As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 25 de 1960.


[EN]

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEATHNÚ AGUS DO LEASÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1958, AGUS ACHTANNA NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1908 GO 1959. [26 Iúil, 1960.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1952, Uimh. 11.

1956, I.R. Uimh. 236.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1958;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

[EN]

ciallaíonn “Rialacháin 1956” na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Arachas), 1956.

[EN]

(2) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin lena n-áirítear an tAcht seo.

[EN]

Leathnú ar alt 3 den Phríomh-Acht (forálacha ginearálta maidir le rialacháin).

2.—Forléireofar alt 3 (seachas fo-alt (4) de) den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige—

[EN]

(a) ionann agus dá bhfolaíodh na tagairtí atá ann do chumhacht chun rialacháin a dhéanamh tagairtí d'aon chumhacht chun rialacháin a dhéanamh faoin Acht seo, agus

[EN]

(b) ionann agus dá bhfolaíodh na tagairtí atá ann do rialacháin tagairtí d'aon rialacháin faoin Acht seo.

[EN]

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht (ranníocaí i gcoitinne).

3.—Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) de:

[EN]

“(2) Is ranníocaí seachtainiúla na ranníocaí saorálacha agus beidh siad le n-íoc ag ranníocóirí saorálacha atá faoi aois inphinsin, de réir—

[EN]

(a) i gcás ina raibh siad, díreach sular scoir siad de bheith ina ranníocóirí fostaithe, árachaithe faoin Acht seo chun críocha pinsin (ranníocach) bhaintrí agus liúntais (ranníocach) dhílleachta agus chuige sin amháin gan aon sochar eile a áireamh, dhá scilling agus sé phingin in aghaidh seachtaine ranníoca, agus

[EN]

(b) i gcás ina raibh siad, díreach sular scoir siad de bheith ina ranníocóirí fostaithe, árachaithe faoin Acht seo chun críocha pinsin (ranníocach) bhaintrí agus liúntais (ranníocach) dhílleachta agus sochar eile, ceithre scilling agus naoi bpingin in aghaidh seachtaine ranníoca,

[EN]

i gcás fear-ranníocóirí saorálacha agus i gcás ban-ranníocóirí saorálacha.”

[EN]

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht (suimeanna a íocadh de dhearmad mar ranníocaí a aischur).

4.—Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht trí “agus oiread d'aon ranníoc a d'íoc ranníocóir fostaithe nó ranníocóir saorálach a chuaigh faoi árachas tar éis dó seasca bliain d'aois a shlánú agus a chinnfear de réir na rialachán a bheith íoctha leith pinsin (ranníocach) shean-aoise” a chur isteach i ndiaidh “mar ranníoca.”

[EN]

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht (cineálacha agus rátaí sochair agus coinníollacha ranníoca).

5.—Leasaítear leis seo alt 14 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndeireadh fho-alt (1) de:

[EN]

“(g) pinsean (ranníocach) sean-aoise (lena n-áirítear sochar faoi fho-alt (3) d'alt 26 den Acht seo).”

[EN]

Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht (pinsean (ranníocach) baintrí).

6.—Faoi réir fhorálacha na nAchtanna, beidh pinsean (ranníocach) baintrí (lena n-áirítear aon mhéadú air) iníoctha tar éis don bhaintreach aois inphinsin a shlánú, agus, dá réir sin, leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht trí “ná tar éis di aois inphinsin a shlánú” a scriosadh as fo-alt (2) de.

[EN]

Pinsean (ranníocach) sean-aoise.

7.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 25 den Phríomh-Acht:

[EN]

Pinsean (Ranníocach) Sean-Aoise.

[EN]

25A. Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh teideal ag duine chun pinsin (ranníocach) shean-aoise má bhíonn aois inphinsin slán aige agus má chomhlíonann sé na coinníollacha ranníoca iomchuí.”

[EN]

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht (méadú ar shochar i leith cleithiúnaithe aosaithe).

8.—Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

[EN]

“(2) Méadófar an ráta seachtainiúil pinsin (ranníocach) shean-aoise an méid atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i rith aon tréimhse—

[EN]

(a) a bheidh an tairbhí ina chónaí lena bhanchéile nó á cothabháil ar fad nó go formhór, nó

[EN]

(b) a bheidh an tairbhí ag cothabháil a fearchéile ar fad nó go formhór agus gan é ábalta ar é féin a chothabháil de dheasca easláine éigin coirp nó meabhrach,

[EN]

agus nach tréimhse í a bheidh céile an tairbhí ag fáil phinsin (ranníocach) shean-aoise.

[EN]

(3) (a) Faoi réir fhorálacha na nAchtanna agus na bhforálacha ina dhiaidh seo den fho-alt seo, ar dhuine d'fháil bháis a raibh pinsean (ranníocach) seanaoise iníoctha leis de réir ráta sheachtainiúil mhéadaithe de bhua an ailt seo in aghaidh tréimhse dar críoch dáta an bháis sin, beidh teideal ag an mbanchéile nó ag an bhfearchéile, de réir mar a bheidh, chun sochair a mbeidh a ráta seachtainiúil comhionann le méid an mhéadaithe ar ráta seachtainiúil an phinsin (ranníocach) shean-aoise réamhráite.

[EN]

(b) Ní bheidh sochar faoin bhfo-alt seo iníoctha in aghaidh tréimhse ar bith tar éis athphósadh don duine lenarbh iníoctha é.

[EN]

(c) Beidh duine dícháilithe chun sochar a fháil faoin bhfo-alt seo má bhíonn agus an fad a bheidh an duine sin agus aon duine eile ina gcónaí le chéile mar dhaoine pósta.

