As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 2 de 1935.
ACHT UM HALLAÍ RINNCE PUIBLÍ, 1935.
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an focal “áit” foirgint (agus cuid d'fhoirgint d'áireamh), clós, gáirdín, no áit dúnta eile, pe'ca atá díon air no ná fuil agus pe'ca buan no sealadach don áit dúnta agus don díon (más ann do);
cialluíonn an abairt “rinnce puiblí” rinnce atá ar oscailt don phuiblíocht agus go bhfuil teideal ag daoine atá i láthair páirt ghníomhach do thógaint ann;
cialluíonn an abairt “líomatáiste ceadúnúcháin” líomatáiste cúirte dúithche atá orduithe do réir dlí chun na gcrícheanna bhaineann le gnó ceadúnúcháin do dhéanamh;
cialluíonn an abairt “cúirt dúithche cheadúnúcháin bhliantúil” an suidhe bheidh ag an gCúirt Dúithche do réir rialacha cúirte i líomatáiste ceadúnúcháin chun iarrataisí d'éisteacht ar dheimhnithe le haghaidh athnuachaintí ceadúnaisí díolta deocha meisciúla.
Ceadúnaisí rinnce phuiblí d'iarraidh agus do dheonadh.
2.—(1) Fé réir forálacha an Achta so féadfaidh duine ar bith ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas rinnce phuiblí san Acht so) d'iarraidh ar an mBreitheamh den Chúirt Dúithche go ndlighinse in aon líomatáiste ceadúnúcháin chun áite áirithe sa líomatáiste ceadúnúcháin sin d'úsáid i gcóir rinnce phuiblí pe'ca bheidh an áit sin ceadúnuithe chun deocha meisciúla do dhíol ann no ná beidh agus féadfaidh an Breitheamh san, más dóich leis san do bheith ceart, an ceadúnas san do dheonadh don duine sin,
(2) Nuair a bheidh iarratas fén alt so ar cheadúnas rinnce phuiblí á bhreithniú aige féachfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche do sna nithe seo leanas i dteanta éinní eile chífear do bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—
(a) carachtar agus cúrsaí airgeadais agus eile neach iarrtha an cheadúnais sin;
(b) oiriúnacht na háite le n-a mbaineann an t-iarratas san;
(c) na saoráidí i gcóir rinnce phuiblí atá i gcomharsanacht na háite sin tráth déanta an iarratais sin;
(d) an chóiríocht chun suidhte feithiclí i gcomharsanacht na háite sin;
(e) an aois is cosúil a bheidh ag an muintir is dócha úsáidfidh an áit sin i gcóir rinnce phuiblí;
(f) pe'ca tá no ná fuil an áit sin suidhte i slí gur dheacair don Ghárda Síochána bainistí na háite sin agus a mbeidh ar siúl ann do mhaoirseacht;
(g) na tráthanna go n-iarann an t-iarratasóir gceadófaí rinnce puiblí do bheith san áit sin le n-a linn.
(3) Nuair a bheidh iarratas fén alt so ar cheadúnas rinnce phuiblí á éisteacht féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána, agus duine ar bith go bhfeicfear don Bhreitheamh a bheidh ag éisteacht an iarratais sin baint do bheith aige leis, teacht i láthair agus éisteacht d'fháil i gcoinnibh an iarratais sin agus fianaise do thabhairt ar áird chun neartuithe leis i gcoinnibh an iarratais sin.
(4) Is ag cúirt dúithche cheadúnúcháin bhliantúil agus ní tráth ar bith eile déanfar gach iarratas fén Acht so ar cheadúnas rinnce phuiblí (seachas iarratas ar cheadúnas rinnce phuiblí maidir le háit ná beidh aon cheadúnas den tsórt san ann do tráth déanta an iarratais sin agus iarratas ar cheadúnas rinnce phuiblí in aghaidh tréimhse áirithe nách sia ná mí agus iarratas a húdaruítear leis an Acht so a dhéanamh am ar bith).
Fógra d'fhoillsiú i dtaobh iarratais ar cheadúnas rinnce phuiblí.
