As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 8 de 1936.


[EN]

ACHT MEÁCHAN AGUS TOMHAS, 1936.


ACHT CHUN A ÚDARÚ AGUS A DHÉANAMH DLEATHACH CAIGHDEÁIN ÁIRITHE I gCOIMEÁD AN AIRE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA D'ÚSÁID, IN IONAD CAIGHDEÁN LEIS AN BOARD OF TRADE, CHUN MEÁCHAN AGUS TOMHAS DO CHÓIMHEAS AGUS D'FHÍORÚ DO RÉIR NA nACHTANNA MEÁCHAN AGUS TOMHAS, 1878 GO 1928, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS AN gCÓIMHEAS AGUS LEIS AN bhFÍORÚ SAN. [14adh Márta, 1936.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe agus léiriú.

1.—(1) Cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

[EN]

cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1928;

[EN]

foluíonn an focal “fíorú” ath-fhíorú.

[EN]

(2) Léighfear agus léireofar na hAchtanna agus an tAcht so le chéile agus, dá réir sin, gach abairt agus focal a húsáidtear san Acht so agus dá dtugtar brí áirithe le haon cheann de sna hAchtanna chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an bhrí tugtar do amhlaidh.

[EN]

Cóimheasanna, etc. áirithe meáchan agus tomhas do dhéanamh dleathach.

2.—(1) Pé uair a ceangailtear leis na hAchtanna no chuireann na hAchtanna mar choinníoll aon chóimheas agus fíorú áirithe ar mheáchain agus tomhais do dhéanamh le caighdeáin leis an Board of Trade, ansan agus i ngach cás den tsórt san, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna, beidh aon chóimheas agus fíorú den tsórt san ar n-a dhéanamh (pé'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) leis na caighdeáin atá i gcoimeád an Aire agus atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh san, agus. i gcás aon chóimheasa agus fíoruithe den tsórt san do rinneadh roimh an Acht so do rith, tuigfear go raibh sé riamh ina chólíonadh mhaith dhóthanach ar an gceangal no ar an gcoinníoll san, agus beidh sé agus, sa chás adubhradh, tuigfear go raibh sé riamh ina chóimheas agus ina fhíorú dhleathach éifeachtach chun crícheanna na nAchtanna.

[EN]

(2) I gcás ina ndearnadh no ina ndéanfar aon chóimheas agus fíorú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so le caighdeáin i gcoimeád an Aire agus gur alos meáchain no tomhais ná fuil a chó-shamhail de mheáchan no de thomhas i gcoimeád an Aire do rinneadh no déanfar san tuigfear an cóimheas agus an fíorú san do dhéanamh agus, más roimh an Acht so do rith do rinneadh é, tuigfear riamh é do dhéanamh go dleathach agus go dóthanach chun crícheanna an fho-ailt sin, más rud é go ndéanfar no go ndearnadh an cóimheas agus an fíorú san tré chaighdeáin i gcoimeád an Aire atá ina n-iolruithe no ina slán-choda den mheáchan no den tomhas san is abhar don chóimheas agus don fhíorú san.

[EN]

Caighdeáin áitiúla do dhéanamh dleathach, etc.

3.—Más rud é, i gcás aon chaighdeáin áitiúla áirithe, gur thárla, aon tráth roimh an Acht so do rith, no go dtárlóidh, i rith na tréimhse de dhá bhliain tar éis an Achta so do rith, teip i gcóimheas no fíorú do dhéanamh a ceangailtear leis na hAchtanna a dhéanamh alos an chaighdeáin áitiúla san, ní scuirfidh an caighdeán áitiúil sin, ná ní tuigfear gur scuir sé riamh, de bheith ina chaighdeán áitiúil de dhruim na teipe sin agus dá dhruim sin amháin.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

4.—(1) Féadfar an tAcht Meáchan agus Tomhas, 1936, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1936, do ghairm de sna hAchtanna agus den Acht so le chéile.

[EN]

SCEIDEAL.

Caighdeain i gCoimead an Aire Tionnscail agus Trachtala.

CUID I.

Meachain Avoirdupois.

