As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

harp.jpg


Uimhir 7 de 1990


AN tACHT UM CHUAN DHÚN LAOGHAIRE, 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Cuan Dhún Laoghaire a aistriú chuig an Aire.

3.

Feidhmeanna a aistriú chuig an Aire.

4.

Riaradh agus gnó na gCoimisinéirí a aistriú.

5.

Imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh.

6.

Nithe áirithe a thosaigh na Coimisinéirí a chur i gcrích.

7.

Conarthaí leanúnacha áirithe a bhuanú.

8.

Dolaí, rátaí, dleachtanna agus muirir eile.

9.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An Act to amend several Acts relating to the Harbour of Kingstown

1836, c. 117

Finance Act, 1895

1895, c. 16

Acht na gCuanta Stáit, 1924

1924, Uimh. 49

harp.jpg


Uimhir 7 de 1990


AN tACHT UM CHUAN DHÚN LAOGHAIRE, 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN RIALÚ CHUAN DHÚN LAOGHAIRE A AISTRIÚ Ó CHOIMISINÉIRÍ NA nOIBREACHA POIBLÍ IN ÉIRINN CHUIG AIRE NA MARA AGUS LE hAGHAIDH NITHE COMHGHAOLMHARA. [11 Aibreán, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

[EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1924” Acht na gCuanta Stáit, 1924;

[EN]

ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a ritear an tAcht seo;

[EN]

ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

[EN]

ciallaíonn “Cuan Dhún Laoghaire” an cuan a bunaíodh le reacht Briotanach a ritheadh an 20ú lá de Lúnasa, 1836, agus dar teideal “An Act to amend several Acts relating to the Harbour of Kingstown”, ar tugadh an t-ainm Cuan Dhún Laoghaire dó le halt 10 d'Acht 1924;

[EN]

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus aon tagairt d'fheidhmeanna a chomhlíonadh folaíonn sí, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairt do chumhachtaí a fheidhmiú agus do dhualgais a chomhall;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” Aire na Mara.

[EN]

Cuan Dhún Laoghaire a aistriú chuig an Aire.

2.—(1) An mhaoin, na cearta agus na dliteanais go léir a bhaineann le Cuan Dhún Laoghaire agus a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, á sealbhú nó ar teachtadh ag na Coimisinéirí nó tabhaithe acu de bhua Acht 1924, beidh siad, ar an lá ceaptha, arna n-aistriú chuig an Aire agus dá réir sin, gan aon tíolacadh, aistriú ná sannadh breise—

[EN]

(a) dílseoidh an mhaoin sin, réadach agus pearsanta, don Aire ar an lá ceaptha,

[EN]

(b) beidh na cearta sin, ar an agus ón lá ceaptha, ar teachtadh ag an Aire,

[EN]

(c) beidh na dliteanais sin, ar an agus ón lá ceaptha, ina ndliteanais de chuid an Aire.

[EN]

(2) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chuig an Aire leis an alt seo agus atá, díreach roimh an lá ceaptha, in ainm na gCoimisinéirí, déanfar, ar an Aire á iarraidh sin, iad a aistriú isteach ina ainm.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon mhaoin nó cearta a aistrítear leis an alt seo a dhílsiú don Aire.

[EN]

Feidhmeanna a aistriú chuig an Aire.

3.—(1) Na feidhmeanna a bhí dílsithe, díreach roimh an lá ceaptha, do na Coimisinéirí agus a bhí infheidhmithe maidir le Cuan Dhún Laoghaire (cibé acu a bhí siad infheidhmithe faoi Acht 1924 nó ar shlí eile) déanfar, de bhua an ailt seo, iad a aistriú ar an lá ceaptha chuig an Aire.

[EN]

(2) Déanfar, ar an lá ceaptha agus dá éis, aon tagairtí do na Coimisinéirí in Acht 1924, nó in aon achtachán eile nó in aon ionstraim reachtúil a bhaineann le haon fheidhm a aistrítear leis an alt seo, a fhorléiriú, a mhéid a bhaineann siad le feidhm den sórt sin, mar thagairtí don Aire.

[EN]

Riaradh agus gnó na gCoimisinéirí a aistriú.

4.—Déanfar an riaradh agus an gnó i dtaca le comhlíonadh aon fheidhmeanna a aistrítear le halt 3 den Acht seo a aistriú, ar an lá ceaptha, chuig Roinn na Mara.

