As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 12 de 1929.
ACHT NA dTITHE, 1929.
[14adh Bealtaine, 1929.]
Mínithe.
1.—San Acht so ach amháin mar a n-éilíonn an có-théacs a mhalairt—
cialluíonn agus foluíonn an abairt “údarás áitiúil” comhairle chontae no bhuirge no bhailecheanntair, no coimisinéirí aon bhaile, no bord sláinte agus conganta phuiblí no bord sláinte puiblí, no comhairle thuathcheanntair i gcontae Bhaile Atha Cliath;
cialluíonn an abairt “cumann maitheasa puiblí” cumann atá cláruithe fé sna Industrial and Provident Societies Acts, 1893 to 1913, no cara-chumann atá cláruithe fé sna Friendly Societies Acts, 1896 and 1908, no aontas céirde atá cláruithe fé sna Trade Union Acts, 1871 to 1913, agus tógáil tithe don lucht oibre ar a gcuspóirí agus foluíonn an abairt sin fós cuideachta a chuireann ina luighe ar an Aire gur leas na ndaoine amháin is abhar dá cuspóirí agus go bhfuil soláthar tithe don lucht oibre ar na cuspóirí sin;
ní fholuíonn an focal “duine” údarás áitiúil ná cumann maitheasa puiblí ná an Cólucht Talmhan do Mháirnéalaigh agus do Shaighdiúirí Eireannacha;
cialluíonn an focal “Aire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;
cialluíonn an focal “tigh” foirgint atá oiriúnach chun comhnaithe ann mar thigh chomhnaithe, agus foluíonn sé urlár comhnaithe atá iomlán ann féin;
cialluíonn an abairt “urlár comhnaithe atá iomlán ann féin” aon chuid d'fhoirgint atá oiriúnach chun comhnaithe ar leithligh ann mar thigh chomhnaithe;
ní fholuíonn an focal “tógáil” ath-dhéanamh, agus is dá réir sin a léireofar na focail “tóg,” “ag tógáil,” agus focail eile áta gaolmhar leo.
Tithe le n-a mbaineann an tAcht so.
2.—Bainfidh an tAcht so le gach tigh a bheidh do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus do réir aon rialacha no rialachán eile a hordófar chun na críche sin.
Deontaisí a fhéadfidh an tAire a dheona.
3.—(1) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas féadfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, deontaisí do dheona mar leanas:—
(a) d'éinne a thógfidh tigh no tithe le n-a mbaineann an tAcht so, deontas nách mó ná £45 ar son gach tighe den tsórt san;
(b) d'aon chumann maitheasa puiblí a thógfidh tigh no tithe le n-a mbaineann an tAcht so, deontas nách mó ná £60 ar son gach tighe den tsórt san;
(c) d'aon údarás áitiúil a thógfidh tigh no tithe do réir na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, agus do réir scéime do cheaduigh an tAire, deontas nách mó ná £60 ar son gach tighe den tsórt san;
(d) d'aon údarás áitiúil a thógfidh tigh no tithe do réir na Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, agus do réir scéime do cheaduigh an tAire, deontas nách mó ná £50 ar son gach tighe den tsórt san.
(2) Féadfidh údarás áitiúil a thógfidh tigh no tithe do réir na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, agus do réir scéime do cheaduigh an tAire, a gheallúint don Aire ná cuirfid aon tigh acu san dá láimh tré n-a dhíol ná tré n-a léasú ná tré n-a chur ach ar pé praghas no cíos agus ar pé coiníollacha a cheadóidh an tAire, agus go ndéanfidh an t-údarás áitiúil sin sa bhliain airgeadais áitiúil ina rithfar an tAcht so no sa chéad bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin ráta nách lú ná scilling fén bpunt do chruinniú chun crícheanna na scéime sin agus go gcuirfid sochar an ráta san chun íoctha costaisí feidhmithe na scéime sin; agus má gheallann údarás áitiúil amhlaidh maidir le haon scéim den tsórt san beidh sé d'oblagáid ar an údarás áitiúil sin an gheallúint sin do chur i bhfeidhm agus do chólíona agus, le toiliú an Aire Airgid, féadfidh an tAire, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontas (in ionad agus ní hi dteanta deontais fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so) nách mó ná £72 do dheona ar son gach tighe fé leith a tógfar do réir na scéime sin.
