As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

harp.jpg


Uimhir 31 de 1990


AN tACHT UM FHÓIR TEORANTA (DÍSCAOILEADH), 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

An Chuideachta a dhíscaoileadh.

3.

Maoin agus dliteanais áirithe de chuid na Cuideachta a aistriú chuig an gCorparáid.

4.

Conarthaí leanúnacha áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí don Chuideachta i ndoiciméid áirithe a oiriúnú.

5.

Imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh.

6.

Díolúine ó dhleacht stampa.

7.

Cuntais chríochnaitheacha na Cuideachta agus cuntais na Corparáide i ndáil le sócmhainní agus dliteanais a aistrítear.

8.

Tuarascálacha don Aire ón gCorparáid.

9.

Airleacain don Chorparáid ón Aire.

10.

Aisghairm.

11.

Caiteachais an Aire.

12.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Finance Act, 1895

1895, c. 16

An tAcht um Fhóir Teoranta, 1972

1972, Uimh. 1

Na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 go 1983

harp.jpg


Uimhir 31 de 1990


AN tACHT UM FHÓIR TEORANTA (DÍSCAOILEADH), 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN FÓIR TEORANTA A DHÍSCAOILEADH AGUS CHUN A SÓCMHAINNÍ AGUS A DLITEANAIS A AISTRIÚ GO DTÍ CORPARÁID AN CHAIRDE TIONSCAIL CUIDEACHTA PHOIBLÍ THEOR-ANTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [17 Nollaig, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

[EN]

Léiriú.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an Chuideachta” Fóir Teoranta;

[EN]

ciallaíonn “an Chorparáid” Corparáid an Chairde Tionscail Cuideachta Phoiblí Theoranta;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

[EN]

An Chuideachta a dhíscaoileadh.

2.—Díscaoiltear an Chuideachta leis seo.

[EN]

Maoin agus dliteanais áirithe de chuid na Cuideachta a aistriú chuig an gCorparáid.

3.—(1) Déanfar, agus déantar leis seo, na nithe seo a leanas a aistriú chuig an gCorparáid:

[EN]

(a) an mhaoin agus na cearta uile a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, á sealbhú nó ar teachtadh ag an gCuideachta, agus

[EN]

(b) na dliteanais uile (seachas dliteanais i ndáil le £75,000,000, a aisíoc leis an Aire i leith airleacan a tugadh don Chuideachta faoi alt 13 den Acht um Fhóir Teoranta, 1972) a thabhaigh an Chuideachta roimh an tosach feidhme sin agus nach raibh urscaoilte roimh an tosach feidhme sin,

[EN]

agus, dá réir sin, gan aon tíolacadh, aistriú ná sannadh breise—

[EN]

(i) dílseoidh an mhaoin sin, réadach agus pearsanta, don Chorparáid ar an tosach feidhme sin go feadh an eastáit, an téarma nó an leasa uile dá raibh sí, díreach roimh an tosach feidhme sin, dílsithe don Chuideachta, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don mhaoin agus is inchomhlíonta,

[EN]

(ii) beidh na cearta sin, amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, ar teachtadh ag an gCorparáid,

[EN]

(iii) amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, is dliteanais de chuid na Corparáide na dliteanais sin.

[EN]

(2) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chuig an gCorparáid leis an alt seo agus atá, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, in ainm na Cuideachta déanfar, má iarrann an Chorparáid amhlaidh, iad a aistriú isteach in ainm na Corparáide.

[EN]

(3) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear chuig an gCorparáid leis an alt seo féadfar, ar thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, agairt ina leith nó iad a ghnóthú nó a fheidhmiú ag an gCorparáid nó i gcoinne na Corparáide ina hainm féin agus ní gá don Chorparáid fógra faoin aistriú a thabhairt don duine arb é a cheart nó a dhliteanas a aistrítear leis an alt seo.

[EN]

(4) Déanfar méid aon leasa, díbhinní nó íocaíochtaí eile a gheobhaidh an Chorparáid i leith sócmhainní a aistrítear chuici leis an alt seo (lena n-áirítear íocaíochtaí i leith na hacmhainní sin a réadú) a íoc leis an Aire agus íocfaidh seisean é isteach sa Státchiste nó chun sochair don Státchiste.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, táille a íoc leis an gCorparáid tar éis gach bliana airgeadais de chuid na Corparáide ina mbeidh cibé méid (más ann) is iomchuí leis an Aire i leith aon bhainisteoireacht, réadú nó urscaoileadh ag an gCorparáid sa bhliain sin ar shócmhainní agus ar dhliteanais a aistrítear chuici leis an Acht seo.

[EN]

Conarthaí leanúnacha áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí don Chuideachta i ndoiciméid áirithe a oiriúnú.

