Uimhir 5 de 1925.
ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925.
ROIMH-RA.
Mínithe.
1.—San Acht so, mara n-éilíonn an có-théacs rud éigin eile—
cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire;
ní fholuíonn an focal “contae” contae-bhuirg;
cialluíonn an focal “bóthar” aon bhóthar puiblí agus foluíonn sé aon droichead, píopa, áirse, líntéir, casán, pábháil, claidhe, ráil no falla (má sí an Chomhairle Chontae no an tArd-Choiste a thóg an claidhe, an ráil no an falla san no más ar cheachtar acu a bhí é choinneáil suas) atá ina chuid den bhóthar san;
cialluíonn an focal “bóthar mór” aon bhóthar go bhfaisnéisfidh an tAire, le n-a ordú, gur bóthar mór é;
cialluíonn an focal “bóthar baile” aon bhóthar i mbailecheanntar ach bóthar mór;
cialluíonn an focal “bóthar contae” aon bhóthar i gcontae ach bóithre móra agus bóithre baile;
cialluíonn an focal “scéim chontae” an ní a chialluíonn sé san Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923);
cialluíonn agus foluíonn an focal “scéim shaothair dhírigh” aon fhaisnéis d'ullamhuigh comhairle chontae fé fhorálacha Airtiogal 25a den Procedure of Councils Order, 1899, ag luadh na mbóthar i dtuathcheanntar a bhí le coinneáil suas le saothar díreach, agus an scéim a cumadh chun an fhaisnéis sin do chur in éifeacht;
foluíonn an focal “údarás áitiúil”—
(i) comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile, comhairle bhailecheanntair, comhairle thuathcheanntair, bord caomhnóirí, no coimisinéirí aon bhaile,
(ii) aon chólucht puiblí a bunuíodh le haon reacht, no dá réir, chun aon cheann d'fheidhmeanna aon chóluchta dá n-ainmnítear thuas do chó-líona,
(iii) aon choiste no có-choiste d'aon cheann, no ceaptha ag aon cheann, de sna húdaráis sin;
foluíonn an focal “bord sláinte” bord sláinte puiblí agus bord sláinte agus congnaimh phuiblí;
foluíonn an focal “comhachta” cirt, údaráis, feadhmanaisí, príbhléidí, agus saoirsí;
foluíonn an focal “dualgaisí” freagarthachtaí agus oblagáidí;
foluíonn an focal “comhachta agus dualgaisí” gach comhacht agus dualgas a bronntar no a forchuirtar le haon Acht Áitiúil no a eiríonn fé;
cialluíonn an focal “an lá ceaptha” an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1925;
nuair a húsáidtear an focal “coinneáil suas” i dtaobh aon bhóthair, foluíonn sé leathnú no feabhasú réasúnta eile ar an mbóthar san, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar don bhfocal san.
Baint le Contae agus le Cathair Bhaile Atha Cliath.
2.—Ní bhainfidh na codacha so a leanas den Acht so le Contae ná le Cathair Bhaile Atha Cliath, sé sin le rá, Cuid I go hiomlán, ailt 9 go 16, agus alt 21 i gCuid II, ailt 24, 26, 27 agus 30 i gCuid III, agus ailt 57, 63, 74, 81 agus 82 i gCuid V.
CUID I.
DEIRE LE COMHAIRLI TUATHCHEANNTAIR.
Deire le comhairlí tuathcheanntair.
3.—(1) Beidh deire le gach comhairle thuathcheanntair an lá ceaptha agus dá éis sin, agus ar an lá ceaptha déanfar comhachta agus dualgaisí (fé réir forálacha an Achta so) agus maoin, fiacha, agus fiachaisí comhairle gach tuathcheanntair, laistigh de chontae, d'aistriú chun comhairle na contae sin, agus isiad comhairle na contae sin a bheidh ina gcomharbaí do chomhairle an tuathcheanntair sin.
(2) Aon fhiacha no fiachas ar chomhairle thuathcheanntair a haistrítear chun comhairle contae leis an alt so, íocfar no glanfar iad tríd an ráta gcéanna tré n-a n-íocfí na fiacha no an fiachas san roimh rith an Achta so agus is do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so a socrófar an líomatáiste muirir i gcóir na gcostaisí a bhainfidh leis na fiacha no leis an bhfiachas san d'íoc.
(3) I gcás aon fhiacha no fiachas (pe'ca bheid ann an lá ceaptha no eireoid ina dhiaidh sin) a haistrítear chun comhairle contae leis an alt so do bheith i mbaint no i gceangal le haon mhaoin a haistrítear chun na comhairle sin leis an alt so, is amach as aon phrofid no ioncum a gheobhfar as an maoin sin a híocfar no a glanfar na fiacha no an fiachas san sa mhéid gur féidir é.
Buanú ar aicsin agus ar chonnartha neachríochnuithe.
4.—(1) Más rud é, le linn aon chomhachta, dualgaisí, maoin, no fiachaisí do bheith á n-aistriú go dtí comhairle chontae leis an Acht so, go mbeidh aon aicsean no imeacht no aon chúis aicsin no imeachta gan críochnú no ar bun, i dtaobh na gcomhacht, na ndualgaisí, na maoine, no na bhfiachaisí sin, ag an gcólucht no i gcoinnibh no ar son an chóluchta óna mbeidh an céanna á n-aistriú amhlaidh, ní dhéanfidh an t-aistriú san lagú ar an aicsean ná ar an imeacht san ná ar an gcúis aicsin no imeachta san ná dochar do, ach leanfa sé ar siúl ag an gcomhairle chontae, no i gcoinnibh no ar son na comhairle contae, no (i gcás comhachtanna no dualgaisí a feidhmítear tré bhord sláinte no i gcás maoine a haistrítear go dtí bord sláinte fén Acht so) ag an mbord sláinte, no i gcoinnibh no ar son an bhúird sláinte, 'na n-aistrítear an céanna chúcha no 'na mbeidh an céanna acu le feidhmiú.
(2) Gach connra, dintiúir, banna, có-aontú, agus instruimid eile a bhaineann le haon chomhachta, dualgaisí, maoin, no fiachaisí a haistrítear go dtí comhairle chontae leis an Acht so agus ná beidh a dtéarmaí no a bhforálacha lán-churtha i bhfeidhm no lán-chríochnuithe ar dháta an aistrithe sin, beid chó lán feidhm agus éifeacht i gcoinnibh no i bhfabhar na comhairle contae sin no (i gcás comhachtanna no dualgaisí a feidhmítear tré bhord sláinte no i gcás maoine a haistrítear go dtí bord sláinte fén Acht so) i gcoinnibh no i bhfabhar an bhúird sláinte 'na n-aistrítear an céanna chúcha no 'na mbeidh an céanna acu le feidhmiú, agus féadfar iad do chur i bhfeidhm i gcoinnibh na comhairle contae no an bhúird sláinte sin no féadfa siad san iad do chur i bhfeidhm chó hiomlán agus chó héifeachtúil agus dá mbeadh an chomhairle chontae no an bord sláinte sin ainmnithe mar pháirtí san instruimid sin in ionad an chóluchta óna n-aistrítear na comhachta, na dualgaisí, an mhaoin, no na fiachaisí sin.
Cóluchtaí puiblí a thoghaid comhairlí tuathcheanntair.
5.—(1) On lá ceaptha amach beidh deire le haon chó-bhord, có-choiste, no có-údarás go dtoghtí no go gceaptí a mbaill uile, roimh rith an Achta so, ag comhairlí tuathcheanntracha a luíonn san aon cheanntar sláinte contae amháin, agus aistreofar comhachta, dualgaisí, maoin, agus fiachaisí an chó-bhúird, an chóchoiste, no an chó-údaráis sin chun comhairle na contae ina luíonn an ceanntar sláinte contae sin, agus feidhmeoidh agus có-líonfidh an chomhairle chontae sin na comhachta agus na dualgaisí sin tríd an mbórd sláinte don cheanntar sláinte contae sin do dhéanamh an fheidhmithe agus an chó-líonta san.
(2) Na baill d'aon chólucht puiblí a bheidh in oifig an lá ceaptha agus a ceapadh no a toghadh ag comhairle tuathcheanntair, scuirfid d'oifig do bheith acu an lá ceaptha agus más rud é, roimh rith an Achta so, go raibh sé de dhualgas ar chomhairle tuathcheanntair i gcontae baill d'aon chólucht puiblí do thogha, beidh sé de dhualgas ar chomhairle na contae sin, ar an lá ceaptha agus dá éis, na baill sin den chólucht phuiblí sin do thogha.
Ní bhainfidh an fo-alt so le haon chólucht puiblí le n-a mbaineann an chéad fho-alt den alt so.
Iocaíochta cinntréimhse o chomhairlí tuathcheanntair.
6.—Má tá ag comhairle tuathcheanntair, fé aon achtachán a ritheadh roimh rith an Achta so, comhacht no ordú (pe'ca aca é) chun aon íocaíocht chinn-tréimhse d'íoc ar scór aon phuirt, iascaigh, oibreacha dréineála, oibreacha adhlacain, no ní eile den tsórt san, beidh ag comhairle na contae ina luíonn an tuathcheanntar san comhacht no ordú (pe'ca aca is gá sa chás) chun an íocaíocht san d'íoc agus cuirfar méid na híocaíochta san ina mhuirear ar an líomatáiste 'na gcuirfí an méid sin mar mhuirear air láithreach roimh rith an Achta so.
Toghfar caomhnóirí na mbocht in áiteanna ná fuil aon scéim chontae.
7.—I ngach ceanntar sláinte contae, i gcontae ná beidh baint ag scéim chontae léi de thuras na huaire, toghfar caomhnóirí fé dhlí na mbocht, tar éis an lae cheaptha, ar na laetheanta céanna agus ar an gcuma gcéanna díreach in ar ghá do réir dlí. roimh rith an Achta so, baill de chomhairlí tuathcheanntair do thogha.
Comhairlí tuathcheanntair roimh an lá ceaptha.
8.—(1) Ní comórfar aon toghacháin chomhairleoirí tuathcheanntair tar éis rithte an Achta so.
(2) An lá a ordóidh an tAire chun an chéad toghachán reachtúil eile do chomhairleoirí contae do chomóra tar éis rithte an Achta so scuirfidh gach comhairle thuathcheanntair de bheith ag feidhmiú agus déanfar an mhaoin agus na comhachta agus na dualgaisí uile agus fé seach a bhaineann le gach comhairle thuathcheanntair fé leith d'aistriú chun comhairle na contae ina raibh an tuathcheanntar suidhte agus dílseofar iad sa chomhairle chontae sin agus feidhmeoidh agus có-líonfidh an chomhairle sin iad go dtí an lá ceaptha.
(3) I gcás comhairle chontae ná baineann aon scéim chontae léi de thurus na huaire no le n-a mbaineann có-scéim chontae don chontae sin agus do chontae-bhuirg atá teoranta léi, isiad a dhéanfidh na comhachta agus na dualgaisí a haistrítear chun na comhairle sin leis an alt so d'fheidhmiú agus do chó-líona go dtí an lá ceaptha ná bord a bunófar chuige sin fé mar a bunófi bord sláinte puiblí sa chontae sin fén Acht so tar éis an lae cheaptha.