(3) Pé uair is deimhin leis an Aire, i dtaobh tighe 'nar féidir deontas do dheona ar a son fén Acht so, gur tógadh é chun bheith ar seilbh ag duine áirithe in ionad tighe eile do fágadh neamh-ionáitithe tré chósta-chreimhirt le linn é bheith i seilbh an duine sin, féadfidh an deontas (más ann do) a dheonfidh an tAire fén Acht so ar son an tighe sin dul thar an teora oiriúnach a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so ach ní ragha sé thar pé teora is oiriúnach don deontas san de sna teoranta a luaidhtear i gCuid I (lasmuich den Nóta atá fé) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe, 1925 (Uimh. 12 de 1925).
(4) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 3 d'Acht na dTithe 1925 (Uimh. 12 de 1925) mar atá sé leasuithe tré alt 3 d'Acht na dTithe, 1928 (Uimh. 31 de 1928) agus ina ionad san achtuítear leis seo nách mó ná suim Milleon agus Caoga Míle Punt a bheidh méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fén alt san (3) d'Acht na dTithe, 1925, mar atá sé leasuithe mar adubhradh, maraon le méid iomlán na ndeontas a deonfar fén alt so.
(5) Ní dheonfidh an tAire deontas fén alt so—
(a) ar son tighe a tógadh do réir coiníll ath-shuidhimh do réir brí alt 10 den Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923);
(b) ar son tighe a tógadh ar ionad no ar aon chuid d'ionad foirginte gur moladh cúiteamh fén Acht san um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923, mar gheall ar a léirscrios, no gur tugadh tuairisc ar a léirscrios fé alt 15 den Acht san.
Modh íoctha na ndeontas.
4.—(1) Gach deontas a dheonfidh an tAire do dhuine no do chumann maitheasa puiblí fén Acht so íocfar é ar pé slí a hordófar o am go ham agus ní bheidh dul thar breith an Aire ar ce'ca a cólíonadh no nár cólíonadh aon choiníoll no rialachán áirithe.
(2) Ní íocfidh an tAire aon deontas le duine ná le cumann maitheasa puiblí ar son tógáil tighe mara ndeimhnighidh ná go dtí go ndeimhneoidh oifigeach a cheapfidh an tAire chuige sin (agus dá ngairmtear an “t-oifigeach ceaptha” san alt so) no (i gcás athchomhairc chun an Aire i gcoinnibh diúltú ón oifigeach ceaptha do dheimhniú do dhéanamh amhlaidh) an tAire féin go bhfuil an tógáil sin críochnuithe ar chuma cheart cheárdúil.
(3) Gach deontas a dheonfidh an tAire d'údarás áitiúil fén Acht so féadfar é d'íoc ina thráth-choda ar pé slí a ordóidh an tAire, i dtreo go n-íocfar gach tráth-chuid fé leith ar chríochnú coda áirithe de thógáil na dtithe 'na ndeonfar an deontas ar a son.
Féadfidh Údaráis Áitiúla cabhrú chun tithe do thógáil.
