As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 22 de 1961.
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1961.
[An tiontú oifigiúil.]
Léiriú.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933;
ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935;
ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;
ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960;
ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1960;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh.
Rátaí pinsean seanaoise a mhéadú.
2.—Déantar leis seo gach ceann ar leith de na rátaí 28s. 6d., 23s. 6d., 18s. 6d., agus 13s. 6d. atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 77 d'Acht 1952 de bhua alt 2 d'Acht 1960 a mhéadú 1s. 6d.
Rátaí cúnamh dífhostaíochta a mhéadú.
3.—In Acht 1933, déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad an Sceidil a cuireadh ag gabháil leis an Acht sin le halt 3 d'Acht 1960:
“AN SCEIDEAL.
Na Rátaí Cúnamh Dífhostaíochta.
Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnamh dífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo | An rata cúnamh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon limistéar uirbeach | An rata cúnamh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile |
sa tseachtain | sa tseachtain | |
Duine gan chleithiúnaí .. | 21s. 6d. | 15s. 6d. |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe .. .. .. | 37s. 6d. | 29s. 6d. |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin .. .. | 45s. 6d. | 36s. 6d. |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanaí cleithiúnacha nó níos mó .. | 52s. 6d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cleithiúnacha ann, 2s. 6s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. | 42s. 6d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cleithiúnacha ann, 2s. 6d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. |
Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin .. .. | 29s. 6d. | 22s. 6d. |
Duine ag a bhfuil beirt leanaí cleithiúnacha nó níos mó. | 36s. 6d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cleithiúnacha ann, 2s. 6d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. | 28s. 6d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cleithiúnacha ann, 2s. 6d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. |
”
Méadú ar rátaí pinsean baintreach. (neamhranníocach)
4.—I dTábla B a ghabhann le halt 20 d'Acht 1935, is é sin, an t-alt a cuireadh isteach le halt 105 d'Acht 1952, cuirtear, tríd seo, na rátaí atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo in ionad na rátaí atá, de bhua alt 4 d'Acht 1960, leagtha amach sa Tábla sin B.
TÁBLA B.
Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach).
Acmhainn na Baintrí | Rátaí Seachtainiúla | |||||||||||
Baintreach, gan aon leanbh cáilithe | Baintreach, leanbh cáilithe amháin | Baintreach, beirt leanaí cáilithe nó níos mó | ||||||||||
(1) | (2) | (3) | (4) | |||||||||
s. | d. | s. | d. | s. d. | ||||||||
Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí— .. .. | ||||||||||||
gan bheith níos mó ná £52 10s. .. .. .. | 28 | 6 | 38 | 6 | 47 | 6 | Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cáilithe ann, cúig scilling i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt. | |||||
níos mó ná £52 10s. gan bheith níos mó ná £65 10s. .. .. .. | 23 | 6 | 33 | 6 | 42 | 6 | ||||||
níos mó ná £65 10s. gan bheith níos mó na £78 10s. .. .. .. | 18 | 6 | 28 | 6 | 37 | 6 | ||||||
níos mó ná £78 10s. gan bheith níos mó ná £104 15s. .. .. | 13 | 6 | 23 | 6 | 32 | 6 | ||||||
níos mó ná £104 15s. gan bheith níos mó ná £117 15s. .. .. | Neamhní | 10 | 0 | 19 | 0 | |||||||
níos mó ná £117 15s. gan bheith níos mó ná £130 15s. .. .. | Neamhní | Neamhní | 11 | 0 | ||||||||
níos mó ná £130 15s. .. | Neamhní | Neamhní | Neamhní |
Méadú ar rátaí pinsean seanaoise (ranníocach) i gcás daoine is cleithiúnaithe aosaithe.
5.—Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí “30” a chur in ionad “28½” i gcolún (3) de Chuid I (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960) agus, dá réir sin, in aon chás inarb iníoctha sochar faoi fho-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960) d'alt 26 d'Acht 1952, is tríocha scilling ráta seachtainiúil an tsochair sin.
