As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 24 de 1938.


[EN]

ACHT TEAGHLACHAS AN UACHTARÁIN, 1938.


ACHT CHUN NA SOCHAR AGUS NA nALLÚNTAS DO GHEOBHAIDH AN tUACHTARÁN FÉ AIRTEAGAL 12 DEN BHUNREACHT DO SHOLÁTHAR, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN PINSIN DO DHEONADH DO DHAOINE DO BHÍ I SEILBH OIFIGE MAR UACHTARÁN AGUS DO BHAINTREACHA DAOINE DEN tSÓRT SAN, CHUN PUIST AN RÚNAÍ DON UACHTARÁN DO BHUNÚ AMHAIL Ó THEACHT I nGNÍOMH DON BHUNREACHT, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LE TEAGHLACHAS AN UACHTARÁIN AGUS LE hOIFIG AN RÚNAÍ DON UACHTARÁN.

[28adh Iúl, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Na sochair agus na hallúntais is ionfhálta ag an Uachtarán.

1.—(1) Na sochair agus na hallúntais do gheobhaidh an tUachtarán do bhun ailt 11 d'Airteagal 12 den Bhunreacht is do réir deich míle punt sa bhliain a bheid agus is cúig mhíle punt de sin is luach saothair pearsanta an Uachtaráin.

[EN]

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc na sochar agus na n-allúntas a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus is ina dtráthchoda ráithiúla có-ionanna no sna híocaíochtaí tréimhsiúla eile sin a chinnfidh an tAire Airgeadais o am go ham le toiliú an Uachtaráin a híocfar iad.

[EN]

Stát-arús agus teaghlachas do chur ar fáil don Uachtarán.

2.—I dteanta na sochar agus na n-allúntas do gheobhaidh an tUachtarán do bhun ailt 11 d'Airteagal 12 den Bhunreacht beidh sé dleathach don Aire Airgeadais stát-árus do chur ar fáil agus do chothabháil don Uachtarán, agus costaisí oifig-theaghlachas an rúnaí don Uachtarán d'íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, agus na saoráidí agus na seirbhísí sin agus na nithe eile sin, a chinnfidh an tAire sin o am go ham do bheith riachtanach no ceart, do chur ar fáil don Uachtarán as airgead a soláthrófar amhlaidh.

[EN]

Pinsin do dheonadh d'eas-Uachtaráin.

3—(1) Deonfaidh an Riaghaltas pinsean do réir dhá chéad déag punt sa bhliain do gach duine scuirfidh, tar éis é bheith i seilbh oifige an Uachtaráin, de bheith i seilbh na hoifige sin toise réasúin ar bith seachas a éag no a chur as oifig fé alt 10 d'Airteagal 12 den Bhunreacht.

[EN]

(2) Duine dá ndeonfar pinsean fén alt so ní deonfar pinsean eile dhó fén alt so i dtaobh aon tseirbhíse ina dhiaidh sin in oifig an Uachtaráin.

[EN]

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear gach pinsin a deonfar do dhuine fén alt so agus beidh an pinsean san iníoctha as an gcéanna leis an duine sin le n-a shaol o dháta an scurtha d'oifig gur ina thaobh a deonfar an pinsean san.

[EN]

Pinsin do dheonadh do bhaintreacha eas-Uachtarán.

4.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo deonfaidh an Riaghaltas pinsean do réir chúig chéad punt sa bhliain do bhaintrigh aon duine—

[EN]

(a) d'éag agus é i seilbh oifige an Uachtaráin, no

[EN]

(b) d'éag agus é ag fáil pinsin do deonadh fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so, no

[EN]

(c) do bhí, díreach roimh éag dó, i dteideal pinsean fén alt deiridh sin roimhe seo do dheonadh dhó ach ná raibh an pinsean san deonta dhó.

[EN]

(2) Ní deonfar aon phinsean fén alt so do dhuine do phós arís tar éis éaga an fhir chéile gur i dtaobh é éag d'fhéadfaí (mara mbeadh an fo-alt so) an pinsean san do dheonadh.

[EN]

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear gach pinsin a deonfar do dhuine fén alt so agus beidh an pinsean san iníoctha as an gcéanna leis an duine sin o dháta éaga a fir chéile go dtí go bpósfa sí arís, má phósann sí arís, no go dtí go n-éagfa sí, mara bpósaidh sí arís.

[EN]

Forálacha generálta i dtaobh pinsean a deonfar fén Acht so.

