As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 34 de 1928.
ACHT FORAOISEACHTA, 1928.
[10adh Mí na Nodlag, 1928.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Talmhaíochta;
cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an Forestry Act, 1919; nuair a húsáidtear an focal “oiriúnuithe” i dtaobh an Phríomh-Achta cialluíonn sé oiriúnuithe leis an Ordú um Choimisinéirí Foraoiseachta Shaorstáit Éireann, 1927, do dhin an Ard-Chomhairle ar an 11adh lá de Lúnasa, 1927, fé alt 7 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922), agus leis an Ordú um Choimisinéirí Foraoiseachta Shaorstáit Éireann (Aistriú Feidhmeanna), 1927, do dhin an Ard-Chomhairle ar an 12adh lá de Lúnasa, 1927, fé alt 9 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924);
foluíonn an focal “crann” crann d'aon aos no ar aon staid fáis ach ní fholuíonn sé aon chrann toraidh ná aon tsaileach;
cialluíonn an focal “adhmad” adhmad aon chrainn; foluíonn an focal “coill” fáschoill;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfidh an tAire fén Acht so.
Cineáil áirithe crann d'eisceacht.
2.—(1) Féadfidh an tAire o am go ham, tré ordú do dhéanamh fén bhfo-alt so, a fhaisnéis go mbeidh an tAcht so no pé cuid de a luadhfar san ordú san gan baint le haon chrann den chineál a bheidh ainmnithe san ordú san, agus pé uair a déanfar a leithéid sin d'ordú beidh an tAcht so no pé cuid de a luadhfar amhlaidh gan baint le haon chrann den chineál san faid a bheidh an t-ordú san gan ceiliúra.
(2) Féadfidh an tAire ordú a bheidh déanta fén bhfo-alt san roimhe seo do cheiliúra aon uair tré ordú do dhéanamh fén bhfo-alt so.
Iarrataisí chun Choimisiún Talmhan na hÉireann.
3.—Bainfidh na forálacha so a leanas le cás gach iarratais a déanfar chun Choimisiún Talmhan na hÉireann fé alt 7 den Phríomh-Acht agus fén sceideal a ghabhann leis, mar a hoiriúnuítear an tAcht san agus mar a leasuítear leis an Acht so é, sé sin le rá:—
(1) is chun Choimisiún Talmhan na hÉireann lasmuich den Choimisinéir Breithiúntais a déanfar gach iarratas den tsórt san agus isiad a éistfidh é agus a thabharfidh breith air;
(2) luighfidh athchomharc chun an Choimisineura Bhreithiúntais i gcoinnibh gach ordú a dhéanfidh Coimisiún Talmhan na hÉireann lasmuich den Choimisinéir Breithiúntais ar aon iarratas den tsórt san;
(3) ní bheidh dul thar breith an Choimisineura Bhreithiúntais ar athchomharc fén alt so;
(4) ní diúltófar d'aon iarratas den tsórt san maran dó le Coimisiún Talmhan na hÉireann lasmuich den Choimisinéir Breithiúntais no, ar athchomharc, maran dó leis an gCoimisinéir Breithiúntais go dtagann an talamh le n-a mbaineann an t-iarratas fé fhorálacha fo-alt (2) d'alt 7 den Phríomh-Acht no go bhfuil sé ag teastáil chun cumhangracht do laigheadú fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh;
(5) más deimhin le Coimisiún Talmhan na hÉireann (lasmuich den Choimisinéir Breithiúntais) no leis an gCoimisinéir Breithiúntais, pe'ca aca é, nách féidir, tar éis fiosruithe dhícheallaigh, únaer na talmhan le n-a mbaineann iarratas no athchomharc d'fháil ná a fháil amach cé hé, féadfar, d'ainneoin éinní contrárdha dho san atá san alt san 7, an t-iarratas no an t-athchomharc san d'éisteacht agus breith do thabhairt air gan an t-únaer sin do bheith i láthair;
(6) aon ordú a déanfar, ar aon iarratas den tsórt san, ag Coimisiún Talmhan na hÉireann lasmuich den Choimisinéir Breithiúntais no, ar athchomharc, ag an gCoimisinéir Breithiúntais, oibreoidh sé chun gach ceart féaraigh, ceart portaigh agus ceart eile sa talamh le n-a mbaineann an t-ordú san do mhúcha o dháta an orduithe sin fé réir an tAire d'íoc cúitimh le húnaerí na gceart san agus mara gcó-aontuítear ar an gcúiteamh san socrófar é fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir;
(7) is do réir rialacha a dhéanfidh Coimisiún Talmhan na hÉireann a déanfar agus a stiúrófar gach iarratas den tsórt san agus gach athchomharc den tsórt san.
Blianachtaí talamhcheannaigh do roinnt.
4.—Pé uair a thárlóidh talamh is abhar d'ordú fé alt 7 den Phríomh-Acht mar a hoiriúnuítear agus a leasuítear leis an Acht so é do bheith, maraon le talamh eile, fé bhlianacht is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann, féadfidh Coimisiún Talmhan na hÉireann an bhlianacht san do roinnt, ar pé slí is dó leo is oiriúnach, idir an talamh is abhar don ordú san agus an talamh eile sin no féadfid iomlán na blianachta san do chur mar mhuirear ar aon chuid den talamh a bheidh fúithí mar shaora don chuid eile dhe.