Alt 10 den Old Age Pensions Act, 1908, a leasú.
1908, c. 40.
6.—Leasaítear leis seo alt 10 den Old Age Pensions Act, 1908, trí “and for notice being given by registrars of births and deaths to the pension officers or local pension committees of every death of a person over seventy registered by them,” a scriosadh as fo-alt (2).
Alt 7 den Old Age Pensions Act, 1911, a leasú.
1911, c. 16.
1908, c. 40.
7.—An chumhacht a thugtar don Aire le fo-alt (3) d'alt 7 den Old Age Pensions Act, 1911, chun aon suimeanna a bheidh dlite de dhuine a aisíoc leis an Aire faoi fho-alt (2) d'alt 9 den Old Age Pensions Act, 1908, a bhaint as aon suimeanna a dtiocfaidh an duine chun bheith ina dteideal ar scór pinsean seanaoise faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1960, féadfar é a fheidhmiú d'ainneoin imeachtaí a bheith tionscnaithe i gcúirt chun na suimeanna a ghnóthú a bheidh dlite den duine a aisíoc leis an Aire mar a dúradh nó ordú a bheith déanta ag cúirt á cheangal ar an duine na suimeanna a íoc a bheidh dlite de a aisíoc leis an Aire mar a dúradh, agus, chun críocha an fho-ailt sin (3), measfar gur suimeanna a bheidh dlite den duine a aisíoc leis an Aire faoin bhfo-alt sin (2) aon chostais a cheanglóidh an t-ordú réamhráite a íoc leis an Aire.
Alt 10 d'Acht 1933 a leasú.
8.—(1) Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1933 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le halt 94 d'Acht 1952) d'alt 3, is é sin:
“(c) nach bhfuil a acmhainn, arna ríomh de réir an Achta seo, níos mó ná céad punt sa bhliain;”.
(2) I gcás—
(a) duine a bheith, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ina shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta i bhfoirm a ordaítear le rialacháin faoi fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1933, agus
(b) an duine sin do chomhlíonadh na gcoinníollacha a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1933, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo,
beidh éifeacht ag an deimhniú, agus beidh aon chinneadh i leith an deimhnithe faoi réir a fhreaschurtha agus a athbhreithnithe sa tslí chéanna, amhail is dá mbeadh an deimhniú sin san fhoirm a ordaítear le rialacháin faoi fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1933 a deir go dtiocfaidh siad i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1961.
Alt 17 d'Acht 1933 a leasú.
9.—Leasaítear leis seo alt 17 d'Acht 1933 tríd na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2), is é sin:
“(a) má bhíonn sé gan acmhainn nó má bhíonn a acmhainn gan a bheith níos mó ná—
(i) i gcás duine gan chleithiúnaí, dhá scilling sa tseachtain, agus
(ii) i gcás duine le cleithiúnaí amháin nó níos mó, cúig scilling sa tseachtain,
de réir an ráta sceidealta; agus
(b) má bhíonn acmhainn aige is mó ná—
(i) i gcás duine gan chleithiúnaí, dhá scilling sa tseachtain, agus
(ii) i gcás duine le cleithiúnaí amháin nó níos mó, cúig scilling sa tseachtain,
de réir ráta is comhionann leis an ráta sceidealta arna laghdú scilling sa tseachtain in aghaidh gach scilling nó cuid de scilling a bheidh acmhainn an duine níos mó, i gcás duine gan chleithiúnaí, ná dhá scilling sa tseachtain agus, i gcás duine le cleithiúnaí amháin nó níos mó, ná cúig scilling sa tseachtain.”
Alt 29 d'Acht 933 a leasú.
