As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 31 de 1929.


[EN]

ACHT TALMHAN, 1929.


ACHT CHUN COMHACHT DO THABHAIRT DO CHOIMISIÚN TALMHAN NA hÉIREANN I gCÁSANNA ÁIRITHE RIARTHÓIRÍ TEORANTA DO DHAOINE NA MAIREANN DO CHEAPA, CHUN AN RIAIL-BHLIANACHT CHEANNAIGH DO SHOCRÚ MAIDIR LE GABHÁLTAISÍ ATÁ FÉ CHÍOSA NACH CÍOSA CÚIRTE, CHUN NA FORÁLACHA DEN ACHT TALMHAN, 1923, A BHAINEANN LE hIASCACH AGUS LE CIRT IASCAIGH, DO MHÍNIÚ AGUS DO LEASÚ, AGUS CHUN COMHACHT DO THABHAIRT DO CHOIMISIÚN TALMHAN NA hÉIREANN IASCACH AGUS CIRT IASCAIGH ÁIRITHE DO CHEANNACH. [24adh Iúl, 1929.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Riarthóirí teoranta do cheapa.

1.—Pé uair, in aon imeachta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun gabháltas no paiste talmhan do mhalairtiú ar thalmhain eile no do chur le talmhain eile, go mbeidh únaer an ghabháltais no an phaiste sin tar éis bháis agus ná beidh aon ionadaí pearsanta dlíthiúil ann don únaer sin ná maireann no ná beidh seirbhísí a ionadaí phearsanta dhlíthiúla ar fáil go réidh chun an malairtiú no an cur-leis sin do dhéanamh, féadfidh Coimisiún na Talmhan, ar pé téarmaí agus coiníollacha (más ann dóibh) is dó leo is oiriúnach, duine éigin ceart do cheapa chun bheith ina riarthóir d'estát phearsanta an únaera san ná maireann sna himeachta san agus ionta san amháin chun an malairtiú no an cur-leis sin (do réir mar bheidh) do dhéanamh agus, leis sin, beidh an riarthóir teoranta san, chun crícheanna na n-imeacht san, ina ionadaí don únaer sin ná maireann díreach fé is dá bhfuigheadh an t-únaer sin bás gan uacht do dhéanamh agus go ndéanfí cairt riaracháin a estáit agus a mhaoine pearsanta go léir do dheona don riarthóir teoranta san go cuibhe.

[EN]

Riail-bhlianacht cheannaigh ar ghabháltaisí atá fé chíosa nách cíosa cúirte.

2.—(1) I gcás gach gabháltais le n-a mbaineann Cuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhan, 1923 (Uimh. 42 de 1923), agus nár réitíodh ar an riail-bhlianacht cheannaigh ina thaobh no nár socruíodh í fén Sceideal san roimh rith an Achta so, isé a bheidh 'na riail-bhlianacht cheannaigh (ach amháin mar a foráltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo) ná blianacht de shuim is có-mhéid le seasca a cúig per cent. den chíos is iníoctha ar an ngabháltas.

[EN]

(2) Féadfidh tiarna talmhan no tionónta gabháltais le n-a mbaineann an fo-alt san roimhe seo agóid do dhéanamh sa tslí orduithe agus laistigh den am orduithe i gcoinnibh an riailbhlianacht cheannaigh maidir leis an ngabháltas san do shocrú do réir an fho-ailt sin, agus i gcás 'na ndéanfar agóid den tsórt san go cuibhe amhlaidh réiteofar ar an riail-bhlianacht cheannaigh maidir leis an ngabháltas san no socrófar í (pe'ca aca is gá sa chás) fé Chuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhan, 1923, mar a leasuítear é le halt 25 den Acht Talmhan, 1927 (Uimh. 19 de 1927), fé is ná rithfí an t-alt so.

[EN]

An tAcht Talmhan, 1923, do leasú maidir le hiascach agus le cirt iascaigh.

3.—(1) Nuair a bheidh alt 45 den Acht Talmhan, 1923 (Uimh. 42 de 1923) á léiriú agus á chur i mbaint ciallóidh agus folóidh an abairt “iascach a bhaineann leis na tailte sin” atá i bhfo-alt (1) den alt san agus tuigfar gur chialluigh agus gur fholuigh sí riamh gach iascach agus ceart iascaigh atá suidhte in aibhní no in uiscí no infheidhmithe maidir le haibhní no le huiscí atá ar theorainn tailte no a ghabhann tré thailte a luaidhtear san alt san agus a bhí, díreach sarar dílsíodh na taile sin i gCoimisiún na Talmhan, dílsithe i ndíoltóir na dtailte sin no i nduine ag a raibh estát sna tailte sin os cionn estáit an díoltóra san agus ní haon iascach ná cirt iascaigh eile in aon chor, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige agus tuigfar (fé réir forálacha an Achta so) go raibh éifeacht riamh aige dá réir sin.