5.—(1) Féadfidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire, cabhrú chun tithe le n-a mbaineann an tAcht so do thógáil ina líomatáiste feidhmiúcháin in aon tslí acu so a leanas, sé sin le rá:—
(a) deontas breise do dheona d'aon duine no cumann maitheasa puiblí le n-a bhfuil deontas iníoctha ag an Aire fén Acht so ar son tighe atá suidhte laistigh de líomatáiste fheidhmiúcháin an údaráis áitiúla, ach gan é dhul thar méid an deontais is iníoctha ag an Aire ar son an tighe sin;
(b) iasacht do thabhairt d'aon duine no cumann maitheasa puiblí le n-a bhfuil deontas iníoctha ag an Aire fén Acht so ar son tighe atá suidhte laistigh de líomatáiste fheidhmiúcháin an údaráis áitiúla ach gan í dhul thar dhá oiread an deontais sin: Ach beidh gach iasacht den tsórt san ion-aisíoctha, i dteanta no d'éamais úis, ina tráth-choda no ar shlí eile, laistigh de thréimhse 'na bhféadfidh an t-údarás áitiúil féin airgead d'fháil ar iasacht, agus urrófar í le morgáiste no le muirear ar an tigh sin agus ar an ionoighreachta ar a bhfuil an tigh sin suidhte;
(c) aon chuid d'aon talamh i seilbh an údaráis áitiúla do dheona, do dhíol no do léasú d'aon duine no cumann maitheasa puiblí, no leis no leo, fé réir cumhnanta go dtógfidh an duine no an cumann san ar an talamh san líon áirithe de thithe le n-a mbaineann an tAcht so, agus má sé a dhíol no a léasú a déanfar féadfidh an praghas no an cíos a íocfidh an duine no an cumann san bheith níos lú ná an praghas no an cíos a féadfí a fháil ar dhíol no ar léasú an tailimh sin sa mharga oscailte;
(d) aon oibreacha do dhéanamh atá riachtanach do thalamh atá oiriúnach chun tithe le n-a mbaineann an tAcht so do thógáil air, no aon oibreacha a bhaineann leis an talamh san no a raghadh chun feabhas do chur air:
Ach luach iomlán na cabhrach, fé mar a shocróidh an tAire é, a dheonfidh aon údarás áitiúil fén alt so d'aon duine no cumann chun aon tigh no tithe do thógáil, ní ragha sé thar iomlán an deontais is iníoctha ag an Aire fén Acht so leis an duine no leis an gcumann san ar son an tighe no na dtithe sin.
(2) San alt so cialluíonn an abairt “líomatáiste feidhmiúcháin”—
(a) maidir le comhairle aon bhuirge no bailecheanntair no le coimisinéirí aon bhaile—líomatáiste na buirge, an cheanntair, no an bhaile, pe'ca aca é;
(b) maidir le comhairle chontae—líomatáiste na contae lasmuich de gach buirg, bailecheanntar, no baile a luíonn ann: Ach má bheartuíonn coimisinéirí baile, le toiliú an Aire, ag cruinniú a comórfar d'aon ghnó chun na críche sin, go n-aistreofaí a bhfeidhmeanna fén alt so chun comhairle na contae ina luíonn an baile sin, agus má aontuíonn an chomhairle sin leis an aistriú san ag cruinniú a comórfar d'aon ghnó chun na críche sin, leis sin beidh líomatáiste an bhaile sin ina chuid de líomatáiste fheidhmiúcháin na comhairle sin.
(3) Féadfidh aon údarás áitiúil, le toiliú an Aire, airgead d'fháil ar iasacht chun críche an ailt seo agus ní déanfar airgead a gheobhfar ar iasacht chun na gcrícheanna san d'áireamh mar chuid d'fhiacha iomlána an údaráis áitiúla san chun críche aon teorann a forchuirtar le fáil iasachtaí le haon reacht no fé.
(4) San alt so ní fholóidh an abairt “údarás áitiúil” comhairle thuathcheanntair i gcontae Bhaile Atha Cliath ná bord sláinte agus conganta phuiblí ná bórd sláinte puiblí.
Costaisí.
6.—(1) Gach costas fé n-a raghaidh comhairle chontae i bhfeidhmiú an Achta so is amach as an ráta dealbhais a híocfar é agus cuirfar é mar mhuirear ar líomatáiste fheidhmiúcháin na comhairle sin mar a mínítear é san alt san roimhe seo.
(2) Gach costas fé n-a raghaidh comhairle bhuirge no bhailecheanntair no coimisinéirí baile i bhfeidhmiú an Achta so cruinneofar agus íocfar é fé is dá dtéigheadh an chomhairle no na coimisinéirí sin fé i bhfeidhmiú na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921.
Déanfidh Údarás Áitiúil cuid de sna rátaí do mhaitheamh.
7.—(1) I ngach bliain de sna naoi gcinn déag tosaigh de bhlianta airgeadais áitiúla tar éis luacháil chun crícheanna rátaíochta do bheith déanta ar thigh gur dheon an tAire deontas fén Acht so ar son a thógála do dhuine no do chumann maitheasa puiblí, déanfidh gach údarás áitiúil 'na bhfuil comhacht acu chun rátaí do ghearra cuid de sna rátaí do mhaitheamh is inghearrtha ag an údarás áitiúil an bhliain sin ar son an tighe sin.