5.—(1) Tuigfear gach pinsean a deonfar fén Acht so d'fhás o lá go lá, ach íocfar é leis an duine dá ndeonfar é no le hionadaí pearsanta an duine sin i ndiaidh láimhe ina thráthchoda ráithiúla có-ionanna no sna tráthchoda tréimhsiúla eile sin a chinnfidh an tAire Airgeadais o am go ham.

[EN]

(2) Má thagann duine dá mbeidh pinsean deonta fén Acht so chun bheith ina chomhalta den Oireachtas déanfar, d'ainneoin éinní contrárdha dhó san a bheidh in aon Acht eile, méid an phinsin sin do laigheadú, faid a leanfaidh an duine sin de bheith ina chomhalta den Oireachtas, méid aon allúntais chun a mbeidh teideal ag an duine sin fé údarás reachtúil de bhuadh an chomhaltais sin.

[EN]

(3) Má bhíonn duine dá mbeidh pinsean deonta fén Acht so ag fáil aon luach saothair, pinsin, sochair, no allúntais is iníoctha as cistí puiblí no as cistí údaráis áitiúil, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) pé uair agus faid a bheidh an méid iomlán is iníoctha leis an duine sin as na cistí sin có-ionann le méid no níos mó ná méid an phinsin a bheidh deonta don duine sin fén Acht so, ní bheidh an pinsean san iníoctha;

[EN]

(b) pé uair agus faid a bheidh an méid iomlán roimhráite níos lugha ná méid an phinsin sin a bheidh deonta fén Acht so ní bheidh iníoctha den phinsean san ach an oiread agus a bheidh, i dteanta an mhéide iomláin sin, có-ionann le lán-mhéid an phinsin sin.

[EN]

(4) Beidh sé dleathach don Riaghaltas a dhearbhú, le hordú, go dtuigfear aon chiste no airgead áirithe do bheith ina chiste phuiblí chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, agus pé uair a déanfar aon dearbhú den tsórt san amhlaidh déanfar an abairt “cistí puiblí” do léiriú agus beidh éifeacht aici, sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, mar abairt a fholuíonn an ciste no an t-airgead le n-a mbainfidh an dearbhú san.

[EN]

An rúnaí don Uachtarán.

6.—(1) Bunuítear leis seo, amhail o theacht i ngníomh don Bhunreacht, post an rúnaí don Uachtarán agus beidh an post san ina bhuan-phost i stát-sheirbhís an Stáit agus beidh na dualgaisí agus na feidhmeanna san, maidir leis an Uachtarán agus leis na Coimisiúin a bunuítear le hAirteagail 57 agus 14 fé seach den Bhunreacht, ag gabháil leis ordóidh an Riaghaltas o am go ham.

[EN]

(2) Ní thabharfaidh an Riaghaltas aon ordú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so uatha, faid a bheidh Uachtarán toghtha in oifig, gan dul i gcomhairle leis an Uachtarán san.

[EN]

(3) Isé an Riaghaltas a dhéanfaidh gach ceapachán ag ceapadh duine chun puist an rúnaí don Uachtarán ach ní déanfar aon cheapachán den tsórt san, faid a bheidh Uachtarán toghtha in oifig, gan dul i gcomhairle leis an Uachtarán san.

[EN]

(4) Beidh gach rúnaí don Uachtarán i seilbh a oifige ar na téarmaí agus na coinníollacha san agus gheobhaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, an luach saothair sin ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham.

[EN]

(5) Beidh sé ar cheann de dhualgaisí an rúnaí don Uachtarán é do ghníomhú mar chléireach don Chomhairle Stáit.

[EN]

(6) Gach ceapachán do rinne an Riaghaltas, roimh an Acht so do rith, ag ceapadh duine chun oifige an rúnaí don Uachtarán, tuigfear gur fén alt so do rinneadh é agus beidh éifeacht aige, agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige, dá réir sin, agus beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (4) agus (5) den alt so, agus tuigfear go raibh éifeacht riamh acu, maidir le gach duine do ceapadh amhlaidh.

[EN]

An fhuireann in oifig an rúnaí don Uachtarán.

7.—(1) Beidh ag gabháil le hoifig an rúnaí don Uachtarán pé oifigigh agus daoine agus pé méid oifigeach agus daoine mheasfaidh an Taoiseach o am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, do bheith riachtanach.

[EN]

(2) Isé an Taoiseach, le haontú an Aire Airgeadais, a cheapfaidh gach oifigeach agus duine bheidh ag gabháil le hoifig an rúnaí don Uachtarán.

