Uimhir 10 de 1944.
ACHT NA mBAN CABHARTHA, 1944.
[An tionntódh oifigeamhail.]
CUID I.
Reamhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar Acht na mBan Cabhartha, 1944, do ghairm den Acht so.
(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1945.
Mínithe.
2.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá thiocfaidh an tAcht so i ngníomh, eadhon, an 1adh lá d'Eanar, 1945;
cialluíonn an abairt “an Bord” Príomh-Bhord na mBan Cabhartha bunuítear leis an Acht so;
cialluíonn an abairt “an sean-Bhord” an Bord a mbeidh Achtanna na mBan Cabhartha, 1918 agus 1931 (a hathghairmtear leis an Acht so) á riaradh aca roimh an lá ceaptha;
cialluíonn an abairt “an sean-rolla” an rolla atá á choimeád ag an sean-Bhord de dhaoine arna ndeimhniú fé Achtanna na mBan Cabhartha, 1918 agus 1931 (a hathghairmtear leis an Acht so);
cialluíonn an abairt “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun crícheanna an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941);
tá leis an abairt “tigh máithreachais” an bhrí atá léi san Acht um Chlárú Tithe Máithreachais, 1934 (Uimh. 14 de 1934);
cialluíonn an abairt “dochtúir oifigiúil” príomh-dhochtúir oifigiúil sláinte do chontae-bhuirg no dochtúir oifigiúil contae (do réir mar oireann);
cialluíonn an abairt “bean chabhartha” bean arna clárú sa rolla de mhná cabhartha;
cialluíonn an abairt “suaitheantas mná cabhartha” suaitheantas do bhéarfaidh an Bord amach fé rialacha déanfar chun crícheanna ailt 44 den Acht so;
cialluíonn an abairt “deimhniú mná cabhartha” deimhniú do bhéarfaidh an Bord amach fé alt 31 den Acht so;
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;
cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe le rialacha déanfar fén Acht so;
cialluíonn an abairt “imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha” imeachta bunófar fé rialacha déanfar chun crícheanna ailt 25 den Acht so;
cialluíonn an abairt “an rolla de mhná cabhartha” an rolla bheidh á choimeád ag an mBord fé alt 23 den Acht so;
cialluíonn an abairt “rialacha déanfar fén Acht so” rialacha déanfar fé alt 18 den Acht so.
An t-údarás maoirseachta áitiúil.
3.—Beidh gach comhairle chontae agus bárdas contae-bhuirge ina údarás maoirseachta áitiúil chun crícheanna an Achta so don cheanntar is ionann agus an chontae no an chontae-bhuirg sin.
Athghairm agus cúlghairm.
4.—(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm a mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
(2) Cúlghairmtear leis seo Ordú Phríomh-Bhord na mBan Cabhartha, 1923.
CUID II.
Priomh-Bhord na mBan Cabhartha.
An Bord do bhunú.
5.—(1) Déanfar, de bhuadh an ailt seo, bord do bhunú ar an lá ceaptha ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Príomh-Bhord na mBan Cabhartha.
(2) Isiad is céad-chomhaltaí an Bhuird ná na daoine arbh iad comhaltaí an tsean-Bhuird iad díreach roimh an lá ceaptha.
(3) Beidh an Bord ina gcólucht corpruithe go síor-chomharbas agus féadfaid dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leo féna n-ainm chorpruithe agus féadfaid talamh do shealbhú agus do chur de láimh.
Séala an Bhuird.
6.—(1) Soláthróidh an Bord séala dhóibh féin, agus déanfar an séala san do dhílse-dheimhniú le sighniú Chathaoirleach an Bhuird no chomhalta éigin eile dhe go n-údarás aige ón mBord chun gníomhú chuige sin maraon le sighniú an rúnaí no sighniú oifigigh éigin eile don Bhord go n-údarás aige ón mBord chun gníomhú chuige sin.
(2) Bhéarfar áird ar shéala an Bhuird i gcúrsaí breithiúnais agus gach scríbhinn a bhéarfaidh le tuigsint gur ionstruim í do rinne an Bord agus í bheith séaluithe le séala an Bhuird (agus an séala san dílse-dheimhnithe de dheallramh do réir an ailt seo) glacfar i bhfianaise í agus is tuigthe gurb í an ionstruim sin í gan á thuille cruthúnais mara gcruthuítear a mhalairt.
Líon comhaltaí an Bhuird.
7.—(1) Aon duine dhéag is líon comhaltaí don Bhord.
(2) Más lugha ná aon duine dhéag líon na ndaoine thiocfaidh chun bheith ina gcéad-chomhaltaí den Bhord, déanfaidh an tAire, an lá ceaptha no a luaithe is féidir dá éis, oiread daoine do cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord agus a bhéarfaidh líon comhaltaí an Bhuird suas go dtí aon duine dhéag agus, ag ceapadh na ndaoine sin dó, féachfaidh an tAire don chó-dhéanamh is gá do réir an Achta so do bheith ar an mBord.
Bliain toghcháin.
8.—Isiad is blianta toghcháin chun crícheanna an Achta so ná na blianta 1949, 1954, 1959, 1964, agus mar sin de.
An tAire do cheapadh comhaltaí den Bhord.
9.—(1) Déanfaidh an tAire, roimh an 1adh lá d'Fheabhra i ngach bliain toghcháin, mórsheisear daoine do cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord.
(2) I gcás na ndaoine ceapfar fén alt so chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord—
(a) beidh ceathrar aca ina mná cabhartha bheidh ina ngnáthchomhnaí sa Stát agus is amhlaidh a cheapfaidh an tAire iad tar éis dul i gcomhairle le pé eagrais bhanaltrais ionadathacha ar dóich leis gur ceart dul i gcomhairle leo, agus
(b) beidh duine ar a laghad den triúr eile aca ina dhochtúir leighis cláruithe.
Comhaltaí den Bhord do thoghadh.
10.—(1) Déanfaidh na dochtúirí leighis cláruithe bheidh ina ngnáth-chomhnaí sa Stát ceathrar daoine do thoghadh, roimh an 1adh lá d'Fheabhra i ngach bliain toghcháin, chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord.
(2) Ní foláir gach duine toghfar fén alt so do bheith ina dhochtúir leighis cláruithe bheidh ina ghnáth-chomhnaí sa Stát.
(3) Déanfar gach toghchán fén alt so do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire chuige sin, agus isé bheidh ina cheann cóimhrimh ná cathaoirleach an Bhuird no duine ainmneoidh cathaoirleach an Bhuird.
Téarma oifige comhaltaí an Bhuird.
11.—(1) Tosnóidh téarma oifige chomhalta den Bhord—
(a) i gcás céad-chomhalta, an lá ceaptha;
(b) i gcás comhalta ceapfar de bhíthin líon na gcéadchomhaltaí do bheith fé bhun aon duine dhéag, lá a cheaptha;
(c) i gcás comhalta có-thoghfar no ceapfar chun fo-fholúntais, lá a chó-thoghtha no a cheaptha; agus
(d) i ngach cás eile, an 1adh lá d'Fheabhra sa bhliain toghcháin iomchuibhe.
(2) Marab éag no eirghe as no cur as oifig roimhe sin do chomhalta den Bhord, críochnóidh a théarma oifige an 31adh lá d'Eanar sa chéad bhliain toghcháin tar éis tosach a théarma oifige.
(3) Comhalta den Bhord a bheidh ag dul as oifig no seanchomhalta den Bhord féadfaidh bheith ina chomhalta den Bhord athuair.
Comhaltaí den Bhord d'eirghe as.
12.—Féadfaidh comhalta den Bhord eirghe as a oifig mar chomhalta den Bhord trí leitir a cuirfear chun an Bhuird leis an bpost cláruithe, agus raghaidh an eirghe as in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a bheidh ann tar éis an leitir sin d'fháil.
Cathaoirleach an Bhuird.
13.—(1) Déanfaidh an Bord, ag an gcéad chruinniú bheidh aca tar éis an lae cheaptha agus fós ag an gcéad chruinniú bheidh aca tar éis an 31adh lá d'Eanar i ngach bliain toghcháin, duine dá gcomhaltaí do thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar an mBord.
