As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 5 de 1934.


[EN]

ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (LEASÚ), 1934.


ACHT CHUN AILT 12 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1927, DO LEASÚ. [8adh Márta, 1934.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Fo-alt (2) d'alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927, d'athghairm go leathrannach.

1.—Deintear, leis seo, mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927), d'athghairm agus san an 1adh lá d'Abrán, 1933, agus ón lá san amach, agus beidh éifeacht ag an alt san, agus tuigfear éifeacht do bheith ag an alt san, dá réir sin an lá san agus ón lá san amach.

[EN]

Fo-alt (3) d'alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927, do leasú.

2.—Athghairmtear leis seo an tAcht Rialtais Áitiúla (Leasú), 1930 (Uimh. 26 de 1930), agus, in ionad ailt 1 den Acht san, achtuítear leis seo go ndéanfar agus go ndeintear leis seo fo-alt (3) d'alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927), do leasú agus san an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1933, agus ón lá san amach, tré sna figiúirí “1938” do chur in ionad na bhfigiúirí “1930” i ndeireadh an fho-ailt sin.

[EN]

Baint ailt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927.

3.—Ní bhainfidh alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927), le tithe go ndeineann alt 13 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929), aon fhaoiseamh alos rátaí do thabhairt ina dtaobh.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

4.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Leasú), 1934, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 go 1934, do ghairm de sna hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 agus 1927, den Acht Rialtais Áitiúla, 1931 (Uimh. 19 de 1931), den Acht Rialtais Áitiúla, 1933 (Uimh. 5 de 1933) agus den Acht so le chéile.

[GA]

harp.jpg


Number 5 of 1934.


[GA]

LOCAL GOVERNMENT (AMENDMENT) ACT, 1934.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Partial repeal of sub-section (2) of section 12 of the Local Government Act, 1927.

2.

Amendment of sub-section (3) of section 12 of the Local Government Act, 1927.

3.

Application of section 12 of the Local Government Act, 1927.

4.

Short title and citation.


Acts Referred to

Local Government Act, 1927

No. 3 of 1927

Local Government (Amendment) Act, 1930

No. 26 of 1930

Housing (Gaeltacht) Act, 1929

No. 41 of 1929

Local Government Act, 1931

No. 19 of 1931

Local Government Act, 1933

No. 5 of 1933

harp.jpg


Number 5 of 1934.


LOCAL GOVERNMENT (AMENDMENT) ACT, 1934.


AN ACT TO AMEND SECTION 12 OF THE LOCAL GOVERNMENT ACT, 1927. [8th March, 1934.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Partial repeal of sub-section (2) of section 12 of the Local Government Act, 1927.

1.—Paragraph (c) of sub-section (2) of section 12 of the Local Government Act, 1927 (No. 3 of 1927), is hereby repealed as on and from the 1st day of April, 1933, and the said section shall have and shall be deemed to have had, as on and from the said date effect accordingly.

[GA]

Amendment of sub-section (3) of section 12 of the Local Government Act, 1927.

2.—The Local Government (Amendment) Act, 1930 (No. 26 of 1930), is hereby repealed, and in lieu of section 1 thereof it is hereby enacted that sub-section (3) of section 12 of the Local Government Act, 1927 (No. 3 of 1927), be and is hereby amended, as on and from the 1st day of October, 1933, by the substitution of the figures “1938” for the figures “1930” at the end of that sub-section.

[GA]

Application of section 12 of the Local Government Act, 1927.

3.Section 12 of the Local Government Act, 1927 (No. 3 of 1927), shall not apply to houses in relation to which any relief in respect of rates is given by section 13 of the Housing (Gaeltacht) Act, 1929 (No. 41 of 1929).

[GA]

Short title and citation.

4.—(1) This Act may be cited as the Local Government (Amendment) Act, 1934.

[GA]

(2) The Local Government Acts, 1925 and 1927, the Local Government Act, 1931 (No. 19 of 1931), the Local Government Act, 1933 (No. 5 of 1933) and this Act may be cited together as the Local Government Acts, 1925 to 1934.