As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 52 de 1924.


[EN]

ACHT UM CHOSTAISÍ BILLÍ PRÍOBHÁIDEACHA, 1924.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN COSTAISÍ DO MHOLA IN IMEACHTA I dTAOBH BILLÍ PRÍOBHÁIDEACHA A BHÍ FÉ BHRÁID AON TIGHE DEN OIREACHTAS NO FÉ BHRÁID COISTE D'AON TIGH DÍOBH NO FÉ BHRÁID CÓ-CHOISTE DEN DÁ THIGH IS CHUN NA COSTAISÍ SIN DO MHEAS-INIÚCHA AGUS I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LE NÓS-IMEACHTA BILLÍ PRÍOBHÁIDEACHA.

[31adh Deire Fomhair, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT EIR-EANN MAR LEANAS:— [EN]

An Parliamentary Deposits Act, 1846, do chur i mbaint.

1.—Beidh éifeacht ag an Parliamentary Deposits Act, 1846, i Saorstát Éireann fé réir na n-atharuithe seo a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) léireofar tagairtí do bhuan-orduithe aon cheann de sna Tithe Páirliminte mar thagairtí do bhuan-orduithe a dhin Dáil Éireann agus Seanad Éireann le chéile i dtaobh gnótha phríobháidigh;

[EN]

(b) léireofar tagairtí don Office of Clerk of the Parliaments agus tagairtí don Private Bill Office of the House of Commons, mar thagairtí d'Oifig Billí Príobháideacha an Oireachtais;

[EN]

(c) léireofar tagairtí do dheimhniú an Chairman of Committees of the House of Lords no an Speaker of the House of Commons mar thagairtí do dheimhniú Cathaoirleach Có-Choiste Dháil Éireann agus Sheanaid Éireann i dtaobh buan-orduithe a bhaineann le gnó príobháideach.

[EN]

Alt 2 den House of Commons Costs Taxation Act, 1847, do chur i mbaint.

2.—Bainfidh alt 2 den House of Commons Costs Taxation Act, 1847, fé mar a leasuíodh é tríd an House of Commons Costs Taxation Act, 1879, leis na costaisí, na héilithe agus na caiteachaisí mar gheall ar aon imeachta a bhí os cóir aon Tighe den Oireachtas no os cóir coiste d'aon Tigh acu san no os cóir có-choiste den dá Thigh sin i dtaobh bille phríobháidigh fé mar a bhaineann sé leis na costaisí, na héilithe agus na caiteachaisí i dtaobh aon imeachta den tsórt a luaidtear san alt san.

[EN]

Liost d'éilithe d'ullamhú.

3.—(1) Féadfidh Cathaoirleach Có-Choiste Dháil Éireann agus Sheanaid Éireann i dtaobh buan-orduithe a bhaineann le gnó príobháideach liost d'ullamhú de pé éilithe is dó leis is ceart do ghníomhairí páirliminteacha, d'atúrnaethe, agus do dhaoine eile a éileamh ar son na nithe uile agus fé seach a luadhfar sa liost san.

[EN]

(2) Na héilithe uile agus fé seach a luadhfar sa liost a hullamhófar do réir an fho-ailt sin roimhe seo beid ar na héilithe is aoirde a lomhálfar nuair a bheidh oifigeach measaireachta an Oireachtais ag meas-iniúcha bille de chostaisí, d'éilithe agus de chaiteachaisí ar scór na nithe uile agus fé seach a luadhfar sa liost san.

[EN]

(3) Ag déanamh meas-iniúcha dho, féadfidh oifigeach measaireachta an Oireachtais gach costas, éileamh, agus caiteachas cothrom réasunta, ar scór aon nithe ná luadhfar sa liost a hullamhófar do réir an ailt seo, do lomháil.

[EN]

Ailt 5 go 10 den House of Commons Costs Taxation Act, 1847, do chur i mbaint.

