As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 3 de 1962.
AN tACHT RÓD-CHISTE (DEONTAIS) (FORÁLACHA SEALADACHA), 1962.
[An tiontú oifigiúil.]
Deontais don Ród-Chiste.
1.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, i rith na dtrí bliana dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1961, deontais a thabhairt don Ród-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(2) Ní mó ná seacht gcéad míle punt méid iomlán na ndeontas a thabharfar faoin alt seo.
Aisghairm agus forálacha iarmartacha.
2.—(1) Aisghairtear leis seo fo-alt (3) d'alt 1 den Acht Ród-Chiste (Roimh-Iocanna), 1926, agus alt 3 den Acht Ród-Chiste (Deontais agus Airleacain) (Forálacha Sealadacha), 1959.
(2) Aon mhéid a bhí, díreach roimh thosach feidhme an fho-ailt seo, gan aisíoc i leith aon suim a airleacadh faoi alt 1 den Acht Ród-Chiste (Roimh-Iocanna), 1926, nó alt 3 den Acht Ród-Chiste (Deontais agus Airleacain) (Forálacha Sealadacha) 1959, áireofar é, maraon leis an ús a bheidh faibhrithe chun a bheith dlite air, mar dheontas nach inaisíoctha.
(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1962.
Gearrtheideal.
3.—Féadfar an tAcht Ród-Chiste (Deontais) (Forálacha Sealadacha), 1962, a ghairm den Acht seo.
Number 3 of 1962.
ROAD FUND (GRANTS) (TEMPORARY PROVISIONS) ACT, 1962.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Acts Referred to | |
1926, No. 29 | |
Road Fund (Grants and Advances) (Temporary Provisions) Act, 1959 | 1959, No. 12 |
Number 3 of 1962.
ROAD FUND (GRANTS) (TEMPORARY PROVISIONS) ACT, 1962.
Grants to Road Fund.
1.—(1) During the period of three years beginning on the 1st day of April, 1961, the Minister for Finance may make grants to the Road Fund out of moneys provided by the Oireachtas.
(2) The total amount of the grants made under this section shall not exceed seven hundred thousand pounds.
Repeals and consequential provisions.
2.—(1) Subsection (3) of section 1 of the Road Fund (Advances) Act, 1926, and section 3 of the Road Fund (Grants and Advances) (Temporary Provisions) Act, 1959, are hereby repealed.
(2) Any amount which, immediately before the commencement of this subsection, stood not repaid in respect of any sum advanced under section 1 of the Road Fund (Advances) Act, 1926, or section 3 of the Road Fund (Grants and Advances) (Temporary Provisions) Act, 1959, shall, together with the interest then accrued due on such amount, be treated as a non-repayable grant.
(3) Subsections (1) and (2) of this section shall come into operation on the 1st day of April, 1962.
Short title.
3.—This Act may be cited as the Road Fund (Grants) (Temporary Provisions) Act, 1962.