Fógra go bhfuiltar chun crainn do ghearra.
5.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon chrann do ghearra anuas ná aon chrann os cionn deich mblian d'aois do réaba as a phréamhacha, mara mbeidh an té gur leis é no an té do bhí i dteideal roimhe, no duine éigin thar ceann éinne acu, tar éis fógra i scríbhinn (dá ngairmtear fógra leagtha crainn san Acht so) do thabhairt, lá is fiche ar a laighead roimh thosnú ar an ngearra no ar an réaba san, don tsáirsint i gceannas an stáisiúin Ghárda Síochána is goire don chrann san á rá go bhfuiltar chun an crann san do ghearra anuas no do réaba as a phréamhacha.
(2) Beidh gach fógra leagtha crainn sa bhfuirm orduithe agus luadhfar ann ainm agus seola an únaera go mbeidh an fógra san á thabhairt aige no thar a cheann agus áit i Saorstát Éireann ina bhféadfar scríbhinní do sheirbheáil fén Acht so agus pé mioninnste eile a hordófar.
(3) Má dhineann éinne no má chuireann sé fé ndeár no má cheaduíonn sé aon chrann do ghearra anuas no do réaba as a phréamhacha contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air in aghaidh gach crainn go ndéanfar no go gcuirfar fé ndeár no go gceadófar a ghearra anuas no a réaba as a phréamhacha amhlaidh, ach má taisbeántar gur tré dhearmhad bona fide i dtaobh conus mar do bhí do dineadh an cionta ní raghaidh an fhíneáil iomlán thar £100 in aon chás.
(4) Má abrann éinne i bhfógra leagtha crainn éinní a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phone táchtach beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe.
(5) Aon chrann gur dheon an tAire cead ina thaobh fén Acht so ní bhainfidh an t-alt so leis faid a bheidh an cead san i bhfeidhm, ná le haon chrann gur dheon an tAire ceadúnas ina thaobh fén Acht so, ná le haon chrann 'na ndéanfar a ghearra anuas d'údarú fé alt 34 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), no fé alt 98 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927), ná le haon chrann gur dineadh connra roimh an 1adh lá d'Abrán, 1928, chun a dhíolta, má tugadh don Aire laistigh de mhí o thosach feidhme an Achta so mion-innste ar an gconnra san agus íad deimhnithe sa tslí orduithe agus má dintar an crann san do ghearra anuas no do réaba as a phréamhacha laistigh de shé mhí o thosach feidhme an Achta so.
Beart do réir ráitisí i bhfógra leagtha crainn.
6.—(1) Má abartar i bhfógra leagtha crainn go bhfuil crann á ghearra anuas no á réaba as a phréamhacha chun críche áirithe, ní bheidh sé dleathach d'éinne, nuair a bheidh sé gearrtha anuas no réabtha as a phréamhacha do réir an fhógra san, an crann san ná aon chuid mhór de d'úsáid ná deighleáil leis ná a chur fé ndeár ná a cheadú go n-úsáidfar é ná go ndeighleálfar leis chun aon chríche ach an chríoch adubhradh amhlaidh sa bhfógra san.
(2) Gach éinne a dhéanfidh no a chuirfidh fé ndeár no a cheadóidh crann no aon chuid de d'úsáid no deighleáil leis contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air in aghaidh gach crainn den tsórt san, ach má taisbeántar gur tré dhearmhad bona fide i dtaobh conus mar do bhí do dineadh an cionta ní raghaidh an fhíneáil iomlán thar £100 in aon chás.
Orduithe toirmisc.
7.—(1) Pé uair a beifear tar éis fógra leagtha crainn do thabhairt i dtaobh aon chrainn féadfidh an tAire, maran crann eiscithe do réir bhrí an ailt seo an crann san, laistigh de lá is fiche ón dáta ar ar tugadh an fógra san amhlaidh ach ní ina dhiaidh sin, ordú (dá ngairmtear ordú toirmisc san Acht so) sa bhfuirm orduithe do dhéanamh agus do sheirbheáil ar an únaer a thug an fógra san no 'nar tugadh thar a cheann é no ar a chomharba i dteideal á thoirmeasc an crann san do ghearra anuas ná do réaba as a phréamhacha.
(2) Seirbheálfar gach ordú toirmisc tré n-a sheachada don té ar a mbeidh sé le seirbheáil no tré n-a fhágaint do le duine de shé bliana déag no níos mó d'aois san áit a bheidh ainmnithe sa bhfógra leagtha crainn sin chun scríbhinní do sheirbheáil fén Acht so.
(3) I gcás ina ndéanfar ordú toirmisc i dtaobh aon chrainn agus ina seirbheálfar é go cuibhe do réir an ailt seo ní bheidh sé dleathach d'éinne an crann san do ghearra anuas ná do réaba as a phréamhacha ná a chur fé ndeár ná a cheadú go ndéanfar amhlaidh mara mbeidh ceadúnas deonta ag an Aire fén Acht so i dtaobh an chrainn sin nuair a déanfar no nuair a cuirfar fé ndeár no a ceadófar an crann san do ghearra anuas no do réaba as a phréamhacha.
