As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 38 de 1959.
AN tACHT UM FHOIREANN THITHE AN OIREACHTAIS, 1959.
[An tiontó oifigiúil.]
(a) CEAPADH A COMHALTAI,
(b) FEIDHM ACHT CHOIMISINEIRI NA STAT-SHEIRBHISE, 1956, ARNA LEASU, MAIDIR LE COMHALTAI AIRITHE DI,
(c) FEIDHM ACHT RIALAITHE NA STAT-SHEIRBHISE, 1956, AGUS ACHT RIALAITHE NA STAT-SEIRBHISE (LEASU), 1958, ARNA LEASU, MAIDIR LENA COMHALTAI,
(d) AOISLIUNTAS A COMHALTAI, AGUS
(e) NITHE AIRITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE REAMHRAITE. [9 Nollaig, 1959.]
CUID I.
Réamhráiteach agus Ginearálta.
Gearrtheideal,
1.—Féadfar an tAcht um Fhoireann Thithe an Oireachtais, 1959, a ghairm den Acht seo.
Léiriú.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn “an tAcht Rialaithe leasaitheach” Acht Rialaithe na Státseirbhíse (Leasú), 1958;
ciallaíonn “Acht na gCoimisinéirí” Acht Choimisinéirí na Státsheirbhíse, 1956;
ní fholaíonn “comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais;
folaíonn “comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;
ciallaíonn “oifigeach do Thithe an Oireachtais” duine—
(a) arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Dháil Éireann, nó Sheanad Éireann, é, nó
(b) arb é an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, é, nó
(c) arb é Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, é;
ciallaíonn “an tAcht Rialaithe” Acht Rialaithe na Státsheirbhíse, 1956.
Na comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais a bheith ina státseirbhísigh don Stát.
3.—Is státseirbhísigh don Stát na comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais.
Costais riaracháin.
4.—Íocfar as airgead a sholáthróidh an tO reachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire é, na costais faoina rachfar ag riaradh an Achta seo.
CUID II.
Comhaltaí d'Fhoireann Thithe an Oireachtais a Cheapadh.
Cléireach agus Leas-Chléireach Dháil Éireann a cheapadh.
5.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “oifig” oifig arb í oifig Chléireach Dháil Éireann nó oifig Leas-Chléireach Dháil Éireann í;
ciallaíonn “an Cathaoirleach” Cathaoirleach Dháil Éireann.
(2) (a) Faoi réir fo-alt (3) den alt seo, is é an Taoiseach, ar chomholadh ón gCathaoirleach agus ón Aire, a cheapfaidh gach oifigeach acu seo a leanas, eadhon, Cléireach Dháil Éireann agus Leas-Chléireach Dháil Éireann.
(b) Más deimhin leis an gCathaoirleach agus leis an Aire nach bhfuil aon chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais oiriúnach lena cheapadh chun oifige, féadfaidh siad, faoi mhír (a) den fho-alt seo, duine nach comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais a mholadh lena cheapadh chun na hoifige sin.
(3) (a) Más rud é nach gcomhaontóidh an Cathaoirleach agus an tAire faoi dhuine a mholadh lena cheapadh chun oifige, ansin, ainmneoidh an Taoiseach duine lena cheapadh chun na hoifige sin agus déanfaidh sé, le comhthoiliú Dháil Éireann, an duine sin a cheapadh chun na hoifige sin.
(b) Más deimhin leis an Taoiseach nach bhfuil aon chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais oiriúnach lena cheapadh chun oifige, féadfaidh sé, faoi mhír (a) den fho-alt seo, duine nach comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais a ainmniú lena cheapadh chun na hoifige sin.
Cléireach agus Leas-Chléireach Sheanad Éireann a cheapadh.
6.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “oifig” oifig arb í oifig Chléireach Sheanad Éireann nó oifig Leas-Chléireach Sheanad Éireann í;
ciallaíonn “an Cathaoirleach” Cathaoirleach Sheanad Éireann.
(2) (a) Faoi réir fo-alt (3) den alt seo, is é an Taoiseach, ar chomholadh ón gCathaoirleach agus ón Aire, a cheapfaidh gach oifigeach acu seo a leanas, eadhon, Cléireach Sheanad Éireann agus Leas-Chléireach Sheanad Éireann.
(b) Más deimhin leis an gCathaoirleach agus leis an Aire nach bhfuil aon chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais oiriúnach lena cheapadh chun oifige, féadfaidh siad, faoi mhír (a) den fho-alt seo, duine nach comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais a mholadh lena cheapadh chun na hoifige sin.
(3) (a) Más rud é nach gcomhaontóidh an Cathaoirleach agus an tAire faoi dhuine a mholadh lena cheapadh chun oifige, ansin, ainmneoidh an Taoiseach duine lena cheapadh chun na hoifige sin agus déanfaidh sé, le comhthoiliú Sheanad Éireann, an duine sin a cheapadh chun na hoifige sin.
(b) Más deimhin leis an Taoiseach nach bhfuil aon chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais oiriúnach lena cheapadh chun oifige, féadfaidh sé, faoi mhír (a) den fho-alt seo, duine nach comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais a ainmniú lena cheapadh chun na hoifige sin.
An Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, agus Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, a cheapadh.
7.—Is é an Taoiseach, tar éis dó dul i gcomhairle le Cathaoirleach Dháil Éireann agus le Cathaoirleach Sheanad Éireann a cheapfaidh gach duine de na hoifigigh seo a leanas, eadhon, an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, agus Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais.
Comhaltaí de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais a cheapadh.
8.—(1) Féadfaidh Cathaoirleach Dháil Éireann, tar éis dó dul i gcomhairle le Cathaoirleach Sheanad Éireann, cibé daoine, agus cibé méid daoine, a chinnfidh sé le ceadú an Aire, a cheapadh chun fónamh mar chomhaltaí de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais.
(2) Beidh gach ceapachán faoi fho-alt (1) den alt seo faoi réir forálacha Acht na gCoimisinéirí mar a thugtar feidhm dó agus mar a leasaítear é le Cuid III den Acht seo.
An cháil ina ndéanfar ceapacháin.
9.—Nuair a cheapfar duine ina chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais beidh ar éadan na hionstraime ceapacháin ráiteas a inseoidh cé acu post bunaithe, de réir bhrí Acht na gCoimisinéirí, an post chun a gceaptar é nó nach ea.
Forálacha maidir leis an bhfoireann áithreach.
10.—Gach duine a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, ina chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais (de réir bhrí fho-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialaithe, mar a achtaíodh é i gcéaduair) nó ina oifigeach do Thithe an Oireachtais (de réir bhrí fho-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialaithe, mar a achtaíodh é i gcéaduair), tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an Acht seo a rith, ina chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais agus measfar é a bheith arna cheapadh faoin Acht seo chun poist ar comhréir leis an bpost a bhí aige díreach an Acht seo a rith.
CUID III.
Feidhm Acht na gCoimisinéirí maidir le Comhaltaí de Chomhfhoireann Thithe an Oireachtais agus Leasuithe ar an Acht sin.
Feidhm Acht na gCoimisinéirí maidir le comhaltaí de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais.
11.—Bainfidh forálacha Acht na gCoimisinéirí, arna leasú leis an Acht seo, le comhaltaí de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais, faoi réim agus de réir an mhodhnaithe go gcuirfear “Cathaoirleach Dháil Éireann” in ionad “an tAire Stáit a cheap é” i bhfo-alt (1) d'alt 27 d'Acht na gCoimisinéirí.
Leasú ar alt 2 (1) d'Acht na gCoimisinéirí.
12.—(1) Athghairtear leis seo an méid sin d'fho-alt (1) (mar a achtaíodh é i gcéaduair) d'alt 2 d'Acht na gCoimisinéirí a mhíníonn “duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais”, “oifigeach do Thithe an Oireachtais” agus “post”.
(2) Cuirfear na trí mhíniú nua seo a leanas isteach i bhfo-alt (1) d'alt 2 d'Acht na gCoimisinéirí—
‘ní fholaíonn “comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais;
ciallaíonn “oifigeach do Thithe an Oireachtais” duine—
(a) arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Dháil Éireann, nó Sheanad Éireann é, nó
(b) arb é an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, é, nó
(c) arb é Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, é.
ciallaíonn “post” post sa Státseirbhís’.
Leasú ar alt 3 d'Acht na gCoimisinéirí.
13.—(1) I bhfo-alt (1) d'alt 3 d'Acht na gCoimisinéirí, cuirfear an mhír nua seo a leanas in ionad míre (a)—
“(a) maidir le post duine de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais—Cathaoirleach Dháil Éireann”.
(2) Sa Tábla a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 3 d'Acht na gCoimisinéirí, athghairfear na taifid ag uimhir thagartha 1.
Alt 6 (1) d'Acht na gCoimisinéirí a athghairm.
14.—Athghairtear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 d'Acht na gCoimisinéirí.
Oiriúnú tagairtí atá in Acht na gCoimisinéirí don Acht Rialaithe.
15.—Forléireofar mar thagairtí don Acht Rialaithe, mar a thugtar feidhm dó agus mar a leasaítear é le Cuid IV den Acht seo, na tagairtí atá in Acht na gCoimisinéirí don Acht Rialaithe.
CUID IV.
Feidhm an Achta Rialaithe agus an Achta Rialaithe Leasaithigh maidir le Comhaltaí d'Fhoireann Thithe an Oireachtais agus Leasuithe ar na hAchtanna sin.
Feidhm an Achta Rialaithe maidir le comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais.
16.—(1) Bainfidh forálacha an Achta Rialaithe agus an Achta Rialaithe leasaithigh, arna leasú leis an Acht seo, le comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais.
(2) Bainfidh forálacha an Achta Rialaithe agus an Achta Rialaithe leasaithigh, mar a thugtar feidhm dóibh le fo-alt (1) den alt seo, le daoine is comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais ar dháta an Achta seo a rith agus freisin le daoine a thiocfaidh chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais tar éis an dáta sin.
Leasú ar alt 1 (1) den Acht Rialaithe.
17.—(1) Athghairtear leis seo an méid sin d'fho-alt (1) (mara achtaíodh é i gcéaduair) d'alt 1 den Acht Rialaithe a mhíníonn “stát-sheirbhíseach”, “duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais” agus “oifigeach do Thithe an Oireachtais”.