3.—(1) Ní déanfar ná ní breithneofar aon iarratas chun na Cúirte Dúithche ar cheadúnas rinnce phuiblí (seachas ceadúnas rinnce phuiblí in aghaidh tréimhse áirithe nách sia ná mí) do dheonadh mara ndeinidh neach déanta an iarratais, mí ar a laighead roimh an iarratas san d'éisteacht, fógra d'fhoillsiú i bpáipéar nuachta léightear sa cheanntar ina bhfuil an áit le n-a mbaineann an t-iarratas san i dtaobh é bheith ar intinn an t-iarratas san do dhéanamh.
(2) Gach duine iarrfaidh ar an gCúirt Dúithche ceadúnas rinnce phuiblí do dheonadh dho déanfaidh—
(a) i gcás iarratais ar cheadúnas rinnce phuiblí in aghaidh tréimhse áirithe nách sia ná mí, fógra ocht n-uaire is dachad a' chluig ar a laighead i dtaobh an iarratais sin do thabhairt i scríbhinn don Cheannphort don Ghárda Síochána gur ina cheanntar atá an áit le n-a mbaineann an t-iarratas san, agus
(b) i ngach cás eile, fógra mí ar a laighead i dtaobh an iarratais sin do thabhairt i scríbhinn don Cheannphort don Ghárda Síochána gur ina cheanntar atá, agus don údarás áitiúil gur ina líomatáiste feidhmiúcháin atá, an áit le n-a mbaineann an t-iarratas san.
Coinníollacha agus srianta do chur i gceadúnaisí rinnce phuiblí.
4.—Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche bheidh ag deonadh ceadúnais rinnce phuiblí pé coinníollacha agus srianta do chur ann is dóich leis is ceart agus go sonnrách (gan dochar do gheneráltacht na comhachta san roimhe seo) féadfaidh coinníollacha do chur sa cheadúnas san ag ceapadh teoranta maidir leis na laetheanta agus na tráthanna féadfar an áit le n-a mbaineann an t-iarratas san d'úsáid i gcóir rinnce phuiblí.
Oibriú ceadúnais rinnce phuiblí.
5.—(1) Oibreoidh gach ceadúnas rinnce phuiblí chun a údarú don cheadúnaí fén gceadúnas san agus (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) ní do dhuine ar bith eile an áit a luadhfar sa cheadúnas san d'úsáid, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, i gcóir rinnce phuiblí fé réir forálacha an Achta so agus fé réir na gcoinníollacha agus na srianta bheidh sa cheadúnas san.
(2) Má éagann an ceadúnaí fé cheadúnas rinnce phuiblí le linn an cheadúnais sin do bheith i bhfeidhm tuigfear chun gach críche, go dtí go dtárlóidh pé ní acu so leanas is túisce thárlóidh, sé sin le rá, an ceadúnas san do dhul in éag, d'athghairm, no do thabhairt suas no ráithe do chaitheamh o éag an duine sin, gurb é ionadaí pearsanta an cheadúnaí mhairbh is ceadúnaí fén gceadúnas san agus beidh aige dá réir sin na cearta, na comhachta agus na dualgaisí uile do bhí ag an gceadúnaí sin fén gceadúnas san no alos an cheadúnais sin.
Ré cheadúnais rinnce phuiblí.
6.—(1) Féadfar ceadúnas rinnce phuiblí do dheonadh in aghaidh tréimhse áirithe luadhfar ann agus nách sia ná mí agus nuair a deonfar amhlaidh é beidh sé i bhfeidhm, mara ndeintear é do cheiliúradh no do thabhairt suas fén Acht so, ar feadh na tréimhse áirithe sin agus ní níos sia ná san.
(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so tiocfaidh gach ceadúnas rinnce phuiblí a deonfar fén Acht so i bhfeidhm díreach ar é do dheonadh agus, mara ndeintear roimhe sin é do cheiliúradh no do thabhairt suas fén Acht so, leanfaidh i bhfeidhm go dtí críochnú na céad chúirte dúithche ceadúnúcháin bliantúla bheidh sa líomatáiste ceadúnúcháin tar éis na cúirte dúithche ceadúnúcháin bliantúla no an tsuidhe eile ag ar deonadh an ceadúnas san.
Ceadúnas rinnce phuiblí do thabhairt suas.
7.—Féadfaidh an ceadúnaí fé cheadúnas rinnce phuiblí an ceadúnas san do thabhairt suas uair ar bith tré fhógra i scríbhinn do chur chun an chléirigh chúirte dúithche don líomatáiste cheadúnúcháin ina bhfuil an áit le n-a mbaineann an ceadúnas san, no do sheacadadh dho, maraon leis an gceadúnas san.