(2) Isé méid a dhéanfidh údarás áitiúil do mhaitheamh, fén bhfo-alt san roimhe seo, den ráta is inghearrtha aon bhliain den tsórt san roimhráite, ná an cion den ráta san a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne uimhir na bliana san sa chéad cholún den Dara Sceideal san.
(3) Ní bheidh éifeacht ag forálacha alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927) i gcás aon tighe gur dheon an tAire deontas ar a son fén Acht so.
Roinnt Chiste Tithe na hÉireann.
8.—Na suimeanna a dhlighfidh aon údarás áitiúil d'íoc no do chur i leataoibh mar gheall ar airgead a fuair an t-údarás san ar iasacht chun tithe do thógáil fé fhorálacha na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, tithe gur dheon an tAire deontaisí ar a son fén Acht so, ní háireofar iad mar chuid den mhuirear bhliantúil i dtaobh tithe atá ar an údarás san do réir brí alt 5 den Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1908.
Féadfar rialacha, coiníollacha etc., d'ordú.
9.—(1) Gach riail, rialachán, coiníoll, agus ní eile adeirtar san Acht so do bheith orduithe no le hordú, agus pé rialacháin eile is gá chun an tAcht so do chur in éifeacht, féadfidh an tAire iad d'ordú le hOrdú.
(2) Déanfar gach ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann aon Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith chun an t-ordú san do chur ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh fén ordú san roimhe sin.
(3) Sa mhéid gur nithe atá buiniscionn le haon rialacháin a ordóidh an tAire fén alt so forálacha aon Achta áitiúla, no forálacha aon fho-dhlithe, rialacha, rialachán no scéimeanna, pé údarás fé n-ar dineadh iad, i dtaobh déanamh, leaga amach, no dréineáil foirgintí nua no sráideanna nua, ní bhainfidh na forálacha san le haon tigh le n-a mbaineann an tAcht so agus a bheidh do réir na rialachán a hordófar amhlaidh.
Gearr-theideal agus léiriú.
10.—(1) Féadfar Acht na dTithe, 1929, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar, maidir le hAchtanna na dTithe, 1925 agus 1928, agus leis an Acht so, sa mhéid go leasuítear na hAchtanna san leis, Achtanna na dTithe, 1925 go 1929, do ghairm díobh le chéile.
CEAD SCEIDEAL.
RIALACHA NACH FOLAIR DO THITHE LE N-A mBAINEANN AN tACHT SO DO BHEITH DA REIR.
1. Sna rialacha so cialluíonn an abairt “achar urláir” achar iomlán na n-urlár go léir i dtigh nuair a tomhastar iad ar an slí orduithe.
2. Ní lugha ná 500 troigh cheárnach ná ní mó ná 1,250 troigh cheárnach a bheidh achar urláir tighe.
3. Trí seomraí ar a luighead a bheidh i dtigh.
4. Tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1929, a tosnófar tógáil tighe agus ar no roimh an 31adh lá de Dheire Fomhair, 1930, a críochnófar é no laistigh de pé tréimhse sa bhreis a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe ach gan san do bheith níos sia ná ceithre mhí.
5. Beidh tigh do réir na gcoiníoll orduithe maidir le n-a ionad, a aghaidh, a phleanáil, a dhéanamh agus a shláintíocht agus maidir leis an méid tithe a bheidh ar gach acra.
6. Maidir le méid, le líon a sheomraí agus le n-a dhultaisí riachtanacha, beidh tigh i gcó-réir ghenerálta leis na pleananna orduithe no le pé pleananna eile a cheadóidh an tAire.
DARA SCEIDEAL.
An cion de sna ratai a maithfear.