(2) I gcás oifig chathaoirleach an Bhuird do theacht chun bheith folamh ar shlí seachas trí dhul in éag do théarma oifige cathaoirligh déanfaidh an Bord, ag á gcéad chruinniú eile, duine dá gcomhaltaí do thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar an mBord.
(3) Beidh gach cathaoirleach ar an mBord, mara dtárluighe roimhe sin é d'éag no d'eirghe as oifig an chathaoirligh no é do scur de bheith ina chathaoirleach fé fho-alt (5) den alt so, i seilbh oifige mar chathaoirleach go dtí an 31adh lá d'Eanar sa chéad bhliain toghcháin tar éis é thoghadh mar chathaoirleach.
(4) Féadfaidh cathaoirleach an Bhuird eirge as a oifig mar chathaoirleach tráth ar bith trí leitir a díreofar chun an Bhuird, agus raghaidh an eirghe as in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a bheidh ann tar éis an leitir sin d'fháil.
(5) Má thárlann do chathaoirleach an Bhuird, le linn a théarma oifige mar chathaoirleach, é scur de bheith ina chomhalta den Bhord, beidh sé dí-cháilithe chun bheith, agus scuirfidh láithreach de bheith, ina chathaoirleach ar an mBord.
(6) Má thárlann, agus cathaoirleach an Bhuird á thoghadh, na vótaí do bhéarfar do bheirt nó níos mó do bheith có-ionann, cinnfear le crannchur cé aca de na daoine sin bheidh ina chathaoirleach ar an mBord.
Cruinnithe agus nós imeachta an Bhuird.
14.—(1) Beidh trí chruinniú ar a laghad ag an mBord gach bliain agus beidh aca freisin pé cruinnithe eile is gá chun a bhfeidhmeanna do chólíonadh go cuibhe.
(2) Ceathrar is cuórum do chruinniú den Bhord.
(3) Gníomhóidh cathaoirleach an Bhuird mar chathaoirleach ar gach cruinniú den Bhord ag á mbeidh sé i láthair.
(4) I gcás cathaoirleach an Bhuird do bheith as láthair o aon chruinniú den Bhord, no gan aon chathaoirleach ar an mBord do bheith in oifig le linn aon chruinnithe áirithe den Bhord, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dhíobh féin do thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú agus má thárlann, agus an toghadh san á dhéanamh, na vótaí do bhéarfar do bheirt nó níos mó do bheith có-ionann, cinnfear le crannchur cé aca de na daoine sin a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
(5) Déanfar gach ceist eireoidh ag cruinniú den Bhord do chinneadh le móráireamh vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás có-ionannais vótaí, beidh an dara vóta no vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe ach amháin nuair isé toghadh chathaoirleach an Bhuird an cheist a bheidh le cinneadh.
(6) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntais do bheith imeasc a gcomhaltaí.
(7) Íocfaidh an Bord le gach duine fé leith dá gcomhaltaí na costais féna ragha sé ag freastal cruinnithe den Bhord agus is do réir scála bheidh ceaduithe ag an Aire bheidh na híocaíochta.
(8) Déanfaidh an Bord, fé réir forálacha an Achta so, nós imeachta agus gnó an Bhuird do rialáil le rialacha déanfar fén Acht so agus féadfaidh, go sonnrach, socrú do dhéanamh leis na rialacha san i dtaobh bunú, feidhmeanna, agus nós imeachta coistí den Bhord.
Fo-fholúntais.
15.—(1) Aon fholúntas a thárlóidh i gcomhaltas an Bhuird de bhíthin duine d'fháil bháis, d'eirghe as no do chur as oifig, líonfar é—
(a) i gcás gur duine do toghadh ina chomhalta den Bhord an duine is siocair leis an bhfolúntas, trí dhuine do chóthoghadh ag na daoine eile do toghadh ina gcomhaltaí den Bhord, agus
(b) in aon chás eile, tríd an Aire do cheapadh duine fé réir srianta den tsaghas chéanna (más ann) a bhain le ceapadh an chomhalta is siocair leis an bhfolúntas.
(2) Einne có-thoghfar fé mhír (a) d'fho-alt (1) den alt so féachfar air ina dhiaidh sin, chun crícheanna na míre sin, mar dhuine do toghadh ina chomhalta den Bhord.
Comhalta den Bhord do chur as oifig.
16.—Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, aon chomhalta den Bhord do chur as oifig.
Oifigigh agus seirbhísigh an Bhuird.
17.—(1) Ceapfaidh an Bord pé daoine agus pé méid daoine ina n-oifigigh (ar a n-áirmhítear rúnaí) agus ina seirbhísigh don Bhord a mheasfaidh an Bord o am go ham do bheith ceart fé réir toiliú an Aire, agus gach duine ceapfar amhlaidh déanfaidh an Bord é do roghnú i pé slí (más ann) a ordóidh an tAire.
(2) Cólíonfaidh gach oifigeach agus seirbhíseach don Bhord na dualgais a cheanglóidh an Bord no cheanglann an tAcht so air a chólíonadh agus féadfar é chur as oifig mar is toil leis an mBord.
(3) Íocfaidh an Bord lena n-oifigigh agus lena seirbhísigh pé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord o am go ham le toiliú an Aire.
(4) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, liúntas bliantúil lena shaol no aisce d'íoc le héinne dá n-oifigigh no dá seirbhísigh ar é d'imeacht as seirbhís an Bhuird.
Comhacht chun rialacha do dhéanamh.
18.—(1) Féadfaidh an Bord rialacha do dhéanamh—
(a) maidir le héinní dá dtagartar san Acht so mar ní is abhar do rialacha, agus
(b) go generálta chun an tAcht so do chur in éifeacht,
agus féadfaid le haon rialacha déanfar amhlaidh fuirmeacha d'ordú a bheidh le húsáid ar na hócáidí luadhfar ionta.
(2) Ní bheidh éifeacht ag rialacha déanfar fén alt so mara ndéana agus go dtí go ndéanfaidh an tAire iad do cheadú agus ní thabharfaidh an tAire aon cheadú den tsórt san uaidh ach amháin tar éis dul i gcomhairle le Comhairle Chlárathachta na nDochtúirí Leighis.
(3) Beidh de dhualgas ar an mBord aon rialacha bheidh beartuithe dhéanamh fén alt so do chur in iúl do Chomhairle Chlárathachta na nDochtúirí Leighis.
An Bord do chur tuarascbhála bliantúla chun an Aire.
19.—Déanfaidh an Bord, roimh an 1adh lá d'Abrán i ngach bliain, tuarascbháil ar a n-imeachta ar feadh na bliana roimhe sin do chur chun an Aire agus beidh sa tuarascbháil sin pé sonnraí ordóidh an tAire.
Ciste teagmhais.
20.—(1) Féadfaidh an Bord ciste teagmhais do bhunú agus féadfaid pé íocaíochta d'íoc isteach sa chiste sin a mheasfaid is ceart o am go ham.
(2) Féadfaidh an Bord aon íocaíocht áirithe d'íoc isteach sa chiste bunófar fén alt so d'ainneoin go dtiocfaidh den íocaíocht san go mbeidh iarmhéid no méadú ar iarmhéid i gcoinnibh an Bhuird san achmaireacht a hullmhófar de bhun ailt 21 den Acht so agus a bhainfidh leis an mbliain ina ndéanfar an íocaíocht.
(3) Féadfaidh an Bord an t-airgead a bheidh sa chiste bunófar fén alt so do shuncáil in aon urrúis a bheidh údaruithe chun cistí iontaobhais do shuncáil ionta.
(4) Féadfaidh an Bord an ciste bunófar fén alt so d'úsáid chun teagmhais do fhreastal.
(5) Isé méid uasta is cead a bheith chun creidiúna aon tráth don chiste bunófar fén alt so ná sé chéad punt.
Cuntais an Bhuird agus iad d'iniúchadh.
21.—(1) Bhéarfaidh an Bord go ndéanfar cuntais ar fháltais agus ar íocaíochta an Bhuird (ar a n-áirmhítear íocaíochta a híocfar isteach sa chiste teagmhais a bunófar fé alt 20 den Acht so) do choimeád i pé fuirm ordóidh no cheadóidh an tAire.
(2) Déanfar suas cuntais an Bhuird in aghaidh na bliana go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag.