(4) I gcás comhairle chontae le n-a mbaineann scéim chontae (nách có-scéim don chontae sin agus do chontae-bhuirg atá teoranta léi) isiad a dhéanfidh na comhachta agus na dualgaisí a haistrítear chun na comhairle sin leis an alt so d'fheidhmiú agus do chó-líona go dtí an lá ceaptha ná an cólucht ar a bhfuil sé mar chúram fén scéim chontae sin fóirithin na mbocht do riara sa líomatáiste ina raibh an tuathcheanntar.
(5) Féadfidh an tAire, le hordú, gach ní agus gach rialachán do dhéanamh is dó leis is gá chun buan-chimeád agus bainistí cheart na maoine agus chun có-líona agus feidhmiú na gcomhacht agus na ndualgas a haistrítear leis an alt so agus go generálta chun lán-éifeacht do thabhairt don alt so i rith na tréimhse a bheidh idir an dáta ar a scuirfidh na comhairlí tuathcheanntair de bheith ag feidhmiú fén alt so agus an lá ceaptha.
CUID II.
SLAINTE PHUIBLI.
Beidh an chontae ina aon tuathcheanntar sláintíochta amháin ach i gcásanna áirithe.
9.—(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis, agus fé réir forálacha fo-alt (2) den alt so, beidh líomatáiste gach contae, lasmuich de sna codacha san (más ann dóibh) den líomatáiste sin atá i mbailecheanntair, chun gach críche, ina aon tuathcheanntar sláintíochta amháin no ina aon tuathcheanntar amháin do réir brí na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, agus isí comhairle na contae sin a bheidh mar údarás sláintíochta don tuathcheanntar sláintíochta no don tuathcheanntar san, agus tabharfar “Ceanntar Sláinte Contae ” (maraon le hainm na contae) mar ainm ar an tuathcheanntar sláintíochta no ar an tuathcheanntar san.
(2) Ar a iarraidh sin do chomhairle aon chontae, féadfidh an tAire a ordú, le hordú, go mbeidh dhá thuathcheanntar shláintíochta no breis sa chontae sin, agus sa chás san déanfidh an tAire leis an ordú san uaidh, tar éis dul i gcomhairle le comhairle na contae sin, teoranta na dtuathcheanntar sláintíochta san do cheapa, agus isí comhairle na contae sin a bheidh mar údarás sláintíochta do gach tuathcheanntar sláintíochta fé leith dhíobh san, agus tabharfar “Ceanntar Sláinte Contae ” (maraon le hainm na contae agus le pé ainm aitheantais a ordóidh an tAire) mar ainm ar gach tuathcheanntar sláintíochta fé leith den tsórt san.
Búird shláinte a chó-líonfidh na dualgaisí a bheidh ar chomhairlí contae mar údarásanna sláintíochta.
10.—(1) I ngach ceanntar sláinte contae—
(a) i gcontae ná baineann aon scéim chontae léi de thurus na huaire, no
(b) atá teoranta le contae-bhuirg agus suidhte i gcontae le n-a mbaineann có-scéim chontae don chontae-bhuirg agus don chontae sin,
isiad dream a dhéanfidh, agus tré n-a ndéanfar, na comhachta agus na dualgaisí, a bheidh ag comhairle na contae sin mar údarás sláintíochta don cheanntar san, d'fheidhmiú agus do chó-líona, ach amháin i gcás 'na bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ná bord a bunófar sa cheanntar shláinte chontae sin agus dá ngairmfar an bord sláinte puiblí.
(2) I ngach ceanntar sláinte contae i gcontae le n-a mbaineann scéim chontae de thurus na huaire, lasmuich dhíobh san dá dtagartar i mír (b) d' fho-alt (1) den alt so, isiad dream a dhéanfidh agus tré n-a ndéanfar na comhachta agus na dualgaisí, a bheidh ag comhairle na contae sin mar údarás sláintíochta don cheanntar san, d'fheidhmiú agus do chó-líona, ach amháin i gcás 'na bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ná an cólucht ar a gcuirfar mar chúram, fén scéim chontae sin, fóirithin na mbocht sa cheanntar shláinte chontae sin do riara, agus gairmfar den chólucht san an bord sláinte agus congnaimh phuiblí don cheanntar shláinte chontae sin.
(3) Aon mhaoin a haistrítear go dtí comhairle chontae leis an Acht so, féadfidh an chomhairle sin, le hordú fé n-a séala, í d'aistriú go dtí bord sláinte puiblí no bord sláinte agus congnaimh phuiblí aon cheanntair shláinte chontae sa chontae sin, agus oibreoidh gach ordú den tsórt san mar leithliú éifeachtúil ar an maoin sin do réir téarmaí an orduithe sin, ach ní gá an t-ordú san do stampáil mar leithliú no aistriú maoine.
Comhachta comhairlí contae chun iasachtaí d'fháil.
11.—(1) Na comhachta atá ag comhairle chontae chun iasachtaí d'fháil, mar údarás sláintíochta tuatha do cheanntar shláinte chontae, fé sna Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, feidhmeoidh an chomhairle chontae sin díreach iad, agus ní tabharfar do bhord shláinte iad de bhua an Achta so ná ar aon tslí eile.
(2) Aon airgead a fuair comhairle thuathcheanntair ar iasacht roimh an lá ceaptha agus go ndintar a fhiachas d'aistriú go dtí comhairle chontae leis an Acht so, agus aon airgead a gheobhaidh an chomhairle chontae sin ar iasacht tar éis an lae cheaptha mar údarás sláintíochta do cheanntar shláinte chontae, ní háireofar é mar chuid d'fhiacha iomlána na comhairle contae sin chun críche na teorann a cuirtar le fáil iasachtaí le fo-airtiogal (2) d'Airtiogal 22 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898.
Ionchorporú bordanna sláinte agus regleáil a n-imeacht.
12.—(1) Beidh gach bord sláinte ina gcólucht corporuithe agus beidh síor-chomharbas agus có-shéala acu, maraon le comhacht chun talamh do thógaint agus do bheith ar seilbh acu chun críche a gcomhacht agus a ndualgas.
(2) Is leis na Rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so a regleálfar có-dhéanamh, imeachta, agus cuntaisí bordanna sláinte, agus sealbhaíocht oifige a mball.
(3) Bainfidh forálacha an ailt seo le gach bord sláinte agus congnaimh phuiblí i bhfeidhmiú a ndualgas fé scéim chontae fé mar a bhainid leis an mbord san i bhfeidhmiú a ndualgas fén Acht so d'ainneoin éinní contrárdha dho san sa scéim chontae sin.
Ceapa coistí bordanna sláinte.
13.—(1) Féadfidh bord sláinte o am go ham pé coistí agus pé méid coistí is oiriúnach leo do cheapa chun crícheanna a bhaineann le feidhmiú no le có-líona aon chomhachta, dualgais, agus feidhme dá n-aistrítear no dá n-aistreofar chun an bhúird leis an Acht so no fé agus is fearr no is saoráidí a regleálfí no a bainisteoifí ag coiste no tré choiste dar leis an mbord.
(2) Féadfidh coiste a ceapfar fén alt so bheith ina gcoiste generálta, agus comhacht acu chun comhachta, dualgaisí, agus feidhmeanna d'fheidhmiú no do chó-líona maidir le hiomlán an cheanntair shláinte chontae, no ina gcoiste áitiúil agus comhacht acu chun comhachta, dualgaisí, agus feidhmeanna d'fheidhmiú no do chó-líona maidir le cuid theoranta amháin den cheanntar shláinte chontae.
(3) Beidh gach coiste a ceapfar fén alt so có-dhéanta de thriúr ball ar a luíod, agus féadfa sé bheith có-dhéanta de bhaill den bhord shláinte amháin no de bhaill den tsórt san agus de dhaoine eile.
(4) Beidh gníomhartha gach coiste a ceapfar fén alt so fé réir a ndaingnithe ag an mbord sláinte, ach amháin go bhféadfidh an bord, le cead an Aire, comhacht do thabhairt d'aon choiste áirithe chun aon ghníomh do dhéanamh (ar a n-áirítear imeachta dlí do bhunú) a bheadh laistigh den údarás a bhronn an bord ar an gcoiste agus ba dhleathach don bhord féin a dhéanamh.
(5) Beidh quorum, nós-imeachta, agus áit chruinnithe aon choiste a ceapfar fén alt so, agus an líomatáiste (más ann do) go bhfeidhmeoidh aon choiste den tsórt san a bhfeidhmeanna laistigh de, beid fé mar a ceapfar le rialacháin a dhéanfidh ar bord sláinte le ceadú an Aire.
(6) Ní bheidh sé dleathach do bhord sláinte aon cheann dá chomhachta ná dá dhualgaisí do thabhairt do choiste ach amháir mar a húdaruítear leis an alt so.
(7) Bainfidh forálacha an ailt seo le gach bord sláinte agus congnaimh phuiblí i bhfeidhmiú a ndualgas fé scéim chontae fé mar a bhainid leis an mbord san i bhfeidhmiú a ndualgas fén Acht so d'ainneoin éinní contrárdha dho san sa scéim chontae sin.
Airgeadas bordanna sláinte.
14.—(1) Beidh bord sláinte fé pé coiníollacha no sriantachtaí, maidir le caithteachas, a fhorchuirfidh an chomhairle chontae le toil an Aire.
(2) An t-airgead is gá chun íoctha na gcostaisí a bheidh ar bhord sláinte i bhfeidhmiú agus i gcó-líona a gcomhacht agus a ndualgaisí fén Acht so, soláthróidh an chomhairle chontae don bhord sláinte é ar mheastachán agus ar éileamh bhliantúil ón mbord sláinte, agus measfar, éileofar, agus íocfar é fé mar a meastí, a héilítí, agus a híoctí costaisí comhairle tuathcheanntair go dtí so, no ar pé slí eile a hordófar.
(3) Na costaisí fé n-a raghaidh bord sláinte i bhfeidhmiú dualgaisí na comhairle contae mar údarás sláintíochta do cheanntar shláinte chontae, déanfidh an chomhairle chontae iad do chruinniú sa cheanntar shláinte chontae sin tríd an ráta dealbhais.
(4) Leasófar alt 232 den Public Health (Ireland) Act, 1878, tríd na líomatáistí seo a leanas do chur in ionad na líomatáistí atá suidhte i dtuathcheanntar sláintíochta agus a mínítear san alt san mar áiteanna cáin-íocacha chun crícheanna an Achta san:—
(a) an baile fearainn,
(b) an ceanntar íclainne,
(c) líomatáiste aon tuathcheanntair mar a socrófar é láithreach roimh an lá ceaptha,
(d) pé codacha d'aon líomatáiste dhíobh san thuas ar a socróidh an tAire.
Deire le coistí comhairlí contae.
15.—Ar an lá ceaptha agus dá éis beidh deire leis na coistí a cheap comhairlí contae agus a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus aistreofar comhachta, dualgaisí, maoin, agus fiachaisí gach coiste den tsórt san go dtí comhairle na contae a cheap an coiste sin, agus sa mhéid go mbaineann na comhachta agus na dualgaisí sin le haon cheanntar sláinte contae isé an bord sláinte don cheanntar shláinte chontae sin a dhéanfidh agus is tríd a déanfar iad d'fheidhmiú agus do chó-líona, agus sa mhéid go mbainid le haon bhailecheanntar isé an bord sláinte don cheanntar shláinte chontae atá teoranta leis an mbailecheanntar san a dhéanfidh agus is tríd a déanfar iad d'fheidhmiú agus do chó-líonta no, in áit ina bhfuil breis is aon cheanntar sláinte contae amháin den tsórt san, isé an bord sláinte do pé ceanntar sláinte contae acu san a ordóidh an tAire a dhéanfidh é.