(2) Cuirfear isteach i bhfo-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialaithe na ceithre mhíniú nua seo a leanas—
‘ciallaíonn “státseirbhíseach” duine a bhfuil post aige sa Státseirbhís, agus folaíonn sé comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais;
ní fholaíonn “comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais;
folaíonn “comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais;
ciallaíonn “oifigeach do Thithe an Oireachtais” duine—
(a) arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Dháil Éireann, nó Sheanad Éireann, é, nó
(b) arb é an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, é, nó
(c) arb é Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, é;’.
Leasú ar alt 2 den Acht Rialaithe.
18.—(1) Leasaítear leis seo mar a leanas fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Rialaithe—
(I) Cuirfear isteach an dá mhír nua seo a leanas—
“(aa) maidir le státseirbhíseach arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Dháil Éireann é, nó an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, nó Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, nó ar comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais é, Cathaoirleach Dháil Éireann,
(ab) maidir le státseirbhíseach arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Sheanad Éireann é, Cathaoirleach Sheanad Éireann,”;
(II) i mír (b), athghairfear na focail “duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais nó”.
(2) Athghairtear leis seo míreanna (a) agus (b) (mar a achtaíodh iad i gcéaduair) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Acht Rialaithe.
Alt 3 (4) den Acht Rialaithe a athghairm.
19.—Athghairtear leis seo fo-alt (4) d'alt 3 den Acht Rialaithe.
Alt 5 den Acht Rialaithe a leasú maidir le comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais.
20.—D'ainneoin aon ní in alt 5 den Acht Rialaithe, mar a thugtar feidhm dó agus mar a leasaítear é leis an Acht seo—
(a) ní dhéanfaidh an Rialtas státseirbhíseach bunaithe arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Dháil Éireann é a chur as oifig ach amháin ar mholadh ó Chathaoirleach Dháil Éireann,
(b) ní dhéanfaidh an Rialtas státseirbhíseach bunaithe arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Sheanad Éireann é a chur as oifig ach amháin ar mholadh ó Chathaoirleach Sheanad Éireann,
(c) ní dhéanfaidh an Rialtas státseirbhíseach bunaithe arb é an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, é nó Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, a chur as oifig ach amháin tar éis dul i gcomhairle le Cathaoirleach Dháil Éireann agus le Cathaoirleach Sheanad Éireann.
(d) ní dhéanfaidh an Rialtas státseirbhíseach bunaithe is comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais a chur as oifig ach amháin ar mholadh ó Chathaoirleach Dháil Éireann, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle le Cathaoirleach Sheanad Éireann.
Comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais a fhionraí ag Cathaoirleach Sheanad Éireann.
21.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an t-údarás iomchuí” Cathaoirleach Dháil Éireann;
ciallaíonn “an Cathaoirleach” Cathaoirleach Sheanad Éireann;
ciallaíonn “státseirbhíseach lena mbaineann an t-alt seo” comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais;
ciallaíonn an briathar “fionraí”, maidir le státseirbhíseach lena mbaineann an t-alt seo, fionraí ó dhualgas faoi fho-alt (2) den alt seo, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.
(2) Féadfaidh an Cathaoirleach státseirbhíseach lena mbaineann an t-alt seo a fhionraí ó dhualgas, má bhíonn sé, le linn dó a bheith i mbun dualgas a bhainfidh go díreach le gnó Sheanad Éireann, ciontach i mí-iompar mór a thuilleann beart araíonacht
(3) Féadfaidh an Cathaoirleach deireadh a chur le fionraí státseirbhísigh lena mbaineann an t-alt seo agus a fionraíodh faoi fho-alt (2) den alt seo.
(4) Má chuireann an Cathaoirleach, faoi fho-alt (3) den alt seo, deireadh le fionraí státseirbhísigh lena mbaineann an t-alt seo agus go ligfidh ar ais ar dualgas é—
(a) ordóidh an t-údarás iomchuí, más deimhin leis gur ceart é ó thaobh cothromais, gnáth-luach saothair a íoc, go hiomlán nó go páirteach, de réir mar a ordóidh an t-údarás iomchuí, leis an státseirbhíseach sin in aghaidh na tréimhse a bhí sé ar fionraí,
(b) sula gcinnfidh an t-údarás iomchuí gan ordú a thabhairt faoi mhír (a) den fho-alt seo nó ordú a thabhairt faoin mír sin gan a íoc ach cuid den ghnáth-luach saothair, tabharfar caoi don státseirbhíseach aon uiríolla is mian leis a chur faoi bhráid an údaráis iomchuí.
(5) Más trína chur as oifig a chuirfear deireadh le fionraí státseirbhísigh lena mbaineann an t-alt seo, ordóidh an t-údarás iomchuí, más ceart é ó thaobh cothromais, gnáth-luach saothair a íoc go hiomlán nó go páirteach, de réir mar a ordóidh an t-údarás iomchuí, leis an státseirbhíseach in aghaidh na tréimhse a bhí sé ar fionraí.