4.—(1) Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach a rinne nó a thug an Chuideachta, nó a rinneadh nó a tugadh thar a ceann, d'aon duine, nó a thug aon duine don Chuideachta agus ar ghlac an Chuideachta leis nó ar glacadh leis thar ceann na Cuideachta agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an Chuideachta agus aon duine eile agus a bheidh i bhfeidhm ach nach mbeidh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ar an tosach feidhme sin agus dá éis agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an Chorparáid in ionad na Cuideachta mar pháirtí ann agus dá gcuirfí ainm na Corparáide ann in ionad ainm na Cuideachta agus beidh sé infheidhmithe ag an gCorparáid nó ina coinne.

[EN]

(2) Aon tagairtí don Chuideachta a bhí díreach roimh thosach feidhme an Achta seo i meabhrán agus in airteagail chomhlachais aon chuideachta (de réir bhrí Acht an gCuideachtaí, 1963) déanfar, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, iad a fhorléiriú mar thagairtí don Chorparáid.

[EN]

Imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh.

5.—Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, go mbeidh aon imeachtaí dlí ar feitheamh in aon chúirt nó binse agus gur páirtí sna himeachtaí an Chuideachta, cuirfear an Chorparáid in ionad na Cuideachta mar pháirtí sna himeachtaí agus cuirfear ainm na Corparáide in ionad ainm na Cuideachta sna himeachtaí agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an ionadú sin.

[EN]

Díolúine ó dhleacht stampa.

6.—Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon mhaoin nó ceart a aistrítear leis an Acht seo a dhílsiú don Chorparáid.

[EN]

Cuntais chríochnaitheacha na Cuideachta agus cuntais na Corparáide i ndáil le sócmhainní agus dliteanais a aistrítear.

7.—(1) (a) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an Achta seo, cuirfidh an Chorparáid faoi deara na cuntais go léir is cuí agus is gnách a ullmhú i cibé foirm a cheadóidh an tAire ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh an Chuideachta sa bhliain chuntasaíochta, nó sa chuid de bhliain chuntasaíochta, de chuid na Cuideachta dar críoch díreach roimh an tosach feidhme sin agus aon chuntas speisialta a ullmhú a shonróidh an tAire i ndáil leis an airgead sin.

[EN]

(b) Déanfaidh an Chorparáid a luaithe is féidir cuntais a ullmhófar de bhun an fho-ailt seo a chur faoi bhráid iniúchóra lena n-iniúchadh, agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas sochair agus dochair agus den chlár comhardaithe agus de cibé cuntais eile (más ann) de na cuntais a ordóidh an tAire agus cóip de thuarascáil an iniúchóra ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

(2) (a) Coimeádfaidh an Chorparáid i cibé foirm a cheadóidh an tAire na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh sí lena n-áirítear cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe i ndáil leis na sócmhainní agus na dliteanais a aistrítear chuici leis an Acht seo.

[EN]

(b) Déanfaidh an Chorparáid cuntais a choimeádfar de bhun an fho-ailt seo a chur gach bliain faoi bhráid iniúchóra lena n-iniúchadh, agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas sochair agus dochair agus den chlár comhardaithe agus cóip de thuarascáil an iniúchóra ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

Tuarascálacha don Aire ón gCorparáid.

8.—A luaithe is féidir tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta de chuid na Corparáide ina dtitfidh tosach feidhme an Achta seo agus tar éis dheireadh gach bliana cuntasaíochta de chuid na Corparáide dá éis sin, tíolacfaidh an Chorparáid tuarascáil don Aire i dtaobh a gníomhaíochtaí sa bhliain sin i ndáil le sócmhainní agus dliteanais na Cuideachta a aistrítear chuici leis an Acht seo agus cuirfidh an tAire faoi deara cóip den tuarascáil sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

Airleacain don Chorparáid ón Aire.

9.—(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham cibé suimeanna a airleacan don Chorparáid nach mó a gcomhiomlán ná £2 mhilliún is dóigh leis is cóir faoi choinne an chostais a bhaineann le caiteachas a íoc a thabhóidh an Chorparáid i leith dhliteanais na Cuideachta i ndáil lena feidhmeanna mar a shonraítear in alt 4 den Acht um Fhóir Teoranta, 1972.

[EN]

(2) Tabharfar airleacain faoi fho-alt (1) den alt seo ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus nithe eile a chinnfidh an tAire.

[EN]

(3) Na suimeanna go léir a íocfaidh an Chorparáid d'aisíoc airleacain faoin alt seo nó de bhun aon téarma nó coinníll ar tugadh airleacan faoina réir faoin alt seo íocfar iad isteach sa Státchiste nó cuirfear de láimh iad chun sochair don Státchiste.

