As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 23 de 1957.


[EN]

AN tACHT UM LIMISTÉIRÍ NEAMHFHORBARTHA (LEASÚ), 1957.

[An tiontó oiligiúil.]

ACHT D'FHADÚ RÉ FEIDHME, AGUS DO LEASÚ, AN ACHTA UM LIMISTÉIRÍ NEAMHFHORBARTHA, 1952.

[12 Nollaig, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na Límistéirí Neamhfhorbartha, 1952 (Uimh. 1 de 1952);

[EN]

ciallaíonn “dáta an aistrithe” an lú lá d'Eanáir, 1964.

[EN]

(2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht seo agus dá sanntar brí áirithe leis an bPríomh-Acht beidh an bhrí sin leis san Acht seo.

[EN]

Ré feidhme an Phríomh-Achta.

2.—Leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1963, d'ainneoin ailt 1 den Acht sin.

[EN]

Deontais ón Aire tar éis dul in éag don Phríomh-Acht.

3.—(1) I gcás deontas a chinn an Bord a thabhairt faoin bPríomh-Acht a bheith gan íoc go hiomlán nó go páirteach ar dhul in éag don Phríomh-Acht, bhéarfaidh an tAire an deontas, nó an chuid de a bheas gan íoc, ar na téarmaí céanna ar ar chinn an Bord.

[EN]

(2) Is as airgead a sholáthrós an tOireachtas a bhéarfar deontais faoin alt seo.

[EN]

(3) Ní raghaidh iomlán na ndeontas a bhéarfas an Bord faoin bPríomh-Acht agus a bhéarfas an tAire faoin Acht seo thar ceithre mhilliún punt.

[EN]

Maoin d'aistriú.

4.—(1) Faoi réir forál an ailt seo, an mhaoin uile, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bheas, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe sa Bhord nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó, agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineas nó a ghabhas le haon mhaoin den tsórt sin, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an aistrithe, agus gan tíolacadh ná sannadh ar bith eile ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachtan nó údaráis, dílsithe san Aire nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó (do réir mar is gá sa chás) chun an eastáit, an iontaobhais nó an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe sa Bhord nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó.

[EN]

(2) An mhaoin uile a haistrítear leis an alt seo agus a bheas, díreach roimh dháta an aistrithe, ar seasamh i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide, cuideachtan nó údaráis, déanfaidh an banc, an chorparáid, an chuideachta nó an t-údarás sin, ar an Aire dá iarraidh sin ar dháta an aistrithe nó dá éis, í d'aistriú sna leabhair sin chun ainme an Aire.

[EN]

(3) Gach ábhar i gcaingean a haistrítear leis an alt seo chun an Aire, féadfaidh an tAire, ar dháta an aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina ainm féin, agus ní gá don Aire fógra i dtaobh an aistrithe a déantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheas faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin.

[EN]

Dliteanais d'aistriú.

5.—Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe as torta nó as sáruithe conartha) a bheas, díreach roimh dháta an aistrithe, dlite ón mBord agus gan íoc aige, nó tabhaithe agus gan fuascailt aige, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar dháta an aistrithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an Aire agus íocfaidh nó fuasclóidh an tAire é agus féadfar é a ghnóthú ón Aire nó é a chur i bhfeidhm ina choinne dá réir sin.

[EN]

Conartha leanúnacha a choimeád i bhfeidhm.

6.—Gach banna, ráthaíocht, morgáiste nó urrús eile de chineál leanúnach a bheas déanta nó a bheas tugtha ag an mBord do dhuine ar bith, nó ag duine ar bith don Bhord, agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a bheas déanta idir an Bord agus duine eile agus nach mbeidh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh dháta an aistrithe, leanfaidh sé, d'ainneoin an Príomh-Acht do dhul in éag, de bheith i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirtí ainm an Aire ann in ionad ainme an Bhoird, agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an Aire nó ina choinne.

[EN]

Leanúint d'imeachta dlí a bheas ar feitheamh.

7.—Gach caingean, agra nó imeacht a bheas ar feitheamh ar dháta an aistrithe in aon chúirt nó binse agus a mbeidh an Bord ina pháirtí iontu, tiocfaidh an tAire chun bheith agus beidh sé, ar dháta an aistrithe, ina pháirtí iontu in ionad an Bhoird agus leanfar de na himeachta sin idir an tAire agus na páirtithe eile iontu dá réir sin agus ní thitfidh aon imeachta den tsórt sin ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leo ná ní déanfar dochar dóibh de dhroim an Príomh-Acht do dhul in éag.

[EN]

Díolúine ó dhleacht stampa.

8.—Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le maoin an Bhoird a dhílsiú san Aire.

