As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 18 de 1967
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1967
[An tiontú oifigiúil.]
[25 Iúil, 1967]
Léiriú.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933;
ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;
ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960;
ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964;
ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965;
ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1966.
Rátaí pinsean seanaoise a mhéadú.
2.—(1) Déantar leis seo alt 77 d'Acht 1952 a leasú—
(a) trí “céad seasca is naoi bpunt” a chur in ionad “céad caoga is sé phunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1964),
(b) trí “céad caoga is sé phunt” a chur in ionad “céad daichead is trí phunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) san fho-alt sin, agus
(c) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt sin:
“AN TÁBLA
An Ráta Pinsin
Rátaí Seachtainiúla | |||||||
Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara | Éilitheoir nó pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe | Éilitheoir nó pinsinéir, leanbh cáilithe amháin | Éilitheoir nó pinsinéir, beirt leanbh cháilithe nó níos mó | ||||
(1) | (2) | (3) | (4) | ||||
s. | d. | s. | d. | s. | d. | ||
Má bhíonn acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara arna ríomh go cuí— | |||||||
ina Neamhní ... ... | 57 | 6 | 67 | 6 | 77 | 6 | Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, cúig scilling i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt. |
níos mó ná Neamhní, gan bheith níos mó ná £26 5s. 0d. ... ... | 52 | 6 | 62 | 6 | 72 | 6 | |
níos mó ná £26 5s. 0d. gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d. ... ... | 47 | 6 | 57 | 6 | 67 | 6 | |
níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £65 10s. 0d. ... ... | 42 | 6 | 52 | 6 | 62 | 6 | |
níos mó ná £65 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £78 10s. 0d. ... ... | 37 | 6 | 47 | 6 | 57 | 6 | |
níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £104 15s. 0d. ... | 32 | 6 | 42 | 6 | 52 | 6 | |
níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £117 15s. 0d. ... | 27 | 6 | 37 | 6 | 47 | 6 | |
níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £130 15s. 0d. ... | 22 | 6 | 32 | 6 | 42 | 6 | |
níos mó ná £130 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £143 15s. 0d. ... | 17 | 6 | 27 | 6 | 37 | 6 | |
níos mó ná £143 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £156 15s. 0d. ... | 12 | 6 | 22 | 6 | 32 | 6 | |
níos mó ná £156 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £169 15s. 0d. ... | 7 | 6 | 17 | 6 | 27 | 6 |
”
(2) Déantar leis seo alt 8 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924, a leasú trí “céad seasca is naoi bpunt” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “céad caoga is sé phunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1965).
(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 4ú lá de Lúnasa, 1967.
Rátaí cúnamh dífhostaíochta a mhéadú.
3.—(1) Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in Acht 1933 in ionad an Sceidil (a cuireadh ag gabháil leis an Acht sin le hAcht 1966):
“AN SCEIDEAL
Rataí Cunamh Dífhostaíochta
Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnamh dífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo | An ráta cúnamh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon limistéar uirbeach sa tseachtain | An ráta cúnamh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile |
sa tseachtain | sa tseachtain | |
Duine gan chleithiúnaí | 44s. 0d. | 38s. 0d. |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe | 82s. 6d. | 74s. 6d. |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach | ||
amháin ... | 92s. 6d. | 84s. 6d. |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó | ||
níos mó ... ... | 102s. 6d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. | 94s. 6d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. |
Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach | ||
amháin ... ... | 57s. 0d. | 51s. 0d. |
Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiú- | ||
nacha nó níos mó ... | 67s. 0d. móide, má bhíonn níos má nó beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. | 61s. 0d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. |
”
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 2ú lá de Lúnasa, 1967.
Rátaí pinsean baintreach (neamhranníocach) a mhéadú.