10.—(1) Leasaítear leis seo alt 29 d'Acht 1933—
(a) trí “caoga punt” a chur in ionad “cúig phúint fhichead”, agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach, is é sin:
“(2) Aon duine a chiontófar i gcion faoin alt seo—
(a) más cion é maidir le cúnamh dífhostaíochta a íoc nó a aisíoc, beidh sé dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil go ceann tréimhse sé mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe, agus
(b) más cion é maidir le deimhniú cáilíochta, beidh sé dícháilithe chun deimhniú cáilíochta a fháil nó a shealbhú go ceann tréimhse sé mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe.”
(2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le cionta a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith.
Alt 29 d'Acht 1935 a leasú.
11.—Leasaítear leis seo alt 29 d'Acht 1935 trí “ar feadh aon tréimhse dhá bhliain” a chur i bhfo-alt (3) in ionad “ar feadh na tréimhse de dhá bhliain díreach roimh an dáta ar a n-éileofar an pinsean san”.
Alt 57 d'Acht 1935, a leasú.
12.—An chumhacht a thugtar don Aire le halt 57 d'Acht 1935 chun aon íocaíochtaí is iníoctha ag duine leis an Aire faoin alt a bhaint as aon íocaíochtaí ar scór pinsean faoin Acht sin a dtiocfaidh duine chun bheith ina theideal, féadfar í a fheidhmiú d'ainneoin imeachtaí a bheith tionscnaithe i gcúirt chun na suimeanna a ghnóthú a bheidh dlite den duine a aisíoc leis an Aire mar a dúradh nó ordú a bheith déanta ag cúirt á cheangal ar an duine na suimeanna a íoc a bheidh dlite de a aisíoc leis an Aire mar a dúradh, agus, chun críocha an ailt sin 57, measfar gur suimeanna is iníoctha ag an duine leis an Aire faoin alt aon chostais a cheanglóidh an t-ordú réamhráite a íoc leis an Aire.
Alt 58 d'Acht 1935 a leasú.
13.—(1) Déantar leis seo alt 58 d'Acht 1935 a leasú—
(i) trí “nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras ábhartha” a chur isteach i mír (a) d'fho-alt (1) i ndiaidh “phonc táchtach”, agus
(ii) “nó is pinsean de mhéid is mó ná an méid a bhfuil sé ina theideal” a chur isteach i ndiaidh “é d'fháil” i mír (b) den fho-alt sin.
(2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le—
(a) aon cheilt fíorais, nó
(b) aon fháil nó glacadh pinsin, dá dtagraítear san alt sin 58, arna leasú leis an alt seo, roimh dháta an Achta seo a rith.
Alt 8 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1938, a leasú.
14.—(1) Leasaítear leis seo alt 8 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1938,—
(a) trí “caoga punt” a chur in ionad “cúig púint fhichead”, agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach, is é sin:
“(2) Aon duine a chiontófar i gcion faoin alt seo—
(a) más cion é maidir le cúnamh dífhostaíochta a íoc nó a aisíoc, beidh sé dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta a fháil go ceann tréimhse sé mhí díreach thar éis dáta an chiontaithe, agus
(b) más cion é maidir le deimhniú cáilíochta, beidh sé dícháilithe chun deimhniú cáilíochta a fháil nó a shealbhú go ceann tréimhse sé mhí díreach tar éis dáta a chiontaithe.”
(2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le cionta a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo.
Fágfar codanna den mhéadú ar phinsin áirithe gan áireamh mar acmhainn chun críocha na nAchtanna.
