As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 10 de 1943.
ACHT UM THIARNAÍ TIGHE AGUS TIONÓNTAITHE (LEASÚ), 1943.
[An tionntódh oifigeamhail.]
[21adh Abrán, 1943.]
An Príomh-Acht.
1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931 (Uimh. 55 de 1931).
Alt 46 den Phríomh-Acht dá leasú.
2.—(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 46 den Phríomh-Acht do leasú mar leanas, sé sin le rá:—
(a) trí na focail seo leanas do chur i ndeireadh míre (a) den fho-alt san agus mar chuid di, sé sin le rá:—
“no, marab eadh, gurb amhlaidh a haistríodh an talamh san leis an léas san go ceann téarma fiche blian ar a laghad”, agus
(b) trí na focail seo leanas do chur i ndeireadh míre (d) den fho-alt san agus mar chuid di, sé sin le rá:—
“no gurb amhlaidh a tógadh iad de bhun c aontuithe um an léas san do dheonadh ar thógáil n mbuan-fhoirgintí sin”.
(2) Más rud é, i gcás léasa (dá ngairmtear léas leath-tógála san Acht so) a thuitfidh tar éis dáta an Achta so do rith, go mbeadh sé, ar thuitim dó, ina léas tógála mar a mínítear san i bhfo-alt (1) (arna leasú leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so) d'alt 46 den Phríomh-Acht mara mbeadh ní no an dá ní aca so leanas, sé sin le rá, d'ainneoin buan-fhoirgintí do bheith (i gceachtar cás), le linn na tuitime sin, ar an talamh do haistríodh leis an léas san, ná beidh an chuid den talamh ná beidh fé na foirgintí sin ag dul ar fad leis na foirgintí sin no go mbeidh cuid de na foirgintí sin (ach ná beid uile) ina bhfoirgintí nár thóg an léasaidhe fén léas leath-tógála ná nár tógadh de bhun có-aontuithe um an léas san do dheonadh ar iad de thógáil, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas mar leasú ar an alt san 46, sé sin le rá:—
(a) is tuigthe chun crícheanna Coda V den Phríomh-Acht go bhfuil an léas leath-tógála san ar thuitim dó agus go raibh sé o dháta an Achta so do rith no ar feadh na seacht mblian díreach roimh é thuitim (pé tréimhse is giorra) ina dhá léas ar leithligh, ceann aca ina léas (dá ngairmtear an léas lán-tógála san Acht so) ar an gcuid sin, den talamh do haistríodh leis an léas leathtógála, a bheidh fé bhuan-fhoirgintí do thóg an duine do bhí, ar a dtógáil, i dteideal an leasa bhí ag an léasaidhe fén léas leath-tógála no do tógadh de bhun có-aontuithe um an léas san do dheonadh ar a dtógáil, maraon le hoiread den talamh san agus a bheidh ag dul leis na foirgintí sin, agus an ceann eile ina léas (dá ngairmtear an léas nea-thógála san Acht so) ar an gcuid eile den talamh san, bíodh buan-fhoirgintí ar an gcuid sin no ná bíodh;
(b) chun na gcrícheanna bhaineann le roinnt an léasa leathtógála amhlaidh, is tuigthe an cíos a forcoimeádtar leis do bheith cionroinnte idir an léas lán-tógála agus an léas nea-thógála go rátúil do réir achair an tailimh lena mbainfidh na léasanna san fé seach, agus is tuigthe na cumhnanta ar thaobh an léasaidhe agus na coinníollacha bheidh sa léas leath-tógála do bheith cionroinnte mar an gcéanna chun go mbeidh feidhm aca maidir leis an talamh lena mbainfidh an léas lán-tógála agus leis an talamh lena mbainfidh an léas nea-thógála ar leithligh;
(c) is tuigthe an léas lán-tógála do bheith, ar thuitim don léas leath-tógála, agus go raibh sé, ón am do roinneadh an léas san amhlaidh, ina léas tógála mar a mínítear san i bhfo-alt (1) d'alt 46 den Phríomh-Acht arna leasú leis an Acht so, agus beidh feidhm agus éifeacht ag Cuid V den Acht san maidir leis dá réir sin;
(d) fo-léas, ar chuid den talamh lena mbainfidh léas leathtógála, do bheadh, ar thuitim dó, ina léas dhílse mar a mínítear san i bhfo-alt (2) d'alt 46 den Phríomh-Acht dá mbeadh an léas leath-tógála ina léas tógála mar a mínítear san i bhfo-alt (1) den alt san arna leasú leis an Acht so, is tuigthe é bheith, ar thuitim dó, agus go raibh sé, o dháta an Achta so do rith no o thosach an téarma a haistrítear leis an bhfo-léas san (pé aca is déanaighe), ina léas dhílse mar a mínítear san amhlaidh mar adubhradh, agus beidh feidhm agus éifeacht ag Cuid V den Phríomh-Acht maidir leis dá réir sin, agus chuige sin is tuigthe maidir leis an léas leathtógála gurb é an léas tógála é dar fo-léas an fo-léas san.