(4) Má dhineann éinne no má chuireann sé fé ndeár no má cheaduíonn sé aon chrann do ghearra anuas no do réaba as a phréamhacha contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air in aghaidh gach crainn go ndéanfar no go gcuirfar fé ndeár no go gceadófar a ghearra anuas no a réaba as a phréamhacha amhlaidh.
(5) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar gur crainn eiscithe na crainn seo a leanas, eadhon—
(a) crann adéarfar sa bhfógra leagtha crainn do bheith ceaptha le réaba as a phréamhacha chun é d'athchur,
(b) crann atá ag fás no ina sheasamh i gcontae-bhuirg no i mbailecheanntar contae,
(c) crann atá ag fás no ina sheasamh laistigh de chéad troigh o aon fhoirgint,
(d) crann nách gá chun órnáidithe ná chun dídine an ghabháltais ar a bhfuil sé ina sheasamh agus adéarfar sa bhfógra leagtha crainn do bheith le gearra anuas chun a adhmad d'úsáid chun foirgintí, cladhthacha, no déanmhachtaí eile do dhéanamh no do dheisiú ar an ngabháltas san no ar ghabháltas eile le húnaer an chéad ghabháltais sin a luaidhtear no ar ghabháltas le duine eile i ngar-chomhursanacht an chéad ghabháltais sin a luaidhtear, no chun úirlisí feirmeoireachta a bheidh le húsáid ar aon cheann de sna gabháltaisí sin do dhéanamh no do dheisiú,
(e) crann nách gá chun órnáidithe ná chun dídine an ghabh áltais ar a bhfuil sé ina sheasamh agus a déarfar sa bhfógra leagtha crainn do bheith le gearra anuas chun é d'úsáid mar abhar teine tighis ar an ngabháltas ar a bhfuil sé ina sheasamh,
(f) crann atá marbh no lobhtha no damáistithe thar fóir agus gan aon mhaith ann chun crícheanna tráchtála,
(g) crann go ndéarfar ina thaobh sa bhfógra leagtha crainn go bhfuil sé ina sheasamh ar thalamh do ceannuíodh roimh an 1adh lá d'Abrán, 1928, agus gur tugadh iomlán airgid cheannaigh an tailimh sin no cuid éigin de ar iasacht do cheannuitheoir an tailimh sin ar na téarmaí go ndéanfí an crann san do ghearra anuas agus do dhíol agus sochar a dhíola do chur chun no mar chabhair chun aisíoctha na hiasachta san, agus go bhfuil an iasacht san no cuid éigin di dlite fós ar dháta an fhógra leagtha crainn sin agus go bhfuil an crann san á ghearra anuas chun na téarmaí sin na hiasachta san do chólíona,
(h) crann go ndéarfar ina thaobh sa bhfógra leagtha crainn an talamh ar a bhfuil sé ina sheasamh do bheith fé mhorgáiste no fé mhuirear do bhí ann le linn rithte an Achta so agus an crann san maraon le crainn eile (pe'ca bheid áirmhithe sa bhfógra leagtha crainn sin no ná beid) atá ina seasamh ar an talamh san do bheith ina gcuid shubstainteach den urrús ar íoc an airgid a hurruítear leis an morgáiste no leis an muirear san agus an crann san do bheith á ghearra anuas chun é dhíol le hintinn sochar an díola san do chur chun no mar chabhair chun an t-airgead san d'íoc.
Ceadúnaisí chun crainn do leaga.
8.—(1) Pé uair a déanfar agus a seirbheálfar ordú toirmisc fén Acht so i dtaobh crainn, ansan, ar a iarraidh sin air d'únaer an chrainn sin sa bhfuirm orduithe agus sa tslí orduithe, féadfidh an tAire, aon uair tar éis déanamh an orduithe sin, ceadúnas sa bhfuirm orduithe do dheona d'únaer an chrainn sin chun an crann san do ghearra anuas no do réaba as a phréamhacha agus oibreoidh an ceadúnas san chun an ceadúnaí agus éinne dá mbeidh údarás tugtha aige do shaora, maidir leis an gcrann san, ón toirmeasc a déanfar leis an ordú toirmisc sin.
(2) Más oiriúnach leis an Aire é féadfidh coiníoll bheith i gceadúnas a deonfar fén alt so go ndéanfidh an ceadúnaí, laistigh d'aimsir áirithe (nách giorra ná dhá mhí dhéag chaileandair) tar éis crann do ghearra anuas no do réaba as a phréamhacha fén gceadúnas, crann no crainn de shaghas áirithe do phlandú ar an ngabháltas ar ar gearradh anuas an crann san no ar ar réabadh as a phréamhacha é agus má theipeann ar an gceadúnaí in aon chás den tsórt san an coiníoll san do chólíona laistigh den aimsir a bheidh luaidhte chuige sin sa cheadúnas beidh sé ciontach i gcionta fén alt so in aghaidh gach mí a leanfidh an teip sin agus ar a chiontú ar an slí achmair in aon chionta den tsórt san dlighfar fíneáil do chur air ná raghaidh thar cúig púint má sé an chéad chionta aige é maidir le haon cheadúnas áirithe agus ná raghaidh thar deich bpúint má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin maidir leis an gceadúnas céanna.