15.—D'ainneoin aon ní atá sna rialacha atá sa Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952—
(a) má bhíonn pinsean (neamhranníocach) baintrí nó pinsean (neamhranníocach) dílleachta faoi na hAchtanna, i gcúrsa a íoctha le duine nó ina leith,
(b) má bhíonn pinsean (seachas na pinsin réamhráite) nó liúntas a soláthraíodh le reacht nó faoi reacht nó is iníoctha as airgead a riarann rialtas eile (dá ngairtear an pinsean reachtúil san alt seo) i gcúrsa a íoctha leis an duine nó ina leith, agus
(c) go dtiocfaidh méadú ar an bpinsean reachtúil an 1ú lá de Lúnasa, 1961, nó dá éis,
ansin, nuair a bheidh acmhainn an duine á ríomh chun críocha na nAchtanna, ní áireofar mar acmhainn aon chuid den mhéadú ar an bpinsean reachtúil dá dtiocfadh, dá n-áirítí mar acmhainn é, méid an phinsin a laghdú de mhéid is mó ná an méadú.
Alt 42 d'Acht 1952 a leasú.
16.—Leasaítear leis seo alt 42 d'Acht 1952—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (d):
“(dd) i dtaobh duine a bheith fostaithe i bhfostaíocht inárachaithe”,
(b) trí “nó ab iníoctha” a chur isteach i ndiaidh “is iníoctha” i mír (e) agus “nó cérbh é” a chur isteach i ndiaidh “cé hé” i mír (f) d'fho-alt (1), agus
(c) trí “or was or was not” a chur isteach i ndiaidh “is not” i bhfo-alt (2) den leagan Béarla.
Alt 48 d'Acht 1952 a leasú.
17.—Déantar leis seo alt 48 d'Acht 1952 a leasú trí “aon cheann amháin nó níos mó acu seo a leanas, is é sin le rá, sochar, cúnamh faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1960, pinsean faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1960, nó pinsean baintrí (neamhranníocach) faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí 1935 go 1960, nó ar shlí eile” a chur i mír (b) d'fho-alt (2) in ionad “sochar eile nó ar shlí eile”.
Alt 52 d'Acht 1952 a leasú.
18.—(1) Leasaítear leis seo alt 52 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):
“(7) Aon duine a chiontófar i gcion dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo maidir le sochar dífhostaíochta, beidh sé dícháilithe chun sochar dífhostaíochta a fháil go ceann tréimhse sé mhí díreach tar éis dáta an chiontaithe.”
(2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le cionta a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo.
An Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a leasú.
19.—Déantar leis seo an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a leasú tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “arna chinneadh amhlaidh”: “lúide, maidir leis an duine is sine de lanúin arb éard iad daoine a bhfuil gach aon duine acu seasca bliain ar a laghad d'aois agus nach bhfuil ceachtar acu i gcleithiúnas, go hiomlán ná go formhór, ar acmhainn pearsa seachas duine den lanúin—
(i) i gcás nach mó ná £165 in airgead suim ioncaim (más aon ioncam é) na lanúine a chuirfear i gcuntas faoi mhír II de Riail 1 den Sceideal seo agus na méideanna (más aon mhéideanna iad) a eisiadh de bhua fhomhíreanna (e), (g) agus (h) den mhír sin II, agus ioncam na lanúine sin á ríomh in airgead, ioncam uile na lánúine in airgead a chuirfear i gcuntas faoin mír sin II, agus
(ii) in aon chás eile, an méid d'ioncam na lánúine in airgead a chuirfear i gcuntas faoin mír sin II agus a dhéanfaidh £165 nuair a chuirfear é leis an suimeanna (más aon suimeanna iad) a eisiadh, de bhua na bhfomhíreanna sin (e), (g) agus (h) agus ioncam na lánúine á ríomh in airgead”.
Fiacha áirithe a bheith dlite don Stát nó don Aire a bhaint as íocaíochtaí pinsean, cúnaimh agus sochair áirithe.