(3) Iniúchfar cuntais an Bhuird ag iniúchóir rialtais áitiúil a cheapfaidh an tAire chuige sin o am go ham.
(4) Cinnfidh an tAire an táille bheidh le híoc ag an mBord i leith iniúchta fén alt so agus íocfaidh an Bord leis an Aire an táille cinnfear amhlaidh agus air sin déanfa seisean í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgeadais.
(5) Déanfaidh an Bord achmaireacht ar chuntais an Bhuird maidir le gach bliain fé leith d'ullmhú i pé fuirm ordóidh no cheadóidh an tAire agus déanfaidh an t-iniúchóir rialtais áitiúil iniúchfaidh na cuntais sin a dheimhniú an achmaireacht san do bheith ceart.
(6) Déanfaidh an Bord—
(a) cóipeanna d'achmaireacht a hullmhófar de bhun fo-ailt (5) den alt so do choimeád ar fáil chun a gceannuithe no a n-iniúchta, agus
(b) deimhniú do bhéarfar de bhun fo-ailt (5) den alt so d'fhoillsiú,
i pé slí ordóidh no cheadóidh an tAire.
Iocaíochta o údaráis mhaoirseachta áitiúla leis an mBord.
22.—I gcás an achmaireacht, a hullmhófar de bhun ailt 21 den Acht so, ar chuntais an Bhuird maidir le haon bhliain áirithe do thaisbeáint iarmhéide i gcoinnibh an Bhuird, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfaidh an Bord, le toiliú an Aire, an t-iarmhéid sin do chion-roinnt ar na húdaráis mhaoirseachta áitiúla do réir iomlán luachálanna ionrátuithe na maoine bheidh ina gceanntair fé seach;
(b) cuirfidh an Bord leis an bpost go dtí gach údarás maoirseachta áitiúil fé leith fógra ina luadhfar an méid do leagadh ar an údarás maoirseachta áitiúil sin leis an gcion-roinnt;
(c) déanfaidh an t-údarás maoirseachta áitiúil sin an ceathrú cuid den tsuim a luadhfar amhlaidh d'íoc leis an mBord fé cheann mí tar éis an fógra d'fháil agus íocfaid an chuid eile den tsuim sin leis an mBord fé cheann trí mhí tar éis an fógra d'fháil; agus
(d) má theipeann ar an údarás maoirseachta áitiúil sin aon cheann no an dá cheann de na híocaíochta san a dhéanamh féadfaidh an Bord an méid a bheidh dlite do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.
CUID III.
Mna Cabhartha.
An rolla de mhná cabhartha.
23.—(1) Coimeádfaidh an Bord rolla de mhná cabhartha.
(2) Déanfaidh an Bord an rolla de mhná cabhartha d'fhoillsiú pé trátha agus i pé slí ordóidh an tAire.
(3) Tiocfaidh an sean-rolla, ar an lá ceaptha, chun bheith ina rolla de mhná cabhartha.
(4) Bhéarfaidh an Bord go ndéanfar—
(a) aon earráid focal no earráid cléireachais sa rolla de mhná cabhartha do cheartú,
(b) aon iontráil sa rolla de mhná cabhartha do chealú ar trí chalaois no camthuairisc do tugadh í dhéanamh,
(c) aon athrú ar sheoladh mná bheidh cláruithe sa rolla de mhná cabhartha do chur sa rolla san,
(d) ainm aon mhná bheidh cláruithe sa rolla de mhná cabhartha do bhaint de más deimhin leo í bheith tar éis bháis no mara bhfaighid freagra ar leitir a cuireadh chuici fé fho-alt (6) den alt so fé cheann sé mhí tar éis í chur chuici.
(5) Beidh de dhualgas ar mhnaoi chabhartha aon athrú ar a hainm no ar a seoladh do chur in iúl don Bhord.
(6) Féadfaidh an Bord leitir do chur leis an bpost cláruithe go dtí aon bhean chabhartha, agus an leitir sin dírithe chun a seoladh mar a bheidh luaidhte sa rolla de mhná cabhartha, á fhiafruighe dhi ar athruigh sí a hainm no a seoladh.
(7) Beidh coimeád agus ceartú an rolla de mhná cabhartha mar chúram ar rúnaí an Bhuird ag gníomhú dhó fé réir ordachán an Bhuird.
Clárú sa rolla de mhná cabhartha.
24.—(1) Cláróidh an Bord sa rolla de mhná cabhartha gach bean—
(a) iarrfaidh sa tslí orduithe í chlárú ann, agus
(b) do chríochnuigh na cúrsaí orduithe tréineála, agus
(c) ar eirigh léi sna scrúduithe orduithe, agus
(d) a chuirfidh ina luighe ar an mBord gur bean deaghcharachtair í, agus
(e) a chuirfidh an táille orduithe agus na scríbhní orduithe ar aghaidh i dteanta a hiarratais.
(2) I gcás bean ar bith dá iarraidh ar an mBord í chlárú sa rolla de mhná cabhartha agus—
(a) an bhean san dá chur ina luighe ar an mBord—
(i) go bhfuil sí deimhnithe ag aon údarás rialúcháin bheidh ag feidhmiú dlighinse lasmuich den Stát fé aon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus a dhéanann socrú chun an t-údarás rialúcháin sin do dheimhniú daoine bheidh i dteideal freastal ar mhná seoil, agus
(ii) go ndeacha sí, chun go mbeadh sí i dteideal amhlaidh, fé thréineáil agus scrúdú de chaighdeán nach ísle ná an caighdeán a bheidh ceaptha ag an mBord, agus
(iii) gur bean deagh-charachtair í, agus
(b) gur deimhin leis an mBord go ndéanann an t-údarás rialúcháin sin no go bhfuilid toilteanach mná bheidh cláruithe fén Acht so do dheimhniú ar théarmaí comharaíochta, agus
(c) go gcuirfidh an bhean san an táille orduithe ar aghaidh i dteanta a hiarratais,
cláróidh an Bord an bhean san sa rolla de mhná cabhartha.
(3) D'ainneoin éinní atá sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, ní dhéanfaidh an Bord aon bhean a mheasfaidh an Bord do bheith neamh-oiriúnach toisc cúrsaí cuirp no aigne chun freastal ar mhná seoil do chlárú sa rolla de mhná cabhartha agus, chun crícheanna an fho-ailt seo, féadfaidh an Bord a cheangal ar dhuine bheidh á iarraidh í chlárú sa rolla de mhná cabhartha pé cruthúnas ordóid ar a hoiriúnacht chuirp agus aigne do thabhairt ar áird.
(4) Má eiríonn aon cheist fé na fo-ailt sin roimhe seo den alt so i dtaobh a bheith de cheart ag aon mhnaoi áirithe í chlárú sa rolla de mhná cabhartha, isé an tAire bhéarfaidh breith ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean uirthi.
Ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha.
25.—(1) Féadfaidh an Bord, do réir rialacha déanfar fén Acht so, ainm aon mhná cabhartha do bhaint den rolla de mhná cabhartha.
(2) Féadfar, leis na rialacha déanfar chun crícheanna an ailt seo, a fhoráil go sonnrach go ndéanfar, i gcás ina mbeifear chun ainm aon mhná cabhartha áirithe do bhaint den rolla de mhná cabhartha, imeachta chuige sin do bhunú os cóir an Bhuird, agus go mbeidh caoi ag an gcosantóir, sna himeachta san, ar fhreagra do thabhairt ar éinní cuirfear ina leith.
(3) Ní déanfar ainm mná cabhartha do bhaint den rolla de mhná cabhartha ach amháin i gcás inar deimhin leis an mBord, de thoradh imeachta chun a hainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha,—
(a) go raibh an bhean chabhartha ciontach in iompar is mí-iompar oilbhéimeach no mí-iompar gairmiúil dar leis an mBord, no
(b) go ndearnadh an bhean chabhartha do chiontú sa Stát i dtréas no i bhfeleontacht no i mí-ghníomh no go ndearnadh í do chiontú lasmuich den Stát i gcoir no i gcionta do bheadh ina fheleontacht no ina mhí-ghníomh dá mba sa Stát a déanfaí é, no
(c) gur ciontuíodh i gcionta fén Acht so í, no
(d) gur bhris sí na rialacha bheidh déanta ag an mBord fén Acht so, no
(e) go bhfuil sí neamh-oiriúnach toisc cúrsaí cuirp no aigne chun freastal ar mhná seoil.