[EN]

(4) An t-airgead go léir a theastóidh ón Aire ó am go ham chun suimeanna a íoc a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo déanfar iad a airleacan as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire, chun soláthar a dhéanamh le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna is gá chuige sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, chun críche na n-iasachtaí sin, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis, agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is cuí leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar amhlaidh.

[EN]

(6) Príomhshuim agus ús na n-urrús go léir a eiseofar faoin alt seo agus na caiteachais a thabhófar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint muirearófar iad ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis agus beidh siad iníoctha as an gcéanna.

[EN]

Aisghairm.

10.—Aisghairtear leis seo na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 go 1983.

[EN]

Caiteachais an Aire.

11.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

12.—(1) Féadfar an tAcht um Fhóir Teoranta (Díscaoileadh), 1990, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

[GA]

harp.jpg


Number 31 of 1990


[GA]

FÓIR TEORANTA (DISSOLUTION) ACT, 1990


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Interpretation.

2.

Dissolution of Company.

3.

Transfer of certain property and liabilities of Company to Corporation.

4.

Preservation of certain continuing contracts and adaptation of references to Company in certain documents.

5.

Pending legal proceedings.

6.

Exemption from stamp duty.

7.

Final accounts of Company and accounts of Corporation in relation to transferred assets and liabilities.

8.

Reports to Minister by Corporation.

9.

Advances to Corporation by Minister.

10.

Repeal.

11.

Expenses of Minister.

12.

Short title and commencement.


Acts Referred to

Companies Act, 1963

1963, No. 33

Finance Act, 1895

1895, c. 16

Fóir Teoranta Act, 1972

1972, No. 1

Fóir Teoranta Acts, 1972 to 1983

harp.jpg


Number 31 of 1990


FÓIR TEORANTA (DISSOLUTION) ACT, 1990


AN ACT TO PROVIDE FOR THE DISSOLUTION OF FÓIR TEORANTA AND THE TRANSFER OF ITS ASSETS AND LIABILITIES TO THE INDUSTRIAL CREDIT CORPORATION PUBLIC LIMITED COMPANY AND TO PROVIDE FOR CONNECTED MATTERS. [17th December, 1990] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Interpretation.

1.—In this Act—

[GA]

the Company” means Fóir Teoranta;

[GA]

the Corporation” means the Industrial Credit Corporation Public Limited Company;

[GA]

the Minister” means the Minister for Finance.

[GA]

Dissolution of Company.

2.—The Company is hereby dissolved.

[GA]

Transfer of certain property and liabilities of Company to Corporation.

3.—(1) The following shall be and hereby are transferred to the Corporation:

[GA]

(a) all property and rights held or enjoyed immediately before the commencement of this Act by the Company, and

[GA]

(b) all liabilities (other than liabilities in relation to the repayment to the Minister of £75,000,000 in respect of advances made to the Company under section 13 of the Fóir Teoranta Act, 1972) incurred before such commencement by the Company that had not been discharged before such commencement,

[GA]

and, accordingly, without any further conveyance, transfer or assignment—

[GA]

(i) the said property, real and personal, shall on such commencement vest in the Corporation for all the estate, term or interest for which, immediately before such commencement, it was vested in the Company but subject to all trusts and equities affecting the property and capable of being performed,

[GA]

(ii) the said rights, shall, as on and from such commencement, be enjoyed by the Corporation,

[GA]

(iii) the said liabilities shall, as on and from such commencement, be the liabilities of the Corporation.

[GA]

(2) All moneys, stocks, shares and securities transferred to the Corporation by this section that, immediately before the commencement of this Act, are standing in the name of the Company shall, upon the request of the Corporation, be transferred into its name.

[GA]

(3) Every right and liability transferred by this section to the Corporation may, on or after the commencement of this Act, be sued on, recovered or enforced by or against the Corporation in its own name and it shall not be necessary for the Corporation to give notice to the person whose right or liability is transferred by this section of the transfer.

[GA]

(4) The amount of any interest, dividends or other payments received by the Corporation in respect of assets transferred to it by this section (including payments in respect of the realisation of such assets) shall be paid to the Minister and shall be paid by him into or for the benefit of the Exchequer.

[GA]

(5) The Minister may, out of moneys provided by the Oireachtas, pay to the Corporation after each financial year of the Corporation a fee of such amount (if any) as the Minister considers appropriate in respect of any management, realisation or discharge by the Corporation in that year of assets and liabilities transferred to it by this Act.

[GA]

Preservation of certain continuing contracts and adaptation of references to Company in certain documents.