(3) Sara ndeonfa sé ceadúnas fén alt so chun crann do ghearra anuas no do réaba as a phréamhacha ar ghabháltas a bheidh de thurus na huaire fé bhlianacht is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann tabharfidh an tAire áird ar an urrús ar íoc na blianachta san
(4) Má dhiúltuíonn an tAire do ghéille d'iarratas ar cheadúnas fén alt so cuirfe sé síos i scríbhinn an fáth ar ar dhiúltuigh sé do ghéille don iarratas san.
Paineul de réiteoirí.
9.—(1) Bunófar agus cimeádfar ar siúl chun crícheanna an Achta so paincul de réiteoirí ar a mbeidh pé méid daoine cearta oiriúnacha a gheobhfar o am go ham a bheith riachtanach chun na gcrícheanna roimhráite.
(2) Isí an Ard-Chomhairle a cheapfidh baill an phainéil de réiteoirí agus beidh gach ball acu i seilbh oifige go ceann cúig mblian o dháta a cheaptha ach beidh sé ion-athcheaptha i ndeire aon téarma oifige den tsórt san.
(3) Íocfar le gach ball den phaineul de réiteoirí, ar son gach scrúduithe agus tuarasgabhála a dhéanfa sé do réir an Achta so, pé táillí agus costaisí a ordóidh an tAire le haontú an Aire Airgid.
Iarratas do chur fé bhráid réiteora.
10.—(1) Má dhiúltuíonn an tAire do ghéille d'iarratas ar cheadúnas fé alt 8 (alt a bhaineann le ceadúnaisí chun crainn do leaga) den Acht so, ansan, ar chur éilimh chun an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus laistigh den aimsir orduithe agus ar íoc na táille orduithe, beidh teideal ag únaer an chrainn le n-a mbaineann an t-iarratas san go ndéanfí dho an t-iarratas san do chur fé bhráid réiteora.
(2) Ar fháil éilimh fén bhfo-alt san roimhe seo dho, maraon leis an táille orduithe air, cuirfidh an tAire fé ndeár an t-iarratas san do chur fé bhráid réiteora, a ainmneoidh an tAire as an bpaineul de réiteoirí chun a scrúduithe agus tabharfidh an réiteoir sin tuarasgabháil i scríbhinn don Aire ar thora an scrúduithe a dhéanfa sé.
(3) Leis sin breithneoidh an tAire an tuarasgabháil sin agus cuirfe sé cóip di chun an té d'iarr an ceadúnas san agus daingneoidh sé an diúltú roimhráite no neachtar acu deonfa sé an ceadúnas san don té d'iarr é.
(4) Má dheonann an tAire ceadúnas do réir an ailt seo déanfar an táille do híocadh ar an éileamh ar scrúdú réiteora do thabhairt thar n-ais don té d'íoc í.
Cúiteamh mar gheall ar dhiúltú do cheadúnas do dheona.
11.—Má tugtar fógra leagtha crainn i dtaobh aon chrainn agus, d'fhonn áilneacht áite do chimeád mar atá, go ndéanfidh an tAire ordú toirmisc no go ndiúltóidh sé do cheadúnas do dheona fé alt 8 (alt a bhaineann le ceadúnaisí chun crainn do leaga) den Acht so i dtaobh an chrainn sin, féadfidh an tAire, más deimhin leis go bhfuiltear ar aigne bona fide an crann san do leaga, cúiteamh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do mhola d'únaer an chrainn sin mar gheall ar an ordú no ar an diúltú san agus mara gcó-aontuítear ar mhéid an chúitimh sin socrófar é ag eadarascánaí oifigiúil a ceapfar fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.
Ceadanna chun coill do thanú no do ghlana.
12.—(1) Féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, cead generálta sa bhfuirm orduithe do dheona d'éinne chun aon chrainn de ghearra anuas no do réaba as a bpréamhacha in aon choill áirithe no ar aon talamh áirithe i ngnáth-chúrsa tanuithe no glanta na coille sin chun ath-phlanduithe no do réir chleachta ghenerálta na dea-fhoraoiscachta.
(2) Beidh gach iarratas ar chead fén alt so sa bhfuirm orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann.
(3) Féadfidh an tAire cead a deonfar fén alt so do ghairm thar n-ais aon uair.
Tuir do dhógha.
13.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon tuir do dhógha a bheidh ag fás laistigh de mhíle o choill nách leis an duine sin mara ndinidh an duine sin, seacht lá ar a laighead roimh thosnú dho ar na tuir sin do dhógha, fógra i scríbhinn do thabhairt d'únaer na coille sin agus don tsáirsint i gceannas an stáisiúin Ghárda Síochána is goire don choill sin go bhfuil sé chun na tuir sin do dhógha.
(2) Má dhóghann éinne aon tuir contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(3) Pé uair a seirbheálfar fógra ar únaer choille fé fho-alt (1) den alt so féadfidh an t-únaer sin, laistigh de thrí lá tar éis an fógra san d'fháil do, frith-fhógra do sheirbheáil ar an té do thug an fógra san, ag cur i gcoinnibh an dóighte bheartuithe ar an scór gur baolach go ndéanfa sé damáiste don choill sin.