4.—(1) Déantar leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935, a leasú—
(a) trí “dhá chéad fiche is aon phunt agus cúig scilling déag” a chur in ionad “dhá chéad is ocht bpunt agus cúig scilling déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i mír (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962) d'fho-alt (1),
(b) trí “dhá chéad tríocha is ceithre phunt agus cúig scilling déag” a chur in ionad “dhá chéad fiche is aon phunt agus cúig scilling déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i bhfomhír (i) den mhír sin (b),
(c) trí “dhá chéad is ocht bpunt agus cúig scilling déag” a chur in ionad “céad nócha is cúig phunt agus cúig scilling déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1965), “dhá chéad fiche is aon phunt agus cúig scilling déag” a chur in ionad “dhá chéad is ocht bpunt agus cúig scilling déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) agus “dhá chéad is ocht bpunt cúig scilling déag is pingin” a chur in ionad “chéad nócha is cúig phunt cúig scilling déag is pingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i bhfomhír (ii) den mhír sin (b), agus
(d) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad Tábla B (a cuireadh isteach le hAcht 1966):
“TÁBLA B Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach) | |||||||
Acmhainn na Baintrí | Baintreach gan aon leanbh cáilithe | Baintreach, leanbh cáilithe amháin | Baintreach, beirt leanbh cháilithe nó níos mó | ||||
(1) | (2) | (3) | (4) | ||||
s. | d. | s. | d. | s. | d. | ||
Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí— | |||||||
ina Neamhní ... ... | 56 | 0 | 66 | 0 | 76 | 0 | Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, cúig scilling i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt. |
níos mó ná Neamhní gan bheith níos mó ná 26 5s. 0d. ... ... | 51 | 0 | 61 | 0 | 71 | 0 | |
níos mó ná £26 5s. 0d. gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d. ... ... | 46 | 0 | 56 | 0 | 66 | 0 | |
níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £65 10s. 0d. ... ... | 41 | 0 | 51 | 0 | 61 | 0 | |
níos mó ná £65 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £78 10s. 0d. ... ... | 36 | 0 | 46 | 0 | 56 | 0 | |
níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £104 15s. 0d. ... | 31 | 0 | 41 | 0 | 51 | 0 | |
níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £117 15s. 0d. ... | 26 | 0 | 36 | 0 | 46 | 0 | |
níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £130 15s. 0d. ... | 21 | 0 | 31 | 0 | 41 | 0 | |
níos mó ná £130 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £143 15s. 0d. ... | 16 | 0 | 26 | 0 | 36 | 0 | |
níos mó ná £143 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £156 15s. 0d. ... | 11 | 0 | 21 | 0 | 31 | 0 | |
níos mó ná £156 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £169 15s. 0d. ... | 6 | 0 | 16 | 0 | 26 | 0 | |
níos mó ná £169 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £182 15s. 0d. ... | Neamhní | 11 | 0 | 21 | 0 | ||
níos mó ná £182 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £195 15s. 0d. ... | Neamhní | 6 | 0 | 16 | 0 | ||
níos mó ná £195 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £208 15s. 0d. ... | Neamhní | Neamhní | 11 | 0 | |||
níos mó ná £208 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £221 15s. 0d. ... | Neamhní | Neamhní | 6 | 0 | |||
|
”
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 4ú lá de Lúnasa, 1967.
Síneadh ar thréimhse shochar dífhostaíochta.
5.—(1) Beidh éifeacht ag alt 16 (2) d'Acht 1952, maidir le duine os cionn ocht mbliana déag d'aois agus nach bean phósta (seachas bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó a bhfuil teideal aici chun méadú sochair i leith linbh nó fearchéile), ionann is dá gcuirfí “trí chéad agus dhá lá dhéag” in ionad “céad caoga agus sé lá”.
(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo—
(a) is é an ráta seachtainiúil sochair dhífhostaíochta is iníoctha i leith aon duine d'aicme a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo tar éis an céad caoga is séú lá dá raibh teideal ag an duine sin chun an tsochair sin an ráta a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin os coinne lua duine den aicme sin sa cholún sin (1), agus
(b) aon mhéadú de bhua alt 26 nó 27 d'Acht 1952 ar ráta an tsochair sin is iníoctha mar a dúradh, beidh sé, in ionad a bheith de réir an ráta a shonraítear i gcolún (3), (4) nó (5) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952, de réir an ráta choimhréirigh a shonraítear i gcolún (3), (4) nó (5), de réir mar a bheidh, den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TÁBLA | ||||
An Aicme Duine | Ráta Seachtainiúil | Méadú do chleithiúnach aosaithe (más iníoctha) | Méadú do leanbh cáilithe nó do gach duine de bheirt leanbh cháilithe más iníoctha) | Méadú do gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha) |
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) |
Duine atá i dteideal méadú i leith linbh cháilithe ach nach bhfuil i dteideal méadú i leith cleithiúnaí aosaithe ... ... | 47s. 0d. | -- | 10s. 0d. | 5s. 0d. |
Aon duine eile ... ... | 44s. 0d. | 38s. 6d. | 10s. 0d. | 5s. 0d. |
(3) Níl feidhm ag fo-alt (2) den alt seo—
(a) maidir le duine os cionn cúig bliana seascad d'aois agus a bhfuil ar a laghad céad caoga is sé ranníoc fostaíochta íoctha ina leith in aghaidh na tréimhse idir é a theacht faoi árachas agus an lá dá n-éilítear sochar dífhostaíochta, ná
(b) maidir le duine ar lú ná dhá chéad is ochtó ranníoc fostaíochta (nach ranníocaí fostaíochta a fhágtar, maidir le sochar dífhostaíochta, as an áireamh faoi mhír 1 den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952) atá íoctha ina leith in aghaidh na tréimhse seacht mbliana ranníocaí iomlána díreach roimh an lá a n-éilítear sochar dífhostaíochta ina aghaidh agus na coda (más ann) den bhliain ranníoca atá ag rith an uair sin agus dar críoch an lá sin.