[EN]

Talamh a dílseofar san Aire a dhiúscairt.

9.—(1) Féadfaidh an tAire aon talamh a dílseofar ann le halt 4 den Acht seo a dhíol, a ligean ar léas nó a dhiúscairt ar shlí eile.

[EN]

(2) Aon airgead a gheobhas an tAire i leith talamh a dhiúscairt, pé acu trína dhíol, a ligean ar léas nó eile, íocfar isteach sa Stát-Chiste é nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

[EN]

Cuntais agus iniúchadh.

10.—(1) Coimeádfaidh an tAire na cuntais go léir is gnáth agus is cuí ar an airgead a gheobhas sé agus a chaithfeas sé faoin Acht seo.

[EN]

(2) Cuirfidh an tAire na cuntais faoi bhráid an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh agus bhéarfaidh an tAire go ndéanfar cóipeanna de na cuntais ar iad a bheith iniúchta amhlaidh, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste orthu, a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

Comhairleoirí teicniúla a cheapadh.

11.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais. comhairleoirí teicniúla a cheapadh chun é a chomhairliú maidir le híoc deontas faoi alt 3 den Acht seo agus féadfar pé táillí nó luach saothair eile a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc leis na comhairleoirí sin as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh aon chomhairleoir teicniúil aon eolas a gheobhas sé i gcomhlíonadh a dhualgas mar chomhairleoir den tsórt sin a nochtadh ach amháin i gcúrsa tuarascála uaidh chun an Aire.

[EN]

(3) Aon duine a shárós fo-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

[EN]

Rátaí a mhaitheamh.

12.—(1) Baineann an t-alt seo le háitreabh a dheimhneos an tAire, tar éis dul in éag don Phríomh-Acht, a bheith arna sholáthar do ghnóthas tionscail i límistéir neamhfhorbartha, ag an mBord nó trí dheontas arna thabhairt ag an mBord faoin bPríomh-Acht nó ag an Aire faoin Acht seo.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás áitiúil, más oiriúnach leo, dhá dtrian ráta is intobhaigh acu i leith áitribh lena mbaineann an t-alt seo a mhaitheamh.

[EN]

(3) Faoi réir fo-ailt (4) den alt seo, beidh éifeacht ag an maitheamh i leith na bliana airgeadais áitiúla díreach i ndiaidh na bliana airgeadais áitiúla ina ndearnadh soláthar an áitribh le haghaidh an ghnóthais thionscail a chríochnú agus i leith gach bliana de na naoi mbliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.

[EN]

(4) Má dheimhníonn an tAire, in aon bhliain airgeadais áitiúil nár chomhlíon an gnóthas na téarmaí ar ar soláthraíodh an t-áitreabh, ní bheidh éifeacht ag an maitheamh i leith na bliana airgeadais áitiúla sin.

[EN]

(5) Ní deonfar maitheamh níos mó ná uair amháin i leith aon áitribh áirithe.

[EN]

(6) I gcás gan luacháil ar leithligh, faoi na hAchta Luachála, a bheith déanta ar áitreabh, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón Aire, an méid is cuí leis de luacháil inrátuithe na maoine ar cuid di an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh.

[EN]

(7) Is feidhmeanna forcoimeádta chun críocha na nAcht um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, na cumhachta a bheirtear d'údarás áitiúil leis an alt seo.

[EN]

Tuilleadh forál maidir le rátaí a mhaitheamh.

13.—Má rinne údarás áitiúil, roimh dháta an Achta seo a rith, nó má dhéanaid dá éis sin, rátaí a mhaitheamh faoi alt 9 den Phríomh-Acht i gcás áitribh ar dheimhnigh an Bord gur soláth raíodh é le haghaidh gnóthais thionscail i límistéir neamhfhorbartha, ansin, más rud é go ndeimhneoidh an tAire, sa chuid den bhliain airgeadais áitiúil a bheas gan chaitheamh ar dhul in éag don Phríomh-Acht nó in aon bhliain airgeadais áitiuil dá éis sin (is bliain airgeadais áitiúil ina bhféadfadh éifeacht a bheith ag an maitheamh sin), nár chomhlíon an gnóthas na téarmaí ar ar soláthraíodh an t-áitreabh, ní bheidh éifeacht ag an maitheamh i leith na bliana airgeadais áitiúla sin.

[EN]

Alt 9 den Phríomh-Acht a leasú.

14.—I gcás aon mhaitheamh rátaí a bhéarfar faoi alt 9 den Phríomh-Acht tar éis dáta an Achta seo a rith, beidh éifeacht ag an alt sin amhail is dá gcuirtí an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (3):

[EN]

“(3) Faoi réir fo-ailt (4) den alt seo, beidh éifeacht ag an maitheamh i leith na bliana airgeadais áitiúla díreach i ndiaidh na bliana airgeadais áitiúla ina ndearnadh soláthar an áitribh le haghaidh an ghnóthais thionscail a chríochnú agus i leith gach bliana de na naoi mbliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.”