[EN]

(2) Má éiríonn aon cheist i dtaobh ce'ca dhílsigh no nár dhílsigh aon iascach no ceart iascaigh áirithe roimh rith an Achta so i gCoimisiún na Talmhan fé alt 45 den Acht Talmhan, 1923, mar a leasuítear leis an alt so é, tabharfidh Coimisinéirí na Talmhan ach gan an Coimisinéir Breithiúntais d'áireamh ortha breith ar an gceist sin ach féadfar athchomharc do dhéanamh chun an Choimisineura Bhreithiúntais.

[EN]

(3) Más rud é, ar bhreith do thabhairt ar aon cheist den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, go bhfeicfar do Choimisinéirí na Talmhan no, ar athchomharc do dhéanamh chuige, don Choimisinéir Bhreithiúntais gur dhílsigh an t-iascach no an ceart iascaigh le n-a mbaineann an cheist sin i gCoimisiún na Talmhan ach ná fuil sé cothrom no nách maith an rud é an t-iascach no an ceart iascaigh sin do dhílsiú amhlaidh, beidh sé dleathach do Choimisinéirí na Talmhan no, ar athchomharc do dhéanamh chuige, don Choimisinéir Bhreithiúntais a dhearbhú nár dhílsigh an t-iascach no an ceart iascaigh sin i gCoimisiún na Talmhan, agus ar dhéanamh an dearbhuithe sin amhlaidh tuigfar, in ainneoin éinní atá in alt 45 d'Acht 1923 no san alt so, nár dhílsigh an t-iascach no an ceart iascaigh sin i gCoimisiún na Talmhan.

[EN]

Forálacha breise maidir le hiascach agus le cirt iascaigh.

4.—(1) Pé uair, tar éis rithte an Achta so, a dhílseoidh aon tailte le n-a mbaineann iascach no ceart iascaigh do réir bhrí alt 45 den Acht Talmhan, 1923 (Uimh. 42 de 1923), mar a leasuítear leis an Acht so é i gCoimisiún na Talmhan, déanfidh Coimisinéirí na Talmhan ach gan an Coimisinéir Breithiúntais d'áireamh ortha, chó luath agus is féidir é tar éis an dílsithe sin ach fé réir cheart athchomhairc chun an Choimisineura Bhreithiúntais, a dhearbhú le hordú ce'ca dhílsigh no nár dhílsigh an t-iascach no an ceart iascaigh sin i dteanta na dtailte sin i gCoimisiún na Talmhan agus leis sin, in ainneoin éinní atá san alt san 45 no san Acht so, dílseoidh no ní dhílseoidh (fé mar is gá sa chás) an t-iascach no an ceart iascaigh sin i gCoimisiún na Talmhan do réir an orduithe sin o Choimisinéirí na Talmhan, no, más gá sa chás é, ón gCoimisinéir Breithiúntais ar athchomharc do dhéanamh chuige.

[EN]

(2) Le linn ordú do dhéanamh no breith do thabhairt ar athchomharc fén bhfo-alt san roimhe seo déanfidh Coimisinéirí na Talmhan no an Coimisinéir Breithiúntais (do réir mar bheidh) a dhearbhú gur dhílsigh an t-iascach no an ceart iascaigh is abhar don ordú no don athchomharc san i gCoimisiún na Talmhan maran dó leo-san no leis-sean ag féachaint do gach a mbaineann leis an gcás ná fuil sé cothrom no nách maith an rud é an t-iascach no an ceart iascaigh sin do dhílsiú amhlaidh.

[EN]

Coimisiún na Talmhan do cheannach iascaigh agus cirt iascaigh áirithe.

5.—(1) I gcás iascach no ceart iascaigh do bheith dílsithe (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin é) i gCoimisiún na Talmhan fé alt 45 den Acht Talmhan, 1923 (Uimh. 42 de 1923), mar a leasuítear leis an Acht so é agus iascach no ceart iascaigh eile (dá ngairmtear an fo-iascach no an fo-cheart iascaigh anso ina dhiaidh seo) ná fuil dílsithe amhlaidh do bheith, do réir bharúla Coimisiún na Talmhan, riachtanach chun an t-iascach no an ceart iascaigh a céad-luaidhtear d'úsáid agus tairbhe do bhaint as i gceart, féadfidh Coimisiún na Talmhan an fo-iascach no an focheart iascaigh sin do cheannach ar pé praghas, a bheidh iníoctha i mbannaí talmhan cheithre go leith per cent. do chó-ainmluach, ar a gcó-aontófar idir Coimisiún na Talmhan agus únaer an fho-iascaigh no an fho-chirt iascaigh sin.