(3) Má líomhantar in aon Chúirt léas áirithe do bheith ina léas tógála mar a mínítear san i bhfo-alt (1) (arna leasú leis an alt so) d'alt 46 den Phríomh-Acht toisc gurb amhlaidh do tógadh na buanfhoirgintí luaidhtear sa bhfo-alt san de bhun có-aontuithe um an léas san do dheonadh ar thógáil na bhfoirgintí sin, ach ná beidh fianaise ráite ar an gcó-aontú san ar fáil, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) má cuirtear ina luighe ar an gCúirt gurb é thóg na foirgintí sin ná an duine dar deonadh an léas san ina dhiaidh sin, glacfar ina dheimhin go ndearnadh an có-aontú san iarbhfír agus gur dá bhun do tógadh na foirgintí sin;
(b) in aon chás ná bainfidh an mhír sin roimhe seo den fho-alt so leis, is dleathach don Chuirt, más cuibhe léi é ar éisteacht le pé fianaise bheidh ar fáil agus a bhéarfar ar áird, a ghlacadh ina dheimhin go ndearnadh an có-aontú san iarbhfír agus gur dá bhun do tógadh, na foirgintí sin.
Léasaithe fé léasanna tuitithe do chaomhaint.
3.—(1) Más rud é, i gcás léasa (dá ngairmtear an léas tuitithe sa bhfo-alt so) do thuit tar éis dáta an Phríomh-Achta do rith agus roimh dháta an Achta so do rith, ná raibh sé ar thuitim dó ina léas tógála mar a mínítear san i bhfo-alt (1) d'alt 46 den Phríomh-Acht ach go mbeadh sé, dá mba tar éis dáta an Achta so do rith do thuitfeadh, ina léas tógála mar a mínítear san sa bhfo-alt san (1) arna leasú leis an Acht so no ina léas leath-tógála do réir bhrí an ailt deiridh sin roimhe seo, beidh feidhm agus éifeacht ag pé cuid de na forálacha san aca so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—
(a) más rud é—
(i) go mbeadh an léas tuitithe ina léas tógála nar a mínítear san i bhfo-alt (1) den alt san 46 arna leasú leis an Acht so dá mba tar éis dáta an Achta so do rith do thuitfeadh, agus
(ii) go bhfuil an duine ba léasaidhe fén léas tuitithe i seilbh, ar dháta an Achta so do rith, an tailimh no aon choda den talamh lenar bhain an léas tuitithe, agus
(iii) i gcás léas frithdhílse ar an talamh san no ar an gcuid de atá ina sheilbh amhlaidh (do réir mar atá) do dheonadh (fé Chuid V den Phríomh-Acht) don léasaidhe sin, ná déanfadh san dochar ná deifir d'aon cheart do fuair aon duine, seachas an léasaidhe sin agus an duine do dhlighfeadh an léas frithdhílse sin do dheonadh, roimh an 1adh lá de Mhárta, 1943,
ansan agus sa chás san beidh ag an léasaidhe sin, ar feadh sé mí tar éis dáta an Achta so do rith, na cirt chéanna, maidir le léas frithdhílse ar an talamh san no ar an gcuid sin de (do réir mar atá) d'fháil (fén gCuid sin V), do bheadh aige ar feadh na seacht mblian díreach roimh thuitim an léasa thuitithe dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm an tráth san;
(b) más rud é—
(i) go mbeadh an léas tuitithe ina léas leath-tógála do réir bhrí an ailt deiridh sin roimhe seo dá mba tar éis dáta an Achta so do rith do thuitfeadh, agus
(ii) go bhfuil an duine ba léasaidhe fén léas tuitithe i seilbh, ar dháta an Achta so do rith, iomláine no coda éigin d'iomláine pé méid (dá ngairmtear san alt so an talamh fé fhoirgintí) den talamh do haistríodh leis an léas tuitithe lena mbainfeadh an léas lán-tógála a thiocfadh ar roinnt do dhéanamh (fén alt deiridh sin roimhe seo) ar an léas tuitithe dá mba tar éis dáta an Achta so do rith do thuitfeadh an léas san, agus