[EN]

Alt 12 den Phríomh-Acht a leasú.

15.—Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht trí “cheithre mhilliún punt” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “dhá mhilliún punt”.

[EN]

Athghairm.

16.—Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 7 den Phríomh-Acht.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

17.—(1) Féadfar an tAcht um Límistéirí Neamhfhorbartha (Leasú), 1957, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta um Límistéirí Neamhfhorbartha, 1952 agus 1957, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

[GA]

harp.jpg


Number 23 of 1957.


[GA]

UNDEVELOPED AREAS (AMENDMENT) ACT, 1957.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Interpretation.

2.

Duration of Principal Act.

3.

Grants by the Minister after expiry of Principal Act.

4.

Transfer of property.

5.

Transfer of liabilities.

6.

Preservation of continuing contracts.

7.

Continuance of pending legal proceedings.

8.

Exemption from stamp duty.

9.

Disposal of land vested in the Minister.

10.

Accounts and audit.

11.

Appointment of technical advisers.

12.

Remission of rates.

13.

Further provisions in relation to remission of rates.

14.

Amendment of section 9 of Principal Act.

15.

Amendment of section 12 of Principal Act.

16.

Repeal.

17.

Short title and collective citation.


Act Referred to

Undeveloped Areas Act, 1952

No. 1 of 1952

harp.jpg


Number 23 of 1957.


UNDEVELOPED AREAS (AMENDMENT) ACT, 1957.


AN ACT TO EXTEND THE DURATION OF, AND TO AMEND, THE UNDEVELOPED AREAS ACT, 1952. [12th December, 1957.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Interpretation.

1.—(1) In this Act—

[GA]

the Principal Act” means the Undeveloped Areas Act, 1952 (No. 1 of 1952);

[GA]

the transfer date” means the 1st day of January, 1964.

[GA]

(2) Every word and expression used in this Act to which a particular meaning is assigned by the Principal Act shall, in this Act, have that meaning.

[GA]

Duration of Principal Act.

2.—The Principal Act shall, notwithstanding section 1 of that Act, continue in operation until the 31st day of December, 1963.

[GA]

Grants by the Minister after expiry of Principal Act.

3.—(1) Where a grant which the Board have decided to make under the Principal Act remains unpaid in whole or in part on the expiry of the Principal Act, the Minister shall make the grant or the unpaid part thereof on the terms which were determined by the Board.

[GA]

(2) Grants under this section shall be made out of moneys provided by the Oireachtas.

[GA]

(3) The total of the grants made by the Board under the Principal Act and by the Minister under this Act shall not exceed four million pounds.

[GA]

Transfer of property.

4.—(1) Subject to the provisions of this section all property whether real or personal (including choses-in-action) which immediately before the transfer date is vested in, or belongs to or is held in trust for the Board and all rights, powers and privileges relating to or connected with any such property shall, on the transfer date and without any conveyance or assignment but subject where necessary to transfer in the books of any bank, corporation or company or authority, become and be vested in or the property of or held in trust for (as the case may require) the Minister for all the estate, trust or interest for which the same immediately before the transfer date was vested in or belonged to or was held in trust for the Board.

[GA]

(2) All property transferred by this section which, immediately before the transfer date is standing in the books of any bank or is registered in the books of any bank, corporation, company or authority shall, upon the request of the Minister made on or after the transfer date be transferred in such books by such bank, corporation, company or authority into the name of the Minister.

[GA]

(3) On and after the transfer date every chose-in-action transferred by this section to the Minister may be sued upon, recovered or enforced by the Minister in his own name and it shall not be necessary for the Minister to give notice to the person bound by such chose-in-action of the transfer effected by this section.

[GA]

Transfer of liabilities.

5.—Every debt and other liability (including unliquidated liabilities arising from torts or breaches of contract) which immediately before the transfer date is owing and unpaid or has been incurred and is undischarged by the Board shall, on the transfer date, become and be the debt or liability of the Minister and shall be paid or discharged by and may be recovered from or enforced against the Minister accordingly.

[GA]

Preservation of continuing contracts.

6.—Every bond, guarantee, mortgage or other security of a continuing nature made or given by the Board to any person, or by any person to the Board, and in force immediately before the transfer date, and every contract or agreement in writing made between the Board and another person and not fully executed and completed before the transfer date shall, notwithstanding the expiry of the Principal Act, continue in force on and after the transfer date but shall be construed and have effect as if the name of the Minister were substituted therein for the name of the Board, and such security, contract or agreement shall be enforceable by or against the Minister accordingly.