(6) (a) Ach amháin de réir fho-alt (4) nó (5) den alt seo, ní íocfar luach saothair in aghaidh na tréimhse a bhí sé ar fionraí le státseirbhíseach lena mbaineann an t-alt seo agus a fionraíodh.
(b) Má dhéantar státseirbhíseach lena mbaineann an t-alt seo a fhionraí agus go gcuirfidh sé ina luí ar an údarás iomchuí gur cruatan míchuí air fadáil an fhiosraithe ar a chás, ní choiscfidh aon ní i mír (a) den fho-alt seo ar an údarás iomchuí údarás a thabhairt, d'fhonn cruatan a mhaolú, chun go n-íocfar cibé cuid is oiriúnach leis an údarás iomchuí den luach saothair a bheadh iníoctha leis an státseirbhíseach sin mura mbeadh é a fhionraí.
(7) Ní dhéanfar na forálacha roimhe seo den alt seo a fhorléiriú mar fhorálacha a dhéanann difir d'oibriú ailt 13 agus 14 den Acht Rialaithe.
Alt 15 den Acht Rialaithe a leasú maidir le comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais.
22.—D'ainneoin aon ní i mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 15 den Acht Rialaithe, ní thabharfaidh an tAire ordú faoin mír sin maidir le comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás iomchuí de réir bhrí an Achta Rialaithe, arna leasú leis an Acht seo.
Na huaire a bheidh comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais as láthair ar dualgas.
23.—(1) Ní bhainfidh alt 17 den Acht Rialaithe le socrú na n-uaire a bheidh comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais i láthair ar dualgas.
(2) Is iad na huaire a bheidh gach comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais i láthair ar dualgas—
(a) i gcás Cléireach agus Leas-Chléireach Dháil Éireann, na huaire a shocróidh Cathaoirleach Dháil Éireann ó am go ham,
(b) i gcás Chléireach agus Leas-Chléireach Sheanad Éireann, na huaire a shocróidh Cathaoirleach Sheanad Éireann ó am go ham,
(c) i gcás an Mhaoirseora, Tithe an Oireachtais, agus Chaptaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, agus comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais, na huaire a shocróidh Cathaoirleach Dháil Éireann ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle le Cathaoirleach Sheanad Éireann.
Deireadh leis an gcumhacht a thugtar le halt 19 den Acht Rialaithe chun comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais a cheapadh.
24.—An chumhacht a thugtar le halt 19 den Acht Rialaithe chun duine a cheapadh ina chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais ní bheidh sí infheidhmithe tar éis an tAcht seo a rith.
Alt 20 (2) (c) den Acht Rialaithe a athghairm.
25.—Athghairtear leis seo mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 20 den Acht Rialaithe.
Alt 4 den Acht Rialaithe leasaitheach a athghairm.
26.—Athghairtear leis seo alt 4 den Acht Rialaithe leasaitheach.
CUID V.
FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA.
Feidhm na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956
27.—Beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, i gcás nó i leith comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais.
Aoisliúntas do chomhaltaí áirithe d'fhoireann Thithe an Oireachtais.
28.—(1) In ionad aon íocaíochtaí faoi na hAchtanna Aoisliúntas 1934 go 1956, beidh aoisliúntas de £450 sa bhliain iníoctha ar feadh a shaoil agus cnapshuim de £1,150 iníoctha mar liúntas breise, ar é a scor dá oifig, leis an duine a bhí, an 1ú lá de Mheitheamh, 1959, i seilbh oifig an Mhaoirseora, Tithe an Oireachtais.
(2) In ionad aon íocaíochtaí faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, beidh aoisliúntas de £400 sa bhliain iníoctha ar feadh a shaoil agus cnapshuim de £1,000 iníoctha mar liúntas breise, ar é a scor dá oifig, leis an duine a bhí, an 1ú lá de Mheitheamh, 1959, i seilbh oifig Chaptaen an Gharda, Tithe an Oireachtais.
(3) (a) San fho-alt seo—
ciallaíonn “státseirbhíseach lena mbaineann an fo-alt seo” comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais (seachas an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, nó Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais) a bhí i seilbh oifige an 1ú lá de Mheitheamh, 1959;
ciallaíonn “seirbhís ináirithe”, maidir le státseirbhíseach lena mbaineann an fo-alt seo, seirbhís a thug sé agus a ndéanfaí, dá mba nár ritheadh an fo-alt seo, í a áireamh chun a aoisliúntas agus a liúntas breise a ríomh faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956.
(b) Chun an t-aoisliúntas agus an liúntas breise a ríomh is iníoctha faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, le státseirbhíseach lena mbaineann an fo-alt seo agus ar mhó ná sé bliana déag ach nár mhó ná sé bliana is fiche a sheirbhís ináirithe dá scoireadh sé ar chúig bliana is seasca d'aois a shlánú dó, féadfaidh an tAire cibé tréimhse de sheirbhís bharúlach is cuí leis an Aire a chur le seirbhís ináirithe an státseirbhísigh sin, ar shlí áfach nach mbeidh iomlán na seirbhíse ináirithe a bheidh ag an státseirbhíseach sin agus na seirbhíse barúlaí a chuirfear leis amhlaidh níos mó ná an tréimhse sheirbhíse ar dá réir a ríomhadh an t-aoisliúntas agus an liúntas breise is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo.
