[EN]

Uimhir 27 de 1939.


[EN]

ACHT UM CHONGNAMH PHUIBLÍ, 1939.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH MAIDIR LE FÓIRITHIN NA mBOCHT AGUS CHUN AN DLÍ BHAINEANN LE FÓIRITHIN NA mBOCHT DO LEASÚ GO GENERÁLTA CHUN NA CRÍCHE SIN. [8adh Lúnasa, 1939.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar an tAcht um Chongnamh Phuiblí, 1939; do ghairm den Acht so.

[EN]

Tosach feidhme.

2.—Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá cheapfaidh an tAire chuige sin le hordú.

[EN]

Mínithe.

3.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

[EN]

cialluíonn an abairt “scéim chontae” scéim chun fóirithin na mbocht do daingníodh leis an Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923), no do hullamhuíodh agus do daingníodh fén Acht san;

[EN]

cialluíonn an abairt “údarás scéime contae” údarás le n-ar taobhuíodh, de bhuadh scéime contae, riaradh fóirithin na mbocht i líomatáiste áirithe;

[EN]

tá an bhrí chéanna leis an bhfocal “có-cheanntar” atá leis san Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927);

[EN]

cialluíonn an abairt “congnamh liaghachta” gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do sholáthar, sé sin le rá, cóireáil liaghachta no máinliaghachta no fiaclóireachta, cógaisí, agus fearaistí liaghachta no máinliaghachta no fiaclóireachta;

[EN]

cialluíonn an abairt “congnamh generálta” riachtanaisí na beathadh, seachas congnamh liaghachta, do sholáthar;

[EN]

foluíonn an abairt “congnamh puiblí”, agus fós an focal “congnamh” nuair a husáidtear é gan coinníoll, congnamh liaghachta agus congnamh generálta, agus is dá réir sin a léireofar gach abairt agus focal gaolmhar;

[EN]

cialluíonn an abairt “congnamh teaghlaigh” congnamh generálta bheirtear ar shlí seachas tré dhuine do leigint isteach i bhfundúireacht cheanntair no i bhfundúireacht eile;

[EN]

nuair a húsáidtear an focal “tógaint” i dtaobh tailimh foluíonn sé bith-dhílse an tailimh sin no aon estát no leas is lugha ná san sa talamh san do cheannach agus léas ar an talamh san do thógaint go ceann téarma ar bith;

[EN]

cialluíonn an abairt “líomatáiste Bhaile Atha Cliath” an líomatáiste atá có-dhéanta de chontae Bhaile Atha Cliath agus contaebhuirg Bhaile Atha Cliath.

[EN]

Athghairm.

4.—(1) Na hachtacháin a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

(2) Gan dochar d'fheidhm ailt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), dearbhuítear leis seo, maidir leis an athghairm a deintear de bhuadh an ailt seo ar ailt áirithe den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923), ná hoibreoidh sí chun cealú ná eile do dhéanamh ar dhíochur aon bhúird, coiste, no cóluchta eile do díochuireadh le haon alt acu san no fé roimh an Acht so do rith.

[EN]

CUID II.

Riaradh Ard-Udarais agus Riaradh Áitiúil.

[EN]

An t-árd-údarás.

5.—(1) Beidh stiúradh agus urlámhas generálta ag an Aire ar chongnamh puiblí do riaradh de bhun an dlí (agus an tAcht so d'áireamh) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh an riartha san.

[EN]

(2) Ní déanfar éinní san Acht so ná in aon ordú, rialachán no ionstruim a déanfar fén Acht so no a buanchoimeádtar leis do léiriú, ná ní oibreoidh, chun a chur ar chumas an Aire a ordú congnamh puiblí do thabhairt d'aon duine áirithe.

[EN]

Congnamh puiblí do riaradh.

6.—(1) Chun na gcrícheanna bhaineann le congnamh puiblí do riaradh roinnfear an Stát ina cheanntair chonganta phuiblí.

[EN]

(2) I ngach ceanntar conganta phuiblí riarfar congnamh puiblí ag an údarás conganta phuiblí luaidhtear chuige sin san Acht so i leith an cheanntair sin.

[EN]

Ceanntair chonganta phuiblí.

7.—(1) I líomatáiste Bhaile Atha Cliath—

[EN]

(a) is ceanntar conganta phuiblí líomatáiste Aontas Bhaile Atha Cliath mar a bheidh sé có-dhéanta díreach roimh thosach feidhme an Achta so agus bhéarfar Ceanntar Conganta Phuiblí Bhaile Atha Cliath mar ainm agus mar theideal air,

[EN]

(b) is ceanntar conganta phuiblí líomatáiste Aontas Ráth Dúin mar a bheidh sé có-dhéanta díreach roimh thosach feidhme an Achta so agus bhéarfar Ceanntar Conganta Phuiblí Ráth Dúin mar ainm agus mar theideal air, agus

[EN]

(c) is ceanntar conganta phuiblí líomatáiste Aontas Bhaile an Ridire mar a bheidh sé có-dhéanta díreach roimh thosach feidhme an Achta so agus bhéarfar Ceanntar Conganta Phuiblí Bhaile an Ridire mar ainm agus mar theideal air.

[EN]

(2) Lasmuich de líomatáiste Bhaile Atha Cliath—

[EN]

(a) i gcás contae-bhuirg agus có-cheanntar i gcontae ar theorainn na contae-bhuirge sin do bheith á riaradh mar aon líomatáiste amháin ag an aon údarás amháin chun crícheanna fóirithin na mbocht díreach roimh thosach feidhme an Achta so, is ceanntar conganta phuiblí an líomatáiste bheidh có-dhéanta den chontaebhuirg sin agus den chó-cheanntar san,

[EN]

(b) is ceanntar conganta phuiblí gach contae-bhuirg ná baineann mír (a) den fho-alt so léi, agus

[EN]

(c) is ceanntar conganta phuiblí gach có-cheanntar ná baineann mír (a) den fho-alt so leis.

[EN]

(3) Ordóidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so, na hainmneacha fé seach do bhéarfar ar na ceanntair uile agus fé seach is ceanntair chonganta phuiblí fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, agus an ainm a hordófar amhlaidh i dtaobh gach ceanntair chonganta phuiblí fé leith acu san isí is ainm agus is teideal dó.

[EN]

Údaráis chonganta phuiblí.

8.—(1) Isiad Bord Conganta Bhaile Atha Cliath is údarás conganta phuiblí do Cheanntar Conganta Phuiblí Bhaile Atha Cliath.

[EN]

(2) Isiad Bord Conganta Ráth Dúin is údarás conganta phuiblí do Cheanntar Conganta Phuiblí Ráth Dúin.

[EN]

(3) Isiad Bord Conganta Bhaile an Ridire is údarás conganta phuiblí do Cheanntar Conganta Phuiblí Bhaile an Ridire.

[EN]

(4) Isiad is údarás conganta phuiblí do cheanntar chonganta phuiblí is contae-bhuirg ná bárdas na contae-bhuirge sin.

[EN]

(5) Isiad is údarás conganta phuiblí do cheanntar chonganta phuiblí ná beidh ann ach iomlán có-cheanntair ná comhairle na contae gurb ionann teora dhi agus don chó-cheanntar san no ina mbeidh an có-cheanntar san.

[EN]

(6) Isiad is údarás conganta phuiblí do cheanntar chonganta phuiblí bheidh có-dhéanta de chontae-bhuirg agus d'iomlán cócheanntair i gcontae ar theorainn na contae-bhuirge sin ná an bord conganta phuiblí bunófar don cheanntar chonganta phuiblí sin de bhun an chéad ailt eile den Acht so.

[EN]

Ballraíocht, imeachta, etc.,údarás conganta phuiblí i líomatáiste Bhaile Atha Cliath.

9.—(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach údarás conganta phuiblí go mbeidh a gceanntar conganta phuiblí i líomatáiste Bhaile Atha Cliath, sé sin le rá:—

[EN]

(a) d'ainneoin éinní atá san Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath) (Leasú), 1931 (Uimh. 25 de 1931), beidh an t-údarás san có-dhéanta den uimhir sin daoine cheapfaidh an tAire o am go ham agus, i gcás Bhord Conganta Bhaile Atha Cliath, toghfar na daoine sin ag Tiarna Méara Ró-onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath agus ag comhairle chontae Bhaile Atha Cliath do réir na gcionúireacht san a cheapfaidh an tAire amhlaidh agus, i ngach cás eile, isí comhairle na contae sin a thoghfaidh na daoine sin;

[EN]

(b) na baill sin (más ann dóibh) den údarás san a toghfar ag Tiarna Méara Ró-onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath, is gá gur bhaill iad de chomhairle chathrach Bhaile Atha Cliath;

[EN]

(c) na baill sin den údarás san a toghfar ag comhairle chontae Bhaile Atha Cliath is gá gur bhaill iad den chomhairle sin;

[EN]

(d) na Rialacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh feidhm agus éifeacht acu maidir leis an údarás san ach san gus an atharú go ndéanfar, chun crícheanna Rialach 2 de sna Rialacha san, na baill sin den údarás san a bheidh le togha ag comhairle chontae Bhaile Atha Cliath do thogha díreach amhail is gur bhaill bhreise iad uile do réir bhrí na Rialach san agus go ndéanfar na tagairtí i Rialacha 11 agus 12 don chéad chruinniú do léiriú mar thagairtí don chéad chruinniú den údarás san tar éis tosach feidhme an Achta so;

[EN]

(e) fé réir na Rialacha agus gan dochar do sna Rialacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so mar a bheirtear feidhm dóibh leis an mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh stiúradh an ghnótha agus ord na n-imeacht ag cruinnithe den údarás san agus beidh éifeacht ag gach rialachán den tsórt san do réir a bhrí;

[EN]

(f) pé uair eireoidh aon deacracht i dtaobh toghacháin do bhaill den údarás san no i dtaobh céad chruinniú an údaráis sin tar éis toghacháin (seachas toghachán chun foth-fholúntas do líonadh) do bhaill uile no d'aon chuid de bhaill an údaráis sin, no de bhíthin lochta i gcódhéanamh an údaráis sin de dheascaibh toghachán do bhaill uile no do chuid de bhaill an údaráis sin do bheith gan comóradh no do bheith lochtach no de dheascaibh éinní no aon ruda eile, féadfaidh an tAire, le hordú, éinní do dhéanamh a chífear dó do bheith riachtanach no ceart chun na deacrachta san do réiteach no do chur ar neamh-ní agus, go sonnrách, féadfaidh leis an ordú san, más dóich leis san do bheith ceart, socrú do dhéanamh chun toghachán do chomóradh do bhaill uile no do chuid de bhaill an údaráis sin no chun cruinniú den údarás san do chomóradh.

[EN]

(2) An méid den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath) (Leasú), 1931 (Uimh. 25 de 1931) atá buiniscionn leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus, go sonnrách, an méid den Acht san le n-a socruítear i dtaobh ball có-thoghtha de Bhord Chonganta Bhaile Atha Cliath, scuirfidh d'éifeacht do bheith aige.

[EN]

Búird chonganta phuiblí.

10.—(1) I ngach ceanntar conganta phuiblí bheidh có-dhéanta de chontae-bhuirg agus de chó-cheanntar i gcontae ar theorainn na contae-bhuirge sin bunófar bord conganta phuiblí chun bheith ina n-údarás chonganta phuiblí don cheanntar chonganta phuiblí sin.

[EN]

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach bord conganta phuiblí bunófar de bhun an ailt seo, sé sin le rá:—

[EN]

(a) isé gairmfear den bhord agus a bheidh mar theideal air ná “an Bord Conganta Phuiblí do” go n-ainm an cheanntair chonganta phuiblí darb údarás conganta phuiblí an bord san;

[EN]

(b) beidh an bord ina chólucht chorparuithe go síor-chomharbas agus cuirfid có-shéala ar fáil dóibh féin agus beidh sé acu;

[EN]

(c) beidh an bord có-dhéanta den uimhir sin daoine cheapfaidh an tAire o am go ham agus toghfar na daoine sin, do réir na gcionúireacht san a cheapfaidh an tAire amhlaidh, ag bárdas na contae-bhuirge is cuid den cheanntar chonganta phuiblí sin agus ag comhairle na contae ina bhfuil an có-cheanntar is cuid den cheanntar chonganta phuiblí sin;

[EN]

(d) na baill sin den bhord a toghfar ag bárdas contae-bhuirge is gá gur bhaill iad de chomhairle chathrach na contaebhuirge sin;

[EN]

(e) na baill sin den bhord a toghfar ag comhairle chontae is gá gur bhaill iad den chomhairle sin;

[EN]

(f) na Rialacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh feidhm agus éifeacht acu maidir leis an mbord;

[EN]

(g) fé réir na Rialacha agus gan dochar do sna Rialacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh stiúradh an ghnótha agus ord na n-imeacht ag cruinnithe den bhord, agus beidh éifeacht ag gach rialachán den tsórt san do réir a bhrí;

[EN]

(h) pé uair eireoidh aon deacracht i dtaobh toghacháin do bhaill den bhord no i dtaobh céad chruinniú an bhúird tar éis toghacháin (seachas toghachán chun foth-fholúntas do líonadh) do bhaill uile no d'aon chuid de bhaill an bhúird, no de bhíthin lochta i gcó-dhéanamh an bhúird de dheascaibh toghachán do bhaill uile no do chuid de bhaill an bhúird do bheith gan comóradh no do bheith lochtach no de dheascaibh éinní no aon ruda eile, féadfaidh an tAire, le hordú, éinní do dhéanamh a chífear dó do bheith riachtanach no ceart chun na deacrachta san do réiteach no do chur ar neamhní agus, go sonnrách, féadfaidh leis an ordú san, más dóich leis san do bheith ceart, socrú do dhéanamh chun toghachán do chomóradh do bhaill uile no do chuid de bhaill an bhúird no chun cruinniú den bhord do chomóradh.

[EN]

Coistí d'údaráis chonganta phuiblí.

11.—(1) Féadfaidh údarás conganta phuiblí pé coistí agus pé méid coistí is oiriúnach leo do cheapadh o am go ham chun crícheanna bhaineann le haon chuid dá gcomhachta, dá ndualgaisí, agus dá bhfeidhmeanna fén Acht so d'fheidhmiú no do chólíonadh is dóich leis an údarás san is fearr no is caothúla a rialálfaí no a bainisteofaí ag coiste no tré choiste.

[EN]

(2) Féadfaidh coiste ceapfar fén alt so bheith ina gcoiste generálta go gcomhacht acu chun comhachta, dualgaisí, agus feidhmeanna d'fheidhmiú no do chólíonadh maidir le hiomlán ceanntair chonganta phuiblí an údaráis chonganta phuiblí do cheap iad no ina gcoiste áitiúil go gcomhacht acu chun comhachta, dualgaisí, agus feidhmeanna d'fheidhmiú no do chólíonadh maidir le cuid teoranta agus leis an gcuid sin amháin den cheanntar chonganta phuiblí sin.

[EN]

(3) Beidh trí baill ar a laighead ar gach coiste ceapfar fén alt so agus féadfa sé bheith có-dhéanta ar fad de bhaill den údarás chonganta phuiblí a cheapfaidh é no go leathrannach de bhaill den údarás san agus go leathrannach de dhaoine eile.

[EN]

(4) Na gníomhartha dhéanfaidh gach coiste ceapfar fén alt so beid fé réir a ndaingnithe ag an údarás conganta phuiblí cheapfaidh an coiste, ach amháin go bhféadfaidh an t-údarás san, le ceadú an Aire, comhacht do thabhairt d'aon choiste airithe chun aon ghníomh do dhéanamh (le n-a n-áirmhítear imeachta dlí do bhunú), laistigh den údarás a bhronnfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin ar an gcoiste, d'fhéadfadh an t-údarás conganta phuiblí sin féin do dhéanamh go dleathach.

[EN]

(5) An quorum, an nós imeachta agus an áit chruinnithe bheidh ag coiste ceapfar fén alt so, agus fós an líomatáiste (más aon cheann é) ina mbeidh a bhfeidhmeanna le feidhmiú ag an gcoiste sin, beid fé mar a ceapfar le rialacháin a dhéanfaidh an t-údarás conganta phuiblí cheapfaidh an coiste sin.

[EN]

Ceanntair chonganta phuiblí do bheith fe chó-riaradh.

12.—(1) Má chítear don Aire, tar éis dó dul i gcomhairle le húdaráis chonganta phuiblí dhá cheanntar chonganta phuiblí no níos mó, go raghadh sé chun costas do laigheadú no go ndéanfadh sé tairbhe phuiblí no áitiúil ar shlí eile na ceanntair chonganta phuiblí sin do bheith á gcó-bhainistí agus á gcó-riaradh chun gach ceann no chun aon cheann no cinn áirithe de chrícheanna riartha chonganta phuiblí no de sna crícheanna bhaineann leis an riaradh san, féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú go ndéanfar, chun na gcrícheanna luadhfar san ordú san, an riaradh ar chongnamh phuiblí sna ceanntair chonganta phuiblí sin do bhainistí agus do stiúradh ag údaráis chonganta phuiblí fé seach na gceanntar conganta phuiblí sin i gcomhar le chéile tré chó-choiste bunófar fé réim agus do réir an orduithe sin.

[EN]

(2) Le gach ordú dhéanfaidh an tAire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so—

[EN]

(a) déanfar socrú chun có-choiste do bhunú chun crícheanna an orduithe sin agus maidir le có-dhéanamh, ballraíocht, nós imeachta, airgeadas, agus oifigigh an choiste sin, agus

[EN]

(b) míneofar feidhmeanna an chó-choiste sin agus, i ngach cás ina mbeidh san oiriúnach, leagfar amach feidhmeanna fé seach an chó-choiste sin agus na n-údarás conganta phuiblí do sna ceanntair chonganta phuiblí is líomatáiste feidhme don chó-choiste sin, agus

[EN]

(c) déanfar an socrú san is dóich leis an Aire is ceart chun coda oiriúnacha de shócmhainní agus de mhaoin na n-údarás conganta phuiblí sin do dháiliú ar an gcóchoiste sin agus chun na n-údarás conganta phuiblí sin d'íoc fiachaisí an chó-choiste sin agus, i gcoitinne, chun maoin agus fiachaisí, láithreach agus todhachaí, do choigeartú idir na húdaráis chonganta phuiblí sin fé seach agus an có-choiste sin, agus

[EN]

(d) déanfar socrú chun na maoine uile thógfaidh an cóchoiste sin do dhílsiú sna húdaráis chonganta phuiblí sin sna cionúireachtaí sin agus sa tslí sin is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh san ordú san, agus

[EN]

(e) déanfar i gcoitinne na socruithe sin a chífear don Aire do bheith riachtanach no ceart chun a chur in áirithe go bhfeidhmeoidh an có-choiste sin go cuibhe na crícheanna chun a mbunófar é.

[EN]

(3) Nuair a bunófar có-choiste le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt so scuirfidh údaráis chonganta phuiblí fé seach na gceanntar conganta phuiblí uile agus fé seach is líomatáiste feidhme don chó-choiste sin de sna cinn sin dá gcomhachta agus dá ndualgaisí fé seach d'fheidhmiú no do chólíonadh a háirmheofar, leis an ordú san, ar fheidhmeanna an chó-choiste sin agus feidhmeoidh agus cólíonfaidh an có-choiste sin na comhachta agus na dualgaisí sin.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire tráth ar bith aon ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so do cheiliúradh no do leasú ar a chomhairle féin agus, go sonnrách, féadfaidh tráth ar bith, le hordú, có-choiste do bunuíodh fén alt so do scur agus gach socrú do dhéanamh a chífear dó do bheith riachtanach no ceart chun feidhmeanna an chó-choiste sin do thabhairt thar n-ais do sna húdaráis chonganta phuiblí uile agus fé seach gur leo na feidhmeanna san ar dtúis no chun aon chríche eile leanfaidh as an gcó-choiste sin do scur.

