As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 8 de 1945.
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BAILE ÁTHA CLIATH), 1945.
[An tionntó oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
ciallaíonn an abairt “Acht 1941” an tAcht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941);
ciallaíonn an abairt “an chathair” contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath;
ciallaíonn an abairt “comhairle na cathrach” an chomhairle do bunaíodh leis an Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930), don chathair;
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí.
An uimhir de chomhaltaí ar chomhairle na cathrach do mhéadú.
2.—(1) Beidh comhairle na cathrach, ar an gcéad ghnáth-lá chun a comhaltaí do dhul as oifig tar éis dáta an Achta so do rith agus ón lá san amach, comhdhéanta de chúig chomhalta ceathrachad agus dá réir sin toghfar an uimhir sin de chomhaltaí i ngach toghchán do chomhaltaí chomhairle na cathrach a comórfar tar éis dáta an Achta so do rith.
(2) An méid de mhír (a) d'alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1935 (Uimh. 10 de 1935), a achtaíos go mbeidh comhairle na cathrach comhdhéanta de chúig chomhalta tríochad, beidh sé arna athghairm ar an gcéad ghnáth-lá chun comhaltaí chomhairle na cathrach do dhul as oifig tar éis dáta an Achta so do rith.
Iogh-líomatáistí sa chathair.
3.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú,—
(a) an chathair do roinnt as an nua ina togh-líomatáistí, agus
(b) a dháiliú do gach togh-líomatáiste fá leith acu san an uimhir de chomhaltaí de chomhairle na cathrach a bheas le toghadh dhó.
(2) Beidh d'oblagáid ar an Aire ordú do dhéanamh fán alt so roimh an gcéad toghchán do chomhaltaí chomhairle na cathrach a comórfar tar éis dáta an Achta so do rith.
(3) Fá réir fó-ailt (2) den alt so, féadfaidh an tAire ordú do dhéanamh fán alt so aon uair agus a mhinice mheasfaidh is ceart é.
(4) Is é an méid togh-líomatáistí ina roinnfear an chathair le hordú fán alt so ná cúig cinn nó níos mó agus is iad na líomatáistí sin is togh-líomatáistí buirge sa chathair chun críocha an Local Government (Ireland) Act, 1919, agus achtachán ina dhiaidh sin.
(5) Nuair a bheas na huimhreacha de chomhaltaí bheas le toghadh do na togh-líomatáistí sonnrófar san ordú á ndáiliú aige le hordú fán alt so, féachfaidh an tAire do dhaonraí agus do luachála inrátuithe na líomatáistí sin.
(6) An roinnt ina togh-líomatáistí a déanfar ar an gcathair le hordú fán alt so, beidh éifeacht aici (gan dochar d'aon ordú den tsórt san ina dhiaidh sin) chun críocha an chéad toghcháin do chomhaltaí chomhairle na cathrach a comórfar tar éis dáta an orduithe do dhéanamh agus as san amach.
(7) Is í an uimhir de chomhaltaí bheas le toghadh, i ngach toghchán do chomhaltaí chomhairle na cathrach a comórfar tar éis ordú fán alt so do dhéanamh, do gach togh-líomatáiste fá leith a sonnrófar san ordú ná (gan dochar d'aon ordú den tsórt san ina dhiaidh sin) an uimhir a dáileofar leis an ordú don toghlíomatáiste sin.
(8) Déanfar gach ordú fán alt so do leagadh fá bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Tigh acu san, laistigh den seacht lá shuífidh an Tigh sin tar éis an t-ordú do leagadh fána bhráid, rún do rith ag cur an orduithe ar neamhbhrí, beidh an t-ordú arna chur ar neamhbhrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fán ordú.
Leas-Ard-Mhéara ar Bhaile Atha Cliath do cheapadh.
4.—(1) Muran féidir d'Ard-Mhéara Bhaile Atha Cliath a fheadhmanna do chomhlíonadh ar feadh aon tréimhse áirithe, toisc é bheith breoite nó as láthair de riachtanas ón gcathair, féadfaidh sé, fá réir forál an ailt seo, comhalta de chomhairle na cathrach do cheapadh ina Leas-Ard-Mhéara ar Bhaile Atha Cliath ar feadh na tréimhse sin agus féadfaidh an duine ceapfar amhlaidh feadhmanna Ard-Mhéara Bhaile Atha Cliath do chomhlíonadh ar feadh na tréimhse sin.
(2) Ach amháin le toiliú chomhairle na cathrach, ní sia ná dhá mhí an tréimhse ar ina haghaidh a ceapfar duine fá fhó-alt (1) den alt so.