(iii) i gcás léas frithdhílse ar an talamh fé fhoirgintí no ar an gcuid de atá ina sheilbh (do réir mar atá) do dheonadh (fé Chuid V den Phríomh-Acht) don léasaidhe sin, ná déanfadh san dochar ná deifir d'aon cheart do fuair aon duine, seachas an léasaidhe sin agus an duine do dhlighfeadh an léas frithdhílse sin do dheonadh, roimh an 1adh lá de Mhárta, 1943,
ansan agus sa chás san beidh ag an léasaidhe sin, ar feadh sé mí tar éis dáta an Achta so do rith, na cirt chéanna, maidir le léas frithdhílse ar an talamh fé fhoirgintí no ar an gcuid sin de (do réir mar atá) d'fháil (fén gCuid sin V), do bheadh aige ar feadh na seacht mblian díreach roimh thuitim an léasa thuitithe dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm an tráth san;
(c) más rud é—
(i) go bhfuil an duine ba léasaidhe (dá ngairmtear foléasaidhe sa bhfo-alt so) fé léas is fo-leas (meánach no nea-meánach) fén léas tuitithe i seilbh, ar dháta an Achta so do rith, an tailimh no coda den talamh do haistríodh leis an léas tuitithe (i gcás ina mbeadh an léas tuitithe ina léas tógála dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm le linn a thuitithe) no an tailimh fé fhoirgintí no coda den talamh san (i gcás ina mbeadh an léas tuitithe ina léas leath-tógála dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm le linn a thuitithe), agus
(ii) go mbeadh an fo-léas san ar thuitim dó (dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm an tráth san) ina léas dílse mar a mínítear san i bhfo-alt (2) d'alt 46 den Phríomh-Acht, agus
(iii) i gcás léas frithdhílse ar an talamh atá ina sheilbh amhlaidh do dheonadh don fho-léasaidhe sin, ná déanfadh san dochar ná deifir d'aon cheart do fuair aon duine, seachas an fo-léasaidhe sin-agus an duine do dhlighfeadh an léas frithdhílse sin do dheonadh, roimh an 1adh lá de Mhárta, 1943,
ansan agus sa chás san beidh ag an bhfo-léasaidhe sin, ar feadh sé mí tar éis dáta an Achta so do rith, na cirt chéanna, maidir le léas frithdhílse ar an talamh san atá ina sheilbh amhlaidh d'fháil (fén gCuid sin V), do bheadh aige ar feadh na seacht mblian díreach roimh thuitim an fho-léasa san dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm an tráth san;
(d) i gcás lena mbaineann aon mhír aca san roimhe seo den fho-alt so, má ghlac an léasaidhe no an fo-léasaidhe lena mbaineann an mhír sin, no má chó-aontuigh go nglacfadh, óna thiarna tighe no o thiarna tighe uachtarach léas no cur-ar-cíos eile (seachas léas frithdhílse nach neamh-fhábhraighe a théarmaí don léasaidhe no don fho-léasaidhe sin (pé aca é) ná na téarmaí d'fhéadfaidh an Chúirt a cheapadh fé fho-alt (1) d'alt 48 den Phríomh-Acht) ar an talamh atá ina sheilbh mar a luaidhtear sa mhír sin, ní thiocfaidh cosc ná dochar de sin maidir leis an léasaidhe no an fo-léasaidhe (pé aca é) d'fháil léasa fhrithdhílse ar an talamh san fé Chuid V den Phríomh-Acht de bhuadh na míre sin, agus, ar fháil an léasa fhrithdhílse sin don léasaidhe no don fho-léasaidhe sin, ní bheidh brí ná éifeacht feasta ag an léas no an cur-ar-cíos san no ag an gcó-aontú uime (pé aca é) do ghlac sé óna thiarna tighe no óna thiarna tighe uachtarach, no do rinne sé leis, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin de bhun cumhnanta no coinníll sa léas no sa chur ar-cíos no sa chó-aontú san.
