As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Number 22 of 1926.
LOCAL ELECTIONS (DISSOLVED AUTHORITIES) ACT, 1926.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Acts Referred to | |
No. 5 of 1925 | |
No. 9 of 1923 |
Number 22 of 1926.
LOCAL ELECTIONS (DISSOLVED AUTHORITIES) ACT, 1926.
Definitions.
1.—In this Act—
the expression “the Minister” means the Minister for Local Government and Public Health, and
the expression “local authority” has the same meaning as in the Local Government Act, 1925 (No. 5 of 1925).
Extension of time for new elections.
2.—(1) Save as is hereinafter provided, sub-section (5) of section 72 of the Local Government Act, 1925 (No. 5 of 1925) shall not apply to any of the local authorities mentioned in the Schedule to this Act (being local authorities dissolved under section 12 of the Local Government (Temporary Provisions) Act, 1923 (No. 9 of 1923)) and in lieu thereof it is hereby enacted in respect of each of the said local authorities mentioned in the said Schedule to this Act that not later than the 31st day of March, 1929, the Minister shall by order cause a new election of members of such local authority to be held and that upon completion of such new election all the property, powers, and duties of such dissolved local authority shall vest in the body so elected, notwithstanding that the same may have been transferred under either of the said Acts hereinbefore mentioned to any other body, persons, or person.
(2) In the event of any of the said local authorities mentioned in the Schedule to this Act being dissolved under the said section 72 of the Local Government Act, 1925, at any time after a new election of members thereof has been held under this section, the said sub-section (5) of the said section 72 shall from and after such dissolution apply to the local authority so dissolved as if this Act had not been passed.
Short title.
3.—This Act may be cited as the Local Elections (Dissolved Authorities) Act, 1926.
SCHEDULE.
The guardians of the poor of the Dublin Union.
The council of the county borough of Dublin.
The council of the county borough of Cork.
Uimhir 22 de 1926.
ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA (ÚDARÁIS SCURTHA), 1926.
[18adh Meitheamh, 1926.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, agus
cialluíonn an focal “údarás áitiúil” an ní a chialluíonn sé san Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925).
Faidiú aimsire do thoghacháin nua
2.—(1) Ach amháin mar a foráltar ina dhiaidh seo anso, ní bhainfidh fo-alt (5) d'alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) le haon údarás áitiúil dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so (eadhon, údaráis áitiúla do scuireadh fé alt 12 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923), agus ina ionad san achtuítear leis seo i dtaobh gach údaráis áitiúla dhíobh san a luaidhtear sa Sceideal san a ghabhann leis an Acht so go ndéanfidh an tAire le hordú, ar dháta nách déanaí ná an 31adh lá de Mhárta, 1929, a chur fé ndeár toghachán nua do bhaill den údarás áitiúil sin do chomóra agus, ar chríochnú an toghacháin nua san, go ndílseoidh maoin, comhachta, agus dualgaisí uile an údaráis áitiúla scurtha san sa chólucht a toghfar amhlaidh, d'ainneoin go mb'fhéidir gur haistríodh an céanna chun aon chóluchta, daoine no duine eile fé cheachtar de sna hAchtanna san a luaidhtear anso roimhe seo.
(2) Má dintar aon údarás áitiúil díobh san a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do scur fén alt san 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925, aon uair tar éis toghachán nua do bhaill de do chomóra fén alt so, bainfidh an fo-alt san (5) den alt san 72, o am an scurtha san amach, leis an údarás áitiúil do scuireadh amhlaidh, fé is dá mba ná rithfí an tAcht so.
Gearr-theideal.
3.—Féadfar an tAcht um Thoghacháin Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1926, do ghairm den Acht so.
SCEIDEAL.
Caomhnóirí na mbocht d'Aontas Bhaile Atha Cliath.
Comhairle chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath.
Comhairle chontae-bhuirg Chorcaighe.