As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 13 de 1937.
ACHT NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (FOSTAITHE LEICTRICIÚLA), 1937.
Mínithe.
1.—San Acht so—
tá leis an abairt “cólucht áitiúil” an bhrí chéanna atá léi i gCuid IV den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925);
cialluíonn an abairt “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;
cialluíonn an abairt “Acht 1927” an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927);
tá leis an abairt “gnóthaire údaruithe” agus leis an bhfocal “gnó” na bríonna céanna fé seach atá leo in Acht 1927;
cialluíonn an abairt “seana-ghnóthaire” cólucht áitiúil ba ghnóthaire údaruithe go ndearna an Bord a ghnó do thógaint chúcha fé Acht, 1927;
nuair a húsáidtear an focal “comharba” maidir le seanaghnóthaire cialluíonn sé cólucht áitiúil go ndearnadh comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna generálta agus oifigigh agus seirbhísigh an tseana-ghnóthaire sin d'aistriú chúcha le reacht, tar éis don Bhord gnó an tseana-ghnóthaire sin do thógaint chúcha.
Cearta aois-liúntais do bhuanchoimeád.
2.—(1) I gcás duine do bhí ar fostú ag seana-ghnóthaire do theacht, ar an mBord do thógaint ghnótha an tseana-ghnóthaire sin chúcha, chun bheith ina sheirbhíseach don Bhord de bhuadh ailt 39 d'Acht 1927, agus d'aistriú ina dhiaidh sin (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) díreach o fhostaíocht an Bhúird chun fostaíochta an tseana-ghnóthaire sin no chun fostaíochta comharba don tseana-ghnóthaire sin, ansan agus sa chás san, pé uair a bheidh seirbhís an duine sin á cinneadh chun a fháil amach ce'ca tá teideal aige chun liúntais no aisce, ar scur dó de bheith ar fostú ag an seana-ghnóthaire sin no ag an gcomharba san no ag aon chólucht áitiúil eile, no ná fuil, agus chun méid an liúntais no na haisce sin do dhéanamh amach, beidh an duine sin, más rud é go raibh sé ar fostú go leanúnach ag an mBord ón dáta ar a dtáinig sé amhlaidh chun bheith ina sheirbhíseach don Bhord go dtí an dáta ar ar haistríodh é amhlaidh o fhostaíocht an Bhúird, beidh sé i dteideal—
(a) má haistríodh é amhlaidh o fhostaíocht an Bhúird chun fostaíochta an tseana-ghnóthaire sin, a sheirbhís i bhfostaíocht an Bhúird d'áireamh mar sheirbhís i bhfostaíocht an tseana-ghnóthaire sin, no
(b) má haistríodh é amhlaidh o fhostaíocht an Bhúird chun fostaíochta comharba don tseana-ghnóthaire sin, a sheirbhís i bhfostaíocht an tseana-ghnóthaire sin agus a sheirbhís i bhfostaíocht an Bhúird d'áireamh mar sheirbhís i bhfostaíocht an chomharba san.
(2) Pé uair a bheidh liúntas no aisce iníoctha ag cólucht áitiúil le duine ar bith alos é do scur de bheith ar fostú ag an gcólucht áitiúil sin agus, nuair a beifear ag déanamh amach seirbhíse an duine sin ar dháta an scurtha san, go ndéanfar, de bhuadh an Achta so, aon tseirbhís do thug an duine sin uaidh i bhfostaíocht an Bhúird do shuimiú agus d'áireamh, aisíocfaidh an Bord leis an údarás áitiúil sin cuid den liúntas no den aisce sin, ar n-a háireamh do réir seirbhíse agus páigh an duine sin i bhfostaíocht an Bhúird agus do réir na gcúrsaí bhain le n-a scur de bheith ar fostú ag an gcólucht áitiúil sin agus, cheal có-aontuithe idir an cólucht áitiúil sin agus an Bord, isé an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí cheapfaidh méid na coda san
Gearr-theideal.
3.—Féadfar Acht na nUdarás nAitiúil (Fostaithe Leictriciúla). 1937, do ghairm den Acht so.
Number 13 of 1937.
LOCAL AUTHORITIES (ELECTRICAL EMPLOYEES) ACT, 1937.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Acts Referred to | |
No. 5 of 1925 | |
No. 27 of 1927 |
Number 13 of 1937.
LOCAL AUTHORITIES (ELECTRICAL EMPLOYEES) ACT, 1937.
Definitions.
1.—In this Act—
the expression “local body” has the same meaning as it has in Part IV of the Local Government Act, 1925 (No. 5 of 1925);
the expression “the Board” means the Electricity Supply Board;
the expression “the Act of 1927” means the Electricity (Supply) Act, 1927 (No. 27 of 1927);
the expression “authorised undertaker” and the word “undertaking” have the same meanings respectively as they have in the Act of 1927;
the expression “former undertaker” means a local body which was an authorised undertaker whose undertaking was acquired by the Board under the Act of 1927;
the word “successor” when used in relation to a former undertaker means a local body to which the general powers, duties, and functions and the officers and servants of such former undertaker have, after the acquisition by the Board of the undertaking of such former undertaker, been transferred by statute.
Preservation of superannuation rights.
2.—(1) Where a person in the employment of a former undertaker became, on the acquisition by the Board of the undertaking of such former undertaker, a servant of the Board by virtue of section 39 of the Act of 1927 and was subsequently transferred (whether before or after the passing of this Act) directly from the employment of the Board to the employment of such former undertaker or of a successor of such former undertaker, then and in such case, whenever the service of such person is being determined for the purpose of ascertaining whether he is or is not entitled to an allowance or gratuity on ceasing to be employed by such former undertaker or such successor or any other local body and for the purpose of ascertaining the amount of such allowance or gratuity, such person shall, provided he was continuously in the employment of the Board from the date on which he so became a servant of the Board to the date on which he was so transferred from the employment of the Board, be entitled—
(a) if he was so transferred from the employment of the Board to the employment of such former undertaker, to reckon his service in the employment of the Board as service in the employment of such former undertaker, or
(b) if he was so transferred from the employment of the Board to the employment of a successor of such former undertaker, to reckon both his service in the employment of such former undertaker and his service in the employment of the Board as service in the employment of such successor.
(2) Whenever an allowance or gratuity is payable by a local body to any person in respect of his ceasing to be employed by such local body and, in ascertaining the service of such person at the date of such cesser, any service of such person in the employment of the Board has, by virtue of this Act, been aggregated and reckoned, the Board shall refund to such local body a part of such allowance or gratuity, reckoned according to the service and pay of such person in the employment of the Board and to the circumstances in which he has ceased to be employed by such local body, and the amount of such part shall, in default of agreement between such local body and the Board, be fixed by the Minister for Local Government and Public Health.
Short title.
3.—This Act may be cited as the Local Authorities (Electrical Employees) Act, 1937.