(4) Má dhóghann éinne aon tor contrárdha don alt so no tar éis an fógra is gá do réir an ailt seo do sheirbheáil agus frithfhógra fén alt so d'fháil, tuigfar gur tré ghníomh fhaillitheach an duine sin do dineadh gach díobháil do dhin an dógha san d'aon choill gur cheart, no gur dineadh, fógra do sheirbheáil ina taobh fén alt so, agus féadfidh únaer na coille sin dá réir sin cothrom na díobhála san de dhamáistí do bhaint den duine sin.
(5) San alt so cialluíonn an focal “tor” coll, aiteann, fraoch, raithneach, agus plandaí eile den tsórt san.
Eolas o lucht muileann sábhadóireachta.
14.—(1) Gach éinne is dílseánach d'aon mhuileann sábhadóireachta no monarcha ina ndintar adhmad do shábha no d'atharú o n-a staid chó-chruinn no gharbh, tabharfa sé don Aire sa bhfuirm orduithe, laistigh d'ocht lá fichead tar éis don Aire a cheangal air san a dhéanamh, pé eolas a éileoidh an tAire ar cad as don adhmad san a dintar a shábha no a atharú amhlaidh sa mhuileann shábhadóireachta no sa mhonarchain sin agus ar cé méid agus cadé an saghas é.
(2) Gach éinne a easportálann adhmad ar staid chó-chruinn no gharbh tabharfa sé don Aire sa bhfuirm orduithe, laistigh d'ocht lá fichead tar éis don Aire a cheangal air san a dhéanamh, pé eolas a éileoidh an tAire ar cad as don adhmad san d'easportáil sé o Shaorstát Éireann i rith na tréimhse a bheidh luaidhte chuige sin san éileamh agus ar cé méid agus cadé an saghas é.
(3) Nuair a cheanglóidh an tAire ar éinne fén alt so aon eolas do thabhairt uaidh, má theipeann ar an duine sin an t-eolas san do thabhairt uaidh no má dhiúltuíonn sé d'é thabhairt uaidh no má thugann sé uaidh eolas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phone táchtach no má thugann sé faillí ar aon tslí eile san alt so do chólíona beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná ragaidh thar deich bpúint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lá a leanfar den chionta do dhéanamh.
Cúiseamh mar gheall ar chiontaí.
15.—(1) Ní bunófar imeachta mar gheall ar chionta fén Acht so ach ag an Aire no le haontú an Aire.
(2) Féadfidh an tAire mar chúisitheoir, no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir, cúiseamh do dhéanamh mar gheall ar gach cionta fé aon fhoráil den Acht so.
Rialacháin.
16.—(1) Féadfidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud orduithe.
(2) Gach rialachán a dhéanfidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialachán do bheith leagtha fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin i nea-mbrí beidh an rialachán san curtha i neambrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do dineadh roimhe sin fén rialachán san.
Costaisí.
17.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar ag cur an Achta so i bhfeidhm.
Leasú ar Mhír (7) den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
18.—Léireofar Mír (7) den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus beidh éifeacht aici fé is dá gcuirtí na focail “and profits à prendre” isteach inti díreach tar éis an fhocail “easements” atá sa mhír sin anois.
Athghairmeanna.
19.—Dintar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis seo d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
Gearr-theideal agus luadh.
20.—(1) Féadfar an tAcht Foraoiseachta, 1928, do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Foraoiseachta, 1919 agus 1928, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.
(2) Tiocfidh an tAcht so i ngníomh pé lá a socrófar chuige sin le hordú ón Aire.
SCEIDEAL.
ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.
Siosón agus caibideal no bliain agus uimhir. | Gearr-theideal. | Méid na hAthghairme. |
9 Edw. VII. ch. 42. | The Irish Land Act, 1909. | Alt 32, mír (b) d'fho-alt (1) agus fo-alt (2). |
9 & 10 Geo. V. ch. 58. | The Forestry Act, 1919. | Alt 3, fo-alt (3) o sna focail “any advance by way of grant” go dtí na focail “Provided also that.” Alt 7, fo-alt (3). |
Number 34 of 1928.
FORESTRY ACT, 1928.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Acts Referred to | |
No. 2 of 1922 | |
No. 16 of 1924 | |
No. 5 of 1925 | |
No. 27 of 1927 |
Number 34 of 1928.
FORESTRY ACT, 1928.
Definitions.
1.—In this Act—
the expression “the Minister” means the Minister for Agriculture;
the expression “the Principal Act” means the Forestry Act, 1919: the word “adapted” when used in relation to the Principal Act means adapted by the Saorstát Eireann Forestry Commissioners Order, 1927, made on the 11th day of August, 1927, by the Executive Council under section 7 of the Adaptation of Enactments Act, 1922 (No. 2 of 1922) and the Saorstát Eireann Forestry Commissioners (Transfer of Functions) Order, 1927, made on the 12th day of August, 1927, by the Executive Council under section 9 of the Ministers and Secretaries Act, 1924 (No. 16 of 1924);
the word “tree” includes a tree of any age or at any stage of growth but does not include any fruit tree or any osier;
the word “timber” means wood which is the product of any tree;
the word “wood” save in the foregoing definition includes a plantation;
the word “prescribed” means prescribed by regulations made by the Minister under this Act.