[EN]

Údaráis scéime contae do dhíochur.

13.—(1) Gach údarás scéime contae bheidh ann díreach roimh thosach feidhme an Achta so agus nach bárdas contae-bhuirge beidh sé, ar thosnú na feidhme sin, ar scur agus gan bheith ann.

[EN]

(2) Ar údarás scéime contae do scur fén alt so, tiocfaidh an t-údarás conganta phuiblí gurb ionann teora dá cheanntar conganta phuiblí agus do líomtáiste feidhme an údaráis scéime contae sin chun bheith, agus beid, ina gcomharba don údarás scéime contae sin do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so.

[EN]

Maoin, etc., d'aistriú o údaráis scéime contae go dtí údaráis chonganta phuiblí.

14.—Má scuirtear údarás scéime contae leis an Acht so beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an údarás scéime contae sin agus leis an údarás conganta phuiblí is comharba don údarás scéime contae sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an mhaoin agus na sócmhainní uile (agus rudaí-ar-fiunraoi d'áireamh) a bheidh dílsithe san údarás scéime contae sin no dá gcuid féin acu díreach roimh thosach feidhme an Achta so tiocfaid chun bheith agus beid, ar thosnú na feidhme sin, ina maoin agus ina sócmhainní is leis an údarás conganta phuiblí sin de bhuadh an ailt seo gan aon leithliú ná sannadh ná gníomh do dhéanamh seachas iad d'aistriú (i gcás san do bheith oiriúnach) i leabhair bhainc no chuideachtan no chóluchta eile;

[EN]

(b) na fiacha agus na fiachaisí uile fé n-a ndeachaidh no fé n-a rachaidh an t-údarás scéime contae sin agus a bheidh gan íoc díreach roimh thosach feidhme an Achta so (pe'ca bheid dlite an uair sin no le teacht chun bheith dlite go cinnte no go teagmhaiseach ina dhiaidh sin) tiocfaid chun bheith agus beid, ar thosnú na feidhme sin, ina bhfiacha agus ina bhfiachaisí ar an údarás conganta phuiblí sin agus glanfaidh an t-údarás san iad i dtráth;

[EN]

(c) gach banna no urraíocht no urrús eile de chineál leanúnach a bheidh tugtha ag an údarás scéime contae sin do dhuine eile no ag duine ar bith don údarás scéime contae sin agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta so, agus gach connradh no có-aontú i scríbhinn a bheidh déanta idir an t-údarás scéime contae sin agus duine eile agus ná beidh feidhmithe agus críochnuithe ar fad roimh thosach feidhme an Achta so, leanfaidh i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an t-údarás conganta phuiblí sin ann in ionad an údaráis scéime contae sin, agus beidh an t-urrús no an connradh no an có-aontú san ion-fhoirfheidhmithe ag an údarás conganta phuiblí sin no ina gcoinnibh dá réir sin;

[EN]

(d) i ngach aicsean, agra, cúiseamh no imeacht eile bheidh ar fiunraoi i dtosach feidhme an Achta so agus inar páirtí an t-údarás scéime contae sin, tiocfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin chun bheith agus beid, ar thosach feidhme an Achta so, ina bpáirtí in ionad an údaráis scéime contae sin agus leanfar den imeacht san idir an t-údarás conganta phuiblí sin agus na páirtithe eile ann dá réir sin;

[EN]

(e) gach duine is oifigeach no seirbhíseach don údarás scéime contae sin díreach roimh thosach feidhme an Achta so, tiocfaidh chun bheith agus beidh, ar thosnú na feidhme sin, ina oifigeach no ina sheirbhíseach (fé mar is gá sa chás) don údarás chonganta phuiblí sin ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar a raibh sé i seilbh oifige fén údarás scéime contae sin no ar fostú acu díreach roimh an tosach feidhme sin agus beidh gach duine den tsórt san i dteideal, chun crícheanna aon achtacháin i dtaobh aois-liúntais no cúitimh i gcailliúint oifige no fostaíochta bhaineann leis maidir le n-a sheirbhís fén údarás conganta phuiblí sin, a thréimhse sheirbhíse fén údarás scéime contae sin d'áireamh mar sheirbhís fén údarás conganta phuiblí sin agus a thréimhse sheirbhíse fén údarás scéime contae sin agus a thréimhse sheirbhíse fén údarás conganta phuiblí sin d'áireamh mar aon tréimhse sheirbhíse leanúnach amháin fén údarás conganta phuiblí sin;

[EN]

(f) aon airgead a bheidh le cruinniú chun crícheanna an údaráis scéime contae sin roimh thosach feidhme an Achta so féadfar é ghearradh tar éis an tosach feidhme sin fé is dá mba ná rithfí an tAcht so agus íocfar leis an údarás conganta pbuiblí sin é chun crícheanna a bhfeidhmeanna fén Acht so.

[EN]

Rúnaí agus cisteoir do bhord chonganta phuiblí.

15.—(1) Ceapfaidh gach bord conganta phuiblí oifigeach chun bheith ina rúnaí don bhord san.

[EN]

(2) Ceapfaidh gach bord conganta phuiblí banc no cuideachta bhancaerachta chun bheith ina gcisteoir don bhord san.

[EN]

Rúnaí d'údarás chonganta phuiblí i líomatáiste Bhaile Atha Cliath.

16.—(1) Gach údarás conganta phuiblí go mbeidh a gceanntar conganta phuiblí i líomatáiste Bhaile Atha Cliath ceapfaid oifigeach chun bheith ina rúnaí don údarás san agus banc no cuideachta bhancaerachta chun bheith ina gcisteoir don údarás san.

[EN]

(2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, má bhíonn duine, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, mar an cléireach, buan no sealadach, d'aontas fé dhlí na mbocht i líomatáiste Bhaile Atha Cliath tiocfaidh an duine sin chun bheith agus beidh sé, ar thosnú na feidhme sin, ina rúnaí, buan no sealadach (do réir mar a bheidh), d'údarás chonganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí gurb é an t-aontas san fé dhlí na mbocht a bheidh ann.

[EN]

Connartha údarás conganta phuiblí.

17.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh údarásanna conganta phuiblí do dhéanamh connartha.

[EN]

(2) Is do réir rialachán ar n-a ndéanamh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire déanfar gach connradh dhéanfaidh údarás conganta phuiblí, agus gach connradh dhéanfaidh údarás conganta phuiblí ar shlí seachas do réir na rialachán san beidh sé gan bhrí ar bith má orduíonn an tAire amhlaidh agus, mara dtugaidh no go dtí go dtabharfaidh an tAire an t-ordú san, beidh an connradh san ion-churtha ar nea-mbrí más rogha san le haon pháirtí ann.

[EN]

(3) Má deintear connradh ar n-a dhéanamh ag údarás conganta phuiblí do chur ar nea-mbrí fén alt so, pe'ca an tAire no páirtí ann a chuirfidh ar nea-mbrí é, ansan, gach íocaíocht a íocfaidh an t-údarás san no aon oifigeach dóibh tar éis an chonnartha san do bheith curtha ar nea-mbrí amhlaidh agus a bhéarfaidh le tuisgint gur de bhun an chonnartha san a híoctar í, dí-lomhálfar í i gcuntaisí an údaráis no an oifigigh sin (do réir mar a bheidh) mar ní atá contrárdha don dlí.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh éinní atá san alt so, no bheidh in aon rialachán a déanfar fé, dochar ná deifir d'Acht na nUdarás nAitiúil (Có-Cheannach), 1939 (Uimh. 14 de 1939), do bhaint le húdaráis chonganta phuiblí ná d'oibriú an Achta san maidir leis na húdaráis sin.

CUID III

Congnamh Puibli.

[EN]

Na daoine bheidh i dteideal conganta phuiblí.

18.—(1) Duine bocht nach féidir leis, le n-a thionnscal féin no ar shlí dhleathach eile, riachtanaisí na beatha (lasmuich de chóireáil liaghachta no máinliaghachta no fiaclóireachta, cógaisí, agus fearaistí liaghachta no máinliaghachta no fiaclóireachta) do sholáthar dó féin no d'aon daoine dhligheann sé fén Acht so do chothabháil, beidh sé i dteideal conganta ghenerálta.

[EN]

(2) Duine bocht nach féidir leis, le n-a thionnscal féin no ar shlí dhleathach eile, an chóireáil liaghachta no máinliaghachta no fiaclóireachta no na cógaisí, no na fearaistí liaghachta no máinliaghachta no fiaclóireachta do sholáthar is gá dhó féin no d'aon daoine dhligheann sé fén Acht so do chothabháil, beidh sé i dteideal conganta liaghachta.

[EN]

(3) Déanfar tagairtí san Acht so do dhaoine i dteideal conganta phuiblí do léiriú mar thagairtí fholuíonn daoine i dteideal conganta ghenerálta, daoine i dteideal conganta liaghachta, agus daoine i dteideal conganta ghenerálta agus conganta liaghachta.

[EN]

E de dhualgas ar údarás conganta phuiblí congnamh puiblí do sholáthar.

19.—Fé réir forálacha an Achta so, beidh sé de dhualgas ar gach údarás conganta phuiblí an congnamh puiblí sin a chífear dóibh do bheith riachtanach no ceart i ngach cás fé leith do thabhairt, do réir an Achta so, do gach duine ina gceanntar conganta phuiblí a bheidh i dteideal conganta phuiblí agus soláthar cuibhe do dhéanamh chuige sin do réir an Achta so.

[EN]

Congnamh puiblí do thabhairt.

20.—(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, a chinneadh cé hiad na daoine bheidh ina ndaoine údaruithe chun crícheanna an ailt seo, agus dá réir sin cialluíonn an abairt “duine údaruithe” san alt so duine is duine údaruithe de thurus na huaire chun crícheanna an ailt seo de bhuadh ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén bhfo-alt so.

[EN]

(2) In aon chás ina bhfeicfear do dhuine údaruithe go bhfuil riachtanas práinneach le congnamh liaghachta no congnamh generálta do thabhairt láithreach do dhuine i dteideal conganta liaghachta no conganta ghenerálta (do réir mar a bheidh), is dleathach dó an congnamh san do thabhairt don duine sin tré ordú um leigint isteach i bhfundúireacht cheanntair agus um iompar chun na fundúireachta san no tré chongnamh sealadach do thabhairt don duine sin láithreach in aon tslí eile a bheidh oiriúnach do chúrsaí an cháis.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh congnamh do thabhairt fén alt so agus, go sonnrách, á shocrú go generálta, no i dtaobh aon aicme áirithe daoine, cadé an saghas conganta bhéarfar amhlaidh agus ag ordú na n-áit agus na dtráth ina bhféadfar agus na gcoinníoll fé n-a bhféadfar an congnamh san do dheonadh, agus i gcás ina mbeidh aon rialacháin den tsórt san i bhfeidhm de thurus na huaire is do réir na rialachán san do bhéarfar congnamh do bhéarfar fén alt so.

[EN]

(4) Lasmuich de chás ina n-údaruítear san leis an alt so ní dleathach congnamh puiblí do thabhairt d'éinne ach amháin de bharr agus do réir ordú ón údarás conganta phuiblí le n-a mbainfidh.

[EN]

Rann-íocanna do chumainn áirithe.

21.—(1) Le toiliú an Aire féadfaidh údarás conganta phuiblí an rann-íoc bliantúil sin a mheasfaid, leis an toiliú san, a bheith ceart d'íoc le cistí aon chumainn chun cruadhálacht do leanbhaí do chosc.

[EN]

(2) Pé uair is deimhin le húdarás conganta phuiblí go ndeineann cumann fóirthne daoine bochta fóirithin, no go bhfuil beartuithe acu fóirithin do dhéanamh, ar dhaoine bochta tré bhia agus lóistín do chur ar fáil do sna daoine sin in áitreabh fé urláimh an chumainn sin i líomatáiste feidhme an údaráis chonganta phuiblí sin agus, tré n-a dhéanamh san, go dtugann no go dtabharfaidh an cumann san cabhair úsáideach i riaradh conganta phuiblí sa líomatáiste feidhme sin, féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin, le toiliú an Aire agus fé réir na dteorann agus na gcoinníoll san fhorchuirfe sé, cabhrú leis an gcumann san ar aon tslí no slite acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tré rann-íoc do thabhairt le haghaidh na gcostaisí fé n-a dtéigheann an cumann san chun fóirithin do dhéanamh ar dhaoine bochta sa tslí roimhráite, no

[EN]

(b) tré abhar teine, solus, bia, uisce no earra eile do chur ar fáil don chumann san le húsáid ag an gcumann san chun fóirithin do dhéanamh amhlaidh ar dhaoine bochta, no

[EN]

(c) tré n-a leigint don chumann san áitreabhacha i seilbh an údaráis chonganta phuiblí sin d'úsáid chun fóirithin do dhéanamh amhlaidh ar dhaoine bochta agus, más gá é, tré atharú agus deisiú do dhéanamh ar na háitreabhacha san agus troscán agus feistisí do sholáthar ina gcóir chun iad d'oiriúnú chun iad d'úsáid chuige sin, no

[EN]

(d) áitreabhacha (maraon leis an troscán agus na feistisí uile is gá) do chur ar fáil le húsáid ag an gcumann san chun fóirithin do dhéanamh amhlaidh ar dhaoine bochta.

[EN]

Comhacht chun talamh do sholáthar d'óspidéal phuiblí.

22.—(1) Pé uair is deimhin le húdarás conganta phuiblí go bhfuil no go mbeidh cabhair úsáideach á tabhairt i riaradh conganta phuiblí ina gceanntar conganta phuiblí leis an gcóireáil do bheirtear in óspidéal no in otharlainn phuiblí sa cheanntar san do dhaoine i dteideal conganta liaghachta, féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin, ar n-a iarraidh sin do chólucht rialúcháin an óspidéil no na hotharlainne sin agus le toiliú an Aire, aon talamh do sholáthar, don óspidéal no don otharlainn sin, a chuirfidh an cólucht rialúcháin sin ina luighe ar an údarás conganta phuiblí sin do bheith ag teastáil chun feidhmeanna an óspidéil no na hotharlainne sin do chólíonadh go héifeachtúil.

[EN]

(2) Má chinneann údarás conganta phuiblí aon talamh do sholáthar fén alt so d'óspidéal no d'otharlainn phuiblí, féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin an talamh san do thógaint tré chó-aontú le toiliú an Aire no go héigeanta fén Acht so agus (i gceachtar cás) féadfaidh an talamh san do leithliú chun, no chun tairbhe, an óspidéil no na hotharlainne puiblí sin.

[EN]

(3) Má iarrann cólucht rialúcháin óspidéil no otharlainne puiblí ar údarás conganta phuiblí aon talamh do sholáthar fén alt so don óspidéal no don otharlainn sin ceanglóidh an t-údarás conganta phuiblí sin ar an gcólucht rialúcháin sin, mar choinníoll nach foláir a chólíonadh sara soláthruighidh an t-údarás san an talamh san amhlaidh, a ghabháil le n-a n-ais iomlán chostas soláthruithe an tailimh sin amhlaidh d'íoc.

[EN]

Costaisí aistrithe daoine i dteideal conganta phuiblí d'íoc.

23.—Ar iarratas o dhuine i dteideal conganta phuiblí féadfaidh údarás conganta phuiblí na costaisí réasúnta d'íoc a bhainfidh leis an duine sin (i dteanta no d'éamais a chleithiúnaithe) d'aistriú o cheanntar chonganta phuiblí an údaráis sin go háit éigin eile más deimhin leis an údarás san gur dócha go dtiocfadh den duine sin d'aistriú ón gceanntar san go dtí an áit eile sin go bhféadfadh an duine sin é féin agus a chleithiúnaithe do chothabháil le n-a thionnscal féin no ar shlí dhleathach eile agus go raghadh sé, i gcoitinne, chun tairbhe don duine sin agus dá chleithiúnaithe.

[EN]

Daoine marbha d'adhlacadh.

24.—(1) Féadfaidh údarás conganta phuiblí no, i gcás práinne, oifigeach d'údarás chonganta phuiblí riarann congnamh teaghlaigh socrú do dhéanamh chun éinne acu so leanas d'adhlacadh in aon áit i gceanntar conganta phuiblí an údaráis sin a chífear don údarás no don oifigeach san (do réir mar a bheidh) do bheith ceart, sé sin le rá:—

[EN]

(a) duine d'éag agus é ag fáil chonganta ghenerálta ón údarás conganta phuiblí sin;

[EN]

(b) duine d'éag i gceanntar conganta phuiblí an údaráis chonganta phuiblí sin agus nach fios cé hiad a ghaolta no go mbeidh a ghaolta, toisc iad do bheith as láthair no dealbh no mar gheall ar chúis mhaith dhóthanach éigin eile, gan bheith ábalta ar shocrú do dhéanamh chun é adhlacadh;

[EN]

(c) duine do bádhadh agus do tháinig fé thír sa cheanntar chonganta phuiblí sin no do cailleadh ar shlí eile agus do fuarthas marbh sa cheanntar san agus (i gceachtar cás) nár héilíodh a chorp chun é adhlacadh.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás conganta phuiblí ceanntair chonganta phuiblí, in aon chás inar dóich leo san do bheith ceart, corp duine bhí i dteideal conganta ghenerálta agus d'éag lasmuich den cheanntar san do thabhairt isteach sa cheanntar san agus é adhlacadh ann.

[EN]

(3) I gcás duine i dteideal conganta ghenerálta d'éagadh agus é ag fáil chonganta phuiblí o údarás chonganta phuiblí i bhfundúireacht lasmuich de cheanntar chonganta phuiblí an údaráis chonganta phuiblí sin féadfaidh an t-údarás san corp an duine sin d'adhlacadh in aon roilig ná beidh thar achar caothúil ón bhfundúireacht san.

[EN]

(4) Féadfaidh údarás conganta phuiblí na costaisí uile d'íoc fé n-a raghfar go riachtanach chun duine marbh d'adhlacadh fén alt so no chun corp duine mhairbh do thabhairt isteach ina gceanntar conganta phuiblí chun é adhlacadh.

[EN]

(5) I gcás údarás conganta phuiblí do dhul fé chostaisí fén alt so maidir le corp duine mhairbh féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin aisíoc na gcostaisí sin d'fháil as maoin an duine mhairbh sin no o aon duine do dhligh an duine sin do chothabháil díreach roimh éag dó fé is dá mba chostas conganta phuiblí bhéarfaí don duine sin roimh éag dó na costaisí sin.

[EN]

Obair mar choinníoll chun congnamh generálta d'fháil.

25.—(1) Féadfaidh údarás conganta phuiblí a cheangal ar dhuine, mar choinníoll ar a ndeonfar congnamh generálta don duine sin, go ndéanfadh, roimh an gcongnamh ghenerálta san d'fháil no dá éis sin no le n-a linn, an obair sin a mheasfaidh an t-údarás san do bheith oiriúnach do ghné, d'aois, do neart, agus do chumas an duine sin agus a ordóid don duine sin do dhéanamh amhlaidh.

[EN]

(2) Chun obair do chur ar fáil fén alt so féadfaidh údarás conganta phuiblí gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) aon talamh do thógaint agus do chur de láimh fé réir toiliú an Aire;

[EN]

(b) aon ghléasra, úirlisí, trealamh, no abhair do cheannach no d'fháil ar cíos agus iad do chur de láimh fé réir aon rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

[EN]

Costas conganta phuiblí do chinneadh.

26.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú na slí ina gcinnfear chun críche an Achta so costas conganta phuiblí agus féadfaidh leis na rialacháin sin slite deifriúla den tsórt san d'ordú alos saghsanna deifriúla conganta phuiblí.