4.—Bainfidh ailt 5 go 10 go huile, den House of Commons Costs Taxation Act, 1847, fé mar a leasuíodh é leis an House of Commons Costs Taxation Act, 1879, le meas-iniúcha na gcostaisí, na n-éilithe, agus na gcaiteachaisí ar scór imeachta a bhí os cóir coiste de cheachtar de Thithe an Oireachtais no có-choiste den dá Thigh sin, ach na hatharuithe seo a leanas do dhéanamh ortha, sé sin le rá:—

[EN]

(a) léireofar tagairtí don taxing officer mar thagairtí d'oifigeach measaireachta an Oireachtais;

[EN]

(b) léireofar tagairtí do bhuan-orduithe mar thagairtí do bhuan-orduithe a dhin Dáil Éireann agus Seanad Éireann le chéile i dtaobh gnótha phríobháidigh;

[EN]

(c) léireofar tagairtí don Speaker mar thagairtí do Cathaoirleach Có-Choiste Dháil Éireann agus Sheanaid Éireann i dtaobh buan-orduithe a bhaineann le gnó príobháideach;

[EN]

(d) sé rud a bheidh sna táillí dá dtagartar in alt 7 den Acht san ná pé táillí a hordófar o am go ham le buan-orduithe a dhéanfidh Dáil Éireann agus Seanad Éireann le chéile i dtaobh gnótha phríobháidigh;

[EN]

(e) féadfidh an t-oifigeach measaireachta glaca le haon mhionn-scríbhinn a déanfar os cóir Coimisinéir Mionn don Ard-Chúirt no os cóir Feadhmannaigh Síochána.

[EN]

An Parliamentary Costs Act, 1865, do chur i mbaint.

5.—Bainfidh ailt 1 go 5 (go huile) agus 7 go 9 (go huile) den Parliamentary Costs Act, 1865, le mola costaisí in imeachta i dtaobh bille phríobháidigh a bhí os cóir coiste do cheachtar de Thithe an Oireachtais no os cóir có-choiste den dá Thigh sin, ach na hatharuithe seo a leanas do dhéanamh ortha, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ciallóidh an focal “committee” coiste de cheachtar de Thithe an Oireachtais no có-choiste den dá Thigh sin;

[EN]

(b) ciallóidh an focal “private bill” an ní céanna a chialluíonn bille príobháideach san Acht so;

[EN]

(c) léireofar tagairtí don taxing officer no don taxing officer of the House mar thagairtí d'oifigeach measaireachta an Oireachtais;

[EN]

(d) léireofar tagairtí do bhuan-orduithe ceachtar de sna Tithe Páirliminte mar thagairtí do bhuan-orduithe a dhin Dáil Éireann agus Seanad Éireann le chéile i dtaobh gnótha phríobháidigh;

[EN]

(e) léireofar tagairtí don Parliamentary Deposits Act, 1846, agus tagairtí don House of Commons Costs Taxation Act, 1847, mar thagairtí do sna hAchtanna san fé mar a dintar iad do chur i mbaint agus iad d'atharú tríd an Acht so.

[EN]

Féadfar tuille atharuithe dhéanamh ar Achtanna le hordú.

6.—(1) Féadfidh Ceann Comhairle Dháil Éireann agus Cathaoirleach Sheanaid Éireann, le horduithe a déanfar, a sighneofar, agus a séalófar acu araon, tuille atharuithe dhéanamh ar an Parliamentary Deposits Act, 1846, ar an House of Commons Costs Taxation Act, 1847, ar an Parliamentary Costs Act, 1865, agus ar an House of Commons Costs Taxation Act, 1879, no ar aon cheann de sna hAchtanna san, pé atharuithe is gá chun lán-fheidhm agus lán-éifeacht do bheith ag na hAchtanna san fé seach maidir le mola costaisí imeachta i dtaobh billí príobháideacha a bhí os cóir ceachtar de Thithe an Oireachtais no os cóir coiste de cheachtar den dá Thigh sin no os cóir có-choiste den dá Thigh sin, agus maidir le meas-iniúcha na gcostaisí sin.

[EN]

(2) Gach ordú a déanfar fén alt so leagfar é fé bhraid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith chun an t-ordú san do chur ar nea-mbrí beidh an t-ordú san ar neambrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén ordú san.

[EN]

(3) Gach ordú a déanfar fén alt so fágfar agus cimeádfar mar bhreacachán in Oifig Billí Príobháideacha an Oireachtais é agus foillseofar san Iris Oifigiúil é.