Cathaoirleach Dháil Éireann nó Cathaoirleach Sheanad Éireann a bheith breoite nó as láthair.
29.—(1) Aon uair nach féidir le Cathaoirleach Dháil Éireann, de dheasca breoiteachta nó toisc é a bheith lasmuigh den Stát, gnó a oifige a dhéanamh, féadfaidh Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann aon chumhacht dá ndílsítear i gCathaoirleach Dháil Éireann leis an Acht seo a fheidhmiú.
(2) Aon uair nach féidir le Cathaoirleach Sheanad Éireann, de dheasca breoiteachta nó toisc é a bheith lasmuigh den Stát, gnó a oifige a dhéanamh, féadfaidh Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann aon chumhacht dá ndílsítear i gCathaoirleach Sheanad Éireann leis an Acht seo a fheidhmiú.
Number 38 of 1959.
STAFF OF THE HOUSES OF THE OIREACHTAS ACT, 1959.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Preliminary and General.
Section | |
Members of staff of the Houses of the Oireachtas to be civil servants of the State. | |
Appointment of members of the staff of the Houses of the Oireachtas.
Appointment of members of the joint staff of the Houses of the Oireachtas. | |
Application of Commissioners act to members of the joint staff of the Houses of the Oireachtas and amendments of that act.
Application of Commissioners Act to members of the joint staff of the Houses of the Oireachtas. | |
Adaptation of references in Commissioners Act to the Regulation Act. |
Application of regulation act and the amending regulation act to members of the staff of the Houses of the Oireachtas and amendments of those acts.
Application of Regulation Act to members of the staff of the Houses of the Oireachtas. | |
Hours of attendance on duty of members of the staff of the Houses of the Oireachtas. | |
Miscellaneous Provisions.
Superannuation of certain members of the staff of the Houses of the Oireachtas. | |
Illness or absence of Chairman of Dáil Éireann or Seanad Éireann. |
Acts Referred to | |
1958, No. 34 | |
1956, No. 45 | |
1956, No. 46 |
Number 38 of 1959.
STAFF OF THE HOUSES OF THE OIREACHTAS ACT, 1959.
(a) THE APPOINTMENT OF MEMBERS THEREOF,
(b) THE APPLICATION, WITH AMENDMENTS, OF THE CIVIL SERVICE COMMISSIONERS ACT, 1956, TO CERTAIN MEMBERS THEREOF,
(c) THE APPLICATION, WITH AMENDMENTS, OF THE CIVIL SERVICE COMMISSIONERS ACT, 1956, AND THE CIVIL SERVICE REGULATION (AMENDMENT) ACT, 1958, TO MEMBERS THEREOF,
(d) THE SUPERANNUATION OF MEMBERS THEREOF, AND
(e) CERTAIN OTHER MATTERS CONNECTED WITH THE MATTERS AFORESAID. [9th December, 1959.]
PART I.
Preliminary and General.
Short title.
1.—This Act may be cited as the Staff of the Houses of the Oireachtas Act, 1959.
Interpretation.
2.—In this Act—
“the amending Regulation Act” means the Civil Service Regulation (Amendment) Act, 1958;
“the Commissioners Act” means the Civil Service Commissioners Act, 1956;
“member of the joint staff of the Houses of the Oireachtas” does not include an officer of the Houses of the Oireachtas;
“member of the staff of the Houses of the Oireachtas” includes an officer of the Houses of the Oireachtas;
“the Minister” means the Minister for Finance;
“officer of the Houses of the Oireaehtas” means a person being—
(a) the Clerk or Clerk-Assistant of Dáil Éireann or Seanad Éireann, or
(b) the Superintendent, Houses of the Oireachtas, or
(c) the Captain of the Guard, Houses of the Oireachtas;
“the Regulation Act” means the Civil Service Regulation Act, 1956.
Members of staff of the Houses of the Oireachtas to be civil servants of the State.
3.—Members of the staff of the Houses of the Oireachtas are civil servants of the State.
Administrative expenses.
4.—The expenses incurred in the administration of this Act shall, to such extent as may be sanctioned by the Minister, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.
PART II.
Appointment of members of the staff of the Houses of the Oireachtas.
Appointment of Clerk and Clerk-Assistant of Dail Éireann.
5.—(1) In this.section—
“office” means an office being either the office of Clerk of Dáil Éireann or the office of Clerk-Assistant of Dáil Éireann;
“the Chairman” means the Chairman of Dáil Éireann,
(2) (a) Subject to subsection (3) of this section, each of the following officers, namely, the Clerk of Dáil Éireann, and the Clerk-Assistant of Dáil Éireann, shall be appointed by the Taoiseach on the joint recommendation of the Chairman and the Minister.
(b) Where the Chairman and the Minister are satisfied that no member of the staff of the Houses of the Oireachtas is suitable for appointment to an office, they may, under paragraph (a) of this subsection, recommend for appointment to that office a person who is not a member of the staff of the Houses of the Oireachtas.
(3) (a) If the Chairman and the Minister fail to agree on a recommendation of a person for appointment to an office, then, the Taoiseach shall nominate a person for appointment to that office and shall, with the concurrence of Dáil Éireann, appoint that person to that office.