Uimhir na bliana tar éis na luachála chun crícheanna rátaíochta. | An cion de sna rátaí a maithfear. | |||
1adh | ... | ... | ... | Naoi bhfichiú déag. |
2adh | ... | ... | ... | Ocht bhfichiú déag. |
3adh | ... | ... | ... | Seacht bhfichiú déag. |
4adh | ... | ... | ... | Sé fhichiú déag. |
5adh | ... | ... | ... | Cúig fhichiú déag. |
6adh | ... | ... | ... | Cheithre fhichiú déag. |
7adh | ... | ... | ... | Trí fhichiú déag. |
8adh | ... | ... | ... | Dhá fhichiú déag. |
9adh | ... | ... | ... | Aon fhichiú déag. |
10adh | ... | ... | ... | Deich bhfichiú. |
11adh | ... | ... | ... | Naoi bhfichiú. |
12adh | ... | ... | ... | Ocht bhfichiú. |
13adh | ... | ... | ... | Seacht bhfichiú. |
14adh | ... | ... | ... | Sé fhichiú. |
15adh | ... | ... | ... | Cúig fhichiú. |
16adh | ... | ... | ... | Cheithre fhichiú. |
17adh | ... | ... | ... | Trí fhichiú. |
18adh | ... | ... | ... | Dhá fhichiú. |
19adh | ... | ... | ... | Fichiú. |
Number 12 of 1929.
HOUSING ACT, 1929.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
RULES TO BE COMPLIED WITH BY HOUSES TO WHICH THIS ACT APPLIES.
Proportion of rates to be remitted.
Acts Referred to | |
No. 12 of 1925 | |
No. 31 of 1928 | |
No. 15 of 1923 | |
No. 3 of 1927 |
Number 12 of 1929.
HOUSING ACT, 1929.
Definitions.
1.—In this Act save where the context otherwise requires—
the expression “local authority” means and includes the council of a county or borough or urban district, or the commissioners of any town, or a board of health and public assistance or a board of public health, or the council of a rural district in the county of Dublin;
the expression “public utility society” means a society registered under the Industrial and Provident Societies Acts, 1893 to 1913, or a friendly society registered under the Friendly Societies Acts, 1896 and 1908, or a trade union registered under the Trade Union Acts, 1871 to 1913, whose objects include the erection of houses for the working classes and the said expression also includes a company which satisfies the Minister that its objects are wholly philanthropic and include the provision of houses for the working classes;
the word “person” does not include either a local authority, a public utility society, or the Irish Sailors and Soldiers Land Trust;
the word “Minister” means the Minister for Local Government and Public Health;
the word “house” means a building suitable for occupation as a dwelling house, and includes a self-contained flat;
the word “self-contained flat” means any part of a building suitable for separate occupation as a dwelling house;
the word “erection” does not include reconstruction, and the words “erect” “erecting,” and other cognate words shall be construed accordingly.
Houses to which this Act applies.
2.—This Act shall apply to every house which complies with the rules set out in the First Schedule to this Act, and with any other rules or regulations prescribed for that purpose.
Grants which may be made by the Minister.
3.—(1) The Minister may, with the consent of the Minister for Finance make out of moneys to be provided by the Oireachtas—
(a) to any person erecting one or more houses to which this Act applies a grant not exceeding £45 in respect of each such house;
(b) to any public utility society erecting one or more houses to which this Act applies a grant not exceeding £60 in respect of each such house;
(c) to any local authority erecting one or more houses in pursuance of the Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, in accordance with a scheme approved by the Minister, a grant not exceeding £60 in respect of each such house;
(d) to any local authority erecting one or more houses in pursuance of the Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, in accordance with a scheme approved by the Minister, a grant not exceeding £50 in respect of each such house.
(2) A local authority erecting one or more houses in pursuance of the Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, in accordance with a scheme approved by the Minister may undertake with the Minister that every such house shall only be disposed of by way of sale or lease or letting at such price or rent and subject to such conditions as the Minister shall approve, and that such local authority will either in the local financial year in which this Act is passed or in the next subsequent local financial year raise for the purposes of such scheme a rate not less than one shilling in the pound and will apply the proceeds of such rate towards meeting the expenses of the execution of such scheme; and where a local authority so undertakes in respect of any such scheme it shall be obligatory on such local authority to carry out and fulfil such undertaking, and the Minister may, with the consent of the Minister for Finance make out of moneys to be provided by the Oireachtas a grant (in substitution for and not in addition to a grant under the foregoing sub-section of this section) not exceeding £72 in respect of each house erected in pursuance of such scheme.