Ceadúnas rinnce phuiblí do bheith neamhionaistrithe.
8.—(1) Ní bheidh ceadúnas rinnce phuiblí ionaistrithe ón gceadúnaí fén gceadúnas san chun duine eile.
(2) Má bhíonn ceadúnas rinnce phuiblí (dá ngairmtear an seanacheadúnas san alt so) i bhfeidhm maidir le háit ar bith féadfar, le toiliú an cheadúnaí fén seana-cheadúnas, ceadúnas rinnce phuiblí maidir leis an áit sin d'iarraidh fén Acht so tráth ar bith do dhuine eile agus má deontar an ceadúnas san oibreoidh a dheonadh mar cheiliúradh ar an seana-cheadúnas.
thchomhaire maidir le hiarrataisí ar cheadúnaisí rinnce phuiblí.
9.—(1) I dteanta aon chirt athchomhairc agus gan dochar d'aon cheart athchomhairc a bheidh ann de thuras na huaire fé Acht ar bith eile, luighfidh athchomharc chun na Cúirte Cuarda—
(a) o neach iarrtha ceadúnais rinnce phuiblí, i gcoinnibh orduithe ón gCúirt Dúithche ag diúltú don iarratas san, agus
(b) o neach iarrtha ceadúnais rinnce phuiblí, i gcoinnibh na coda san d'ordú ón gCúirt Dúithche, ag deonadh an cheadúnais sin, gur gá dá réir coinníollacha no srianta áirithe do chur sa cheadúnas san, agus
(c) o dhuine ar bith do bhí i láthair le linn, agus do héisteadh i gcoinnibh, iarratais ar cheadúnas rinnce phuiblí, i gcoinnibh orduithe no aon chuid áirithe d'ordú ón gCúirt Dúithche ag deonadh an cheadúnais sin.
(2) An dlighinse bheidh ag an gCúirt Chuarda chun athchomhaire fén alt so d'éisteacht isé fheidhmeoidh í ná an Breitheamh den Chúirt sin go ndlighinse sa chuaird ina raibh an tigh cúirte ina ndearnadh an t-ordú go mbeifear ag athchomharc ina choinnibh.
Ait neacheadúnuithe d'úsáid i gcóir rinnce phuiblí.
10.—(1) Ní déanfar áit ar bith, pe'ca bheidh sé ceadúnuithe chun deocha meisciúla do dhíol no ná beidh, d'úsáid i gcóir rinnce phuiblí mara mbeidh ceadúnas rinnce phuiblí do deonadh fén Acht so i bhfeidhm maidir leis an áit sin.
(2) Má húsáidtear áit ar bith i gcóir rinnce phuiblí contrárdha don alt so beidh sealbhaire na háite sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air in aghaidh gach lae no coda de lá a húsáidfear an áit sin amhlaidh.
Sárú ar cheadúnas rinnce phuiblí.
11.—(1) Pé uair a déanfar aon áit go mbeidh ceadúnas rinnce phuiblí i bhfeidhm de thuras na huaire ina taobh d'úsáid i gcóir rinnce phuiblí agus gur duine seachas an ceadúnaí fén gceadúnas san úsáidfidh amhlaidh í no pé uair a húsáidfear í contrárdha do sna coinníollacha agus do sna srianta bheidh sa cheadúnas san no gan iad do chólíonadh go cuibhe beidh an ceadúnaí fén gceadúnas san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil do chur air ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae no coda de lá a húsáidfear an áit sin amhlaidh.
(2) Pé uair a ciontófar duine ar bith i gcionta fén alt so féadfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúithche do chiontuigh an duine amhlaidh, más dóich leis gur ceart é agus i dteanta no in ionad fíneála do ghearradh, an ceadúnas rinnce phuiblí do cheiliúradh a bhaineann leis an áit gur maidir léi do rinneadh an cionta san.
Fógra i dtaobh ceadúnais do chur suas ar áit cheadúnuithe.