(b) Where the Taoiseach is satisfied that no member of the staff of the Houses of the Oireachtas is suitable for appointment to an office, he may under paragraph (a) of this subsection nominate for appointment to that office a person who is not a member of the staff of the Houses of the Oireachtas.
Appointment of Clerk and Clerk-Assistant of Seanad Éireann.
6.—(1) In this section—
“office” means an office being either the office of Clerk of Seanad Éireann or the office of Clerk-Assistant of Seanad Éireann;
“the Chairman” means the Chairman of Seanad Éireann.
(2) (a) Subject to subsection (3) of this section, each of the following officers, namely, the Clerk of Seanad Éireann, and the Clerk-Assistant of Seanad Éireann, shall be appointed by the Taoiseach on the joint recommendation of the Chairman and the Minister.
(b) Where the Chairman and the Minister are satisfied that no member of the staff of the Houses of the Oireachtas is suitable for appointment to an office, they may, under paragraph (a) of this subsection, recommend for appointment to that office a person who is not a member of the staff of the Houses of the Oireachtas.
(3) (a) If the Chairman and the Minister fail to agree on a recommendation of a person for appointment to an office, then, the Taoiseach shall nominate a person for appointment to that office and shall, with the concurrence of Seanad Éireann, appoint that person to that office.
(b) Where the Taoiseach is satisfied that no member of the staff of the Houses of the Oireachtas is suitable for appointment to an office, he may, under paragraph (a) of this subsection, nominate for appointment to that office a person who is not a member of the staff of the Houses of the Oireachtas.
Appointment of Superintendent, Houses of the Oireachtas, and Captain of the Guard, Houses of the Oireachtas.
7.—Each of the following officers, namely, the Superintendent, Houses of the Oireachtas, and the Captain of the Guard, Houses of the Oireachtas, shall be appointed by the Taoiseach after consultation with the Chairman of Dáil Éireann and the Chairman of Seanad Éireann.
Appointment of members of the joint staff of the Houses of the Oireachtas.
8.—(1) The Chairman of Dáil Éireann, after consultation with the Chairman of Seanad Éireann, may appoint such and so many persons to serve as members of the joint staff of the Houses of the Oireachtas as he may, with the sanction of the Minister, determine.
(2) Every appointment made under subsection (1) of this section shall be subject to the provisions of the Commissioners Act, as applied and amended by Part III of this Act.
Capacity in which appointments are to be made.
9.—Where a person is appointed a member of the staff of the Houses of the Oireachtas, the instrument of appointment shall bear on its face a statement whether the position to which he is appointed is or is not an established position, within the meaning of the Commissioners Act.
Provisions in relation to existing staff.
10.—Every person who immediately before the passing of this Act was either a member of the staff of the Houses of the Oireachtas (within the meaning of subsection (1) of section 1 of the Eegulation Act as originally enacted) or an officer of the Houses of the Oireachtas (within the meaning of subsection (1) of section 1 of the Regulation Act, as originally enacted) shall on the passing of this Act become and be a member of the staff of the Houses of the Oireachtas and shall be deemed to have been appointed under this Act to a position corresponding to that held by him immediately before such passing.
PART III.
Application of Commissioners Act to members of the joint staff of the Houses of the Oireachtas and amendments of that Act.
Application of Commissioners Act to members of the joint staff of the Houses of the Oireachtas.
11.—The provisions of the Commissioners Act shall, as amended by this Act, apply to members of the joint staff of the Houses of the Oireachtas, with and subject to the modification that, in subsection (1) of section 27 of the Commissioners Act, “Chairman of Dáil Éireann” shall be substituted for “Minister of State by whom the appointment is made”.
Amendment of section 2 (1) of the Commissioners Act.
12.—(1) So much of subsection (1) (as originally enacted) of section 2 of the Commissioners Act as defines “member of the staff of the Houses of the Oireachtas”, “officer of the Houses of the Oireachtas” and “position” is hereby repealed.
(2) There shall be inserted in subsection (1) of section 2 of the Commissioners Act the following three new definitions—
‘“member of the joint staff of the Houses of the Oireachtas” does not include an officer of the Houses of the Oireachtas;
“officer of the Houses of the Oireachtas” means a person being—
(a) the Clerk or Clerk-Assistant of Dáil Éireann or Seanad Éireann, or
(b) the Superintendent, Houses of the Oireachtas, or
(c) the Captain of the Guard, Houses of the Oireachtas;
“position” means a position in the Civil Service'.
Amendment of section 3 of the Commissioners Act.
13.—(1) In subsection (1) of section 3 of the Commissioners Act, there shall be substituted for paragraph (a), the following new paragraph—
“(a) in relation to the position of a member of the joint staff of the Houses of the Oireachtas—the Chairman of Dáil Éireann”.
(2) In the Table to subsection (2) of section 3 of the Commissioners Act, the entries at reference number 1 shall be repealed.
Repeal of section 6 (1) of the Commissioners Act.
14.—Subsection (1) of section 6 of the Commissioners Act is hereby repealed.
Adaptation of references in Commissioners Act to the Regulation Act.
15.—References in the Commissioners Act to the Regulation Act shall be construed as references to the Regulation Act as applied and amended by Part IV of this Act.