[EN]

(d) I gcás ina mbeadh, mura mbeadh forálacha na míre seo, sochar faoin bhfo-alt seo agus pinsean (neamhranníocach) baintrí faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1959, nó pinsean (ranníocach) baintrí nó pinsean (ranníocach) sean-aoise iníoctha le duine in aghaidh aon tréimhse—

[EN]

(i) ní bheidh sochar faoin bhfo-alt seo iníoctha in aghaidh na tréimhse sin mura mbeidh a ráta comhionann le ráta an phinsin nó níos mó ná é, agus

[EN]

(ii) ní bheidh an pinsean iníoctha in aghaidh na tréimhse sin mura mó ráta an phinsin ná ráta an tsochair faoin bhfo-alt seo.”

[EN]

Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht (méadú ar shochar i leith linbh cháilithe amháin nó gach duine de bheirt leanaí cáilithe).

9.—Leasaítear leis seo alt 27 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) trí “agus ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanaí den sórt sin a bheith ann, an méid atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach linbh den sórt sin de bhreis ar bheirt,” a chur isteach i ndiaidh “leis na tairbhí” i bhfo-alt (1) de, agus

[EN]

(b) trí “agus ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanaí den sórt sin a bheith ann, an méid atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach linbh de bhreis ar bheirt” a chur isteach i ndeireadh fho-alt (2 (ach ní i mír (b)) de.

[EN]

Páirtchomhlíonadh ar choinníollacha ranníoca i leith pinsin (ranníocach) shean-aoise.

10.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 28 den Príomh-Acht:

[EN]

“28A. (1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfar a fhoráil le rialacháin a dhéanfar le ceadú an Aire Airgeadais go mbeidh teideal chun pinsin (ranníocach) shean-aoise ag daoine a mbeadh an teideal sin acu mura mbeadh nach bhfuil na coinníollacha ranníoca iomchuí comhlíonta maidir le meán-mhéid na ranníoc a íocadh nó a creidiúnaíodh sa bhliain ranníoca.

[EN]

(2) Forálfar le rialacháin chun críocha an ailt seo go mbeidh pinsean (ranníocach) sean-aoise is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus féadfaidh an ráta a shonrófar leis na rialacháin athrú de réir an méid a bheidh na coinníollacha ranníoca comhlíonta, ach is é an méadú sochair céanna a bheidh iníoctha faoi fho-alt (2) d'alt 26 den Acht seo ab iníoctha dá mbeadh na coinníollacha ranníoca iomchuí comhlíonta go hiomlán.”

[EN]

Leasú ar alt 37 den Phríomh-Acht (forálacha speisialta do ranníocóirí saorálacha).

11.—Leasaítear leis seo alt 37 den Phríomh-Acht trí “agus, más de réir an ráta a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 6 den Acht seo a d'íoc sé aon ranníocaí saorálacha a d'íoc sé, ní áireofar na ranníocaí sin nuair a bheifear á chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha ranníoca i leith pinsin (ranníocach) shean-aoise comhlíonta” a chur isteach i ndeireadh fho-alt (1) de.

[EN]

Leasú ar alt 47 den Phríomh-Acht (riaradh sochair).

12.—Leasaítear leis seo alt 47 den Phríomh-Acht trí “pinsean (ranníocach) sean-aoise,” a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (2) i ndiaidh “maidir le”.

[EN]

Forálacha idirlinne maidir le coinníollacha ranníoca.

1956, I.R. Uimh. 236.

13.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 66 den Phríomh-Acht:

[EN]

“66 A. (1) Aon ranníocaí a bheidh íoctha nó creidiúnaithe faoi na hAchta Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1960, nó a bheidh íoctha nó maite, nó a measfar a bheidh íoctha, nó a ndéileálfar leo amhail agus dá mbeidís íoctha, faoi na hAchta um Árachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952 (seachas ranníocaí a bheidh íoctha ag duine nó a bheidh íoctha ina leith in aghaidh tréimhse a bheidh nó a raibh an duine sin fostaithe go formhór i gceann amháin nó níos mó de na fostaíochtaí a shonraítear i bhfo-airteagal (1) d'Airteagal 5 de na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Árachas), 1956), áireofar iad ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a bheidh forordaithe le haghaidh comhlíonadh na gcoinníollacha ranníoca i leith pinsin (ranníocach) shean-aoise.

[EN]

(2) Féadfaidh foráil a bheith freisin i rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo go ndéanfar modhnuithe, i gcás daoine a bhí árachaithe faoi na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, nó a bhí as láthair ón Stát roimh thosach feidhme alt 13 den Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960, ar aon cheann de na coinníollacha ranníoca i leith pinsin (ranníocach) shean-aoise.

[EN]

(3) Beidh rialacháin faoin alt seo faoi réir a gceadaithe ag an Aire Airgeadais.”

[EN]

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (rátaí ranníoca fostaíochta).

1956, Uimh. 24.

14.—(1) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

[EN]

(i) trí “3A,” a chur isteach i ndiaidh “míreanna 2, 3” (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) i mír 1 de,

[EN]

(ii) trí “4s. 6d.” a chur in ionad “2s. 9d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1956) agus “3s. 5d.” a chur in ionad “1s. 8d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1956) i bhfo-mhír (a) den mhír sin 1,

[EN]

(iii) trí “4s. 6d.” a chur in ionad “2s. 9d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1956) agus “4s. 2d.” a chur in ionad “2s. 5d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1956) i bhfo-mhír (b) den mhír sin 1,

[EN]

(iv) trí “2s. 6d.” a chur in ionad “1s. 7d.” (a cuireadh isteach sa dá fho-mhír le hAcht 1956) i bhfomhíreanna (a) agus (b) de mhír 2 de,

[EN]

(v) trí “nó le seirbhís tís” a scriosadh as mír 3 de agus “1s. 9d.” a chur in ionad “11d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1956) i bhfo-alt (a) den mhír sin 3 agus “2s. 6d.” a chur in ionad “1s. 7d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1956) i bhfo-mhír (b) den mhír sin 3,

[EN]

(vi) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na míre sin 3:

[EN]

“3A. I gcás gur fostaíocht ban-ranníocóra fostaithe í an fhostaíocht, agus gur le seirbhís tís is mó atá sí fostaithe, beidh ranníocaí fostaíochta de réir ráta speisialta ann mar leanas:

(a) iníoctha ag an ranníocóir fostaithe:

2s. 6d.