(3) Whenever the Minister is satisfied that a house in respect of which a grant may be made under this Act was erected for occupation by a particular person in substitution for another house which, while occupied by such person, was rendered uninhabitable by coast erosion, the grant (if any) made by the Minister under this Act in respect of such house may exceed the appropriate limit specified in the first sub-section of this section, but shall not exceed such of the limits specified in Part I (exclusive of the Note appended thereto) of the Second Schedule to the Housing Act, 1925 (No. 12 of 1925), as is appropriate to such grant.
(4) Sub-section (3) of section 3 of the Housing Act, 1925 (No. 12 of 1925) as amended by section 3 of the Housing Act, 1928 (No. 31 of 1928) is hereby repealed and in lieu thereof it is hereby enacted that the aggregate amount of grants made or to be made under the said section 3 of the Housing Act, 1925, as amended as aforesaid, together with the aggregate amount of grants to be made under this section shall not exceed the sum of One Million and Fifty Thousand Pounds.
(5) The Minister shall not make a grant under this section in respect of—
(a) a house erected in accordance with a reinstatement condition within the meaning of section 10 of the Damage to Property (Compensation) Act, 1923 (No. 15 of 1923);
(b) a house which is erected on or on any part of the site of a building in respect of the destruction of which compensation has been awarded under the said Damage to Property (Compensation) Act, 1923, or in respect of the destruction of which a report has been made under section 15 of the said Act.
Method for payment of grants.
4.—(1) Every grant made to a person or public utility society by the Minister under this Act shall be paid in such manner as may be prescribed from time to time and the decision of the Minister as to whether any condition or regulation has or has not been complied with shall be final.
(2) No grant shall be paid by the Minister to a person or public utility society in respect of the erection of a house, unless and until such erection shall have been certified by an officer appointed by the Minister for the purpose (in this section called the “appointed officer”) or (in the case of an appeal to the Minister from a refusal by the appointed officer so to certify) by the Minister, to have been completed in a proper and workmanlike manner.
(3) Every grant made to a local authority by the Minister under this Act may be paid in instalments in such manner as the Minister shall direct, so that each instalment shall be paid on the completion of a specified portion of the erection of the houses in respect of which the grant is made.
Local Authorities may assist the erection of houses.
5.—(1) A local authority may with the consent of the Minister assist the erection of houses to which this Act applies in their functional area in any of the ways following, that is to say:—
(a) make to any person or public utility society to whom a grant is payable by the Minister under this Act in respect of a house situate within the functional area of the local authority a further grant not exceeding the amount of the grant payable by the Minister in respect of that house;
(b) make to any person or public utility society to whom a grant is payable by the Minister under this Act in respect of a house situate within the functional area of the local authority a loan not exceeding twice the amount of such grant: Provided that every such loan shall be repayable, with or without interest, by instalments or otherwise within a period for which the local authority can themselves borrow money, and shall be secured by a mortgage or charge on such house and on the hereditament upon which such house is situate;
(c) grant, sell or lease any portion of any land, in the possession of the local authority, to any person or public utility society, subject to a covenant that such person or society will erect on such land a specified number of houses to which this Act applies, and in the case of a sale or lease the price or rent to be paid by such person or society may be less than the price or rent which could be obtained for the sale or lease of such land in the open market;
(d) execute any works necessary, or incidental to, or tending to promote the development of land suitable to the erection of houses to which this Act applies:
Provided that the total value, as determined by the Minister, of the assistance granted by any local authority under this section towards the erection of any house or houses to any person or society shall not exceed the total of the grant payable to such person or society in respect of such house or houses by the Minister under this Act.
(2) In this section the expression “functional area” means—
(a) in respect of the council of any borough or urban district or the commissioners of any town—the area of the borough, district, or town as the case may be;
(b) in respect of a county council—the area of the county exclusive of every borough, urban district, or town situated therein: Provided that if the commissioners of a town, with the consent of the Minister, resolve, at a meeting specially convened for that purpose, that their functions under this section be transferred to the council of the county in which such town is situate, and the said council at a meeting specially convened for the purpose agree to the said transfer, the functional area of the said council shall thereupon include the area of such town.
(3) Any local authority may with the consent of the Minister borrow money for the purpose of this section and moneys borrowed for those purposes shall not be reckoned as part of the total debt of such local authority for the purpose of any limitation on borowing imposed by or under any statute.