[EN]

(2) Déanfar tagairtí san Acht so do chostas chonganta phuiblí no do chostas aon tsaghais áirithe conganta phuiblí do léiriú agus beidh éifeacht acu mar thagairtí do chostas an chonganta phuiblí sin mar a cinnfear é do réir rialachán ar n-a ndéanamh fén alt so.

[EN]

Dligheas maidir le gaolta do chothabháil.

27.—(1) Chun crícheanna an Achta so agus gan dochar d'aon oblagáidí bheidh, de thurus na huaire, forchurtha le dlí ar shlí seachas leis an Acht so no chun crícheanna an Achta so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) dlighfidh gach duine dlisteanach a athair agus a mháthair do chothabháil;

[EN]

(b) dlighfidh gach duine mí-dhlisteannach a mháthair do chothabháil;

[EN]

(c) dlighfidh gach fear na daoine sin dá chlainn dhlisteanaigh a bheidh de thurus na huaire fé bhun sé bliana déag d'aois do chothabháil;

[EN]

(d) dlighfidh gach bean an duine no na daoine sin dá clainn, pe'ca dlisteanach no mí-dhlisteanach dó no dhóibh, a bheidh de thurus na huaire fé bhun sé bliana déag d'aois do chothabháil;

[EN]

(e) dlighfidh gach fear pósta a bhean chéile do chothabháil agus dlighfidh fós gach duine clainne, pe'ca dlisteanach no mí-dhlisteanach dó, do rugadh dá mhnaoi sarar phós sí é agus a bheidh de thurus na huaire fé bhun sé bliana déag d'aois do chothabháil;

[EN]

(f) dlighfidh gach bean phósta a fear céile do chothabháil.

[EN]

(2) Gach tagairt atá san Acht so do dhuine dhligheann duine eile do chothabháil léireofar í mar ní chialluíonn duine dhligheann de bhuadh an ailt seo, chun crícheanna an Achta so, an duine eile sin do chothabháil.

[EN]

Fiachas maidir le costas conganta phuiblí d'aisíoc.

28.—Má bheireann údarás conganta phuiblí (dá ngairmtear an t-údarás san san alt so) congnamh puiblí do dhuine ar bith (dá ngairmtear an fáltaí congnaimh san alt so) beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) beidh sé de dhualgas ar an bhfáltaí congnaimh no, ar é do theip air sin, pe'ca ar fad no go leathrannach é, ar gach duine dhlighfidh é chothabháil, costas an chonganta phuiblí tugadh amhlaidh don fháltaí chongnaimh d'aisíoc leis an údarás san do réir a n-acfuinní fé seach;

[EN]

(b) má bhíonn iomlán an chonganta phuiblí tugadh amhlaidh no aon chuid de gan aisíoc leis an údarás san de bhun an ailt seo agus gurb é tuairim an údaráis sin tráth ar bith gur féidir leis an bhfáltaí congnaimh iomlán an chonganta phuiblí sin a bheidh gan aisíoc amhlaidh no cuid de d'aisíoc leis an údarás san, féadfaidh an t-údarás san, ar fhógra thabhairt don fháltaí chongnaimh, ordú d'iarraidh ar an gCúirt Dúithche á ordú don fháltaí chongnaimh an t-aisíoc san adubhradh do dhéanamh;

[EN]

(c) má bhíonn iomlán an chonganta phuiblí tugadh amhlaidh no aon chuid de gan aisíoc leis an údarás san de bhun an ailt seo agus gurb é tuairim an údaráis sin tráth ar bith nach féidir leis an bhfáltaí congnaimh an congnamh puiblí bheidh gan aisíoc amhlaidh d'aisíoc leis an údarás san agus gur féidir le duine éigin, do dhligh an fáltaí congnaimh do chothabháil nuair a tugadh an congnamh puiblí sin amhlaidh, iomlán an chonganta phuiblí bheidh gan aisíoc amhlaidh no cuid de d'aisíoc leis an údarás san, féadfaidh an t-údarás san, ar fhógra thabhairt don duine eile sin, ordú d'iarraidh ar an gCúirt Dúithche á ordú don duine eile sin an t-aisíoc san adubhradh do dhéanamh;

[EN]

(d) más rud é, ar a iarraidh ar an gCúirt Dúithche fén alt so go n-aisíocfaí congnamh puiblí, gur deimhin leis an gCúirt an té ar a mbeidh an t-aisíoc á lorg do bheith, le linn an iarratais sin d'éisteacht, ábalta ar an suim no cuid den tsuim d'aisíoc go mbeidh a haisíoc á lorg ceapfaidh an Chúirt an tsuim a bheidh le n-aisíoc ag an duine sin agus ordóidh don duine sin í aisíoc leis an údarás san ina haon tsuim amháin no sna tráthchoda seachtainiúla no míosúla san is dóich leis an gCúirt do bheith ceart;

[EN]

(e) beidh ordú ón gCúirt Dúithche fén alt so á ordú go n-aisíocfaí suim leis an údarás san ionfhoirfheidhmithe sa tslí chéanna agus leis na meáin chéanna ina mbíonn ordú ón gCúirt Dúithche á ordú go n-íocfaí suim airgid i gcás síbhialta ionfhoirfheidhmithe;

[EN]

(f) ní bhainfidh an t-údarás san amach le hiarrataisí fén alt so chun na Cúirte Dúithche méid is mó ná costas an chonganta phuiblí tugadh amhlaidh no, má haisíocadh cuid den chongnamh phuiblí sin de bhun an ailt seo gan aon iarratas den tsórt san, méid is mó ná an deifríocht a bheidh idir an méid do haisíocadh amhlaidh agus an costas san.

[EN]

Fiachas maidir le rann-íoc do thabhairt le haghaidh costais chonganta ghenerálta.

29.—Má dheonann údarás conganta phuiblí (dá ngairmtear an t-údarás san san alt so) congnamh generálta do dhuine ar bith (dá ngairmtear an fáltaí congnaimh san alt so) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) gach duine (dá ngairmtear san alt so an duine dliteach) a dhlighfidh an fáltaí congnaimh do chothabháil dlighfidh rann-íoc do réir a acfuinne do thabhairt le haghaidh an chonganta ghenerálta deonfar amhlaidh;

[EN]

(b) féadfaidh an t-údarás san, ar fhógra do thabhairt don duine dliteach, ordú d'iarraidh ar an gCúirt Dúithche á ordú don duine sin rann-íoc do thabhairt le haghaidh an chonganta ghenerálta deonfar amhlaidh;

[EN]

(c) más rud é, ar iarratas do dhéanamh chun na Cúirte Dúithche fén alt so, gur deimhin leis an gCúirt an duine dliteach do bheith, le linn an iarratais sin d'éisteacht, ábalta ar rann-íoc do thabhairt le haghaidh an chonganta ghenerálta do bhéarfar amhlaidh, ceapfaidh an Chúirt méid an rann-íoca bheidh le déanamh ag an duine dliteach agus ordóidh don duine dliteach an méid a ceapfar amhlaidh d'íoc leis an údarás san ina aon tsuim amháin no sna tráthchoda seachtainiúla no míosúla san is dóich leis an gCúirt do bheith ceart;

[EN]

(d) beidh ordú ón gCúirt Dúithche fén alt so á ordú go n-íocfaí suim leis an údarás san ionfhoirfheidhmithe sa tslí chéanna agus leis na meáin chéanna ina mbíonn ordú ón gCúirt Dúithche á ordú go n-íocfaí suim airgid i gcás síbhialta ionfhoirfheidhmithe;

[EN]

(e) ní bhainfidh an t-údarás san amach le hiarrataisí fén alt so chun na Cúirte Dúithche méid is mó ná costas an chonganta ghenerálta deonfar amhlaidh nó, má deintear ranníoc de bhun an ailt seo gan aon iarratas den tsórt san, méid is mó ná an deifríocht a bheidh idir an rann-íoc san agus an costas san.

[EN]

Maoin do leithreasú.

30.—(1) I gcás aon airgead no urrús ar airgead do bheith dá chuid féin ag duine bheidh ag fáil conganta phuiblí i bhfundúireacht cheanntair féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí o n-a mbeidh an duine sin ag fáil an chonganta phuiblí sin—

[EN]

(a) má bhíonn an t-airgead san ar a phearsain ag an duine sin, an t-airgead san do thógaint agus do leithreasú agus costas an chonganta phuiblí do thug an t-údarás don duine sin tráth ar bith roimh an tógaint sin d'aisíoc leo féin as agus iarmhéid an airgid sin (má bhíonn ann) do thabhairt thar n-ais don duine sin, no

[EN]

(b) má bhíonn an t-urrús san ar a phearsain ag an duine sin an t-urrús san do thógaint agus é go léir no leor-chuid de do mhalairtiú ar airgead agus costas an chonganta phuiblí do thug an t-údarás san don duine sin tráth ar bith roimh an tógaint sin d'aisíoc leo féin as sochar an mhalairtithe sin agus iarmhéid an tsochair sin (má bhíonn ann) d'íoc leis an duine sin, no

[EN]

(c) in aon chás, an t-airgead no an t-urrús san do chur ar fáil, tré imeachta dlí oiriúnacha, chun aisíoc do dhéanamh leis an údarás san i gcostas an chonganta phuiblí do thug an t-údarás san don duine sin tráth ar bith roimh na himeachta san do bhunú agus an costas san d'aisíoc leo féin dá réir sin.

[EN]

(2) Má éagann duine bheidh ag fáil conganta phuiblí agus go mbeidh aon airgead no maoin eile dá chuid féin aige le linn a éaga féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí o n-a raibh an duine sin ag fáil an chonganta phuiblí sin—

[EN]

(a) i gcás inar féidir san, suim do thógaint agus do leithreasú as an airgead san is leor chun aisíoc do dhéanamh leo féin sna costaisí (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh an t-údarás san chun no i dtaobh an duine sin d'adhlacadh agus i gcostas an chonganta phuiblí do thug an t-údarás san don duine sin tráth ar bith roimh éag dó, no

[EN]

(b) i gcás inar féidir san, an mhaoin sin no leor-chuid di do thógaint agus do mhalairtiú ar airgead agus aisíoc do dhéanamh leo féin as sochar an mhalairtithe sin sna costaisí adhlacain sin (más ann dóibh) agus sa chostas conganta phuiblí sin, no

[EN]

(c) in aon chás, an t-airgead agus an mhaoin sin do chur ar fáil, tré imeachta dlí oiriúnacha, chun aisíoc do dhéanamh leis an údarás san sna costaisí adhlacain sin (más ann dóibh) agus sa chostas conganta phuiblí sin, agus an céanna d'aisíoc leo féin dá réir sin.

[EN]

(3) Sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, foluíonn an focal “airgead” airgead i dtaisce i mBanc Taisce an Phuist no in aon bhanc eile agus foluíonn an abairt “urrús ar airgead” leabhar taisce ar n-a thabhairt amach ag Banc Taisce an Phuist do thaisceoir agus fós foluíonn Cairt Choigiltis, agus ar na comhachta bheirtear leis na fo-ailt sin fé seach d'údarás chonganta phuiblí beidh—

[EN]

(a) i gcás airgid i mBanc Taisce an Phuist, agus ar fháil seilbhe an leabhair thaisce bheidh tugtha amach ag an mBanc san ina leith, comhacht chun an airgid sin no leor-chuid de do tharrac amach do réir rialachán ar n-a ndéanamh chuige sin ag an Aire Airgeadais, agus

[EN]

(b) i gcás airgid in aon bhanc eile, comhacht chun ordú d'iarraidh ar an gCúirt Dúithche agus, más dóich leis an gCúirt sin san do bheith ceart, chun ordú d'fháil á ordú don bhanc san an t-airgead san no leor-chuid de d'íoc leis an údarás conganta phuiblí sin, agus

[EN]

(c) i gcás Cairte Coigiltis, agus ar fháil seilbhe na Cairte sin, comhacht chun na Cairte sin do mhalairtiú ar airgead do réir rialacha ar n-a ndéanamh chuige sin ag an Aire Airgeadais.

[EN]

Fundúireachtaí ceanntair do chur ar fáil.

31.—(1) Cuirfidh gach údarás conganta phuiblí ar fáil agus cothabhálfaid ina gceanntar pé teaghlaigh, óspidéil, agus fundúireachtaí eile (dá ngairmtear fundúireachtaí ceanntair san Acht so) agus (más aon cheann é) pé méid díobh, agus san i pé áiteanna, ordóidh an tAire o am go ham le hordú agus ní chuirfid ar fáil ná (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) ní chothabhálfaid aon teaghlach, óspidéal, ná fundúireacht eile.

[EN]

(2) Déanfaidh gach údarás conganta phuiblí, fé mar agus nuair ordóidh an tAire amhlaidh le hordú—

[EN]

(a) aon fhundúireacht cheanntair a bheidh á cothabháil ag an údarás san d'athchóiriú no d'atharú no do mhéadú do réir an orduithe sin,

[EN]

(b) dréineáil, aeriú, soláthar uisce, soillsiú, téidheadh, no aon tseirbhís eile, nua no feabhsuithe no breise, do chur ar fáil do réir an orduithe sin d'aon fhundúireacht cheanntair a bheidh á cothabháil amhlaidh,

[EN]

(c) na daingneáin, na feistisí, an troscán, na fearaistí máin liaghachta agus liaghachta, agus na háiseanna eile sin go léir a hordófar leis an ordú san do chur ar fáil agus do chothabháil in aon fhundúireacht cheanntair a bheidh á cothabháil amhlaidh.

[EN]

(3) Mara n-orduighidh agus go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt is tuigthe, i dtaobh gach teaghlaigh, óspidéil, no fundúireachta eile bheidh á chothabháil, i dtosach feidhme an Achta so, ag an údarás ar a mbeidh cúram riaradh fóirithin na mbocht in aon líomatáiste is ceanntar conganta phuiblí de bhuadh an Achta so, go ndearna údarás conganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí sin é chur ar fáil fén alt so agus beidh sé ina fhundúireacht cheanntair do réir bhrí an Achta so agus déanfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin é chothabháil dá réir sin.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh údarás conganta phuiblí aon fhundúireacht cheanntair do chur suas ná fós í athchóiriú, í mhéadú ná í atharú ar aon tslí eile ach amháin le toiliú roimh ré ón Aire agus do réir na dtreoracha (más ann dóibh) do bhéarfaidh an tAire uaidh i dteanta an toilithe sin.

[EN]

(5) Lasmuich de chás ina n-éilítear no ina n-údaruítear é leis an alt so ní dhéanfaidh údarás conganta phuiblí ar bith aon teaghlach, óspidéal, ná fundúireacht eile do chur ar fáil ná do chothabháil.

[EN]

Eirghe as fundúireacht cheanntair d'úsáid.

32.—(1) Pé uair is dóich leis san do bheith ceart, féadfaidh an tAire le hordú, tar éis fiosrúchán puiblí do dhéanamh, a ordú d'aon údarás conganta phuiblí áirithe eirghe, amhail ón dáta san a luadhfar chuige sin san ordú san, as aon fhundúireacht áirithe cheanntair a bheidh de thurus na huaire á cothabháil ag an údarás san fén Acht so d'úsáid.

[EN]

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfaidh an tAire leis an ordú san na forálacha san (más ann dóibh) a chífear dó do bheith riachtanach agus ceart maidir le nithe bhainfidh le heirghe, de bhun an orduithe sin, as an bhfundúireacht cheanntair le n-a mbainfidh an t-ordú san d'úsáid no maidir le nithe leanfaidh as san;

[EN]

(b) leis an ordú san no le hordú ina dhiaidh sin féadfaidh an tAire, más dóich leis san do bheith ceart, a ordú don údarás chonganta phuiblí le n-a mbainfidh an t-ordú san fén bhfo-alt san roimhe seo fundúireacht cheanntair do chur ar fáil agus do chothabháil in ionad na fundúireachta ceanntair gur heiríodh, de bhun an orduithe sin, as í úsáid;

[EN]

(c) ordú bhéarfar fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so is tuigthe gur fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so do tugadh é agus beidh feidhm ag an alt san dá réir sin;

[EN]

(d) an t-údarás conganta phuiblí le n-a mbainfidh an t-ordú san fén bhfo-alt san roimhe seo déanfaid ar gach slí do réir an orduithe sin.

[EN]

Na daoine leigfear isteach i bhfundúireachtaí ceanntair.

33.—(1) Beidh gach fundúireacht cheanntair ar fáil chun congnamh leis an aicme no na haicmí sin daoine i dteideal conganta phuiblí ordóidh an tAire o am go ham le hordú agus (lasmuich de chásanna riachtanais phráinnigh) ní chun congnamh le haon daoine eile.

[EN]

(2) Na haicmí daoine uile agus fé seach go mbeidh údaruithe le scéim chontae, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, congnamh do thabhairt dóibh i dteaghlach, in óspidéal, no i bhfundúireacht eile bheidh á cothabháil fén scéim chontae sin, is tuigthe, mara n-orduighidh agus go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt, gur aicmí daoine iad go bhfuil an fhundúireacht san ar fáil chun congnamh leo de bhuadh ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt so.

[EN]

Rialacháin i dtaobh fundúireachtaí ceanntair.

34.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh fundúireachtaí ceanntair, go generálta no i dtaobh aicme no aicmí fundúireachtaí ceanntair no i dtaobh fundúireachta no fundúireachtaí áirithe ceanntair, chun na bhfundúireachtaí ceanntair le n-a mbainfidh na rialacháin do rialú, do bhainistí, agus do riaradh agus chun ord do choimeád sna fundúireachtaí ceanntair sin agus chun a n-iostaithe d'aicmiú.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, socrú do dhéanamh chun iostaithe fundúireachta ceanntair do choimeád ag obair do réir a gcumais agus a n-ábaltachta.

[EN]

(3) Má ceangaltar ar iostaí fundúireachta ceanntair, de bhun rialachán ar n-a ndéanamh fén alt so, obair do dhéanamh is tuigthe, má dheineann an t-iostaí sin an obair sin, an t-iostaí sin do bheith, maidir leis an obair sin do dhéanamh agus chun crícheanna an Achta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh 9 de 1934), ina oibrí ar fostú ag an údarás conganta phuiblí go mbeidh an fhundúireacht cheanntair sin á cothabháil acu ach, lasmuich de sin, ní oibreoidh an ceangal san, ná déanamh na hoibre sin ag an iostaí sin, chun ord mar a bhíonn idir máistir agus seirbhíseach ná connradh seirbhíse do chruthú ná do chiallú idir an t-údarás san agus an t-iostaí sin.

[EN]

Congnamh i bhfundúireachtaí ná beidh á gcothabháil agúdarás conganta phuiblí.

35.—Fé réir an Aire do thoiliú chuige féadfaidh údarás conganta phuiblí, más dóich leo san do bheith ceart, socrú do dhéanamh chun go gcongnófaí, i dteaghlach no in óspidéal no i bhfundúireacht eile ná beidh curtha ar fáil ná á chothabháil ag an údarás san, le daoine, no le haicmí áirithe daoine, bheidh i dteideal conganta phuiblí agus má dheineann údarás conganta phuiblí socrú den tsórt san féadfaidh an t-údarás san na costaisí sin d'íoc a bhainfidh leis na daoine gur chun congnamh leo a déanfar an socrú san d'aistriú chun na fundúireachta san agus uaithi agus fós costaisí a gcothabhála, a gcóireála, a dteagaisc, nó a dtréineála inti.

[EN]

Srian le congnamh le haicmí áirithe i bhfundúireachtaí.