[EN]

(3) Gach oifigeach agus duine bheidh ag gabháil le hoifig an rúnaí don Uachtarán beidh sé i seilbh a phuist san oifig sin ar na téarmaí agus na coinníollacha san agus gheobhaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, an luach saothair sin ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham.

[EN]

(4) Beidh éifeacht ag an alt so, agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige, amhail o theacht i ngníomh don Bhunreacht.

[EN]

Feidhm Achtanna Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926.

8.—Bainfidh Achtanna Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, agus gach Acht le n-a leathnuítear no le n-a leasuítear na hAchtanna san, agus tuigfear gur bhaineadar riamh, le gach post chun ar ceapadh no chun a gceapfar duine ar bith fén Acht so (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) seachas aon phost den tsórt san a bheidh luaidhte de thurus na huaire sa Sceideal a ghabhann le hAcht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 (Uimh. 5 de 1924), ar n-a oiriúnú de dhruim an Bhunreachta d'achtú.

[EN]

Gearr-theideal.

9.—Féadfar Acht Teaghlachas an Uachtaráin, 1938, do ghairm den Acht so.

[GA]

harp.jpg


Number 24 of 1938.


[GA]

PRESIDENTIAL ESTABLISHMENT ACT, 1938.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Emoluments and allowances receivable by the President.

2.

Provision of an official residence and establishment for the President.

3.

Grant of pensions to ex-Presidents.

4.

Grant of pensions to widows of ex-Presidents.

5.

General provisions in respect of pensions granted under this Act.

6.

The secretary to the President.

7.

The staff in the office of the secretary to the President.

8.

Application of the Civil Service Regulation Acts, 1924 and 1926.

9.

Short title.


Act Referred to

Civil Service Regulation Act, 1924

No. 5 of 1924

harp.jpg


Number 24 of 1938.


PRESIDENTIAL ESTABLISHMENT ACT, 1938.


AN ACT TO PROVIDE THE EMOLUMENTS AND ALLOWANCES TO BE RECEIVED BY THE PRESIDENT UNDER ARTICLE 12 OF THE CONSTITUTION, TO MAKE PROVISION FOR THE GRANTING OF PENSIONS TO PERSONS WHO HAVE HELD THE OFFICE OF PRESIDENT AND TO WIDOWS OF SUCH PERSONS, TO CREATE, AS FROM THE COMING INTO OPERATION OF THE CONSTITUTION, THE POST OF SECRETARY TO THE PRESIDENT, AND TO MAKE PROVISION FOR OTHER MATTERS CONNECTED WITH THE ESTABLISHMENT OF THE PRESIDENT AND THE OFFICE OF THE SECRETARY TO THE PRESIDENT. [28th July, 1938.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Emoluments and allowances receivable by the President.

1.—(1) The emoluments and allowances to be received by the President in pursuance of section 11 of Article 12 of the Constitution shall be at the rate of ten thousand pounds per annum, whereof five thousand pounds shall be the personal remuneration of the President.

[GA]

(2) The emoluments and allowances mentioned in the foregoing sub-section of this section shall be charged upon and payable out of the Central Fund or the growing produce thereof and shall be paid by equal quarterly instalments or by such other periodical payments as the Minister for Finance shall, with the consent of the President, from time to time determine.

[GA]

Provision of an official residence and establishment for the President.

2.—In addition to the emoluments and allowances to be received by the President in pursuance of section 11 of Article 12 of the Constitution, it shall be lawful for the Minister for Finance, out of moneys provided by the Oireachtas, to provide and maintain for the President an official residence, to defray the expenses of the office establishment of the secretary to the President, and to provide for the President such facilities and services, and such other things, as the said Minister shall from time to time determine to be necessary or proper.

[GA]

Grant of pensions to ex-Presidents.

3.—(1) A pension at the rate of twelve hundred pounds per annum shall be granted by the Government to every person who, having held the office of President, ceases to hold that office for any reason other than death or removal from office under section 10 of Article 12 of the Constitution.

[GA]

(2) A person to whom a pension has been granted under this section shall not be granted another pension under this section on account of any subsequent service in the office of President.

[GA]

(3) Every pension granted to a person under this section shall be charged upon and payable out of the Central Fund or the growing produce thereof to the said person during his life from the date of the cesser of office on account of which such pension is granted.

[GA]

Grant of pensions to widows of ex-Presidents.

4.—(1) Subject to the provisions of this section, a pension at the rate of five hundred pounds per annum shall be granted by the Government to the widow of any person who—

[GA]

(a) died while holding the office of President, or

[GA]

(b) died while in receipt of a pension granted under the next preceding section of this Act, or

[GA]

(c) was, immediately before his death, entitled to be granted but was not actually granted a pension under the said next preceding section.