(4) Gach uair a dhéanfaidh an Bord ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha fén alt so bhéarfaid fógra ina thaobh do gach údarás maoirseachta áitiúil lena mbainfidh agus don Aire.
(5) Féadfaidh an Bord, má mheasaid san do bheith ceart, na costais agus an caiteachas, féna raghaidh an cosantóir maidir le haon imeachta chun a hainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha, d'íoc i bpáirt no go hiomlán.
(6) Cuirfidh an Bord ar fáil in aisce aon fhuirm a bheidh le líonadh ag an gcosantóir in aon imeachta chun a hainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha, maraon le clúdach cuibhe-stampálta chun an fhuirm sin do chur thar n-ais.
Foláireamh, imdheargadh no fionnraighe o chleachtadh in ionad ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha.
26.—(1) In aon imeachta chun ainm duine do bhaint den rolla de mhná cabhartha, féadfaidh an Bord, in ionad an ainm do bhaint den rolla san, foláireamh do thabhairt don chosantóir no í d'imdheargadh no í d'fhionnraighe o chleachtadh go ceann tréimhse sonnruithe nach sia ná dhá mhí dhéag.
(2) Déanfaidh an Bord fógra i dtaobh gach foláireamh, imdheargadh agus fionnraighe fén alt so do thabhairt do gach údarás maoirseachta áitiúil lena mbainfidh agus don Aire.
(3) Má chleachtann aon bhean chabhartha contrárdha d'fhionnraighe fén alt so, beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpunt do chur uirthi.
Fianaise in imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha.
27.—(1) In aon imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha—
(a) féadfaidh an Bord fianaise do ghlacadh fé mhionn agus, chuige sin, féadfaidh an comhalta den Bhord a bheidh i gceannas daoine do chur fé mhionn, agus
(b) féadfaidh an Bord dearbhú reachtúil do ghlacadh mar fhianaise.
(2) Má dhéanann an Bord, in imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha, dearbhú reachtúil do ghlacadh mar fhianaise, bhéarfar cóip den dearbhú don chosantóir deich lá ar a laghad roimh an éisteacht agus beidh sí i dteideal a cheangal ar an mBord a thabhairt go dtiocfaidh an dearbhthóir i láthair chun é cheistniú ag an éisteacht.
(3) Féadfaidh an Bord, trí fhógra i scríbhinn chuige sin do thabhairt i bpearsain no leis an bpost do dhuine ar bith, a cheangal ar an duine sin teacht i láthair an lá (nach luaithe ná an seachtú lá tar éis an lae bhéarfar an fógra) agus an tráth agus san áit bheidh luaidhte sa bhfógra chun fianaise do thabhairt maidir le héinní eireoidh in aon imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha no chun aon scríbhní bheidh ar seilbh no ar coimeád no féna urláimh aige, agus a bhainfidh le héinní den tsórt san, do thabhairt ar áird.
(4) Duine bheidh ag tabhairt fianaise in aon imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha beidh teideal aige chun na saoirsí agus na bpríbhléidí chun a mbeadh tideal aige dá mb' fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.
(5) Ní gá do dhuine teacht i láthair de bhun fógra fén alt so in áit is sia ná deich míle óna ghnáth-áit chomhnaithe mara ndéana an Bord na costais réasúnacha riachtanacha bheidh air i leith a theacht i láthair d'íoc leis no do thairgsint dó.
(6) Einne thiocfaidh i láthair in áit ar bith de bhun fógra fén alt so déanfaidh an Bord, ach amháin sa mhéid go mbeidh costais réasúnacha riachtanacha a theacht i láthair íoctha leis cheana, na costais sin d'íoc leis agus, mara n-íoctar na costais sin, féadfar, ach amháin sa mhéid adubhradh, iad do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.
(7) Gach duine dá dtabharfar fógra fén alt so agus a dhiúltóidh do theacht i láthair, no mhainneoidh go toiliúil teacht i láthair, do réir an fhógra no dhéanfaidh go toiliúil aon scríbhinn lena mbainfidh an fógra d'athrú no do choimeád siar no do cheilt no do mhilleadh no, ar theacht i láthair dó amhlaidh, dhiúltóidh don mhionn do thógaint no d'fhianaise do thabhairt no dhiúltóidh d'aon scríbhinn áirithe lena mbainfidh an fógra do thabhairt ar áird no fhailleoidh go toiliúil san do dhéanamh, beidh sé, fé réir forálacha fo-ailt (5) den alt so, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint do chur air.
Athchomhairc i gcoinnibh breitheanna ón mBord.
28.—(1) Má déantar, le breith an Bhuird in aon imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha, ainm an chosantóra do bhaint den rolla de mhná cabhartha no an cosantóir d'fhionnraighe o chleachtadh, féadfaidh an cosantóir athchomharc do dhéanamh chun na hArd-Chúirte no chun an Aire (ach ní chuca araon) i gcoinnibh breithe an Bhuird fé cheann trí mhí tar éis an dáta ar a gcuirfear an bhreith sin in iúl di.
(2) Ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an Ard-Chúirt no an tAire (fé mar bheidh) ar athchomharc fén alt so.
(3) Má eiríonn le hathchomharc fén alt so—
(a) i gcás athchomhairc chun na hArd-Chúirte, féadfaidh an chúirt costais do mholadh i gcoinnibh an Bhuird, agus
(b) bhéarfaidh an Bord fógra i dtaobh toradh an athchomhairc do gach údarás maoirseachta áitiúil lena mbainfidh agus (más chun na hArd-Chúirte do rinneadh an t-athchomharc) don Aire, agus
(c) i gcás gur bhreith trínar baineadh ainm den rolla de mhná cabhartha an bhreith a ndearnadh athchomharc ina coinnibh, cuirfear an ainm thar n-ais sa rolla de mhná cabhartha, agus
(d) i gcás gur bhreith trínar baineadh ainm den rolla de mhná cabhartha no trína ndearnadh bean chabhartha d'fhionnraighe o chleachtadh an bhreith a ndearnadh athchomharc ina coinnibh, féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo é, pé suim d'íoc leis an athchomharcach a mheasfaid do bheith ina cúiteamh réasúnach in aon chailliúint chleachta do bhain di idir dáta na breithe ón mBord agus dáta cinnte an athchomhairc no, i gcás ina ndearna an Bord an t-athchomharcach d'fhionnraighe o chleachtadh ar bhunú na n-imeacht i láthair an Bhuird, idir dáta bunuithe na n-imeacht agus dáta cinnte an athchomhairc.
Ainm do chur thar n-ais sa rolla de mhná cabhartha.
29.—Féadfaidh an Bord, ach san do réir rialacha déanfar fén Acht so, ar an iarratasóir d'íoc na táille orduithe (más ann), ainm aon mhná ar baineadh a hainm den rolla de mhná cabhartha do chur thar n-ais sa rolla san ar aon chúis a mheasfaid is leor.
Fostaíocht i dtigh máithreachais.
30.—(1) Féadfaidh an Bord, ar ainm aon mhná cabhartha do bhaint den rolla de mhná cabhartha, a ordú gan í bheith i bhfostaíocht i bhfeidhmeannas ar bith i dtigh máithreachais.
(2) Bean lena mbainfidh ordú fén alt so ní cead, faid a bheidh a hainm bainte den rolla de mhná cabhartha, í bheith i bhfostaíocht i bhfeidhmeannas ar bith i dtigh máithreachais.
(3) Bean a bheidh i bhfostaíocht contrárdha d'fho-alt (2) den alt so beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur uirthi.
Deimhnithe ban cabhartha.
31.—(1) Bhéarfaidh an Bord deimhniú amach do gach bean a thiocfaidh chun bheith ina mnaoi chabhartha agus do gach bean a gcuirfear a hainm thar n-ais sa rolla de mhná cabhartha á dheimhniú í bheith cláruithe sa rolla de mhná cabhartha.
(2) Má chuireann bean chabhartha ina luighe ar an mBord gur díthíodh a deimhniú mná cabhartha féadfaidh an Bord, ar iarratas na mná cabhartha san, deimhniú nua do thabhairt amach di á dheimhniú í bheith cláruithe sa rolla de mhná cabhartha.