36.—I gcás fundúireacht cheanntair a bheidh curtha ar fáil ag údarás conganta phuiblí do bheith ar fáil chun congnamh le haicme áirithe daoine no socrú do bheith déanta ag údarás conganta phuiblí le toiliú an Aire chun congnamh le haicme áirithe daoine i dteaghlach, in óspidéal no i bhfundúireacht eile ná beidh curtha ar fáil ná á chothabháil ag an údarás san, féadfaidh an tAire a ordú, le hordú, gan an t-údarás conganta phuiblí sin do chongnamh leis an aicme áirithe sin daoine in aon fhundúireacht ach amháin (do réir mar a bheidh) sa bhfundúireacht cheanntair sin no sa teaghlach, san óspidéal no sa bhfundúireacht eile sin, agus leis sin ní dleathach don údarás chonganta phuiblí sin congnamh (ach amháin i gcásanna riachtanais phráinnigh) le haon duine den aicme áirithe sin contrárdha don ordú san.

[EN]

Daoine ná beidh i dteideal conganta phuiblí do leigint isteach i bhfundúireachtaí ceanntair.

37.—(1) Féadfaidh údarás conganta phuiblí, más dóich leo san do bheith ceart, rialacháin do dhéanamh á údarú daoine ná beidh i dteideal conganta phuiblí do leigint isteach in aon fhundúireacht áirithe cheanntair a bheidh á cothabháil ag an údarás conganta phuiblí sin agus ag déanamh rialála maidir leis na daoine sin do leigint isteach sa bhfundúireacht san agus le cóiríocht agus cóireáil na ndaoine sin inti.

[EN]

(2) Rialacháin a dhéanfaidh údarás conganta phuiblí fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so leagfaidh an t-údarás san iad fé bhráid an Aire chun é dá gceadú agus féadfaidh an tAire iad do cheadú (más dóich leis gur ceart san do dhéanamh) go n-atharú no gan atharú ortha agus tiocfaid i ngníomh má ceaduítear agus nuair a ceadófar agus mar a ceadófar amhlaidh iad.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith a cheangal ar údarás chonganta phuiblí rialacháin (ar a n-áirmhítear rialacháin leasúcháin) do dhéanamh agus do chur fé n-a bhráid fé sna forálacha san roimhe seo den alt so maidir le haon fhundúireacht cheanntair áirithe bheidh á cothabháil ag an údarás san, agus, má bhíonn an t-údarás san gan na rialacháin sin do dhéanamh agus do chur fé bhráid an Aire amhlaidh fé cheann trí mhí tar éis don Aire san do cheangal ortha no má dheineann an t-údarás san agus go gcuirfid fé bhráid an Aire de bhun an cheangail sin rialacháin go ndiúltóidh an tAire d'iad do cheadú, féadfaidh an tAire féin, más dóich leis san do bheith ceart, na rialacháin a bheidh luaidhte sa cheangal san do dhéanamh agus féadfaidh, leis na rialacháin sin, an lá do cheapadh thiocfaidh na rialacháin sin i ngníomh.

[EN]

(4) Aon rialacháin a déanfar fén alt so—

[EN]

(a) beidh forálacha ionta á cheangal ar dhaoine a leigfear isteach, fé sna rialacháin sin, sa bhfundúireacht cheanntair le n-a mbainfidh na rialacháin sin íocaíochtaí do dhéanamh leis an údarás conganta phuiblí bheidh ag cothabháil na fundúireachta ceanntair sin as an gcóiríocht agus as an gcóireáil do gheobhaid sa bhfundúireacht cheanntair sin, agus ag rialáil méid na n-íocaíocht san, agus

[EN]

(b) féadfaidh forálacha bheith ionta á údarú do dhaoine leigfear insteach amhlaidh íocaíochtaí do dhéanamh le dochtúirí leighis cláruithe i seirbhís an údaráis chonganta phuiblí sin i dtaobh cóireála do bhéarfaidh na dochtúirí sin do sna daoine sin sa bhfundúireacht cheanntair sin agus ag rialú méid na n-íocaíocht san, agus

[EN]

(c) forálfaid ná leigfear éinne isteach sa bhfundúireacht cheanntair sin fé sna rialacháin sin mara mbeidh cóiríocht ar fáil dó sa bhfundúireacht cheanntair sin, le linn a leigthe isteach inti, ná beidh ag teastáil do dhaoine bheidh i dteideal conganta phuiblí agus is inleigthe isteach sa bhfundúireacht cheanntair sin.

[EN]

(5) Ní déanfar duine ar bith ná beidh i dteideal conganta phuiblí do leigint isteach i bhfundúireacht cheanntair, ná cóiríocht ná cóireáil do thabhairt dó inti, mara mbeidh rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so i ngníomh i dtaobh na fundúireachta ceanntair sin, agus ní déanfar aon duine den tsórt san do leigint isteach sa bhfundúireacht cheanntair sin, ná cóiríocht ná cóireáil do thabhairt dó inti, ach amháin do réir na rialachán san.

[EN]

(6) Ní dhéanfaidh dochtúir leighis cláruithe, i seirbhís údaráis chonganta phuiblí go mbeidh fundúireacht cheanntair á cothabháil acu, aon íocaíocht d'iarraidh ar dhuine ar bith a leigfear isteach sa bhfundúireacht cheanntair sin fé rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, ná dó ghlacadh uaidh, i dtaobh cóireála do bhéarfaidh an dochtúir sin don duine sin sa bhfundúireacht cheanntair sin, mara mbeidh údaruithe go soiléir leis na rialacháin sin don dochtúir sin an íocaíocht san do ghlacadh, agus ní dhéanfaidh aon dochtúir leighis cláruithe den tsórt san aon íocaíocht den tsórt san, de mhéid ná beidh údaruithe amhlaidh, d'iarraidh ar dhuine ar bith den tsórt san ná do ghlacadh uaidh.

[EN]

(7) An t-airgead uile is iníoctha, ag duine leigfear isteach i bhfundúireacht cheanntair fé rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, leis an údarás conganta phuiblí, go mbeidh an fhundúireacht cheanntair sin á cothabháil acu, i dtaobh cóiríochta no cóireála sa bhfundúireacht cheanntair sin beidh sé ina fhiacha gnáthchonnartha a bheidh dlite ag an duine sin don údarás conganta phuiblí sin agus féadfaidh an t-údarás san é bhaint amach dá réir sin.

[EN]

Seirbhísí creidimh agus séiplínigh i bhfundúireachtaí ceanntair.

38.—(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, socrú i dtaobh seirbhísí creidimh do chomóradh go cuibhe i ngach fundúireacht cheanntair agus chuige sin ceapfaidh, maidir le gach fundúireacht cheanntair, daoine oiriúnacha chun bheith ina séiplínigh don fhundúireacht cheanntair sin.

[EN]

(2) Gach duine ceapfar fén alt so chun bheith ina shéiplíneach d'fhundúireacht cheanntair beidh sé i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é agus déanfaidh an t-údarás conganta phuiblí go mbeidh an fhundúireacht cheanntair sin á cothabháil acu an luach saothair sin d'íoc leis ordóidh an tAire o am go ham.

[EN]

(3) Ní bheidh sé d'oblagáid ar aon iostaí i bhfundúireacht cheanntair aon tseirbhís chreidimh a bheidh contrárdha dá phrínsiobail chreidimh do fhreastal.

[EN]

E d'oblagáid congnamh teaghlaigh do dheonadh.

39.—(1) Deonfaidh gach údarás conganta phuiblí, do réir rialachán ar n-a ndéanamh ag Aire fén Acht so, congnamh teaghlaigh do gach duine i geanntar chonganta phuiblí an údaráis sin a bheidh i dteideal conganta ghenerálta agus ná deonfar congnamh dó i bhfundúireacht.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun deonadh conganta theaghlaigh do rialú agus, go sonnrách, chun an tsaghais chonganta theaghlaigh do rialáil go generálta no maidir le haon aicme áirithe daoine, agus chun a ordú cadiad na tráthanna agus na háiteanna ina bhféadfar agus cadiad na coinníollacha gur fé n-a réir a féadfar congnamh teaghlaigh do dheonadh.

[EN]

Ceanntair íclainne.

40.—(1) Gach ceanntar íclainne bheidh in aon cheanntar conganta phuiblí díreach roimh thosach feidhme an Achta so is ceanntar íclainne é chun crícheanna conganta liaghachta fén Acht so.

[EN]

(2) Pé uair is dóich leis san do bheith ceart féadfaidh an tAire, le hordú, roinnt aon cheanntair chonganta phuiblí ina cheanntair íclainne d'atharú fé mar is dóich leis is ceart agus go sonnrách féadfaidh líon na gceanntar íclainne i gceanntar chonganta phuiblí do mhéadú no do laigheadú.

[EN]

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so ag atharú roinnte aon cheanntair chonganta phuiblí ina cheanntair íclainne féadfaidh, leis an ordú céanna, socrú do dhéanamh chun pé aistriú oifigeach (más ann dó) do dhéanamh is dóich leis is gá no is oiriúnach de dhruim an atharuithe sin.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun ceanntair íclainne do rialú agus chun congnamh liaghachta do riaradh sna ceanntair sin, agus beidh sé de dhualgas ar gach údarás conganta phuiblí gach ceanntar íclainne ina gceanntar conganta phuiblí do bhainistí agus congnamh liaghachta do riaradh i ngach ceanntar íclainne den tsórt san do réir na rialachán san.

[EN]

Dochtúirí oifigiúla ceanntar íclainne do cheapadh.

41.—Ceapfaidh gach údarás conganta phuiblí, chun seirbhíse gach ceanntair íclainne fé leith ina gceanntar conganta phuiblí, an méid sin dochtúirí oifigiúla agus oifigeach eile ordóidh an tAire o am go ham.

[EN]

Iclanna, cógaisí, etc., do chur ar fáil.

42.—(1) San alt so cialluíonn an abairt “íclann ar leithligh” íclann chun aon-úsáide dochtúra no dochtúirí oifigiúla aon cheanntair íclainne áirithe amháin.

[EN]

(2) Déanfaidh gach údarás conganta phuiblí íclanna do chur ar fáil agus do chothabháil chun úsáide dochtúirí oifigiúla na gceanntar íclainne uile agus fé seach ina gceanntar conganta phuiblí.

[EN]

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le híclanna do chur ar fáil agus do chothabháil de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) beidh aon íclann amháin ar a laighead i ngach ceanntar íclainne;

[EN]

(b) i dteanta na haon-íclainne amháin sin beidh i ngach ceanntar íclainne pé íclanna eile agus (más aon cheann é) pé méid díobh ordóidh an tAire;

[EN]

(c) beidh ceann amháin ar a laighead de sna híclanna i ngach ceanntar íclainne ina híclainn ar leithligh mara n-orduighidh an tAire a mhalairt;

[EN]

(d) ní dhéanfaidh údarás conganta phuiblí aon íclann nach íclann ar leithligh do chur ar fáil ná do chothabháil gan toiliú an Aire.

[EN]

(4) Coimeádfaidh gach údarás conganta phuiblí i staid agus i dtreo mhaith, chun sástachta an Aire, gach íclann a bheidh á cothabháil acu de bhun an ailt seo.

[EN]

(5) Cuirfidh gach údarás conganta phuiblí ar fáil agus soláthróid, do réir rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so, an troscán, na feistisí, na fearaistí liaghachta agus máinliaghachta, na cógaisí, agus na riachtanaisí eile sin go léir, chun úsáide gach íclainne bheidh á cothabháil acu fén alt so, is dóich leis an Aire is gá no is ceart chun na híclainne sin d'oibriú go cuibhe do réir an Achta so.

[EN]

(6) Má bhíonn dochtúir oifigiúil ceanntair íclainne (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an ceanntar íclainne céad-luaidhte), i gceanntar conganta phuiblí, ina dhochtúir oifigiúil freisin do cheanntar íclainne teorantach (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an ceanntar íclainne teorantach) i gceanntar conganta phuiblí eile, féadfaidh údarás conganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí chead-luaidhte sin (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an t-údarás rann-íocach), le toiliú an Aire, na dualgaisí cuirtear ortha leis an alt so maidir leis an gceanntar íclainne céadluaidhte do chólíonadh tré n-a chó-aontú le húdarás conganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí eile sin (dá ngairmtear so bhfo-alt so an t-údarás soláthrach)—

[EN]

(a) go mbeidh ar fáil agus go n-úsáidfear, don cheanntar íclainne chéad-luaidhte, íclann no íclanna bheidh curtha ar fáil agus á gcothabháil don cheanntar íclainne teorantach ag an údarás soláthrach, maraon leis an troscán, na feistisí, na fearaistí liaghachta agus máinliaghachta, na cógaisí agus na riachtanaisí eile bheidh soláthruithe don íclainn no do sna híclanna san ag an údarás soláthrach, agus

[EN]

(b) go n-íocfaidh an t-údarás rann-íocach leis an údarás soláthrach, chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais áitiúla, an cion san, de sna costaisí fé n-a ndeachaidh an t-údarás soláthrach an bhliain sin chun na híclainne no na n-íclanna san do chothabháil agus chun riachtanaisí do sholáthar don chéanna, ar a gcó-aontóidh an t-údarás rann-íocach agus an t-údarás soláthrach no, cheal an chó-aontuithe sin, a chinnfidh an tAire.

[EN]

Ait chomhnaithe do chur ar fáil d'oifigeach íclainne.

43.—(1) Féadfaidh údarás conganta phuiblí, le ceadú an Aire, agus déanfaid, má orduíonn an tAire é, áit chomhnaithe is dóich leis an Aire is leor do chur ar fáil agus do chothabháil in aon cheanntar íclainne ina gceanntar conganta phuiblí chun úsáide aon dochtúra oifigiúil don cheanntar íclainne sin faid a bheidh i seilbh oifige.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás conganta phuiblí, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má orduíonn an tAire é, áit chomhnaithe do chur ar fáil agus do chothabháil, i gcó-cheangal le haon íclainn a bheidh á cothabháil acu fén Acht so no mar chuid di, chun úsáide aon mhná cabhartha no oifigigh eile (nach dochtúir oifigiúil), don cheanntar íclainne ina mbeidh an íclann san, faid a bheidh i seilbh oifige.

[EN]

Údarás tuismitheoirí do dhílsiú in údarás chonganta phuiblí.

44.—(1) Baineann an t-alt so le leanbh dlisteanach gur marbh dá thuismitheoirí araon no bheidh tréigthe ag á thuismitheoirí araon no (más marbh do dhuine dá thuismitheoirí) ag an tuismitheoir acu a mhaireann agus le leanbh mí-dhlisteanach gur marbh dá mháthair no bheidh tréigthe ag á mháthair.

[EN]

(2) Beidh ag gach údarás conganta phuiblí, maidir le gach leanbh le n-a mbaineann an t-alt so agus ná beidh sé bliana déag slán aige agus a bheidh á chothabháil ag an údarás san, cearta agus comhachta uile tuismitheoirí an leinbh sin.

[EN]

(3) I gcás leinbh dhlisteannaigh a bheidh tréigthe ag á thuismitheoirí araon no ag an tuismitheoir acu a mhaireann, ní údaróidh éinní san alt so d'údarás chonganta phuiblí an leanbh san do choinneáil má éilíonn a dhá thuismitheoir no éinne acu an leanbh chun é chothabháil.

[EN]

(4) I gcás leinbh mhí-dhlisteanaigh a bheidh tréigthe ag á mháthair, ní údaróidh éinní san alt so d'údarás chonganta phuiblí an leanbh san do choinneáil má éilíonn a mháthair é chun é chothabháil.

[EN]

Údarás tuismitheoirí d'aistriú chun údaráis chonganta phuiblí

45.—(1) Má bhíonn leanbh á chothabháil ag údarás conganta phuiblí agus—

[EN]

(a) gur dóich leis an údarás san go bhfuil tuismitheoir don leanbh san, de bhíthin éalainge aigne no droch-bhéasanna no droch-nóis bheathadh, neamh-oiriúnach chun bheith i gcúram an leinbh sin, no

[EN]

(b) go mbeidh tuismitheoir don leanbh san, de bhíthin é bheith ag fulang breithe pian-tseirbhíse no fé choinneáil fén Inebriates Act, 1898, neamh-ábalta ar a dhualgaisí tuismitheora do chólíonadh, no

[EN]

(c) gur daoradh tuismitheoir don leanbh san chun príosúntachta i gcionta in aghaidh an leinbh sin no éinne eile dá chlainn, no

[EN]

(d) gurb éigean do thuismitheoir don leanbh san an leaba do choimeád i gcomhnaí agus go mbeidh sé á chothabháil ag an údarás san fén Acht so i bhfundúireacht cheanntair no eile agus go dtoileoidh leis an rún a luaidhtear anso ina dhiaidh seo,

[EN]

féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin a bheartú le rún go ndílseoidh cearta agus comhachta uile an tuismitheora san, maidir leis an leanbh san, san údarás san go mbeidh sé bliana déag slán ag an leanbh san.

[EN]

(2) Pé uair a rithfidh údarás conganta phuiblí aon rún den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, dílseoidh cearta agus comhachta uile an tuismitheora san a luaidhfear sa rún san, de thuismitheoirí an leinbh le n-a mbainfidh an rún san, san údarás san díreach ar an rún san do rith agus leanfaid de bheith dílsithe amhlaidh go dtí go ndéanfar an rún san do chur ar neamh-ní no d'fhoirceannadh fén alt so no go mbeidh sé bliana déag slán ag an leanbh san, pé ní acu san is túisce thárlóidh.

[EN]

(3) Pé uair a rithfidh údarás conganta phuiblí aon rún den tsórt san a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) más dóich leis an údarás san go raghadh sé chun tairbhe don leanbh le n-a mbainfidh an rún san an rún san do chur ar neamh-ní féadfaidh an t-údarás san an rún san do chur ar neamh-ní;

[EN]

(b) féadfaidh an t-údarás san a cheadú an leanbh san do bheith, go buan no go sealadach, fé chúram tuismitheora no gaoil eile, no caomhnóra, no cara don leanbh san no fé chúram cumainn no fundúireachta cúraim leanbh;

[EN]

(c) más deimhin leis an gCúirt Dúithche, ar fháil ghearáin di o thuismitheoir no o ghaol eile no o chamhnóir don leanbh san no o éinne eile dhlighfidh fén Acht so an leanbh san do chothabháil, ná raibh aon chúis ann le linn an rúin sin do rith á údarú an rún san do rith no go raghadh sé chun tairbhe don leanbh san an rún san d'fhoirceannadh, féadfaidh an Chúirt Dúithche ordú do dhéanamh ag foirceannadh an rúin sin agus leis sin scuirfidh an t-údarás san d'aon chearta no comhachta do bheith acu fén alt so maidir leis an leanbh san;

[EN]

(d) más deimhin leis an gCúirt Dúithche, ar fháil ghearáin di o thuismitheoir no o ghaol eile no o chaomhnóir don leanbh san, gur cheart é bheith fé chúram an tuismitheora, an ghaoil, no an chaomhnóra san, go buan no go sealadach, féadfaidh an Chúirt Dúithche ordú do dhéanamh dá réir sin agus leis sin beidh sé de dhualgas ar an údarás san déanamh do réir an orduithe sin.

[EN]

Fiachas maidir le rann-íoc do thabhairt le haghaidh cothabhála do bhuan-choimeád.

46.—(1) Má deintear cearta agus comhachta na dtuismitheoirí no tuismitheora, maidir le leanbh, do dhílsiú in údarás conganta phuiblí fé réim no de bhuadh an Achta so ní shaorfaidh san na tuismitheoirí no an tuismitheoir sin ná aon duine eile o aon fhiachas (pe'ca leis an Acht so no ar shlí eile le dlí cuireadh ortha é) i dtaobh costas cothabhála an leinbh sin no aon chuid de d'íoc.

[EN]

(2) Má deintear leis an Acht so no fé cearta agus comhachta na dtuismitheoirí no tuismitheora, maidir le leanbh, do dhílsiú in údarás conganta phuiblí, ní oibreoidh sé chun aon cheart no comhacht acu san do bhaint den údarás san, ná ní dhéanfa sé dochar ná deifir do chearta ná do chomhachta an údaráis sin, maidir leis an leanbh san, na tuismitheoirí no an tuismitheoir sin no aon duine eile do dhéanamh íocaíochta mar chabhair chun an leinbh sin do chothabháil.

