As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 4 de 1954.
AN tACHT UM CHISTE CAOMHANTA BRADÁN, 1954.
[An tiontó oifigiúil.]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Caomhanta Bradán a bunófar faoi alt 5;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;
ciallaíonn an briathar “ordú” ordu le rialacháin a dhéanfas an tAire;
ní fholaíonn “bradáin” bradáin leasaithe atá i stáin, i mbuidéil, i searróga nó i gcoimeádáin dá samhail sin agus gan iontu ach coda d'iasc nó táirgí éisc.
(2) Forléireofar na hAchta Iascaigh, 1842 go 1953, agus an tAcht seo mar aon ní amhain.
Tobhach ar bhradáin d'onnmhuiriú.
2.—(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú a fhoráil nach n-onnmhuireoidh duine ar bith bradáin mura dtugtar ar aird le linn an onnmhuirithe fianaise, i pé foirm a hordófar, gur híocadh tobhach do réir an ráta ordaithe ar na bradáin sin.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairlc leis an Aire Airgeadais, ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm.
Ráta an tobhaigh onnmhuirithe.
3.—(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, an ráta tobhaigh a híocfar ar bhradáin atá le honnmhuiriú, agus modh a íoctha, d'ordú.
(2) Féadfar rátaí éagsúla tobhaigh d'ordú do thréimhsí éagsúla.
(3) Faoi réir fo-ailt (4), ní bheidh an ráta tobhaigh níos mó ná dhá phingin an punt meáchain.
(4) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, a fhoráil go bhféadfar a ordú gur ráta sonraithe is mó ná dhá phingin an punt meáchain ráta an tobhaigh ach ní bheidh éifeacht ag aon ordú den tsórt sin mura ndaingnítear ná go dtí go ndaingneofar é le rún ó gach Tigh den Oireachtas.
Tobhach ar cheadúnais slaite bradáin.
4.—(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a fhoráil le hordú go n-íocfar, i dteannta na dleachta ceadúnais ar cheadúnais slaite bradáin amháin, leis an mBord Coimeádaithe iomchuí nuair a beifear ag iarraidh an cheadúnais, suim shonraithe i bhfoirm tobhaigh nach mó ná leath na dleachta ceadúnais.
(2) An fhaid a bheas ordú faoi fho-alt (1) i bhfeidhm, forléireofar na hAchta Iascaigh, 1842 go 1953, amhail is dá mbeadh ráta na dleachta ceadúnais ardaithe méid an tobhaigh agus ní heiseofar aon cheadúnas slaite bradáin mura n-íoctar an tobhach.
(3) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm.
(4) Níl feidhm ag an alt seo maidir le ceadúnas slaite bradáin amháin do bhliain chaileandair i gcás ceadúnas den tsórt céanna a bheith cheana féin ag an iarratasóir do cheantar eile ná leis an ráta laghdaithe dleachta ceadúnais is iníoctha sa chás sin.
An Ciste Caomhanta Bradán.
5.—(1) Bunóidh agus cothabhálfaidh an tAire ciste ar a dtabharfar an Ciste Caomhanta Bradán.
(2) Déanfaidh gach Bord Coimeádaithe agus gach duine eile a bhaileos tobhach faoin Acht seo na suimeanna go léir a baileofar amhlaidh d'íoc, a luaithe is féidir, leis an Aire chun creidiúnais an Chiste.
Iocaíochtaí as an gCiste.
6.—(1) Féadfaidh an tAire pé suimeanna is cuí leis d'íoc as an gCiste mar chabhair d'ioncam aon Bhoird Choimeádaithe ar dóigh leis nach leor a ioncam in aon bhliain faoi chomhair caiteachas an Bhoird ar chomhlíonadh a fheidhmeanna.
(2) Íocfaidh an tAire as an gCiste costais riaracháin an Chiste agus gach íocaíocht a bheas dlite i leith airleacan chun an Chiste faoi alt 7.
Deontais agus airleacain don Chiste as an Stát-Chiste.
7.—(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna d'íoc isteach sa Chiste, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a bheas ag teastáil chun go bhféadfar íocaíochtaí a dhéanamh faoi alt 6.
(2) Féadfar íocaíochtaí isteach sa Chiste faoin alt seo a dhéanamh i bhfoirm deontais nó i bhfoirm airleacan a bheas inaisíoctha ar pé téarmaí a cheadós an tAire Airgeadais.
Cuntas an Chiste.
8.—Ullmhófar cuntas ar an gCiste in aghaidh gach bliana airgeadais i bhfoirm a cheadós an tAire Airgeadais agus iniúchfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an cuntas agus leagfar an cuntas, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Taifid agus tuairisceáin.