[EN]

Imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh.

5.—Más rud é, díreach roimh an lá ceaptha, go mbeidh aon imeachtaí dlí ar feitheamh i ndáil le Cuan Dhún Laoghaire ar páirtí iontu na Coimisinéirí, déanfar ainm an Aire a chur in ionad ainm na gCoimisinéirí sna himeachtaí, agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur-in-ionad sin.

[EN]

Nithe áirithe a thosaigh na Coimisinéirí a chur i gcrích.

6.—Aon ní a bhí tosaithe roimh an lá ceaptha ag na Coimisinéirí nó faoi údarás uathu féadfaidh an tAire, a mhéid a bhaineann an ní sin le feidhmeanna a aistrítear le halt 3 den Acht seo chuig an Aire, é a sheoladh nó a chur i gcrích ar an lá ceaptha agus dá éis.

[EN]

Conarthaí leanúnacha áirithe a bhuanú.

7.—Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de ghné leanúnach a rinne nó a thug na Coimisinéirí, nó a rinneadh nó a tugadh thar a gceann, d'aon duine i gcomhlíonadh feidhme a aistrítear le halt 3 den Acht seo, nó a rinne nó a thug aon duine do na Coimisinéirí agus ar ghlac na Coimisinéirí leis, nó ar glacadh leis thar a gceann, i gcomhlíonadh feidhme den sórt sin, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir na Coimisinéirí, i gcomhlíonadh feidhme den sórt sin, agus duine eile, agus a bhí i bhfeidhm ach nach raibh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán díreach roimh an lá ceaptha, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ar an lá ceaptha agus dá éis, agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí ainm an Aire ann in ionad ainm na gCoimisinéirí agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm ag an Aire nó ina choinne.

[EN]

Dolaí, rátaí, dleachtanna agus muirir eile.

8.—(1) Na cumhachtaí go léir i leith dolaí, rátaí, dleachtanna agus muirear eile i ndáil le Cuan Dhún Laoghaire a thugtar le halt 7 d'Acht 1924 nó le haon achtachán eile beidh siad, ar an lá ceaptha agus dá éis, infheidhmithe ag an Aire agus ní bheidh siad infheidhmithe thairis sin.

[EN]

(2) Aon deimhniú a airbheartaíonn a bheith faoi shéala an Aire á rá go bhfuil suim a shonraítear sa deimhniú dlite agus le híoc ag an duine a ainmnítear sa deimhniú leis an Aire i leith aon dolaí, rátaí, dleachtanna nó muirear eile is inmhuirearaithe ag an Aire i ndáil le Cuan Dhún Laoghaire, beidh sé, mura gcruthófar a mhalairt, ina fhianaise go bhfuil an tsuim a luaitear sa deimhniú sin dlite amhlaidh.

[EN]

Gearrtheideal.

9.—Féadfar an tAcht um Chuan Dhún Laoghaire, 1990, a ghairm den Acht seo.

[GA]

harp.jpg


Number 7 of 1990


[GA]

DÚN LAOGHAIRE HARBOUR ACT, 1990


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Transfer of Dún Laoghaire Harbour to Minister.

3.

Transfer of functions to Minister.

4.

Transfer of administration and business of Commissioners.

5.

Pending legal proceedings.

6.

Completion of certain matters commenced by Commissioners.

7.

Preservation of certain continuing contracts.

8.

Tolls, rates, dues and other charges.

9.

Short title.


Acts Referred to

An Act to amend several Acts relating to the Harbour of Kingstown

1836, c. 117

Finance Act, 1895

1895, c. 16

State Harbours Act, 1924

1924, No. 49

harp.jpg


Number 7 of 1990


DÚN LAOGHAIRE HARBOUR ACT, 1990


AN ACT TO PROVIDE FOR THE TRANSFER OF CONTROL OF DÚN LAOGHAIRE HARBOUR FROM THE COMMISSIONERS OF PUBLIC WORKS IN IRELAND TO THE MINISTER FOR THE MARINE AND FOR CONNECTED MATTERS. [11th April, 1990] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS: [GA]

Definitions.