[EN]

(2) Na comhachta a bronntar ar an Aire Airgid leis an Acht Talmhan, 1923, mar a leasuítear agus a leathnuítear é le hAcht na mBannaí Talmhan, 1925 (Uimh. 25 de 1925) chun bannaí talmhan cheithre go leith per cent. do bhunú agus do thabhairt amach chun crícheanna an Achta Talmhan, 1923, leathnuítear leis seo iad i dtreo go bhfolóid comhacht chun bannaí den tsórt san do bhunú agus do thabhairt amach chun crícheanna an ailt seo, agus bainfidh an tAcht Talmhan, 1923, fé mar a leasuítear agus a leathnuítear amhlaidh é, agus go sonnrách alt 17 de agus rialacha a bheidh déanta fén alt san le bannaí den tsórt san a bhunóidh agus a thabharfidh an tAire Airgid amach chun crícheanna an ailt seo fé mar a bhaineann sé le bannaí den tsórt san a bhunuigh agus a thug an tAire sin amach chun crícheanna an Achta Talmhan, 1923.

[EN]

Comhacht chun rialacha do dhéanamh.

6.—Féadfidh Coimisiún na Talmhan, tar éis comhairle do ghlaca le hUachtarán Dlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann, rialacha do dhéanamh chun forálacha an Achta so do chur in éifeacht agus isé rud a chialluíonn an focal “orduithe” san Acht so ná orduithe le rialacha a déanfar fén alt so.

[EN]

Gearr-theideal, luadh agus léiriú.

7.—(1) Féadfar an tAcht Talmhan, 1929, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus féadfar é do luadh i dteanta na nAchtanna san.

[GA]

harp.jpg


Number 31 of 1929.


[GA]

LAND ACT, 1929.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Appointment of limited administrators.

2.

Standard purchase annuity of holdings subject to non-judicial rents.

3.

Amendment of Land Act, 1923, in respect of fisheries and fishing rights.

4.

Further provisions in respect of fisheries and fishing rights.

5.

Purchase of certain fisheries and fishing rights by Land Commission.

6.

Power to make rules.

7.

Short title, citation and construction.


Acts Referred to

Land Act, 1923

No. 42 of 1923

Land Act, 1927

No. 19 of 1927

Land Bond Act, 1925

No. 25 of 1925

harp.jpg


Number 31 of 1929.


LAND ACT, 1929.


AN ACT TO GIVE TO THE IRISH LAND COMMISSION POWER IN CERTAIN CASES TO APPOINT LIMITED ADMINISTRATORS TO DECEASED PERSONS, TO FIX THE STANDARD PURCHASE ANNUITY IN RESPECT OF HOLDINGS SUBJECT TO RENTS OTHER THAN JUDICIAL RENTS, TO EXPLAIN AND AMEND THE PROVISIONS OF THE LAND ACT, 1923, IN RELATION TO FISHERIES AND FISHING RIGHTS, AND TO GIVE TO THE IRISH LAND COMMISSION POWER TO PURCHASE CERTAIN FISHERIES AND FISHING RIGHTS. [24th July, 1929.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Appointment of limited administrators.

1.—Whenever, in any proceedings under the Land Purchase Acts for the exchange or consolidation of a holding or parcel of land for or with other land, the owner of such holding or parcel is dead and there is no legal personal representative of such deceased owner or the services of his legal personal representative are not conveniently available for carrying out such exchange or consolidation, the Land Commission may, on such terms and conditions (if any) as they may think fit, appoint some proper person to be administrator of the personal estate of such deceased owner limited to the said proceedings for such exchange or consolidation (as the case may be), and thereupon such limited administrator shall for the purposes of the said proceedings represent the said deceased owner in the same manner as if such owner had died intestate and letters of administration of all his personal estate and effects had been duly granted to the said limited administrator.

[GA]

Standard purchase annuity of holdings subject to non-judicial rents.

2.—(1) In the case of every holding to which Part II. of the First Schedule to the Land Act, 1923 (No. 42 of 1923), applies and in respect of which the standard purchase annuity has not been agreed upon or fixed under the said Schedule before the passing of this Act, the standard purchase annuity shall (save as is hereinafter otherwise provided) be an annuity of an amount equivalent to sixty-five per cent. of the rent payable in respect of the holding.

[GA]

(2) The landlord or the tenant of a holding to which the foregoing sub-section applies may object in the prescribed manner and within the prescribed time to the standard purchase annuity in respect of such holding being fixed in accordance with the said sub-section, and where such objection is duly so made the standard purchase annuity in respect of such holding shall be agreed upon or fixed (as the case may require) under Part II. of the First Schedule to the Land Act, 1923, as amended by section 25 of the Land Act, 1927 (No. 19 of 1927), as if this section had not been passed.

