As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 35 de 1931.
ACHT NA mBAN gCABHARTHA, 1931.
[31adh Iúl, 1931.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Midwives (Ireland) Act, 1918;
cialluíonn an abairt “an Bord” Príomh-Bhord na mBan gCabhartha do bunuíodh le hOrdú Príomh-Bhord na mBan gCabhartha, 1923, do rinne an Ard-Chomhairle an 22adh lá de Mheitheamh, 1923, fé alt 7 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922);
cialluíonn an abairt “bean chabhartha” bean atá deimhnithe fén bPríomh-Acht.
Fo-alt (2) d'alt 1 den Phríomh-Acht do leasú.
2.—(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 1 den Phríomh-Acht agus achtuítear leis seo ina ionad san go mbeidh gach duine chabhróidh le mnaoi i luighe seola ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, go ndlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air—
(a) maran bean chabhartha an duine sin, no
(b) maran dochtúir leighis ceart-cháilithe an duine sin, no
(c) maran duine á oiliúint d'fhonn bheith ina dhochtúir leighis cheart-cháilithe no ina mnaoi chabhartha an duine sin agus gur mar chuid de chúrsa teagaisc phraiticiúla i liaghacht luighe seola bheidh admhuithe ag Comhairle Chlárathachta na nDochtúirí Leighis no ag an mBord do bhéarfaidh an duine sin an chabhair sin, no
(d) mara gcuiridh an duine sin ina luighe ar an gCúirt go raibh gá le cabhair do thabhairt go hobann no go deithneasach nuair a tugadh an chabhair sin agus nárbh fhéidir bean chabhartha d'fháil láithreach bonn.
(2) D'ainneoin éinní sa bhfo-alt san roimhe seo beidh sé dleathach do dhuine ar bith, go dtí an 1adh lá d'Eanar, 1933, cabhrú le mnaoi i luighe seola—
(a) más rud é—
(i) gur duine an duine sin dar deonadh deimhniú i liaghacht luighe seola, roimh an 1adh lá de Mheitheamh, 1927, ar a scrúdú do lucht óispidéil luighe seola do bhí admhuithe ag an mBord agus san tar éis cúrsa oiliúna i liaghacht luighe seola ar feadh ráithe no níos mó i gcás banaltran oilte liaghachta agus máinliaghachta no tar éis cúrsa oiliúna i liaghacht luighe seola ar feadh ceithre mí no níos mó i gcás banaltran leanbhaí breoite atá cláruithe sa Chlár de Bhanaltraí fén Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, no tar éis cúrsa oiliúna i liaghacht luighe seola ar feadh sé mí no níos mó in aon chás eile, no
(ii) gur duine ba bhean chabhartha ar buan-fhostú ag údarás fé dhlí na mbocht aon uair roimh an 1adh lá d'Eanar, 1924, an duine sin, agus
(b) más rud é gur fé stiúradh agus fé mhaoirseacht phearsanta dhochtúra leighis cheart-cháilithe do bhéarfaidh an duine sin an chabhair sin.
Suaitheantaisí ban cabhartha.
3.—(1) An dualgas agus an chomhacht déanta rialacha bronntar ar an mBord le fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht folóid dualgas agus comhacht rialacha do dhéanamh i dtaobh na nithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) socrú go dtabharfaidh an Bord amach do mhná cabhartha suaitheantaisí (dá ngairmtear suaitheantaisí ban cabhartha san Acht so) thaisbeánfaidh gur mná cabhartha lucht a gcaithte;
(b) pátrún suaitheantaisí na mban gcabhartha d'ordú;
(c) an táille a híocfar leis an mBord as gach suaitheantas mná cabhartha do bhéarfar amach amhlaidh; agus
(d) an cás ina bhféadfar suaitheantas nua mná cabhartha do thabhairt amach in ionad suaitheantais mhná cabhartha a caillfear, a dítheofar no dá ndéanfar damáiste.
(2) Gach costas fé n-a raghaidh an Bord fén alt so beidh sé ina chuid de chostaisí generálta an Bhuird, agus déanfar gach táille do gheobhaidh an Bord fén alt so do chur chun costaisí generálta an Bhuird d'íoc.
Ciontaí maidir le suaitheantaisí ban cabhartha.
4.—(1) Pé uair a bheidh rialacha do rinneadh do réir an ailt sin roimhe seo i bhfeidhm de thurus na huaire, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) ní bheidh sé dleathach d'éinne seachas an bhean chabhartha dá dtabharfar amach suaitheantas mná cabhartha an suaitheantas san do chaitheamh;
(b) ní bheidh sé dleathach d'éinne dá dtabharfar amach suaitheantas mná cabhartha an suaitheantas san do thabhairt ar iasacht d'éinne eile ná a cheadú d'éinne eile an suaitheantas san do chaitheamh;
(c) ní bheidh sé dleathach d'éinne aithris dheallrathach ar shuaitheantas mhná cabhartha do chaitheamh; agus
(d) má horduítear fén bPríomh-Acht ainm duine dá dtabharfar amach suaitheantas mná cabhartha do scriosadh den rolla de mhná cabhartha mar gheall ar gan géilleadh do rialacha no do rialacháin no mar gheall ar mhí-iompar eile déanfaidh an duine sin an suaitheantas san do thabhairt suas don Bhord laistigh de cheithre lá déag ón am a cuirfear an t-ordú in úil di.
