As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 18 de 1947.
AN tACHT TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA AGUS IASCAIGH (ONNMHUIRIÚ A RIALÚ), 1947.
[An tiontó oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn an abairt “táirge talmhaíochta”—
(a) aon táirge talmhaíochta, gairneoireachta nó crannadóireachta,
(b) aon ainmhí, beo nó marbh, nó aon chuid d'aon ainmhí,
(c) bainne, nó aon táirge bainne,
(d) uibheacha,
(e) mil,
(f) aon bhia nó deoch a rinneadh nó a díorthaíodh, go hiomlán nó go páirteach, as aon táirge talmhaíochta, gairneoireachta nó crannadóireachta, nó ó aon ainmhí nó as bainne, uachtar nó uibheacha,
(g) clúmh, olann, seithí agus craicne ainmhithe,
ach ní fholaíonn sí deocha meisciúla;
ciallaíonn an abairt “táirge iascaigh”—
(a) aon iasc nó aon chuid d'iasc,
(b) aon táirge éisc,
(c) aon bhia nó deoch a rinneadh nó a díorthaíodh, go hiomlán nó go páirteach, as iasc nó as aon táirge éisc;
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.
Onnmhuiriú táirgí talmhaíochta agus táirgí iascaigh a rialú.
2.—(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, ordú a dhéanamh chun onnmhuiriú aon táirge thalmhaíochta nó aon táirge iascaigh nó aon chineál shonraithe (a míneofar i pé slí agus faoi threoir pé nithe is oiriúnach leis an Aire) d'aon táirge talmhaíochta nó d'aon táirge iascaigh a rialú i pé slí agus le pé meáin is cuí leis, agus féadfaidh, gan dochar do ghinearáltacht na forála sin roimhe seo, socrú a dhéanamh leis an ordú sin i gcóir aon ní nó nithe acu seo a leanas:—
(a) chun onnmhuiriú an táirge sin nó an chineál sin den táirge sin, ach amháin faoi réim agus do réir ceadúnais chuige sin arna thabhairt faoin Acht seo, a thoirmeasc, ar fad nó faoi réir pé coinníoll (lena n-áirítear coinníollacha a bhaineas le tuairisc) is cuí leis an Aire agus a shonrós sé san ordú,
(b) i gcóir pé nithe (lena n-áirítear toirmeasc ar stóráil) is dóigh leis an Aire is gá chun a áirithiú go ndéanfar an scéim rialuithe san ordú a oibriú agus a fhorfheidhmiú go cuí.
(2) Féadfaidh an tAire aon ordú a rinneadh faoin alt seo, lena n-áirítear an fo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.
(3) Gach ordú a dhéanfas an tAire faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe sin beidh an t-ordú sin neamhnithe dá réir sin, ach gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.
Ceadúnais.
3.—(1) Ar dhuine ar bith do dhéanamh iarratais i pé foirm, agus ina mbeidh pé sonraí, a ordós an tAire, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, ceadúnas a thabhairt don duine sin chun aon táirge talmhaíochta nó aon táirge iascaigh nó aon chineál sonraithe d'aon táirge talmhaíochta nó d'aon táirge iascaigh a onnmhuiriú a mbeidh ordú faoi alt 2 den Acht seo i bhfeidhm ina leith.
(2) Aon uair a bhéarfas an tAire ceadúnas faoin alt seo féadfaidh sé pé coinníollacha is cuí leis, agus a shonrós sé sa cheadúnas, a chur leis an gceadúnas.
(3) Féadfaidh an tAire aon cheadúnas a tugadh faoin alt seo a chúlghairm.
(4) Gach duine a dhéanfas, d'fhonn ceadúnas faoin alt seo a fháil dó féin nó do dhuine ar bith eile, aon ráiteas nó cúis-aithris is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc abhartha, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.
(5) Féadfaidh an tAire cion faoin alt seo a ionchúiseamh.
Táillí i leith ceadúnas.
4.—(1) Beidh iníoctha leis an Aire, i leith ceadúnais faoin Acht seo, pé táille (más ann) a cheapfas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham i leith an cheadúnais sin.
(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le gach táille a híocfar leis an Aire faoin alt seo—
(a) is in airgead a baileofar na táillí sin agus glacfar iad i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir mar ordós an tAire Airgeadais;
(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.