12.—(1) Faid a bheidh ceadúnas rinnce phuiblí i bhfeidhm déanfaidh an ceadúnaí fén gceadúnas san no cuirfidh fé ndeár fógra i litreacha so-léighte mar leanas, sé sin le rá, “Ceadúnuithe fé Acht den Oireachtas i gcóir rinnce phuiblí” do choimeád greamuithe no scríobhtha ar an áit le n-a mbaineann an ceadúnas san in ionad feiceálach ar phríomh-dhoras no in aice le príomhdhoras na háite sin.
(2) Pé uair a theipfidh ar cheadúnaí fé cheadúnas rinnce phuiblí déanamh do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil do chur air ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae no aon choda de lá thárlóidh an teip sin.
Comhachta an Ghárda Síochána.
13.—(1) Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána in éide dul isteach in áit ar bith go mbeidh ceadúnas rinnce phuiblí i bhfeidhm de thuras na huaire maidir léi tráth ar bith a bheidh an áit sin á húsáid i gcóir rinnce phuiblí no aon tráth eile réasúnta agus pé iniúchadh, scrúdú, agus fiosrú do dhéanamh ann is dóich leis is ceart.
(2) Gach duine dhéanfaidh ball den Ghárda Síochána do chosc no do bhéarfaidh fé n-a chosc ar chomhacht d'fheidhmiú bheidh dílsithe sa bhall san de bhuadh an ailt seo no bhacfaidh aon bhall den tsórt san no do bhéarfaidh fé n-a bhac agus é ag feidhmiú na comhachta san beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
Alt 51 den Public Health Acts Amendment Act, 1890, do scur d'fheidhm do bheith aige.
14.—(1) Díreach ar an Acht so do rith scuirfidh alt 51 den Public Health Acts Amendment Act, 1890, d'fheidhm no éifeacht do bheith aige maidir le rinnce puiblí do réir bhrí an Achta so.
(2) Gach ceadúnas do deonadh fén alt san 51 den Public Health Acts Amendment Act, 1890, agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith agus go raibh éifeacht aige, díreach roimh san do rith, mar cheadúnas á údarú áit d'úsáid i gcóir rinnce phuiblí do réir bhrí an Achta so tuigfear, sa mhéid go raibh éifeacht aige amhlaidh agus o am an Achta so do rith, gur ceadúnas rinnce phuiblí do deonadh fén Acht so an ceadúnas san agus beidh éifeacht aige fén Acht so agus bainfidh an tAcht so leis dá réir sin.
(3) Más rinnce puiblí mar a mínítear san leis an Acht so an chuid is mó de shiamsa phuiblí áirithe ach go mbeidh ann leis, mar fho-chuid den tsiamsa san no mar chuid a ghabhann leis, rinnce taisbeántais o rinnceoirí speisialta, comórtaisí rinnce, amhránaíocht no ceol oirnéise (i dteanta an cheoil a bheidh á sheinnt don rinnce phuiblí sin), no aon tsiamsa eile dá shamhail sin, is rinnce puiblí le n-a mbaineann an tAcht so an siamsa puiblí sin agus ní siamsa puiblí é le n-a mbaineann an t-alt san 51 den Public Health Acts Amendment Act, 1890.
Seomraí caitheamh aimsire leis an Arm no leis an nGárda Síochána.
15.—Ní bheidh feidhm ag an Acht so maidir le rinnce puiblí bheidh ar siúl in aon tseomra caitheamh aimsire bheidh á bhainistí no á stiúradh fé údarás an Aire Cosanta no Choimisinéara an Ghárda Síochána.
Gearr-theideal.
16.—Féadfar an tAcht um Hallaí Rinnce Puiblí, 1935, do ghairm den Acht so.
Number 2 of 1935.
PUBLIC DANCE HALLS ACT, 1935.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Number 2 of 1935.
PUBLIC DANCE HALLS ACT, 1935.
Definitions.
1.—In this Act—
the word “place” means a building (including part of a building), yard, garden, or other enclosed place, whether roofed or not roofed and whether the enclosure and the roofing (if any) are permanent or temporary;
the expression “public dancing” means dancing which is open to the public and in which persons present are entitled to participate actively;
the expression “licensing area” means a district court area prescribed by law for the purposes of the transaction of licensing business;
the expression “annual licensing district court” means the sitting of the District Court held pursuant to rules of court in a licensing area for the hearing of applications for certificates for renewals of licences for the sale of intoxicating liquor.
Application for and grant of public dancing licences.