(2) Má rinneadh, tar éis dáta an Phríomh-Achta do rith agus roimh dháta an Achta so do rith, léas (dá ngairmtear an léas foirceannta sa bhfo-alt so) d'fhoirceannadh (roimh thuitim dó le himeacht aimsire) trí dhí-shealbhú mar gheall ar neamh-íoc-cíosa no briseadh cumhnanta no eile no tríd an léasóir d'fheidhmiú comhachta ath-iontrála mar gheall ar bhriseadh cumhnanta no coinníll a bhí sa léas foirceannta, agus ná raibh an léas foirceannta, ar dháta a fhoirceannta, ina léas tógála mar a mínítear san i bhfo-alt (1) d'alt 46 den Phríomh-Acht ach go mbeadh sé, dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm ar an dáta san, ina léas tógála mar a mínítear san sa bhfo-alt san (1) arna leasú leis an Acht so no ina léas leath-tógála do réir bhrí an ailt deiridh sin roimhe seo, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) duine do bhí, ar fhoirceannadh an léasa fhoirceannta, i seilbh an tailimh no aon choda den talamh lenar bhain an léas foirceannta agus do bhí ina sheilbh amhlaidh fé fho-léas (meánach no nea-meánach) fén léas foirceannta, do bheadh ina léas dílse (mar a mínítear san i bhfo-alt (2) d'alt 46 den Phríomh-Acht) dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm an tráth san, is tuigthe i dtaobh an duine sin, má bhíonn sé i seilbh an tailimh sin no na coda san de (pé aca é) ar dháta an Achta so do rith, go bhfuil agus go raibh sé riamh i seilbh amhlaidh fé léas dílse agus beidh aige agus is tuigthe go raibh riamh aige, maidir leis an talamh san no leis an gcuid sin de (pé aca é), na cirt agus na príbhléidí agus na caomhanta uile bheirtear do léasaithe fé léasanna dílse le Cuid V den Phríomh-Acht;
(b) má thárla tar éis foirceannadh an léasa fhoirceannta gur ghlac duine lena mbaineann an mhír sin roimhe seo den alt so no gur chó-aontuigh go nglacfadh, ón tiarna tighe d'fhoirceann an léas foirceannta, léas no cur-ar-cíos eile ar an talamh a bhí ina sheilbh amhlaidh mar a luaidhtear sa mhír sin, tiocfaidh an léas no an cur-ar-cíos san no an có-aontú uime (pé aca é) chun bheith gan brí gan éifeacht ar dháta an Achta so do rith, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin de bhun cumhnanta sa léas no sa chur-ar-cíos no sa chó-aontú san.
Gearr-theideal agus có-luadh.
4.—(1) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe (Leasú), 1943, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe (Leasú), 1931 agus 1943, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.
Number 10 of 1943.
LANDLORD AND TENANT (AMENDMENT) ACT, 1943.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Act Referred to | |
No. 55 of 1931 |
Number 10 of 1943.
LANDLORD AND TENANT (AMENDMENT) ACT, 1943.
The Principal Act.
1.—In this Act the expression “the Principal Act” means the Landlord and Tenant Act, 1931 (No. 55 of 1931).
Amendment of section 46 of the Principal Act.
2.—(1) Sub-section (1) of section 46 of the Principal Act is hereby amended as follows, that is to say:—
(a) by the insertion of the following words at the end, and as part, of paragraph (a) of the said sub-section, that is to say:—
“or, if such land is not so situate, such land was demised by such lease for a term of not less than twenty years”, and
(b) by the insertion of the following words at the end, and as part, of paragraph (d) of the said sub-section, that is to say:—
“or were erected in pursuance of an agreement for the grant of such lease upon the erection of such permanent buildings”.
