As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 54 de 1924.


[EN]

ACHT NA dTITHE (SAORÁIDÍ TÓGALÁ) (LEASÚ), 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR ACHT NA dTITHE (SAORÁIDÍ TÓGÁLA), 1924.

[18adh Mí na Nodlag, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Míniú ar “Príomh-Acht.”

1.—San Acht so cialluíonn an focal “Príomh-Acht” Acht na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924 (Uimh. 14 de 1924).

[EN]

An brí atá leis an bhfocal “duine” sa Phríomh-Acht.

2.—Ní fholóidh an focal “duine,” pé áit ina bhfuil sé sa Phríomh-Acht, agus tuigfar nár fholuigh sé riamh údarás áitiúil, agus léireofar an tAcht san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Deontaisí d'údaráis áitiúla a bheidh ag tógáil no ag athdhéanamh tithe.

3.—(1) Féadfidh an tAire, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontaisí do dheona, le cead ón Aire Airgid, d'údaráis áitiúla a bheidh ag tógáil no ag athdhéanamh tithe fé fhorálacha na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921.

[EN]

(2) Ní raghaidh méid aon deontais a deonfar d'údarás áitiúil i dtaobh aon tithe thar iomlán na suimeanna oiriúnacha a luaidhtear i gCuid I. den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht mar dheontas maximum ón Aire i dtaobh gach tighe dhíobh.

[EN]

(3) Athghairmtear fo-alt (3) d'alt 2 den Phríomh-Acht leis seo agus ina ionad san, maidir le méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) fén alt san, maraon le méid iomlán na ndeontas a bheidh le deona fén alt so, achtuítear leis seo ná raghaidh sé thar suim £250,000 i dtaobh tógáil tithe na thar suim £50,000 i dtaobh athdhéanamh tithe.

[EN]

Costaisí ar údaráis áitiúla i dtaobh feidhmiú an Phríomh-Achta agus an Achta so.

4.—(1) Na costaisí uile fé n-ar chuaidh no fé n-a raghaidh comhairle contae, roimh rith an Achta so no dá éis sin, i bhfeidhmiú an Phríomh-Achta no an Achta so, is amach as an ráta dealbhais a híocfar iad agus muirearófar iad ar líomatáiste uile na contae sin lasmuich de líomatáiste aon bhuirge, bailecheanntair, no baile ina bhfuil coimisinéirí baile, sa chontae sin.

[EN]

(2) Na costaisí uile fé n-ar chuaidh no fé n-a raghaidh comhairle contae-bhuirge no bailecheanntair no coimisinéirí baile, roimh rith an Achta so no dá éis sin, i bhfeidhmiú an Phríomh-Achta no an Achta so, soláthrófar agus íocfar iad fé is dá mba i bhfeidhmiú na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, a raghadh an chomhairle no na coimisinéirí sin fútha.

[EN]

Baint an Phríomh-Achta do leathanú i gcásanna áirithe.

5.—I dteanta na dtithe atá luaidhte in alt 3 den Phríomh-Acht bainfidh an tAcht san agus tuigfar gur bhain sé riamh, i gcásanna speisialta ina gceadóidh an tAire é, le tigh a bheidh do réir na gcoiníollacha so a leanas:—

[EN]

(a) nách mó ná 1,400 troigh cheárnach a bheidh achar iomlán na n-úrlár uile a bheidh sa tigh agus iad do thomhas laistigh de sna fallaí fóirimealhacha;

[EN]

(b) gur tosnuíodh ar thógáil no ar athdhéanamh an tighe laistigh de shé mhí roimh rith an Phríomh-Achta;

[EN]

(c) go bhfuil an tigh do réir forálacha alt 3 den Phríomh-Acht ach amháin na forálacha a bhaineann le hachar iomlán maximum na n-úrlár uile a bheidh sa tigh agus na forálacha a bhaineann leis an dáta ar a mbeifar le tosnú ar thógáil no ar athdhéanamh an tighe.

[EN]

Gearr-theideal agus léiriú.

6.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Saoráidí Tógála) (Leasú), 1924, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus féadfar Achtanna na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924, do ghairm den Acht so agus den Phríomh-Acht le chéile.

[GA]

harp.jpg


Number 54 of 1924.


[GA]

HOUSING (BUILDING FACILITIES) (AMENDMENT) ACT, 1924.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definition of “Principal Act”.

2.

Meaning of word “person” in Principal Act.

3.

Grants to local authorities erecting or reconstructing houses.

4.

Expenses of execution of Principal Act and this Act by local authorities.

5.

Extension of application of Principal Act in certain cases.

6.

Short title and construction.


Acts Referred to

Housing (Building Facilities) Act, 1924

No. 14 of 1924

harp.jpg


Number 54 of 1924.


HOUSING (BUILDING FACILITIES) (AMENDMENT) ACT, 1924.


AN ACT TO AMEND THE HOUSING (BUILDING FACILITIES) ACT, 1924. [18th December, 1924.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Definition of “Principal Act.

1.—In this Act the expression “Principal Act” means the Housing (Building Facilities) Act, 1924 (No. 14 of 1924).

[GA]

Meaning of word “person” in Principal Act.

2.—The word “person” where it occurs in the Principal Act shall not include and shall be deemed never to have included a local authority, and that Act shall be construed and have effect accordingly.

[GA]

Grants to local authorities erecting or reconstructing houses.

3.—(1) The Minister may, with the consent of the Minister for Finance, make grants out of moneys to be provided by the Oireachtas to local authorities erecting or reconstructing houses under the provisions of the Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921.

[GA]

(2) The amount of any grant made to a local authority in respect of any houses shall not exceed the total of the appropriate sums specified in Part I. of the Schedule to the Principal Act as the maximum grant by the Minister in respect of each of those houses.

[GA]

(3) Sub-section (3) of section 2 of the Principal Act is hereby repealed and in lieu thereof it is hereby enacted that the aggregate amount of the grants made or to be made (whether before or after the passing of this Act) under the said section together with the aggregate amount of the grants to be made under this section shall not exceed the sum of £250,000 in respect of the erection of houses or the sum of £50,000 in respect of the reconstruction of houses.

[GA]

Expenses of execution of Principal Act and this Act by local authorities.

4.—(1) All expenses incurred before or after the passing of this Act by the council of a county in the execution of the Principal Act or this Act shall be defrayed out of the poor rate and shall be charged upon the whole area of such county exclusive of the area of any borough, urban district, or town having town commissioners situate in such county.

[GA]

(2) All expenses incurred before or after the passing of this Act by the council of a county borough or urban district or by the commissioners of a town in the execution of the Principal Act or this Act shall be raised and defrayed as if they had been incurred by such council or commissioners in the execution of the Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921.

[GA]

Extension of application of Principal Act in certain cases.

5.—In addition to the houses mentioned in section 3 of the Principal Act, that Act shall apply and be deemed always to have applied in special cases approved of by the Minister to a house which fulfills the following conditions:—

[GA]

(a) the total area of all floors of the house measured inside the external walls does not exceed 1,400 square feet;

[GA]

(b) the erection or reconstruction of the house was begun within six months before the passing of the Principal Act;

[GA]

(c) the house complies with the provisions of section 3 of the Principal Act other than the provisions relating to the maximum total area of all floors of the house and the provisions relating to the date on which the erection or reconstruction of the house is to be begun.

[GA]

Short title and construction.

6.—(1) This Act may be cited as the Housing (Building Facilities) (Amendment) Act, 1924.

[GA]

(2) This Act shall be construed as one with the Principal Act, and this Act and the Principal Act may be cited together as the Housing (Building Facilities) Acts, 1924.