(3) Má déantar an chumhacht do bheirtear le fó-alt (1) den alt so d'fheidhmiú maidir le dhá thréimhse nó níos mó i rith aon tréimhse áirithe de dhá mhí dhéag, ní sia ná trí mhí iomlán na dtréimhsí sin mura dtoilí comhairle na cathrach leis.
(4) Athghairmtear leis seo alt 48 den reacht Éireannach príobháideach do ritheadh, roimh an Aontacht, sa tsiosón 1771-72 agus dárb uimhir chapter XI (An Act for better regulating the Foundling Hospital and Work-house in the city of Dublin, etc., 11 & 12 Geo. III, c. xi).
An tréimhse d'fhaidiú chun an toghchán nua do chomhaltaí chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath do chomóradh.
5.—(1) San alt so, ciallaíonn an abairt “an toghchán nua” an toghchán do chomhaltaí chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath is gá, tráth an Achta so do rith, do chomóradh do réir ailt 45 d'Acht 1941.
(2) Fá réir fó-ailt (3) den alt so, beidh an lá atá le ceapadh fá alt 45 d'Acht 1941, chun an toghchán nua do chomhaltaí chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath do chomóradh, laistigh den tréimhse dár tosach lá an Achta so do rith agus dár críoch an lú lá d'Iúl, 1946.
(3) Má thagann an tAire ar an tuairim nach maith an chomhairle an toghchán nua do chomhaltaí chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath do chomóradh laistigh den tréimhse luaitear i bhfó-alt (2) den alt so—
(a) toisc athrú ar chomhdhéanamh agus feadhmanna na n-údarás a riaras údarás áitiúil i gcontae Bhaile Atha Cliath do bheith á bhreithniú ag an Aire,
(b) toisc atheagrú ar riaradh feadhmanna chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath nó aon chomhluchta a ndéanann an chomhairle sin a gcostas do sholáthar i bpáirt nó go hiomlán do bheith gan críochnú, nó
(c) ar aon chúis eile bhaineas le riaradh feadhmanna chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath,
féadfaidh an tAire, le hordú, an tréimhse sin d'fhaidiú tréimhse nach sia ná dhá bhliain nó, le sreath d'orduithe, í d'fhaidiú tréimhsí i ndiaidh a chéile nach sia ná dhá bhliain san iomlán.
(4) Más sa bhliain 1946 nó sa bhliain 1947 a comórfar an toghchán nua do chomhaltaí chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath—
(a) gan dochar d'fhó-alt (4) d'alt 45 d'Acht 1941, ní toghchán cinn trí mblian a bheas sa toghchán nua, agus
(b) déanfar toghchán do chomhaltaí chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath do chomóradh freisin sa bhliain 1948 agus is toghchán cinn trí mblian bheas sa toghchán san.
(5) Más sa bhliain 1945 nó sa bhliain 1948 a comórfar an toghchán nua do chomhaltaí chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath is toghchán cinn trí mblian bheas ann.
(6) Ní bheidh feidhm ag fó-alt (2) d'alt 45 d'Acht 1941 maidir leis an toghchán nua.
(7) Déanfar gach ordú fán alt so do leagadh fá bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuífidh an Tigh sin tar éis an t-ordú do leagadh fána bhráid, rún do rith ag cur an orduithe ar neamhbhrí, beidh an t-ordú arna chur ar neamhbhrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fán ordú.
An toghchán nua do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Bhaile Atha Cliath do chur siar.
6.—(1) San alt so, ciallaíonn an abairt “an toghchán nua” an toghchán do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Bhaile Atha Cliath is gá, tráth an Achta so do rith, do chomóradh do réir ailt 45 d'Acht 1941.
(2) Comórfar toghchán do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Bhaile Atha Cliath sa bhliain 1948 (ar a luaithe) do réir na bhforál chuige sin atá san Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), agus is tuigthe gurb é an toghchán san an toghchán nua.
(3) Ní bheidh feidhm ag fó-alt (2) d'alt 45 d'Acht 1941 maidir leis an toghchán nua.
An toghchán nua do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Ráth Dúin do chur siar.
7.—(1) San alt so, ciallaíonn an abairt “an toghchán nua” an toghchán do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Ráth Dúin is gá, tráth an Achta so do rith, do chomóradh do réir ailt 45 d'Acht 1941.
(2) Comórfar toghchán do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Ráth Dúin sa bhliain 1948 (ar a luaithe) do réir na bhforál chuige sin atá san Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), agus is tuigthe gurb é an toghchán san an toghchán nua.
(3) Ní bheidh feidhm ag fó-alt (2) d'alt 45 d'Acht 1941 maidir leis an toghchán nua.