(b) iníoctha ag an bhfostóir:

3s. 3d.”,

[EN]

(vii) trí “1s. 3d.” a chur in ionad “1s. 0d.” i bhfomhíreanna (a) agus (b) de mhír 4 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) de,

[EN]

(viii) trí “1s. 3d.” a chur in ionad “1s. 0d.” i bhfomhír (b) de mhír 5 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) de,

[EN]

(ix) trí “2s. 9d.” a chur in ionad “1s. 0d.” i bhfomhír 6 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) de,

[EN]

(x) trí “4s. 2d.” a chur in ionad “2s. 5d.” i bhfomhír (b) den mhír sin 6,

[EN]

(xi) trí “2s. 9d.” a chur in ionad “1s. 0d.” i bhfomhír (a) de mhír 7 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) de, agus

[EN]

(xii) trí “3s. 3d.” a chur in ionad “1s. 6d.” i bhfomhír (b) den mhír sin 7.

[EN]

(2) San alt seo ciallaíonn “Acht 1956” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1956.

[EN]

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (ráta nó méid an tsochair).

15.—Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach in ionad Chuid I de:

[EN]

“Cuid I.

[EN]

Rátaí sochar tréimhsiúla agus rátaí na méaduithe orthu.

An cineál sochair.

Ráta seachtainiúil.

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (má tá iníoctha).

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanaí cáilithe (má tá iníoctha).

Méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (mátá) iníoctha.

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

scilling.

scilling.

scilling.

scilling.

1. Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta:

(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois—

(i) d'fhear, bean singil nó baintreach, bean phósta atá ina cónaí ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháilóna fearchéile nó bean phósta a bhfuilteideal aici chun méadaithe i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile     ...

32½

20

10

5

(ii) d'aon bhean phósta eile     ...     ...

24½

--

--

--

(b) i gcás caoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois—

má tá teideal ag an duine chun méadaithe i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe     ...     ...     ...     ...     ...

32½

20

10

5

mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine     ...     ...     ...     ...     ...

24½

--

--

--

2. Liúntas Máithreachais     ...     ...     ...     ...

35

--

--

--

3. Pinsean (ranniocach) Baintrí:

má tá teideal ag an mbaintreach chun méadaithe i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe     ...     ...     ...     ...

35

--

10

5

mura bhfuil teideal den sórt sin ag an mbaintreach     ...     ...     ...     ...

32½

--

--

--

4. Liúntas (ranníocach) Dílleachta     ...     ...

20

--

--

--

5. Pinsean (ranníocach) Seanaoise     ...     ...

40

28½

--

--

[EN]

[EN]

Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (coinníollacha ranníoca).

16.—Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

[EN]

(a) trí “nó 3A” a chur isteach i mír 1 de i ndiaidh “faoi mhír 3”,

[EN]

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “am iomchuí” i mír 4 de: ciallaíonn “am iomchuí”—

[EN]

(i) an dáta a shlánaigh an fearchéile aois inphinsin nó a fuair sé bás faoin aois sin, nó

[EN]

(ii) má tá na coinníollacha á gcomhlíonadh ar thaifead árachais na baintrí—

[EN]

(I) dáta báis an fhearchéile, nó

[EN]

(II) má shlánaigh an bhaintreach aois inphinsin roimh an dáta a fuair an fearchéile bás, an dáta a shlánaigh an bhaintreach aois inphinsin,

[EN]

agus

[EN]

(c) tríd an mír bhreise seo a leanas a chur isteach ag a dheireadh:

[EN]

“6. Pinsean (ranníocach) sean-aoise.

[EN]

Is iad na coinníollacha ranníoca i leith pinsin (ranníocach) shean-aoise—

[EN]

(a) go dtáinig an t-éilitheoir faoi árachas sular shlánaigh sé seasca bliain d'aois,

[EN]

(b) céad, caoga agus sé ranníoc fostaíochta ar a laghad a bheith íoctha i leith an éilitheora ó thainig sé faoi árachas, agus

[EN]

(c) nach lú ná daichead a hocht sa bhliain ranníoca meán-uimhir na ranníoc a bheidh íoctha i leith an éilitheora nó creidiúnaithe dó in aghaidh na tréimhse dar tosach tús na bliana ranníoca a tháinig an t-éilitheoir faoi árachas agus dar críoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh an dáta a shlánaigh sé aois inphinsin,

[EN]

ach ní dhéanfar ranníocaí fostaíochta faoi mhíreanna 4 agus 5 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a íocadh i leith an éilitheora a áireamh nuair a bheifear á chinneadh, chun críocha na gcoinníollacha roimhe seo, cad í an uimhir ranníoc a íocadh i leith an éilitheora.”

[EN]

Foráil speisialta do ranníocóirí saorálacha láithreacha.

1911, c. 55.

17.—(1) Má bhíonn duine lena mbaineann an t-alt seo ina ranníocóir saorálach ag tosach feidhme an ailt seo, féadfaidh sé, d'ainneoin fhorálacha fho-alt (2) (a chuirtear isteach leis an Acht seo) d'alt 6 den Phríomh-Acht, a roghnú ar an modh forordaithe agus laistigh den tréimhse fhorordaithe ranníocaí saorálacha a íoc de réir an ráta a shonraítear i mír (a) nó de réir an ráta a shonraítear i mír (b) den fho-alt sin (2).