Exclusion of particular species of trees.
2.—(1) The Minister may from time to time by order made under this sub-section declare that this Act or such part thereof as may be specified in such order shall not apply to any tree of the species named in such order, and whenever such an order is made this Act or such part thereof as may be so specified shall not apply to any tree of such species as long as such order remains unrevoked.
(2) An order made under the foregoing sub-section may be revoked at any time by the Minister by order made under this sub-section.
Applications to the Irish Land Commission.
3.—The following provisions shall apply in respect of every application to the Irish Land Commission under section 7 of and the schedule to the Principal Act as adapted and amended by this Act, that is to say:—
(1) every such application shall be made to and heard and determined by the Irish Land Commission exclusive of the Judicial Commissioner;
(2) an appeal shall lie to the Judicial Commissioner from every order made by the Irish Land Commission exclusive of the Judicial Commissioner on any such application;
(3) the decision of the Judicial Commissioner on an appeal under this section shall be final;
(4) no such application shall be refused unless the Irish Land Commission, exclusive of the Judicial Commissioner or, on appeal, the Judicial Commissioner is of opinion that the land to which the application relates comes within the provisions of sub-section (2) of section 7 of the Principal Act or that it is required for the purpose of relieving congestion under the Land Purchase Acts;
(5) if the Irish Land Commission (exclusive of the Judicial Commissioner) or the Judicial Commissioner, as the case may be, is satisfied that after diligent inquiry the owner of the land to which an application or appeal relates cannot be found or cannot be ascertained such application or appeal may, notwithstanding anything to the contrary contained in the said section 7, be heard and determined in the absence of such owner;
(6) an order made on any such application by the Irish Land Commission exclusive of the Judicial Commissioner or, on appeal, by the Judicial Commissioner, shall operate to extinguish as from the date of such order all grazing, turbary and other rights in the land to which such order relates subject to the payment by the Minister to the owners of such rights of compensation which shall, in default of agreement, be fixed under and in accordance with the Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919;
(7) every such application and every such appeal shall be made and conducted in accordance with rules to be made by the Irish Land Commission.
Apportionment of land purchase annuities.
4.—Whenever land the subject of an order under section 7 of the Principal Act as adapted and amended by this Act is subject in conjunction with other land to an annuity payable to the Irish Land Commission, the Irish Land Commission may apportion such annuity in such manner as they may deem expedient between the land the subject of such order and such other land or may charge the whole of such annuity on any part of the land subject thereto in exoneration of the residue thereof.
Notice of intention to cut trees.
5.—(1) It shall not be lawful for any person to cut down any tree or to uproot any tree over ten years old unless, not less than twenty-one days before the commencement of the cutting down or uprooting of such tree, the owner thereof or his predecessor in title or some person on behalf of such owner or predecessor shall have given to the sergeant in charge of the Gárda Síochána station nearest to such tree a notice in writing (in this Act referred to as a felling notice) of intention to cut down or uproot such tree.
(2) Every felling notice shall be in the prescribed form and shall state the name and address of the owner by or on whose behalf such notice is given, a place in Saorstát Eireann at which documents may be served under this Act and such other particulars as may be prescribed.
(3) If any person cuts down or uproots or causes or permits to be cut down or uprooted any tree in contravention of this section, he shall be guilty of an offence under this sub-section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding five pounds for every tree so cut down or uprooted or caused or permitted to be cut down or uprooted, but where it is shown that the commission of the offence was the result of a bona fide mistake of fact the total penalty shall not in any event exceed £100.
(4) If any person makes in a felling notice any statement which is false or misleading in any material respect he shall be guilty of an offence under this sub-section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding twenty-five pounds or, at the discretion of the Court, to imprisonment for any term not exceeding three months.
(5) This section shall not apply to any tree in respect of which a permit has been granted by the Minister under this Act so long as such permit is in force, nor to any tree in respect of which a licence has been granted by the Minister under this Act, nor to any tree the cutting down of which is authorised under section 34 of the Local Government Act, 1925 (No. 5 of 1925), or section 98 of the Electricity (Supply) Act, 1927 (No. 27 of 1927), nor to any tree which is the subject of a contract for the sale thereof made before the 1st day of April, 1928, where particulars of such contract verified in the prescribed manner have been furnished to the Minister within one month from the commencement of this Act and such tree is cut down or uprooted within six months from the commencement of this Act.
Compliance with statements in felling notice.
6.—(1) Where a felling notice contains a statement that a tree is being cut down or uprooted for a specified purpose, it shall not be lawful for any person to use or deal with such tree or any substantial part thereof or cause or permit the same to be used or dealt with when cut down or uprooted in pursuance of such felling notice for any purpose other than the purpose so stated in such felling notice.
(2) Every person who uses or deals with a tree or any part thereof or causes or permits the same to be used or dealt with in contravention of this section shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding five pounds for every such tree, but where it is shown that the commission of the offence was the result of a bona fide mistake of fact the total penalty shall not in any event exceed £100.
Prohibition orders.
