As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 35 de 1936.
ACHT UM CHLÁRÚ PÓSTAÍOCHA, 1936.
Údarás áitiúil.
1.—San Acht so cialluíonn an abairt “údarás áitiúil” cólucht ina bhfuil riaradh fóirithin na mbocht dílsithe agus, nuair a húsáidtear í maidir le clárathóir, cialluíonn sí an cólucht ina bhfuil an riaradh san i gceanntar an chlárathóra san dílsithe.
Udarais áitiúla d'íoc luach saothair le clá rathóirí.
2.—(1) Ar dháta an Achta so do rith agus as san amach íocfaidh gach údarás áitiúil le gach duine is clárathóir chun crícheanna an Registration of Marriages (Ireland) Act, 1863, agus 'na bhfuil a cheanntar i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san no gurb ionann a cheanntar agus an líomatáiste sin, liúntas (i dteanta aon luach saothair is iníoctha leis an gclárathóir sin fé aon Acht eile) in aghaidh gach bliana no coda de bliain do bhí an clárathóir sin i seilbh oifige, liúntas de pé méid acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—
(a) má bhí an clárathóir sin i seilbh oifige ar feadh iomlán na bliana san—dhá phúnt, no
(b) mara raibh an clárathóir sin i seilbh oifige ach ar feadh coda den bhliain sin—méid go mbeidh idir é agus dhá phúnt an cothrom céanna bheidh idir an chuid sin den bhliain sin agus bliain.
(2) An liúntas is iníoctha fén alt so le clárathóir atá i seilbh oifige le linn an Achta so do rith tosnóidh sé ar dháta an rithte sin agus, chun an méid is iníoctha leis alos an liúntais sin d'áireamh, tuigfear gach clárathóir den tsórt san do thosnú ar bheith i seilbh oifige ar an dáta san.
Alt 21 den Registration of Marriages (Ireland) Act,1863, do leasú.
3.—An tsuim is iníoctha fé alt 21 den Registration of Marriages (Ireland) Act, 1863, ag údarás áitiúil le clárathóir ar an gcuntas a luaidhtear san alt san do chur os a gcóir déanfar, i gcás gach cuntais den tsórt san a cuirfear os a gcóir do réir an ailt sin ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, í d'áireamh do réir an ráta so leanas in ionad í d'áireamh do réir an ráta luaidhtear san alt san, sé sin le rá:—
(a) reul ar gach iontráil phósta bheidh sa chuntas san agus do rinneadh roimh dháta an Achta so do rith, agus
(b) scilling ar gach iontráil den tsórt san do rinneadh ar an dáta san no dá éis sin.
Costaisí údarás áitiúil.
4.—Na costaisí uile fé n-a raghaidh údarás áitiúil fén Acht so cruinneofar agus íocfar iad fé mar a cruinnítear agus a híoctar costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás áitiúil sin chun fóirithin na mbocht do riaradh.
Gearr-theideal.
5.—Féadfar an tAcht um Chlárú Póstaíocha, 1936, do ghairm den Acht so.
Number 35 of 1936.
REGISTRATION OF MARRIAGES ACT, 1936.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Amendment of section 21 of the Registration of Marriages (Ireland) Act, 1863. | |
Number 35 of 1936.
REGISTRATION OF MARRIAGES ACT, 1936.
Local authority.
1.—In this Act the expression “local authority” means a body in whom is vested the administration of the relief of the poor and, when used in relation to a registrar, means the body in whom is vested the said administration in the district of such registrar.
Remuneration of registrars by local authorities.
2.—(1) As on and from the date of the passing of this Act, every local authority shall pay to every registrar for the purposes of the Registration of Marriages (Ireland) Act, 1863, whose district is situate in or is co-terminous with the functional area of such local authority an allowance (in addition to any remuneration payable to such registrar under any other Act), in respect of every year during which or any part of which such registrar has held office, of whichever of the following amounts is applicable, that is to say:—
(a) if such registrar has held office during the whole of such year—two pounds, or
(b) if such registrar has held office during part only of such year—an amount bearing to two pounds the same proportion as the said part of such year bears to one year.
(2) The allowance payable under this section to a registrar who holds office at the passing of this Act shall commence on the date of such passing, and every such registrar shall, for the purpose of calculating the amount payable to him in respect of such allowance, be deemed to have begun to hold office on the said date.
Amendment of section 21 of the Registration of Marriages (Ireland) Act, 1863.
3.—The sum payable under section 21 of the Registration of Marriages (Ireland) Act, 1863, by a local authority to a registrar on production of the account mentioned in that section shall, in the case of every such account produced in pursuance of that section on or after the date of the passing of this Act, be calculated at the following rate in lieu of the rate mentioned in the said section, that is to say:—
(a) sixpence for every entry of marriage included in such account which was made before the date of the passing of this Act, and
(b) one shilling for every such entry which was made on or after the said date.
Expenses of local authorities.
4.—All expenses incurred by a local authority under this Act shall be raised and defrayed in the manner in which expenses incurred by such local authority in the administration of the relief of the poor are raised and defrayed.
Short title.
5.—This Act may be cited as the Registration of Marriages Act, 1936.