As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 6 de 1942.
ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH (ORDUITHE DO DHAINGNIÚ), 1942.
[An tionntódh oifigeamhail.]
[28adh Abrán, 1942.]
Orduithe do dhaingniú.
1.—(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do rinneadh fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932).
(2) Na mion-innste luaidhtear sa dara colún agus sa cheathrú colún fé seach den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, maidir leis na hOrduithe luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san, is chuige amháin atáid sa Sceideal san chun gurbh usa-de tagairt do na hOrduithe sin agus iad d'aithint agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh éinní atá sa dara colún san ná sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná do léiriú an tríú colúin den Sceideal san ná ní dhéanfaidh teorannú ná rialú ar oibriú an ailt seo ná an cholúin sin.
Gearr-theideal.
2.—Féadfar an tAcht chun Diúitéthe do Ghearradh (Orduithe do Dhaingniú), 1942, do ghairm den Acht so.
SCEIDEAL.
Uimh. Thag. | Uimhir agus Bliain sna Rialacha agus Orduithe Reachtúla | Gearr-theideal | Abhar Generálta |
1 | Uimh. 403 de 1941. | Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 221), 1941. | An diúité ar olainn chadáis agus ar shubstaintí áirithe eile d'athrú. |
2 | Uimh. 421 de 1941. | Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 222), 1941. | An diúité ar chassis áirithe gluaisteáin d'athrú. |
3 | Uimh. 464 de 1941. | Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 223), 1941. | Ceadúnais chun earraí indiúité áirithe d'iomportáil gan diúité d'íoc. |
Number 6 of 1942.
IMPOSITION OF DUTIES (CONFIRMATION OF ORDERS) ACT, 1942.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Act Referred to | |
No. 16 of 1932 |
Number 6 of 1942.
IMPOSITION OF DUTIES (CONFIRMATION OF ORDERS) ACT, 1942.
Confirmation of Orders.
1.—(1) The several Orders mentioned in the third column of the Schedule to this Act, and made under the Emergency Imposition of Duties Act, 1932 (No. 16 of 1932), are hereby confirmed.
(2) The particulars stated in the second and fourth columns, respectively, of the Schedule to this Act in relation to the Orders mentioned in the third column of the said Schedule are inserted in the said Schedule solely to facilitate reference to and identification of the said Orders, and, accordingly, nothing contained in the said second column or the said fourth column shall affect the construction or limit or control the operation of this section and the third column of the said Schedule.
Short title.
2.—This Act may be cited as the Imposition of Duties (Confirmation of Orders) Act, 1942.
SCHEDULE.
Ref. No. | Number and Year in the Statutory Rules and Orders | Short Title | General subject-matter |
1. | No. 403 of 1941. | Emergency Imposition of Duties (No. 221) Order, 1941. | Variation of the duty on cotton wool and certain other substances. |
2. | No. 421 of 1941. | Emergency Imposition of Duties (No. 222) Order, 1941. | Variation of the duty on certain motor car chassis. |
3. | No. 464 of 1941. | Emergency Imposition of Duties (No. 223) Order, 1941. | Licences for the importation of certain dutiable goods without payment of duty. |