[EN]

Scoileanna do dheimhniú.

47.—(1) Ar iarratas i scríbhinn o bhainisteoirí scoile ar bith seachas scoil náisiúnta no scoil cheartúcháin féadfaidh an tAire—

[EN]

(a) más oiriúnach leis é, duine oiriúnach do cheapadh chun scrúdú do dhéanamh agus tuarasgabháil do thabhairt dó ar staid na scoile sin, agus

[EN]

(b) más dóich leis, ar an tuarasgabháil sin do bhreithniú dhó, san do bheith ceart, a dheimhniú i scríbhinn go bhfuil an scoil sin oiriúnach chun leanbhaí bheidh le cur chun scoile deimhnithe fén Acht so do ghlacadh inti agus a dheimhniú fós cadé an méid leanbh ar fad no cadé an méid leanbh ar fad de gach gné fé leith go bhfuil an scoil sin oiriúnach amhlaidh chun iad do ghlacadh inti.

[EN]

(2) I gcás an Aire do thabhairt deimhnithe uaidh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so i dtaobh scoile féadfaidh an tAire, má bhíonn sé mí-shásta tráth ar bith ina dhiaidh sin le staid no le bainistí na scoile sin, cealú do dhéanamh, tré fhógra i scríbhinn do thabhairt do bhainisteoirí na scoile sin no do chur chúcha, ar an deimhniú san amhail o lá luadhfar chuige sin sa bhfógra san agus nach luaithe ná dhá mhí tar éis an fhógra san do thabhairt do sna bainisteoirí sin no do chur chúcha.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach scoil go mbeidh deimhniú ar n-a thabhairt uaidh ag an Aire fén alt so i bhfeidhm ina taobh de thurus na huaire, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfaidh cigire ar n-a cheapadh ag an Aire cuairt do thabhairt ar an scoil sin agus í d'iniúchadh tráth ar bith agus staid agus bainistí na scoile sin agus staid agus cóireáil na leanbh inti do scrúdú fé mar is dóich leis is gá;

[EN]

(b) pé uair a dhéanfaidh cigire cuairt do thabhairt ar an scoil sin agus í d'iniúchadh fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, bhéarfaidh tuarasgabháil don Aire ar thoradh na cuairte agus an iniúchta san agus ar thoradh aon scrúduithe do rinne le n-a linn sin;

[EN]

(c) féadfaidh aon údarás conganta phuiblí go mbeidh leanbh curtha chun na scoile sin acu duine oiriúnach do cheapadh, tráth ar bith le linn don leanbh san bheith sa scoil sin, chun cuairt do thabhairt ar an scoil sin agus féadfaidh an duine sin cuairt do thabhairt ar an scoil sin agus í d'iniúchadh dá réir sin;

[EN]

(d) déanfaidh bainisteoirí na scoile sin gach cuairt, iniúchadh, agus scrúdú den tsórt a húdaruítear le haon mhír acu san roimhe seo den fho-alt so do cheadú agus saoráidí ina gcóir do thabhairt uatha.

[EN]

(4) Scoil deimhnithe gairmtear san Acht so de scoil go mbeidh deimhniú ar n-a thabhairt uaidh ag an Aire fén alt so i bhfeidhm ina taobh de thurus na huaire agus is dá réir sin a léireofar an abairt “scoil deimhnithe” san Acht so.

[EN]

Leanbhaí do chur ar altranas, etc.

48.—(1) Féadfaidh údarás conganta phuiblí socrú do dhéanamh, do réir rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so, chun congnamh ar aon tslí acu so leanas (laistigh no lasmuich dá gceanntar conganta phuiblí) le leanbh dlisteanach a bheidh i dteideal conganta ghenerálta agus go mbeidh cearta agus comhachta a dhá thuismitheoir no an tuismitheora acu a mhaireann dílsithe, maidir leis, san údarás san, no le leanbh mídhlisteanach go mbeidh cearta agus comhachta a mháthar dílsithe, maidir leis, san údarás san, sé sin le rá, tríd an leanbh san do chur ar banaltranas, no ar altranas, no chun scoile deimhnithe no, má bhíonn an leanbh san ceithre bliana déag d'aois ar a laighead, tré n-a chur ar aimsir, no tré n-a chur le haon chéird, gairm no gnó bheidh oiriúnach.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás conganta phuiblí, le ceadú an Aire, congnamh le haon duine bheidh i dteideal conganta ghenerálta tré éinní acu so leanas do dhéanamh, le toiliú an duine sin agus do réir rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so, maidir le haon leanbh a dhlighfidh an duine sin, fén Acht so, do chothabháil agus go mbeidh cearta agus comhachta a dhá thuismitheoir no an tuismitheora acu a mhaireann, más leanbh dlisteanach é, no a mháthar, más leanbh mí-dhlisteanach é, gan bheith dílsithe, maidir leis, san údarás san, sé sin le rá, an leanbh san do chur ar banaltranas, no ar altranas, no chun scoile deimhnithe no má bhíonn an leanbh san ceithre bliana déag d'aois ar a laighead, é chur le haon chéird, gairm no gnó bheidh oiriúnach.

[EN]

(3) Pé uair a dhéanfaidh údarás conganta phuiblí fén alt so leanbh do chur le céird, gairm, no gnó bheidh oiriúnach féadfaidh an t-údarás san an táille no an tsuim sin is gá chuige sin d'íoc agus féadfaidh an leanbh san do chothabháil no rann-íoc do thabhairt le haghaidh a chothabhála faid a bheidh sé ag foghluim na céirde no na gairme no an ghnótha san.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche no crícheanna acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) maidir le húdarás conganta phuiblí do chur leanbhaí ar banaltranas—

[EN]

(i) chun na haoise minimum ar a bhféadfar leanbhaí do chur ar banaltranas amhlaidh do cheapadh agus fós an aois mhaximum gur go dtí í fhéadfaidh leanbhaí fanúint ar banaltranas amhlaidh,

[EN]

(ii) chun na gcoinníollacha fé n-a bhféadfar leanbhaí do chur ar banaltranas amhlaidh do cheapadh,

[EN]

(iii) chun fuirm an chonnartha bheidh le déanamh ag an údarás san le daoine go gcuirfear leanbhaí ar banaltranas acu amhlaidh d'ordú,

[EN]

(iv) chun socrú do dhéanamh i dtaobh leanbhaí cuirfear ar banaltranas amhlaidh do mhaoirseacht agus d'fhiosrú thar ceann an Aire no an údaráis sin,

[EN]

(v) chun leas leanbhaí cuirfear ar banaltranas amhlaidh d'áirithiú go generálta;

[EN]

(b) maidir le húdarás conganta phuiblí do chur leanbhaí ar altranas—

[EN]

(i) chun na haoise minimum ar a bhféadfar leanbhaí do chur ar altranas amhlaidh do cheapadh agus fós an aois mhaximum gur go dtí í fhéadfaidh leanbhaí fanúint ar altranas amhlaidh,

[EN]

(ii) chun na gcoinníollacha fé n-a bhféadfar leanbhaí do chur ar altranas amhlaidh do cheapadh,

[EN]

(iii) chun fuirm an chonnartha bheidh le déanamh ag an údarás san le daoine go gcuirfear leanbhaí ar altranas acu amhlaidh d'ordú,

[EN]

(iv) chun socrú do dhéanamh i dtaobh leanbhaí cuirfear ar altranas amhlaidh do mhaoirseacht agus d'fhiosrú thar ceann an Aire no an údaráis sin,

[EN]

(v) chun leas leanbhaí cuirfear ar altranas amhlaidh d'áirithiú go generálta;

[EN]

(c) maidir le húdarás conganta phuiblí do chur leanbhaí chun scoile deimhnithe agus le leanbhaí cuirfear chun scoile den tsórt san amhlaidh do choimeád inti—

[EN]

(i) chun na haoise minimum ar a bhféadfar leanbhaí do chur amhlaidh chun scoile deimhnithe do cheapadh agus fós an aois mhaximum gur go dtí í féadfar leanbhaí do choimeád amhlaidh i scoil deimhnithe,

[EN]

(ii) chun na gcoinníollacha fé n-a bhféadfar leanbhaí do chur amhlaidh chun scoile deimhnithe no do choimeád amhlaidh inti do cheapadh;

[EN]

(d) maidir le húdarás conganta phuiblí do chur leanbhaí ar aimsir no le céird, gairm, no gnó—

[EN]

(i) chun na haoise (nach lugha ná ceithre bliana déag) ar a bhféadfar leanbhaí do chur ar aimsir no le céird, gairm, no gnó amhlaidh do cheapadh,

[EN]

(ii) chun na gcoinníollacha fé n-a bhféadfar leanbhaí do chur ar aimsir no le céird, gairm, no gnó amhlaidh do cheapadh,

[EN]

(iii) chun fuirm chonnartha bheidh le déanamh ag an údarás san le daoine go gcuirfear leanbhaí ar aimsir no le céird, gairm, no gnó acu amhlaidh d'ordú,

[EN]

(iv) chun socrú do dhéanamh i dtaobh leanbhaí cuirfear ar aimsir no le céird, gairm, no gnó amhlaidh do mhaoirseacht agus d'fhiosrú thar ceann an Aire no an údaráis sin,

[EN]

(v) chun leas leanbhaí cuirfear ar aimsir no le céird, gairm, no gnó amhlaidh d'áirithiú go generálta.

[EN]

Leanbh do thógaint as coimeád an duine gur cuireadh ar banaltranas, etc., aige é.

49.—(1) Pé uair a bheidh leanbh curtha ag údarás conganta phuiblí ar banaltranas, ar altranas, no ar aimsir no le céird, gairm, no gnó, féadfaidh an t-údarás san más rogha leo é agus déanfaid má cheanglann an tAire san ortha an leanbh san do thógaint, tráth ar bith sara mbeidh sé bliana déag slán aige, as coimeád an duine gur cuireadh ar banaltranas, ar altranas, no ar aimsir no le céird, gairm, no gnó amhlaidh aige é.

[EN]

(2) Pé uair a bheidh leanbh curtha chun scoile deimhnithe ag údarás conganta phuiblí—

[EN]

(a) féadfaidh an t-údarás san an leanbh san do thógaint as an scoil sin tráth ar bith más rogha leo é, agus

[EN]

(b) tógfaidh an t-údarás san an leanbh san as an scoil sin má dheineann agus nuair a dhéanfaidh an tAire no bainisteoirí na scoile sin a cheangal ortha san do dhéanamh, no ar an scoil sin do scur de bheith ina scoil deimhnithe.

[EN]

(3) Pé uair a dhéanfaidh údarás conganta phuiblí leanbh do thógaint as coimeád duine gur cuireadh an leanbh san ar banaltranas, ar altranas, no ar aimsir no le céird, gairm, no gnó aige, beidh deireadh, díreach ar an tógaint sin do thárlachtaint, le haon chonnradh idir an t-údarás san agus an duine sin i dtaobh an leinbh sin.

[EN]

(4) Pé uair a bheidh de chomacht ag údarás conganta phuiblí no de cheangal ortha, do réir na fé réim an ailt seo, leanbh do thógaint as coimeád duine, bhéarfaidh an duine sin coimeád an leinbh sin don údarás chonganta phuiblí sin ar n-a éileamh san air.

[EN]

Congnamh le leanbhaí éalangacha.

50.—I gcás tuismitheoirí no an duine mhaireann de thuismitheoirí no caomhnóir leinbh is leanbh bodhar, balbh, dall, leathmheabhrach, dí-mheabhrach, tuiteamach no ciothramach do bheith neamh-ábalta, de bhíthin dealbhais, ar leor-shocrú do dhéanamh chun an leinbh sin d'oiliúint agus é bheith de thuairim ag údarás conganta phuiblí go raghadh sé chun tairbhe don leanbh san é chur chun fundúireachta den tsórt a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, féadfaidh an t-údarás san, le ceadú an Aire agus le toiliú na dtuismitheoirí, an tuismitheora, no an chaomhnóra san, socrú do dhéanamh chun an leinbh sin do chothabháil agus d'oidiú no ranníoc do thabhairt le haghaidh a chothabhála agus a oidithe i bhfundúireacht a bheidh bunuithe agus á cothabháil chun leanbhaí den tsórt san d'aireachasú agus le n-a mbeidh an tAire sásta.

[EN]

Creideamh leanbhaí do chaomhnadh.

51.—(1) Ní dhéanfaidh údarás conganta phuiblí—

[EN]

(a) leanbh do chur ar banaltranas ná ar altranas ag duine ná géilleann do chreideamh na haicme creidimh dar díobh an leanbh san, ná

[EN]

(b) leanbh do chur i bhfundúireacht a bheidh á seoladh do réir phrínsiobal aicme creidimh seachas an aicme chreidimh dar díobh an leanbh san, ná

[EN]

(c) má bhíonn na cearta agus na dualgaisí tuismitheora maidir le leanbh dílsithe san údarás san, an leanbh san d'oidiú ná a cheadú go n-oideofaí an leanbh san í gcreideamh seachas an creideamh ina n-oideofaí an leanbh san dá mba ná dílseofaí na cearta tuismitheora san san údarás san.

[EN]

(2) Ní déanfar leanbh a bheidh á chothabháil ag údarás conganta phuiblí do theagasc—

[EN]

(a) i gcás leinbh dhlisteanaigh go mbeidh duine amháin ar a laighead dá thuismitheoirí ar marthain agus gan é thréigean, in aon chreideamh go gcuirfidh a thuismitheoirí no an tuismitheoir acu a mhaireann ina choinnibh, no

[EN]

(b) i gcás leinbh mhí-dhlisteanaigh go mbeidh a mháthair ar marthain agus gan é thréigean, in aon chreideamh go gcuirfidh a mháthair ina choinnibh, no

[EN]

(c) i gcás leinbh dhlisteanaigh go mbeidh a thuismitheoirí marbh no bheidh tréigthe ag á thuismitheoirí araon no ag an tuismitheoir acu a mhaireann no i gcás leinbh mhí-dhlisteanaigh go mbeidh a mháthair marbh no bheidh tréigthe ag á mháthair, in aon chreideamh go gcuirfidh caomhnóir no neasachán gaoil an leinbh sin ina choinnibh.

[EN]

Ceart chun deimhniú beireatais leinbh d'fháil.

52.—Pé pair is gá aois leinbh d'fháil amach chun aon chríche de chrícheanna an Achta so, beidh duine ar bith i dteideal, ar é do thíolacadh iarratais i scríbhinn sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe ann don chlárathóir cheart no don cheannchlárathóir cheart beireatas agus básanna, cóip dheimhnithe den iontráil ar bheireatas an leinbh sin sa chlár de bheireataisí bheidh á chothabháil fé sna hAchtanna um Chlárú Beireataisí agus Básanna, 1863, go 1936, d'fháil (in aisce) ón gclárathóir no ón gceann-chlárathóir sin.

CUID IV.

Airgeadas.

[EN]

Airgead do chur ar fáil d'údaráis chonganta phuiblí áirithe.

53.—(1) Má bhíonn ceanntar conganta phuiblí có-dhéanta de chontae-bhuirg agus de chontae no cuid de chontae déanfaidh bárdas na contae-bhuirge sin agus comhairle na contae sin an t-airgead is gá chun íoctha costaisí údaráis chonganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí sin do thabhairt don údarás san go rátúil do réir iomlána na luachálanna bheidh sna liostaí luachála, bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire fé sna hAchtanna Luachála, den mhaoin ionrátuithe sna coda fé seach den cheanntar chonganta phuiblí sin a bheidh suidhte sa chontae-bhuirg agus sa chontae sin fé seach.

[EN]

(2) An t-airgead is gá chun íoctha costaisí údaráis chonganta phuiblí cheanntair chonganta phuiblí go mbeidh a iomlán suidhte i gContae Bhaile Atha Cliath déanfaidh comhairle na contae sin é thabhairt don údarás chonganta phuiblí sin.

[EN]

(3) An t-airgead uile is gá, do réir an ailt seo, do chomhairle chontae no do bhárdas chontae-bhuirge do thabhairt d'údarás chonganta phuiblí bhéarfar don údarás san amhlaidh é ar n-a éileamh san dóibh sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus san am orduithe.

[EN]

Airgead do chruinniú d'údaráis chonganta phuiblí áirithe.

54.—(1) Má bhíonn iomlán ceanntair chonganta phuiblí suidhte in aon chontae amháin déanfaidh comhairle na contae sin na costaisí fé n-a raghaidh údarás conganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí sin do chruinniú tríd an ráta dealbhais go cothrom ar fuaid iomláine an cheanntair chonganta phuiblí sin.

[EN]

(2) Má bhíonn ceanntar conganta phuiblí có-dhéanta de chontae-bhuirg agus de chontae no cuid de chontae cruinneoidh comhairle na contae sin tríd an ráta dealbhais go cothrom ar fuaid iomláine na contae sin no na coda san de chontae (do réir mar a bheidh) an t-airgead uile is gá, do reir na Coda so den Acht so, don chomhairle sin do thabhairt d'údarás chonganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí sin.

[EN]

(3) An t-airgead uile is gá, do réir na Coda so den Acht so, do bhárdas chontae-bhuirg Chorcaighe do chruinniú, cruinneofar tríd an ráta dealbhais é.

[EN]

Údaráis chonganta phuiblí do ghlacadh airgid.

55.—(1) An t-airgead uile is iníoctha le húdarás conganta phuiblí is le cisteoir an údaráis sin a híocfar é agus déanfaidh an cisteoir sin é ghlacadh agus é chur i gcreidiúint don údarás san.

[EN]

(2) Isé amháin is cúiteántas maith do dhuine íocfaidh airgead le húdarás conganta phuiblí admháil chisteora an údaráis sin, ach i gcás duine do dhéanamh íocaíochta d'aicme áirithe le hoifigeach don údarás san dá mbeidh údaruithe go cuibhe ag an údarás san no le rialachán ar n-a dhéanamh fén Acht so íocaíochtaí den aicme sin do ghlacadh is cúiteántas maith don duine sin admháil an oifigigh sin.

[EN]

(3) Pé uair a ghlacfaidh oifigeach d'údarás chonganta phuiblí aon airgead don údarás san go mbeidh údaruithe dhó ag an údarás san no le rialachán ar n-a dhéanamh fén Acht so é ghlacadh amhlaidh beidh sé de dhualgas ar an oifigeach san an t-airgead san d'íoc láithreach le cisteoir an údaráis sin.

[EN]

Iocaíochtaí o údaráis chonganta phuiblí.

56.—(1) An t-airgead uile is iníoctha ag údarás conganta phuiblí déanfaidh cisteoir an údaráis sin é íoc as cistí an údaráis sin.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh cisteoir údaráis chonganta phuiblí íocaíocht ar bith as cistí an údaráis sin ach amháin—

[EN]

(a) de bhun orduithe o chúirt inniúil, no

[EN]

(b) de bhun orduithe ón údarás san a bheidh sighnithe go cuibhe (maran bárdas contae-bhuirge an t-údarás san) ag trí baill den údarás san do bhí ag an gcruinniú agá ndearnadh an t-ordú san agus contra-shighnithe ag rúnaí an údaráis sin.

[EN]

Teora le méid iasachta.

57.—Ní bheidh aon tsuim airgid a gheobhaidh údarás conganta phuiblí ar iasacht de mhéid a bheadh ann féin, no do bhéarfadh go mbeadh fiacha iomlána an údaráis sin, níos mó ná an ceathrú cuid de mhéid iomlán na luachálanna bheidh sna liostaí luachála, bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire fé sna hAchtanna Luachála, den mhaoin ionrátuithe i gceanntar conganta phuiblí an údaráis sin.