An toghchán nua do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Bhaile an Ridire do chur siar.
8.—(1) San alt so, ciallaíonn an abairt “an toghchán nua” an toghchán do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Bhaile an Ridire is gá, tráth an Achta so do rith, do chomóradh do réir ailt 45 d'Acht 1941.
(2) Comórfar toghchán do chomhaltaí Bhord Chúnaimh Bhaile an Ridire sa bhliain 1948 (ar a luaithe) do réir na bhforál chuige sin atá san Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), agus is tuigthe gurb é an toghchán san an toghchán nua.
(3) Ní bheidh feidhm ag fó-alt (2) d'alt 45 d'Acht 1941 maidir leis an toghchán nua.
Achtacháin láithreacha d'oiriúnú.
9.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, pé oiriúnuithe do dhéanamh, ar aon achtachán a bheas i bhfeidhm ar dháta an Achta so do rith agus a bhaineas le nithe lena mbaineann an tAcht so, is dóigh leis is gá chun go mbeidh éifeacht ag an achtachán i gcomhréir le forála an Achta so.
(2) Déanfar gach ordú fán alt so do leagadh fá bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuífidh an Tigh sin tar éis an t-ordú do leagadh fána bhráid, rún do rith ag cur an orduithe ar neamhbhrí, beidh an t-ordú arna chur ar neamhbhrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fán ordú.
Gearr-theideal agus comhluadh.
10.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1945, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 go 1945, do ghairm den Acht so agus de na hAchta Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 go 1940, le chéile.
Number 8 of 1945.
LOCAL GOVERNMENT (DUBLIN) ACT, 1945.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Acts Referred to | |
No. 23 of 1941 | |
No. 27 of 1930 | |
No. 10 of 1935 | |
No. 27 of 1939 |
Number 8 of 1945.
LOCAL GOVERNMENT (DUBLIN) ACT, 1945.
Definitions.
1.—In this Act—
the expression “the Act of 1941” means the Local Government Act, 1941 (No. 23 of 1941);
the expression “the city” means the county borough of Dublin;
the expression “the city council” means the council established by the Local Government (Dublin) Act, 1930 (No. 27 of 1930) for the city;
the expression “the Minister” means the Minister for Local Government and Public Health.
Increase of number of members of the city council.
2.—(1) The city council shall, on and after the ordinary day of retirement of members thereof next after the passing of this Act, consist of forty-five members and that number of members shall accordingly be elected at every election of members of the city council held after the passing of this Act.
(2) So much of paragraph (a) of section 2 of the Local Government (Dublin) Act, 1935 (No. 10 of 1935), as enacts that the city council shall consist of thirty-five members shall be repealed on the ordinary day of retirement of members of the city council next after the passing of this Act.
Electoral areas in the city.
3.—(1) The Minister may by order—
(a) make a new division of the city into electoral areas, and
(b) assign to each such electoral area the number of members of the city council to be elected therefor.
(2) It shall be obligatory on the Minister to make an order under this section before the election of members of the city council held next after the passing of this Act.
(3) Subject to subsection (2) of this section, the Minister may make an order under this section whenever and so often as he thinks proper.
(4) The electoral areas into which the city is divided by an order under this section shall be five or more in number and such areas shall be the borough electoral areas in the city for the purposes of the Local Government (Ireland) Act, 1919, and subsequent enactments.
(5) In assigning by an order under this section the numbers of members to be elected for the electoral areas specified in the order, the Minister shall have regard to the populations and rateable valuations of such areas.
(6) The division of the city into electoral areas made by an order under this section shall (without prejudice to any subsequent such order) have effect for the purposes of the election of members of the city council held next after the order is made and thereafter.
(7) The number of members to be elected, at every election of members of the city council held after the making of an order under this section, for each electoral area specified in the order shall (without prejudice to any subsequent such order) be the number assigned by the order to that electoral area.
(8) Every order under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as conveniently may be after it is made and, if a resolution annulling the order is passed by either such House within the next seven days on which that House has sat after the order is laid before it, the order shall be annulled accordingly but without prejudice to the validity of anything previously done thereunder.
Appointment of deputy Lord Mayor of Dublin.
4.—(1) Where the Lord Mayor of Dublin is unable to discharge his functions during any period on account of illness or necessary absence from the city, he may, subject to the provisions of this section, appoint a member of the city council to be deputy Lord Mayor of Dublin during that period and the person so appointed may discharge the functions of the Lord Mayor of Dublin during that period.
(2) The period for which a person is appointed under subsection (1) of this section shall not, save with the consent of the city council, exceed two months.