[EN]

(2) San alt seo ciallaíonn “duine lena mbaineann an t-alt seo” duine seachas duine—

[EN]

(a) atá fostaithe go formhór i gceann amháin nó níos mó de na fostaíochtaí a shonraítear i bhfo-airteagal (1) d'Airteagal 5 de Rialacháin 1956,

[EN]

(b) a bhí, díreach sular scoir sé de bheith ina ranníocóir fostaithe, árachaithe faoin bPríomh-Acht chun críocha pinsin (ranníocach) bhaintrí agus liúntais (ranníocach) dhílleachta amháin ach ní chun críocha aon sochair eile,

[EN]

(c) a bhí, tar éis dó a bheith ina dhuine lenar bhain alt 70 den Phríomh-Acht, díreach sula dtáinig sé go saorálach faoi árachas faoin National Insurance Act, 1911, árachaithe faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, amháin.

[EN]

Cumhacht chun scéimeanna agus comhshocraíochtaí atá ann faoi láthair chun aoisliúntais agus íocaíochtaí i leith iomarcachta a sholáthar a mhodhnú nó a fhoirceannadh.

18.—(a) Féadfar aon scéim nó comhshocraíocht chun pinsin, cúiteamh i leith iomarcachta nó sochair eile a sholáthar (lena n-áirítear aon scéim nó comhshocraíocht arna bunú nó arna soláthar de bhua nó faoi réim aon achtacháin nó ag á bhfuil feidhm reachtúil de bhua aon achtacháin agus aon scéim nach bhfuil fianaithe ach trí pholasaí amháin árachais nó níos mó) a mhodhnú, agus

[EN]

(b) féadfar aon scéim nó comhshocraíocht den sórt sin, seachas scéim nó comhshocraíocht chun cúiteamh i leith iomarcachta a sholáthar, a fhoirceannadh,

[EN]

i ndáil le córas chun pinsin (ranníocach) shean-aoise a sholáthar a bhunú faoi na hAchtanna—

[EN]

(i) trí chomhaontú idir na páirtithe éagsúla a mbeidh baint acu leis an scéim nó an chomhshocraíocht, nó

[EN]

(ii) de réir rialachán a dhéanfar, tar éis breithniú a bheith déanta ar aon uiríolla a dhéanfaidh na páirtithe éagsúla a mbeidh baint acu leis an scéim nó an chomhshocraíocht, ag cibé Aire a gcinnfidh an tAire Airgeadais gur Aire iomchuí é maidir leis an scéim nó an chomhshocraíocht nó, má chinneann an tAire Airgeadais nach bhfuil aon Aire iomchuí ann, ag an Aire Tionscail agus Tráchtála.

[EN]

Sochair fhorluiteacha.

19.—(1) I gcás duine ag a bhfuil aois inphinsin slán agus atá ag fáil phinsin faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959, agus dá ndámhfar pinsean (ranníocach) sean-aoise nó pinsean (ranníocach) baintrí, déanfar aon íocaíocht ar scór an phinsin chéadluaite in aghaidh tréimhse ar iníoctha an pinsean (ranníocach) sean-aoise nó an pinsean (ranníocach) baintrí, de réir mar a bheidh, ina haghaidh a áireamh mar íocaíocht ar cuntas an phinsin (ranníocach) shean-aoise nó an phinsin (ranníocach) bhaintrí, de réir mar a bheidh.

[EN]

(2) I gcás duine atá ag fáil phinsin faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959, a bheith ina dhuine a ndéanfar an ráta seachtainiúil pinsin (ranníocach) shean-aoise is iníoctha le duine eile a mheadú ina leith de bhua fho-alt (2) (a chuirtear isteach leis an Acht seo) d'alt 26 den Phríomh-Acht, déanfar aon íocaíocht ar scór an phinsin chéadluaite in aghaidh tréimhse a ndéanfar an pinsean (ranníocach) sean-aoise a mhéadú amhlaidh ina haghaidh a áireamh mar íocaíocht ar cuntas an phinsin (ranníocach) shean-aoise.

[EN]

Dícháiliú do phinsin faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959.

20.—(1) Má bhíonn duine ag fáil phinsin (ranníocach) sheanaoise is dícháiliú é sin maidir leis an duine sin d'fháil phinsin faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959.

[EN]

(2) Aon duine lenar iníoctha sochar faoi fho-alt (3) (a chuirtear isteach leis an Acht seo) d'alt 26 den Phríomh-Acht nó a ndéanfar an ráta seachtainiúil pinsin (ranníocach) shean-aoise is iníoctha le duine eile a mhéadú ina leith de bhua fho-alt (2) den alt sin, beidh sé dícháilithe, maidir le haon tréimhse ar iníoctha an sochar sin faoin bhfo-alt sin (3) ina haghaidh leis nó a ndéanfar ráta seachtainiúil an phinsin sin is iníoctha leis an duine eile sin a mhéadú amhlaidh ina haghaidh, chun pinsean a fháil faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959.

[EN]

(3) Aon duine a mbeidh aois inphinsin slán aici agus a bheidh ag fáil phinsin (ranníocach) bhaintrí, beidh sí dícháilithe chun pinsean a fháil faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959, in aghaidh aon tréimhse a mbeidh sí ag fáil an phinsin (ranníocach) bhaintrí ina haghaidh.

[EN]

Pinsean (ranníocach) baintrí do bhaintreacha áirithe in aois inphinsin roimh thosach feidhme an ailt seo.

21.—Más rud é bhua alt 79 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) go mbeidh pinsean i gcúrsa a íoctha le baintreach díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, nó

[EN]

(b) go ndámhfar pinsean do bhaintreach tar éis tosach feidhme an ailt seo in aghaidh tréimhse a chríochnóidh díreach roimh thosach feidhme an ailt seo,

[EN]

faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise 1908 go 1959, beidh an bhaintreach sin, faoi réir fhorálacha na nAchtanna, i dteideal pinsin (ranníocach) bhaintrí amhail ar agus ó dháta thosach feidhme an ailt seo.