4.—(1) Every bond, guarantee or other security of a continuing nature made or given by or on behalf of the Company to any person or given by any person to and accepted by or on behalf of the Company and every contract or agreement in writing made between the Company and any other person and in force but not fully executed and completed immediately before the commencement of this Act shall continue in force on and after such commencement and shall be construed and have effect as if the Corporation were substituted for the Company as a party thereto and the name of the Corporation were substituted therein for that of the Company and shall be enforceable by or against the Corporation.

[GA]

(2) References to the Company contained immediately before the commencement of this Act in the memorandum and articles of association of any company (within the meaning of the Companies Act, 1963), shall, on and after such commencement, be construed as references to the Corporation.

[GA]

Pending legal proceedings.

5.—Where, immediately before the commencement of this Act, any legal proceedings are pending in any court or tribunal and the Company is a party to the proceedings, the Corporation shall be substituted for the Company as a party thereto and the name of the Corporation shall be substituted in the proceedings for that of the Company and the proceedings shall not abate by reason of such substitution.

[GA]

Exemption from stamp duty.

6.—Section 12 of the Finance Act, 1895, shall not apply to the vesting in the Corporation of any property or right transferred by this Act.

[GA]

Final accounts of Company and accounts of Corporation in relation to transferred assets and liabilities.

7.—(1) (a) As soon as may be after the commencement of this Act, the Corporation shall cause to be prepared in such form as may be approved of by the Minister all proper and usual accounts of all moneys received or expended by the Company in the accounting year, or the part of an accounting year, of the Company ending immediately before such commencement and any special account specified by the Minister in relation to those moneys.

[GA]

(b) Accounts prepared pursuant to this subsection shall be submitted as soon as may be by the Corporation to an auditor for audit and, immediately after the audit, a copy of the profit and loss account and of the balance sheet and of such other (if any) of the accounts as the Minister may direct and a copy of the auditor's report on the accounts shall be presented to the Minister who shall cause copies thereof to be laid before each House of the Oireachtas.

[GA]

(2) (a) The Corporation shall keep in such form as may be approved of by the Minister all proper and usual accounts of all moneys received or expended by it including a profit and loss account and a balance sheet in relation to the assets and liabilities transferred to it by this Act.

[GA]

(b) Accounts kept pursuant to this subsection shall be submitted annually by the Corporation to an auditor for audit and, immediately after the audit, a copy of the profit and loss account and of the balance sheet and a copy of the auditor's report on the accounts shall be presented to the Minister who shall cause copies thereof to be laid before each House of the Oireachtas.

[GA]

Reports to Minister by Corporation.

8.—As soon as may be after the end of the accounting year of the Corporation in which the commencement of this Act falls and of each subsequent accounting year of the Corporation, the Corporation shall present a report to the Minister of its activities in that year in relation to the assets and liabilities of the Company transferred to it by this Act and the Minister shall cause a copy of the report to be laid before each House of the Oireachtas.

[GA]

Advances to Corporation by Minister.

9.—(1) The Minister may advance from time to time to the Corporation such sums not exceeding in the aggregate £2 million as he thinks proper towards the cost of defraying expenditure incurred by the Corporation in respect of liabilities of the Company in relation to its functions as specified in section 4 of the Fóir Teoranta Act, 1972.

[GA]

(2) Advances under subsection (1) of this section shall be made on such terms as to repayment, interest and other matters as may be determined by the Minister.

[GA]

(3) All sums paid by the Corporation in repayment of an advance under this section or in pursuance of any term or condition subject to which an advance was made under this section shall be paid into or disposed of for the benefit of the Exchequer.

[GA]

(4) All moneys from time to time required by the Minister to meet sums which may become payable by him under this section shall be advanced out of the Central Fund or the growing produce thereof.

[GA]

(5) The Minister may, for the purpose of providing for advances out of the Central Fund under this section, borrow on the security of the Central Fund or the growing produce thereof any sums required for that purpose and, for the purpose of such borrowing, he may create and issue securities bearing such rate of interest and subject to such conditions as to repayment, redemption or otherwise as he thinks fit, and shall pay all moneys so borrowed into the Exchequer.

[GA]

(6) The principal of and interest on all securities issued under this section and the expenses incurred in connection with the issue of such securities shall be charged on and payable out of the Central Fund or the growing produce thereof.

[GA]

Repeal.

10.—The Fóir Teoranta Acts, 1972 to 1983, are hereby repealed.

[GA]

Expenses of Minister.

11.—The expenses incurred by the Minister in the administration of this Act shall be paid out of moneys provided by the Oireachtas.

[GA]

Short title and commencement.

12.—(1) This Act may be cited as the Fóir Teoranta (Dissolution) Act, 1990.

[GA]

(2) This Act shall come into operation on such day as the Minister may appoint by order.