[EN]

Fiacha agus fiachaisí áirithe d'aistriú.

58.—(1) Baineann an t-alt so le gach fiach no fiachas (seachas an fiachas maidir le haon aois-liúntas no aisce d'íoc) de chuid bhúird chaomhnóirí no choiste otharlainne contae no óspidéil fhiabhrais go ndearnadh, ar an mbord no ar an gcoiste sin do dhíochur tré scéim chontae, an fiachas maidir le n-a íoc d'aistriú, leis an Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923), no fé, chun comhairle contae no contae-bhuirge agus ná beidh íoctha no glanta ag an gcomhairle sin roimh thosach feidhme an Achta so.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, más dóich leis san do bheith ceart, an fiachas maidir le híoc aon fhéich no fiachais le n-a mbaineann an t-alt so d'aistriú, amhail o thosach feidhme an Achta so no o aon dáta ina dhiaidh sin, chun an údaráis chonganta phuiblí sin no chun an dá údarás conganta phuiblí sin no níos mó is oiriúnach leis agus, más chun dá údarás den tsórt san no níos mó a déanfar an t-aistriú san amhlaidh, sna cionúireachtaí sin is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh san ordú san.

[EN]

(3) Pé uair a déanfar an fiachas maidir le híoc féich no fiachais no ceana d'fhiach no d'fhiachas d'aistriú fén alt so chun údaráis chonganta phuiblí, íocfaidh agus glanfaidh an t-údarás san an fiach no an fiachas san no an cion san de mar chuid dá gcostaisí fén Acht so.

[EN]

Cosaint d'fhiachas comhairlí maidir le haois-liúntas.

59.—Ní bhainfidh éinní atá san Acht so le fiachas ná ní dhéanfaidh deifir d'fhiachas chomhairle contae no bhárdais chontaebhuirge, fé aon Acht a scuirfidh de bhuadh an Achta so d'éifeacht do bheith aige i líomatáiste feidhme an Achta so, maidir le haon aois-liúntas d'íoc no rann-íoc do dhéanamh le haghaidh a íoctha.

[EN]

Cuntaisí agus iniúchadh.

60.—Bainfidh alt 12 agus ailt 14, 15, 17 agus 18 den Local Government (Ireland) Act, 1871, fo-alt (2) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ailt 19 go 22 den Local Government (Ireland) Act, 1902 agus mír (3) d'Airteagal 19 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, leis na cuntaisí ar fháltaisí agus ar íocaíochtaí údaráis chonganta phuiblí d'iniúchadh agus leis an iniúchóir a bheidh ceaptha chun na gcuntas san d'iniúchadh.

CUID V.

Maoin do Thogaint agus do Chur de Laimh.

[EN]

Míniú ar “talamh”.

61.—Sa Chuid seo den Acht so foluíonn an focal “talamh” uisce agus aon estát no leas i dtalamh no in uisce agus aon éasáid no ceart i dtalamh no in uisce no chun an chéanna no air.

[EN]

Comhacht d'údarás chonganta phuiblí chun talamh do thógaint.

62.—Féadfaidh údarás conganta phuiblí, chun crícheanna a gcomhacht agus a ndualgas, talamh do thógaint tré chó-aontú, le toiliú an Aire, no go héigeanta fén gCuid seo den Acht so agus fé sna hAchtanna a hionchorparuítear léi.

[EN]

Achtanna na gClásanna Talmhan d'ionchorparú.

63.—Déanfar agus deintear leis seo, maidir le húdarás conganta phuiblí do thógaint tailimh fén gCuid seo den Acht so, Achtanna na gClásanna Talmhan, fé mar atáid leasuithe leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, d'ionchorparú leis an gCuid seo den Acht so, ach san gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní déanfar na forálacha bhaineann le talamh ná beidh ag teastáil do dhíol agus le fáil do bheith ar an Acht speisialta, ná alt 133 (a bhaineann le cáin talmhan agus ráta dealbhais) den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, d'ionchorparú amhlaidh;

[EN]

(b) nuair a bheidh Achtanna na gClásanna Talmhan agus iad ionchorparuithe amhlaidh á léiriú is tuigthe gurb iad an tAcht so agus an t-ordú um thógaint éigeanta (más ann dó) a bhainfidh leis an gcás an tAcht speisialta agus is tuigthe gurb iad an t-údarás conganta phuiblí bunuitheoirí an ghnótha;

[EN]

(c) nuair a bheidh an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, agus é ionchorparuithe amhlaidh á léiriú—

[EN]

ciallóidh an abairt “local authority” údarás conganta phuiblí do réir bhrí an Achta so,

[EN]

ciallóidh an abairt “confirming Act” an Chuid seo den Acht so agus an t-ordú um thógaint éigeanta mar a bheidh déanta agus daingnithe fén gCuid seo den Acht so,

[EN]

ciallóidh an abairt “confirming authority” an tAire, agus déanfar tagairtí don Housing of the Working Classes Act, 1890, no do Chuid I de, do léiriú mar thagairtí don Acht so;

[EN]

(d) nuair a bheidh cúiteamh á mheas ag an eadrascánaí ní chuirfidh san áireamh aon fhoirgint do tógadh ná aon fheabhsú ná atharú do rinneadh ná aon leas i dtalamh do bunuíodh tar éis an dáta ar ar foillsíodh, de bhun na Coda so den Acht so, fógra i dtaobh an orduithe um thógaint éigeanta do dhéanamh másé tuairim an eadrascánaí nár ghá do réir réasúin an fhoirgint sin do thógáil no an feabhsú no an t-atharú san do dhéanamh no an leas san do bhunú agus gur chun an chúitimh sin d'fháil no do mhéadú do rinneadh an ní sin.

[EN]

Comhacht d'údarás chonganta phuiblí chun talamh d'iniúchadh.

64.—(1) Aon oifigeach no gníomhaire d'údarás chonganta phuiblí a bheidh údaruithe go cuibhe chuige sin ag an údarás conganta phuiblí sin féadfaidh, fé réir forálacha an ailt seo, dul isteach ar thalamh ar bith gach tráth réasúnta idir a naoi a chlog ar maidin agus a sé a chlog tráthnóna chun a fháil amach ce'ca tá an talamh san oiriúnach chun an údaráis chonganta phuiblí sin dá thógaint no ná fuil.

[EN]

(2) Féadfaidh duine raghaidh isteach ar thalamh fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so gach ní do dhéanamh ar an talamh san is gá do réir réasúin chun na críche luaidhtear sa bhfo-alt san agus go sonnrách féadfaidh suirbhéireacht agus pleananna do dhéanamh, leibhéil do thomhas, tochailt do dhéanamh agus doimhneas agus nádúir an ath-fhóid do scrúdú.

[EN]

(3) Sara dtéighidh aon duine isteach ar thalamh ar bith fén alt so, déanfaidh an t-údarás conganta phuiblí gur le n-a n-údarás a beifear chun dul isteach amhlaidh toiliú an tsealbhaire (i gcás talmhan sealbhuithe) no toiliú an únaera (i gcás talmhan neashealbhuithe) d'fháil no cuirfid fé ndeár fógra cheithre lá déag ar a laighead do thabhairt i scríbhinn don tsealbhaire no don únaer sin (do réir mar a bheidh) i dtaobh bheith ar aigne dul isteach amhlaidh.

[EN]

(4) Duine ar bith dá dtabharfar fógra fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so i dtaobh bheith ar aigne dul isteach ar thalamh féadfaidh, ceithre lá déag ar a dhéanaí tar éis an fhógra san do thabhairt, ordú d'iarraidh ar an mbreitheamh den Chúirt Dúithche go ndlighinse aige sa dúthaigh ina bhfuil an talamh san, ar fhógra do thabhairt don údarás chonganta phuiblí thug no gur thar a gceann a tugadh an fógra san, á ordú gan dul isteach amhlaidh ar an talamh san agus, ar an iarratas san d'éisteacht, féadfaidh an breitheamh san, más dóich leis san do bheith ceart, a ordú gan dul isteach amhlaidh ar an talamh san in aon chor no coinníollacha do luadh a bheidh le cólíonadh ag an duine raghaidh isteach amhlaidh.

[EN]

(5) Má orduíonn breitheamh den Chúirt Dúithche fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so gan dul isteach ar thalamh i gcás ina mbeidh san beartuithe, ní dleathach do dhuine ar bith dul isteach ar an talamh san fén alt so, agus má luadhann breitheamh den Chúirt Dúithche fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so coinníollacha bheidh le cólíonadh ag daoine raghaidh isteach ar thalamh fén alt so, cólíonfaidh gach duine raghaidh isteach ar an talamh san amhlaidh na coinníollacha luadhfar amhlaidh.

[EN]

(6) Duine ar bith dá ndéanfar damáiste tré éinní déanfar ar aon talamh fén alt so agus a chuirfidh, fé cheann mí tar éis an ní sin do bheith déanta, éileamh ar chúiteamh sa damáiste sin chun an údaráis chonganta phuiblí gur le n-a n-údarás do chuathas isteach ar an talamh san fén alt so, beidh sé i dteideal cúiteamh réasúnta sa damáiste sin d'fháil ón údarás chonganta phuiblí sin agus (nuair a bheidh có-aontuithe i dtaobh a mhéide no a bheidh san cinnte fén gcéad fho-alt eile den alt so) an cúiteamh san do bhaint den údarás chonganta phuiblí sin in aon chúirt dlighinse inniúla mar fhiacha gnáth-chonnartha.

[EN]

(7) Cheal có-aontuithe cinnfidh an Chúirt Dúithche méid aon chúitimh is iníoctha ag údarás conganta phuiblí fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so i gcás nach mó ná fiche punt an méid a bheidh á éileamh mar chúiteamh no, in aon chás eile, cinnfear é le headrascán fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (mar a leasuítear é le hachtacháin ina dhiaidh sin) fé is dá mba phraghas tailimh do tógfaí go héigeanta an cúiteamh san.

[EN]

(8) Gach duine chuirfidh bac, tré ghníomh no tré fhaillí, ar oifigeach no ar ghníomhaire d'údarás chonganta phuiblí agus na comhachta bronntar leis an alt so á bhfeidhmiú go dleathach aige beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus fós, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

[EN]

Ordú um thógaint éigeanta do dhéanamh.

65.—(1) Nuair is mian le húdarás conganta phuiblí aon talamh áirithe do thógaint go héigeanta fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin ordú (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so ordú um thógaint éigeanta) do dhéanamh á ordú an talamh san do thógaint go héigeanta fén gCuid seo den Acht so.

[EN]

(2) Beidh gach ordú um thógaint éigeanta sa bhfuirm orduithe agus déanfar na tailte le n-a mbainfidh an t-ordú san do thuairisciú ann tré thagairt do léarscáil a bheidh do réir na gcoinníoll orduithe.

[EN]

Fógraí, etc., i dtaobh ordú um thógaint éigeanta do dhéanamh.

66.—(1) Ar ordú um thógaint éigeanta do bheith déanta ag údarás conganta phuiblí déanfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin—

[EN]

(a) fógráin sa bhfuirm orduithe d'fhoillsiú uair amháin ar a laighead i bpáipéar nuachta léightear i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis chonganta phuiblí sin, fógrán á rá go bhfuil an t-údarás san tar éis ordú um thógaint éigeanta do dhéanamh maidir le talamh áirithe agus gur féidir an t-ordú san agus an léarscáil dá dtagartar ann d'iniúchadh in áit áirithe, agus

[EN]

(b) fógra i scríbhinn, sa bhfuirm orduithe, do thabhairt do gach únaer no únaer tuairimithe, léasaí no léasaí tuairimithe, agus sealbhaire ar an talamh le n-a mbainfidh an t-ordú san, agus na ráitisí céanna ann a ceangailtear anso roimhe seo a chur sa bhfógrán san agus é ráite fós ann go bhféadfaidh duine ar bith ar a ngoillfidh an t-ordú san agóid i gcoinnibh an orduithe sin do chur chun an Aire sa tslí luaidhtear agus laistigh d'am áirithe.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás conganta phuiblí, bheidh tar éis ordú um thógaint éigeanta do dhéanamh agus na forálacha san roimhe seo den alt so do chólíonadh maidir leis an ordú san, ordú ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta d'iarraidh ar an Aire.

[EN]

Ordú um thógaint éigeanta do dhaingniú.

67.—Nuair a dhéanfaidh údarás conganta phuiblí ordú ag daingniú orduithe um thógaint éigeanta d'iarraidh ar an Aire fén gCuid seo den Acht so agus is deimhin leis an Aire gur cólíonadh maidir leis an ordú san um thógaint éigeanta na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le cúrsaí roimh an iarratas san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) mara ndeintear aon agóid (seachas agóid ná bainfidh, dar leis an Aire, ach le cúiteamh) do chur go cuibhe chun an Aire i gcoinnibh an orduithe sin um thógaint éigeanta, no má tarraigtear siar gach agóid den tsórt san a cuirfear chuige amhlaidh, féadfaidh an tAire, fé mar is dóich leis is ceart, diúltú don ordú san um thógaint éigeanta do dhaingniú no ordú do dhéanamh ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta gan atharú no ordú do dhéanamh ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta gus na hatharuithe sin air is dóich leis an Aire is ceart;

[EN]

(b) i gcás ar bith le n-a mbainfidh an mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus sara ndeighleálaidh leis an iarratas san, fiosrúchán áitiúil puiblí do chur á dhéanamh i dtaobh an orduithe sin um thógaint éigeanta;

[EN]

(c) má deintear agóid (seachas agóid ná bainfidh, dar leis an Aire, ach le cúiteamh) do chur go cuibhe chun an Aire i gcoinnibh an orduithe sin um thógaint éigeanta agus ná tarraigeofar siar í, cuirfidh an tAire fiosrúchán áitiúil puiblí á dhéanamh i dtaobh an orduithe sin um thógaint éigeanta;

[EN]

(d) nuair a bheidh fiosrúchán áitiúil puiblí déanta de bhun na míre deiridh sin roimhe seo den alt so féadfaidh an tAire, ar thuarasgabháil an duine do rinne an fiosrúchán san do bhreithniú maraon leis an agóid no na hagóidí uile ba bhun leis an bhfiosrúchán san do dhéanamh, féadfaidh, fé mar is dóich leis is ceart, diúltú don-ordú san um thógaint éigeanta do dhaingniú no ordú do dhéanamh ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta gan atharú no ordú do dhéanamh ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta gus na hatharuithe sin air is dóich leis an Aire is ceart.

[EN]

Fógraí, etc., dtaobh ordú um thógaint éigeanta do dhaingniú.

68.—Chó luath agus is féidir é tar éis don Aire ordú do dhéanamh ag daingniú orduithe um thógaint éigeanta (go n-atharú no gan atharú) déanfaidh an t-údarás conganta phuiblí do rinne an t-ordú san um thógaint éigeanta—

[EN]

(a) fógrán sa bhfuirm orduithe d'fhoillsiú i bpáipéar nuachta léightear i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis sin, á rá go bhfuil an tAire tar éis an orduithe sin um thógaint éigeanta do dhaingniú agus gur féidir cóip den ordú san mar a daingníodh é amhlaidh agus an léarscáil dá dtagartar ann d'iniúchadh in áit áirithe, agus

[EN]

(b) fógra i scríbhinn, sa bhfuirm orduithe, do thabhairt do gach duine do tháinig i láthair ag an bhfiosrúchán áitiúil puiblí (má b'ann dó), do rinneadh maidir leis an ordú san, chun neartuithe le hagóid do rinne sé i gcoinnibh an orduithe sin, agus na ráitisí céanna sa bhfógra san a ceangailtear anso roimhe seo a chur sa bhfógrán san.

[EN]

An Ard-Chúirt do chur orduithe um thógaint éigeanta ar nea-mbrí.

69.—(1) Duine ar bith go ndéanfaidh ordú um thógaint éigeanta deifir dó féin no dá mhaoin, féadfaidh, fé cheann trí seachtaine tar éis fógra i dtaobh an Aire do dhaingniú an orduithe sin d'fhoillsiú den chéad uair tré fhógrán, a iarraidh ar an Ard-Chúirt an t-ordú san ar fad no aon chuid áirithe dhe do chur ar nea-mbrí, agus más deimhin leis an Ard-Chúirt gur dhul thar na comhachta bronntar leis an gCuid seo den Acht so an t-ordú san um thógaint éigeanta no aon chuid áirithe dhe do dhéanamh no go raibh an céanna ar shlí eile gan údarás na gcomhacht san do bheith leis no gur thárla dochar substainteach do neach déanta an iarratais sin no do dhuine ar bith eile tré aon fhaillí i ndéanamh do réir forálacha na Coda so den Acht so maidir leis an ordú san féadfaidh an Ard-Chúirt, mar is dóich léi is ceart, an t-ordú san ar fad do chur ar nea-mbrí no cuid áirithe den ordú san do chur ar nea-mbrí.

[EN]

(2) I gcás iarratas chun na hArd-Chúirte fén alt so do bheith ar feitheamh féadfaidh an Ard-Chúirt, más dóich léi san do bheith ceart, oibriú an orduithe um thógaint éigeanta le n-a mbainfidh an t-iarratas san do chur ar fiunraoi go dtí go mbeidh an bhreith dheiridh tugtha ar an iarratas san.

[EN]

(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so ní bheidh ordú um thógaint éigeanta ionchurtha ar nea-mbrí ná ar ceal ná indiospóidithe ar shlí eile (pe'ca roimh an Aire dá dhaingniú no dá éis sin é) ag Cúirt ar bith.

[EN]

Tosach feidhme orduithe um thógaint éigeanta.

70.—(1) Gach ordú um thógaint éigeanta ná cuirfidh an Ard-Chúirt é ar fad ar nea-mbrí fén gCuid seo den Acht so tiocfaidh i ngníomh (fé réir aon chuid áirithe dhe agus gan dochar d'aon chuid áirithe dhe do chur ar nea-mbrí amhlaidh) do réir pé míre acu so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

[EN]

(a) má hiarrtar ar an Ard-Chúirt fén gCuid seo den Acht so an t-ordú san ar fad no aon chuid áirithe dhe do chur ar nea-mbrí, nuair a bhéarfar an bhreith dheiridh ar an iarratas san, no

[EN]

(b) mara ndeintear aon iarratas den tsórt san amhlaidh, i gcionn trí seachtaine tar éis fógra i dtaobh an Aire do dhaingniú an orduithe sin d'fhoillsiú den chéad uair tré fhógrán.

[EN]

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis ordú um thógaint éigeanta do theacht i ngníomh bhéarfaidh an t-údarás conganta phuiblí do rinne an t-ordú san cóip den ordú san do gach duine dar tugadh de bhun na Coda so den Acht so fógra á rá go ndearnadh an t-ordú san.

[EN]

Talamh ná beidh ag teastáil do leithreasú chun crícheanna eile.

71.—Féadfaidh údarás conganta phuiblí, le toiliú an Aire agus fé réir na gcoinníollacha san do chólíonadh is dóich leis an Aire is ceart d'fhorchur, aon talamh a bheidh dílsithe chun críche ar bith san údarás san agus ná beidh ag teastáil chun na críche chun ar tógadh é do leithreasú agus d'úsáid chun críche aon choda dá gcomhachta agus dá ndualgaisí.

[EN]

Talamh ná beidh ag teastáil do chur de láimh.

72.—(1) Féadfaidh údarás conganta phuiblí, le toiliú an Aire, aon talamh a bheidh tógtha ag an údarás san fén Acht um Chongnamh Phuiblí (Talamh do Thógaint), 1934 (Uimh. 23 de 1934), no fén gCuid seo den Acht so no bheidh aistrithe chun an údaráis sin leis an Acht so no fé do dhíol, do mhalairtiú, do chur ar cíos no do chur dá láimh ar shlí eile.