(4) I gcás duine a bhí i dteideal sochair dhífhostaíochta in aghaidh trí chéad agus dhá lá dhéag a bheith tar éis a chirt chun an tsochair sin a ídiú—
(a) athcháileoidh sé chuige nuair a bheidh trí cinn déag de ranníocaí fostaíochta íoctha ina leith in aghaidh seachtainí ranníoca a thosaigh nó a chríochnaigh ón gcéad caoga is séú lá dá raibh sé i dteideal an tsochair sin,
(b) ar é athcháiliú chuige, beidh feidhm arís ag alt 16 (2) d'Acht 1952, arna leasú leis an alt seo, maidir leis, ach, i gcás an tréimhse bhearnaithe fostaíochta inar ídigh sé a cheart chun sochair do mharthain tar éis a athcháilithe, ionann is dá mba thréimhsí bearnaithe fostaíochta ar leithligh an chuid roimh é athcháiliú agus an chuid ina dhiaidh sin.
(5) Tiocfaidh fo-ailt (1) go (4) den alt seo seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1968.
Leasú ar alt 6 d'Acht 1952.
6.—(1) Déantar leis seo alt 6 (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1960) d'Acht 1952 a leasú—
(a) trí “ceithre scilling agus pingin” a chur in ionad “trí scilling agus naoi bpingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1966) i mír (a), agus
(b) trí “ocht scilling agus dhá phingin” a chur in ionad “seacht scilling agus cúig phingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1966) i mír (b).
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1968.
Leasú ar alt 12 d'Acht 1952.
7.—Leasaítear leis seo alt 12 (1) d'Acht 1952 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):
“(bb) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i scoileanna coimsitheacha a bhunaigh an tAire Oideachais, nó”.
Leasú ar alt 17 d'Acht 1952.
8.—Leasaítear leis seo alt 17 d'Acht 1952—
(a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (2)—
“Ar choinníoll nach mbainfidh na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo le duine—
(a) nach bhfuil páirteach, nó nach bhfuil leas díreach aige, sa díospóid trádála ba chúis leis an saotharstad nó nach bhfuil ag íoc chuici, agus
(b) nach duine de ghrád nó d'aicme oibrithe a raibh comhaltaí de nó di, díreach roimh thosach an tsaotharstaid, ar fostú ina áit fostaíochta agus aon duine acu páirteach sa díospóid nó leas díreach aige inti nó ag íoc chuici.”;
agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh mhír (b):
“(bb) gur dhiúltaigh sé nó gur mhainnigh sé, gan chúis mhaith, glacadh le haon deis réasúnach ar thréineáil a fháil a sholáthraigh nó a cheadaigh an Chomhairle Oiliúna mar thréineáil oiriúnach ina chás, nó”.
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.
1956, I.R. Uimh. 236.
9.—(1) (a) Déantar leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a leasú trí—
(i) “9s. 0d.” a chur in ionad “7s. 5d.” (a cúireadh isteach le hAcht 1966) agus “7s. 11d.” a chur in ionad “6s. 4d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1966) i mír 1 (a),
(ii) “9s. 0d.” a chur in ionad “7s. 5d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1966) agus “8s. 8d.” a chur in ionad “7s. 1d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1966) i mír 1 (b),
(iii) “6s. 9d.” a chur in ionad “5s. 2d.” (a cuireadh isteach sa dá fhomhír le hAcht 1965) i mír 2 (a) agus (b),
(iv) “5s. 5d.” a chur in ionad “4s. 5d.” i mír 2A (a) (a cuireadh isteach le hAcht 1966) agus “6s. 6d.” a chur in ionad “5s. 6d.” i mír 2A (b) (a cuireadh isteach le hAcht 1966),
(v) “4s. 8d.” a chur in ionad “4s. 0d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1966) i mír 3 (a) agus “5s. 7d.” a chur in ionad “4s. 11d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1966) i mír 3 (b),
(vi) “6s. 2d.” a chur in ionad “5s. 2d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1966) i mír 3A (a) (a cuireadh isteach le hAcht 1960) agus “7s. 3d.” a chur in ionad “6s. 3d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1966) i mír 3A (b),
(vii) “2s. 0d.” a chur in ionad “1s. 10d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1966) i mír 4 (a) (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) agus “2s. 1d.” a chur in ionad “1s. 11d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1966) i mír 4 (b),
(viii) “2s. 0d.” a chur in ionad “1s. 10d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1966) i mír 5 (b) (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956),
(ix) “7s. 3d.” a chur in ionad “5s. 8d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1966) i mír 6 (a) (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) agus “8s. 8d.” a chur in ionad “7s. 1d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1966) i mír 6 (b), agus
(x) “7s. 3d.” a chur in ionad “5s. 8d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1966) i mír 7 (a) (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) agus “7s. 9d.” a chur in ionad “6s. 2d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1966) i mír 7 (b).
(b) San fho-alt seo ciallaíonn “Rialacháin 1956” na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Árachas), 1956.
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1968.
Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.