(4) In this section the expression “local authority” shall not include the council of a rural district in the county of Dublin or a board of health and public assistance or a board of public health.
Expenses.
6.—(1) All expenses incurred by a county council in the execution of this Act shall be defrayed out of the poor rate and shall be charged on the functional area of such council as defined in the preceding section.
(2) All expenses incurred by the council of a borough or urban district or by the commissioners of a town in the execution of this Act shall be raised and defrayed as if they had been incurred by such council or commissioners in the execution of the Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921.
Local Authority to remit portion of rates.
7.—(1) Each local authority having power to levy rates shall, in every of the first nineteen local financial years after the valuation for rating purposes of a house in respect of the erection of which a grant shall have been made by the Minister under this Act to a person or public utility society, remit a portion of the rates leviable in respect of that house in that year by the local authority.
(2) The amount of the rate leviable in any such year as afore said which shall be remitted by a local authority under the fore going sub-section shall be the proportion of such rate specified in the second column of the Second Schedule to this Act opposite the number of such year in the first column of the said Second Schedule.
(3) The provisions of section 12 of the Local Government Act, 1927 (No. 3 of 1927) shall not have effect in the case of any house in respect of which a grant is made by the Minister under this Act.
Allocation of Irish Housing Fund.
8.—The sums liable to be paid or set apart by any local authority in respect of moneys borrowed by that authority for the purposes of the erection of houses under the provisions of the Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, in respect of which grants are made by the Minister under this Act shall not be included in the annual housing charge of that authority within the meaning of section 5 of the Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1908.
Rules, conditions, etc., may be prescribed.
9.—(1) The Minister may by order prescribe all such rules, regulations, conditions, and other matters as are in this Act referred to as being or to be prescribed, and such other regulations as may be required for carrying this Act into effect.
(2) Every order made by the Minister under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made, and if a resolution is passed by either House of the Oireachtas within the next subsequent twenty-one days on which that House has sat, annulling such order, such order shall be annulled accordingly, but without prejudice to the validity of anything previously done under such order.
(3) In so far as the provisions of any local Act, or of any bye-laws, rules, regulations or schemes under whatever authority made, relating to the construction, laying out, or drainage of new buildings or new streets are inconsistent with any regulations prescribed by the Minister under this section, those provisions shall not apply to any house to which this Act applies, and which complies with the regulations so prescribed.
Short title and construction.
10.—(1) This Act may be cited as the Housing Act, 1929.
(2) The Housing Acts, 1925 and 1928 and this Act so far as it amends those Acts may be cited collectively as the Housing Acts, 1925 to 1929.
FIRST SCHEDULE.
RULES TO BE COMPLIED WITH BY HOUSES TO WHICH THIS ACT APPLIES.
1. In these rules the expression “floor area” means the total area of all the floors of a house measured in the prescribed manner.
2. The floor area of a house shall not be less than 500 square feet nor more than 1,250 square feet.
3. A house shall contain at least three rooms.
4. The erection of a house shall have been begun after the 1st day of April, 1929 and shall have been completed on or before the 31st day of October, 1930, or within such further period not exceeding four months as the Minister in any particular case may allow.
5. A house shall in respect of its site, aspect, planning, construction, sanitation and number per acre comply with the prescribed conditions.
6. A house shall in respect of the size, number of rooms, and necessary appurtenances be in general accordance with prescribed plans or with such other plans as may be approved by the Minister.
SECOND SCHEDULE.
Proportion of rates to be remitted.
Number of year after valuation for rating purposes. | Proportion of rates to be remitted. |
1st | Nineteen-twentieths |
2nd | eighteen-twentieths. |
3rd | seventeen-twentieths. |
4th | sixteen-twentieths. |
5th | fifteen-twentieths. |
6th | fourteen-twentieths. |
7th | thirteen-twentieths. |
8th | twelve-twentieths. |
9th | eleven-twentieths. |
10th | ten-twentieths. |
11th | nine-twentieths. |
12th | eight-twentieths. |
13th | seven-twentieths. |
14th | six-twentieths. |
15th | five-twentieths. |
16th | four-twentieths. |
17th | three-twentieths. |
18th | two-twentieths. |
19th | one-twentieth. |