As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Number 33 of 1999
TEMPORARY HOLDING FUND FOR SUPERANNUATION LIABILITIES ACT, 1999
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
1. | |
2. | Amendment of First Schedule to National Treasury Management Agency Act, 1990. |
3. |
Acts Referred to | ||
Finance Act, 1999 | 1999, No. 2 | |
National Treasury Management Agency Act, 1990 | 1990, No. 18 |
Number 33 of 1999
TEMPORARY HOLDING FUND FOR SUPERANNUATION LIABILITIES ACT, 1999
Temporary Holding Fund for Superannuation Liabilities.
1.—(1) There shall stand established, on the passing of this Act, a fund which shall be known as the Temporary Holding Fund for Superannuation Liabilities, and is in this Act referred to as “the Fund”, into which moneys, paid into the Exchequer, are to be paid under this section, for the purpose of providing towards the cost of future social welfare and public service pension payments and such other pension liabilities of the Exchequer, as the Minister considers necessary.
(2) The Fund shall be managed and controlled by the Minister.
(3) The Minister shall pay into the Fund, in the financial year 1999, out of the Central Fund or the growing produce thereof, a sum not exceeding £4,300,000,000.
(4) Moneys in the Fund shall be placed in deposit accounts in any financial institution or invested in short-term financial products, such as certificates of deposit or commercial paper, issued by any person, carrying on business in or outside the State and any income received in respect of moneys placed or invested under this subsection shall be paid into the Fund or placed or invested under this subsection.
(5) Moneys shall not be paid out of the Fund other than in accordance with an Act of the Oireachtas which provides for such payment.
(6) Accounts of the Fund shall be prepared by the Minister.
(7) Any accounts referred to in subsection (6) shall be prepared in such form, in such manner and at such times, being not later than 30 April after the end of the financial year to which they relate, as the Minister may determine and be subject to audit by the Comptroller and Auditor General.
(8) A copy of an abstract of the accounts of the Fund so audited together with a copy of the report thereon of the Comptroller and Auditor General shall be laid by the Minister before each House of the Oireachtas.
(9) In this section “the Minister” means the Minister for Finance.
Amendment of First Schedule to National Treasury Management Agency Act, 1990.
2.—The First Schedule to the National Treasury Management Agency Act, 1990, is hereby amended by the substitution for the matter inserted by section 213(6)(b) of the Finance Act, 1999, of the following:
“(n) section 213 of the Finance Act, 1999,
(o) subsection (2), (4) and (6) of section 1 of the Temporary Holding Fund for Superannuation Liabilities Act, 1999.”.
Short title.
3.—This Act may be cited as the Temporary Holding Fund for Superannuation Liabilities Act, 1999.
Uimhir 33 de 1999
AN tACHT UM CHISTE SEALBHAÍOCHTA SEALADACH DO DHLITEANAIS AOISLIÚNTAIS, 1999
[An tiontú oifigiúil]
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | An Ciste Sealbhaíochta Sealadach do Dhliteanais Aoisliúntais. |
2. | |
3. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An tAcht Airgeadais, 1999 | 1999, Uimh. 2 |
An tAcht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Naisiúnta, 1990 |
Uimhir 33 de 1999
AN tACHT UM CHISTE SEALBHAÍOCHTA SEALADACH DO DHLITEANAIS AOISLIÚNTAIS, 1999
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CISTE A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN CISTE SEALBHAÍOCHTA SEALADACH DO DHLITEANAIS AOISLIÚNTAIS AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [16 Nollaig, 1999]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
An Ciste Sealbhaíochta Sealadach do Dhliteanais Aoisliúntais.
1.—(1) Beidh arna bhunú, ar an Acht seo a rith, ciste ar a dtabharfar an Ciste Sealbhaíochta Sealadach do Dhliteanais Aoisliúntais, agus dá ngairtear “an Ciste” san Acht seo, ar ciste é a mbeidh airgead, arna íoc isteach sa Státchiste, le híoc isteach ann faoin alt seo chun soláthar a dhéanamh faoi chomhair an chostais a ghabhfaidh le híocaíochtaí leasa shóisialaigh agus pinsin seirbhíse poiblí sa todhchaí agus faoi chomhair cibé dliteanais pinsin eile de chuid an Státchiste is dóigh leis an Aire is gá.
(2) Déanfaidh an tAire an Ciste a bhainistiú agus a rialú.
(3) Déanfaidh an tAire, sa bhliain airgeadais 1999, suim nach mó ná £4,300,000,000 a íoc isteach sa Chiste as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.
(4) Déanfar airgead sa Chiste a chur i gcuntais taisce in aon fhoras airgeadais nó a infheistiú i dtáirgí airgeadais gearrthéarma, ar nós deimhnithe taiscthe nó páipéir tráchtála, arna n-eisiúint ag aon duine a sheolann gnó laistigh den Stát nó lasmuigh de agus déanfar aon ioncam a gheofar i leith airgid a bheidh curtha i gcuntais taisce nó a bheidh infheistithe faoin bhfo-alt seo a íoc isteach sa Chiste nó a chur i gcuntais taisce nó a infheistiú faoin bhfo-alt seo.
(5) Ní íocfar airgead amach as an gCiste ach amháin de réir Acht den Oireachtas lena ndéantar foráil maidir le híocaíocht den sórt sin.
(6) Déanfaidh an tAire cuntais an Chiste a ullmhú.
(7) Déanfar aon chuntais dá dtagraítear i bhfo-alt (6) a ullmhú i cibé foirm, ar cibé modh agus cibé tráthanna, ar tráthanna iad nach déanaí ná an 30 Aibreán tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann siad, a chinnfidh an tAire agus beidh siad faoi réir a n-iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
(8) Déanfaidh an tAire cóip d'achomaireacht de chuntais an Chiste arna n-iniúchadh amhlaidh maille le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an gcéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(9) San alt seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.
Leasú ar an gCead Sceideal a ghabhann leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990.
2.—Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Naisiúnta, 1990, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an ábhair a cuireadh isteach le halt 213(6)(b) den Acht Airgeadais, 1999:
“(n) alt 213 den Acht Airgeadais, 1999,
(o) fo-ailt (2), (4) agus (6) d'alt 1 den Acht um Chiste Sealbhaíochta Sealadach do Dhliteanais Aoisliúntais, 1999.”.
Gearrtheideal.
3.—Féadfar an tAcht um Chiste Sealbhaíochta Sealadach do Dhliteanais Aoisliúntais, 1999, a ghairm den Acht seo.