PART IV.
Application of Regulation Act and the amending Regulation Act to members of the staff of the Houses of the Oireachtas and amendments of those Acts.
Application of Regulation Act to members of the staff of the Houses of the Oireachtas.
16.—(1) The provisions of the Regulation Act and the amending Regulation Act shall, as amended by this Act, apply to members of the staff of the Houses of the Oireachtas.
(2) The provisions of the Regulation Act and the amending Regulation Act, as applied by subsection (1) of this section, shall apply to persons who are members of the staff of the Houses of the Oireachtas on the date of the passing of this Act as well as to persons who become members of the staff of the Houses of the Oireachtas after that date.
Amendment of section 1 (1) of the Regulation Act.
17.—(1) So much of subsection (1) (as originally enacted) of section 1 of the Regulation Act as defines “civil servant,” “member of the staff of the Houses of the Oireachtas” and “officer of the Houses of the Oireachtas” is hereby repealed.
(2) There shall be inserted in subsection (1) of section 1 of the Regulation Act the following four new definitions—
‘“civil servant” means a person holding a position in the Civil Service and includes a member of the staff of the Houses of the Oireachtas;
“member of the joint staff of the Houses of the Oireachtas” does not include an officer of the Houses of the Oireachtas;
“member of the staff of the Houses of the Oireachtas” includes an officer of the Houses of the Oireaehtas;
“officer of the Houses of the Oireaehtas” means a person being—
(a) the Clerk or Clerk-Assistant of Dáil Éireann or Seanad Éireann, or
(b) the Superintendent, Houses of the Oireachtas, or
(c) the Captain of the Guard, Houses of the Oireachtas;’.
Amendment of section 2 of the Regulation Act.
18.—(1) Subsection (1) of section 2 of the Regulation Act is hereby amended in the following respects—
(I) There shall be inserted the following two new paragraphs—
“(aa) in relation to a civil servant who is the Clerk or Clerk-Assistant of Dáil Éireann, the Superintendent, Houses of the Oireachtas, the Captain of the Guard, Houses of the Oireachtas or a member of the joint staff of the Houses of the Oireachtas, the Chairman of Dáil Éireann,
(ab) in relation to a civil servant who is the Clerk or Clerk-Assistant of Seanad Éireann, the Chairman of Seanad Éireann,”;
(II) in paragraph (b), the words “a member of the staff of the Houses of the Oireachtas or” shall be repealed.
(2) Paragraphs (a) and (b) (as originally enacted) of subsection (2) of section 2 of the Regulation Act are hereby repealed.
Repeal of section 3 (4) of the Regulation Act.
19.—Subsection (4) of section 3 of the Regulation Act is hereby repealed.
Amendment of section 5 of the Regulation Act as respects members of the staff of the Houses of the Oireachtas.
20.—Notwithstanding anything contained in section 5 of the Regulation Act, as applied and amended by this Act—
(a) an established civil servant who is the Clerk or Clerk Assistant of Dáil Éireann shall not be removed from office by the Government except upon the recommendation of the Chairman of Dáil Éireann,
(b) an established civil servant who is the Clerk or Clerk Assistant of Seanad Éireann shall not be removed from office by the Government except upon the recommendation of the Chairman of Seanad Éireann,
(c) an established civil servant w;ho is the Superintendent, Houses of the Oireachtas, or the Captain of the Guard, Houses of the Oireachtas, shall not be removed from office by the Government except after consultation with the Chairman of Dáil Éireann and the Chairman of Seanad Éireann,
(d) an established civil servant who is a member of the joint staff of the Houses of the Oireachtas shall not be removed from office by the Government except upon the recommendation of the Chairman of Dáil Éireann, given after consultation with the Chairman of Seanad Éireann.
Suspension by Chairman of Seanad Eireann of member of the joint staff of the Houses of the Oireachtas.
21.—(1) In this section—
“the appropriate authority” means the Chairman of Dáil Éireann;
“the Chairman” means the Chairman of Seanad Éireann;
“civil servant to whom this section applies” means a member of the joint staff of the Houses of the Oireachtas;
“suspend” means, in relation to a civil servant to whom this section applies, suspend from duty under subsection (2) of this section, and cognate words shall be construed accordingly.
(2) The Chairman may suspend from duty a civil servant to whom this section applies, who, while employed on duties directly related to the business of Seanad Éireann, is guilty of grave misconduct warranting disciplinary action.
(3) The Chairman may terminate the suspension of a civil servant to whom this section applies who is suspended under subsection (2) of this section.
(4) Where the Chairman terminates, under subsection (3) of this section, the suspension of a civil servant to whom this section applies and restores him to duty—
(a) the appropriate authority, if satisfied that considerations of equity so require, shall direct that ordinary remuneration, in whole or in part, as the appropriate authority may direct, shall be paid to that civil servant in respect of the period of suspension,
(b) before the appropriate authority decides not to give a direction under paragraph (a) of this subsection or decides to give a direction under that paragraph for payment of part only of ordinary remuneration, the civil servant shall be given an opportunity of making to the appropriate authority any representations he may wish to offer.