10.—(1) Déantar leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a leasú tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1965):
“CUID I
Rátaí na Sochar Tréimhsiúil agus Rátaí na Méaduithe Orthu
An cineál sochair | Ráta Seachtainiúil | Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha) | Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha) | Méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha) |
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) |
scilling | scilling | scilling | scilling | |
1. Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta: | ||||
(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois— | ||||
(i) fear, bean singil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhíuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile ... ... | 57½ | 45 | 13 | 8 |
(ii) aon bhean phósta eile ... | 45 | -- | -- | -- |
(b) i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois— | ||||
má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe ... | 57½ | 45 | 13 | 8 |
mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine ... ... | 45 | -- | -- | -- |
2. Liúntas Máithreachais ... ... | 60 | -- | -- | -- |
3. Pinsean Baintrí (ranníocach): | ||||
má tá teideal ag an mbaintreach chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe ... | 60 | -- | 13 | 8 |
mura bhfuil teideal den sórt sin ag an mbaintreach ... ... | 57½ | -- | -- | -- |
4. Liúntas Dílleachta (ranníocach) ... | 35 | -- | -- | -- |
5. Pinsean Seanaoise (ranníocach) ... | 65 | 52½ | 13 | 8 |
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh—
(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, sochar dífhostaíochta agus liúntas máithreachais, an 1ú lá d'Eanáir, 1968, agus
(b) a mhéid a bhaineann sé le pinsean baintrí (ranníocach), le liúntas dílleachta (ranníocach) agus le pinsean seanaoise (ranníocach), an 5ú lá d'Eanáir, 1968.
Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.
11.—I gcás ina dtiocfaidh duine chun bheith ina ranníocóir fostaithe de bhua alt 36 (1) den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966, agus nár ranníocóir fostaithe é ar leithligh ón alt sin, measfar nach teacht faoi árachas chun críocha mhír 4 agus mhír 6 (a cuireadh isteach le hAcht 1960) den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a theacht faoi árachas de bhua an ailt sin agus chun na gcríocha sin measfar a theacht faoi árachas do tharlú nuair a thiocfaidh sé i gcéadóir chun bheith ina ranníocóir fostaithe de bhua alt 4 d'Acht 1952.
Leasú ar an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.
12.—Déantar leis seo an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a leasú tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (l) (a cuireadh isteach le hAcht 1965) i Riail 1 (II):
“(m) aon airgead a gheofar faoi scéim reachtúil a riarann an tAire Oibreachais i leith iomarcaíochta nó i modh cúnamh airgid do dhaoine dífhostaithe a athraíonn áit chónaithe,”.
Leasú ar alt 13 d'Acht 1933.
13.—Déantar leis seo alt 13 (1) d'Acht 1933 a leasú tríd an mír seo a leanas a chur isteach i mír (b) i ndiaidh fhomhír (xii) (a cuireadh isteach le hAcht 1964):
“(xiii) aon airgead a gheofar faoi scéim reachtúil a riarann an tAire Oibreachais i leith iomarcaíochta nó i modh cúnamh airgid do dhaoine dífhostaithe a athraíonn áit chónaithe,”.
Leasú ar alt 15 (1) (e) d'Acht 1933.
14.—Aisghairtear leis seo mír (e) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1940) d'alt 15 (1) d'Acht 1933.
Leasú ar alt 16 d'Acht 1933.
15.—Leasaítear leis seo Acht 1933—
(a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis an gcéad mhír d'fho-alt (5):
“Ar choinníoll nach mbainfidh na forálacha sin roimhe seo le duine—
(a) nach bhfuil páirteach, nó nach bhfuil leas díreach aige, sa díospóid trádála ba chúis leis an saotharstad nó nach bhfuil ag íoc chuici, agus
(b) nach duine de ghrád nó d'aicme oibrithe a raibh comhaltaí de nó di, díreach roimh thosach an tsaotharstaid, ar fostú ina áit fostaíochta agus aon duine acu páirteach sa díospóid nó leas díreach aige inti nó ag íoc chuici.”,
(b) trí “nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh gan chúis mhaith, glacadh le haon deis réasúnach ar thréineáil a fháil a sholáthraigh nó a cheadaigh an Chomhairle Oiliúna mar thréineáil oiriúnach ina chás” a chur isteach i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1948) i ndiaidh “cúis chóir”, agus
(c) trí “nó a dhiúltaigh sé nó a mhainnigh sé amhlaidh” a chur le deireadh an fho-ailt sin (2).
Leathnú ar an Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966.
16.—Le linn d'aon duine atá dífhostaithe a bheith ag freastal ar chúrsa tréineála a sholáthraigh nó a cheadaigh an Chomhairle Oiliúna, measfar chun críocha an Achta Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966, é a bheith i bhfostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) agus a bheith ar fostú ag an gComhairle Oiliúna.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
17.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1966, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1967, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1966, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1967, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1966, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1967, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1966, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1967, a ghairm díobh le chéile.
Number 18 of 1967
SOCIAL WELFARE (MISCELLANEOUS PROVISIONS) ACT, 1967
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Extension of Social Welfare (Occupational Injuries) Act, 1966. | |
Acts Referred to | |
1933, No. 46 | |
1952, No. 11 | |
1960, No. 25 | |
1964, No. 28 | |
1965, No. 20 | |
1966, No. 24 | |
1924, No. 19 | |
1935, No. 29 | |
1962, No. 17 | |
Social Welfare (Modifications of Insurance) Regulations, 1956 | 1956, S.I. No. 236 |
1966, No. 16 | |
1940, No. 4 | |
1948, No. 17 |
Number 18 of 1967
SOCIAL WELFARE (MISCELLANEOUS PROVISIONS) ACT, 1967
Interpretation.