Cumhachta an Aire a aistriú chun an Aire Thionscail agus Tráchtála.
5.—(1) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, na cumhachta uile a bheirtear leis an Acht seo don Aire a aistriú chun an Aire Thionscail agus Tráchtála agus a dhílsiú ann, a mhéid a bhainfeas na cumhachta sin le haon táirge nó táirgí áirithe talmhaíochta nó aon táirge nó táirgí áirithe iascaigh a sonrófar san ordú sin.
(2) Aon uair a bheas cumhachta an Aire faoin Acht seo maidir le haon táirge áirithe talmhaíochta nó aon táirge áirithe iascaigh dílsithe de thuras na huaire san Aire Tionscail agus Tráchtála de bhuaidh orduithe faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Rialtas, le hordú, na cumhachta sin a athaistriú chun an Aire agus a athdhílsiú ann a mhéid a bhainfeas na cumhachta sin leis an táirge áirithe talmhaíochta nó an táirge áirithe iascaigh sin.
(3) Féadfaidh an Rialtas tráth ar bith, le hordú, aon ordú a rinneadh roimhe sin faoin alt seo, lena n-áirítear an fo-alt seo, a leasú.
(4) Aon uair agus faid a bheas na cumhachta a bheirtear don Aire leis an Acht seo, a mhéid a bhainfid le táirge áirithe talmhaíochta nó táirge áirithe iascaigh, dílsithe san Aire Tionscail agus Tráchtála de bhuaidh orduithe faoin alt seo, ansin déanfar na tagairtí in ailt 2, 3 agus 4 den Acht seo don Aire Talmhaíochta a léiriú, maidir leis an táirge áirithe talmhaíochta nó an táirge áirithe iascaigh sin, mar thagairtí don Aire Tionscail agus Tráchtála.
(5) Ní dhéanfaidh aon aistriú ná athaistriú cumhacht faoin alt seo dochar ná difir do bhailíocht, oibriú ná ré aon orduithe nó ní a bheas déanta i bhfeidhmiú na gcumhacht sin roimh an aistriú nó an athaistriú sin (do réir mar bheas) ag an Aire a raibh na cumhachta sin dílsithe ann de thuras na huaire, agus aon tagairtí a bheas in aon ordú den tsórt sin don Aire a rinne an t-ordú sin léireofar iad agus beidh éifeacht acu mar thagairtí don Aire a mbeidh na cumhachta sin dílsithe ann de thuras na huaire.
Costais.
6.—Na costais uile faoina raghaidh an tAire Talmhaíochta nó an tAire Tionscail agus Tráchtála faoin Acht seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.
Athghairm.
7.—Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.
Gearrtheideal.
8.—Féadfar an tAcht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947, a ghairm den Acht seo.
AN SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal |
An tAcht Torthaí Talmhaíochta (Easportáil a Rialáil). 1933. | |
An tAcht Torthaí Talmhaíochta (Easportáil a Rialáil). (Leasú), 1935. |
Number 18 of 1947.
AGRICULTURAL AND FISHERY PRODUCTS (REGULATION OF EXPORT) ACT, 1947.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Regulation of exportation of agricultural products and fishery products. | |
Transfer of powers of Minister to Minister for Industry and Commerce. | |
Acts Referred to | |
No. 26 of 1933 | |
Agricultural Products (Regulation of Export) (Amendment) Act, 1935 | No. 15 of 1935 |
Number 18 of 1947.
AGRICULTURAL AND FISHERY PRODUCTS (REGULATION OF EXPORT) ACT, 1947.
Definitions.
1.—In this Act—
the expression “agricultural product” means—
(a) any product of agriculture, horticulture or arboriculture,
(b) any animal, whether alive or dead, or any part of any animal,
(c) milk, or any product of milk,
(d) eggs,
(e) honey,
(f) any article of food or drink wholly or partly manufactured or derived from any product of agriculture, horticulture or arboriculture, or from any animal, or from milk, cream or eggs,
(g) feathers, wool, hides and skins of animals,
but does not include intoxicating liquor;
the expression “fishery product” means—
(a) any fish or any part of a fish,
(b) any product of fish,
(c) any article of food or drink wholly or partly manufactured or derived from fish or from any product of fish;
the expression “the Minister” means the Minister for Agriculture.
Regulation of exportation of agricultural products and fishery products.