(2) Where a lease (in this Act referred to as a partly-built lease) which expires after the passing of this Act would, at its expiration, be a building lease as defined in sub-section (1) (as amended by the foregoing sub-section of this section) of section 46 of the Principal Act but for either or both of the following facts, that is to say, that, though there are (in either case), at such expiration, permanent buildings on the land demised by such lease, the portion of that land which is not covered by such buildings is not wholly subsidiary and ancillary to such buildings or some (but not all) of such buildings were neither erected by the lessee under the partly-built lease nor erected in pursuance of an agreement for the grant of that lease on their erection, the following provisions shall apply and have effect by way of amendment of the said section 46, that is to say:—
(a) the partly-built lease shall, for the purposes of Part V of the Principal Act, be deemed to be at its expiration and to have been since the passing of this Act or for the seven years next preceding such expiration (whichever period is the shorter) two separate leases whereof one lease (in this Act referred to as the built-on lease) comprises that portion of the land demised by the partly-built lease which is covered with permanent buildings, either erected by the person entitled at their erection to the lessee's interest under the partly-built lease or erected in pursuance of an agreement for the grant of that lease on their erection, together with so much of the said land as is subsidiary and ancillary to those buildings and the other lease (in this Act referred to as the vacant lease) comprises the residue of the said land, whether there are or are not permanent buildings on that residue;
(b) for the purposes of such division of the partly-built lease, the rent thereby reserved shall be deemed to be apportioned between the built-on lease and the vacant lease rateably in proportion to the area of the land comprised in those leases respectively, and the covenants on the lessee's part and the conditions contained in the partly-built lease shall be deemed to be apportioned likewise so as to relate separately to the land comprised in the built-on lease and to the land comprised in the vacant lease;
(c) the built-on lease shall be deemed to be, at the expiration of the partly-built lease and to have been since the said division of that lease, a building lease as defined in sub-section (1) of section 46 of the Principal Act as amended by this Act, and Part V of that Act shall apply and have effect in relation thereto accordingly;
(d) a sublease of part of the land comprised in the partly-built lease, which would, at the expiration thereof, be a proprietary lease as defined in sub-section (2) of section 46 of the Principal Act if the partly-built lease were a building lease as defined in sub-section (1) of that section as amended by this Act, shall be deemed to be at the said expiration and to have been from the passing of this Act or the commencement of the term demised by such sublease (whichever is the later) a proprietary lease as so defined as aforesaid, and Part V of the Principal Act shall apply and have effect in relation thereto accordingly, and for that purpose the partly-built lease shall be deemed to be the building lease of which the said sublease is a sublease.
(3) Where a lease is alleged in any Court to be a building lease as defined in sub-section (1) (as amended by this section) of section 46 of the Principal Act by reason of the permanent buildings mentioned in the said sub-section having been erected in pursuance of an agreement for the grant of such lease upon the erection of those buildings but express evidence of such agreement is not available, the following provisions shall apply and have effect, that is to say:—
(a) if it is shown to the satisfaction of the Court that the said buildings were erected by the person to whom the said lease was subsequently made, it shall be presumed that such agreement was in fact made and that the said buildings were erected in pursuance thereof;
(b) in any case to which the foregoing paragraph of this sub-section does not apply, it shall be lawful for the Court, if it so thinks proper on hearing such evidence as is available and is adduced, to presume that such agreement was in fact made and that the said buildings were erected in pursuance thereof.
Protection of lessees under expired leases.
3.—(1) Where a lease (in this sub-section referred to as the expired lease) which expired after the passing of the Principal Act and before the passing of this Act was not at its expiration a building lease as defined in sub-section (1) of section 46 of the Principal Act but would, if it had expired after the passing of this Act, have been either a building lease as defined in the said sub-section (1) as amended by this Act, or a partly-built lease within the meaning of the next preceding section, such of the following provisions as is or are applicable shall apply and have effect, that is to say:—
(a) where—
(i) the expired lease would have been a building lease as defined in sub-section (1) of the said section 46 as amended by this Act if it had expired after the passing of this Act, and
(ii) the lessee under the expired lease is, at the passing of this Act, in possession of the land or any part of the land comprised in the expired lease, and
(iii) the granting (under Part V of the Principal Act) to such lessee of a reversionary lease of such land or the part thereof of which he is so in possession (as the case may be) would not prejudice or affect any right acquired before the 1st day of March, 1943, by any person other than such lessee and the person liable to grant such reversionary lease,
then and in such case such lessee shall, during six months after the passing of this Act, have the same rights in relation to obtaining (under the said Part V) a reversionary lease of the said land or the said part thereof (as the case may be) as he would have had during the seven years next before the expiration of the expired lease if this Act had then been in force;
(b) where—
(i) the expired lease would have been a partly-built lease within the meaning of the next preceding section if it had expired after the passing of this Act, and
