As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 7 de 1969


[EN]

AN tACHT UM MAINISTIR NA CROISE NAOFA (CONTAE THIOBRAID ÁRANN), 1969

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ DO CHOIMISINÉIRÍ NA nOIBREACHA POIBLÍ IN ÉIRINN MAINISTIR NA CROISE NAOFA I gCONTAE THIOBRAID ÁRANN, AN TRIAN THUAIDH A ATHCHÓIRIÚ LE hAGHAIDH CUSPÓIRÍ EAGLASTA, DO LEASÚ ALT 25 (1) DEN IRISH CHURCH ACT, 1869, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [29 Aibreán, 1969.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an eaglais” eaglais Mhainistir na Croise Naofa i gContae Thiobraid Árann, an Trian Thuaidh, atá dílsithe do na Coimisinéirí agus folaíonn sé aon déanmhas nó foirgneamh ar gá, i dtuairim na gCoimisinéirí, é a athchóiriú ionas go bhféadfaidh siad an Eaglais Mhainistreach sin a athchóiriú faoi alt 2 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn.

[EN]

An eaglais a athchóiriú.

1954, Uimh. 37.

2.—(1) Féadfaidh na Coimisinéirí, más oiriúnach leo, an eaglais a athchóiriú le haghaidh cuspoirí eaglasta.

[EN]

(2) Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo go bhféadfaidh na Coimisinéirí, nuair a dhéanfaidh siad léas nó a dheonóidh siad ceadúnas i leith na heaglaise faoi réim agus de réir alt 17 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1954, an léas sin a dhéanamh nó an ceadúnas sin a dheonú faoi réir coinníll á cheangal go n-íocfa suim leis na Coimisinéirí ar cóimhéid le hiomlán nó gcaiteachas, nó le cuid de na caiteachais, a thabhaigh nó a thabhóidh na Coimisinéir ag athchóiriú na heaglaise faoi fho-alt (1) den alt seo agus féadfar aon suim den sórt sin a íoc ina tráthchodanna más oiriúnach leis na Coimisinéirí.

[EN]

Leasú ar alt 25 (1) den Irish Church Act, 1869.

1869, c. 42.

3.—Ní oibreoidh alt 25 (1) den Irish Church Act, 1869, chun na Coimisinéirí a chosc ón eaglais a athchóiriú faoi alt 2 den Acht seo agus scoirfidh sé d'éifeacht a bheith aige a mhéid a cheanglaíonn sé nach n-úsáidfear an eaglais mar áit adhartha phoiblí.

[EN]

Caiteachas.

4.—Déanfar aon chaiteachas a thabhóidh na Coimisinéirí faoin Acht seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal.

5.—Féadfar an tAcht um Mainistir na Croise Naofa (Contae Thiobraid Árann), 1969, a ghairm den Acht seo.

[GA]

harp.jpg


Number 7 of 1969


[GA]

HOLYCROSS ABBEY (COUNTY TIPPERARY) ACT, 1969


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Interpretation.

2.

Restoration of church.

3.

Amendment of section 25(1) of Irish Church Act, 1869.

4.

Expenses.

5.

Short title.


Acts Referred to

National Monuments (Amendment) Act, 1954

1954, No. 37.

Irish Church Act, 1869

1869, c. 42.

harp.jpg


Number 7 of 1969


HOLYCROSS ABBEY (COUNTY TIPPERARY) ACT, 1969


AN ACT TO ENABLE THE COMMISSIONERS OF PUBLIC WORKS IN IRELAND TO RESTORE FOR ECCLESIASTICAL PURPOSES HOLYCROSS ABBEY IN THE COUNTY OF TIPPERARY, NORTH RIDING, TO AMEND SECTION 25 (1) OF THE IRISH CHURCH ACT, 1869, AND TO PROVIDE FOR CERTAIN MATTERS RELATED TO THE MATTERS AFORESAID. [29th April, 1969.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Interpretation.

1.—In this Act—

[GA]

the church” means the Abbey Church situated at Holycross in the county of Tipperary, North Riding, and vested in the Commissioners and includes any structure or building the restoration of which, in the opinion of the Commissioners, is necessary to enable the said Abbey Church to be restored by them under section 2 of this Act;

[GA]

the Commissioners” means the Commissioners of Public Works in Ireland.

[GA]

Restoration of church.

2.—(1) The Commissioners may, if they think fit, restore the church for use for ecclesiastical purposes.

[GA]

(2) For the avoidance of doubt it is hereby declared that the Commissioners, in making a lease or granting a licence in respect of the church under and in accordance with section 17 of the National Monuments (Amendment) Act, 1954, may make such lease or grant such licence subject to a condition requiring the payment to the Commissioners of an amount equal to the whole or part of the expenses incurred or to be incurred by the Commissioners in restoring the church under subsection (1) of this section and any such amount may, if the Commissioners think fit, be paid in instalments.

[GA]

Amendment of section 25(1) of Irish Church Act, 1869.

3.—Section 25 (1) of the Irish Church Act, 1869, shall not operate to prevent the Commissioners restoring the church under section 2 of this Act and shall, in so far as it requires the church not to be used as a place of public worship, cease to have effect.

[GA]

Expenses.

4.—Any expenses incurred by the Commissioners under this Act, shall to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.

[GA]

Short title.

5.—This Act may be cited as the Holycross Abbey (County Tipperary) Act, 1969.