(5) Where the suspension of a civil servant to whom this section applies is terminated by his dismissal from office, the appropriate authority, if considerations of equity so require, shall direct that ordinary remuneration in whole or in part, as the appropriate authority may direct, be paid to him in respect of the period of suspension.
(6) (a) Save in accordance with subsections (4) or (5) of this section, a civil servant to whom this section applies who is suspended shall not be paid remuneration in respect of the period of suspension.
(b) Where a civil servant to whom this section applies is suspended and satisfies the appropriate authority that, by reason of the prolongation of the investigation of his case, undue hardship is being caused, nothing in paragraph (a) of this subsection shall prevent the appropriate authority from authorising, for the mitigation of hardship, payment of such portion, as the appropriate authority thinks fit, of the remuneration which would, but for his suspension, have been payable to that civil servant.
(7) The preceding provisions of this section shall not be construed as affecting the operation of sections 13 and 14 of the Regulation Act.
Amendment of section 15 of the Regulation Act as respects members of the staff of the Houses of the Oireachtas.
22.—Notwithstanding anything contained in paragraph (a) of subsection (3) of section 15 of the Regulation Act, the Minister shall not give a direction under that paragraph in relation to a member of the staff of the Houses of the Oireachtas except after consultation with the appropriate authority within the meaning of the Regulation Act, as amended by this Act.
Hours of attendance on duty of members of the staff of the Houses of the Oireachtas.
23.—(1) Section 17 of the Regulation Act shall not apply to the fixing of the hours of attendance on duty of members of the staff of the Houses of the Oireachtas.
(2) The hours of attendance on duty of every member of the staff of the Houses of the Oireachtas—
(a) shall, in the case of the Clerk and the Clerk-Assistant of Dáil Éireann, be such as may be fixed from time to time by the Chairman of Dáil Éireann,
(b) shall, in the case of the Clerk and the Clerk-Assistant of Seanad Éireann, be such as may be fixed from time to time by the Chairman of Seanad Éireann,
(c) shall, in the case of the Superintendent, Houses of the Oireachtas, the Captain of the Guard, Houses of the Oireachtas, and a member of the joint staff of the Houses of the Oireachtas, be such as may be fixed from time to time by the Chairman of Dáil Éireann, after consultation with the Chairman of Seanad Éireann.
Cesser of power of appointment of members of the staff of the Houses of the Oireachtas conferred by section 19 of the Regulation Act.
24.— The power conferred by section 19 of the Regulation Act of appointing a person to be a member of the staff of the Houses of the Oireachtas shall not be exercisable after the passing of this Act.
Repeal of section 20 (2) (c) of the Regulation Act.
25.—Paragraph (c) of subsection (2) of section 20 of the Regulation Act is hereby repealed.
Repeal of section 4 of the amending Regulation Act.
26.—Section 4 of the amending Regulation Act is hereby repealed.
PART V.
Miscellaneous Provisions.
Application of Superannuation Acts, 1834 to 1956.
27.—The provisions of the Superannuation Acts, 1834 to 1956, shall apply to or in respect of members of the staff of the Houses of the Oireaehtas,
Superannuation of certain members of the staff of the Houses of the Oireachtas.
28.—(1) In lieu of any payments under the Superannuation Acts, 1834 to 1956, there shall be payable, on his retirement from office, to the person holding on the 1st day of June, 1959, the office of the Superintendent, Houses of the Oireachtas, a superannuation allowance of £450 per annum during his lifetime and by way of additional allowance a lump sum of £1,150.
(2) In lieu of any payments under the Superannuation Acts, 1834 to 1956, there shall be payable, on his retirement from office, to the person holding on the 1st day of June, 1959, the office of the Captain of the Guard, Houses of the Oireachtas, a superannuation allowance of £400 per annum during his lifetime and by way of additional allowance a lump sum of £1,000.
(3) (a) In this subsection—
“civil servant to whom this subsection applies” means a member of the staff of the Houses of the Oireachtas (other than the Superintendent, Houses of the Oireachtas, or the Captain of the Guard, Houses of the Oireachtas) holding office on the 1st day of June, 1959;
“reckonable service” means, in relation to a civil servant to whom this subsection applies, service rendered by him which would, if this subsection were not passed, be reckoned in computing his superannuation allowance and additional allowance under the Superannuation Acts, 1834 to 1956.
(b) For the purpose of calculating the superannuation allowance and additional allowance payable under the Superannuation Acts, 1834 to 1956, to a civil servant to whom this subsection applies, whose reckonable service would, if he retired on attaining the age of sixty-five years, exceed sixteen years but not twenty-six years, the Minister may add to the reckonable service of that civil servant such period of notional service as the Minister thinks proper, so however that the total of the reckonable service of that civil servant and the notional service so added shall not exceed the period of service by reference to which the superannuation allowance and additional allowance payable under subsection (1) of this section were computed.
Illness or absence of Chairman of Dáil Éireann or Seanad Éireann.
29.—(1) Whenever the Chairman of Dáil Éireann is unable through illness or absence from the State to transact the business of his office any power vested in him by this Act may be exercised by the Deputy Chairman of Dáil Éireann.
(2) Whenever the Chairman of Seanad Éireann is unable through illness or absence from the State to transact the business of his office, any power vested in him by this Act may be exercised by the Deputy Chairman of Seanad Éireann.