1.—In this Act—
“the Act of 1933” means the Unemployment Assistance Act, 1933;
“the Act of 1952” means the Social Welfare Act, 1952;
“the Act of 1960” means the Social Welfare (Amendment) Act, 1960;
“the Act of 1964” means the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act, 1964;
“the Act of 1965” means the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act, 1965;
“the Act of 1966” means the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act, 1966.
Increase of rates of old age pensions.
2.—(1) Section 77 of the Act of 1952 is hereby amended by—
(a) the substitution of “one hundred and sixty-nine pounds” for “one hundred and fifty-six pounds” (inserted by the Act of 1965) in each place where it occurs in subsection (2) (inserted by the Act of 1964),
(b) the substitution of “one hundred and fifty-six pounds” for “one hundred and forty-three pounds” (inserted by the Act of 1965) in that subsection, and
(c) the substitution for the Table to that subsection (inserted by the Act of 1966) of the following Table :
“TABLE
Rate of Pension
Weekly Rates | |||||||
Means of claimant or pensioner | Claimant or pensioner, no qualified child | Claimant or pensioner, one qualified child | Claimant or pensioner, two or more qualified children | ||||
(1) | (2) | (3) | (4) | ||||
s. | d. | s. | d. | s. | d. | ||
Where the yearly means of the claimant or pensioner as duly calculated— | |||||||
are Nil | 57 | 6 | 67 | 6 | 77 | 6 | Plus, where there are more than two qualified children, five shillings for each qualified child in excess of two. |
exceed Nil but do not exceed £26 5s. 0d. | 52 | 6 | 62 | 6 | 72 | 6 | |
exceed £26 5s. 0d. but do not exceed £52 10s. 0d. | 47 | 6 | 57 | 6 | 67 | 6 | |
exceed £52 10s. 0d. but do not exceed £65 10s. 0d. | 42 | 6 | 52 | 6 | 62 | 6 | |
exceed £65 10s. 0d. but do not exceed £78 10s. 0d. | 37 | 6 | 47 | 6 | 57 | 6 | |
exceed £78 10s. 0d. but do not exceed £104 15s. 0d. | 32 | 6 | 42 | 6 | 52 | 6 | |
exceed £104 15s. 0d. but do not exceed £117 15s. 0d. | 27 | 6 | 37 | 6 | 47 | 6 | |
exceed £117 15s. 0d. but do not exceed £130 15s. 0d. | 22 | 6 | 32 | 6 | 42 | 6 | |
exceed £130 15s. 0d. but do not exceed £143 15s. 0d. | 17 | 6 | 27 | 6 | 37 | 6 | |
exceed £143 15s. 0d. but do not exceed £156 15s. 0d. | 12 | 6 | 22 | 6 | 32 | 6 | |
exceed £156 15s. 0d. but do not exceed £169 15s. 0d. | 7 | 6 | 17 | 6 | 27 | 6 |
”
(2) Section 8 of the Old Age Pensions Act, 1924, is hereby amended by the substitution in subsection (1) of “one hundred and sixty-nine pounds” for “one hundred and fifty-six pounds” (inserted by the Act of 1965).
(3) Subsections (1) and (2) of this section shall come into operation on the 4th day of August, 1967.
Increase of rates of unemployment assistance.
3.—(1) In the Act of 1933, for the Schedule thereto (inserted by the Act of 1966), there is hereby substituted the following :
“SCHEDULE
Rates of Unemployment Assistance
Classes of persons to whom the rates of unemployment assistance set out in this Schedule are applicable | Rates of unemployment assistance applicable to persons resident in any urban area | Rates of unemployment assistance applicable to persons resident in any other place |
per week | per week | |
Person without a dependant | 44s. 0d. | 38s. 0d. |
Person with an adult dependant | 82s. 6d. | 74s. 6d. |
Person with an adult dependant and one child dependant | 92s. 6d. | 84s. 6d. |
Person with an adult dependant and two or more child dependants | 102s. 6d. | 94s. 6d. |
plus, where there are more than two child dependants, 5s. for each child dependant in excess of two. | plus, where there are more than two child dependants, 5s. for each child dependant in excess of two. | |
Person with one child dependant | 57s. 0d. | 51s. 0d. |
Person with two or more child dependants | 67s. 0d. | 61s. 0d. |
plus, where there are more than two child dependants, 5s. for each child dependant in excess of two. | plus, where there are more than two child dependants, 5s. for each child dependant in excess of two. |
”
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 2nd day of August, 1967.
Increase of rates of widows' (non-contributory) pensions.