[EN]

Mínithe.

7.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “oifigeach measaireachta an Oireachtais” an t-oifigeach measaireachta a ceapadh fé sna buan-orduithe a dhin Dáil Éireann agus Seanad Éireann le chéile i dtaobh gnótha phríobháidigh;

[EN]

cialluíonn an focal “bille príobháideach” aon bhille a bunófar chun leasa no chun tairfe d'éinne ar leithligh, no le n-a gcuirtear isteach ar mhaoin phríobháideach éinne ar aon tslí eile seachas chun leasa don phuiblíocht i gcoitinne agus mar ní a bhaineann le polasaí puiblí, agus foluíonn sé aon bhille chun daingniú do dhéanamh ar aon ordú sealadach no ordú eile, agus aon bhille puiblí a chuir an Ceann Comhairle no Cathaoirleach an tSeanaid fé bhráid an Scrúdóra fé bhuan-orduithe a dhin Dáil Éireann agus Seanad Éireann lé chéile i dtaobh gnótha phríbháidigh.

[EN]

Gearr-theideal.

8.—Féadfar an tAcht um Chostaisí Billí Príobháideacha, 1924, do ghairm den Acht so.

[GA]

harp.jpg


Number 52 of 1924.


[GA]

PRIVATE BILL COSTS ACT, 1924.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Application of Parliamentary Deposits Act, 1846.

2.

Application of section 2 of House of Commons Costs Taxation Act, 1847.

3.

Preparation of list of charges.

4.

Application of sections 5 to 10 of House of Commons Costs Taxation Act, 1847.

5.

Application of Parliamentary Costs Act, 1865.

6.

Further modifications of Acts may be made by order.

7.

Definitions.

8.

Short title.

harp.jpg


Number 52 of 1924.


PRIVATE BILL COSTS ACT, 1924.


AN ACT TO MAKE PROVISION FOR THE AWARDING OF COSTS IN PROCEEDINGS IN RELATION TO PRIVATE BILLS BEFORE EITHER HOUSE OF THE OIREACHTAS OR A COMMITTEE OF EITHER SUCH HOUSE OR A JOINT COMMITTEE OF BOTH SUCH HOUSES, AND FOR THE TAXATION OF SUCH COSTS AND OTHER MATTERS RELATIVE TO PRIVATE BILL PROCEDURE. [31st October, 1924.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Application of Parliamentary Deposits Act, 1846.

1.—The Parliamentary Deposits Act, 1846, shall have effect in Saorstát Eireann subject to the following modifications, that is to say:—

[GA]

(a) references to the standing orders of either House of Parliament shall be construed as referring to the standing orders made jointly by D[html]il Eireann and Seanad Eireann relative to private business;

[GA]

(b) references to the Office of Clerk of the Parliaments and references to the Private Bill Office of the House of Commons shall be construed as referring to the Private Bill office of the Oireachtas;

[GA]

(c) references to the certificate of the Chairman of Committees of the House of Lords or of the Speaker of the House of Commons shall be construed as referring to the certificate of the Chairman of the Joint Committee of Dáil Eireann and Seanad Eireann on standing orders relative to private business.

[GA]

Application of section 2 of House of Commons Costs Taxation Act, 1847.

2.—Section 2 of the House of Commons Costs Taxation Act, 1847, as amended by the House of Commons Costs Taxation Act, 1879, shall apply to the costs, charges, and expenses in respect of any proceedings before either House of the Oireachtas or a committee of either such House or a joint committee of both such Houses in relation to a private bill in like manner as it applies to the costs, charges, and expenses in respect of any such proceedings as are mentioned in that section.

[GA]

Preparation of list of charges.

3.—(1) The Chairman of the Joint Committee of Dáil Eireann and Seanad Eireann on standing orders relative to private business may prepare a list of such charges as it shall appear to him that parliamentary agents, attorneys, solicitors, and others may justly make with reference to the several matters comprised in such list.

[GA]

(2) The several charges specified in the list prepared pursuant to the foregoing sub-section shall be the utmost charges to be allowed upon the taxation by the taxing officer of the Oireachtas of a bill of costs, charges, and expenses in respect of the several matters specified in such list.