(3) Má dhéanann an Bord ainm aon mhná cabhartha áirithe do bhaint den rolla de mhná cabhartha, déanfa sí, fé cheann cheithre lá déag tar éis breith an Bhuird do chur in iúl di, a deimhniú mná cabhartha do chur thar n-ais chun an Bhuird chun a chealuithe, agus, mara ndéana amhlaidh, beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur uirthi.
(4) I gcás bean chabhartha d'fháil bháis, déanfaidh an duine a mbeidh a deimhniú mná cabhartha ina choimeád an deimhniú do chur thar n-ais go dtí an Bord fé cheann cheithre lá déag tar éis a báis chun a chealuithe, agus, mara ndéana an duine sin amhlaidh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur air.
(5) Beidh sé ina chosaint mhaith i gcúiseamh i gcionta fén alt so má cuirtear ina luighe ar an gcúirt go raibh cúis réasúnach leis an gcosantóir do thabhairt faillighe i ndéanamh do réir an cheanglais lena mbainfidh an cúiseamh.
Fionnraighe o chleachtadh go dtí go dtabharfar breith in imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha.
32.—(1) I gcás aon imeachta do bhunú chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha, féadfaidh an Bord, ach san do réir rialacha déanfar fén Acht so, an cosantóir d'fhionnraighe o chleachtadh go dtí go dtabharfar breith an Bhuird sna himeachta san.
(2) Bhéarfaidh an Bord fógra i dtaobh gach fionnraighe o chleachtadh fén alt so do gach údarás maoirseachta áitiúil lena mbainfidh agus don Aire.
(3) Má dhéanann an Bord aon imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha do chaitheamh amach agus go ndearna an Bord an cosantóir d'fhionnraighe o chleachtadh fén alt so go dtí go dtabharfadh an Bord a mbreith, féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo é, cúiteamh réasúnach d'íoc leis an gcosantóir in aon chailliúint chleachta do bhain di feadh na fionnraighe.
(4) Má chleachtann aon bhean chabhartha contrárdha d'fhionnraighe fén alt so beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur uirthi.
Údarás maoirseachta áitiúil d'fhiosrú gearán.
33.—Déanfaidh údarás maoirseachta áitiúil fiosrú mar gheall ar gach gearán a déanfar leo i dtaobh bean chabhartha bheidh ag cleachtadh ina gceanntar do shárú rialacha an Bhuird no dá mí-iompar féin ar shlí eile agus más dóich leo, de thoradh an fhiosruithe sin, cúis prima facie do bheith ann i gcoinnibh na mná cabhartha, tuairisceoid don Bhord dá réir sin.
Fionnraighe o chleachtadh de thoradh gearán do thuairisciú don Bhord.
34.—(1) Má déantar tuairisciú fén alt deiridh sin roimhe seo maidir le haon bhean chabhartha, féadfaidh an t-údarás maoirseachta áitiúil lena mbainfidh an bhean chabhartha d'fhionnraighe, do réir rialacha déanfar fén Acht so, go dtí go mbunófar imeachta chun a hainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha no go gcinnfear ar gan imeachta den tsórt san do bhunú.
(2) Bhéarfar fógra i dtaobh gach fionnraighe o chleachtadh fén alt so don Bhord agus don Aire.
(3) Má chríochnuíonn aon imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha i bhfábhar na mná cabhartha agus go ndearnadh an bhean chabhartha d'fhionnraighe o chleachtadh fén alt so roimh na himeachta san do bhunú no má cinneadh, i gcás ina ndearnadh bean chabhartha d'fhionnraighe o chleachtadh fén alt so, ar gan imeachta do bhunú chun a hainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha, féadfaidh an t-údarás maoirseachta áitiúil, más oiriúnach leo é, cúiteamh réasúnach d'íoc leis-an mnaoi chabhartha in aon chailliúint chleachta do bhain di feadh na fionnraighe.
(4) Má chleachtann aon bhean chabhartha contrárdha d'fhionnraighe fén alt so, beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur uirthi.
Fionnraighe o chleachtadh chun galrú do chosc an leathadh.
35.—(1) Déanfaidh údarás maoirseachta áitiúil, ach san do réir rialacha déanfar fén Acht so, aon bhean chabhartha bheidh ag cleachtadh ina gceanntar d'fhionnraighe o chleachtadh pé uair is dóich leo gur gá san do dhéanamh chun galrú do chosc ar leathadh.
(2) Má dhéanann údarás maoirseachta áitiúil bean chabhartha d'fhionnraighe o chleachtadh fén alt so, féadfaidh an t-údarás maoirseachta áitiúil sin, más oiriúnach leo é, cúiteamh réasúnach ina cailliúint chleachta d'íoc léi.
(3) Má chleachtann aon bhean chabhartha contrárdha d'fhionnraighe fén alt so, beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur uirthi.
Fionnraighe o chleachtadh do thoradh imeachta i leith cionta.
36.—(1) Féadfaidh údarás maoirseachta áitiúil, ach san do réir rialacha déanfar fén Acht so, aon bhean chabhartha bheidh ag cleachtadh ina gceanntar agus a mbeidh imeachta sa Chúirt Dúithche i leith aon chionta fén Acht so bunuithe ina coinnibh d'fhionnraighe o chleachtadh go dtí go dtabharfar an bhreith dheiridh ar na himeachta san.
(2) Má dhéanann údarás maoirseahta áitiúil bean chabhartha d'fhionnraighe o chleachtadh fén alt so agus go gcríochnóidh na himeachta ar ina dtaobh a fionnruíodh í ina fábhar, féadfaidh an t-údarás maoirseachta áitiúil sin, más oiriúnach leo é, cúiteamh réasúnach ina cailliúint chleachta d'íoc leis an mnaoi chabhartha san.
(3) Má chleachtann aon bhean chabhartha contrárdha d'fhionnraighe fén alt so, beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur uirthi.
Údarás maoirseachta áitiúil do dhéanamh maoirseachta generálta.
37.—Déanfaidh údarás maoirseachta áitiúil, ach san do réir rialacha déanfar fén Acht so, maoirseacht ghenerálta ar na mná cabhartha bheidh ag cleachtadh ina gceanntar.
Rialacha i gcóir cúrsaí oiliúna agus scrúduithe do dhaoine bheidh ag iarraidh a gcláruithe sa rolla de mhná cabhartha.
38.—Féadfaidh an Bord, le rialacha déanfar fén Acht so, socrú do dhéanamh i gcóir na gcúrsaí oiliúna agus na scrúduithe dhéanfaidh daoine bheidh ag iarraidh a gcláruithe sa rolla de mhná cabhartha agus féadfaidh na rialacha san, go sonnrach, socrú do dhéanamh—
(a) i dtaobh an Bord do choimeád cláir de na hiarrthóirí agus i dtaobh na gcoinníoll ar féna réir a clárófar daoi chlár san, agus
(b) chun go gceadóidh an Bord, chun crícheanna na rialacha san, léachtaithe agus múinteoirí agus fós forais ina bhféadfar na cúrsaí oiliúna do dhéanamh, agus
(c) i dtaobh na gcoinníoll chun dul isteach ar na scrúduithe, agus
(d) i dtaobh deimhnithe do dheonadh do dhaoine dhéanfaidh na cúrsaí oiliúna agus a n-eireoidh leo sna scrúduithe.
Rialacha i gcóir cúrsaí oiliúna agus scrúduithe do mhná cabhartha.
39.—Féadfaidh an Bord, le rialacha déanfar fén Acht so, socrú do dhéanamh i dtaobh cúrsaí oiliúna agus scrúduithe do mhná cabhartha agus i dtaobh deimhnithe no diplómaí do dheonadh do mhná cabhartha dhéanfaidh na cúrsaí sin agus a n-eireoidh leo sna scrúduithe sin, agus féadfaidh na rialacha san, go sonnrach, socrú do dhéanamh—
(a) chun go gceadóidh an Bord, chun crícheanna na rialacha san, léachtaithe agus múinteoirí agus fós forais ina bhféadfar na cúrsaí oiliúna do dhéanamh, agus
(b) i dtaobh na gcoinníoll chun dul isteach ar na scrúduithe.
Scrúduithe do chur ar siúl, etc.