20.—Má tharlaíonn, mar gheall ar aon duine d'fháil íocaíochtaí pinsin faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1960, i gcaitheamh aon tréimhse nach raibh an duine sin i dteideal íocaíocht a fháil nó d'fháil suim nó suimeanna de bhreis ar an suim nó na suimeanna a bhí an duine i dteideal a fháil, go mbeidh fiach dlite don Stát nó don Aire ón duine sin, féadfaidh an tAire méid an fhéich a ghnóthú trí asbhaint as aon íocaíochtaí a dtiocfaidh céile, baintreach nó baintreach fir, an duine sin nó, má thoilíonn aon duine eile leis an asbhaint, an duine a thoileoidh amhlaidh, chun bheith ina dteideal ar scór pinsean faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1960, cúnamh faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1960, pinsean baintrí (neamhranníocach) faoi na hAchtanna, nó sochar (seachas sochar máithreachais) faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1960.
Gearrtheideal, tosach feidhme, forléiriú agus comhlua.
21.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1961.
(3) Déantar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin Seanaoise, 1908 go 1960, agus na hAchtanna sin a fhorléiriú mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1961, a ghairm de agus díobh le chéile agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1960, forléireofar é agus iad mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1961, a ghairm de agus díobh le chéile agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna, forléireofar é agus iad mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1961, a ghairm de agus díobh le chéile agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1960, forléireofar é agus iad mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1961, a ghairm de agus díobh le chéile.
Number 22 of 1961.
SOCIAL WELFARE (MISCELLANEOUS PROVISIONS) ACT, 1961.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Acts Referred to | |
1933, No. 46 | |
1935, No. 29 | |
1952, No. 11 | |
1960, No. 28 | |
1960, No. 25 | |
Old Age Pensions Act, 1908 | 1908, c. 40 |
Old Age Pensions Act, 1911 | 1911, c. 16 |
1938, No. 2 |
Number 22 of 1961.
SOCIAL WELFARE (MISCELLANEOUS PROVISIONS) ACT, 1961.
BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:—
Interpretation.
1.—In this Act—
“the Act of 1933” means the Unemployment Assistance Act, 1933;
“the Act of 1935” means the Widows' and Orphans' Pensions Act, 1935;
“the Act of 1952” means the Social Welfare Act, 1952;
“the Act of 1960” means the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act, 1960;
“the Acts” means the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1960;
“the Minister” means the Minister for Social Welfare.
Increase of rates of old age pensions.
2.—The rates of 28s. 6d., 23s. 6d., 18s. 6d., and 13s. 6d. set forth in the Table to subsection (2) of section 77 of the Act of 1952 by virtue of section 2 of the Act of 1960 are each hereby increased by 1s. 6d.
Increase of rates of unemployment assistance.
3.—In the Act of 1933 for the Schedule thereto inserted by section 3 of the Act of 1960, there is hereby substituted the following:
“SCHEDULE.
Rates of Unemployment Assistance.
Classes of persons to whom the rates of unemployment assistance set out in this Schedule are applicable | Rate of unemployment assistance applicable to persons resident in any urban area | Rate of unemployment assistance applicable to persons resident in any other place | ||
per week | per week | |||
Person without a dependant | 21s. | 6d. | 15s. | 6d. |
Person with an adult dependant | 37s. | 6d. | 29s. | 6d. |
Person with an adult dependant and one child dependant | 45s. | 6d. | 36s. | 6d. |
Person with an adult dependant and two or more child dependants. | 52s. 6d. plus, where there are more than two child dependants, 2s. 6d. for each child dependant in excess of two. | 42s. 6d. plus, where there are more than two child dependants, 2s. 6d. for each child dependant in excess of two. | ||
Person with one child dependant. | 29s. | 6d. | 22s. | 6d. |
Person with two or more child dependants. | 36s. 6d. plus, where there are more than two child dependants, 2s. 6d. for each child dependant in excess of two. | 28s. 6d. plus, where there are more than two child dependants, 2s. 6d. for each child dependant in excess of two. |
”
Increase of rates of widows' (non-contributory) pensions.
4.—In Table B to section 20 of the Act of 1935, being the section inserted by section 105 of the Act of 1952, for the rates set forth therein by virtue of section 4 of the Act of 1960 there are hereby substituted the rates set forth in the Table to this section.