(3) Where the power conferred by subsection (1) of this section is exercised in relation to two or more periods occurring during any period of twelve months, the aggregate of those periods shall not, save with the consent of the city council, exceed three months.
(4) Section 48 of the private pre-union Irish statute passed in the session of 1771-72 and numbered chapter xi (An Act for better regulating the Foundling Hospital and Work-house in the city of Dublin, etc., 11 & 12 Geo. III, c. xi) is hereby repealed.
Extension of period for holding the new election of members of council of county of Dublin.
5.—(1) In this section, the expression “the new election” means the election of members of the council of the county of Dublin which at the passing of this Act stands required by section 45 of the Act of 1941 to be held.
(2) Subject to subsection (3) of this section, the day to be fixed under section 45 of the Act of 1941 for the holding of the new election of members of the council of the county of Dublin shall be within the period beginning on the day on which this Act is passed and ending on the 1st day of July, 1946.
(3) If the Minister becomes of opinion that it is inadvisable to hold the new election of members of the council of the county of Dublin within the period mentioned in subsection (2) of this section—
(a) because an alteration of the constitution and functions of the authorities administering local government in the county of Dublin is being considered by the Minister,
(b) because reorganisations in the administration of the functions of the council of the county of Dublin or of any body whose expenses are provided in whole or in part by that council are incomplete, or
(c) for any other reason connected with the administration of the functions of the council of the county of Dublin.
the Minister may by order extend the said period by a period not exceeding two years or by a series of orders extend it by successive periods not exceeding two years in the aggregate.
(4) If the new election of members of the council of the county of Dublin is held in the year 1946 or the year 1947—
(a) without prejudice to subsection (4) of section 45 of the Act of 1941, the new election shall not be a triennial election, and
(b) an election of members of the council of the county of Dublin shall also be held in the year 1948 and that election shall be a triennial election.
(5) If the new election of members of the council of the county of Dublin is held in the year 1945 or in the year 1948, it shall be a triennial election.
(6) Subsection (2) of section 45 of the Act of 1941 shall not apply to the new election.
(7) Every order under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as conveniently may be after it is made and, if a resolution annulling the order is passed by either such House within the next twenty-one days on which that House has sat after the order is laid before it, the order shall be annulled accordingly but without prejudice to the validity of anything previously done thereunder.
Postponement of new election of members of Dublin Board of Assistance.
6.—(1) In this section, the expression “the new election” means the election of members of the Dublin Board of Assistance which at the passing of this Act stands required by section 45 of the Act of 1941 to be held.
(2) An election of members of the Dublin Board of Assistance shall be held in the year 1948 (and not earlier) in accordance with the provisions in that behalf of the Public Assistance Act, 1939 (No. 27 of 1939) and such election shall be deemed to be the new election.
(3) Subsection (2) of section 45 of the Act of 1941 shall not apply to the new election.
Postponement of new election of members of Rathdown Board of Assistance.
7.—(1) In this section, the expression “the new election” means the election of members of the Rathdown Board of Assistance which at the passing of this Act stands required by section 45 of the Act of 1941 to be held.
(2) An election of members of the Rathdown Board of Assistance shall be held in the year 1948 (and not earlier) in accordance with the provisions in that behalf of the Public Assistance Act, 1939 (No. 27 of 1939), and such election shall be deemed to be the new election.
(3) Subsection (2) of section 45 of the Act of 1941 shall not apply to the new election.
Postponement of new election of members of Balrothery Board of Assistance.
8.—(1) In this section, the expression “the new election” means the election of members of the Balrothery Board of Assistance which at the passing of this Act stands required by section 45 of the Act of 1941 to be held.
(2) An election of members of the Balrothery Board of Assistance shall be held in the year 1948 (and not earlier) in accordance with the provisions in that behalf of the Public Assistance Act, 1939 (No. 27 of 1939), and such election shall be deemed to be the new election.
(3) Subsection (2) of section 45 of the Act of 1941 shall not apply to the new election.
Adaptation of existing enactments.
9.—(1) The Minister may by order make such adaptations in any enactment in force at the passing of this Act and relating to matters affected by this Act as are in his opinion necessary to enable the enactment to have effect in conformity with the provisions of this Act.
(2) Every order under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as conveniently may be after it is made and, if a resolution annulling the order is passed by either such House within the next twenty-one days on which that House has sat after the order is laid before it, the order shall be annulled accordingly but without prejudice to the validity of anything previously done thereunder.
Short title and collective citation.
10.—(1) This Act may be cited as the Local Government (Dublin) Act, 1945.
(2) This Act and the Local Government (Dublin) Acts, 1930 to 1940, may be cited together as the Local Government (Dublin) Acts, 1930 to 1945.