Achtanna ionghlactha do bheith i bhfeidhm i gcodacha de cheanntair shláinte chontae.
16.—Má bhíonn forálacha aon reachta no chuid de reacht i bhfeidhm, díreach roimh an lá ceaptha, i dtuathcheanntar no i gcuid de thuathcheanntar de bhua ordú no rún o chomhairle an tuathcheanntair sin le n-ar glacadh leis na forálacha san, leanfidh na forálacha san i bhfeidhm sa líomatáiste chéanna tar éis an lae cheaptha ach beidh san fé réir aon ghearra amach, atharú no leathnú agus gan dochar d'aon ghearra amach, atharú ná leathanú a dhéanfidh údarás inniúil go cuibhe tar éis an lae cheaptha ar ghlaca na bhforálacha san agus is ar an líomatáiste sin a bheidh muirear costaisí riara an reachta san no na coda san de reacht sa líomatáiste sin.
Achtanna ionghlactha do bheith i bhfeidhm ar fuaid Shaorstáit Éireann.
17.—D'ainneoin aon fhorála in aon achtachán dá luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, foráil tré n-a mbaineann an t-achtachán san no aon chuid de leis na ceanntair no leis na háiteanna san amháin gur dineadh le hordú no le rún o aon údarás an t-achtachán san no an chuid sin de do chur i mbaint leo no glaca leis ionta, bainfidh forálacha gach achtacháin acu san le gach páirt de Shaorstát Éireann agus beid i lán-fheidhm agus i lán-éifeacht ann o am rithte an Achta so agus dá éis.
Dualgaisí an Aire maidir le sláinte.
18.—Beidh sé de dhualgas ar an Aire, i bhfeidhmiú agus i gcó-líona a chomhacht agus a dhualgaisí, gach ní do dhéanamh a bheadh go maith le déanamh chun a chur in áirithe go n-ullamhófar, go gcuirfar i bhfeidhm go héifeachtúil, agus go gcuirfar i gcó-ordú le n-a chéile seifteanna a raghadh chun maitheasa do shláinte na ndaoine agus, ortha san, seifteanna chun—
(a) galair do chosc agus do leigheas, maraon le calaois do sheachaint maidir le rudaí adeirtar a leigheasfadh iad;
(b) cóir leighis d'ainmhe cuirp agus aigne, maraon le cóir leighis agus cúram na ndall;
(c) lorgaireacht do thosnú agus do stiúra, agus eolas agus statistíocht ina taobh do chnuasach, d'ullamhú, d'fhoillsiú, agus do chraobhscaoile;
(d) daoine do thréineáil chun seirbhísí sláinte:
Ach ní tuigfar go mbronntar ar an Aire leis an alt so aon chomhacht i dteanta na comhachta a bronntar air do réir dlí ar shlite eile.
Comhairlí comhairlitheacha.
19.—(1) Beidh sé dleathach don Aire comhairlí comhairlitheacha do bhunú le hordú chun comhairle agus congnamh do thabhairt don Aire, sa tslí a hordófar leis an ordú, i dtaobh nithe a dhineann difir do shláinte na ndaoine no a bhaineann léi agus a luadhfar san ordú.
(2) Féadfidh an tAire íocaíochta d'íoc, amach as airgead a vótálfidh an tOireachtas, le baill de chomhairlí comhairlitheacha agus le coistí dhíobh sa mhéid a cheadóidh an tAire Airgid, ar son na nithe seo a leanas, sé sin le rá:—
(a) aisíoc costaisí taistil,
(b) íoc liúntais chothuithe,
(c) cúiteamh réasúnta i gcailliúint ama chúiteamhaigh.
(3) Gach comhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so beidh sé có-dhéanta de dhaoine go bhfuil taithí ghníomhach no eolas fé leith acu ar na nithe go mbeidh ortha comhairle no congnamh do thabhairt ina dtaobh.
Cábáin agus cóistí a húsáidtear mar áiteanna comhnaithe do dhaoine.
20.—(1) Aon chábán, cóiste, seid no déanmhacht den tsórt san a húsáidtear mar áit chomhnaithe do dhaoine, no báirse, lictéir, bád, no árthach eile ar aon abhainn, canáil no uisce eile intíre (dá ngairmtear “báirse” san alt so) a húsáidtear mar áit chomhnaithe do dhaoine, agus é ar a leithéid sin de staid gur cráiteas é no go bhfuil sé díobhálach do shláinte, no chó lán san de dhaoine go bhfuil sé díobhálach dá sláinte (pe'ca den aon líntighe amháin iad no nách ea), tuigfar gur cráiteas é do réir brí alt 107 den Public Health (Ireland) Act, 1878, agus bainfidh forálacha an Achta san leis dá réir sin.
(2) Féadfidh údarás sláintíochta fo-dhlithe do dhéanamh chun go gcimeádfar glan agus i dtreo chun comhnaithe ionta cábáin, cóistí, seideanna, agus déanmhachtaí den tsórt san a húsáidtear mar áiteanna comhnaithe do dhaoine, no báirsí a húsáidtear mar áiteanna comhnaithe do dhaoine, agus chun cosc do chur leis na daoine ina gcomhnaí ionta do leatha galair aicídigh, agus go generálta chun cráitisí a bhainfadh leo do chosc.
(3) Má bhíonn ag éinne dar thug údarás sláintíochta údarás cuibhe cúis réasúnta chun a cheapa go bhfuil in aon chábán, cóiste, seid, no déanmhacht den tsórt san a húsáidtear mar áit chomhnaithe do dhaoine, no in aon bháirse a húsáidtear mar áit chomhnaithe do dhaoine, aon tsárú ar fhorálacha an ailt seo no ar aon fho-dhlí a dineadh fén alt so, no go bhfuil éinne fé easláinte aicídeach chontabharthach in aon chábán, cóiste, seid, déanmhacht no báirse den tsórt san, féadfa sé, ar thaisbeáint chóipe dá údarás agus é deimhnithe do réir deabhraimh ag cléireach an údaráis shláintíochta no ball den údarás san no ar thaisbeáint leor-fhianaise éigin eile ar an údarás roimhráite do bheith aige (má iarrtar san air), féadfa sé dul isteach de ló sa chábán, sa chóiste, sa tseid, sa déanmhacht no sa bháirse sin, agus an céanna agus gach cuid de do scrúdú féachaint a bhfuil aon tsárú ar aon fho-dhlí den tsórt san no duine fé easláinte aicídeach chontabharthach sa chábán, sa chóiste, sa tseid, sa déanmhacht no sa bháirse sin.
(4) Chun críche an ailt seo cialluíonn an focal “lá” an tréimhse idir a sé a chlog ar maidin agus a naoi a chlog sa tráthnóna ina dhiaidh sin.
(5) Má coiscthear an duine sin agus é ag có-líona a dhualgais fén alt so beidh an té a choiscfidh amhlaidh é ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar dachad scilling do chur air.
(6) Ní bhainfidh éinní san alt so le haon chábán, cóiste, seid, déanmhacht ná báirse a thógfidh no a úsáidfidh aon chuid d'Fhórsaí Cosanta no Póilíneachta Shaorstáit Éireann.
Dochtúirí oifigiúla sláinte contae.
21.—(1) Ceapfidh comhairle gach contae, le ceadú an Aire, do gach ceanntar sláinte contae sa chontae sin, dochtúir leighis atá cáilithe go cuibhe mar dhochtúir leighis, agus pé cáilíochtaí eile aige a hordófar, chun bheith ina phríomh-dhochtúir oifigiúil shláinte don cheanntar sa chontae sin agus do gach bailecheanntar sa chontae sin a luíonn sa cheanntar shláinte chontae sin no atá teoranta leis, agus gairmfar an Dochtúir Oifigiúil Sláinte Contae den dochtúir sin agus ainm aitheantais an cheanntair shláinte chontae sin curtha leis sin.
(2) I gcás bailecheanntar do bheith teoranta le breis agus aon cheanntar sláinte contae amháin san aon chontae amháin ordóidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le comhairlí an bhailecheanntair sin agus na contae sin fé seach, ce'ca ceanntar sláinte contae acu san 'na mbeidh an t-aon dochtúir oifigiúil sláinte contae amháin aige féin agus ag an mbailecheanntar san.
(3) Isí an chomhairle chontae a íocfidh tuarastal dochtúra oifigiúla shláinte chontae agus is ar an líomatáiste dá mbeidh sé ag gníomhú a bheidh muirear an tuarastail sin.
(4) Ní dhéanfidh éinní san Acht so dochar don cheart atá ag aon údarás áitiúil chun ar haistríodh dualgaisí breise fén Acht so chun cúiteamh d'fháil o Chuntas na Cánach Áitiúla no o áit éigin eile i dtuarastail agus i gcaithteachas eile fé mar a bhí iníoctha go dtí so mar gheall ar dhualgaisí den tsórt san.
(5) Beidh dochtúir oifigiúil sláinte contae ina oifigeach shláintíochta do réir brí alt 11 den Public Health (Ireland) Act, 1878.
(6) Sa líomatáiste agus i dtaobh an líomatáiste dá mbeidh dochtúir oifigiúil sláinte contae ag gníomhú—
(a) beidh sé freagarthach don bhord sláinte agus do chomhairle gach bailecheanntair sa líomatáiste sin i riara éifeachtúil na ndlithe sláintíochta agus na gcomhacht agus na ndualgaisí uile atá ag an mbord san agus ag gach comhairle den tsórt san maidir le caomhaint sláinte na ndaoine, le leor-chóiríocht chomhnaithe fholáin do sholáthar agus le nithe eile den tsórt san;
(b) comhairleoidh sé an bord no an chomhairle sin, no an chomhairle chontae, in éinní in ar gá comhairle eolgach i dtaobh nithe a bhaineann le sláinte a chontae no a cheanntair;
(c) có-líonfa sé pé dualgaisí eile a hordófar agus fós pé dualgaisí eile a cheapfidh an bord no an chomhairle sin do le toil an Aire.
(7) Ní bheidh aon chleachta príobháideach ar siúl ag dochtúir oifigiúil sláinte contae agus tabharfa sé suas a chuid aimsire go léir do sheirbhís údaráis nó údarásanna áitiúla.
(8) On lá ceaptha amach cuirfar deire le hoifig phríomhdhochtúra oifigiúla shláinte do thuathcheanntar shláintíochta no do bhailecheanntair agus le hoifig dhochtúra oifigiúla do chomhairle chontae fén Midwives (Ireland) Act, 1918, agus aistreofar comhachta agus dualgaisí gach oifigigh den tsórt san go dtí an dochtúir oifigiúil sláinte contae.
Beidh aon oifigeach sláintíochta amháin ina shréidliaigh.