TABLE B.
Weekly Rates of Widows' (Non-Contributory) Pensions.
Means of Widow | Weekly Rates | |||||||
Widow, no qualified child | Widow, one qualified child | Widow, two or more qualified children | ||||||
(1) | (2) | (3) | (4) | |||||
s. | d. | s. | d. | s. | d. | |||
Where the yearly means of the widow as duly calculated— | ||||||||
do not exceed £52 10s. | 28 | 6 | 38 | 6 | 47 | 6 | } | Plus, where there are more than two qualified children, five shillings for each qualified child in excess of two. |
exceed £52 10s. but do not exceed £65 10s. | 23 | 6 | 33 | 6 | 42 | 6 | ||
exceed £65 10s. but do not exceed £78 10s. | 18 | 6 | 28 | 6 | 37 | 6 | ||
exceed £78 10s. but do not exceed £104 15s. | 13 | 6 | 23 | 6 | 32 | 6 | ||
exceed £104 15s. but do not exceed £117 15s. | No pension | 10 | 0 | 19 | 0 | |||
exceed £117 15s. but do not exceed £130 15s. | No pension | No pension | 11 | 0 | ||||
exceed £130 15s. | No pension | No pension | No pension |
Increase of rates of old age (contributory) pension in cases of adult dependency.
5.—The Third Schedule to the Act of 1952 is hereby amended by the substitution in column (3) of Part I (inserted by the Social Welfare (Amendment) Act, 1960) of “30” for “28½” and, accordingly, in any case where benefit is payable under subsection (3) (inserted by the said Social Welfare (Amendment) Act, 1960) of section 26 of the Act of 1952, the weekly rate thereof shall be thirty shillings.
Amendment of section 10 of Old Age Pensions Aet, 1908.
6.—Section 10 of the Old Age Pensions Act, 1908, is hereby amended by the deletion in subsection (2) of “and for notice being given by registrars of births and deaths to the pension officers or local pension committees of every death of a person over seventy registered by them,”.
Amendment of section 7 of Old Age Pensions Act, 1911.
7.—The power conferred on the Minister by subsection (3) of section 7 of the Old Age Pensions Act, 1911, to deduct from any sums to which a person becomes entitled on account of old age pension under the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1960, any sums which the person is liable to repay to the Minister under subsection (2) of section 9 of the Old Age Pensions Act, 1908, may be exercised notwithstanding that proceedings have been instituted in a court for the recovery of the sums which the person is liable to repay to the Minister as aforesaid or that an order has been made by a court requiring the payment by the person of the sums which he is liable to repay to the Minister as aforesaid, and any costs required by the order aforesaid to be paid to the Minister shall be deemed, for the purposes of the said subsection (3), to be sums which the person is liable to repay to the Minister under the said subsection (2).
Amendment of section 10 of Act of 1933.
8.—(1) Section 10 of the Act of 1933 is herdby amended by the substitution for paragraph (c) (inserted by section 94 of the Act of 1952) of subsection (3) of the following paragraph, namely:
“(c) that his means, calculated in accordance with this Act, do not exceed one hundred pounds per annum;”.
(2) Where—
(a) immediately before the commencement of this Act, a person is the holder of a qualification certificate in a form prescribed by regulations under subsection (1) of section 7 of the Act of 1933, and
(b) the person fulfils the conditions stated in subsection (3) of section 10 of the Act of 1933, as amended by subsection (1) of this section,
the certificate shall have effect, and any determination in relation to the certificate shall be subject to reversal and to revision in the like manner, as if the certificate were in the form prescribed by regulations under subsection (1) of section 7 of the Act of 1933 which are expressed to come into operation on the 1st day of August, 1961.
Amendment of section 17 of Act of 1933.