1. Aon chaighdeán sorcórach práis amháin de 100 púnt avoirdupois ar a bhfuil marcálta—

(a) a mheáchaint i bpúint avoirdupois, agus

(b) na figiúirí “3549”, agus

(c) na focail “W. & T. Avery, Ltd., Birmingham”, agus

(d) na leitreacha “G.R.” agus coróinn os a gcionn, agus

(e) portcullis agus na figiúirí “1924” os a chionn, agus

(f) na focail “Ministry of Industry and Commerce”.

2. Seacht gcaighdeáin chó-chruinneánacha ghunna-mhiotail de 56, 28, 14, 7, 4, 2, agus 1 púnt avoirdupois fé seach, agus a mheáchaint féin i bpúint avoirdupois marcálta ar gach ceann acu, maraon leis na figiúirí “1880”, agus (ach amháin i gcás an chaighdeáin 7 bpúnt agus na gcaighdeán fé a-n bhun san) na focail “L. Oertling, London.”

3. Ceithre caighdeáin chó-chruinneánacha ghunna-mhiotail de 8, 4, 2 agus 1 unsa avoirdupois fé seach, agus a mheáchaint féin in unsaí avoirdupois marcálta ar gach ceann acu, agus fós (ach amháin i gcás an chaighdeáin 8 n-únsa) na figiúirí “1880”.

4. Cúig caighdeáin chó-chruinneánacha ghunna-mhiotail de 8, 4, 2, 1, agus ½ dram avoirdupois fé seach, agus a mheáchaint féin i ndramaí avoirdupois marcálta ar gach ceann acu, agus fós (ach amháin i gcás caighdeáin an ½ dhrama) na figiúirí “1880”.

5. Cúig caighdeáin chó-chruinneánacha ghunna-mhiotail de 240, 120, 72, 48, agus 24 gráin fé seach, agus a mheáchaint féin i ngráin marcálta ar gach ceann acu agus iad uile i mbosca adhmaid ar a bhfuil na figiúirí “3212” marcálta.

6. Cúig caighdeáin chó-chruinneánacha ghunna-mhiotail de 240, 120, 72, 48, agus 24 gráin fé seach, agus a mheáchaint féin i ngráin marcálta ar gach ceann acu agus iad uile i mbosca adhmaid ar a bhfuil na figiúirí “3213” marcálta.

CUID II.

Tomhais Toille.

1. Aon chaighdeán déag sorcóracha gunna-mhiotail de thoille buiséil, leath-bhuiséil, peice, galúin, leath-ghalúin, cáirt, piúint leath-phiúint, cnaigín, leath-chnaigín agus ceathrú cnaigín fé seach, agus a thoille féin marcálta ar gach ceann acu, agus fós na figiúirí “1880” agus na focail “L. Oertling London”.

2. Aon chaighdeán sorcórach gunna-mhiotail amháin de thoille train de phiúnt, agus a thoille féin marcálta air, agus fós na figiúirí “9009”, agus na focail “De Grave & Co., Ltd., London”.

CUID III.

Gran-mheachain Deachula.

1. Aon chaighdeán déag sorcóracha práis de 4,000, 2,000, 1,000 500, 300, 200, 100, 50, 30, 20, agus 10 gráin fé seach, agus a mheáchaint féin i ngráin marcálta ar gach ceann acu.

2. Dhá chaighdeán déag de 5, 3, 2, 1, 0.5, 0.3, 0.2, 0.1, 0.05, 0.03, 0.02, agus 0.01 grán fé seach, agus iad uile i mbosca adhmaid ar a bhfuil na figiúirí “3211” marcálta.

CUID IV.

Builleon-mheachain Troighe.

1. Fiche caighdeán sorcórach práis de 500, 400, 300, 200, 100, 50, 40, 30, 20, 10, 5, 4, 3, 2, 1, 0.5, 0.4, 0.3, 0.2, agus 0.1 unsa troighe fé seach agus na nithe seo leanas marcálta ar gach ceann acu—

(a) a mheáchaint féin in unsaí troighe, agus

(b) ach amháin i gcás an chaighdeáin 5 unsa agus na gcaighdeán fé n-a bhun san, na focail “Ministry of Industry and Commerce”, agus

(c) na figiúirí “3610”, agus

(d) ach amháin i gcás an chaighdeáin 10 n-unsa agus na gcaighdeán fé n-a bhun san, na focail “W. & T. Avery Ltd., Birmingham” (no “Birmm.”), agus

(e) na leitreacha “G.R.” agus coróinn os a gcoinn, agus

(f) portcullis agus na figiúirí “1924” os a choinn.

