófar an téarma sin,
ansin, an tsuim a íocadh leis an deontaí i leith an deontais tiocfaidh sí, air sin, chun bheith inaisíoctha ag an deontaí leis an bhForas Tionscail agus, mura n-aisíocfar í, féadfar í a ghnóthú mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.
Gearrtheideal.
6.—Féadfar an tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1961, a ghairm den Acht seo.
Number 30 of 1961.
INDUSTRIAL GRANTS (AMENDMENT) ACT, 1961.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Acts Referred to | |
1952, No. 1 | |
1957, No. 23 | |
1959, No. 26 |
Number 30 of 1961.
INDUSTRIAL GRANTS (AMENDMENT) ACT, 1961.
Interpretation.
1.—In this Act—
“the Principal Act” means the Undeveloped Areas Act, 1952;
“the Act of 1957” means the Undeveloped Areas (Amendment) Act, 1957;
“the Act of 1959” means the Industrial Grants Act, 1959.
Number of members of An Foras Tionscal.
2.—The First Schedule to the Principal Act is hereby amended—
(a) by the substitution in subparagraph (1) of paragraph 2 of “not more than five members ” for “three members”,
(b) by the insertion in subparagraph (1) of paragraph 3 of “(where that number is three) or by any three of their number (where that number is four or five)” after “any two of their number”.
Limitation on total of grants.
3.—Section 6 of the Act of 1959 is hereby amended by the substitution of “fifteen million pounds” for “ten million pounds” in both subsection (1) and subsection (2).
Grants for provision of plant.
4.—In section 6 of the Principal Act and section 2 of the Act of 1959, every reference to machinery shall be construed as including a reference to plant.
Contravention of term on which grant is made.
5.—Where—
(a) a grant is made after the passing of this Act under the Principal Act, the Act of 1957 or the Act of 1959,
(b) the grant is made subject to any term restricting the disposal of factory sites or premises, or machinery and equipment (or any part of such sites or premises or such machinery and equipment) or, if the grantee is a company, shares in its capital, and
(c) there is a contravention of such term,
the amount paid to the grantee in respect of the grant shall thereupon become repayable by the grantee to An Foras Tionscal and, in default of being repaid, shall be recoverable as a simple contract debt in any court of competent jurisdiction.
Short title.
6.—This Act may be cited as the Industrial Grants (Amendment) Act, 1961.