9.—Section 17 of the Act of 1933 is hereby amended by the substitution for paragraphs (a) and (b) of subsection (2) of the following paragraphs, namely:
“(a) if he has no means or if he has means not exceeding—
(i) in the case of a person without a dependant, two shillings per week, and
(ii) in the case of a person with one or more dependants, five shillings per week,
at the scheduled rate; and
(b) if he has means exceeding—
(i) in the case of a person without a dependant, two shillings per week, and
(ii) in the case of a person with one or more dependants, five shillings per week,
at a rate equal to the scheduled rate reduced by one shilling per week for every shilling or part of a shilling by which the means of the person exceeds, in the case of a person without a dependant, two shillings per week, and, in the case of a person with one or more dependants, five shillings per week.”
Amendment of section 29 of Act of 1933.
10.—(1) Section 29 of the Act of 1933, is hereby amended by—
(a) the substitution of“fifty pounds”for “twenty-five pounds”, and
(b) the insertion of the following subsection, namely:
“(2) A person convicted of an offence under this section shall—
(a) if the offence is in relation to the payment or repayment of unemployment assistance, be disqualified for the receipt of unemployment assistance for a period of six months immediately following the date of the conviction, and
(b) if the offence is in relation to a qualification certificate, be disqualified for obtaining or holding a qualification certificate for a period of six months immediately following the date of the conviction.”
(2) Subsection (1) of this section shall not have effect as respects offences committed before the commencement of this Act.
Amendment of section 29 of Act of 1935.
11.—Section 29 of the Act of 1935 is hereby amended by the substitution in subsection (3) of “during any period of two years”for “during the period of two years immediately preceding the date on which the claim therefor is made”.
Amendment of section 57 of Act of 1935.
12.—The power conferred on the Minister by section 57 of the Act of 1935 to deduct from any payments on account of a pension under that Act to which a person becomes entitled any sums payable by the person to the Minister under the section may be exercised notwithstanding that proceedings have been instituted in a court for the recovery of the sums which the person is liable to repay to the Minister as aforesaid or that an order has been made by a court requiring the payment by the person of the sums which he is liable to repay to the Minister as aforesaid, and any costs required by the order aforesaid to be paid to the Minister shall be deemed, for the purposes of the said section 57, to be sums payable by the person to the Minister under the section.
Amendment of section 58 of Act of 1935.
13.—(1) Section 58 of the Act of 1935 is hereby amended by—
(i) the insertion in paragraph (a) of subsection (1) after “material respect” of “or knowingly conceals any material fact”, and
(ii) the insertion in paragraph (b) of that subsection after “entitled” of “or of an amount in excess of the amount to which he is entitled”.
(2) Subsection (1) of this section shall not have effect as respects—
(a) any concealment of fact, or
(b) any obtaining or receiving of pension, referred to in the said section 58, as amended by this section, which occurred before the commencement of this Act.
Amendment of section 8 of Unemployment Assistance (Amendment) Act, 1938.
14.—(1) Section 8 of the Unemployment Assistance (Amendment) Act, 1938, is hereby amended by—
(a) the substitution of “fifty founds” for “twenty-five pounds”, and
(b) by the insertion of the following subsection, namely:
“(2) A person convicted of an offence under this section shall—
(a) if the offence is in relation to the payment or repayment of unemployment assistance, be disqualified for the receipt of unemployment assistance for a period of six months immediately following the date of the conviction, and
(b) if the offence is in relation to a qualification certificate, be disqualified for obtaining or holding a qualification certificate for a period of six months immediately following the date of the conviction.”
(2) Subsection (1) of this section shall not have effect as respects offences committed before the commencement of this Act.
Parts of increase of certain pensions not to be reckoned as means for the purposes of the Acts.