(2) Cúig caighdeáin leibhéalta phráis de 0.05, 0.04, 0.03, 0.02. agus 0.01 unsa troighe fé seach, agus a mheáchant féin in unsaí troighe marcálta ar gach ceann acu, maraon leis na figiúirí “3610”, na leitreacha “G.R.” agus coróinn os a gcionn, agus portcullis agus na figiúirí “1924” os a chionn.

3. Cúig caighdeáin shranga phlaitne de 0.005, 0.004, 0.003, 0.002, agus 0.001 unsa troighe fé seach.

CUID V.

Meachain na bPoitigear.

1. Trí caighdeáin déag shorcóracha phráis de 10, 8, 6, 4, 2, agus 1 unsa poitigéar, de 4, 2 agus 1 dram poitigéar, agus de 2, 1½, 1 agus ½ scrupal poitigéar fé seach, agus a mheáchaint féin marcálta ar gach ceann acu in unsaí, dramaí, no scrupail (pe'ca aca é) poitigéar, maraon leis na figiúirí “3545”, na leitreacha “G.R.” agus coróinn os a gcionn, agus portcullis agus na figiúirí “1924” os a chionn.

2. Sé caighdeáin shranga airgid Ghearmánaigh de 6, 5, 4, 3, 2 agus 1 grán fé seach.

3. Aon chaighdeán leibhéalta ailimíne amháin de leath-ghrán, agus a mheáchaint féin i ngráin marcálta air, maraon leis na figiúirí “3545”, na leitreacha “G.R.” agus coróinn os a gcionn, agus portcullis agus na figiúirí “1924” os a chionn.

CUID VI.

Tomhais na bPoitigear.

1. Dhá chaighdeán shorcóracha ghloine de thoille 10 n-unsa fliuchánach agus 8 ndram fliuchánach fé seach, agus iad araon fo-roinnte agus na leitreacha agus na figiúirí “D.I.C., S.E. 28” (i gciorcal) marcálta ortha, maraon leis na figiúirí “3684”.

2. Ceithre caighdeáin shorcóracha ghloine de thoille 4 unsa fliuchánach, 16 dram fliuchánach, 1 drama fhliuchánaigh agus 30 minim fé seach, gach ceann acu fo-roinnte agus na figiúirí “3684” marcálta air, maraon leis na leitreacha “G.R.” agus coróinn os a gcionn, agus na figiúirí “1925” agus portcullis os a gcionn.

CUID VII.

Tomhas Slaite.

Aon chaighdeán práis amháin d'fhuirm an tomhais teoranta, agus é fo-roinnte ina throithe, ina orlaigh, agus ina dhóú coda déag, ina shéú coda déag agus ina chéadú coda d'orlach, agus aon chaighdeán fleisce práis amháin, agus na nithe seo leanas marcálta ar an dá chaighdeán san—

(a) na figiúirí “3655”, agus

(b) na focail “Standard Yard”, agus

(c) na focail “Ministry of Industry and Commerce”, agus

(d) ach amháin i gcás na fleisce práis, na focail “W. & T. Avery, Ltd., London”, agus

(e) na leitreacha “G.R.” agus coróinn os a gcionn, agus

(f) portcullis agus na figiúirí “1924” os a chionn.

CUID VIII.

Tomhas Orlaigh.

Aon chaighdeán fiarfhaobhrach práis amháin agus é fo-roinnte ina dheichiú coda agus ina chéadú coda d'orlach agus na neithe seo leanas marcálta air—

(a) na figiúirí “3537”, agus

(b) an figiúir agus an focal “1 inch”, agus

(c) na leithreacha “G.R.” agus coróinn os a gcionn, agus

(d) portcullis agus na figiúirí “1924” os a chionn.

[GA]

harp.jpg


Number 8 of 1936.


[GA]

WEIGHTS AND MEASURES ACT, 1936.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions and construction.

2.

Validation of certain comparisons, etc., of weights and measures.

3.

Validation, etc., of local standards.

4.

Short title and citation.

SCHEDULE.

Standards in the Custody of the Minister for Industry and Commerce.

harp.jpg


Number 8 of 1936.


WEIGHTS AND MEASURES ACT, 1936.