22.—Einne amháin ar a luíod de sna hoifigigh shláintíochta a cheapfidh údarás sláintíochta fé fhorálacha alt 11 den Public Health (Ireland) Act, 1878, beidh sé ina shréidliaigh atá cáilithe go cuibhe agus ar na dualgaisí a ceapar don oifigeach san beidh scrúdú agus iniúcha feola, scrúdú beithíoch i ndéirithe agus dualgaisí eile den tsórt san.
Leasú ar an Public Health (Regulations as to Food) Act, 1907.
23.—Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 1 den Public Health (Regulations as to Food) Act, 1907, fé is dá gcuirtí an mhír seo a leanas ina dheire:—
(d) provide for the manner in which any tin or other receptacle containing dried, condensed, evaporated, skimmed, or separated milk is to be labelled or marked, and prescribe the minimum percentages of milk fat and milk solids in dried or condensed milks.
CUID III.
BOITHRE.
Bóithre do chonneáil suas agus do dhéanamh.
24.—(1) Ar an 1adh lá d'Abrán, 1925, agus dá éis sin—
(a) beidh coinneáil-suas agus déanamh gach bóthair chontae agus gach bóthair mhóir i gcontae de dhualgas ar chomhairle na contae sin;
(b) beidh coinneáil-suas agus déanamh gach bóthair bhaile i mbailecheanntar de dhualgas ar chomhairle an bhailecheanntair sin.
(2) Le toil an Aire féadfidh comhairle chontae no chontaebhuirge agus comhairle chontae no chontae-bhuirge atá teoranta léi a chó-aontú go ndéanfidh an chomhairle dheiridh sin a luadhadh no go gcoinneoid suas aon chuid d'aon bhóthar atá sé de dhualgas fén Acht so ar an gcéad chomhairle sin a luadhadh do dhéanamh no do choinneáil suas, agus má dintar an có-aontú san amhlaidh beidh sé de dhualgas ar an gcomhairle dheiridh sin a luadhadh faid a mhairfidh an có-aontú an chuid sin den bhóthar san do dhéanamh no do choinneáil suas (pe'ca aca é) do réir an chó-aontuithe sin agus íocfidh an chéad chomhairle sin a luadhadh costas an déanaimh no na coinneálasuas san (pe'ca aca é) leis an gcomhairle dheiridh sin a luadhadh, do réir rialachán a dhéanfidh an tAire.
(3) Ar a iarraidh do chomhairle bhailecheanntair no do chomhairle na contae ina luíonn an bailecheanntar san, féadfidh an tAire a ordú le hordú—
(a) go ndéanfidh comhairle na contae sin no go gcoinneoid suas gach ceann no aon cheann de sna bóithre baile sa bhailecheanntar san, no
(b) go ndéanfidh comhairle an bhailecheanntair sin no go gcoinneoid suas gach ceann no aon cheann de sna bóithre móra sa bhailecheanntar san,
agus, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, beidh sé, d'ainneoin forálacha fo-alt (1) den alt so, de dhualgas ar chomhairle na contae no an bhailecheanntair sin (pe'ca aca é), do réir forálacha an orduithe sin, na bóithre baile no na bóithre móra san fé seach do dhéanamh no do choinneáil suas, ach ní dhéanfidh an t-ordú san aon difir maidir le líomatáiste muirear costaisí an déanaimh no na coinneála-suas san, agus pé méid de sna costaisí sin is ionmhuirir ar an mbailecheanntar san no ar an gcontae lasmuich den bhailecheanntar (pe'ca aca é), íocfidh comhairle an bhailecheanntair sin le comhairle na contae sin é no íocfidh comhairle na contae sin le comhairle an bhailecheanntair sin é, fé seach, do réir rialachán a dhéanfidh an tAire.
(4) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le haon bhóthar ná cuid de bhóthar 'na bhfuil sé de dhualgas ar éinne seachas údarás áitiúil, fé fhorálacha aon achtacháin, é do dhéanamh no do choinneáil suas.
Féadfar a fhaisnéis gur bóithre puiblí bóithre áirithe.
25.—(1) Má dhineann comhairle aon chontae no bailecheanntair aon uair tar éis an lae cheaptha, le rún a rithfar tar éis fógra den tsórt a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, a fhaisnéis, maidir le haon bhóthar áirithe nách bóthar puiblí ach 'na bhfuil ceart slí phuiblí thríd do phaisnéirí coise, d'ainmhithe agus d'fheithiclí agus a cheanglann dhá bhóthar phuiblí agus nách lú ná aon troigh déag glan ar leithead, gur bóthar puiblí é beidh an bóthar san, chun gach críche, ina bhóthar phuiblí.
(2) Mí ar a luíod sara rithfidh an chomhairle aon rún den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, foillseoid i dhá bpáipéar nuachta ar a luíod, a léightear ina gcontae no ina gceanntar, fógra go bhfuilid chun a bhreithniú ce'ca rithfid no ná rithfid an rún san.
Bóithre do thréigean.
26.—Ar an 1adh lá d'Abrán, 1925, agus dá éis sin—
(a) ar a iarraidh don chomhairle ar a mbeidh sé de dhualgas, fé fhorálacha an Achta so, aon bhóthar nách bóthar mór do choinneáil suas, féadfidh an tAire a fhaisnéis, le hordú a foillseofar ar pé slí a ordóidh sé, go dtréigfar an bóthar san, agus o dháta an orduithe sin amach ní raghaidh an chomhairle sin fé aon chostas maidir le coinneáil-suas an bhóthair sin, ach ní dhéanfidh an t-ordú san aon difir do cheart slí na puiblíochta fan uachtair an bhóthair sin;
(b) nuair a bheartóidh comhairle ordú fén alt so d'iarraidh ar an Aire, déanfid, sara n-iarraid air é, fógra puiblí do thabhairt go bhfuilid chun é iarraidh agus san le fógrán uair amháin ar a luíod gach seachtain de dhá sheachtain as a chéile i gceann no níos mó de sna páipéirí nuachta a léightear ina líomatáiste feidhmiúcháin, agus foillseofar an fógrán is déanaí acu san mí ar a luíod sara n-iarrtar an t-ordú;
(c) roimh ordú do dhéanamh don Aire fén alt so i dtaobh aon bhóthair, déanfa sé, mí ar a luíod tar éis foillsiú na bhfógrán a héilítear leis an alt so, fiosrúchán áitiúil do chur ar bun féachaint an bhfuil sé oiriúnach an bóthar san do thréigean, agus bainfidh Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, le gach fiosrúchán áitiúil den tsórt san.
Costaisí bóithre do choinneáil suas, etc.
27.—(1) Ar an 1adh lá d'Abrán, 1925, agus dá éis sin—
(a) is amach as an ráta dealbhais a cruinneofar agus a híocfar costaisí bóithre contae agus bóithre móra do choinneáil suas agus do dhéanamh agus bóithre contae do thréigean;
(b) is go cothrom ar fuaid iomlán na contae a cruinneofar costaisí aon bhóthar mór do choinneáil suas no do dhéanamh sa chontae sin;
(c) is go cothrom ar fuaid iomlán na contae, lasmuich d'aon bhailecheanntar, a cruinneofar costaisí aon bhóthar contae do choinneáil suas, do dhéanamh, no do thréigean sa chontae sin;
(d) na costaisí a bhainfidh le coinneáil-suas, le déanamh no le tréigean aon bhóthair bhaile i mbailecheanntar, íocfar iad amach as an gciste no as an ráta as a ndintar, no as ar féidir, costas pábháil agus glana na sráideanna sa cheanntar san d'íoc, ach fágfar na costaisí sin gan áireamh nuair a bheidh aon teora atá le haon ráta den tsórt san do réir dlí á dhéanamh amach;
(e) cuirfar mar ítim fé leith i ngach nóta éilithe rátaí an chuid den tsuim éilithe atá le cruinniú chun bóithre do dhéanamh agus do choinneáil suas;
(f) raghaidh forálacha an ailt seo in éifeacht d'ainneoin aon fhorála contrárdha dho san in aon Acht Áitiúil no in aon Ordú Sealadach atá daingnithe le hAcht no 'na bhfuil feidhm Achta aige agus atá i bhfeidhm ar dháta rithte an Achta so, ach amháin, i gcás íocaíocht do bheith iníoctha le húdarás áitiúil ag éinne seachas údarás áitiúil, fé aon Acht no Ordú den tsórt san, mar gheall ar dhéanamh no coinneáil-suas aon bhóthair, go mbeidh an íocaíocht san iníoctha fós ag an duine sin leis an gcomhairle 'na mbeidh sé de chúram ortha fén Acht so an bóthar san do choinneáil suas.
(2) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le haon bhóthar ná cuid de bhóthar 'na bhfuil sé de dhualgas ar éinne seachas údarás áitiúil, fé fhorálacha aon achtacháin, é do dhéanamh no do choinneáil suas.
Comhacht chun orduithe le n-a bhfaisnéistear bóithre móra do cheiliúra.
28.—Féadfidh an tAire ceiliúra do dhéanamh ar ordú ón Aire le n-a bhfaisnéistear gur bóthar mór aon bhóthar áirithe, agus ar an dáta ar a raghaidh an ceiliúra san in éifeacht agus dá éis sin beidh an bóthar san gan bheith ina bhóthar mhór.
Bóithre do dhúna go sealadach.
29.—Le hordú a dhéanfa sé tar éis pé fógra puiblí do thabhairt a hordófar chuige sin le rialacháin a déanfar fén Acht so agus tar éis pé fiosrúchán áitiúil (más ann do) is dó leis is gá do chur ar bun, féadfidh an tAire, ar a iarraidh sin don chomhairle 'na mbeidh coinneáil-suas aon bhóthair áirithe de chúram ortha, a údarú don chomhairle sin an bóthar san no aon chuid áirithe dhe do dhúna i gcoinnibh tráchta phuiblí ar feadh pé tréimhse agus fé réir pé coiníollacha is ceart dar leis an Aire agus a luadhfa sé san ordú.
Forálacha i dtaobh iasachtaí d'fháil.
30.—(1) Aon airgead a fuair comhairle contae, contae-bhuirge no buirge eile, no bailecheanntair ar iasacht chun aon damáiste (ar a n-áirítear léirscrios iomlán) a dineadh d'aon bhóthar aon uair roimh an 20adh lá de Mhárta, 1923, do dheisiú, ní háireofar é mar chuid d'fhiacha iomlána na comhairle sin chun críche na teorann a cuirtar le fáil iasachtaí le haon achtachán a bhaineann leis an gcomhairle sin d'fháil iasachtaí.
(2) Pé méid a bheidh gan íoc, an 1adh lá d'Abrán, 1925, d'aon iasacht a fuair comhairle aon chontae, contae-bhuirge no buirge eile, no bailecheanntair roimh rith an Achta so chun aon bhóthar do dhéanamh no do choinneáil suas (lasmuich d'iasacht a fuarthas chun crícheanna na Bridges (Ireland) Acts, 1813-1875), beidh a aisíoc ina mhuirear, o am rithte an Achta so agus dá éis sin, ar an líomatáiste ar a mbeadh costas an déanaimh agus na coinneálasuas san mar mhuirear fé fhorálacha an Achta so.
Bridges (Ireland) Acts, 1813-1875.
31.—Ní tuigfar éinní fén Acht so do bheith ag athghairm ná ag leasú na Bridges (Ireland) Acts, 1813-1875, ná do bheith ag déanamh dochair ná difir ar aon tslí eile dhóibh.