4.—(1) Section 20 (inserted by the Act of 1952) of the Widows' and Orphans' Pensions Act, 1935, is hereby amended by—
(a) the substitution of “two hundred and twenty-one pounds and fifteen shillings” for “two hundred and eight pounds and fifteen shillings” (inserted by the Act of 1965) in paragraph (b) (inserted by the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act, 1962) of subsection (1),
(b) the substitution of “two hundred and thirty-four pounds and fifteen shillings” for “two hundred and twenty-one pounds and fifteen shillings” (inserted by the Act of 1965) in subparagraph (i) of the said paragraph (b),
(c) the substitution of “two hundred and eight pounds and fifteen shillings” for “one hundred and ninety-five pounds and fifteen shillings” (inserted by the Act of 1965), “two hundred and twenty-one pounds and fifteen shillings” for “two hundred and eight pounds and fifteen shillings” (inserted by the Act of 1965) and “two hundred and eight pounds, fifteen shillings and one penny” for “one hundred and ninety-five pounds, fifteen shillings and one penny” (inserted by the Act of 1965) in subparagraph (ii) of the said paragraph (b), and
(d) the substitution for Table B (inserted by the Act of 1966) of the following Table :
“TABLE B
Weekly Rates of Widows' (Non-Contributory) Pensions
Means of Widow | Widow, no qualified child | Widow, one qualified child | Widow, two or more qualified children | ||||
(1) | (2) | (3) | (4) | ||||
s. | d. | s. | d. | s. | d. | ||
Where the yearly means of the widow, as duly calculated,— | Plus, where there are more than two qualified children, five shillings for each qualified child in excess of two. | ||||||
are Nil | 56 | 0 | 66 | 0 | 76 | 0 | |
exceed Nil but do not exceed £26 5s. 0d. | 51 | 0 | 61 | 0 | 71 | 0 | |
exceed £26 5s. 0d. but do not exceed £52 10s. 0d. | 46 | 0 | 56 | 0 | 66 | 0 | |
exceed £52 10s. 0d. but do not exceed £65 10s. 0d. | 41 | 0 | 51 | 0 | 61 | 0 | |
exceed £65 10s. 0d. but do not exceed £78 10s. 0d. | 36 | 0 | 46 | 0 | 56 | 0 | |
exceed £78 10s. 0d. but do not exceed £104 15s. 0d. | 31 | 0 | 41 | 0 | 51 | 0 | |
exceed £104 15s. 0d. but do not exceed £117 15s. 0d. | 26 | 0 | 36 | 0 | 46 | 0 | |
exceed £117 15s. 0d. but do not exceed £130 15s. 0d. | 21 | 0 | 31 | 0 | 41 | 0 | |
exceed £130 15s. 0d. but do not exceed £143 15s. 0d. | 16 | 0 | 26 | 0 | 36 | 0 | |
exceed £143 15s. 0d. but do not exceed £156 15s. 0d. | 11 | 0 | 21 | 0 | 31 | 0 | |
exceed £156 15s. 0d. but do not exceed £169 15s. 0d. | 6 | 0 | 16 | 0 | 26 | 0 | |
exceed £169 15s. 0d. but do not exceed £182 15s. 0d. | no pension | 11 | 0 | 21 | 0 | ||
exceed £182 15s. 0d. but do not exceed £195 15s. 0d. | no pension | 6 | 0 | 16 | 0 | ||
exceed £195 15s. 0d. but do not exceed £208 15s. 0d. | no pension | no pension | 11 | 0 | |||
exceed £208 15s. 0d. but do not exceed £221 15s. 0d. | no pension | no pension | 6 | 0 |
”
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 4th day of August, 1967.
Extension of period of unemployment benefit.
5.—(1) Section 16 (2) of the Act of 1952 shall, in respect of a person who is over the age of eighteen years and is not a married woman (other than a married woman living apart from and unable to obtain any financial assistance from her husband or entitled to an increase of benefit for a child or husband), have effect as if “three hundred and twelve days” were substituted for “one hundred and fifty-six days”.
(2) Subject to subsection (3) of this section—
(a) the weekly rate of unemployment benefit payable in respect of any person of a class mentioned in column (1) of the Table to this subsection after the one hundred and fifty-sixth day for which that person has been entitled to that benefit shall be the rate specified in column (2) of that Table opposite the mention of a person of that class in the said column (1), and
(b) any increase by virtue of section 26 or 27 of the Act of 1952 of the rate of such benefit payable as aforesaid shall, in lieu of being at the rate specified in column (3), (4) or (5) of Part I of the Third Schedule to the Act of 1952, be at the corresponding rate specified in column (3), (4) or (5), as the case may be, of the Table to this subsection.
TABLE
Class of Person | Weekly Rate | Increase for adult dependant (where payable) | Increase for qualified child or for each of two qualified children (where payable) | Increase for each qualified child in excess of two (where payable) |
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) |
Person entitled to an increase in respect of a qualified child but not entitled to an increase in respect of an adult dependant | 47s. 0d. | — | 10s. 0d. | 5s. 0d. |
Any other person | 44s. 0d. | 38s. 6d. | 10s. 0d. | 5s. 0d. |
(3) Subsection (2) of this section does not apply in relation to—
(a) a person over sixty-five years of age in respect of whom not less than one hundred and fifty-six employment contributionshave been paid in respect of the period between his entry into insurance and the day for which unemployment benefit is claimed, or
(b) a person in respect of whom not less than two hundred and eighty employment contributions (not being employment contributions which in relation to unemployment benefit are disregarded under paragraph 1 of the Fourth Schedule to the Act of 1952) have been paid in respect of the period of seven complete contribution years immediately preceding the day in respect of which unemployment benefit is claimed and the portion (if any) of the contribution year then current ending on that day.