[GA]

(2) No pension shall be granted under this section to a person who has re-married after the death of the husband in respect of whose death such pension could (but for this sub-section) be granted.

[GA]

(3) Every pension granted to a person under this section shall be charged upon and payable out of the Central Fund or the growing produce thereof to the said person from the date of death of her husband, until, in case she re-marries, such re-marriage or, in case she does not re-marry, her death.

[GA]

General provisions in respect of pensions granted under this Act.

5.—(1) Every pension granted under this Act shall be deemed to accrue from day to day, but shall be paid to the person to whom it is granted or such person's personal representative in arrear by equal quarterly instalments or by such other periodical instalments as the Minister for Finance shall from time to time determine.

[GA]

(2) Where a person to whom a pension has been granted under this Act becomes a member of the Oireachtas, the amount of such pension shall, notwithstanding anything to the contrary contained in any other Act, be reduced, so long as such person continues to be a member of the Oireachtas, by the amount of any allowance to which such person may be entitled under statutory authority by virtue of such membership.

[GA]

(3) Where a person to whom a pension has been granted under this Act is in receipt of any remuneration, pension, emolument, or allowance payable out of public funds or the funds of a local authority, the following provisions shall have effect, that is to say:—

[GA]

(a) whenever and so long as the total amount payable to such person out of the said funds is equal to or exceeds the pension granted to such person under this Act, that pension shall not be payable;

[GA]

(b) whenever and so long as the total amount aforesaid is less than the said pension granted under this Act, so much only of the said pension shall be payable as will, together with the said total amount, be equal to the full amount of the said pension.

[GA]

(4) It shall be lawful for the Government to declare by order that any particular fund or money shall be deemed to be a public fund for the purposes of the next preceding sub-section of this section, and whenever any such declaration is so made the expression “public funds” shall, in the said next preceding sub-section, be construed and have effect as including the fund or money to which such declaration relates.

[GA]

The secretary to the President.

6.—(1) There is hereby created, as from the coming into operation of the Constitution, the post of secretary to the President which shall be a permanent post in the civil service of the State and shall have attached to it such duties and functions in relation to the President and to the Commissions respectively constituted by Articles 57 and 14 of the Constitution as the Government shall from time to time direct.

[GA]

(2) No such direction as is mentioned in the foregoing sub-section of this section shall be given by the Government while there is an elected President in office without consultation with such President.

[GA]

(3) Every appointment of a person to the post of secretary to the President shall be made by the Government, but no such appointment shall be made while there is an elected President in office without consultation with such President.

[GA]

(4) Every secretary to the President shall hold his office on such terms and conditions and shall receive, out of moneys provided by the Oireachtas, such remuneration as the Minister for Finance shall from time to time direct.

[GA]

(5) The duties of the secretary to the President shall include the duty of acting as clerk to the Council of State.

[GA]

(6) Every appointment of a person to the office of secretary to the President which was made by the Government before the passing of this Act shall be deemed to have been made under this section and shall have, and be deemed always to have had, effect accordingly, and sub-sections (4) and (5) of this section shall apply and have effect and be deemed always to have had effect in relation to every person so appointed.

[GA]

The staff in the office of the secretary to the President.

7.—(1) There shall be attached to the office of the secretary to the President such and so many officers and persons as the Taoiseach shall from time to time, with the consent of the Minister for Finance, consider to be necessary.

[GA]

(2) Every officer and person attached to the office of the secretary to the President shall be appointed by the Taoiseach with the concurrence of the Minister for Finance.

[GA]

(3) Every officer and person attached to the office of the secretary to the President shall hold his post in that office on such terms and conditions and shall receive, out of moneys provided by the Oireachtas, such remuneration as the Minister for Finance shall from time to time direct.

[GA]

(4) This section shall have, and be deemed always to have had, effect as from the coming into operation of the Constitution.

[GA]

Application of the Civil Service Regulation Acts, 1924 and 1926.

8.—The Civil Service Regulation Acts, 1924 and 1926, and every Act extending or amending those Acts shall apply and be deemed always to have applied to every situation to which any person was or is appointed under this Act (whether before or after the passing of this Act) other than any such situation which is for the time being comprised in the Schedule to the Civil Service Regulation Act, 1924 (No. 5 of 1924), as adapted in consequence of the enactment of the Constitution.

[GA]

Short title.

9.—This Act may be cited as the Presidential Establishment Act, 1938.