Comhacht chun abhair bhóthair do thóch agus chun dréineacha do dhéanamh.
32.—(1) An chomhairle go mbeidh coinneáil-suas aon bhóthair de chúram ortha, agus fós gach connarthóir i gcóir aon oibre a bheidh le déanamh do réir rúin a rith an chomhairle sin, beidh acu fé réir forálacha an ailt seo comhacht agus údarás—
(a) chun aon ghairbhéal, clocha, gainimh, no abhar eile is gá i gcóir déanamh no coinneáil-suas an bhóthair sin do thóch in aon talamh le n-a mbaineann an t-alt so agus do thógaint agus do bhreith as an talamh san;
(b) chun aon ghairbhéal, clocha, gainimh, no abhar eile is gá i gcóir déanamh no coinneáil-suas an bhóthair sin do thóch, do thógaint agus do bhreith amach as aon abhainn no sruthán céad go leith troigh ar a luíod lastuas no laistíos d'aon droichead, iadhtán no cora, in áit in ar féidir an céanna do bhreith chun siúil gan cúrsa na habhann no an tsrutháin do chasa ná do chosc ná gan dochar ná damáiste do dhéanamh d'aon fhoirgint, bóthar, áth, ná leabaidh scéithte;
(c) chun dréineacha do dhéanamh agus do dheisiú in aon talamh le n-a mbaineann an t-alt so, no chuige no tríd, chun uisce do dhéanfadh díobháil don bhóthar san do bhreith chun siúil;
(d) chun aon talamh le n-a mbaineann an t-alt so d'úsáid chun abhair do stóráil, do bhrugha, do bhrise, do chriathairt, do mheasca, no d'ullamhú ar aon tslí eile chun an bóthar san do dhéanamh no do choinneáil suas;
(e) chun dul isteach, fé réir forálacha an ailt seo, ar aon talamh le n-a mbaineann an t-alt so chun éinní do dhéanamh a chuireann an fo-alt so ar a gcumas a dhéanamh;
(f) fé réir forálacha an ailt seo, agus i dtreo go bhféadfar dul go dtí agus teacht o aon talamh, abha, no sruthán ar a bhfuil no ina bhfuil aon chomhacht dá mbronntar ortha leis an bhfo-alt so le feidhmiú, chun dul isteach ar aon talamh agus gabháil tríd aon talamh le n-a mbaineann an t-alt so agus a luíonn idir an talamh san agus bóthar puiblí.
(2) Ní bheidh sé dleathach d'aon chomhairle ná connarthóir den tsórt san dul isteach ar aon talamh ná gabháil tríd chun a gcomhachta fén alt so d'fheidhmiú, ach amháin le cead sealbhaire an tailimh sin no fé údarás ordú Bhreithimh den Chúirt Dúithche, agus leis seo údaruítear d'aon Bhreitheamh den Chúirt Dúithche agus éilítear air an t-ordú san do dheona ar bheith sásta dho an feidhmiú atáthar chun a dhéanamh ar na comhachta do bheith réasúnta má cuimhnítear ar usacht agus ar chostas aon tslí eile chun an t-abhar, an teacht air, no na saoráidí a loirgeofar d'fháil no chun an dréin do dhéanamh no do dheisiú a bheidh le déanamh no le deisiú, ar shaghas an tailimh, agus ar gach ní a bhaineann leis an scéal.
(3) Aon chomhachta a bronntar ar chomhairle chontae leis an alt so féadfidh suirbhéir contae na contae sin iad d'fheidmiú é féin thar ceann na comhairle sin.
(4) Déanfidh an chomhairle no an connarthóir a fheidhmeoidh no 'na bhfeidhmeofar thar a gceann aon chomhachta a bronntar leis an alt so i dtaobh aon tailimh cúiteamh d'íoc le húnaer no le sealbhaire an tailimh sin sa damáiste a dineadh tré uachtar an tailimh sin do bhrise no tré phasáiste do dhéanamh tríd an talamh no dréin chuige, agus i gcailliúint úsáid an tailimh sin le linn feidhmiú na gcomhacht san, agus i luach aon ghairbhéil, cloch, gainmhe agus abhair eile a tógadh fé sna comhachta san, ach aire do thabhairt, nuair a beifar ag socrú an luacha san, don ghlaoch atá ar na habhair sin chun crícheanna eile seachas chun bóithre do dheisiú, agus cuimhneamh ar an gcostas a bhain leis an abhar san do thóch, do bhaint agus do thógaint agus le n-a ullamhú chun úsáide.
(5) Mara mbeidh có-aontú ann maidir le méid an chúitimh a híocfar fén bhfo-alt san roimhe seo déanfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, ar iarratas únaer no sealbhaire an tailimh, an méid do shocrú, ach beidh ceart athchomhairc chun na Cúirte Cuarda ag ceachtar de sna páirtithe.
(6) Nuair a bheidh aon ordú (ar a n-áirítear diúltú do ghéille d'iarratas) á dhéanamh ag Breitheamh den Chúirt Dúithche fén alt so, féadfa sé, más maith leis é, a ordú maidir leis na costaisí fé n-ar chuaidh aon pháirtí sna himeachta i dtaobh na n-imeachta san, go n-íocfidh aon pháirtí eile sna himeachta san oiread is ná raghaidh thar trí ghiní de sna costaisí sin.
(7) Baineann an t-alt so le gach talamh ach le talamh a húsáidtear bona fide mar gháirdín, ubhallghort, no áit chun pléisiúir no caitheamh aimsire, no chun cur le taithneamhacht no le háisiúlacht tighe chomhnaithe.
Foirgintí agus déanmhachtaí a choisceann radharc ar bhóithre.
33.—(1) Tar éis iarratas d'fháil ón gcomhairle 'na bhfuil coinneáil-suas aon bhóthair áirithe de chúram ortha, más deimhin leis an Aire go ndéanfadh tógáil foirginte no déanmhachta eile atá beartuithe an oiread san cosca ar radharc daoine a bheadh ag úsáid an bhóthair sin is go mbeadh an bóthar san contabharthach do sna daoine sin, féadfa sé le hordú cosc do chur le haon chuid den bhfoirgint no den déanmhacht san do thógáil laistigh de dheich slata fichead ón mbóthar san.
(2) Tar éis iarratas d'fháil ón gcomhairle 'na bhfuil coinneáilsuas aon bhóthair áirithe de chúram ortha, más deimhin leis an Aire, maidir le foirgint no déanmhacht eile atá suidhte no 'na bhfuil cuid de suidhte laistigh de dheich slata fichead o bhóthar, go ndéanfadh sí an oiread san cosca ar radharc daoine a bheadh ag úsáid an bhóthair sin is go mbeadh an bóthar san contabharthach do sna daoine sin, féadfa sé a ordú go gcuirfar as an slí aon chuid den bhfoirgint no den déanmhacht san atá suidhte laistigh de dheich slata fichead ón mbóthar san agus leis an ordú san féadfa sé aimsir do cheapa gur laistigh di a déanfar an cur-as-an-slí sin.
(3) Ní dhéanfidh an tAire aon ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo i dtaobh aon tighe chomhnaithe 'na bhfuil comhnaí ar dhaoine le linn rithte an Achta so maran deimhin ná go dtí gur deimhin leis an Aire go bhfuil áit chomhnaithe eile le fáil ag na daoine sin agus é, chó fada is théigheann réasún, chó maith leis an tigh comhnaithe sin maidir le cíos agus le hoiriúnaíocht ar gach slí.
(4) Má dhineann an tAire ordú fén alt so chun foirgint no déanmhacht eile no aon chuid d'aon cheann acu do chur as an slí, íocfidh an chomhairle 'nar dineadh an t-ordú tar éis iarratais uatha, íocfid le gach duine 'na bhfuil leas acu sa talamh ar a bhfuil an fhoirgint no an déanmhacht san suidhte, mar chúiteamh sa chur-as-an-slí sin, an méid a damáistíodh an leas san leis an cur-as-an-slí sin, agus i gcásanna oiriúnacha íocfid leis an sealbhaire méid aon chailliúna no costais a tháinig de dheascaibh an chur-isteach a dineadh ar an sealbhaire de thora an chur-as-anslí sin agus, marar dineadh có-aontú idir an chomhairle sin agus an duine sin, socrófar na méideanna san do réir forálacha an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.
(5) Ní bheidh aon chúiteamh iníoctha fén alt so ag comhairle maidir le foirgint ná déanmhacht gur tosnuíodh ar í thógáil tar éis rithte an Achta so marar tugadh don chomhairle sin sarar tosnuíodh ar an dtógáil sin fógra mí ar a luíod i scríbhinn go rabhthas chun an fhoirgint no an déanmhacht san do thógáil, ná ní bheidh aon chúiteamh den tsórt san iníoctha maidir le haon chuid d'fhoirgint ná de dhéanmhacht eile a tógadh contrárdha d'ordú a dhin an tAire fén alt so.
(6) Má có-líontar go cuibhe ordú ón Aire fén alt so chun cuid d'fhoirgint no de dhéanmhacht do chur as an slí agus san laistigh den aimsir a luadhadh ina chóir sin san ordú san, íocfidh an chomhairle 'nar dineadh an t-ordú san ar iarratas uatha gach costas réasúnta fé n-ar chuathas i gcó-líona an orduithe sin amhlaidh.
(7) Mara gcó-líontar ordú ón Aire fén alt so chun cuid d'fhoirgint no de dhéanmhacht do chur as an slí agus san laistigh den aimsir a luadhadh ina chóir sin san ordú san, féadfidh an chomhairle 'nar dineadh an t-ordú san ar iarratas uatha, féadfid féin an t-ordú san do chó-líona agus gach gníomh agus ní (ar a n-áirítear dul isteach ar thalamh) is gá chuige sin do dhéanamh agus sa chás san beidh teideal ag an gcomhairle sin chun gach costas fé n-ar chuadar i gcó-líona an orduithe sin amhlaidh d'fháil o shealbhaire na foirginte no na déanmhachta san sa Chúirt Dúithche mar fhiacha síbhialta.
(8) Roimh iarratas do dhéanamh chun an Aire fén alt so maidir le foirgint no déanmhacht atá ann cheana no atá beartuithe a thógáil, tabharfidh comhairle fógra mí ar a luíod i scríbhinn, i dtaobh an iarratais, d'únaer agus do shealbhaire na foirginte no na déanmhachta no an ionaid ar a bhfuiltar chun an fhoirgint no an déanmhacht do thógáil, pe'ca aca é, agus in aon chás nách féidir teacht ar an únaer no ar an sealbhaire féadfar an fógra san do sheirbheáil tré chóip de do chur suas in áit fheiceálach ar an bhfoirgint no ar an déanmhacht no ar an ionad san, pe'ca aca é.
(9) I gcás sealbhaire foirginte no déanmhachta no ionaid foirginte no déanmhachta atá beartuithe a thógáil do bheith i seilbh an chéanna fé léas no fé chonnra eile tionóntachta, tuigfar gurb é gar-thiarna an tsealbhaire is únaer ar an bhfoirgint, an déanmhacht, no an ionad chun críche an ailt seo, agus in aon chás eile tuigfar gurb é sealbhaire na foirginte, na déanmhachta, no an ionaid is únaer ar an gcéanna chun na críche roimhráite.