[EN]

Cumhacht chun deacrachtaí a réiteach.

22.—Má éiríonn aon deacracht in aon slí maidir leis an Acht seo nó aon leasú ar na hAchtanna nó ar Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959, a dhéantar leis an Acht seo a chur i ngníomh, féadfaidh an tAire, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, aon ní a dhéanamh le hordú a mheasfaidh sé a bheith riachtanach nó oiriúnach chun an tAcht seo a chur i ngníomh agus féadfar modhnú a dhéanamh ar fhorálacha an Achta seo le haon ordú den sórt sin a mhéid a mheasfar é a bheith riachtanach nó oiriúnach chun an t-ordú a chur in éifeacht.

[EN]

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

[EN]

(3) Ní fhéadfar aon ordú a dhéanamh faoin alt seo tar éis bliain a bheith caite ó thosach feidhme an ailt seo.

[EN]

Aisghairm.

23.—Déantar leis seo alt 60 agus, maidir le teideal chun pinsin agus íoc pinsin, mar a fhoráiltear san alt sin, faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959, in aghaidh aon tréimhse dar tosach dáta thosach feidhme an ailt seo nó dáta éis, alt 79 den Phríomh-Acht a aisghairm.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

24.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar an tAcht seo, mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna, agus na hAchtanna a fhorléiriú mar aon ní amháin, agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1960, a ghairm de agus díobh le chéile, agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959, forléireofar é agus iad mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1960, a ghairm de agus díobh le chéile.

[EN]

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, go ginearálta nó maidir le haon fhoráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh forálacha éagsúla nó le haghaidh na forála céanna maidir le cásanna éagsúla nó le haicmí éagsúla cásanna.

[GA]

harp.jpg


Number 25 of 1960.


[GA]

SOCIAL WELFARE (AMENDMENT) ACT, 1960.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Interpretation.

2.

Extension of section 3 of Principal Act (general provisions as to regulations).

3.

Amendment of section 6 of Principal Act (contributions generally).

4.

Amendment of section 9 of Principal Act (return of sums paid in error by way of contributions).

5.

Amendment of section 14 of Principal Act (descriptions and rates of benefit and contribution conditions).

6.

Amendment of section 22 of Principal Act (widow's (contributory) pension).

7.

Old age (contributory) pension.

8.

Amendment of section 26 of Principal Act (increase of benefit for adult dependants).

9.

Amendment of section 27 of Principal Act (increase of benefit for qualified child or each of two qualified children).

10.

Partial satisfaction of contribution conditions for old age (contributory) pension.

11.

Amendment of section 37 of Principal Act (special provisions for voluntary contributors).

12.

Amendment of section 47 of Principal Act (administration of benefit).

13.

Transitional provisions in relation to contribution conditions.

14.

Amendment of Second Schedule to Principal Act (rates of employment contributions).

15.

Amendment of Third Schedule to Principal Act (rate or amount of benefit).

16.

Amendment of Fourth Schedule to Principal Act (contribution conditions).

17.

Special provision for existing voluntary contributors.

18.

Power to modify or wind-up existing schemes and arrangements for the provision of superannuation and redundancy payments.

19.

Overlapping benefits.

20.

Disqualifications for pensions under Old Age Pensions Acts, 1908 to 1959.

21.

Widow's (contributory) pension for certain widows of pensionable age before commencement of this section.

22.

Power to remove difficulties.

23.

Repeals.

24.

Short title, construction, collective citation and commencement.


Acts Referred to

Social Welfare Act, 1952

1952, No. 11

Social Welfare (Modifications of Insurance) Regulations, 1956

1956, S.I. No. 236

Social Welfare (Amendment) Act, 1956

1956, No. 24

National Insuranc Act, 1911

1911, c. 55

harp.jpg


Number 25 of 1960.


SOCIAL WELFARE (AMENDMENT) ACT, 1960.


AN ACT TO AMEND AND EXTEND THE SOCIAL WELFARE ACTS, 1952 TO 1958, AND THE OLD AGE PENSIONS ACTS, 1908 TO 1959. [26th July, 1960.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Interpretation.

1.—(1) In this Act—

[GA]

the Acts” means the Social Welfare Acts, 1952 to 1958;

[GA]

the Principal Act” means the Social Welfare Act, 1952;

[GA]

the Regulations of 1956” means the Social Welfare (Modifications of Insurance) Regulations, 1956.

[GA]

(2) References in this Act to any enactment shall, save where the context otherwise requires, be construed as references to that enactment as amended by any subsequent enactment including this Act.

[GA]

Extension of section 3 of Principal Act (general provisions as to regulations).

2.—Section 3 (other than subsection (4) thereof) of the Principal Act shall be construed and have effect as if—

[GA]

(a) references therein to a power to make regulations included references to any power to make regulations under this Act, and

[GA]

(b) references therein to regulations included references to any regulations under this Act.

[GA]

Amendment of section 6 of Principal Act (contributions generally).

3.—Section 6 of the Principal Act is hereby amended by the substitution for subsection (2) thereof of the following subsection:

[GA]

“(2) Voluntary contributions shall be weekly contributions which shall be paid by voluntary contributors who are under pensionable age at the rate—

[GA]

(a) in case they were, immediately before ceasing to be employed contributors, insured under this Act for the purposes only of widow's (contributory) pension and orphan's (contributory) allowance but of no other benefit, of two shillings and sixpence for a contribution week, and

[GA]

(b) in case they were, immediately before ceasing to be employed contributors, insured under this Act for the purposes of widow's (contributory) pension and orphan's (contributory) allowance and of other benefits, of four shillings and ninepence for a contribution week,

[GA]

in the case of both male voluntary contributors and of female voluntary contributors.”

[GA]

Amendment of section 9 of Principal Act (return of sums paid in error by way of contributions).