7.—(1) Whenever a felling notice has been given in respect of any tree the Minister may, unless such tree is an exempted tree within the meaning of this section, within but not after twenty one days from the date on which such notice was so given make and serve on the owner by or on whose behalf such notice was given or his successor in title an order (in this Act referred to as a prohibition order) in the prescribed form prohibiting the cutting down or uprooting of such tree.
(2) Every prohibition order shall be served either by delivering the same to the person on whom it is to be served or by leaving it for him with a person of the age of sixteen years or upwards at the place named in the said felling notice for the service of documents under this Act.
(3) Where a prohibition order has been made in respect of any tree and has been duly served in accordance with this section, it shall not be lawful for any person to cut down or uproot or cause or permit to be cut down or uprooted such tree unless at the time such tree is cut down or uprooted or caused or permitted to be cut down or uprooted a licence has been granted by the Minister under this Act in respect of such tree.
(4) If any person cuts down or uproots or causes or permits to be cut down or uprooted any tree in contravention of this section he shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding five pounds for every tree so cut down or uprooted or caused or permitted to be cut down or uprooted.
(5) For the purposes of this section the following trees shall be deemed to be exempted trees, namely—
(a) a tree which is stated in the felling notice to be intended to be uprooted for the purpose of transplantation,
(b) a tree growing or standing in a county borough or urban county district,
(c) a tree growing or standing within one hundred feet of any building,
(d) a tree which is not necessary for the ornament or protection of the holding on which it stands and is stated in the felling notice to be intended to be cut down for the purpose of using the timber thereof for the construction or repair of buildings, fences or other structures on the said holding or another holding belonging to the owner of such first-mentioned holding, or on a holding belonging to another person in the immediate neighbourhood of such first-mentioned holding, or for the construction or repair of farming implements for use on any of the said holdings,
(e) a tree which is not necessary for the ornament or protection of the holding on which it stands and which is stated in the felling notice to be intended to be cut down for the purpose of using it as domestic fuel on the holding on which it stands,
(f) a tree which is dead or decayed or irremediably damaged and useless for commercial purposes,
(g) a tree in respect of which it is stated in the felling notice that such tree is standing on land purchased before the 1st day of April, 1928, and that the whole or some part of the purchase-money of such land was lent to the purchaser thereof on the terms that such tree should be cut down and sold and the proceeds thereof applied in or towards repayment of such loan and that such loan or some part thereof is still owing at the date of such felling notice and that such tree is being cut down for the purpose of complying with the said terms of the said loan,
(h) a tree in respect of which it is stated in the felling notice that the land on which such tree is standing is subject to a mortgage or charge subsisting at the passing of this Act and that such tree together with other trees (whether included or not included in such felling notice) standing on such land is a substantial portion of the security for the payment of the moneys secured by such mortgage or charge and that such tree is being cut down for sale with the intention of applying the proceeds of such sale in or towards payment of such moneys.
Licences to fell trees.
8.—(1) Whenever a prohibition order has been made and served under this Act in relation to a tree the Minister on the application of the owner of such tree made in the prescribed form and in the prescribed manner may at any time after the making of such order grant to the owner of such tree a licence in the prescribed form to cut down or uproot such tree and such licence shall operate to relieve in respect of such tree the licensee and any person authorised by him from the prohibition effected by the said prohibition order.
(2) A licence granted under this section may, if the Minister so thinks fit, contain a condition that the licensee shall, within a specified time (not being less than twelve calendar months) after cutting down or uprooting a tree under the licence, plant one or more trees of a specified kind on the holding on which such tree was cut down or uprooted and if in any such case the licensee fails to perform such condition within the time specified in that behalf in the licence he shall be guilty of an offence under this section in respect of every month during which such failure continues and shall be liable on summary conviction of any such offence to a fine, in the case of a first offence in respect of any particular licence, not exceeding five pounds and, in the case of a second or any subsequent offence in respect of the same licence, not exceeding ten pounds.
(3) Before granting a licence under this section to cut down or uproot a tree on a holding which is for the time being subject to an annuity payable to the Irish Land Commission the Minister shall have regard to the security for the payment of such annuity.
(4) Where the Minister refuses an application for a licence under this section he shall state in writing the grounds on which he has refused such application.
Panel of Referees.
9.—(1) There shall be established and maintained for the purposes of this Act a panel of referees consisting of such number of fit and proper persons as shall from time to time be found necessary for the purposes aforesaid.
(2) The members of the panel of referees shall be appointed by the Executive Council and every such member shall hold office for five years from the date of his appointment but shall be eligible for re-appointment at the expiration of any such term of office.
(3) Every member of the panel of referees shall be paid such fees and expenses for every examination and report made by him in pursuance of this Act as the Minister shall, with the approval of the Minister for Finance, direct.
Reference of application to a referee.
10.—(1) Where the Minister refuses an application for a licence under section 8 (which relates to licences to fell trees) of this Act the owner of the tree to which such application relates shall be entitled, on sending to the Minister a requisition in the prescribed form and manner and within the prescribed time and on payment of the prescribed fee, to have such application referred to a referee.
(2) Upon receipt of a requisition under the foregoing sub-section, together with the prescribed fee thereon, the Minister shall cause the said application to be referred to a referee nominated by the Minister from the panel of referees for examination and such referee shall make a report in writing to the Minister of the result of his examination.