Fáil agus crainn a dhineann dochar do bhóithre.
34.—(1) Tuigfar fál no crann do bheith docharach do bhóthar do réir brí an ailt seo má dhineann agus nuair a dhineann an fál no an crann—
(a) an bóthar do scátha i dtreo gur móide go mór an deacracht no an costas a ghabhann le coinneáil-suas an bhóthair sin, no
(b) constaic ar an mbóthar, no
(c) daome úsáideann an bóthar do chosc ar radharc do bheith acu ar an mbóthar rómpa i dtreo go mbíonn an bóthar contabharthach dóibh dá dheascaibh sin.
(2) Nuair atá fál no crann docharach do bhóthar, féadfidh an suirbhéir contae no an chomhairle bhailecheanntair (pe'ca is gá sa chás), le hachuinge i scríbhinn a seirbheálfar ar únaer agus ar shealbhaire an tailimh ar a bhfuil an fál no an crann san ag fás, a achuinge ar an únaer agus ar an sealbhaire sin, laistigh de lá is fiche tar éis seirbheáil an fhógra san, an fál no an crann san do bhearra no do ghearra i dtreo ná beidh sé docharach don bhóthar a thuille no, má dheabhruíonn sé go bhfuil gá leis, an fál no an crann san do ghearra anuas agus do chur as an slí.
(3) Féadfar achuinge fén bhfo-alt san roimhe seo do sheirbheáil ar shealbhaire tailimh agus, má bhíonn aon deacracht ag baint le heolas do chur ar ainm no ar sheola únaera thailimh, ar an únaer sin tríd an achuinge sin no cóip de do chur suas in áit fheiceálach ar an talamh.
(4) Más rud é ná féadfadh sealbhaire tailimh ar a seirbheálfar fógra fén alt so géille go dleathach mara mbeadh an t-alt so don achuinge gan cead únaer an tailimh no tiarna uachtaraigh bainfidh na forálacha so a leanas leis an scéal, sé sin le rá:—
(a) féadfidh únaer an tailimh no aon tiarna uachtarach ar an talamh, laistigh de dheich lá tar éis seirbheáil na hachuinge ar an únaer, ordú a chuirfidh an achuinge sin ar nea-mbrí d'iarraidh ar Bhreitheamh den Chúirt Dúithche agus, tar éis fógra i dtaobh an iarratais sin do bheith seirbheálta ar shealbhaire an tailimh agus ar an suirbhéir contae no ar an gcomhairle bhailecheanntair a sheirbheáil an achuinge, oibreoidh an t-iarratas san chun an achuinge do chur ar fionnraí go ceann mí no go dtí go ndeighleálfidh an Breitheamh leis an iarratas san, pe'ca tréimhse acu is giorra;
(b) tar éis aon iarratas den tsórt san roimhráite d'fháil do, féadfidh an Breitheamh den Chúirt Dúithche, más deimhin leis go bhfuil an achuinge nea-réasúnta no nách gá géille dhi no go ndéanfadh sé an iomad dochair don iarratasóir géille dhi, an achuinge do chur ar nea-mbrí ar fad no do leasú i pé slí is dó leis is ceart;
(c) ar éisteacht iarratais den tsórt san roimhráite do Bhreitheamh den Chúirt Dúithche, má dhiúltuíonn sé do ghéille don iarratas no má leasuíonn sé an achuinge, tuigfar gur dineadh an achuinge, ina fuirm bhunaidh no mar a bheidh sí leasuithe amhlaidh (pe'ca is gá sa chás), do sheirbheáil ar dháta ordú an Bhreithimh agus beidh éifeacht aici dá réir sin;
(d) mara ndinidh an t-únaer ná aon tiarna uachtarach, laistigh de dheich lá tar éis seirbheáil na hachuinge fén alt so ar an únaer, fógra do thabhairt uaidh i dtaobh iarratais den tsórt san roimhráite chun Breithimh den Chúirt Dúithche, féadfidh an sealbhaire, ar bheith caithte don deich lá san, géille don achuinge gan cead an únaera ná aon tiarna uachtaraigh, agus sa chás san ní fhéadfidh an t-únaer ná aon tiarna uachtarach ná ní féadfar thar ceann ceachtar acu aicsean do bhunú mar gheall ar éinní ná maidir le héinní a dhin an sealbhaire bona fide chun géille don achuinge;
(e) an té gur gá a chead chun crann do ghearra anuas a hiarradh le hachuinge a ghearra féadfa sé an crann san d'éileamh le fógra i scríbhinn a seirbheálfar ar an sealbhaire aon uair sara ngéilltear don achuinge, agus sa chás san nuair a bheidh an crann san gearrtha anuas do réir na hachuinge dílseoidh únaereacht an chrainn sin sa té a sheirbheáil an fógra san agus féadfa sé an crann san do bhreith leis nuair a bheidh sé gearrtha anuas.
(5) Mara ngéilltear d'achuinge fén alt so laistigh de lá is fiche tar éis í sheirbheáil ar an únaer agus ar an sealbhaire, féadfidh an suirbhéir contae no an chomhairle bhailecheanntair a sheirbheáil an achuinge ordú d'iarraidh ar Bhreitheamh den Chúirt Dúithche go ngéillfar don achuinge agus ar éisteacht an iarratais sin—
(a) más deimhin leis an mBreitheamh an fál no an crann a luaidhtear san achuinge do bheith docharach don bhóthar agus gur gá do réir réasúin géille don achuinge, ordóidh sé do shealbhaire an tailimh ar a bhfuil an fál no an crann ag fás géille don achuinge laistigh de cheithre lá déag; agus
(b) féadfidh an Breitheamh, in aon chás eile, diúltú do ghéille don iarratas no an achuinge do leasú ar pé slí is ceart dar leis agus a ordú go ngéillfidh an sealbhaire don achuinge, agus í leasuithe amhlaidh, laistigh de cheithre lá déag.
(6) Mara gcó-líonfidh sealbhaire tailimh ordú o Bhreitheamh den Chúirt Dúithche fén bhfo-alt roimhe seo laistigh de cheithre lá déag o dháta an orduithe, féadfidh an suirbhéir contae no an chomhairle bhailecheanntair gur dineadh an t-ordú ar iarratas uaidh no uatha, féadfa sé féin no iad féin géille don achuinge no don achuinge leasuithe le n-a mbaineann an t-ordú agus gach gníomh agus ní (ar a n-áirítear dul isteach ar thalamh) is gá chuige sin do dhéanamh, agus sa chás san beidh teideal ag an suirbhéir contae no ag an gcomhairle bhailecheanntair sin chun gach costas atá réasúnta dar leis an mBreitheamh Dúithche d'fháil ón sealbhaire sa Chúirt Dúithche mar fhiacha síbhialta.
(7) Má dhineann Breitheamh den Chúirt Dúithche ordú fén alt so á éileamh ar shealbhaire géille d'achuinge no d'achuinge leasuithe le n-a n-éilítear fál do ghearra anuas agus do chur as an slí agus más dó leis an mBreitheamh go mbeadh sé ródhocharach d'únaer no do shealbhaire an tailimh an fál do chur as an slí gan claidhe oiriúnach do thógáil ar ionad an fháil, féadfidh an Breitheamh suim do shocrú mar shíntiús réasúnta a thabharfidh an chomhairle chontae no an chomhairle bhailecheanntair uatha mar chabhair chun costas tógtha an fháil oiriúnaigh sin d'íoc agus féadfa sé a ordú go n-íocfidh an chomhairle chontae no an chomhairle bhailecheanntair an tsuim sin leis an sealbhaire (no, más oiriúnach leis an mBreitheamh é, leis an únaer), agus íoc na suime d'áireamh mar chuid de chostaisí an bhóthair do choinneáil suas.
(8) Ní údaróidh éinní san alt so do shuirbhéir chontae ná do chomhairle bhailecheanntair aon fhál ná crann do bhearra ná do ghearra aon uair idir an lá deiridh de Mhárta agus an lá deiridh de Mheán Fhomhair ná ní údaróidh sé a achuinge ar éinne ná a ordú dho fál ná crann do bhearra ná do ghearra idir an dá lá san.
(9) Más idir an lá deiridh de Mhárta agus an lá deiridh de Mheán Fhomhair a bheidh deire na haimsire a ceapfar le hachuinge no le hordú fén alt so chun fál no crann do bhearra no do ghearra, tuigfar an aimsir sin do bheith sínte go dtí an seachtú lá de Dheire Fomhair ina dhiaidh sin.
(10) Más fé léas no fé chonnra eile tionóntachta atá seilbh ag sealbhaire tailimh ar an talamh san, tuigfar gurb é gar-thiarna an tsealbhaire is únaer ar an talamh san chun críche an ailt seo, agus in aon chás eile tuigfar gurb é sealbhaire an tailimh is únaer air chun na críche roimhráite.
(11) Nuair a bheidh aon ordú (ar a n-áirítear diúltú do ghéille d'iarratas) á dhéanamh ag Breitheamh den Chúirt Dúithche fén alt so, féadfa sé, más maith leis é, a ordú maidir leis na costaisí fé n-ar chuaidh aon pháirtí sna himeachta san i dtaobh na n-imeachta san, go n-íocfidh aon pháirtí eile sna himeachta san oiread is ná raghaidh thar trí ghiní de sna costaisí sin.
(12) Pé méid den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851, a bhaineann le scáth aon fháil no crainn do bheith docharach do bhóthar phuiblí, no le haon fhál no crann do bheith ag déanamh aon chonstaice ar aon bhóthar puiblí, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige.
Pumpaí petrol ar bhóithre.
35.—(1) San alt so cialluíonn agus foluíonn an focal “pumpa petrol” aon phumpa, píopa, no fearas eile chun biotáille mhótair i gcóir comhachta tiomána d'fhreastal do ghluaisteáin agus d'innil ghluaiseachta bhóthair.
(2) An chomhairle ar a mbeidh sé mar dhualgas fén Acht so aon bhóthar do choinneáil suas, féadfid ceadúnas do dheona d'éinne chun pumpa petrol do thógáil, do dhéanamh, do chur, agus do choinneáil suas ar an mbóthar san, no ann, no fé.
(3) Einne bheidh ag iarraidh ceadúnais fén alt so, tabharfa sé don chomhairle pé pleananna agus eolas eile a éileoidh an chomhairle maidir le hionad agus le pátrún an phumpa phetrol agus leis an méid a choinníonn sé.
(4) Féadfidh comhairle ceadúnas do dheona fén alt so ar feadh pé tréimhse agus ar pé coiníollacha a ordóidh an chomhairle agus má dhineann an pumpa petrol constaic no má eiríonn sé contabharthach de dheascaibh méadú no atharú an tráchta ar an mbóthar no de dheascaibh leathnú an bhóthair no de dheascaibh aon fheabhais a cuirfar ar an mbóthar no a bhainfidh leis an mbóthar, féadfidh an chomhairle, le fógra i scríbhinn, an ceadúnas do tharrac siar agus a chur ar an gceadúnaí an pumpa petrol san do chur as an slí ar a chostas féin.