4.—Section 9 of the Principal Act is hereby amended by the addition at the end thereof of “and of so much of any contribution paid by an employed contributor or a voluntary contributor whose entry into insurance occurred after he had attained the age of sixty as is determined in accordance with the regulations to have been paid in respect of old age (contributory) pension.”

[GA]

Amendment of section 14 of Principal Act (descriptions and rates of benefit and contribution conditions).

5.—Section 14 of the Principal Act is hereby amended by the addition at the end of subsection (1) thereof of the following paragraph:

[GA]

“(g) old age (contributory) pension (including benefit under subsection (3) of section 26 of this Act).”

[GA]

Amendment of section 22 of Principal Act (widow's (contributory) pension).

6.—A widow's (contributory) pension (including any increase thereof) shall, subject to the provisions of the Acts, be payable after the widow attains pensionable age and, accordingly, section 22 of the Principal Act is hereby amended by the deletion in subsection (2) thereof of “or after she attains pensionable age”.

[GA]

Old age (contributory) pension.

7.—The following section is hereby inserted after section 25 of the Principal Act:

[GA]

Old Age (Contributory) Pension.

[GA]

25A. Subject to the provisions of this Act, a person shall be entitled to an old age (contributory) pension if he has attained pensionable age and satisfies the relevant contribution conditions.”

[GA]

Amendment of section 26 of Principal Act (increase of benefit for adult dependants).

8.—Section 26 of the Principal Act is hereby amended by the addition thereto of the following subsections:

[GA]

“(2) The weekly rate of old age (contributory) pension shall be increased by the amount set out in column (3) of Part I of the Third Schedule to this Act for any period during which—

[GA]

(a) the beneficiary is living with or wholly or mainly maintaining his wife, or

[GA]

(b) the beneficiary is wholly or mainly maintaining her husband who is incapable of self-support by reason of some physical or mental infirmity,

[GA]

and which is not a period in respect of which the spouse of the beneficiary is in receipt of old age (contributory) pension.

[GA]

(3) (a) Subject to the provisions of the Acts and to the subsequent provisions of this subsection, on the death of a person to whom an old age (contributory) pension was payable at an increased weekly rate by virtue of this section in respect of a period ending on such death, the wife or husband, as the case may be, shall be entitled to benefit the weekly rate of which is equal to the amount of the increase of the weekly rate of the aforesaid old age (contributory) pension.

[GA]

(b) Benefit under this subsection shall not be payable for any period after the remarriage of the person to whom it had been payable.

[GA]

(c) A person shall be disqualified for receiving benefit under this subsection if and so long as the person and any other person are cohabiting as married persons.

[GA]

(d) Where, but for the provisions of this paragraph, benefit under this subsection and widow's (non-contributory) pension under the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1959, or widow's (contributory) pension or old age (contributory) pension would be payable to a person in respect of any period—

[GA]

(i) benefit under this subsection shall not be payable in respect of that period unless the rate thereof is equal to or greater than the rate of the pension, and

[GA]

(ii) the pension shall not be payable in respect of that period unless the rate thereof is greater than the rate of benefit under this subsection.”

[GA]

Amendment of section 27 of Principal Act (increase of benefit for qualified child or each of two qualified children).

9.—Section 27 of the Principal Act is hereby amended by—

[GA]

(a) the insertion in subsection (1) thereof after “reside with the beneficiary” of “and in addition, where there are more than two such children, by the amount set out in column (5) of that Part in respect of each such child in excess of two”, and

[GA]

(b) the insertion at the end of subsection (2) thereof (but not in paragraph (b)) of “and in addition, where there are more than two such children, by the amount set out in column (5) of that Part in respect of each such child in excess of two”.

[GA]

Partial satisfaction of contribution conditions for old age (contributory) pension.

10.—The following section is hereby inserted after section 28 of the Principal Act:

[GA]

“28A. (1) Subject to the provisions of this section, regulations made with the sanction of the Minister for Finance may provide for entitling to old age (contributory) pension persons who would be entitled thereto but for the fact that the relevant contribution conditions are not satisfied as respects the average number of contributions paid or credited per contribution year.

[GA]

(2) Regulations for the purposes of this section shall provide that old age (contributory) pension payable by virtue thereof shall be payable at a rate less than that specified in the Third Schedule to this Act, and the rate specified by the regulations may vary with the extent to which the contribution conditions are satisfied, but any increase of benefit payable under subsection (2) of section 26 of this Act shall be the same as if the relevant contribution conditions had been fully satisfied.”

[GA]

Amendment of section 37 of Principal Act (special provisions for voluntary contributors).

11.—Section 37 of the Principal Act is hereby amended by the insertion at the end of subsection (1) thereof of “and, if any voluntary contributions paid by him are at the rate specified in paragraph (a) of subsection (2) of section 6 of this Act, such contributions shall be disregarded in determining whether the contribution conditions for old age (contributory) pension are satisfied.”

[GA]

Amendment of section 47 of Principal Act (administration of benefit).

12.—Section 47 of the Principal Act is hereby amended by the insertion in paragraph (b) of subsection (2) after “as respects” of “old age (contributory) pension,”.

[GA]

Transitional provisions in relation to contribution conditions.

13.—The following section is hereby inserted after section 66 of the Principal Act:

[GA]

“66A. (1) Contributions paid or credited under the Social Welfare Acts, 1952 to 1960, or paid, excused or deemed to be or treated as paid under the National Health Insurance Acts, 1911 to 1952 (other than contributions paid by or in respect of a person in respect of a period during which such person is or was employed mainly in one or more of the employments specified in subarticle (1) of Article 5 of the Social Welfare (Modifications of Insurance) Regulations, 1956) shall be taken into account in such manner and subject to such conditions and limitations as may be prescribed for the purpose of the satisfaction of the contribution conditions for old age (contributory) pension.

