As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Number 16 of 1973
CRIMINAL PROCEDURE (AMENDMENT) ACT, 1973
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Acts Referred to | |
1967, No. 12 | |
1962, No. 12 |
Number 16 of 1973
CRIMINAL PROCEDURE (AMENDMENT) ACT, 1973
Appeal against sentence.
1.—In the case of a person sent forward by the District Court for sentence under section 13 (2) of the Criminal Procedure Act, 1967, whether before or after the passing of this Act, an appeal shall lie against the sentence as if he had been sentenced after conviction on indictment.
Amendment of charge where accused charged with indictable offence waives preliminary examination or is sent forward for sentence.
2.—Where—
(a) under section 12 of the Criminal Procedure Act, 1967, an accused person waives the preliminary examination provided for by Part II of that Act and is sent forward for trial on any charge with a plea of not guilty,
or
(b) under section 13 (2) of that Act, an accused person is sent forward for sentence on any charge with a plea of guilty,
any defect in the charge may be corrected—
(i) in a case to which paragraph (a) applies—in stating the charge in the indictment, and
(ii) in a case to which paragraph (b) applies—by the court to which he has been sent forward, and his plea of guilty shall be treated as a plea of guilty to the charge as so corrected,
provided, in either case, that such correction would not, in the opinion of the court, result in injustice.
Extension of legal aid.
3.—(1) The provision for legal aid made by section 2 of the Criminal Justice (Legal Aid) Act, 1962, for a person charged before the District Court with an offence shall extend to all proceedings under Part II of the Criminal Procedure Act, 1967.
(2) The provision for legal aid made by sections 3 and 4 of the Criminal Justice (Legal Aid) Act, 1962, shall, in relation to a person sent forward for sentence under section 13 (2) of the Criminal Procedure Act, 1967, extend to the proceedings in the court to which he is sent forward and to any appeal against sentence as if he had been returned for trial and, for this purpose, the proceedings in the said court shall be deemed to be a trial on indictment.
(3) Section 19 (3) of the Criminal Procedure Act, 1967, is hereby repealed.
Short title.
4.—This Act may be cited as the Criminal Procedure (Amendment) Act, 1973.
Uimhir 16 de 1973
AN tACHT UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL (LEASÚ), 1973
[An tiontú oifigiúil]
Achomharc i gcoinne pianbhreithe.
1.—I gcás an Chúirt Dúiche do chur duine ar aghaidh i gcóir pianbhreithe faoi alt 13 (2) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó tar éis an dáta sin, beidh ábhar achomhairc ann i gcoinne na pianbhreithe ionann agus dá mba tar éis a chiontaithe ar díotáil a cuireadh an phianbhreith air.
Cúiseamh a leasú i gcás tarscaoileadh réamhscrúdaithe ag cúisí a bheidh cúisithe i gcion indíotáilte nó i gcás é a chur ar aghaidh i gcóir pianbhreithe.
2.—Más rud é—
(a) faoi alt 12 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, go ndéanfaidh duine cúisithe an réamhscrúdú dá bhforáiltear le Cuid II den Acht sin a tharscaoileadh agus go gcuirfear ar aghaidh é chun a thrialach ar chúiseamh ar bith le pléadáil neamhchiontachta,
nó
(b) faoi alt 13 (2) den Acht sin, go gcuirfear duine cúisithe ar aghaidh i gcóir pianbhreithe ar chúiseamh ar bith le pléadáil chiontachta,
féadfar aon locht sa chúiseamh a cheartú—
(i) i gcás lena mbaineann mír (a)—i sonrú an chúisimh sa díotáil, agus
(ii) i gcás lena mbaineann mír (b)—ag an gcúirt ar chuici a cuireadh ar aghaidh é, agus áireofar a phléadáil chiontachta mar phléadáil chiontachta sa chúiseamh arna cheartú amhlaidh,
ar choinníoll, i gceachtar cás, nach dtarlódh éagóir, dar leis an gcúirt, de thoradh an cheartaithe sin.
Réim cúnaimh dlíthiúil a leathnú.
3.—(1) Déanfar an fhoráil i dtaobh cúnaimh dhlíthiúil a dhéantar le halt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962, do dhuine a chúiseofar os comhair na Cúirte Dúiche i gcion, a chur i mbaint le gach imeacht faoi Chuid II den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967.
(2) Déanfar an fhoráil i dtaobh cúnaimh dhlíthiúil a dhéantar le hailt 3 agus 4 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962, a chur i mbaint, i gcás duine a chuirfear ar aghaidh i gcóir pianbhreithe faoi alt 13 (2) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, leis na himeachtaí sa chúirt ar chuici a cuireadh ar aghaidh é agus le haon achomharc i gcoinne na pianbhreithe ionann is dá mba gur cuireadh chun a thrialach é agus, chun na críche sin, measfar gur triail ar díotáil a bheidh sna himeachtaí sa chúirt sin.
(3) Aisghairtear leis seo alt 19 (3) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967.
Gearrtheideal.
4.—Féadfar an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil (Leasú), 1973, a ghairm den Acht seo.