[GA]

Amendment of Land Act, 1923, in respect of fisheries and fishing rights.

3.—(1) In the construction and application of section 45 of the Land Act, 1923 (No. 42 of 1923), the expression “fisheries appurtenant to the said lands” contained in sub-section (1) of that section shall mean and include and be deemed always to have meant and included all fisheries and fishing rights which are situate in or exercisable in respect of rivers or waters adjoining or intersecting lands mentioned in the said section and were, immediately before the vesting of such lands in the Land Commission, vested in the vendor of such lands or in a person having an estate in such lands superior to the estate of such vendor and no other fisheries or fishing rights whatsoever, and the said section shall be construed and have effect and (subject to the provisions of this Act) be deemed always to have had effect accordingly.

[GA]

(2) If any question shall arise as to whether any fishery or fishing right has or has not vested before the passing of this Act in the Land Commission under section 45 of the Land Act, 1923, as amended by this section, such question shall be determined by the Land Commissioners other than the Judicial Commissioner with a right of appeal to the Judicial Commissioner.

[GA]

(3) If, on the determination of any such question as is mentioned in the foregoing sub-section, it appears to the Land Commissioners or, on appeal to him, to the Judicial Commissioner that the fishery or fishing right to which such question relates has vested in the Land Commission but that it is not equitable or is not advisable that such fishery or fishing right should have so vested, it shall be lawful for the Land Commissioners or, on appeal to him, the Judicial Commissioner to declare that such fishery or fishing right has not vested in the Land Commission, and upon such declaration being so made such fishery or fishing right shall, notwithstanding anything contained in section 45 of the Act of 1923 or in this section, be deemed not to have vested in the Land Commission.

[GA]

Further provisions in respect of fisheries and fishing rights.

4.—(1) Whenever after the passing of this Act, any lands to which a fishery or fishing right is appurtenant within the meaning of section 45 of the Land Act, 1923 (No. 42 of 1923), as amended by this Act shall vest in the Land Commission, the Land Commissioners other than the Judicial Commissioner shall, as soon as may be after such vesting but subject to a right of appeal to the Judicial Commissioner, by order declare whether such fishery or fishing right did or did not vest with such lands in the Land Commission and thereupon, notwithstanding anything contained in the said section 45 or this Act, such fishery or fishing right shall vest or not vest (as the case may require) in the Land Commission in accordance with such order of the Land Commissioners or, where the case so requires, of the Judicial Commissioner on appeal to him.

[GA]

(2) When making an order or deciding an appeal under the foregoing sub-section the Land Commissioners or the Judicial Commissioner (as the case may be) shall declare that the fishery or fishing right the subject of such order or appeal did vest in the Land Commission unless they or he are of opinion having regard to all the circumstances of the case that it is not equitable or is not advisable that such fishery or fishing right should so vest.

[GA]

Purchase of certain fisheries and fishing rights by Land Commission.

5.—(1) Where a fishery or fishing right is vested (whether before or after the passing of this Act) in the Land Commission under section 45 of the Land Act, 1923 (No. 42 of 1923), as amended by this Act and another fishery or fishing right (hereinafter referred to as the ancillary fishery or fishing right) which is not so vested is, in the opinion of the Land Commission, necessary for the proper user and enjoyment of the first-mentioned fishery or fishing right, the Land Commission may purchase such ancillary fishery or fishing right for such price, payable in four and one-half per cent. land bonds of equal nominal value, as shall be agreed upon between the Land Commission and the owner of such ancillary fishery or fishing right.

[GA]

(2) The powers conferred on the Minister for Finance by the Land Act, 1923, as amended and extended by the Land Bond Act, 1925 (No. 25 of 1925), to create and issue four and one-half per cent. land bonds for the purposes of the Land Act, 1923, are hereby extended so as to include power to create and issue such bonds for the purposes of this section, and the Land Act, 1923, as so amended and extended and in particular section 17 thereof and rules made under that section shall apply to such bonds created and issued by the Minister for Finance for the purposes of this section in like manner as it applies to such bonds created and issued by the said Minister for the purposes of the Land Act, 1923.

[GA]

Power to make rules.

6.—The Land Commission may, after consultation with the President of the Incorporated Law Society of Ireland, make rules for carrying into effect the provisions of this Act, and the word “prescribed” in this Act means prescribed by rules made under this section.

[GA]

Short title, citation and construction.

7.—(1) This Act may be cited as the Land Act, 1929.

[GA]

(2) This Act shall be construed as one with the Land Purchase Acts and may be cited with those Acts.