AN ACT TO AUTHORISE AND VALIDATE THE USE OF CERTAIN STANDARDS IN THE CUSTODY OF THE MINISTER FOR INDUSTRY AND COMMERCE, IN LIEU OF BOARD OF TRADE STANDARDS, FOR THE COMPARISON AND VERIFICATION OF WEIGHTS AND MEASURES IN PURSUANCE OF THE WEIGHTS AND MEASURES ACTS, 1878 TO 1928, AND TO PROVIDE FOR OTHER MATTERS RELATING TO SUCH COMPARISON AND VERIFICATION. [14th March, 1936.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions and construction.

1.—(1) The expression “the Minister” means the Minister for Industry and Commerce;

[GA]

the expression “the Acts” means the Weights and Measures Acts, 1878 to 1928;

[GA]

the word “verification” includes re-verification.

[GA]

(2) The Acts and this Act shall be read and construed together, and accordingly every expression and word used in this Act to which a particular meaning is given by any of the Acts for the purposes of such Act has in this Act the meaning so given.

[GA]

Validation of certain comparisons, etc., of weights and measures.

2.—(1) Whenever the Acts require or stipulate that any particular comparison and verification of weights and measures shall be made with Board of Trade standards, then and in every such case, notwithstanding anything contained in the Acts, any such comparison and verification made (whether before or after the passing of this Act) with the standards in the custody of the Minister and set out in the Schedule to this Act shall be and, in the case of any such comparison and verification made before the passing of this Act, be deemed always to have been a good and sufficient compliance with such requirement or stipulation and shall be and, in the case aforesaid, be deemed always to have been a valid and effective comparison and verification for the purposes of the Acts.

[GA]

(2) Where any such comparison and verification with standards in the custody of the Minister as is mentioned in the next preceding sub-section of this section was or shall be made in respect of a weight or measure of which there is not an equivalent weight or measure in the custody of the Minister, such comparison and verification shall be and, if made before the passing of this Act, be deemed always to have been made validly and sufficiently for the purposes of the said sub-section if such comparison and verification is or was made by means of standards in the custody of the Minister which are multiples or aliquot parts of the said weight or measure the subject of such comparison and verification.

[GA]

Validation, etc., of local standards.

3.—Where, in the case of any particular local standard, there has been, at any time before the passing of this Act, or shall be during the period of two years after such passing, a failure to make a comparison or verification required by the Acts to be made in respect of such local standard, such local standard shall not cease or be deemed ever to have ceased to be a local standard by reason merely of such failure.

[GA]

Short title and citation.

4.—(1) This Act may be cited as the Weights and Measures Act, 1936.

[GA]

(2) The Acts and this Act may be cited together as the Weights and Measures Acts, 1878 to 1936.

[GA][GA]

SCHEDULE.

Standards in the Custody of the Minister for Industry and Commerce.

PART I.

Avoirdupois Weights.

1. One brass cylindrical standard of 100 pounds avoirdupois marked with—

(a) the weight thereof in pounds avoirdupois, and

(b) the figures “3549” and

(c) the words “W. & T. Avery Ltd., Birmingham,” and

(d) the letters “G.R.” surmounted by a crown, and

(e) a portcullis surmounted by the figures “1924”, and

(f) the words “Ministry of Industry and Commerce”.

2. Seven gun-metal spherical standards of 56, 28, 14, 7, 4, 2, and 1 pounds avoirdupois respectively, and each marked with the weight thereof in pounds avoirdupois, the figures “1880”, and (except the 7 lbs. and under standards) the words “L. Oertling, London”.

3. Four gun-metal spherical standards of 8, 4, 2 and 1 ounces avoirdupois respectively, each marked with the weight thereof in ounces avoirdupois and (except the 8 oz. standard) the figures “1880”.

4. Five gun-metal spherical standards of 8, 4, 2, 1, and ½ drams avoirdupois respectively, each marked with the weight thereof in drams avoirdupois, and (except the ½ dram standard) the figures “1880”.

5. Five gun-metal spherical standards of 240, 120, 72, 48, and 24 grains respectively, each marked with the weight thereof in grains and all enclosed in a wooden box marked with the figures “3212”.

6. Five gun-metal spherical standards of 240, 120, 72, 48, and 24 grains respectively, each marked with the weight thereof in grains and all enclosed in a wooden box marked with the figures “3213”.