(4) Where a person entitled to unemployment benefit for three hundred and twelve days has exhausted his right to that benefit—
(a) he shall requalify therefor when thirteen employment contributions have been paid in respect of him in respect of contribution weeks begun or ended since the one hundred and fifty-sixth day for which he was entitled to that benefit,
(b) on his requalifying therefor, section 16 (2) of the Act of 1952, as amended by this section, shall again apply to him, but, in a case where the period of interruption of employment in which he exhausted his right to benefit continues after his requalification, as if the part before and the part after the exhaustion were distinct periods of interruption of employment.
(5) Subsections (1) to (4) of this section shall come into operation on the 1st day of January, 1968.
Amendment of section 6 of Act of 1952.
6.—(1) Section 6 (2) (inserted by the Act of 1960) of the Act of 1952 is hereby amended by—
(a) the substitution of “four shillings and one penny” for “three shillings and ninepence” (inserted by the Act of 1966) in paragraph (a), and
(b) the substitution of “eight shillings and twopence” for “seven shillings and fivepence” (inserted by the Act of 1966) in paragraph (b).
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 1st day of January, 1968.
Amendment of section 12 of Act of 1952.
7.—Section 12 (1) of the Act of 1952 is hereby amended by the insertion after paragraph (b) of the following paragraph:
“(bb) persons employed as teachers in comprehensive schools established by the Minister for Education, or”.
Amendment of section 17 of Act of 1952.
8.—Section 17 of the Act of 1952 is hereby amended by—
(a) the addition to subsection (2) of the following proviso :
“Provided that the foregoing provisions of this subsection shall not apply to a person who—
(a) is not participating in or financing or directly interested in the trade dispute which caused the stoppage of work, and
(b) does not belong to a grade or class of workers of which, immediately before the commencement of the stoppage, there were members employed at his place of employment any of whom are participating in or financing or directly interested in the dispute.”,
and
(b) the insertion in subsection (4), after paragraph (b), of the following paragraph:
“(bb) he has without good cause refused or failed to avail himself of any reasonable opportunity of receiving training provided or approved of by An Chomhairle Oiliúna as suitable in his case, or”.
Amendment of Second Schedule to Act of 1952.
9.—(1) (a) The Second Schedule to the Act of 1952 is hereby amended by—
(i) the substitution of “9s. 0d.” for “7s. 5d.” (inserted by the Act of 1966) and “7s. 11d.” for “6s. 4d.” (inserted by the Act of 1966) in paragraph 1 (a),
(ii) the substitution of “9s. 0d.” for “7s. 5d.” (inserted by the Act of 1966) and “8s. 8d.” for “7s. 1d.” (inserted by the Act of 1966) in paragraph 1 (b),
(iii) the substitution of “6s. 9d.” for “5s. 2d” (inserted in both subparagraphs by the Act of 1966) in paragraph 2 (a) and (b),
(iv) the substitution of “5s. 5d.” for “4s. 5d.” in paragraph 2A (a) (inserted by the Act of 1966) and “6s. 6d.” for “5s. 6d.” in paragraph 2A (b) (inserted by the Act of 1966),
(v) the substitution of “4s. 8d.” for “4s. 0d.” (inserted by the Act of 1966) in paragraph 3 (a) and “5s. 7d.” for “4s. 11d.” (inserted by the Act of 1966) in paragraph 3 (b),
(vi) the substitution of “6s. 2d.” for “5s. 2d.” (inserted by the Act of 1966) in paragraph 3A (a) (inserted by the Act of 1960) and “7s. 3d.” for “6s. 3d.” (inserted by the Act of 1966) in paragraph 3A (b),
(vii) the substitution of “2s. 0d.” for “1s. 10d.” (inserted by the Act of 1966) in paragraph 4 (a) (inserted by the Regulations of 1956) and “2s. 1d.” for “1s. 11d.” (inserted by the Act of of 1966) in paragraph 4 (b),
(viii) the substitution of “2s. 0d.” for “1s. 10d.” (inserted by the Act of 1966) in paragraph 5 (b) (inserted by the Regulations of 1956),
(ix) the substitution of “7s. 3d.” for “5s. 8d.” (inserted by the Act of 1966) in paragraph 6 (a) (inserted by the Regulations of 1956) and “8s. 8d.” for “7s. 1d.” (inserted by the Act of 1966) in paragraph 6 (b), and
(x) the substitution of “7s. 3d.” for “5s. 8d.” (inserted by the Act of 1966) in paragraph 7 (a) (inserted by the Regulations of 1956) and “7s. 9d.” for “6s. 2d.” (inserted by the Act of 1966) in paragraph 7 (b).
(b) In this subsection “the Regulations of 1956” means the Social Welfare (Modifications of Insurance) Regulations, 1956.