(2) Má sháruíonn éinne an t-alt so (pe'ca le gníomh no le faillí é) beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
Gearr-theideal, léiriú agus luadh.
5.—Féadfar Acht na mBan gCabhartha, 1931, do ghairm den Acht so agus is mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht a léireofar é, agus féadfar Achtanna na mBan gCabhartha, 1918 agus 1931, do ghairm den Acht san agus den Acht so le chéile.
Number 35 of 1931.
MIDWIVES ACT, 1931.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Amendment of sub-section (2) of section 1 of the Principal Act. | |
Act Referred to | |
No. 2 of 1922 |
Number 35 of 1931.
MIDWIVES ACT, 1931.
Definitions.
1.—In this Act—
the expression “the Principal Act” means the Midwives (Ireland) Act, 1918;
the expression “the Board” means the Central Midwives Board established by the Central Midwives Board Order, 1923, made on the 22nd day of June, 1923, by the Executive Council under section 7 of the Adaptation of Enactments Act, 1922 (No. 2 of 1922);
the word “midwife” means a woman who is certified under the Principal Act.
Amendment of sub-section (2) of section 1 of the Principal Act.
2.—(1) Sub-section (2) of section 1 of the Principal Act is hereby repealed and in lieu thereof it is hereby enacted that every person who attends a woman in childbirth shall, unless—
(a) such person is a midwife, or
(b) such person is a duly qualified medical practitioner, or
(c) such person being a person undergoing training with a view to becoming a duly qualified medical practitioner or a midwife gives such attention as part of a course of practical instruction in midwifery recognised by the Medical Registration Council or the Board, or
(d) such person satisfies the Court that such attention was given in a case of sudden or urgent necessity and that a midwife was not immediately available,
be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding ten pounds.
(2) Notwithstanding anything in the foregoing sub-section it shall, until the 1st day of January, 1933, be lawful for any person to attend a woman in childbirth if—
(a) such person is either—
(i) a person to whom a certificate in midwifery was granted, before the 1st day of June, 1927, on examination by a lying-in-hospital recognised by the Board after, in the case of a trained medical and surgical nurse, a course of training in midwifery of three months or more or, in the case of a sick children's nurse registered in the Register of Nurses under the Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, a course of training in midwifery of four months or more or, in any other case, a course of training in midwifery of six months or more, or
(ii) a person who, at any time before the 1st day of January, 1924, was a midwife in the permanent employment of a poor law authority, and
(b) such person gives such attention under the direction and personal supervision of a duly qualified medical practitioner.
Midwives' badges.
3.—(1) The duty and power of framing rules conferred on the Board by sub-section (1) of section 5 of the Principal Act shall include a duty and a power to frame rules in respect of the following matters, that is to say:—
(a) providing for the issue by the Board to midwives of badges (in this Act referred to as midwives' badges) denoting that the wearers are midwives;
(b) prescribing the pattern of midwives' badges;
(c) the fee to be paid to the Board for every midwife's badge so issued; and
(d) the circumstances in which a new midwife's badge may be issued in lieu of a midwife's badge lost, damaged or destroyed.
(2) All expenses incurred by the Board under this section shall be part of the general expenses of the Board, and all fees received by the Board under this section shall be devoted to the general expenses of the Board.
Offences in relation to midwives' badges.
4.—(1) Whenever rules made in pursuance of the foregoing section are for the time being in force the following provisions shall have effect, that is to say:—
(a) it shall not be lawful for any person other than the midwife to whom a midwife's badge is issued to wear such badge;
(b) it shall not be lawful for any person to whom a midwife's badge is issued to lend such badge to, or permit such badge to be worn by, any other person;
(c) it shall not be lawful for any person to wear a colourable imitation of a midwife's badge; and
(d) where the name of a person to whom a midwife's badge is issued is ordered under the Principal Act to be removed from the roll of midwives for disobeying rules or regulations, or for other misconduct, such person shall within fourteen days from the notification to her of the order surrender to the Board such badge.
(2) If any person acts in contravention (whether by commission or omission) of this section such person shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding five pounds.
Short title, construction and citation.
5.—This Act may be cited as the Midwives Act, 1931, and shall be construed as one with the Principal Act, and that Act and this Act may be cited together as the Midwives Acts, 1918 and 1931.