As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 2 de 1957.


[EN]

AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A SEACHT AGUS MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A hOCHT. [30 Márta, 1957.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

£1,010,000 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1957

1.—Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Milliún agus Deich Míle Punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í ag chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad caoga a seacht.

[EN]

£37,300,000 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1958.

2.—Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Tríocha agus Seacht Milliún agus Trí Chéad Míle Punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad caoga a hocht.

[EN]

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £38,310,000 d'fháil ar iasacht.

3.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Tríocha agus Ocht Milliún Trí Chéad agus Deich Míle Punt d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na Éireann an céanna d'airleacan chun an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis.

[EN]

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na hurrúis sin d'eisiúint.

[EN]

(3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis a heiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidmheasa do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

[EN]

Gearrtheideal.

4.—Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1957, a ghairm den Acht seo.

[GA]

harp.jpg


Number 2 of 1957.


[GA]

CENTRAL FUND ACT, 1957.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Issue of £1,010,000 out of the Central Fund for the service of the year ending 31st March, 1957.

2.

Issue of £37,300,000 out of the Central Fund for the service of the year ending 31st March, 1958.

3.

Power of Minister for Finance to borrow up to £38,310,000.

4.

Short title.

harp.jpg


Number 2 of 1957.


CENTRAL FUND ACT, 1957.


AN ACT TO APPLY CERTAIN SUMS OUT OF THE CENTRAL FUND TO THE SERVICE OF THE YEARS ENDING ON THE THIRTY-FIRST DAY OF MARCH ONE THOUSAND NINE HUNDRED AND FIFTY-SEVEN AND ONE THOUSAND NINE HUNDRED AND FIFTY-EIGHT. [30th March, 1957.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS :— [GA]

Issue of £1,010,000 out of the Central Fund for the service of the year ending 31st March, 1957.

1.—The Minister for Finance may issue out of the Central Fund and apply towards making good the supply granted for the service of the year ending on the thirty-first day of March one thousand nine hundred and fifty-seven the sum of One Million Ten Thousand Pounds.

[GA]

Issue of £37,300,000 out of the Central Fund for the service of the year ending 31st March, 1958.

2.—The Minister for Finance may issue out of the Central Fund and apply towards making good the supply granted for the service of the year ending on the thirty-first day of March one thousand nine hundred and fifty-eight, the sum of Thirty-seven Million Three Hundred Thousand Pounds.

[GA]

Power of Minister for Finance to borrow up to £38,310,000.

3.—(1) The Minister for Finance may borrow from any person and the Bank of Ireland may advance to the Minister for Finance any sum or sums not exceeding in the whole Thirty-eight Million Three Hundred and Ten Thousand Pounds and for the purpose of such borrowing the Minister for Finance may create and issue any securities bearing such rate of interest and subject to such conditions as to repayment, redemption or otherwise as he thinks fit.

[GA]

(2) The principal and interest of any securities issued under this Act and the expenses incurred in connection with the issue of such securities shall be charged on the Central Fund or the growing produce thereof.

[GA]

(3) Any money raised by securities issued under this Act shall be placed to the credit of the account of the Exchequer and shall form part of the Central Fund and be available in any manner in which such Fund is available.

[GA]

Short title.

4.—This Act may be cited as the Central Fund Act, 1957.