[EN]

(2) An sochar do gheobhfar as údarás conganta phuiblí do dhíol tailimh ar bith fén alt so déanfar, sa mhéid gur airgead caipitail an sochar san, é do chur, le toiliú an Aire, chun críche (le n-a n-áirmhítear airgead do fuarthas ar iasacht d'aisíoc) chun a bhféadfaidh an t-údarás san, le ceart, airgead caipitail do chur.

[EN]

(3) Má mhalairtíonn údarás conganta phuiblí talamh fén alt so, déanfar (fé réir na bhforálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le talamh ná beidh ag teastáil chun na críche chun ar tógadh é do leithreasú agus d'úsáid) an talamh a tógfar sa mhalairtiú san do chur chun na gcrícheanna chun a bhféadfadh an t-údarás san an talamh do bhéarfar sa mhalairtiú san do chur.

[EN]

Maoin chóluchtaí díochurtha áirithe d'aistriú.

73.—An mhaoin uile (seachas airgead agus urrúis ar airgead)—

[EN]

(a) ba le bord caomhnóirí no le coiste otharlainne contae no óspidéil fhiabhrais chontae tráth agus do haistríodh chun comhairle contae no contae-bhuirge leis an Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923), no fé, ar an mbord no ar an gcoiste sin do dhíochur le scéim chontae, agus a bheidh, i dtosach feidhme an Achta so, ar seilbh ag an gcomhairle chontae sin no ag bárdas na contae-bhuirge sin chun na gcrícheanna bhaineann le haon chomhacht d'fheidhmiú no le haon dualgas do chólíonadh a bheidh bronnta no curtha de bhuadh an Achta so ar údarás chonganta phuiblí, no

[EN]

(b) do bhí, ar aon choiste den tsórt san do dhíochur, dílsithe in aon chomhairle chontae no chontae-bhuirge den tsórt san no ar seilbh acu chun crícheanna an choiste sin agus a bheidh, i dtosach feidhme an Achta so, dílsithe sa chomhairle chontae sin no i mbárdas na contae-bhuirge sin, no ar seilbh acu, chun na gcrícheanna san,

[EN]

tiocfaidh chun bheith agus beidh, marab iad an chomhairle chontae no an bárdas san féin údarás conganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí ina mbeidh an mhaoin sin, aistrithe chun an údaráis chonganta phuiblí sin de bhuadh an Achta so, agus beidh dá gcuid féin acu, díreach ar thosnú na feidhme sin, agus beidh as san amach i seilbh an údaráis sin chun crícheanna a gcomhacht agus a ndualgas.

[EN]

Airgead do bhí ar seilbh do chóluchtaí díochurtha áirithe do chur chun críche.

74.—Aon airgead no urrús ar airgead do bhí ar seilbh tráth ag coiste otharlainne contae no óspidéil fhiabhrais chontae ar iontaobhas chun crícheanna na hotharlainne no an óspidéil sin agus do haistríodh chun comhairle contae no contae-bhuirge leis an Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923), no fé, ar an gcoiste sin do dhíochur le scéim chontae, agus a bheidh, i dtosach feidhme an Achta so, ar seilbh ag an gcomhairle chontae sin no ag bárdas na contae-bhuirge sin, leanfaidh de bheith ar seilbh amhlaidh agus cuirfear é chun crícheanna an Achta so sa tslí sin ordóidh an tAire.

[EN]

Fógraí fén gCuid seo den Acht so do sheirbheáil.

75.—(1) Aon fhógra i scríbhinn no aon scríbhinn eile is gá do réir na Coda so den Acht so do thabhairt do dhuine ar bith féadfar é thabhairt amhlaidh ar shlí ar bith acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tré n-a shíneadh chun an duine sin, no

[EN]

(b) tré n-a fhágaint i ngnáth-áit chomhnaithe an duine sin no san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige, no

[EN]

(c) tré n-a chur tríd an bpost i gclúdach cláruithe roimh-íoctha bheidh dírithe chun an duine sin ag á ghnáth-áit chomhnaithe no ag an áit chomhnaithe is déanaí is col do bheith aige más pearsa é no, más cuideachta é bheidh cláruithe fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, ag oifig chláruithe na cuideachtan san no, más aon chólucht corparuithe eile no aon chomhlachas neamh-ionchorparuithe é, ag príomh-oifig no príomh-áit ghnótha an chóluchta no an chomhlachais sin.

[EN]

(2) Más gá do réir na Coda so den Acht so fógra i scríbhinn no scríbhinn eile do thabhairt d'únaer no do shealbhaire tailimh agus nach eol cad is ainm don únaer no don tsealbhaire sin féadfar an scríbhinn sin do dhíriú chun “únaer” an tailimh sin no “sealbhaire” an tailimh sin (do réir mar a bheidh) agus féadfar í thabhairt don únaer no don tsealbhaire sin tré n-a fágaint ag an talamh san no tré n-a greamú in ionad so-fheicse ar an talamh san.

CUID VI.

Imeachta Dli agus Pionois.

[EN]

Fianaise prima facie ar chruinnithe, ar rúin, agus ar orduithe.

76.—(1) Na miontuairiscí uile ar na himeachta ag cruinniú d'údarás chonganta phuiblí no de choiste d'aon údarás den tsórt san do bhéarfaidh le tuigsint iad a bheith sighnithe ag cathaoirleach an chruinnithe sin no ag cathaoirleach an chéad chruinnithe eile ina dhiaidh sin den údarás no den choiste sin déanfar (gan cruthúnas ar shighniú an duine go mbéarfaidh na miontuairiscí sin le tuigsint iad a bheith sighnithe aige ná a chruthú gurbh é an duine sin cathaoirleach an chruinnithe go mbéarfaidh na miontuairiscí sin le tuigsint gurb ann a sighníodh iad) iad do ghlacadh i ngach imeacht dlí ina bhfianaise prima facie ar na himeachta ag an gcruinniú le n-a mbainfidh na miontuairiscí sin agus ina bhfianaise prima facie gur gairmeadh agus gur comóradh an cruinniú san go cuibhe agus gurbh imeachta cuibhe do réir dlí na himeachta ag an gcruinniú san.

[EN]

(2) Cóip, de rún do ritheadh no d'ordú do rinneadh ag cruinniú d'údarás chonganta phuiblí no de choiste d'aon údarás den tsórt san, a bhéarfaidh le tuigsint í bheith deimhnithe ag rúnaí no ag baile-chléireach an údaráis sin bheith ina cóip dhílis den rún no den ordú san, glacfar í i ngach imeacht dlí ina fianaise prima facie ar an rún san do rith no ar an ordú san do dhéanamh (do réir mar a bheidh) agus ar théarmaí an chéanna gan cruthúnas ar shighniú an duine go mbéarfaidh an chóip sin le tuigsint í bheith deimhnithe aige ná a chruthú gurbh é an rúnaí no an bailechléireach san é.

[EN]

Pionós mar gheall ar rialacháin do shárú.

77.—(1) Gach duine dhéanfaidh éinní go toiliúil (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh ag an Aire fén Acht so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt.

[EN]

(2) Ní bhainfidh an t-alt so le hiostaí fundúireachta ceanntair do shárú rialacháin a bheidh i bhfeidhm sa bhfundúireacht san de bhuadh an Achta so.

[EN]

Pionós mar gheall ar gan obair do dhéanamh.

78.—Gach duine bheidh ag fáil chonganta ghenerálta agus a dhiúltóidh no fhailleoidh, go toiliúil, tasc oibre do dhéanamh a ceanglófar air fén Acht so do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná lá is fiche do chur air.

[EN]

Pionós mar gheall ar chiontaí i bhfundúireachtaí ceanntair.

79.—Gach iostaí i bhfundúireacht cheanntair—

[EN]

(a) a dhéanfaidh éinní go toiliúil (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán a bheidh i bhfeidhm sa bhfundúireacht san de bhuadh an Achta so, no

[EN]

(b) a bheidh, de dheascaibh deoch meisciúil d'ól, ar meisce no neamh-ábalta ar é féin d'iompar sa bhfundúireacht san, no

[EN]

(c) a dheanfaidh aon ghníomh aimhréire maidir le hoifigeach den fhundúireacht san, no

[EN]

(d) a dhéanfaidh aon mhí-iompar eile (tré ghníomh no tré fhaillí) sa bhfundúireacht san do raghadh chun dochair do riail-bhéas no do dhea-rialú sa bhfundúireacht san,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná lá is fiche do chur air.

[EN]

Pionós mar gheall ar ráiteas bhréagach chun congnamh puiblí d'fháil.

80.—Gach duine dhéanfaidh, chun congnamh puiblí d'fháil dó féin no do dhuine eile, aon ráiteas no aithris chúise is eol dó bheith bréagach no mí-threorach in aon phone táchtach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí.

[EN]

Pionós mar gheall ar dhiúltadh do choimeád leinbh do thabhairt suas.

81.—(1) I gcás duine go mbeidh ceangailte air leis an Acht so no fé coimeád leinbh do thabhairt suas d'údarás chonganta phuiblí do dhiúltadh no d'fhaillí go toiliúil an coimeád san do thabhairt suas amhlaidh beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air,

[EN]

(2) Pé uair a ciontófar duine i gcionta fén alt so déanfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúithche chiontóidh an duine sin amhlaidh ordú le linn an chiontuithe sin á ordú go ndéanfar an leanbh gur maidir leis do rinneadh an cionta san do thógaint as coimeád an duine sin agus do chur i gcoimeád an údaráis chonganta phuiblí bheidh, de bhuadh an Achta so, i dteideal coimeád an leinbh sin do bheith acu.

[EN]

Pionós mar gheall ar chabhrú le leanbh a bheidh ag éalódh.

82.—Má dheineann duine ar bith—

[EN]

(a) go feasach, agus pe'ca go díreach no go nea-dhíreach é, cabhrú le leanbh fé bhun sé mblian déag d'aois a bheidh á chothabháil ag údarás conganta phuiblí, no é mhealladh, chun na háite ina mbeidh sé á chothabháil amhlaidh d'fhágaint gan toiliú an údaráis sin, no

[EN]

(b) leanbh do dhídeanú no do cheilt a bheidh fé bhun sé mblian déag d'aois agus a bheidh á chothabháil ag údarás conganta phuiblí agus go mbeidh, go bhfios don duine sin, an áit ina mbeidh sé á chothabháil amhlaidh fágtha aige gan toiliú an údaráis sin,

[EN]

(c) go feasach, agus pe'ca go díreach no go nea-dhíreach é, cabhrú le leanbh go mbeidh cearta agus comhachta a thuismitheoirí no duine dá thuismitheoirí dílsithe maidir leis in údarás conganta phuiblí, no é mhealladh, chun áite inar chuir an t-údarás san é d'fhágaint gan toiliú an údaráis sin, no

[EN]

(d) leanbh do dhídeanú no do cheilt go mbeidh cearta agus comhachta a thuismitheoirí no duine dá thuismitheoirí dílsithe maidir leis in údarás conganta phuiblí agus go mbeidh, go bhfios don duine sin, áit inar chuir an t-údarás san é fágtha aige gan toiliú an údaráis sin,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí.

[EN]

Pionós mar gheall ar mhnaoi chéile no leanbh do thréigean.

83.—(1) Pé uair a thréigfidh duine a bhean chéile no leanbh a dhligheann fén Acht so do chothabháil no fhailleoidh sé go toiliúil a bhean chéile no an leanbh san do chothabháil agus a thiocfaidh an bhean chéile no an leanbh san, de dheascaibh an tréigin no na faillí sin, i dteideal conganta ghenerálta, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí do chur air.

[EN]

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 4 den Acht Breithiúnais Choiriúla (Fianaise), 1924 (Uimh. 37 de 1924), maidir le daoine a cúiseofar i gcionta fén alt so fé is dá luaidhtí an t-alt so sa Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

[EN]

Comhacht chun iostaí fundúireachta ceanntair do ghabháil.

84.—(1) Féadfaidh mátrún fundúireachta ceanntair no oifigeach eile ar a mbeidh cúram agus bainistí na fundúireachta san gabháil do dhéanamh gan barántas, sa bhfundúireacht cheanntair sin, ar aon iostaí sa bhfundúireacht cheanntair sin go mbeidh amhrus réasúnta ag an mátrún no ag an oifigeach eile sin go ndearna sé sa bhfundúireacht cheanntair sin cionta is inphionósuithe ar é chiontú ann ar an slí achmair agus chun críche na gabhála san beidh ag gach mátrún no oifigeach eile den tsórt san na comhachta agus an t-údarás uile bhíonn ag ball den Ghárda Síochána.

[EN]

(2) Aon duine geobhfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so bhéarfar i gcoimeád bhaill den Ghárda Síochána é chó luath agus is féidir é agus leis sin deighleálfar leis do réir dlí fé is dá ngeobhadh an ball san go dleathach é.

[EN]

Comhacht d'údarás chonganta phuiblí chun costaisí cúisimh d'íoc.

85.—Féadfaidh údarás conganta phuiblí íoc do dhéanamh sna costaisí réasúnta fén a raghfar chun duine do chúiseamh a cúiseofar i gcionta bhainfidh go díreach le riaradh an dlí i dtaobh conganta phuiblí, pe'ca ciontófar an duine sin sa chionta san no ná ciontófar.

CUID VII.

Foralacha Ilghneitheacha.

[EN]

Comhacht don Aire chun otharlanna contae agus chun óspidéil fhiabhrais chontae do dhíochur.

86.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, otharlann chontae no óspidéal fiabhrais contae no otharlann ghenerálta phuiblí do dhá chontae no níos mó no do chontae agus do chontae-bhuirg do dhíochur más dóich leis gur ceart san do dhéanamh tar éis dó dul i gcomhairle le gach comhairle chontae (más ann di) agus le gach bárdas contae-bhuirge (más ann dó) a bheireann rann-íoc le haghaidh cothabhála na hotharlainne no an óspidéil sin agus le coiste bainistí na hotharlainne no an óspidéil sin.

[EN]

(2) Pé uair a díochuirfear otharlann no óspidéal fiabhrais le hordú ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfaidh an tAire leis an ordú san dáta an díochurtha san do theacht i ngníomh do cheapadh;

[EN]

(b) féadfaidh an tAire, leis an ordú san no le haon ordú ina dhiaidh sin, socrú do dhéanamh chun na hotharlainne no an óspidéil sin do dhúnadh, chun na n-othar ann d'aistriú agus i dtaobh na nithe eile sin (ná deintear socrú ina dtaobh go sonnrách leis an alt so) do chífear dó is gá chun an díochurtha san do chur in éifeacht;

[EN]

(c) an mhaoin uile bheidh i seilbh chomhairle contae no bhárdais chontae-bhuirge chun crícheanna na hotharlainne no an ospidéil sin agus an mhaoin uile bheidh i seilbh choiste bhainistí na hotharlainne no an óspidéil sin tiocfaidh chun bheith agus beidh, ar dháta an díochurtha san do theacht i ngníomh, aistrithe chun údaráis chonganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí ina mbeidh an otharlann no an t-óspidéal san agus dílsithe ionta agus as san amach beidh i seilbh an údaráis sin chun crícheanna an Achta so;

[EN]

(d) ar dháta an díochurtha san do theacht i ngníomh agus as san amach tiocfaidh fiacha agus fiachaisí uile an choiste sin chun bheith agus beid ina bhfiacha agus ina bhfiachaisí ar an údarás conganta phuiblí sin agus isiad san íocfaidh iad;

[EN]

(e) gach duine is oifigeach do choiste bhainistí na hotharlainne no an óspidéil sin díreach roimh dháta an díochurtha san do theacht i ngníomh agus (ach amháin i gcás dochtúra oifigiúil) do bheireann a aimsir uile i seirbhís an choiste sin, beidh aige, más rud é nach giorra ná deich mbliana a thréimhse sheirbhíse fén gcoiste sin díreach roimh an dáta san, na cearta céanna chun liúntas d'fháil ón údarás conganta phuiblí sin do bheadh aige dá mb'oifigeach inphinsin don údarás chonganta phuiblí sin é agus go mbeadh sé i seilbh oifige fén údarás san ar feadh tréimhse ba chó-fhaid le n-a thréimhse sheirbhíse fén gcoiste sin agus go gcuirfí as an oifig sin é mar gheall ar chúis seachas mí-iompar no mí-ábaltacht.

[EN]

Búird chonganta phuiblí do theacht fé réim Achtanna áirithe.

87.—(1) Is údarás áitiúil do réir bhrí agus chun crícheanna gach Achta de sna hAchtanna uile agus fé seach a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so gach bord conganta phuiblí.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag alt 4 den Acht Rialtais Áitiúla, 1931 (Uimh. 19 de 1931), maidir le bord conganta phuiblí fé is dá mba bhord sláinte agus conganta phuiblí an bord san agus chuige sin deintear leis seo an t-alt san 4 do leasú tré sna focail “bord conganta phuiblí” do chur isteach ann díreach i ndiaidh na bhfocal “bord sláinte puiblí”.

[EN]

Búird chonganta phuiblí do theacht fé réim ailt 63 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925.

88.—Is údarás contae do réir bhrí agus chun crícheanna ailt 63 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), gach bord conganta phuiblí.

[EN]

Sean-achtacháin d'oiriúnú.

89.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, na hoiriúnuithe agus na hatharuithe sin do dhéanamh, ar aon achtachán a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta so agus a bhainfidh le héinní no aon rud le n-a ndeighleálann an tAcht so no dá ndeineann sé deifir, do chífear dó do bheith riachtanach no oiriúnach chun an Achta so do chur in éifeacht no chun go bhféadfaidh lán-fheidhm agus lán-éifeacht do bheith ag an Acht so.

[EN]

(2) Fé réir aon oiriúnuithe no atharuithe dhéanfaidh an tAire fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus gan dochar don chéanna beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach achtachán (pe'ca bhainfidh no ná bainfidh le héinní no aon rud le n-a ndeighleálann an tAcht so) a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) gach luadh no tagairt a bheidh in aon achtachán den tsórt san do bhord chaomhnóirí no do chaomhnóirí na mbocht, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt d'údarás chonganta phuiblí;

[EN]

(b) gach luadh no tagairt a bheidh in aon achtachán den tsórt san d'aontas fé dhlí na mbocht, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt do cheanntar chonganta phuiblí;

[EN]

(c) gach luadh no tagairt a bheidh in aon achtachán den tsórt san do chiste aontais, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt do chistí an údaráis chonganta phuiblí is oiriúnach;

[EN]

(d) gach luadh no tagairt a bheidh in aon achtachán den tsórt san do thigh oibre aontais, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt don fhundúireacht cheanntair is oiriúnach;

[EN]

(e) gach luadh no tagairt a bheidh in aon achtachán den tsórt san d'fhóirithin na mbocht, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt do chongnamh;

[EN]

(f) gach luadh no tagairt a bheidh in aon achtachán den tsórt san d'fhóirithin aontais, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt do chongnamh ghenerálta;

[EN]

(g) gach luadh no tagairt a bheidh in aon achtachán den tsórt san d'fhóirithin allamuich, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt do chongnamh theaghlaigh.

[EN]

Comhacht don Aire chun rialacháin ghenerálta do dhéanamh.

90.—Más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart féadfaidh an tAire, le hordú, na rialacháin sin do dhéanamh (i dtaobh na n-údarás conganta phuiblí uile no i dtaobh ceann amháin no níos mó acu) a chífear dó do bheith oiriúnach chun na n-údarás san agus a n-oifigeach do threoradh agus do stiúradh maidir le n-a gcomhachta agus le n-a ndualgaisí fén Acht so d'fheidhmiú agus do chólíonadh agus chun a chur in áirithe go ndéanfaí an tAcht so d'fheidhmiú agus do riaradh go héifeachtúil.

[EN]

Orduithe agus rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

91.—Gach ordú agus gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so agus go mbeidh baint aige le breis agus aon cheanntar conganta phuiblí amháin no éifeacht aige ionta, leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, fé cheann an lae is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe no an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe no an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú no an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh fé roimhe sin.