(ii) the lessee under the expired lease is, at such passing, in possession of the whole or some part of so much (in this section referred to as the built-on land) of the land demised by the expired lease as would have been comprised in the built-on lease arising on the division (under the said next preceding section) of the expired lease if that lease had expired after the passing of this Act, and
(iii) the granting (under Part V of the Principal Act) to such lessee of a reversionary lease of the built-on land or the part thereof of which he is in possession (as the case may be) would not prejudice or affect any right acquired before the 1st day of March, 1943, by any person other than such lessee and the person liable to grant such reversionary lease,
then and in such case such lessee shall, during six months after the passing of this Act, have the same rights in relation to obtaining (under the said Part V) a reversionary lease of the built-on land or the said part thereof (as the case may be) as he would have had during the seven years next before the expiration of the expired lease if this Act had then been in force;
(c) where—
(i) a lessee (in this sub-section referred to as a sublessee) under a lease which is a sublease (whether mediate or immediate) under the expired lease is, at such passing, in possession (where the expired lease would have been a building lease if this Act had been in force at its expiration) of the land or part of the land demised by the expired lease or (where the expired lease would have been a partly-built lease if this Act had been in force at its expiration) of the built-on land or part of that land, and
(ii) such sublease would at its expiration (if this Act had then been in force) have been a proprietary lease as defined in sub-section (2) of section 46 of the Principal Act, and
(iii) the granting (under Part V of the Principal Act) to such sublessee of a reversionary lease of the land of which he is so in possession would not prejudice or affect any right acquired before the 1st day of March, 1943, by any person other than such sublessee and the person liable to grant such reversionary lease,
then and in such case such sublessee shall, during six months after the passing of this Act, have the same rights in relation to obtaining (under the said Part V) a reversionary lease of the said land of which he is so in possession as he would have had during the seven years next before the expiration of such sublease if this Act had then been in force;
(d) in a case to which any of the foregoing paragraphs of this sub-section applies, the fact that the lessee or sublessee to whom that paragraph applies has taken or agreed to take from his landlord or a superior landlord a lease or other letting (other than a reversionary lease the terms of which are not less favourable to such lessee or sublessee (as the case may be) than the terms which might have been fixed by the Court under sub-section (1) of section 48 of the Principal Act) of the land of which he is in such possession as is mentioned in that paragraph shall not prevent or prejudice the obtaining by such lessee or sublessee (as the case may be) by virtue of the said paragraph of a reversionary lease of the said land under Part V of the Principal Act, and, on such lessee or sublessee so obtaining such reversionary lease, the said lease or letting or the agreement therefor (as the case may be) so taken or made by him from or with his landlord or superior landlord shall become null and void, but without prejudice to the validity of anything previously done in pursuance of a covenant or condition contained in such lease, letting or agreement.
(2) Where a lease (in this sub-section referred to as the terminated lease) was, after the passing of the Principal Act and before the passing of this Act, terminated (before the expiration thereof by effluxion of time) by ejectment for non-payment of rent, breach of covenant, or otherwise, or by the exercise by the lessor of a power of re-entry for breach of a covenant or a condition contained in the terminated lease, and the terminated lease was not, at the date of its termination, a building lease as defined in sub-section (1) of section 46 of the Principal Act but would, if this Act had been in force on that date, have been either a building lease as defined in the said sub-section (1) as amended by this Act or a partly-built lease within the meaning of the next preceding section, the following provisions shall apply and have effect, that is to say:—
(a) a person who was, at the termination of the terminated lease, in possession of the land or any part of the land comprised in the terminated lease and was so in possession thereof under a sub-lease (whether mediate or immediate) under the terminated lease which would have been a proprietary lease (as defined in sub-section (2) of section 46 of the Principal Act) if this Act had then been in force, shall, if he is in possession of the said land or the said part thereof (as the case may be) at the passing of this Act, be deemed to be and always to have been in such possession under a proprietary lease and shall have and be deemed always to have had, in relation to the said land or the said part thereof (as the case may be), all the rights, privileges, and protections conferred on lessees under proprietary leases by Part V of the Principal Act;
(b) where a person to whom the foregoing paragraph of this section applies has, subsequent to the termination of the terminated lease, taken or agreed to take a lease or other letting of the land of which he is so in possession as is mentioned in that paragraph from the landlord who terminated the terminated lease, such lease or letting or the agreement therefor (as the case may be) shall, on the passing of this Act, become null and void, but without prejudice to the validity of anything previously done in pursuance of a covenant contained in such lease, letting, or agreement.
Short title and collective citation.
4.—(1) This Act may be cited as the Landlord and Tenant (Amendment) Act, 1943.
(2) The Principal Act and this Act may be cited together as the Landlord and Tenant Acts, 1931 and 1943.