[GA]

Continuance of pending legal proceedings.

7.—In every action, suit or proceedings which is pending on the transfer date in any court or tribunal and to which the Board is a party, the Minister shall on the transfer date become and be a party in the place of the Board and such proceedings shall be continued between the Minister and the other parties thereto accordingly and no such proceedings shall abate or be discontinued or prejudicially affected by reason of the expiry of the Principal Act.

[GA]

Exemption from stamp duty.

8.—Section 12 of the Finance Act, 1895, shall not apply to the vesting in the Minister of the property of the Board.

[GA]

Disposal of land vested in the Minister.

9.—(1) The Minister may sell, lease or otherwise dispose of any land vested in him by section 4 of this Act.

[GA]

(2) Any moneys received by the Minister in respect of the disposal of land, whether by sale, lease or otherwise, shall be paid into or disposed of for the benefit of the Exchequer in such manner as the Minister for Finance may direct.

[GA]

Accounts and audit.

10.—(1) The Minister shall keep all proper and usual accounts of moneys received and expended by him under this Act.

[GA]

(2) The accounts shall be submitted annually by the Minister to the Comptroller and Auditor General for audit and the Minister shall cause copies of the accounts, when so audited, together with the report of the Comptroller and Auditor General thereon, to be laid before each House of the Oireachtas.

[GA]

Appointment of technical advisers.

11.—(1) The Minister, with the consent of the Minister for Finance, may appoint technical advisers to advise him in connection with the payment of grants under section 3 of this Act and such advisers may be paid out of moneys provided by the Oireachtas such fees or other remuneration as the Minister, with the consent of the Minister for Finance, determines.

[GA]

(2) A technical adviser shall not disclose any information obtained by him in performing his duties as such adviser except in the course of a report made by him to the Minister.

[GA]

(3) A person who contravenes subsection (2) of this section shall be guilty of an offence and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding fifty pounds.

[GA]

Remission of rates.

12.—(1) This section applies to premises certified by the Minister after the expiry of the Principal Act to have been provided for an industrial undertaking in an undeveloped area either by the Board or by means of a grant made by the Board under the Principal Act or by the Minister under this Act.

[GA]

(2) A local authority may, if they think fit, remit two-thirds of a rate leviable by them in respect of premises to which this section applies.

[GA]

(3) The remission shall, subject to subsection (4) of this section, have effect in respect of the local financial year next following that in which the provision of the premises for the industrial undertaking was completed and in respect of each of the next nine local financial years.

[GA]

(4) If, in any local financial year, the Minister certifies that the undertaking has failed to observe the terms upon which the premises were provided, the remission shall not have effect in respect of that local financial year.

[GA]

(5) A remission shall not be granted more than once in respect of the same premises.

[GA]

(6) Where premises are not separately valued under the Valuation Acts, the Commissioner of Valuation may, on the application of the Minister, apportion to the premises such part as he thinks proper of the rateable valuation of the property in which the premises are comprised.

[GA]

(7) The powers conferred on a local authority by this section shall be reserved functions for the purposes of the County Management Acts, 1940 to 1955.

[GA]

Further provisions in relation to remission of rates.

13.—Where, either before or after the passing of this Act, a remission of rates was or is granted under section 9 of the Principal Act by a local authority in respect of premises certified by the Board to have been provided for an industrial undertaking in an undeveloped area, then, if, in the portion of the local financial year which is unexpired at the expiry of the Principal Act or in any subsequent local financial year (being a local financial year in which such remission is capable of having effect), the Minister certifies that the undertaking has failed to observe the terms upon which the premises were provided, the remission shall not have effect in respect of that local financial year.

[GA]

Amendment of section 9 of Principal Act.

14.—Section 9 of the Principal Act shall, with respect to any remission of rates granted under that section after the passing of this Act, have effect as if the following subsection were substituted for subsection (3):

[GA]

“(3) The remission shall, subject to subsection (4) of this section, have effect in respect of the local financial year next following that in which the provision of the premises for the industrial undertaking was completed and in respect of each of the next nine local financial years.”

[GA]

Amendment of section 12 of Principal Act.

15.—Section 12 of the Principal Act is hereby amended by the substitution in subsection (2) of “four million pounds” for “two million pounds”.

[GA]

Repeal.

16.—Subsection (3) of section 7 of the Principal Act is hereby repealed.

[GA]

Short title and collective citation.

17.—(1) This Act may be cited as the Undeveloped Areas (Amendment) Act, 1957.

[GA]

(2) The Principal Act and this Act may be cited together as the Undeveloped Areas Acts, 1952 and 1957.