[GA]

(2) Regulations under subsection (1) of this section may also provide for modifications, in the case of persons who were insured under the National Health Insurance Acts, 1911 to 1952, or who were absent from the State before the commencement of section 13 of the Social Welfare (Amendment) Act, 1960, of any of the contribution conditions for old age (contributory) pension.

[GA]

(3) Regulations under this section shall be subject to the sanction of the Minister for Finance.”

[GA]

Amendment of Second Schedule to Principal Act (rates of employment contributions).

14.—(1) The Second Schedule to the Principal Act is hereby amended by—

[GA]

(i) the insertion of “3A,” after “paragraphs 2, 3,” (inserted by the Regulations of 1956) in paragraph 1 thereof,

[GA]

(ii) the substitution of “4s. 6d.” for “2s. 9d.” (inserted by the Act of 1956) and of “3s. 5d.” for “1s. 8d.” (inserted by the Act of 1956) in subparagraph (a) of the said paragraph 1,

[GA]

(iii) the substitution of “4s. 6d.” for “2s. 9d.” (inserted by the Act of 1956) and of “4s. 2d.” for “2s. 5d.” (inserted by the Act of 1956) in subparagraph (b) of the said paragraph 1,

[GA]

(iv) the substitution of “2s. 6d.” for “1s. 7d.” (inserted in both subparagraphs by the Act of 1956) in subparagraphs (a) and (b) of paragraph 2 thereof,

[GA]

(v) the deletion in paragraph 3 thereof of “or domestic service” and the substitution of “1s. 9d.” for “11d.” (inserted by the Act of 1956) in subparagraph (a) of the said paragraph 3 and of “2s. 6d.” for “1s. 7d.” (inserted by the Act of 1956) in subparagraph (b) of the said paragraph 3,

[GA]

(vi) the insertion after the said paragraph 3 of the following paragraph:

[GA]

“3A. In case the employment is of a female employed contributor and is mainly in domestic service, there shall be special rate employment contributions as follows:

(a) payable by the employed contributor:

2s.

6d.

(b) payable by the employer:

3s.

3d.”,

[GA]

(vii) the substitution of “1s. 3d.” for “1s. 0d.” in subparagraphs (a) and (b) of paragraph 4 (inserted by the Regulations of 1956) thereof,

[GA]

(viii) the substitution of “1s. 3d.” for “1s. 0d.” in subparagraph (b) of paragraph 5 (inserted by the Regulations of 1956) thereof,

[GA]

(ix) the substitution of “2s. 9d.” for “1s. 0d.” in subparagraph (a) of paragraph 6 (inserted by the Regulations of 1956) thereof,

[GA]

(x) the substitution of “4s. 2d.” for “2s. 5d.” in subparagraph (b) of the said paragraph 6,

[GA]

(xi) the substitution of “2s. 9d.” for “1s. 0d.” in subparagraph (a) of paragraph 7 (inserted by the Regulations of 1956) thereof, and

[GA]

(xii) the substitution of “3s. 3d.” for “1s. 6d.” in subparagraph (b) of the said paragraph 7.

[GA]

(2) In this section “the Act of 1956” means the Social Welfare (Amendment) Act, 1956.

[GA]

Amendment of Third Schedule to Principal Act (rate or amount of benefit).

15.—The Third Schedule to the Principal Act is hereby amended by the substitution for Part I thereof of the following Part:

[GA]

Part I.

[GA]

Rates of periodical benefits and of increases thereof.

Description of benefit.

Weekly rate.

Increase for adult dependant (where payable).

Increase for qualified child or for each of two qualified children (where payable).

Increase for each qualified child in excess of two (where payable).

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

shillings.

shillings.

shillings.

shillings.

1. Disability Benefit and Unemployment Benefit:

(a) in the case of persons over the age of eighteen—

(i) for a man, single woman or widow, married woman living apart from and unable to obtain any financial assistance from her husband or married woman entitled to an increase for a qualified child or qualified children or for a husband

32½

20

10

5

(ii) for any other married woman

24½

(b) in the case of persons under the age of eighteen—

where the person is entitled to an increase for a qualified child or qualified children or for an adult dependant

32½

20

10

5

where the person is not so entitled

24½

2. Maternity Allowance

35

3. Widow's (contributory) Pension:

where the widow is entitled to an increase for a qualified child or qualified children

35

10

5

where the widow is not so entitled

32½

4. Orphan's (contributory) Allowance

20

5. Old Age (contributory) Pension

40

28½

[GA]

[GA]

Amendment of Fourth Schedule to Principal Act (contribution conditions).

16.—The Fourth Schedule to the Principal Act is hereby amended by—

[GA]

(a) the insertion in paragraph 1 thereof after “paragraph 3” of “or 3A”,

[GA]

(b) the substitution for the definition of “relevant time” in paragraph 4 thereof of the following definition: “relevant time” means—

[GA]

(i) the date of the husband's attaining pensionable age or dying under that age, or

[GA]

(ii) if the conditions are being satisfied on the widow's insurance record—

[GA]

(I) the date of the husband's death, or

[GA]

(II) if the widow attained pensionable age before the date of the husband's death, the date of the widow's attaining pensionable age,

[GA]

and

[GA]

(c) the addition at the end thereof of the following paragraph:

[GA]

“6. Old age (contributory) pension.

[GA]

The contribution conditions for an old age (contributory) pension are—

[GA]

(a) that the claimant has entered insurance before attaining the age of sixty,

[GA]

(b) that not less than one hundred and fifty-six employment contributions have been paid in respect of the claimant since his entry into insurance, and

[GA]

(c) that the average per contribution year of the contributions paid in respect of or credited to the claimant in respect of the period beginning at the beginning of the contribution year in which the claimant's entry into insurance occurred and ending at the end of the last complete contribution year before the date of his attaining pensionable age is not less than forty-eight,

[GA]

but employment contributions under paragraphs 4 and 5 (inserted by the Regulations of 1956) of the Second Schedule to this Act paid in respect of the claimant shall be disregarded in determining for the purposes of the foregoing conditions the number of contributions which have been paid in respect of the claimant.”

