As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 33 de 1930.
ACHT UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS, 1930.
[23adh Mí na Nodlag, 1930.]
An Príomh-Acht.
1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht”an Unemployment Insurance Act, 1920.
Rátaí síntiuis.
2.—(1) Na síntiuisí is iníoctha fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1926, i dtaobh daoine fostuithe ag na daoine sin agus ag á bhfostóirí beid do réir na rátaí atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus an síntiús do bhéarfar, chun crícheanna ailt 5 den Phríomh-Acht, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas beidh sé do réir ráta is ionann agus trí sheachtú de mhéid iomlán na síntiús do híocadh, i dtaobh an duine fhostuithe, ag an duine sin féin agus ag á fhostóir no do híocadh, i gcás duine saor o íoc, ag fostóir an duine sin, agus beidh éifeacht ag fo-ailt (3) agus (7) den alt san 5 dá réir sin.
(2) Ní dhéanfaidh éinní san alt so deifir d'fhorálacha alt 15 agus 16 den Phríomh-Acht.
Alt 12 den Phríomh-Acht do leasú.
3.—Athghairmtear leis seo alt 8 den Unemployment Insurance Act, 1922, agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndéanfar an provísó ghabhann le fo-alt (3) d'alt 12 den Phríomh-Acht do léiriú agus go mbeidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí isteach ann an focal “one-fifth” in ionad an fhocail “one-tenth” atá ann anois.
Athghairm.
4.—Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
Gearr-theideal, léiriú, luadh agus tosach feidhme.
5.—(1) Féadfar an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1930, do ghairm den Acht so, agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1926, agus féadfar na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.
(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire Tionnscail agus Tráchtála.
CEAD SCEIDEAL.
Ratai Sintiuis o Dhaoine Fostuithe agus o Fhostoiri.
Gnath-Ratai.
On duine fostuithe in aghaidh gach seachtaine:— | |||||
I gcás fear | ... | ... | ... | ... | 6d. |
I gcás ban... | ... | ... | ... | ... | 5d. |
On bhfostóir in aghaidh gach seachtaine:— | |||||
Más fear an duine fostuithe | ... | ... | ... | 7d. | |
Más bean an duine fostuithe | ... | ... | ... | 6d. |
Ratai i gCas Daoine fe Bhun Ocht mBliain Deag:—
On duine fostuithe in aghaidh gach seachtaine:— | ||||
I gcás buachaillí... | ... | ... | ... | 3d. |
I gcás cailíní... | ... | ... | ... | 2½d. |
On bhfostóir in aghaidh gach seachtaine:— | ||||
Más buachaill an duine fostuithe | ... | ... | 3½d. | |
Más cailín an duine fostuithe | ... | ... | 3d. |
dara sceideal.
Achtachain a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibideal | Gearr-Theideal | Méid na hAthghairme |
11 & 12 Geo. V., c. 1 | An Unemployment Insurance Act, 1921. | Alt 2 (a bhfuil gan athghairm de). |
11 & 12 Geo. V., c. 15 | An Unemployment Insurance (No. 2) Act, 1921. | Alt 2. |
12 & 13 Geo. V., c. 7 | An Unemployment Insurance Act, 1922. | Fo-alt (4) d'alt 1 agus alt 2. |
Number 33 of 1930.
UNEMPLOYMENT INSURANCE ACT, 1930.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Rates of Contribution by Employed Persons and Employers.
Enactments Repealed.
Number 33 of 1930.
UNEMPLOYMENT INSURANCE ACT, 1930.
The Principal Act.
1.—In this Act the expression “the Principal Act” means the Unemployment Insurance Act, 1920.
Rates of contribution.
2.—(1) The contributions payable under the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1926, in respect of employed persons by those persons and their employers shall be at the rates set out in the First Schedule to this Act and the contribution to be made for the purposes of section 5 of the Principal Act out of moneys provided by the Oireachtas shall be at a rate equal to three-sevenths of the aggregate amount of the contributions paid in respect of the employed person by himself and his employer or, in the case of an exempt person, paid by his employer, and sub-sections (3) and (7) of the said section 5 shall have effect accordingly.
(2) Nothing in this section shall affect the provisions of sections 15 and 16 of the Principal Act.
Amendment of section 12 of the Principal Act.
3.—Section 8 of the Unemployment Insurance Act, 1922, is hereby repealed and in lieu thereof it is hereby enacted that the proviso to sub-section (3) of section 12 of the Principal Act shall be construed and have effect as if for the word “one-tenth” now contained therein there were inserted the word “one-fifth.”
Repeals.
4.—The enactments specified in the Second Schedule to this Act are hereby repealed to the extent mentioned in the third column of the said Schedule.
Short title, construction, citation and commencement.
5.—(1) This Act may be cited as the Unemployment Insurance Act, 1930, and shall be construed as one with the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1926, and those Acts and this Act may be cited together as the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1930.
(2) This Act shall come into operation on such day as shall be fixed for that purpose by an order of the Minister for Industry and Commerce.
FIRST SCHEDULE.
Rates Of Contribution By Employed Persons And Employers.
Ordinary Rates.
From the employed person for each week:— | ||
In the case of men | 6d. | |
In the case of women | 5d. | |
From the employer for each week:— | ||
In the case of an employed person being a man | 7d. | |
In the case of an employed person being a woman | 6d. | |
Rates in the Case of Persons under Eighteen:— | ||
From the employed person for each week:— | ||
In the case of boys | 3d. | |
In the case of girls | 2 ½d. | |
From the employer for each week:— | ||
In the case of an employed person being a boy | 3 ½d. | |
In the case of an employed person being a girl | 3d. |
SECOND SCHEDULE.
Enactments Repealed.
Session and Chapter | Short Title | Extent of Repeal |
11 & 12 Geo. V., c. 1. | The Unemployment Insurance Act, 1921. | Section 2 (so far as unrepealed). |
11 & 12 Geo. V., c. 15. | The Unemployment Insurance (No. 2) Act, 1921. | Section 2. |
12 & 13 Geo. V., c. 7. | The Unemployment Insurance Act, 1922. | Sub-section (4) of section 1 and section 2. |