(3) The Minister shall thereupon consider the said report and send a copy thereof to the applicant for the said licence and shall either confirm the refusal aforesaid or grant the said licence to the applicant therefor.
(4) Where the Minister grants a licence in pursuance of this section the fee paid on the requisition for examination by a referee shall be returned to the person by whom the same was paid.
Compensation on refusal to grant licence.
11.—Where a felling notice has been given in respect of any tree and the Minister, with a view to the preservation of scenic beauty, makes a prohibition order or refuses to grant a licence under section 8 (which relates to licences to fell trees) of this Act in respect of such tree, the Minister may, if satisfied of the bona fides of the intention to fell such tree, award to the owner of such tree out of moneys provided by the Oireachtas compensation on account of such order or refusal and the amount of such compensation shall in default of agreement be determined by an official arbitrator appointed under the Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.
Thinning or clearing permits.
12.—(1) The Minister may, if he so thinks fit, grant to any person a general permit in the prescribed form to cut down or uproot any trees in any specified wood or on any specified land in the ordinary course of thinning or clearing such wood either with a view to re-planting or in accordance with the general practice of good forestry.
(2) Every application for a permit under this section shall be in the prescribed form and contain the prescribed particulars.
(3) A permit granted under this section may be recalled by the Minister at any time.
Burning of shrubs.
13.—(1) It shall not be lawful for any person to burn any shrubs growing within one mile of a wood which is not the property of such person unless such person shall, not less than seven days before commencing to burn such shrubs, have given notice in writing of his intention to burn such shrubs to the owner of such wood and to the sergeant in charge of the Gárda Síochána station nearest to such wood.
(2) If any person burns any shrubs in contravention of this section he shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a penalty not exceeding five pounds.
(3) Whenever a notice has been served on the owner of a wood under sub-section (1) of this section such owner may within three days after receiving such notice serve a counter-notice on the person by whom such notice was given objecting to the proposed burning on the ground that it is liable to cause damage to such wood.
(4) If any person burns any shrub either in contravention of this section or after serving the notice required by this section and receiving a counter-notice under this section all injury occasioned by such burning to any wood in respect of which a notice ought to have been or was served under this section shall be deemed to have been caused by the negligent act of such person and damages to the extent of such injury shall be recoverable accordingly from such person by the owner of such wood.
(5) In this section the word “shrub” means hazel, gorse, whins, furze, heather, bracken, and other like plants.
Information from sawmillers.
14.—(1) Every proprietor of any sawmill or factory in which timber is sawn or converted from the round or rough state shall furnish in the prescribed form to the Minister, within twenty-eight days after being required by the Minister so to do, such information as the Minister may require in relation to the source of supply, volume, and variety of such timber so sawn or converted in such sawmill or factory.
(2) Every exporter of timber in the round or rough state shall furnish in the prescribed form to the Minister, within twenty-eight days after being required by the Minister so to do, such information as the Minister may require in relation to the source of supply, volume, and variety of such timber exported by him from Saorstát Eireann during the period specified in that behalf in the requisition.
(3) If any person on being required under this section by the Minister to furnish any information fails or refuses to furnish such information or furnishes information which is false or misleading in any material respect, or otherwise makes default in complying with this section he shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding ten pounds and in the case of a continuing offence a further fine not exceeding ten pounds for every day during which the offence is continued.
Prosecution of offences.
15.—(1) Proceedings for an offence under this Act shall not be instituted except by or with the consent of the Minister.
(2) Every offence under any provision of this Act may be prosecuted by or at the suit of the Minister as prosecutor.
Regulations.
16.—(1) The Minister may by order make regulations prescribing any matter or thing referred to in this Act as prescribed.
(2) Every regulation made by the Minister under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made, and if a resolution is passed by either House of the Oireachtas within the next subsequent twenty-one days on which such House has sat after the regulation is laid before it annulling such regulation, such regulation shall be annulled accordingly, but without prejudice to the validity of anything previously done under such regulation.
Expenses.
17.—All expenses incurred in carrying this Act into execution shall, to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.
Amendment of Par. (7) of Schedule to Principal Act.
18.—Paragraph (7) of the Schedule to the Principal Act shall be construed and have effect as if the words “and profits à prendre” were inserted therein immediately after the word “casements” now contained in that paragraph.
Repeals.
19.—The enactments mentioned in the Schedule hereto are hereby repealed to the extent specified in the third column of the said Schedule.
Short title and citation.
20.—(1) This Act may be cited as the Forestry Act, 1928, and the Principal Act and this Act may be cited together as the Forestry Acts, 1919 and 1928.
(2) This Act shall come into operation on such day as shall be fixed for that purpose by an order of the Minister.
SCHEDULE.
ENACTMENTS REPEALED.
Session and chapter or year and number. | Short title. | Extent of Repeal. |
9 Edw. VII. ch. 42. | The Irish Land Act, 1909. | Section 32, paragraph (b) of sub-section (1) and sub-section (2). |
9 & 10 Geo. V. ch. 58. | The Forestry Act, 1919. | Section 3, sub-section (3) from the words “any advance by way of grant” to the words “Provided also that.” |
Section 7, sub-section (3). |