15.—Notwithstanding anything contained in the rules in the Seventh Schedule to the Act of 1952, where—
(a) a widow's (non-contributory) pension or an orphan's (non-contributory) pension under the Acts, is in course of payment to or in respect of a person,
(b) a pension (other than the pensions aforesaid) or allowance provided by or under statute or payable out of moneys administered by another government (in this section referred to as the statutory pension) is in course of payment to or in respect of the person, and,
(c) an increase of the statutory pension occurs on or after the 1st day of August, 1961,
then, in calculating the means of the person for the purposes of the Acts, any of the increase of the statutory pension which, if it were reckoned as means, would result in a reduction in the amount of the pension which would be greater than the amount of the increase shall not be reckoned as means.
Amendment of section 42 of Act of 1952.
16.—Section 42 of the Act of 1952 is hereby amended by—
(a) the insertion in subsection (1) after paragraph (d) of the following paragraph:
“(dd) as to whether a person is or was employed in an insurable employment,”,
(b) the insertion after “is” in each place where it occurs in subsection (1) of “or was”, and
(c) the insertion after “is not” in subsection (2) of “or was or was not”.
Amendment of section 48 of Act of 1952.
17.—Section 48 of the Act of 1952 is hereby amended by the substitution in paragraph (b) of subsection (2) for “other benefit or otherwise”of “any one or more of the following, that is to say, benefit, assistance under the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1960, a pension under the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1960, or a widow's (non-contributory) pension under the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1960, or otherwise.”.
Amendment of section 52 of Act of 1952.
18.—(1) Section 52 of the Act of 1952 is hereby amended by the insertion after subsection (6) of the following subsection:
“(7) A person convicted of an offence referred to in paragraph (c) of subsection (1) or subsection (2) of this section in relation to unemployment benefit shall be disqualified for the receipt of unemployment benefit for a period of six months immediately following the date of the conviction.”
(2) Subsection (1) of this section shall not have effect as respects offences committed before the commencement of this Act.
Amendment of Seventh Schedule to Act of 1952.
19.—The Seventh Schedule to the Act of 1952 is hereby amended by the insertion in subparagraph (c) of paragraph (1) of Rule 3 after “each so determined” of “less, as respects the older member of a married couple consisting of persons each of whom is not less than sixty years of age and neither of whom is wholly or mainly dependent on the means of an individual other than a member of the married couple—
(i) in case the sum of the income (if any) in cash of the married couple of which account is taken under paragraph II of Rule 1 of this Schedule and of the amounts (if any) which were excluded, by virtue of subparagraphs (e), (g) and (h) of the said paragraphII, in the calculation of the said income in cash of the married couple does not exceed £165, the whole of the income in cash of the married couple of which account is taken under the said paragraph II, and
(ii) in any other case, so much of the income in cash of the married couple of which account is taken under the said paragraph II as, when added to the amounts (if any) which were excluded, by virtue of the said subparagraphs (e), (g) and (h), in the calculation of the said income in cash of the married couple, amounts to £165”.
Deduction of certain debts due to the State or the Minister from payments of certain pensions, assistance and benefit.
20.—Where, by reason of the receipt by any person of payments of a pension under the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1960, during any period during which that person was not entitled thereto or of an amount or amounts in excess of the amount or amounts which that person was entitled to receive, there is a debt due to the State or the Minister by that person, the Minister may effect recovery of the amount of the debt by deduction from any payments to which the spouse, the widow or the widower, of that person or, if any other person consents to the deduction, the person so consenting, becomes entitled on account of a pension under the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1960, assistance under the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1960, a widow's (non-contributory) pension under the Acts, or benefit (other than maternity benefit) under the Social Welfare Acts, 1952 to 1960.
Short title, commencement, construction and collective citations.
21.—(1) This Act may be cited as the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act, 1961.
(2) This Act shall come into operation on the 1st day of August, 1961.
(3) This Act, in so far as it amends and extends the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1960, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1961, and in so far as it amends and extends the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1960, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1961, and in so far as it amends and extends the Acts, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1961, and in so far as it amends and extends the Social Welfare Acts, 1952 to 1960, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Social Welfare Acts, 1952 to 1961.