40.—(1) Féadfaidh an Bord na scrúduithe a ndéanfar socrú ina dtaobh le rialacha déanfar fén Acht so do chur ar siúl agus féadfaid, leis na rialacha san, modh stiúrtha na scrúduithe sin do rialáil.
(2) Isé an Bord a cheapfaidh na scrúdóirí (agus ní bheidh éinne aca ina chomhalta den Bhord) i ngach scrúdú cuirfear ar siúl fén alt so, agus beidh ag na scrúdóirí sin pé cáilíochta agus pé taithighe i mbean-chabharthacht a mheasfaidh an Bord is ceart, agus bhéarfar luach saothair dóibh do réir scála cheapfaidh an Bord le ceadú an Aire.
(3) Íocfaidh duine bheidh ag dul isteach ar scrúdú cuirfear ar siúl fén alt so an táille orduithe (ná beidh níos mó ná giní) leis an mBord i leith an scrúduithe sin.
Teideal do mhná cabhartha.
41.—Féadfaidh bean chabhartha an teideal “Bean Chabhartha Stát-Deimhnithe” do chur lena hainm.
Srianta maidir leis an teideal “bean chabhartha”.
42.—(1) Ní dleathach d'éinne nach bean a bheidh cláruithe sa rolla de mhná chabhartha an ainm ná an teideal “bean chabhartha” do ghlacadh ná d'úsáid, pé aca go haonaránach no i dteannta focail no focal ar bith eile é, ná aon ainm, teideal, adú, ná tuairisc do ghlacadh ná d'úsáid do bhéarfadh le tuigsint an duine sin do bheith cláruithe sa chlár de mhná cabhartha no, lasmuich de chás dochtúra leighis chláruithe, do bhéarfadh le tuigsint an duine sin do bheith cáilithe no aitheanta go speisialta do réir dlí mar chleachtóir bean-chabharthachta.
(2) Duine ar bith a dhéanfaidh éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur air.
Rialú, etc., ar mhná cabhartha do chleachtadh beanchabharthachta.
43.—Déanfaidh an Bord, le rialacha déanfar fén Acht so, rialáil agus maoirsiú, agus srianadh laistigh de theoranta cuibhe, ar mhná cabhartha do chleachtadh bean-chabharthachta agus ar iompar ban cabhartha.
Suaitheantais bhan cabhartha.
44.—(1) Déanfaidh an Bord socrú, le rialacha déanfar fén Acht so, chun go dtabharfaidh an Bord amach do mhná cabhartha suaitheantais a thaisbeánfaidh gur mná cabhartha na daoine bheidh á gcaitheamh.
(2) Rialacha déanfar chun crícheanna an ailt seo féadfaid, go sonnrach, socrú do dhéanamh i dtaobh na nithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) patrún suaitheantas ban cabhartha;
(b) an táille híocfar leis an mBord ar shuaitheantas mná cabhartha do thabhairt amach; agus
(c) na cásanna ina bhféadfar suaitheantas nua mná cabhartha do thabhairt amach in ionad suaitheantais mhná cabhartha caillfear no díobhálfar no dítheofar.
(3) Aon uair a bheidh rialacha chun crícheanna an ailt seo i bhfeidhm de thurus na huaire, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) ní dleathach d'éinne seachas an bhean chabhartha dá dtabharfar suaitheantas mná cabhartha amach an suaitheantas san do chaitheamh;
(b) ní dleathach d'éinne dá dtabharfar suaitheantas mná cabhartha amach an suaitheantas do thabhairt ar iasacht d'éinne eile, ná a cheadú d'éinne eile an suaitheantas do chaitheamh;
(c) ní dleathach d'éinne aithris dheallrathach ar shuaitheantas mná cabhartha do chaitheamh;
(d) i gcás ainm mná cabhartha ar bith dá dtabharfar suaitheantas mná cabhartha amach do bhaint den rolla de mhná cabhartha, déanfa sí laistigh de cheithre lá déag ón am a cuirfear in iúl di a hainm do bheith bainte den rolla san an suaitheantas do thabhairt suas don Bhord;
(e) i gcás ainm mná ar bith a bhéarfaidh suas a suaitheantas mná cabhartha fé mhír (d) den fho-alt so do chur thar n-ais sa rolla de mhná cabhartha, bhéarfaidh an Bord an suaitheantas thar n-ais di; agus
(f) i gcás bean chabhartha dá dtabharfar suaitheantas mná cabhartha amach d'fháil bháis, déanfaidh an duine a mbeidh an suaitheantas ina choimeád é thabhairt thar n-ais don Bhord fé cheann cheithre lá déag tar éis an bháis.
(4) Má dhéanann duine ar bith éinní (le gníomh no le faillighe) contrárdha d'aon cheann d'fhorálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur air.
(5) Beidh sé ina chosaint mhaith i gcúiseamh i gcionta is sárú ar mhír (d) no ar mhír (f) d'fho-alt (3) den alt so má cuirtear ina luighe ar an gcúirt go raibh cúis réasúnach leis an gcosantóir do thabhairt faillighe i ndéanamh do réir an cheanglais lena mbainfidh an cúiseamh.
Fógraí bheidh le tabhairt ag mná cabhartha d'údarás maoirseachta áitiúil.
45.—(1) I gcás bean chabhartha ar bith do bheith ar intinn tosnú ar chleachtadh i gceanntar aon údaráis mhaoirseachta áitiúil, bhéarfa sí fógra don údarás mhaoirseachta áitiúil sin i dtaobh í bheith ar an intinn sin agus i dtaobh a háite comhnaithe.
(2) I gcás bean chabhartha ar bith do bhí ag cleachtadh i gceanntar údaráis mhaoirseachta áitiúil i rith bliana ar bith do bheith ar intinn leanúint de chleachtadh sa cheanntar san i rith na bliana ina dhiaidh sin, bhéarfa sí fógra, i rith mí Eanair na bliana san is déanaighe luaidhtear, don údarás mhaoirseachta áitiúil sin i dtaobh í bheith ar an intinn sin.
(3) I gcás bean chabhartha ar bith do fhreastal ar aon mhnaoi sheoil i gceanntar údaráis mhaoirseachta áitiúil ná cleachtann sí ann de ghnáth, bhéarfa sí fógra láithreach i dtaobh an fhreastail don údarás mhaoirseachta áitiúil sin no, mara mbeidh ar a cumas an fógra san do thabhairt láithreach, bhéarfa sí é tráth nach déanaighe ná ocht n-uaire is dachad a’ chluig tar éis an fhreastail.
(4) I gcás bean chabhartha bheidh ag cleachtadh d'athrú a hainme no a seolta, bhéarfa sí fógra i dtaobh an athruithe sin do gach údarás maoirseachta áitiúil a mbeidh sí ag cleachtadh ina gceanntar.
(5) I dteannta na bhfógraí luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, bhéarfaidh bean chabhartha aon fhógraí eile luadhfar i rialacha déanfar fén Acht so don údarás mhaoirseachta áitiúil do gach ceanntar ina mbeidh sí ag cleachtadh.
(6) Gach fógra fén alt so is amhlaidh a bhéarfar é do réir rialacha agus sa bhfuirm a luadhfar i rialacha déanfar fén Acht so agus, má theipeann ar mhnaoi chabhartha ar bith aon fhógra den tsórt san do thabhairt mar adubhradh, beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur uirthi.
Congnamh liaghachta i gcás cionntapachta.
46.—(1) I gcás bean chabhartha do fhreastal ar mhnaoi sheoil agus go dtárlóidh aon chionntapacht dá luadhfar i rialacha déanfar fén Acht so, glaodhfa sí dochtúir leighis cláruithe do chongnamh léi do réir na rialacha san.
(2) I gcás bean chabhartha do ghlaoch dochtúra leighis chláruithe do chongnamh léi fén alt so tuairisceoidh sí láithreach saghas na cionntapachta agus ainm an dochtúra don údarás mhaoirseachta áitiúil don cheanntar inar fhreastail an dochtúir.
(3) I gcás dochtúir leighis cláruithe do fhreastal in aon chionntapacht de bharr bean chabhartha dá ghlaoch fén alt so, féadfaidh an dochtúir saghas na cionntapachta do thuairisciú don údarás mhaoirseachta áitiúil don cheanntar inar fhreastail sé agus air sin íocfaidh an t-údarás maoirseachta áitiúil sin an táille chuibhe leis an dochtúir.