9.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal go mbeidh daoine ag a bhfuil tobhach iníoctha faoin Acht seo, nó aon aicme dhaoine den tsórt sin, cláraithe sa tslí ordaithe, go gcoimeádfaid pé taifid agus go dtabharfaid pé saoráidí lena n-iniúchadh, agus go dtabharfaid pé tuairisceáin, a hordófar.
(2) Aon duine a shárós, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon rialachán a déanfar faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.
Caiteachais.
10.—Na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo agus nach bhfuil soláthar dóibh in áit eile, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.
Gearrtheideal.
11.—Féadfar an tAcht um Chiste Caomhanta Bradán, 1954, a ghairm den Acht seo.
Number 4 of 1954.
SALMON CONSERVANCY FUND ACT, 1954.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Number 4 of 1954.
SALMON CONSERVANCY FUND ACT, 1954.
Interpretation.
1.—(1) In this Act—
“the Fund” means the Salmon Conservancy Fund established under section 5;
“the Minister” means the Minister for Agriculture;
“prescribed” means prescribed by regulations made by the Minister;
“salmon” does not include salmon preserved and contained in tins, bottles, jars or similar containers holding only portions of fish or products of fish.
(2) The Fisheries Acts, 1842 to 1953, and this Act shall be construed as one.
Levy on export of salmon.
2.—(1) The Minister may from time to time by order provide that no person shall export salmon unless there is produced at the time of exportation evidence in such form as may be prescribed of the payment at the prescribed rate of levy on such salmon.
(2) The Minister may, after consultation with the Minister for Finance, by order revoke an order under subsection (1).
Rate of export levy.
3.—(1) The Minister may from time to time, after consultation with the Minister for Finance, prescribe the rate of levy to be paid on salmon for export and the manner of payment.
(2) Different rates of levy may be prescribed for different periods.
(3) Subject to subsection (4), the rate of levy shall not exceed twopence per lb.
(4) The Minister may from time to time by order provide that the levy may be prescribed at a specified rate exceeding twopence per lb. but no such order shall have effect unless and until it is confirmed by resolution of each House of the Oireachtas.
Levy on salmon rod licences.
4.—(1) The Minister may from time to time, after consultation with the Minister for Finance, by order provide that in addition to the licence duty on single salmon rod licences there shall be paid to the appropriate Board of Conservators on application for the licence a specified amount by way of levy which shall not exceed one-half of the licence duty.
(2) So long as an order under subsection (1) is in force the Fisheries Acts, 1842 to 1953, shall be construed as if the rate of licence duty were increased by the amount of the levy and no salmon rod licence shall be issued unless the levy is paid.
(3) The Minister may, after consultation with the Minister for Finance, by order revoke an order under subsection (1).
(4) This section does not apply in relation to a single salmon rod licence for a calendar year where the applicant already holds a like licence for another district or to the reduced rate of licence duty payable in such a case.
Salmon Conservancy Fund.
5.—(1) The Minister shall establish and maintain a fund to be known as the Salmon Conservancy Fund.
(2) Each Board of Conservators and every other person collecting levy under this Act shall, as soon as may be, pay to the Minister for the credit of the Fund all sums so collected.
Payments out of Fund.
6.—(1) The Minister may pay out of the Fund such sums as he thinks proper to supplement the income of any Board of Conservators whose income in any year appears to him to be insufficient to defray the expenses of the Board in the performance of its functions
(2) The Minister shall pay out of the Fund the costs of administration of the Fund and all payments due in respect of advances to the Fund under section 7.
Grants and advances to Fund out of Exchequer.
7.—(1) The Minister may, from time to time, with the consent of the Minister for Finance pay into the Fund out of moneys provided by the Oireachtas such sums as may be required to enable payments to be made under section 6.
(2) Payments into the Fund under this section may be made either by way of grant or of advances repayable on such terms as may be approved by the Minister for Finance.
Account of Fund.
8.—An account of the Fund shall be prepared for each financial year in a form approved of by the Minister for Finance and the account shall be audited by the Comptroller and Auditor General and, together with the report of the Comptroller and Auditor General thereon, shall be laid before each House of the Oireachtas.
Records and returns.
9.—(1) The Minister may make regulations requiring persons by whom levy is payable under this Act or any class of such persons to be registered in the prescribed manner, to keep such records and afford such facilities for their inspection and to furnish such returns as may be prescribed.
(2) Any person who contravenes, whether by act or omission, any regulation made under this section shall be guilty of an offence and shall be liable on summary conviction to a fine not exceeding twenty-five pounds.
Expenses.
10.—The expenses incurred by the Minister in the administration of this Act and not elsewhere provided for shall, to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.
Short title.
11.—This Act may be cited as the Salmon Conservancy Fund Act, 1954.