(5) Einne ar a ngoillfidh breith comhairle ag deona, ag eiteach, ag tarrac siar no ag buanú ceadúnais fén alt so, no na coiníollacha d'orduigh comhairle i gcóir a leithéid sin de cheadúnas, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun an Aire agus féadfa sé sin, le hordú, gníomhartha agus nithe do dhéanamh sa scéal le n-a mbaineann an t-athchomharc, no a ordú go ndéanfar iad, pé gníomhartha agus nithe is dó leis is ceart agus 'na bhféadfadh an chomhairle 'na mbeifar ag athchomharc i gcoinnibh a mbreithe iad do dhéanamh go dleathach, agus leis sin beidh ag an ordú san an éifeacht chéanna bheadh aige dá mb'í an chomhairle dhéanfadh é fén alt so agus cuirfidh an chomhairle é in éifeacht dá réir sin.
(6) Féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú méid na táille a híocfar le comhairle as ceadúnas do dheona fén alt so, agus aon táillí den tsórt san a gheobhaidh comhairle íocfar iad isteach sa Ród-Chiste a bunuíodh fé alt 3 den Roads Act, 1920, do réir orduithe an Aire Airgid.
(7) Ní léireofar éinní san alt so—
(a) fé mar a dhéanfadh sé difir maidir leis na rialacháin a bheadh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh stóráil no díol biotáille mótair do chur i mbaint le pumpaí petrol ná fé mar a bheadh sé á údarú pumpa petrol d'úsáid ar aon tslí eile ach do réir na rialachán san, ná
(b) fé mar a dhéanfadh sé difir do chearta ná luíodú ar chearta únaer ithir an bhóthair ar a mbeadh aon phumpa petrol tógtha ná do chearta ná ar chearta éinne ag déanamh éilimh fén únaer sin.
(8) Einne—
(a) a thógfidh, a dhéanfidh, a chuirfidh, no a choinneoidh suas pumpa petrol ar aon bhóthar gan ceadúnas do bheith aige fén alt so chun san a dhéanamh, no
(b) a thógfidh, a dhéanfidh, a chuirfidh, no a choinneoidh suas pumpa petrol ar aon bhóthar ar aon tslí eile ach do réir ceadúnais fén alt so, no
(c) a sháróidh aon choiníoll fé n-ar deonadh ceadúnas do fén alt so,
beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
Rialacháin i dtaobh bóithre.
36.—(1) Féadfidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú na nithe seo—
(a) standárd agus cáilíocht na n-abhar a féadfar a úsáid i gcoinneáil suas agus i ndéanamh bóithre;
(b) méid, cuma, dath, agus saghas na gcomharthaí a cuirfar suas ar bhóithre—
(i) chun na háiteanna chun a dtéigheann an bóthar agus na faideanna go dtí sna háiteanna san do thaisbeáint,
(ii) chun na faideanna ar an mbóthar do thaisbeáint,
(iii) chun foláramh i dtaobh codacha dainséaracha den bhóthar do thabhairt do dhaoine bheidh ag úsáid an bhóthair,
(iv) chun trácht ar an mbóthar do threorú d'fhonn baol tionóisce do luíodú;
(c) na háiteanna ina gcuirfar suas na comharthaí uile agus fé seach a luaidhtear anso roimhe seo;
(d) na coiníollacha ar a bhféadfidh únaer no sealbhaire tailimh atá teoranta le haon bhóthar comharthaí den tsórt san roimhráite do chur suas no do choinneáil ar an talamh san;
(e) na comharthaí le n-a bhféadfidh daoine bheidh ag úsáid bóithre a n-intinní do chur in úil do dhaoine eile den tsórt san.
(2) Beidh comhacht ag an Aire coiníollacha d'ordú, le rialacháin a déanfar fén alt so, fé n-a bhféadfar aon chomhartha den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo do chur suas ar thalamh atá teoranta le bóthar puiblí, gan cead an únaera ná an tsealbhaire, nuair is gá do réir réasúin no nuair is áil, chun crícheanna aon chomhartha den tsórt san, an comhartha san do chur suas ar an talamh teoranta san agus ní har aon chuid den bhóthar féin.
(3) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann aon Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialachán do chur fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar neambrí, beidh an rialachán san ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén rialachán san.
(4) An chomhairle go gcuirtar de chúram ortha leis an Acht so aon bhóthar do choinneáil suas—
(a) ní úsáidfid, i gcoinneáil-suas an bhóthair sin, aon abhar de standárd ná de cháilíocht a bheidh contrárdha do rialacháin a déanfar fén alt so, agus
(b) cuirfid suas agus coinneoid suas ar an mbóthar san pé comharthaí agus pé méid comharthaí a hordófar leis na rialacháin a déanfar fén alt so agus san i pé áiteanna is gá chun na rialacháin sin do chó-líona, agus
(c) ní chuirfid suas ar an mbóthar san aon chomhartha contrárdha do sna rialacháin sin.
(5) Na costaisí a bheidh ar chomhairle ag cur suas aon chomhartha ar aon bhóthar do réir rialachán den tsórt san roimhráite agus ag coinneáil suas an chomhartha san, beid ina gcuid de chostaisí coinneáil-suas an bhóthair sin.
(6) Má chítear do Bhreitheamh den Chúirt Dúithche aon chomhartha den tsórt dá dtagartar san alt so do bheith curtha suas no á choinneáil, ar thalamh atá teoranta le haon bhóthar, contrárdha d'aon rialachán a dineadh fén alt so, féadfa sé, ar a iarraidh sin d'aon oifigeach póilíneachta no d'aon oifigeach don chomhairle go gcuirtar coinneáil-suas an bhóthair sin de chúram air leis an Acht so, a ordú go gcuirfar an comhartha san as an slí agus, más dó leis gur ceart é, a údarú don oifigeach san, leis an ordú san, dul isteach ar an talamh san chun an comhartha san do chur as an slí.
(7) Má dhineann éinne, gan údarás dleathach, aon chomhartha den tsórt san a luaidhtear san alt so do chur as an slí no d'agha-lot no díobháil do dhéanamh do ar aon tslí eile, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air no, más maith leis an gcúirt é, é chur fé phríosúntacht ar feadh téarma nách sia ná mí.
Dleathacht scéimeanna áirithe saothair dhírigh.
37.—Gach scéim shaothair dhírigh fé n-a ndeisítí agus n-a gcoinnítí suas na bóithre i dtuathcheanntar i rith iomlán na tréimhse no aon choda den tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1920, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1923, tuigfar í bheith i bhfeidhm do réir dlí ar feadh pé aimsir ina raibh na bóithre sin á ndeisiú agus á gcoinneáil suas fúithi d'ainneoin aon nea-dhlíthiúlachta no nea-dhleathachta sa scéim sin de dheascaibh éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—
(a) gan an cead ba ghá do réir dlí do bheith fachta,
(b) deire do bheith leis an tréimhse a horduítear le dlí mar thréimhse bhuaine don scéim,
(c) gur glacadh leis an scéim i gcóir tréimhse ba lú ná mar a horduítear le dlí mar thréimhse bhuaine do scéim shaothair dhírigh.
Buaine scéimeanna saothair dhírigh.
38.—(1) Gach scéim shaothair dhírigh a bhí no a tuigtar de bhua an Achta so do bheith i bhfeidhm do réir dlí in aon tuathcheanntar an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1923, leanfa sí i bhfeidhm, fé réir forálacha an ailt seo, go dtí pé dáta a cheapfidh an tAire.
(2) Gach scéim shaothair dhírigh a cheadóidh an tAire tar éis rithte an Achta so, leanfa sí i bhfeidhm, fé réir forálacha an ailt seo, ar feadh pé tréimhse a cheapfidh an tAire.
(3) Ar a iarraidh don chomhairle chontae féadfidh an tAire aon tréimhse a cheapfidh an tAire fén alt so mar thréimhse bhuaine do scéim shaothair dhírigh do shíne aon uair agus o am go ham go ceann pé tréimhse no tréimhsí breise is dó leis is ceart, agus ar a iarraidh don dream céanna féadfidh an tAire aon uair aon tréimhse a ceapfar amhlaidh no aon tsíne uirthi fén alt so do ghiorrú pé méid is dó leis is ceart.
(4) Gach scéim shaothair dhírigh den tsórt san a luaidhtear san alt so ragha sí in éag i ndeire na tréimhse no i ndeire na tréimhse sínte no giorruithe (pe'ca aca é) a cheap an tAire fén alt so mar thréimhse bhuaine don scéim sin.
Fíneála fén Roads Act, 1920, d'fháil.
39.—D'ainneoin aon fhorála contrárdha dho san in aon achtachán a bhaineann le fíneála máil d'fháil no d'úsáid, féadfar aon fhíneáil a forchuirtar leis an Roads Act, 1920, mar a leasuíodh é le halt 14 den Finance Act, 1922, d'fháil agus d'fheidhmiú ar fhaisnéis o aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána i láthair cúirte údaráis achmair agus in aon chás den tsórt san beidh comhacht ag an gcúirt chun an fhíneáil do luíodú pé méid is áil leis an gcúirt, agus ní bheidh comhacht ag comhairle na contae ná na contae-bhuirge chun an fhíneáil do luíodú.
Luas feithiclí ar bhóithre puiblí.
40.—Féadfidh an tAire, le hordú a déanfar fé fho-alt (4) d'alt 7 den Roads Act, 1920, agus dá réir, cosc no srian do chur le feithiclí d'aon tsaghas áirithe do thiomáint ar aon bhóthar puiblí áirithe ar luas is mó ná an luas a luaidhtear san ordú san, agus bainfidh forálacha uile an fho-ailt sin le gach ordú den tsórt san.
Leasú ar alt 8 den Development and Road Improvement Funds Act, 1909.
41.—Léireofar mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 8 den Development and Road Improvement Funds Act, 1909, agus beidh éifeacht aici fé is dá leigtí an focal “new” ar lár inti.
CUID IV.
AOIS-LIUNTAISI, ETC.
Mínithe.
42.—Sa Chuid seo den Acht so—
cialluíonn agus foluíonn an focal “cólucht áitiúil” gach údarás áitiúil ach amháin coiste bainistighe gealtlainne ceanntair;
cialluíonn an focal “oifigeach inphinsin” aon oifigeach (nách oifigeach sealadach)—
(a) a thugann a chuid aimsire go léir do sheirbhís cóluchta no cóluchtaí áitiúla, no
(b) nách foláir do, no di, de bhua oifige, bheith ina dhochtúir, ina banaltra, no ina mnaoi chabhartha atá cláruithe,
agus foluíonn an focal san fós na daoine seo a leanas, sé sin le rá:—
(i) éinne a dhin, mar oifigeach, a chuid aimsire go léir do thabhairt do sheirbhís coiste no coistí, có-choiste no có-choistí, a ceapadh chun críche an Agriculture and Technical Instruction (Ireland) Act, 1899, ar feadh tréimhse leanúnaí nár ghiorra ná deich mbliana ar théarmaí ná deir go soiléir go bhfuil sé dúnta amach o phinsean d'fháil, agus d'ainneoin go raibh no go bhfuil a cheapa ion-athnuachta go tréimhsiúil: Ach chun crícheanna na míre seo tuigfar tréimhse sheirbhíse an duine sin do bheith leanúnach d'ainneoin gur briseadh isteach ar an seirbhís sin aon uair idir an 1adh lá d'Eanair, 1919, agus an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, ar feadh tréimhse nár shia ná sé mhí toisc an coiste no an cóchoiste go raibh an duine sin ina seirbhís an uair sin do scur den Agriculture and Technical Instruction (Ireland) Act, 1899, adubhradh, do riara, agus
(ii) éinne a ceapadh go cuibhe mar bhuan-atúrnae d'údarás áitiúil roimh rith an Local Government (Ireland) Act, 1919, agus
(iii) éinne a buan-cheapadh roimh rith an Achta so chun bheith ina chumaisceoir leighis chun crícheanna aon Achta a bhaineann le fóirithin na mbocht,
agus léireofar an focal “oifig inphinsin” dá réir sin;
foluíonn an focal “sochar oifige” gach táille, púntáiste agus íocaíocht eile a tugtar d'oifigeach mar oifigeach chun a úsáide féin, agus fós luach airgid aon tseomraí, scaireanna lóin no liúntaisí eile i bhfuirm earraí a ghabhann le n-a oifig;
cialluíonn an focal “tuarastal agus sochar oifige bliantúil,” maidir le hoifigeach a dhin seirbhís trí mblian ar a luíod, meánmhéid a thuarastail agus a shochair oifige ar feadh na dtrí mblian dar críoch an lá cinn ráithe díreach roimh an lá a scuirfe sé de bheith i seilbh a oifige agus, maidir le hoifigeach a dhin níos lú ná seirbhís trí mblian, meán-mhéid a thuarastail agus a shochair oifige ar feadh gach bliana críochnuithe seirbhíse aige.