[GA]

Special provision for existing voluntary contributors.

17.—(1) Where a person to whom this section applies is at the commencement of this section a voluntary contributor, he may, notwithstanding the provisions of subsection (2) (inserted by this Act) of section 6 of the Principal Act, elect in the prescribed manner and within the prescribed period to pay voluntary contributions either at the rate specified in paragraph (a) or at the rate specified in paragraph (b) of the said subsection (2).

[GA]

(2) In this section “person to whom this section applies” means a person other than a person—

[GA]

(a) who is employed mainly in one or more of the employments specified in subarticle (1) of Article 5 of the Regulations of 1956,

[GA]

(b) who, immediately before ceasing to be an employed contributor, was insured under the Principal Act for the purposes only of widow's (contributory) pension and orphan's (contributory) allowance but of no other benefit, or

[GA]

(c) who, having been a person to whom section 70 of the Principal Act applied, had, immediately before becoming insured voluntarily under the National Insurance Act, 1911, been insured only under the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1952.

[GA]

Power to modify or wind-up existing schemes and arrangements for the provision of superannuation and redundancy payments.

18.—(a) Any scheme or arrangement for the provision of pensions, compensation for redundancy or other benefits (including any scheme or arrangement established or provided by or under, or having statutory force by virtue of, any enactment and any scheme evidenced only by one or more policies of insurance) may be modified, and

[GA]

(b) any such scheme or arrangement other than a scheme or arrangement for the provision of compensation for redundancy may be wound-up,

[GA]

in connection with the establishment under the Acts of a system for the provision of old age (contributory) pensions either—

[GA]

(i) by agreement between the different parties concerned in the scheme or arrangement, or

[GA]

(ii) in accordance with regulations made, after consideration of any representations that may be made by the different parties concerned in the scheme or arrangement, by such Minister as may be determined by the Minister for Finance to be appropriate in relation to the scheme or arrangement or, if the Minister for Finance determines that there is no appropriate Minister, by the Minister for Industry and Commerce.

[GA]

Overlapping benefits.

19.—(1) Where a person who has attained pensionable age and is in receipt of a pension under the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1959, is awarded an old age (contributory) pension or a widow's (contributory) pension, any payment on foot of the first-mentioned pension in respect of a period in respect of which the old age (contributory) pension or the widow's (contributory) pension, as the case may be, is payable shall be treated as a payment on account of the old age (contributory) pension or the widow's (contributory) pension, as the case may be.

[GA]

(2) Where a person who is in receipt of a pension under the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1959, is a person in respect of whom the weekly rate of old age (contributory) pension payable to another person is increased by virtue of subsection (2) (inserted by this Act) of section 26 of the Principal Act, any payment on foot of the first-mentioned pension in respect of a period in respect of which the old age (contributory) pension is so increased shall be treated as a payment on account of the old age (contributory) pension.

[GA]

Disqualifications for pensions under Old Age Pensions Acts, 1908 to 1959.

20.—(1) Receipt of old age (contributory) pension by a person shall be a disqualification for the receipt by that person of a pension under the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1959.

[GA]

(2) A person to whom benefit under subsection (3) (inserted by this Act) of section 26 of the Principal Act is payable or in respect of whom the weekly rate of old age (contributory) pension payable to another person is increased by virtue of subsection (2) of that section shall be disqualified, in respect of any period in respect of which the said benefit under the said subsection (3) is payable to him or the weekly rate of such pension payable to such other person is so increased, for receiving a pension under the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1959.

[GA]

(3) A person who has attained pensionable age and is in receipt of a widow's (contributory) pension shall be disqualified for receiving a pension under the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1959 in respect of any period in respect of which she is in receipt of the widow's (contributory) pension.

[GA]

Widow's (contributory) pension for certain widows of pensionable age before commencement of this section.

21.—A widow to whom a pension under the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1959, is, by virtue of section 79 of the Principal Act—

[GA]

(a) in course of payment immediately before the commencement of this section, or

[GA]

(b) awarded after the commencement of this section in respect of a period ending immediately before the commencement of this section,

[GA]

shall, subject to the provisions of the Acts, be entitled to widow's (contributory) pension as on and from the commencement of this section.

[GA]

Power to remove difficulties.

22.—(1) If in any respect any difficulty arises in bringing into operation this Act or any amendment of the Acts or the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1959, effected by this Act, the Minister may, subject to the sanction of the Minister for Finance, by order do anything which appears to be necessary or expedient for bringing this Act into operation, and any such order may modify the provisions of this Act so far as may appear necessary or expedient for carrying the order into effect.

[GA]

(2) Every order made by the Minister under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made, and if a resolution is passed by either House of the Oireachtas within the next twenty-one days on which such House has sat after the order is laid before it annulling such order, such order shall be annulled accordingly, but without prejudice to the validity of anything previously done under such order.

[GA]

(3) No order may be made under this section after the expiration of one year after the commencement of this section.

[GA]

Repeals.

23.—Section 60 and, as respects entitlement to and payment of a pension, as therein provided, under the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1959, in respect of any period commencing on or after the commencement of this section, section 79 of the Principal Act are hereby repealed.

[GA]

Short title, construction, collective citation and commencement.

24.—(1) This Act may be cited as the Social Welfare (Amendment) Act, 1960.

[GA]

(2) This Act, in so far as it amends and extends the Acts, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Social Welfare Acts, 1952 to 1960, and, in so far as it amends and extends the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1959, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1960.

[GA]

(3) This Act shall come into operation on such day or days as, by order or orders made by the Minister under this section, may be fixed therefor either generally or with reference to any particular provision and different days may be so fixed for different provisions or for the same provision in relation to different cases or classes of case.