2.—(1) Subject to the provisions of this Act, any person may apply to the Justice of the District Court exercising jurisdiction in any licensing area for a licence (in this Act referred to as a public dancing licence) to use a particular place, whether licensed or not licensed for the sale of intoxicating liquor, situate in such licensing area for public dancing, and such Justice may, if he so thinks proper, grant such licence to such person.
(2) In considering an application under this section for a public dancing licence, a Justice of the District Court shall, in addition to any other matter which may appear to him to be relevant, have regard to the following matters, that is to say:—
(a) the character and the financial and other circumstances of the applicant for such licence;
(b) the suitability of the place to which such application relates;
(c) the facilities for public dancing existing in the neighbourhood of such place at the time of such application;
(d) the accommodation for the parking of vehicles in the neighbourhood of such place;
(e) the probable age of the persons who would be likely to make use of such place for public dancing;
(f) whether the situation of such place is or is not such as to render difficult the supervision by the Gárda Síochána of the management of and proceedings in such place;
(g) the hours during which the applicant proposes that public dancing should be permitted in such place.
(3) On the hearing of an application under this section for a public dancing licence, any member of the Gárda Síochána and any person who appears to the Justice hearing such application to be interested therein may appear and be heard in opposition to such application and may adduce evidence in support of such opposition.
(4) Every application under this Act for a public dancing licence (except an application for a public dancing licence in respect of a place for which no such licence is in existence at the time of such application and an application for a public dancing licence for a defined period not exceeding one month and an application which is authorised by this Act to be made at any time) shall be made at an annual licensing district court and at no other time.
Publication of notice of application for public dancing licence.
3.—(1) No application to the District Court for the grant of a public dancing licence (other than a public dancing licence for a defined period not exceeding one month) shall be made or entertained unless the person making such application has, at least one month before the hearing of such application, published a notice of his intention to make such application in a newspaper circulating in the district in which is situate the place to which such application relates.
(2) Every person applying to the District Court for the grant of a public dancing licence shall—
(a) in the case of an application for a public dancing licence for a defined period not exceeding one month, give to the Superintendent of the Gárda Síochána within whose district is situate the place to which such application relates at least forty-eight hours' notice in writing of such application, and
(b) in every other case, give at least one month's notice in writing of such application to the Superintendent of the Gárda Síochána within whose district, and to the local authority within whose functional area, is situate the place to which such application relates.
Insertion of conditions and restrictions in public dancing licences.
4.—A Justice of the District Court granting a public dancing licence may insert therein such conditions and restrictions as he shall think proper, and in particular (without prejudice to the generality of the foregoing power) may insert in such licence conditions limiting the days on which and the hours during which the place to which such licence relates may be used for public dancing.
Operation of public dancing licence.
5.—(1) Every public dancing licence shall operate to authorise the licensee thereunder and (save as is otherwise provided by this section) no other person to use the place specified in such licence, so long as such licence continues in force, for public dancing subject to the provisions of this Act and to the conditions and restrictions contained in such licence.
(2) Where the licensee under a public dancing licence dies while such licence is in force, the personal representative of such deceased licensee shall, until the happening of whichever of the following events first happens, that is to say, the expiration, revocation, or surrender of such licence or the expiration of three months from the death of such deceased person, be deemed for all purposes to be the licensee under such licence and shall accordingly have all the rights, powers, and duties of such licensee under or in respect of such licence.
Duration of public dancing licence.
6.—(1) A public dancing licence may be granted for a defined period specified therein not exceeding one month and when so granted shall, unless revoked, or surrendered under this Act, be in force for the said defined period and no longer.
(2) Save as is otherwise provided by the foregoing sub-section of this section, every public dancing licence granted under this Act shall come into force immediately upon the grant thereof and, unless sooner revoked or surrendered under this Act, shall continue in force until the conclusion of the annual licensing district court held in the same licensing area next after the annual licensing district court or other sitting at which such licence was granted.
Surrender of public dancing licence.
7.—The licensee under a public dancing licence may at any time surrender such licence by notice in writing sent or delivered, together with such licence, to the district court clerk for the licensing area in which the place to which such licence relates is situate.
Non-transferability of public dancing licence.
8.—(1) A public dancing licence shall not be transferable from the licensee thereunder to another person.