1.—In this Act—

[GA]

the Act of 1924” means the State Harbours Act, 1924;

[GA]

the appointed day” means the day of the passing of this Act;

[GA]

the Commissioners” means the Commissioners of Public Works in Ireland;

[GA]

Dún Laoghaire Harbour” means the harbour constituted by a British statute passed on the 20th day of August, 1836, and entitled “An Act to amend several Acts relating to the Harbour of Kingstown” to which the name Dún Laoghaire Harbour was given by section 10 of the Act of 1924;

[GA]

functions” includes powers and duties and a reference to a performance of functions includes, as respects powers and duties, a reference to the exercise of powers and the carrying out of duties;

[GA]

the Minister” means the Minister for the Marine.

[GA]

Transfer of Dún Laoghaire Harbour to Minister.

2.—(1) All property, rights and liabilities appertaining to Dún Laoghaire Harbour held, enjoyed or incurred immediately before the appointed day by the Commissioners by virtue of the Act of 1924 shall on the appointed day stand transferred to the Minister and, accordingly, without any further conveyance, transfer or assignment—

[GA]

(a) the said property, real and personal, shall, on the appointed day, vest in the Minister,

[GA]

(b) the said rights shall, on and from the appointed day, be enjoyed by the Minister,

[GA]

(c) the said liabilities shall, on and from the appointed day, be the liabilities of the Minister.

[GA]

(2) All moneys, stocks, shares and securities transferred to the Minister by this section which, immediately before the appointed day, are standing in the name of the Commissioners shall, upon the request of the Minister, be transferred into his name.

[GA]

(3) Section 12 of the Finance Act, 1895, shall not apply to the vesting in the Minister of any property or rights transferred by this section.

[GA]

Transfer of functions to Minister.

3.—(1) On the appointed day the functions vested immediately before the appointed day in the Commissioners and exercisable in respect of Dún Laoghaire Harbour (whether exercisable under the Act of 1924 or otherwise) shall, by virtue of this section, be transferred to the Minister.

[GA]

(2) On and after the appointed day references to the Commissioners contained in the Act of 1924, or in any other enactment or any statutory instrument relating to any function transferred by this section shall, in so far as they relate to such a function, be construed as references to the Minister.

[GA]

Transfer of administration and business of Commissioners.

4.—The administration and business in connection with the performance of any functions transferred by section 3 of this Act shall, on the appointed day, be transferred to the Department of the Marine.

[GA]

Pending legal proceedings.

5.—Where, immediately before the appointed day, any legal proceedings are pending in relation to Dún Laoghaire Harbour to which the Commissioners are a party the name of the Minister shall be substituted in the proceedings for that of the Commissioners, and the proceedings shall not abate by reason of such substitution.

[GA]

Completion of certain matters commenced by Commissioners.

6.—Anything commenced before the appointed day by or under the authority of the Commissioners may, so far as it relates to functions transferred by section 3 of this Act to the Minister, be carried on or completed on and after the appointed day by the Minister.

[GA]

Preservation of certain continuing contracts.

7.—Every bond, guarantee or other security of a continuing nature made or given by or on behalf of the Commissioners to any person in the performance of a function transferred by section 3 of this Act, or by any person to the Commissioners and accepted by or on behalf of the Commissioners in the performance of such a function, and in force immediately before the appointed day, and every contract or agreement in writing made between the Commissioners in the performance of such a function and another person and in force but not fully executed and completed immediately before the appointed day, shall continue in force on and after the appointed day and shall be construed and have effect as if the name of the Minister were substituted therein for that of the Commissioners and such security, contract or agreement shall be enforceable by or against the Minister.

[GA]

Tolls, rates, dues and other charges.

8.—(1) All powers in respect of tolls, rates, dues and other charges in relation to Dún Laoghaire Harbour given by section 7 of the Act of 1924 or by any other enactment shall, on and after the appointed day, be exercisable by the Minister and not otherwise.

[GA]

(2) A certificate purporting to be under the seal of the Minister stating that a sum specified in the certificate is due and owing by the person named in the certificate to the Minister in respect of any tolls, rates, dues or other charges chargeable by the Minister in relation to Dún Laoghaire Harbour shall, unless the contrary is proved, be evidence that the sum stated in the certificate is so due.

[GA]

Short title.

9.—This Act may be cited as the Dún Laoghaire Harbour Act, 1990.