As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 17 de 1937.


[EN]

ACHT CISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1937.


ACHT CHUN ACHTA CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA, 1935, DO LEASÚ. [3adh Meitheamh, 1937.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935);

[EN]

cialluíonn an abairt “an ciste” ciste na n-iasachtaí áitiúla.

[EN]

(2) Gach abairt dá dtugtar brí áirithe le halt 1 den Phríomh-Acht chun crícheanna an Achta san tá léi san Acht so an brí tugtar di amhlaidh.

[EN]

An méid airgid a féadfar a thabhairt amach as an gciste do mhéadú.

2.—Athghairmtear leis seo an méid sin d'fho-alt (3) d'alt 4 den Phríomh-Acht le n-a n-achtuítear ná raghaidh méid iomlán an airgid do bhéarfar amach as an gciste, maidir le hiasachtaí áitiúla, i rith na tréimhse luaidhtear sa bhfo-alt san thar suim cúig milleon punt, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná raghaidh méid iomlán an airgid do bhéarfar amach amhlaidh i rith na tréimhse sin thar suim aon mhilleoin déag punt.

[EN]

Easnaimh i gcaipital an chiste.

3.—Má orduíonn agus pé uair ordóidh an tAire amhlaidh, déanfar, sa mhéid ordóidh an tAire, aon easnamh a bheidh de thurus na huaire i gcaipital an chiste do shlánú as aon bharrachas a bheidh de thurus na huaire i gcuntas ioncuim an chiste.

[EN]

Alt 16 den Phríomh-Acht do leasú.

4.—(1) Na méideanna féadfar a bhaint, fé fho-alt (1) d'alt 16 den Phríomh-Acht, as airgead is iníoctha le húdarás áitiúil (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an t-údarás áitiúil a céad-luaidhtear) beidh ortha méid aon tsuime (le n-a n-áirmhítear suim is ús pionósach i bpáirt no go hiomlán) a bheidh dlite don chiste agus iníoctha leis—

[EN]

(a) ag údarás áitiúil gur le hairgead no amach as airgead a sholáthruíonn an t-údarás áitiúil a céad-luaidhtear a híoctar a gcostaisí i bpáirt no go hiomlán, no

[EN]

(b) alos iasachta áitiúla go mbeidh a haisíoc urruithe ag an údarás áitiúil a céad-luaidhtear.

[EN]

(2) Méideanna a has-bhainfear de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo tuigfear, chun crícheanna fo-ailt (2) d'alt 16 den Phríomh-Acht, iad d'as-bhaint fén alt san 16.

[EN]

Gearr-theideal agus có-luadh.

5.—(1) Féadfar Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1937, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 agus 1937, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

[GA]

harp.jpg


Number 17 of 1937.


[GA]

LOCAL LOANS FUND (AMENDMENT) ACT, 1937.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Increase of limit on issues from the fund.

3.

Deficiencies in the capital of the fund.

4.

Amendment of section 16 of the Principal Act.

5.

Short title and collective citation.


Act Referred to

Local Loans Fund Act, 1935

No. 16 of 1935

harp.jpg


Number 17 of 1937.


LOCAL LOANS FUND (AMENDMENT) ACT, 1937.


AN ACT TO AMEND THE LOCAL LOANS FUND ACT, 1935. [3rd June, 1937.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—(1) In this Act—

[GA]

the expression “the Principal Act” means the Local Loans Fund Act, 1935 (No. 16 of 1935);

[GA]

the expression “the fund” means the local loans fund.

[GA]

(2) Every expression to which a particular meaning is given by section 1 of the Principal Act for the purposes of that Act has in this Act the meaning so given to it.

[GA]

Increase of limit on issues from the fund.

2.—So much of sub-section (3) of section 4 of the Principal Act as enacts that the aggregate amount of the moneys issued from the fund in respect of local loans during the period mentioned in that sub-section shall not exceed the sum of five million pounds is hereby repealed, and in lieu thereof it is hereby enacted that the aggregate amount of the moneys so issued during the said period shall not exceed the sum of eleven million pounds.

[GA]

Deficiencies in the capital of the fund.

3.—If and whenever the Minister so directs, any deficiency for the time being existing in the capital of the fund shall, to such extent as the Minister directs, be made good out of any surplus for the time being appearing on the income account of the fund.

[GA]

Amendment of section 16 of the Principal Act.

4.—(1) The amounts which may be deducted under sub-section (1) of section 16 of the Principal Act from money payable to a local authority (in this sub-section referred to as the first-mentioned local authority) shall include the amount of any sum (including a sum consisting wholly or partly of penal interest) due and payable to the fund either—

[GA]

(a) by a local authority the expenses of which are defrayed wholly or partly by or out of moneys provided by the first-mentioned local authority, or

[GA]

(b) in respect of a local loan the repayment of which is guaranteed by the first-mentioned local authority.

[GA]

(2) Amounts deducted by virtue of the foregoing sub-section shall, for the purposes of sub-section (2) of section 16 of the Principal Act, be deemed to be deducted under the said section 16.

[GA]

Short title and collective citation.

5.—(1) This Act may be cited as the Local Loans Fund (Amendment) Act, 1937.

[GA]

(2) The Principal Act and this Act may be cited together as the Local Loans Fund Acts, 1935 and 1937.