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 1st day of January, 1968.
Amendment of Third Schedule to Act of 1952.
10.—(1) The Third Schedule to the Act of 1952 is hereby amended by the substitution for Part I (inserted by the Act of 1965) of the following Part :
“PART I
Rates of Periodical Benefits and of Increases Thereof
Description of benefit | Weekly Rate | Increase for adult dependant (where payable) | Increase for qualified child or for each of two qualified children (where payable) | Increase for each qualified child in excess of two (where payable) |
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) |
shillings | shillings | shillings | shillings | |
1. Disability Benefit and Unemployment Benefit: | ||||
(a) in the case of persons over the age of eighteen— | ||||
(i) for a man, single woman or widow, married woman living apart from and unable to obtain any financial assistance from her husband or married woman entitled to an increase for a qualified child or qualified children or for a husband | 57½ | 45 | 13 | 8 |
(ii) for any other married woman | 45 | — | — | — |
(b) in the case of persons under the age of eighteen— | ||||
where the person is entitled to an increase for a qualified child or qualified children or for an adult dependant | 57½ | 45 | 13 | 8 |
where the person is not so entitled | 45 | — | — | — |
2. Maternity Allowance | 60 | — | — | — |
3. Widow's (Contributory) Pension : | ||||
where the widow is entitled to an increase for a qualified child or qualified children | 60 | — | 13 | 8 |
where the widow is not so entitled | 57½ | — | — | — |
4. Orphan's (Contributory) Allowance | 35 | — | — | — |
5. Old Age (Contributory) Pension | 65 | 52½ | 13 | 8 |
”
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation—
(a) in so far as it relates to disability benefit, unemployment benefit and maternity allowance on the 1st day of January, 1968, and
(b) in so far as it relates to widow's (contributory) pension, orphan's (contributory) allowance and old age (contributory) pension on the 5th day of January, 1968.
Amendment of Fourth Schedule to Act of 1952.
11.—Where a person becomes an employed contributor by virtue of section 36 (1) of the Social Welfare (Occupational Injuries) Act, 1966, and would not, apart from that section, be an employed contributor, his entry into insurance by virtue of that section shall be deemed not to be an entry into insurance for the purposes of paragraphs 4 and 6 (inserted by the Act of 1960) of the Fourth Schedule to the Act of 1952 and for those purposes his entry into insurance shall be deemed to occur when he first becomes an employed contributor by virtue of section 4 of the Act of 1952.
Amendment of Seventh Schedule to Act of 1952.
12.—The Seventh Schedule to the Act of 1952 is hereby amended by the insertion in Rule 1 (II) after subparagraph (l) (inserted by the Act of 1965) of the following subparagraph :
“(m) any moneys received under a statutory scheme administered by the Minister for Labour in respect of redundancy or by way of financial assistance to unemployed persons changing residence,”.
Amendment of section 13 of Act of 1933.
13.—Section 13 (1) of the Act of 1933 is hereby amended by the insertion in paragraph (b) after subparagraph (xii) (inserted by the Act of 1964) of the following subparagraph :
“(xiii) any moneys received under a statutory scheme administered by the Minister for Labour in respect of redundancy or by way of financial assistance to unemployed persons changing residence,”.
Repeal of section 15 (1)(e) of Act of 1933.
14.—Paragraph (e) (inserted by the Unemployment Assistance (Amendment) Act, 1940) of section 15 (1) of the Act of 1933 is hereby repealed.
Amendment of section 16 of Act of 1933.
15.—Section 16 of the Act of 1933 is hereby amended by—
(a) the addition to the first paragraph of subsection (5) of the following proviso:
“Provided that the foregoing provisions of this subsection shall not apply to a person who—
(a) is not participating in or financing or directly interested in the trade dispute which caused the stoppage of work, and
(b) does not belong to a grade or class of workers of which, immediately before the commencement of the stoppage, there were members employed at his place of employment any of whom are participating in or financing or directly interested in the dispute.”,
(b) the insertion in subsection (2) (inserted by the Social Welfare Act, 1948) after “just cause” of “or who without good cause refuses or fails to avail himself of any reasonable opportunity of receiving training provided or approved of by An Chomhairle Oiliúna as suitable in his case ”, and
(c) the addition to the said subsection (2) after “left his employment” of “or so refused or failed ”.
Extension of Social Welfare (Occupational Injuries) Act, 1966.
16.—A person who is unemployed shall, while in attendance at a course of training provided or approved of by An Chomhairle Oiliúna, be deemed for the purposes of the Social Welfare (Occupational Injuries) Act, 1966, to be in insurable (occupational injuries) employment and to be employed by An Chomhairle Oiliúna.
Short title, construction and collective citation.
17.—(1) This Act may be cited as the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act, 1967.
(2) This Act, in so far as it amends and extends the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1966, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1967, and in so far as it amends and extends the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1966, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1967, and in so far as it amends and extends the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1966, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1967, and in so far as it amends and extends the Social Welfare Acts, 1952 to 1966, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Social Welfare Acts, 1952 to 1967.