CEAD SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Siosón agus Caibidil no Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

1 & 2 Vic., c. 56

An Poor Relief (Ireland) Act, 1838.

Alt 3; ailt 5 go 8; ailt 13 go 17; ailt 21 agus 22; ailt 26 go 58; alt 60; ailt 89 go 95; ailt 98 go 103; ailt 114 go 117; agus an Chéad Sceideal.

2 & 3 Vic., c. 1

An Poor Relief (Ireland) Act, 1839.

Ailt 1, 3, 4 agus 6.

6 & 7 Vic., c. 92

An Poor Relief (Ireland) Act, 1843.

Ailt 14 go 17; alt 21 agus an Sceideal.

10 & 11 Vic., c. 31

An Poor Relief (Ireland) Act, 1847.

Ailt 1 go 4; ailt 7 go 9; ailt 11, 13, 15; ailt 18 go 23; ailt 25 go 29.

10 & 11 Vic., c. 84

An Vagrancy (Ireland), Act, 1847.

Alt 2; alt 3 o sna focail “and every person” go dtí na focail “union or district”.

10 & 11 Vic., c. 90

An Poor Relief (Ireland) (No. 2) Act, 1847.

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

11 & 12 Vic., c. 25

An Poor Relief (Ireland) Act, 1848.

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

12 & 13 Vic., c. 4

An Guardians (Ireland) Act, 1849.

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

12 & 13 Vic., c. 104

An Poor Relief (Ireland) Act, 1849.

Ailt 2 go 5; alt 20; ailt 24 go 28.

14 & 15 Vic., c. 68

An Poor Relief (Ireland) Act, 1851.

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

25 & 26 Vic., c. 83

An Poor Relief (Ireland) Act, 1862.

Ailt 2 go 8; ailt 11, 21, 22, 23.

29 & 30 Vic., c. 38

An Poor Persons Burial (Ireland) Act, 1866.

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

31 & 32 Vic., c. 74

An Poor Law Inspectors (Ireland) Act, 1868.

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

32 & 33 Vic., c. 54

An Poor Relief (Ireland) Act, 1869.

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

39 & 40 Vic., c. 50

An Poor Law Rating (Ireland) Act, 1876.

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

41 & 42 Vic., c. 60

An Poor Afficted Persons Relief (Ireland) Act, 1878.

An tAcht iomlán.

42 & 43 Vic., c. 25

An Dispensary Houses (Ireland) Act, 1879.

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

42 & 43 Vic., c. 57

An Public Health (Ireland) Amendment Act, 1879.

Alt 4.

52 & 53 Vic., c. 56

An Poor Law Act, 1889.

An tAcht iomlán.

55 & 56 Vic., c. 5

An Poor Law (Ireland) Act, 1892.

An tAcht iomlán.

55 & 56 Vic., c. 41

An Boards of Management of Poor Law District Schools (Ireland) Act, 1892.

An tAcht iomlán.

59 & 60 Vic., c. 5

An Poor Law Guardians (Ireland) (Women) Act, 1896.

An tAcht iomlán.

61 & 62 Vic., c. 30

An Pauper Children (Ireland) Act, 1898.

An tAcht iomlán.

61 & 62 Vic., c. 37

An Local Government (Ireland) Act, 1898.

Ailt 13, 24, 25, 30, 39, 43, 61; fo-alt (1) d'alt 63; alt 85; ailt 90 agus 91; i bhfo-ailt (2) agus (3), alt 94, na focail “or board of guardians”; fo-alt (5) d'alt 94.

 

62 & 63 Vic., c. 37

An Poor Law Act, 1899

An tAcht iomlán.

63 & 64 Vic., c. 45

An Poor Relief (Ireland) Act, 1900.

An tAcht iomlán.

2 Ed. VII, c. 16

An Pauper Children (Ireland) Act, 1902.

An tAcht iomlán.

8 Ed. VII, c. 67

An Children Act, 1908

Mír (26) d'alt 133.

5 & 6 Geo. V, c. 14

An Poor Relief (Ireland) Act, 1914.

An tAcht iomlán.

Uimh. 9 de 1923

An tAcht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923.

Ailt 1 go 8; alt 10; alt 20.

Uimh. 13 de 1924

An tAcht Rialtais Áitiúla (Forálacha Sealadacha) (Leasú), 1924.

Alt 2.

Uimh. 5 de 1925

An tAcht Rialtais Áitiúla, 1925.

Fo-alt (3) d'alt 12; fo-alt (7) d'alt 13.

Uimh. 3 de 1927

An tAcht Rialtais Áitiúla, 1927.

Fo-alt (2) d'alt 4.

Uimh. 40 de 1929

Acht Fóirithin na mBocht (Baile Atha Cliath), 1929.

An tAcht iomlán.

Uimh. 23 de 1934

An tAcht um Chongnamh Phuiblí (Talamh do Thógaint), 1934.

An tAcht iomlán.

Uimh. 2 de 1937

An tAcht um Chongnamh Phuiblí, 1937.

Alt 2.

DARA SCEIDEAL.

Rialacha i dTaobh Ballraiocht agus Cruinnithe Bord Conganta Phuibli.

Toghacháin.

1.—(1) Na baill de bhord chonganta phuiblí bheidh le togha ag comhairle chontae toghfar iad ag an gcéad chruinniú cinn bliana den chomhairle sin a bheidh ann tar éis gach toghacháin chinn trí mblian do bhaill den chomhairle sin.

(2) Na baill de bhord chonganta phuiblí bheidh le togha ag bárdas contae-bhuirge toghfar iad ag an gcéad chruinniú cinn ráithe de chomhairle chathrach na contae-bhuirge sin a bheidh ann tar éis gach toghacháin chinn trí mblian no toghacháin chinn bliana (do réir mar a bheidh) do bhaill den chomhairle chathrach san.

2.—(1) Na baill de bhord chonganta phuiblí bheidh le togha ag comhairle chontae is mar leanas a toghfar iad:—

(a) do gach togha-líomatáiste chontae no cuid de thoghalíomatáiste chontae sa cheanntar chonganta phuiblí, toghfar ball den bhord as na comhairleoirí contae bheidh toghtha don líomatáiste sin;

(b) maidir leis na baill eile (dá ngairmtear baill bhreise sa riail seo) féadfaidh aon ghrúpa comhairleoirí ar a mbeidh an uimhir is gá de chomhairleoirí comhairleoir d'ainmniú chun bheith ina bhall den bhord agus ar dhéanamh an ainmnithe sin beidh an ball san toghtha gan aon vótáil;

(c) toghfar an chuid eile de sna baill bhreise ina nduine agus ina nduine le móráireamh de vótanna na gcomhairleoirí nach baill d'aon ghrúpa comhairleoirí den tsórt san roimhráite;

(d) isé uimhir chomhairleoirí is gá chun grúpa do dhéanamh chun crícheanna na rialach so ná an uimhir a gheobhfar tríd an uimhir iomlán de chomhairleoirí bheidh i láthair ag an toghachán do roinnt ar an uimhir de bhaill bhreise bheidh le togha no, maran slán-uimhir an uimhir a gheobhfar amhlaidh, an chéad shlán-uimhir os cionn na huimhreach a gheobhfar amhlaidh;

(e) ní bheidh aon chomhairleoir ina bhall de níos mó ná aon ghrúpa amháin.

(2) Na baill de bhord chonganta phuiblí bheidh le togha ag bárdas contae-bhuirge toghfar iad sa tslí chéanna inar gá do chomhairle chontae baill bhreise do thogha fén mír sin roimhe seo.

Sealbhaíocht Oifige.

3.—Beidh baill bhúird chonganta phuiblí i seilbh oifige (marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin d'aon bhall den tsórt san) go dtí an lá tar éis a gcomharbaí do thogha fé sna rialacha san roimhe seo.

Dí-cháiliú.

4.—(1) Ball de bhord chonganta phuiblí a bheidh toghtha ag comhairle chontae agus a scuirfidh de bheith, no a dí-cháileofar chun bheith, ina bhall den chomhairle chontae sin scuirfidh freisin de bheith, no beidh dí-cháilithe freisin chun bheith, ina bhall den bhord chonganta san.

(2) Ball de bhord chonganta phuiblí a bheidh toghtha ag bárdas contae-bhuirge agus a scuirfidh de bheith, no a dí-cháileofar chun bheith, ina bhall de chomhairle chathrach na contae-bhuirge sin scuirfidh freisin de bheith, no beidh dí-cháilithe freisin chun bheith, ina bhall den bhord chonganta san.

Eirghe as agus Cur as Oifig.

5.—Féadfaidh ball de bhord chonganta phuiblí tráth ar bith eirghe as a bhallraíocht le fógra i scríbhinn fé n-a láimh a seachadfar, más comhairle chontae do thogh é, do rúnaí na comhairle contae no, más bárdas contae-bhuirge do thogh é, do bhaile-chléireach na buirge agus do rúnaí an bhúird chonganta phuiblí, ach ní bheidh éifeacht ag an eirghe as san go dtí an chéad chruinniú den chomhairle chontae sin no de chomhairle chathrach na contae-bhuirge sin, do réir mar a bheidh, a bheidh ann tar éis an fhógra san d'fháil.

6.—Féadfaidh aon bhall de chomhairle chontae no de chomhairle chathrach chontae-bhuirge, le toiliú na ceathrú coda ar a laighead de bhaill na comhairle sin, a fhógairt tráth ar bith i scríbhinn do rúnaí na comhairle contae sin no do bhaile-chléireach na contaebhuirge sin go bhfuil sé ar intinn a thairgsint go gcuirfí deireadh le ballraíocht na mball uile de bhord chonganta phuiblí do thogh an chomhairle chontae sin no bárdas na contae-bhuirge sin, agus leis sin gairmfidh an rúnaí no an baile-chléireach, do réir mar a bheidh, cruinniú speisialta den chomhairle chontae no den chomhairle chathrach san chun teacht le chéile ar dháta nach déanaí ná mí ón am do fuair an fhógairt sin agus bhéarfaidh fógra ceithre lá déag ar a laighead ina thaobh do gach ball den chomhairle chontae no den chomhairle chathrach san, do réir mar a bheidh, agus má deintear rún (go vótálfaidh dhá dtrian ar a laighead de sna comhairleoirí bheidh i láthair i bhfábhar é rith) do rith ag an gcruinniú san ag aontú leis an tairgsint sin beidh, leis sin, deireadh le ballraíocht na mball san den bhord chonganta phuiblí sin agus toghfar baill nua den bhord san láithreach in ionad na mball go mbeidh deireadh le n-a mballraíocht.

7.—(1) Má bhíonn aon bhall de bhord chonganta phuiblí ar feadh tréimhse de thrí mhí as a chéile gan bheith ag cruinniú den bhord san, beidh, dá dhruim sin, deireadh le n-a bhallraíocht agus déanfaidh an chomhairle chontae no an chomhairle chathrach, do réir mar a bheidh, ag á gcéad chruinniú tar éis bheith caithte don tréimhse sin, duine dá mbaill do cheapadh chun an fholúntais a thárlóidh amhlaidh i mballraíocht an bhúird chonganta phuiblí.

(2) Má thuiteann cruinniú de bhord chonganta phuiblí ar lár toisc easba quorum déanfar ainmneacha na mball do tháinig i láthair san am agus san áit do bhí ceaptha don chruinniú do chur ar breacadh agus is tuigthe na baill sin do bheith i láthair ag cruinniú den bhord chun críche na rialach so.

Foth-fholúntaisí.

8.—Má thárlann foth-fholúntas i mballraíocht bhúird chonganta phuiblí déanfaidh an chomhairle no an bárdas do thogh an ball tré n-ar thárla an folúntas é líonadh fé cheann mí tar éis an fholúntais sin do thárlachtaint no fé cheann na haimsire breise sin a lomhálfaidh an tAire, ach, más tré bhall do toghadh do thogh-líomatáiste no do chuid de fé mhír (a) de Riail 2 de sna Rialacha so a thárlóidh an foth-fholúntas, líonfar an foth-fholúntas as comhairleoirí contae do toghadh sa togh-líomatáiste sin.

Quorum.

9.—Isé is quorum do bhord chonganta phuiblí ná an ceathrú cuid d'uimhir iomláin bhall an bhúird.

Cruinnithe.

10.—Beidh cruinnithe chun a ngnó do dhéanamh ag gach bord conganta phuiblí uair sa mhí ar a laighead agus na tráthanna eile sin is gá chun a gcomhachta d'fheidhmiú agus a ndualgaisí do chólíonadh sa cheart.

11.—Beidh an chéad chruinniú de bhord chonganta phuiblí ann tar éis togha ball an bhúird sin do bheith críochnuithe lá cheapfaidh an tAire agus beidh sé ina chruinniú chinn bliana.

12.—Déanfaidh gach bord conganta phuiblí ag á gcéad chruinniú lá den bhliain nach luatha ná an 17adh lá d'Iúl ná nach déanaí ná an 1adh lá de Lúnasa do cheapadh chun cruinnithe cinn bliana ina dhiaidh sin do bheith ann agus féadfaidh, ag aon chruinniú cinn bliana ina dhiaidh sin, an lá bheidh ceaptha amhlaidh d'atharú.

13.—Beidh cruinniú cinn bliana ag gach bord conganta phuiblí gach bliain agus beidh an cruinniú san ann an lá bheidh ceaptha de thurus na huaire chun cruinnithe den tsórt san do bheith ann fé sna rialacha so maran Domhnach no lá saoire bainc an lá san agus, sa chás san, beidh an cruinniú san ann an chéad lá ina dhiaidh sin nach Domhnach ná lá saoire bainc.

14.—Má thárlann, mar gheall ar aon chúis (agus easba quorum d'áireamh), gan an chéad chruinniú cinn bliana no aon chruinniú cinn bliana eile de bhord chonganta phuiblí do bheith ann an lá bheidh ceaptha chun an chruinnithe sin do bheith ann fé sna rialacha so gairmfidh rúnaí an bhúird, chó luath agus is féidir é, cruinniú den bhord chun teacht le chéile ar uair chaothúil an lá chífear dó gurb é an dáta is luatha é is caothúil chuige sin, agus an cruinniú bheidh ann de bhun na gairme sin beidh sé chun gach críche ina chruinniú chinn bliana do bhí ann ar an dáta bheidh ceaptha fé sna rialacha so.

Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach do Thogha.

15.—Ag gach cruinniú cinn bliana de bhord chonganta phuiblí toghfaidh an bord cathaoirleach, agus féadfaidh leas-chaoirleach do thogha, as a mbaill, agus beidh sé no siad i seilbh oifige go dtí an lá tar éis lae an chéad chruinnithe chinn bliana eile den bhord.

Na hImeachta ag Cruinnithe.

16.—Ní bheidh imeachta búird chonganta phuiblí nea-mbailidhe de bhíthin aon fholúntais no folúntaisí imeasc a mball ná de bhíthin aon lochta i dtogha an bhúird sin no i dtogha no i gcáilíocht aon bhaill de.

17.—Féadfaidh cathaoirleach búird chonganta phuiblí tráth ar bith cruinniú den bhord san do thionól.

18.—Má dhiúltuíonn cathaoirleach búird chonganta phuiblí do chruinniú den bhord san do thionól tar éis iarratas chuige sin, fé láimh trí mball den bhord san, do thíolacadh dhó, féadfaidh aon trí baill den bhord san láithreach, ar é do dhéanamh an diúltuithe sin, cruinniú do thionól; más rud é (gan diúltú amhlaidh) ná déanfaidh an cathaoirleach san, fé cheann seacht lá tar éis an tíolaicthe sin, cruinniú den bhord san do thionól féadfaidh aon trí baill den bhord san, tar éis bheith caithte don seacht lá san, cruinniú do thionól.

19.—Trí lá glan ar a laighead roimh aon chruinniú de bhord chonganta phuiblí cuirfear suas ar an halla no san áit eile inar gnáth leis an mbord teacht le chéile fógra i dtaobh am agus áit an chruinnithe bheartuithe agus é sighnithe ag an gcathaoirleach no, más baill den bhord a bheidh ag tionól an chruinnithe, ag na baill sin. Más baill den bhord a bheidh ag tionól an chruinnithe luadhfar sa bhfógra an gnó bheidh beartuithe do dhéanamh ann.

20.—Trí lá glan ar a laighead roimh aon chruinniú de bhord chonganta phuiblí déanfar gairm chun an chruinnithe do fhreastal, ina luadhfar an gnó bheidh beartuithe do dhéanamh ann, agus é sighnithe ag rúnaí an bhúird, d'fhágaint no do sheachadadh tríd an bpost ag gnáth-áit chomhnaithe gach baill den bhord, ach má bhíonn an ghairm sin gan fágaint no gan seachadadh amhlaidh do bhall áirithe no do bhaill áirithe den bhord san ní dhéanfaidh san deifir do bhailíocht chruinnithe.

21.—Ní déanfar aon ghnó ag cruinniú ach an gnó bheidh luaidhte sa ghairm a bhainfidh leis, ach amháin (i gcás an chruinnithe chinn bliana) gnó is gá do dhéanamh ann.

22.—Isé an cathaoirleach, má bhíonn i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar gach cruinniú de bhord chonganta phuiblí. Má bhíonn an cathaoirleach as láthair isé an leas-chathaoirleach a bheidh ina chathaoirleach air. Má bhíonn an cathaoirleach as láthair agus nár toghadh aon leas-chathaoirleach no go mbeidh an leas-chathaoirleach as láthair, ansan isé an ball san den bhord a roghfaidh na baill a bheidh i láthair an uair sin a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

23.—Déanfar ainmneacha na mball a bheidh i láthair chó maith le hainmneacha na mball a vótálfaidh ar gach ceist fé leith do chur ar breacadh, i dtreo go bhfeicfear ce'ca ar thaobh no i gcoinnibh na ceiste tugadh gach vóta fé leith do tugadh.

24.—Féadfaidh an móráireamh de sna baill sin de bhord chonganta phuiblí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ag cruinniú den bhord a bheidh ann go cuibhe do réir dlí gníomhartha uile an bhúird do dhéanamh agus breith do thabhairt ar gach ceist a thiocfaidh no eireoidh i láthair an bhúird.

25.—I gcás có-ionannais vótanna beidh an dara vóta no vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

26.—Ní vótálfaidh ball de bhord chonganta phuiblí ná ní ghlacfaidh páirt sa diospóireacht ar éinní bheidh os cóir an bhúird agus ina mbeidh aon leas airgid aige, go díreach no go nea-dhíreach, o n-a thaobh féin no tré n-a pháirtnéir.

27.—Déanfar amach miontuairiscí ar imeachta gach cruinnithe agus iontrálfar go dílis iad i leabhar ar n-a choimeád chuige sin agus déanfaidh cathaoirleach an chruinnithe sin no an chéad chruinnithe ina dhiaidh sin iad do shighniú.

TRIU SCEIDEAL.

Achtachain fe n-ar Udaras Áitiúil Bord Conganta Phuibli.

Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Uimh. 5 de 1925

An tAcht Rialtais Áitiúla, 1925.

Uimh. 34 de 1926

Acht na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1926.

Uimh. 39 de 1926

Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926.

Uimh. 3 de 1927

An tAcht Rialtais Áitiúla, 1927.

Uimh. 23 de 1927

Acht na nGiúirithe, 1927.

Uimh. 21 de 1928

Acht na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1928.

Uimh. 19 de 1931

An tAcht Rialtais Áitiúla, 1931.

Uimh. 41 de 1935

An tAcht Rialtais Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1935.

Uimh. 42 de 1935

Acht na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1935.

Uimh. 55 de 1936

Acht na nUdarás nAitiúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1936.

Uimh. 14 de 1939

Acht na nUdarás nAitiúil (Có-Cheannach), 1939.