(2) Where a public dancing licence (in this section referred to as the existing licence) is in force in respect of any place, an application may, with the consent of the licensee under the existing licence, be made under this Act at any time for a public dancing licence in respect of the said place to another person, and if such licence is granted the grant thereof shall operate as a revocation of the existing licence.
Appeals in respect of applications for public dancing licences.
9.—(1) In addition and without prejudice to any right of appeal for the time being existing under any other Act, an appeal shall lie to the Circuit Court—
(a) by the applicant for a public dancing licence from an order of the District Court refusing to grant such application, and
(b) by the applicant for a public dancing licence from so much of an order of the District Court granting such licence as requires the insertion in such licence of particular conditions or restrictions, and
(c) by any person who appeared at and was heard in opposition to an application for a public dancing licence, from an order or any particular part of an order of the District Court granting such licence.
(2) The jurisdiction of the Circuit Court to hear an appeal under this section shall be exercised by the Judge of that Court having jurisdiction in the circuit in which was situate the courthouse in which the order appealed from was made.
Use of unlicensed place for public dancing.
10.—(1) No place, whether licensed or not licensed for the sale of intoxicating liquor, shall be used for public dancing unless a public dancing licence granted under this Act is in force in respect of such place.
(2) If any place is used for public dancing in contravention of this, section, the occupier of such place shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding ten pounds for every day or part of a day on or during which such place is so used.
Contravention of public dancing licence.
11.—(1) Whenever any place in respect of which a public dancing licence is for the time being in force is used for public dancing by a person other than the licensee thereunder or is used for public dancing in contravention of or without due compliance with the conditions and restrictions contained in such licence, the licensee under such licence shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding five pounds for every day or part of a day on or during which such place is so used.
(2) Whenever any person is convicted of an offence under this section, the Justice of the District Court by whom such person is so convicted may, if he so thinks proper and either in addition to or in lieu of inflicting a fine, revoke the public dancing licence relating to the place in respect of which such offence was committed.
Inscription of notice of licence on licensed place.
12.—(1) So long as a public dancing licence is in force, the licensee under such licence shall keep or cause to be kept affixed to or inscribed on the place to which such licence relates in a conspicuous position at or near the principal entrance to such place a notice in easily legible letters in the following words, that is to say, “Licensed under Act of the Oireachtas for public dancing.”
(2) Whenever the licensee under a public dancing licence fails to comply with the foregoing sub-section of this section, such licensee shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding one pound for every day during which or any part of which such failure occurs.
Powers of Gárda Síochána.
13.—(1) Any member of the Gárda Síochána in uniform may enter any place in respect of which a public dancing licence is for the time being in force at any time while such place is being used for public dancing or at any other reasonable time and there make such inspection, examination, and inquiry as he shall think proper.
(2) Every person who shall prevent or attempt to prevent a member of the Gárda Síochána from exercising, or obstruct or attempt to obstruct any such member in the exercise of, a power vested in such member by virtue of this section shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding five pounds.
Cesser of application of section 51 of the Public Health Acts Amendment Act, 1890.
14.—(1) Immediately upon the passing of this Act, section 51 of the Public Health Acts Amendment Act, 1890, shall cease to apply or have effect in relation to public dancing within the meaning of this Act.
(2) Every licence granted under the said section 51 of the Public Health Acts Amendment Act, 1890, which is in force at the passing of this Act and immediately before such passing had effect as a licence authorising the use of a place for public dancing within the meaning of this Act, shall, in so far as it so had such effect, be deemed as from the passing of this Act to be a public dancing licence granted under this Act and shall have effect under this Act and this Act shall apply thereto accordingly.
(3) Where a public entertainment consists mainly of public dancing as defined by this Act, but includes, as a subsidiary or incidental part thereof, exhibition dancing by special performers, dancing competitions, vocal or instrumental music (in addition to the music provided for the said public dancing), or any other similar entertainment, such public entertainment shall be public dancing to which this Act applies and shall not be a public entertainment to which the said section 51 of the Public Health Acts Amendment Act, 1890, applies.
Military and Gárda Síochána recreation rooms.
15.—This Act shall not apply in relation to public dancing carried on in any recreation room managed or conducted under the authority of the Minister for Defence or of the Commissioner of the Gárda Síochána.
Short title.
16.—This Act may be cited as the Public Dance Halls Act, 1935.