[GA]

(3) The taxing officer of the Oireachtas may on any taxation allow all fair and reasonable costs, charges, and expenses in respect of any matters not included in the list prepared pursuant to this section.

[GA]

Application of sections 5 to 10 of House of Commons Costs Taxation Act, 1847.

4.—Sections 5 to 10 inclusive of the House of Commons Costs Taxation Act, 1847, as amended by the House of Commons Costs Taxation Act, 1879, shall apply to the taxation of the costs, charges, and expenses in respect of proceedings before a committee of either House of the Oireachtas or a joint committee of both such Houses with the modifications following, that is to say:—

[GA]

(a) references to the taxing officer shall be construed as referring to the taxing officer of the Oireachtas;

[GA]

(b) references to standing orders shall be construed as referring to standing orders made jointly by Dáil Eireann and Seanad Eireann relative to private business;

[GA]

(c) references to the Speaker shall be construed as references to the Chairman of the Joint Committee of Dáil Eireann and Seanad Eireann on standing orders relative to private business;

[GA]

(d) the fees referred to in section 7 of the said Act shall be such fees as shall from time to time be prescribed by standing orders made jointly by Dáil Eireann and Seanad Eireann relative to private business;

[GA]

(e) the taxing officer may receive any affidavit which is sworn before a Commissioner for Oaths of the High Court or a Peace Commissioner.

[GA]

Application of Parliamentary Costs Act, 1865.

5.—Sections 1 to 5 and 7 to 9 (both inclusive) of the Parliamentary Costs Act, 1865, shall apply to the awarding of costs in proceedings in relation to a private bill before a committee of either House of the Oireachtas or a joint committee of both such Houses with the modifications following, that is to say:—

[GA]

(a) the word “committee” shall mean a committee of either House of the Oireachtas or a joint committee of both such Houses;

[GA]

(b) the expression “private bill” shall have the same meaning as in this Act;

[GA]

(c) references to the taxing officer or to the taxing officer of the House shall be construed as referring to the taxing officer of the Oireachtas;

[GA]

(d) references to the standing orders of either House of Parliament shall be construed as referring to the standing orders made jointly by D[html]il Eireann and Seanad Eireann relative to private business;

[GA]

(e) references to the Parliamentary Deposits Act, 1846, and references to the House of Commons Costs Taxation Act, 1847, shall be construed as referring to those Acts as applied and modified by this Act.

[GA]

Further modifications of Acts may be made by order.

6.—(1) The Ceann Comhairle of Dáil Eireann and the Cathaoirleach of Seanad Eireann may by orders made, signed, and sealed by them jointly make such further modifications in the Parliamentary Deposits Act, 1846, the House of Commons Costs Taxation Act, 1847, the Parliamentary Costs Act, 1865, and the House of Commons Costs Taxation Act, 1879, or any of those Acts as may be necessary to enable those Acts respectively to have full force and effect in regard to the awarding of costs of proceedings in relation to private bills before either House of the Oireachtas or a committee of either such House or a joint committee of both such Houses and in regard to the taxation of such costs.

[GA]

(2) Every order made under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made, and if a resolution is passed by either such House, within the next subsequent twenty-one days on which such House has sat, annulling such order such order shall be annulled accordingly, but without prejudice to the validity of anything previously done under such order.

[GA]

(3) Every order made under this section shall be deposited and kept as of record in the Private Bill Office of the Oireachtas and shall be published in the Iris Oifigi[html]il.

[GA]

Definitions.

7.—In this Act—

[GA]

the expression “taxing officer of the Oireachtas” means the taxing officer appointed under the standing orders made jointly by Dáil Eireann and Seanad Eireann relative to private business;

[GA]

the expression “private bill” means any bill promoted for the particular interest or benefit of any person, or which interferes with the private property of any person otherwise than in the interest of the public generally and as a measure of public policy, and includes any bill for the confirmation of any provisional or other order and any public bill which has been referred to the Examiner by the Ceann Comhairle or the Cathaoirleach of the Seanad under standing orders made jointly by Dáil Eireann and Seanad Eireann relative to private business.

[GA]

Short title.

8.—This Act may be cited as the Private Bill Costs Act 1924.