PART II.

Measures of Capacity.

1. Eleven gun-metal cylindrical standards of bushel, half-bushel, peck, gallon, half-gallon, quart, pint, half-pint, gill, half-gill, and quarter-gill capacity respectively, and each marked with the capacity thereof, and the figures “1880” and the words “L. Oertling, London”.

2. One gun-metal cylindrical standard of one-third pint capacity, marked-with the capacity thereof, and the figures “9009”, and the words “De Grave & Co., Ltd., London”.

PART III.

Decimal Grain Weights.

1. Eleven brass cylindrical standards of 4000, 2000, 1000, 500, 300, 200, 100, 50, 30, 20, and 10 grains respectively, each marked with the weight thereof in grains.

2. Twelve standards of 5, 3, 2, 1, 0.5, 0.3, 0.2, 0.1, 0.05, 0.03, 0.02, and 0.01 grains respectively, all enclosed in a wooden box marked with the figures “3211”

PART IV.

Troy Bullion Weights.

1. Twenty brass cylindrical standards of 500, 400, 300, 200, 100, 50, 40, 30, 20, 10, 5, 4, 3, 2, 1, 0.5, 0.4, 0.3, 0.2, and 0.1 ounces troy respectively and each marked with—

(a) the weight thereof in ounces troy, and

(b) except the 5 oz. and under standards, the words “Ministry of Industry and Commerce”, and

(c) the figures “3610”, and

(d) except the 10 oz. and under standards, the words “W. & T. Avery Ltd., Birmingham” (or “Birmm.”), and

(e) the letters “G.R.” surmounted by a crown, and

(f) a portcullis surmounted by the figures “1924”.

2. Five brass flat standards of 0.05, 0.04, 0.03, 0.02, and 0.01 ounces troy respectively, each marked with the weight thereof in ounces troy, the figures “3610”, the letters “G.R.” surmounted by a crown, and a portcullis surmounted by the figures “1924”.

3. Five platinum wire standards of 0.005, 0.004, 0.003, 0.002. and 0.001 ounces troy respectively.

PART V.

Apothecaries Weights.

1. Thirteen brass cylindrical standards of 10, 8, 6, 4, 2, and 1 ounces apothecaries, 4, 2 and 1 drachms apothecaries, and 2, 1 ½, 1 and ½ scruples apothecaries respectively, each marked with the weight thereof in ounces, drachms, or scruples (as the case may be) apothecaries, the figures “3545”, the letters “G.R.” surmounted by a crown, and a portcullis surmounted by the figures “1924”.

2. Six German silver wire standards of 6, 5, 4, 3, 2, and 1 grains respectively.

3. One aluminium flat standard of one-half grain, marked with the weight thereof in grains, the figures “3545”, the letters “G.R.” surmounted by a crown, and a portcullis surmounted by the figures “1924”.

PART VI

Apothecaries Measures.

1. Two glass cylindrical standards of 10 fluid ounces and 8 fluid drachms capacity respectively, each sub-divided and marked with the letters and figures “D.I.C., S.E. 28” (enclosed in a circle) and the figures “3684”.

2. Four glass cylindrical standards of 4 fluid ounces, 16 fluid drachms, 1 fluid drachm, and 30 minims capacity respectively, each sub-divided and marked with the figures “3684”, the letters “G.R.” surmounted by a crown, the figures “1925” surmounted by a portcullis.

PART VII.

Yard Measure.

One brass standard of the limit gauge form, sub-divided into feet, inches, and twelfths, sixteenths, and hundredths of an inch, and one brass rod standard, both the said standards being marked with—

(a) the figures “3655”, and

(b) the words “Standard Yard”, and

(c) the words “Ministry of Industry and Commerce”, and

(d) except the brass rod, the words “W. & T. Avery Ltd., London”, and

(e) the letters “G.R.” surmounted by a crown, and

(f) a portcullis surmounted by the figures “1924”.

PART VIII.

Inch Measure.

One brass bevelled standard sub-divided into tenths and hundredths of an inch and marked with—

(a) the figures “3537”, and

(b) the figure and word “1 inch”, and

(c) the letters “G.R.” surmounted by a crown, and

(d) a portcullis surmounted by the figures “1924”.