(4) I gcás dochtúir leighis cláruithe, do fhreastail in aon chionntapacht de bharr bean chabhartha dá ghlaoch fén alt so, do bheith ina dhochtúir oifigiúil do cheanntar íclainne agus an t-othar do bheith ina duine bheidh i dteideal conganta liaghachta fén Acht um Chongnamh Phuiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), agus do bheith ina comhnaidhe i gceanntar an dochtúra oifigiúil sin, ansan, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) den alt so, ní bheidh aon táille iníoctha fén bhfo-alt san.
(5) Má eiríonn aon amhras no aighneas no ceist, chun crícheanna fo-ailt (4) den alt so, i dtaobh duine do bheith ina dhuine bheidh i dteideal conganta liaghachta fén Acht um Chongnamh Phuiblí, 1939, no gan a bheith bhéarfaidh an t-údarás conganta phuiblí iomchuibhe breith ar an amhras no ar an aighneas no ar an gceist sin, agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.
(6) I gcás údarás maoirseachta áitiúil d'íoc táille fén alt so ar fhreastal dochtúra leighis chláruithe, déanfaidh an fear céile no duine eile bheidh freagarthach san othar, maran duine atá i dteideal conganta phuiblí fén Acht um Chongnamh Phuiblí, 1939, an t-othar, méid na táille sin d'íoc leis an údarás maoirseachta áitiúil, agus beidh méid na táille sin, cheal a híoctha, ionbhainte amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.
(7) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, na táillí bheidh le n-íoc fén alt so le dochtúirí leighis cláruithe do shonnrú agus féadfaidh, leis na rialacháin sin, coinníollacha do shonnrú maidir le híoc na dtáillí sin.
(8) Ní léireofar éinní i bhfo-alt (1) den alt so ná in aon rialacha déanfar chun crícheanna an fho-ailt sin mar ní choisceann an tAire ar a cheangal ar mhnaoi chabhartha cheanntair íclainne, nuair a bheidh sí ag glaoch dochtúra leighis chláruithe do chongnamh léi fén alt so, dochtúir oifigiúil an cheanntair do ghlaoch, má bhíonn sé ar fáil.
(9) San alt so—
cialluíonn an abairt “ceanntar íclainne” ceanntar íclainne chun crícheanna an Achta um Chongnamh Phuiblí, 1939;
cialluíonn an abairt “an táille chuibhe” pé táille (más ann) is cuibhe, sa chás áirithe bheidh i gceist, do réir na rialachán a déanfar fé fho-alt (7) den alt so.
Mná cabhartha do fhreastal cúrsaí teagaisc.
47.—(1) Féadfaidh an Bord, le rialacha déanfar fén Acht so, a cheangal ar mhná cabhartha freastal o am go ham ar pé cúrsaí teagaisc a cheadóidh an Bord no chuirfid ar fáil no shocróid.
(2) Forálfar le rialacha chun crícheanna an ailt seo ná ceanglófar ar mhnaoi chabhartha bheidh ar fostú ag údarás áitiúil freastal ar aon chúrsa teagaisc lena mbainfidh na rialacha ach amháin do réir na socruithe dhéanfaidh an t-údarás áitiúil de bhun fo-ailt (3) den alt so.
(3) Údarás áitiúil agá mbeidh bean chabhartha ar fostú déanfaid, do réir pé orduithe bhéarfaidh an tAire o am go ham,—
(a) cead bheith as láthair do thabhairt don mhnaoi chabhartha chun freastal ar aon chúrsa teagaisc lena mbainfidh rialacha chun crícheanna an ailt seo, agus
(b) ionadaidhe don mhnaoi chabhartha d'íoc i rith tréimhse an fhreastail, agus
(c) costais taistil i leith an fhreastail (agus liúntas cothuithe i rith tréimhse an fhreastail d'áireamh) d'íoc leis an mnaoi chabhartha do réir na rialachán iomchuibhe fé fho-alt (1) d'alt 19 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941), agus do réir aon údaruithe iomchuibhe fé fho-alt (3) den alt san amhail is dá mba chuid de dhualgais oifigiúla na mná cabhartha an freastal.
CUID IV.
Srianta maidir le Freastal ar Mhna Seoil.
Srianta maidir le freastal ar mhná seoil.
48.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith freastal ar mhnaoi sheoil—
(a) maran bean chabhartha an duine sin, no
(b) maran dochtúir leighis cuibhe-cháilithe an duine sin, no
(c) maran duine an duine sin a bheidh á oiliúint chun bheith ina dhochtúir leighis cuibhe-cháilithe no ina mnaoi chabhartha agus go ndéanfaidh an freastal san mar chuid de chúrsa teagaisc phraiticiúil i mbean-chabharthacht a bheidh admhuithe ag Comhairle Chlárathachta na nDochtúirí Leighis no ag an mBord, no
(d) marab amhlaidh a déanfar an freastal san, ar shlí seachas ar luach saothair, i gcás riachtanais obainn no phráinnigh agus gan bean chabhartha ná dochtúir leighis cuibhe-cháilithe do bheith ar fáil láithreach.
(2) Má dhéanann duine ar bith éinní contrárdha don alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná fiche punt do chur air.
CUID V.
Ilghneitheach.
Rann-íoc o údarás máoirseachta áitiúil mar chabhair chun costas oiliúna ban cabhartha d'íoc.
49.—Féadfaidh údarás maoirseachta áitiúil, sa tslí agus sa mhéid a cheadóidh an tAire, rann-íoc do dhéanamh mar chabhair chun costas oiliúna iarrthóirí ar dheimhnithe ban cabhartha d'íoc, pé aca ina gceanntar féin no in áit eile a déanfar an oiliúint sin.
Tuarascbháil bhliantúil o dhoctúir oifigiúil údaráis mhaoirseachta áitiúil.
50.—Déanfaidh dochtúir oifigiúil údaráis mhaoirseachta áitiúil, roimh an 1adh lá d'Abrán i ngach bliain, tuarascbháil d'ullmhú ar riaradh an Achta so i gceanntar an údaráis sin i rith na bliana roimhe sin agus cuirfidh cóipeanna den tuarascbháil sin go dtí an Bord agus go dtí an tAire.
Bás mná cabhartha, etc., do thuairisciú don Bhord.
51.—(1) Tuairisceoidh údarás maoirseachta áitiúil don Bhord—
(a) bás mná cabhartha ar bith a bheidh ag cleachtadh i gceanntar an údaráis mhaoirseachta áitiúil sin;
(b) gach athrú ar ainm no ar sheoladh mná cabhartha bheidh ag cleachtadh amhlaidh; agus
(c) gach ciontú i gcionta fén Acht so déanfar ar mhnaoi chabhartha bheidh ag cleachtadh amhlaidh.
(2) Cuirfidh údarás maoirseachta áitiúil go dtí an Bord, i mí Feabhra i ngach bliain, ráiteas ina mbeidh ainm agus seoladh gach mná cabhartha a mbeidh fógra fé fho-alt (1) no fé fho-alt (2) d'alt 45 den Acht so tugtha aici i rith mí Eanair na bliana san don údarás san.
Údarás maoirseachta áitiúil do sholáthar fuirmeacha.
52.—Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, déanfaidh an t-údarás maoirseachta áitiúil lena mbainfidh gach fuirm a bheidh le húsáid ag mnaoi chabhartha do sholáthar di in aisce, maraon le clúdach cuibhe-stampálta i gcás an fhuirm do bheith le cur thar n-ais leis an bpost.
Cruthúnas i dtaobh bean do bheith ina mnaoi chabhartha no gan a bheith.
53.—Deimhniú bhéarfaidh le tuigsint é bheith sighnithe ag rúnaí an Bhuird no ag duine ar bith eile go n-údarás ón mBord chun sighniú thar a cheann á dheimhniú aon bhean áirithe do bheith ina mnaoi chabhartha ar dháta áirithe no gan a bheith glacfar leis i ngach cúirt gan a thuille cruthúnais mar fhianaise prima facie ar na nithe bheidh deimhnithe ann.
Comhachta d'oifigigh d'údaráis mhaoirseachta áitiúla chun dul isteach agus fiosrú do dhéanamh.
