As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 9 de 1973
AN tACHT UM FHÓIR TEORANTA (LEASÚ), 1973
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “an Chuideachta” Fóir Teoranta;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhóir Teoranta, 1972.
Méadú ar chumhacht na Cuideachta chun iasacht a fháil.
2.—Ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí (lena n-áirítear iasachtaí ón Aire agus iasacht a fuarthas chun aon cheann de chríocha na Cuideachta a thig de dhroim alt 19 den Phríomh-Acht, ach gan iasachtaí a fuair Taiscí Stáit Teoranta a áireamh) thar £17,500,000 aon tráth áirithe agus, dá réir sin, forléireofar alt 12 (b) den Phríomh-Acht amhail is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear san alt sin.
Méadú ar airleacain ón Aire.
3.—Ní rachaidh comhiomlán na n-airleacan a thabharfaidh an tAire don Chuideachta (lena n-áirítear airleacain chun críocha aon cheannd'fheidhmeanna na Cuideachta a thig de dhroim alt 19 den Phríomh Acht ach gan airleacain a tugadh do Thaiscí Stáit Teoranta a áireamh a bheidh gan aisíoc thar £17,500,000 aon tráth áirithe agus, dá réir sin forléireofar alt 13 (3) den Phríomh-Acht amhail is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear san alt sin.
Dliteanas na Cuideachta chun airleacain áirithe a aisíoc a urscaoileadh.
4.—D'ainneoin forálacha alt 19 den Phríomh-Acht, ní dhífear den Chuideachta airleacain, £1,142,000 san iomlán, a thug an tAire do Thaiscí Stáit Teoranta a aisíoc leis an Aire.
Gearrtheideal agus comhlua.
5.—(1) Féadfar an tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1973, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 agus 1973, a ghairm den Acht um Fhóir Teoranta, 1972, agus den Acht seo le chéile.
Number 9 of 1973
FOIR TEORANTA (AMENDMENT) ACT, 1973
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Act Referred to | |
1972, No. 1 |
Number 9 of 1973
FOIR TEORANTA (AMENDMENT) ACT, 1973
Definitions.
1.—In this Act—
“the Company” means Fóir Teoranta;
“the Minister” means the Minister for Finance;
“the Principal Act” means the Fóir Teoranta Act, 1972.
Increase of Company's power to borrow.
2.—The aggregate at any one time of the borrowings (including borrowings from the Minister and borrowing for any of the purposes of the Company which are consequent upon section 19 of the Principal Act, but excluding borrowings by Taiscí Stáit Teoranta) shall not exceed £17,500,000, and, accordingly, section 12 (b) of the Principal Act shall be construed as if that sum were substituted for the sum mentioned therein.
Increase of advances by Minister.
3.—The aggregate at any one time of advances to the Company by the Minister (including advances for the purposes of any of the functions of the Company which are consequent upon section 19 of the Principal Act, but excluding advances made to Taiscí Stáit Teoranta) which have not been repaid shall not exceed £17,500,000, and, accordingly, section 13 (3) of the Principal Act shall be construed as if that sum were substituted for the sum mentioned therein.
Discharge of Company's liability to repay certain advances.
4.—Notwithstanding the provisions of section 19 of the Principal Act, the Company shall not be liable to repay advances by the Minister totalling £1,142,000 made by him to Taiscí Stáit Teoranta.
Short title and collective citation.
5.—(1) This Act may be cited as the Fóir Teoranta (Amendment) Act, 1973.
(2) The Fóir Teoranta Act, 1972, and this Act may be cited together as the Fóir Teoranta Acts, 1972 and 1973.