2.—(1) The Minister may, whenever and so often as he thinks fit, make an order regulating, in such manner and by such means as he thinks proper, the exportation of any agricultural product or fishery product or any specified kind (defined in such manner and by reference to such things as the Minister thinks fit) of any agricultural product or any fishery product, and may, without prejudice to the generality of the foregoing provision, by such order, provide for any one or more of the following matters:—
(a) for prohibiting, save under and in accordance with a licence in that behalf issued under this Act, the exportation of such product or such kind of such product, either absolutely or subject to such conditions (including conditions as respects description) as the Minister thinks proper and specifies in the order,
(b) for such matters (including the prohibition of storage) as appear to the Minister necessary for securing the due operation and enforcement of the scheme of regulation contained in the order.
(2) The Minister may revoke or amend any order made under this section including this subsection.
(3) Every order made by the Minister under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made, and if a resolution annulling such order is passed by either such House within the next subsequent twenty-one days on which such House has sat after such order is laid before it, such order shall be annulled accordingly, but without prejudice to the validity of anything previously done under such order.
Licences.
3.—(1) On the application of any person made in such form, and containing such particulars as the Minister may direct, the Minister may, if he thinks fit, issue to such person a licence to export any agricultural product or any fishery product or any specified kind of any agricultural product or any fishery product, in respect of which an order under section 2 of this Act is in force.
(2) Whenever the Minister issues a licence under this section he may attach to the licence such conditions as he shall think proper and shall specify in the licence.
(3) The Minister may revoke any licence issued under this section.
(4) Every person who, for the purpose of obtaining for himself or any other person a licence under this section, makes any statement or representation which is to his knowledge false or misleading in any material respect shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding one hundred pounds.
(5) An offence under this section may be prosecuted by the Minister.
Fees on licences.
4.—(1) There shall be payable to the Minister in respect of a licence under this Act such (if any) fee as the Minister shall, with the consent of the Minister for Finance, from time to time fix in respect of such licence.
(2) The following provisions shall apply in respect of all fees paid to the Minister under this section—
(a) such fees shall be collected in money and taken in such manner as the Minister for Finance may from time to time direct, and shall be paid into or disposed of for the benefit of the Exchequer in accordance with the directions of the Minister for Finance;
(b) the Public Offices Fees Act, 1879, shall not apply in respect of such fees.
Transfer of powers of Minister to Minister for Industry and Commerce.
5.—(1) The Government may, from time to time, by order transfer to and vest in the Minister for Industry and Commerce all the powers conferred by this Act on the Minister, so far as such powers relate to or are concerned with one or more particular agricultural product or fishery product specified in such order.
(2) Whenever the powers of the Minister under this Act in relation to any particular agricultural product or fishery product are for the time being vested in the Minister for Industry and Commerce by virtue of an order under subsection (1) of this section, the Government may by order retransfer to and revest in the Minister the said powers, so far as the same relate to or are concerned with the said particular agricultural product or fishery product.
(3) The Government may at any time by order amend any order previously made under this section including this subsection.
(4) Whenever and so long as the powers, conferred on the Minister by this Act, are, so far as they relate to or are concerned with a particular agricultural product or fishery product, vested in the Minister for Industry and Commerce by virtue of an order made under this section, then the references in sections 2, 3 and 4 of this Act to the Minister for Agriculture shall in relation to the said particular agricultural product or fishery product, be construed as references to the Minister for Industry and Commerce.
(5) No transfer or retransfer under this section of powers shall prejudice or affect the validity, operation or duration of any order made or thing done in exercise of such powers before such transfer or retransfer (as the case may be) by the Minister in whom such powers were for the time being vested, and references in any such order to the Minister by whom such order was made shall be construed and have effect as references to the Minister in whom such powers are for the time being vested.
Expenses.
6.—All expenses incurred by the Minister for Agriculture or the Minister for Industry and Commerce under this Act, shall to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.
Repeals.
7.—The enactments mentioned in the Schedule to this Act are hereby repealed.
Short title.
8.—This Act may be cited as the Agricultural and Fishery Products (Regulation of Export) Act, 1947.
SCHEDULE.
Enactments Repealed.
Number and Year | Short title |
No. 26 of 1933. | |
No. 15 of 1935. | Agricultural Products (Regulation of Export) (Amendment) Act, 1935. |