As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 22 de 1945.


[EN]

ACHT LEABHARLANN OSTAÍ AN RÍ, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO LEATHNÚ NA gCRÍOCH CHUN AR FÉIDIR AN CÚITEAMH BLIANTÚIL IS INÍOCTHA AS AN bPRÍOMH-CHISTE LE LEABHARLANN OSTAÍ AN RÍ D'ÚSÁID, AGUS CHUIGE SIN DO DHÉANAMH ATHACHTUITHE GO MODHNUITHE AR AN DLÍ REACHTÚIL ATÁ ANN FAOI LÁTHAIR MAIDIR LEIS AN gCÚITEAMH SAN. [11ú Iúl, 1945.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An dlí reachtúil atá ann faoi láthair maidir leis an gcúiteamh bliantúil de £433 6s. 8d. is iníoctha le Leabharlann Ostaí an Rí d'ath-achtú go modhnuithe.

1.—(1) San alt so—

[EN]

ciallaíonn an abairt “an Leabharlann” Leabharlann Ostaí an Rí, Baile Atha Cliath;

[EN]

ciallaíonn an abairt “an cúiteamh bliantúil a híoctar faoi láthair” an cúiteamh bliantúil de cheithre céad agus trí puint tríochad, sé scillinge agus ocht bpingne is iníoctha, de bhuaidh oibriú ailt 34 den Copyright Act, 1911, agus fo-ailt (1) d'alt 174 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 (Uimh. 16 de 1927), le chéile, as an bPríomh-Chiste leis an Leabharlainn, mar chúiteamh i gcailliúint an chirt chun cóipeanna de leabhair d'fháil in aisce.

[EN]

(2) Chun go bhféadfar cuid den chúiteamh bliantúil a híoctar faoi láthair a chaitheamh ar leabhair a cheangal, beidh éifeacht ag na forála so leanas—

[EN]

(a) ag leanúint den chúiteamh bliantúil a híoctar faoi láthair íocfar, faoi réir míre (b) den fho-alt so, sa bhliain airgeadais a thosnaigh an lú lá d'Aibreán, 1945, agus i ngach bliain airgeadais ina dhiaidh sin, le Binseoirí Chomhlucht Onórach Ostaí an Rí, Baile Atha Cliath, suim cheithre céad agus trí puint tríochad, sé scillinge agus ocht bpingne;

[EN]

(b) ní bheidh an tsuim sin iníoctha in aon bhliain airgeadais mura deimhin leis an Aire Airgeadais go ndearnadh nó go ndéanfar an cúiteamh in aghaidh na bliana airgeadais roimhe sin a chaitheamh ar leabhair a cheannach chun úsáide na Leabharlainne agus chun a slánchoimeád inti nó go ndearnadh nó go ndéanfar é chaitheamh ar leabhair a cheannach chuige sin agus chomh fada ar a mhéid le leath na suime, ar leabhair atá ar slán-choimeád sa Leabharlainn d'athcheangal nó ar leabhair nó sreath-choda d'imleabhair (is leabhair nó sreath-choda d'imleabhair a foillsíodh gan cheangal) atá ar slán-choimeád nó le bheith ar slán-choimeád sa Leabharlainn a cheangal;

[EN]

(c) beidh muirear agus íoc na suime bliantúla san ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis;

[EN]

(d) scoirfidh fo-alt (1) d'alt 174 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 (Uimh. 16 de 1927), sa mhéid go mbuanaíonn sé an ceart a bhí ag an Leabharlainn agus a buanaíodh le halt 34 den Copyright Act, 1911, chun an cúiteamh bliantúil a híoctar faoi láthair d'íoc léi, d'fheidhm do bheith aige maidir leis an mbliain airgeadais dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1945, agus aon bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

[EN]

Gearr-theideal.

2.—Féadfar Acht Leabharlann Ostaí an Rí, 1945, do ghairm den Acht so.

[GA]

harp.jpg


Number 22 of 1945.


[GA]

KING'S INNS LIBRARY ACT, 1945.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Re-enactment with modifications of the existing statute law relating to the annual compensation of £433 6s. 8d. payable to the King's Inns Library.

2.

Short title.


Acts Referred to

Industrial and Commercial Property (Protection) Act, 1927

No. 16 of 1927

harp.jpg


Number 22 of 1945.


KING'S INNS LIBRARY ACT, 1945.


AN ACT TO EXTEND THE PURPOSES FOR WHICH THE ANNUAL COMPENSATION PAYABLE OUT OF THE CENTRAL FUND TO THE KING'S INNS LIBRARY, DUBLIN, MAY BE APPLIED, AND WITH THIS OBJECT TO RE-ENACT WITH MODIFICATIONS THE EXISTING STATUTE LAW RELATING TO THE SAID COMPENSATION. [11th July, 1945.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Re-enactment with modifications of the existing statute law relating to the annual compensation of £433 6s. 8d. payable to the King's Inns Library.

1.—(1) In this section—

[GA]

the expression “the Library” means the King's Inns Library, Dublin;

[GA]

the expression “the existing annual compensation” means the annual compensation of four hundred and thirty-three pounds, six shillings and eight pence payable, by virtue of the joint operation of section 34 of the Copyright Act, 1911, and subsection (1) of section 174 of the Industrial and Commercial Property (Protection) Act, 1927 (No. 16 of 1927), out of the Central Fund to the Library, as compensation for the loss of the right to receive gratuitous copies of books.

[GA]

(2) With the object of enabling part of the existing annual compensation to be expended in the binding of books, the following provisions shall have effect—

[GA]

(a) in continuation of the existing annual compensation, there shall, subject to paragraph (b) of this subsection, be paid, in each financial year commencing on or after the 1st day of April, 1945, to the Benchers of the Honourable Society of King's Inns, Dublin, the sum of four hundred and thirty-three pounds, six shillings and eight pence;

[GA]

(b) the said sum shall not be payable in any financial year unless the Minister for Finance is satisfied that the compensation for the previous financial year has been or will be applied in the purchase of books for the use of, and to be preserved in, the Library or has been or will be applied in such purchase and, to an extent not exceeding one-half, in the re-binding of books preserved in the Library or in the binding of books or serial parts of volumes (being books or serial parts of volumes published unbound) preserved or to be preserved in the Library;

[GA]

(c) the said annual sum shall be charged on and paid out of the Central Fund or the growing produce thereof;

[GA]

(d) subsection (1) of section 174 of the Industrial and Commercial Property (Protection) Act, 1927 (No. 16 of 1927), in so far as it preserves the right, which was continued by section 34 of the Copyright Act, 1911, of the Library to be paid the existing annual compensation, shall cease to apply to any financial year commencing on or after the said 1st day of April, 1945.

[GA]

Short title.

2.—This Act may be cited as the King's Inns Library Act, 1945.