54.—Féadfaidh aon oifigeach d'údarás mhaoirseachta áitiúil, a bheidh údaruithe ag an údarás san chun na comhachta do bheirtear leis an alt so d'fheidhmiú, dul isteach gach tráth réasúnta in aon tigh máithreachais a bheidh suidhte i gceanntar an údaráis sin agus féadfaidh na fiosruithe sin uile do dhéanamh ann a mheasfaidh is ceart chun na gcrícheanna bhainfidh le foirfheidhmiú an Achta so agus má choisceann éinne go toiliúil aon oifigeach den tsórt san ar dhul isteach amhlaidh no má dhiúltuíonn go toiliúil d'aon fhiosrú den tsórt san do fhreagairt feadh a chumais, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur air.
Comhacht. d'údarás mhaoirseachta áitiúil chun gníomhú trína ndochtúir oifigiúil.
55.—I gcás aon chomhachta bronntar no aon dualgais a forchuirtear ar údarás maoirseachta áitiúil leis an Acht so féadfar, ach amháin maidir le haon údarás do thabhairt fén alt deiridh sin roimhe seo no le haon airgead d'íoc, an chomhacht d'fheidhmiú no an dualgas do chólíonadh ag an údarás maoirseachta áitiúil sin no, fé réir treoracha uatha, ag á ndochtúir oifigiúil.
Costais údaráis mhaoirseachta áitiúil is comhairle chontae.
56.—Na costais féna raghfar fén Acht so ag údarás maoirseachta áitiúil is comhairle chontae cruinneofar iad go cothrom tríd an ráta dealbhais ar an gcontae ar fad.
Costais an Aire.
57.—Na costais féna raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh íocfar iad, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
CUID VI.
Foralacha Diombuana.
Maoin, etc., an tsean-Bhuird.
58.—(1) Gach maoin, réalta no pearsanta (agus rudaí-arfionnraighe d'áireamh) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa tsean-Bhord no i gcomhaltaí an tsean-Bhuird sa cháil sin dóibh no dá gcuid féin ag aon taobh aca no i seilbh ar iontaoibh d'aon taobh aca agus gach ceart, comhacht agus príbhléid a bhainfidh no ghabhfaidh le haon mhaoin den tsórt san, tiocfaid chun bheith agus beid, an lá ceaptha agus gan leithliú ná sannadh ar bith, dílsithe sa Bhord no dá gcuid féin aca no i seilbh ar iontaoibh dóibh chun an estáit, an téarma, no an leasa uile chun a mbeidh an céanna, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa tsean-Bhord no i gcomhaltaí an tsean-Bhuird sa cháil sin dóibh no dá gcuid féin ag aon taobh aca no i seilbh ar iontaoibh d'aon taobh aca.
(2) Na fiacha agus na fiachais eile go léir (agus fiachais neashocruithe do tháinig as torta no as sáruithe connartha d'áireamh) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dlite ar an sean-Bhord no ar chomhaltaí an tsean-Bhuird sa cháil sin dóibh agus gan íoc ag aon taobh aca no curtha suas agus gan glanadh ag aon taobh aca tiocfaid chun bheith agus beid, an lá ceaptha, ina bhfiacha no ina bhfiachais ar an mBord agus íocfaidh no glanfaidh an Bord iad agus féadfar iad do bhaint díobh no d'fhoirfheidhmiú ina gcoinnibh.
(3) Gach rud-ar-fionnraighe a haistrítear leis an alt so, féadfaidh an Bord dul chun dlí mar gheall air no é do bhaint amach no é d'fhoirfheidhmiú ina n-ainm féin agus ní gá don Bhord fógra i dtaobh an aistrithe déantar leis an alt so do thabhairt don duine ar a mbeidh an rud-ar-fionnraighe sin ina cheangal.
Imeachta ag an sean-Bhord no ina gcoinnibh.
59.—Aon imeachta bunuíodh ag an sean-Bhord no ag comhaltaí an tsean-Bhuird sa cháil sin dóibh no i gcoinnibh aon taobh aca agus a bheidh ar feitheamh díreach roimh an lá ceaptha, féadfar leanúint díobh ag an mBord no ina gcoinnibh agus in ainm an Bhuird agus, go sonnrach, aon imeachta chun ainm mná ar bith do bhaint den tsean-rolla bheidh ar feitheamh díreach roimh an lá ceaptha beid feasta ina n-imeachta agus leanfar díobh mar imeachta fén Acht so chun ainm na mná san do bhaint den rolla de mhná cabhartha.
Oifigigh an tsean-Bhuird.
60.—Gach duine bheidh díreach roimh an lá ceaptha ina oifigeach páigh don tsean-Bhord aistreofar go dtí an Bord é agus tiocfa sé chun bheith ina oifigeach don Bhord an lá ceaptha.
Mná bheidh cláruithe sa tsean-rolla.
61.—(1) Na cláruithe bheidh sa tsean-rolla díreach roimh an lá ceaptha, tiocfaid chun bheith, an lá ceaptha, ina gcéad-chláruithe sa rolla de mhná cabhartha.
(2) An deimhniú agus an suaitheantas a bheidh tugtha amach ag an sean-Bhord do mhnaoi bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, cláruithe sa tsean-rolla, is tuigthe chun gach críche gur deimhniú mná cabhartha agus suaitheantas mná cabhartha iad an lá ceaptha agus dá éis.
Faoiseamh do mhná ar baineadh a n-ainmneacha den tsean-rolla.
62.—I gcás an Bord dá mheas gur chóir an ceart chun freastal ar mhná seoil do thabhairt thar n-ais do mhnaoi ar bith a mbeidh, díreach roimh an lá ceaptha, a hainm bainte den tsean-rolla, féadfaidh an Bord í do chlárú sa rolla de mhná cabhartha agus beidh éifeacht maidir leis an gclárú san ag an méid sin den Acht so agus de na rialacha déanfar fén Acht so bhainfidh le hainm do chur thar n-ais sa rolla de mhná cabhartha.
Rialacha an tsean-Bhuird do leanúint in éifeacht.
63.—Go dtí go ndéanfaidh an Bord rialacha fén Acht so i dtaobh éinní áirithe, beidh ag na rialacha do rinne an sean-Bhord éifeacht i dtaobh an ní sin fé réir modhnuithe ar bith is gá, fé is dá ndéanadh an Bord go cuibhe fén Acht so iad.
Tuarascbháil ar imeachta an tsean-Bhuird.
64.—Chó luath agus is féidir é tar éis an lae cheaptha, cuirfidh an Bord go dtí an tAire tuarascbhbáil ar imeachta an tsean-Bhuird i rith na bliana 1944 agus beidh sa tuarascbháil pé sonnraí ordóidh an tAire.
Ráiteas ar fháltas agus caiteachas an tsean-Bhuird, etc.
65.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an lae cheaptha foillseoidh an Bord ráiteas ar fháltas agus caiteachas, maraon le fiachas, an tsean-Bhuird i rith na bliana 1944 agus ní foláir an ráiteas do bheith deimhnithe do bheith ceart ag iniúchóir rialtais áitiúil a cheapfaidh an tAire chuige sin.
(2) Má thaisbeánann an ráiteas a fhoillseoidh an Bord fén alt so iarmhéid i gcoinnibh an tsean-Bhuird, beidh feidhm ag alt 22 den Acht so (a bhaineann le híocaíochta o údaráis mhaoirseachta áitiúla leis an mBord) maidir leis an iarmhéid sin amhail is dá mba iarmhéid den tsórt a luaidhtear san alt san é.
(3) Cuirfidh an Bord chun an Aire cóip den ráiteas a foillseofar fén alt so.
(4) Cinnfidh an tAire cadé an táille bheidh le n-íoc ag an mBord maidir leis an ráiteas a foillseofar fén alt so do dheimhniú ag iniúchóir rialtais áitiúil de bhun an ailt seo agus íocfaidh an Bord leis an Aire an táille cinnfear amhlaidh agus air sin déanfaidh an tAire í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgeadais.
AN SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibidil no Uimhir agus Bliain | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme | |
7 & 8 Geo. 5, c. 59 | ... | Midwives (Ireland) Act, 1918. | An tAcht ar fad sa mhéid ná fuil sé athghairmthe. |
... | An tAcht iomlán | ||