Cirt seanoifigeach.
43.—(1) Má dhineann aon oifigeach do chólucht áitiúil, atá in oifig ar dháta rithte an Achta so agus breis is seirbhís deich mblian mar oifigeach don chólucht áitiúil sin tugtha uaidh aige ar an dáta san, a chur in úil i scríbhinn, laistigh de cheithre mhí tar éis rithte an Achta so, don chólucht áitiúil sin no, má cuireadh deire leis na gcólucht san, ansan do chólucht áitiúil chun ar haistríodh a gcomhachta agus a ndualgaisí sin, ná fuil sé chun buntáiste do bhaint as forálacha uile na Coda so den Acht so, ní bhainfidh an Chuid seo den Acht so leis an oifigeach san ach amháin ailt 43, 46, 49, 50, 53, 54, 55 agus 56.
(2) Aon oifigeach do chólucht áitiúil go ráineoidh do, de bhua an ailt seo, gan an Chuid seo den Acht so do bhaint leis go hiomlán, fanfa sé agus beidh sé fé réir pé achtacháin, dá n-athghairmtear leis an Acht so, a bhaineann le haois-liúntas no cúiteamh i gcailliúint oifige do dheona d'oifigigh cóluchtaí áitiúla, fé is dá mba ná rithfí den Acht so ach na hailt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, ach amháin, nuair a bheidh cólucht áitiúil ag cur alt 8 den Local Government (Ireland) Act, 1919, i mbaint le deona liúntais don oifigeach san go bhfolóidh an focal “case of dispute” san alt san imreasán um cheart chun liúntais no um mhéid liúntais a deonadh tar éis rithte an Achta so, imreasán a thóg iniúchóir don Aire do ceapadh go cuibhe chun cuntaisí an chóluchta áitiúla san d'iniúcha, agus údaruítear leis seo don iniúchóir sin an t-imreasán san do thógaint nuair a déanfar iniúcha cuntaisí na tréimhse ina gcéad-íocfar an liúntas ach ní ina dhiaidh sin.
Deonfar cúiteamh i gcailliúint oifige.
44.—(1) D'oifigeach inphinsin atá ar fostú ag cólucht áitiúil—
(a) agus atá cúig bliana is trí fichid d'aois agus seirbhís cúig mbliana ar fhichid ar a luíod tugtha uaidh aige, no
(b) ná fuil ar a chumas dualgaisí a oifige do chó-líona go héifeachtúil mar gheall ar easláinte bhuan aigne no chuirp no mar gheall ar shean-aois, agus ná fuil níos lú ná seirbhís deich mblian tugtha uaidh aige,
deonfidh an cólucht áitiúil sin, le toil an Aire, liúntas bliantúil le n-a shaol nách mó ná dhá dtrian a thuarastail agus a shochair oifige bhliantúla nuair eireoidh sé as a oifig no nuair a scuirfe sé ar aon tslí eile de bheith i seilbh oifige.
(2) D'oifigeach inphinsin atá ar fostú ag cólucht áitiúil agus 'na bhfuil seirbhís deich mblian ar a luíod tugtha uaidh aige, agus
(a) a cuirfar as a oifig ar chúis nách mí-iompar ná mí-chumas, no
(b) 'na gcuirfar deire le n-a oifig, no
(c) 'nar dó leis an Aire gur chuaidh atharú substainteach, chun dochar do, ar a staid de dheascaibh atharuithe a dineadh ar choiníollacha a fhostaíochta gan cúis réasúnta, agus a eireoidh as a oifig le cead ón Aire,
deonfidh an cólucht áitiúil sin, le toil an Aire, liúntas bliantúil le n-a shaol nách mó ná dhá dtrian a thuarastail agus a shochair oifige bhliantúla.
(3) D'oifigeach inphinsin atá ar fostú ag cólucht áitiúil agus 'na bhfuil níos lú ná seirbhís deich mblian tugtha uaidh aige agus a scuirfidh de bheith i seilbh a oifige ar a leithéid sin de shlí go bhféadfí liúntas do dheona dho fén bhfo-alt san roimhe seo dá mba ná beadh ní ba lú ná seirbhís deich mblian tugtha uaidh aige, deonfidh an cólucht áitiúil sin, le toil an Aire, aisce nách mó ná séú cuid dá thuarastal agus dá shochar oifige bliantúil in aghaidh gach bliana seirbhíse a bheidh críochnuithe aige.
(4) Más rogha le ban-oifigeach inphinsin atá ar fostú ag cólucht áitiúil no más éigean di, de bhíthinn téarmaí a ceaptha, dul as oifig mar gheall ar a pósa no ar í bheith chun pósa, féadfidh an cólucht áitiúil sin, le toil an Aire, aisce nách mó ná suim a háireofar do réir an dara cuid déag dá tuarastal agus dá sochar oifige bliantúil in aghaidh gach bliana seirbhíse a bheidh críochnuithe aici no nách mó ná suim is ionann agus a tuarastal agus a sochar oifige bliantúil, pe'ca suim acu san is lú, do dheona don oifigeach san ar dhul as oifig di no, más roimh a pósa a ragha sí as oifig, ar phósa dhi.
(5) Fé réir a bhforáltar ina dhiaidh seo anso, nuair a beifar, chun crícheanna na Coda so den Acht so, ag déanamh amach cadí an tseirbhís a bheidh tugtha uaidh ag oifigeach ar an dáta ar a scuirfe sé de bheith i seilbh a oifige, áireofar iomlán na tréimhse a bheidh caithte ar an dáta san ag an oifigeach san in oifig no in oifigí inphinsin go leanúnach fé aon chólucht áitiúil no cóluchtaí áitiúla:
Ach—
(a) ní háireofar aon tréimhse sheirbhíse go bhfuair an t-oifigeach san liúntas no aisce ar a son fén achtachán so no fé aon achtachán eile, agus
(b) i gcás oifigigh do choiste no do chó-choiste a ceapadh chun crícheanna an Agriculture and Technical Instruction (Ireland) Act, 1899, oifigeach a tháinig chun bheith inphinsin de bharr a chuid aimsire go léir do thabhairt uaidh i seirbhís coiste no có-choiste, coistí no có-choistí, den tsórt san ar feadh tréimhse leanúnaí nách giorra ná deich mbliana, tuigfar gur i dtosach na tréimhse leanúnaí sin a thosnuigh a sheirbhís.
(6) Má bhíonn oifigeach do chólucht áitiúil mí-shásta leis an gcólucht áitiúil do dhéanamh faillí no eiteachais i liúntas no aisce fén alt so do dheona dho, no le méid aon liúntais no aisce a dheon an cólucht áitiúil do, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun an Aire laistigh de shé mhí tar éis scur de bheith i seilbh a oifige dho, agus leis sin féadfidh an tAire liúntas no aisce do dheona don oifigeach san, pé liúntas no aisce is dó leis ba chóir don chólucht áitiúil a dheona don oifigeach san fén alt so agus leis sin beidh an t-oifigeach san i dteideal an liúntas no an t-aisce sin d'fháil ón gcólucht áitiúil.
(7) Beidh soláthar aisce ag cólucht áitiúil fén alt so ina chrích chun ar féidir don chólucht áitiúil sin iasacht d'fháil do réir na n-achtachán a bhaineann leis an gcólucht áitiúil sin d'fháil iasachtaí.
“Seanoifigigh” do réir brí an Local Government (Ireland) Act, 1898.
45.—(1) Einne ba shean-oifigeach do réir brí an Local Government (Ireland) Act, 1898, agus do scuir de bheith i seilbh oifige fé chólucht áitiúil tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus roimh rith an Achta so, agus nár dheon an cólucht áitiúil sin aon chúiteamh ná liúntas do mar gheall ar an scur san, féadfidh an cólucht áitiúil sin an cúiteamh no an liúntas céanna do dheona dho a fhéadfí a dheona don duine sin dá mba tar éis rithte an Achta so a déanfí an scur san.
(2) Bainfidh an Chuid seo den Acht so le cúiteamh no aois-liúntas do dheona d'éinne fén alt so agus leis an gcúiteamh no leis an aois-liúntas san nuair a deonfar é.
Bonus ar an gcostas maireachtana.
46.—(1) Más cuid de thuarastal agus de shochar oifige bhliantúil oifigigh do chólucht áitiúil méadú no breis shealadach (dá ngairmtear “bonus” san alt so) a cuireadh in úil, le linn a dheonta,a bheith á dheona i gcoinnibh an chostais mhéaduithe mhaireachtana, agus é áirithe do réir méid na coda eile dá thuarastal agus dá shochar oifige agus é ion-atharuithe o am go ham do réir an mheán-chostais mhaireachtana i Saorstát Éireann, ní cuirfar an bonus san san áireamh nuair a beifar ag socrú méid aon liúntais a deonfar don oifigeach san.
(2) Má deontar liúntas don oifigeach i gcás le n-a mbaineann an fo-alt san roimhe seo cuirfar leis an liúntas san méadú no breis a háireofar do réir méid an liúntais agus a bheidh ionatharuithe ar gach slí díreach mar dob ion-atharuithe an bonus dob iníoctha leis an oifigeach san díreach roimh scur de bheith i seilbh oifige dho.
Rann-íocanna o chóluchtaí áitiúla fé n-a raibh oifigeach i seilbh oifige, lasmuich den chólucht áitiúil a dheonfidh an cúiteamh.
47.—Má bhíonn liúntas no aisce iníoctha ag cólucht áitiúil (dá ngairmtear “an cólucht íocach” san alt so) le héinne fén Acht so mar gheall ar é do scur de bheith i seilbh oifige fútha agus, nuair a beifar ag déanamh amach méid seirbhíse an oifigigh sin ar dháta an scuir sin, má dintar aon tseirbhís fé chólucht áitiúil eile (dá ngairmtear “an cólucht rann-íocach” san alt so) do shuimiú agus d'áireamh, aisíocfidh an cólucht rann-íocach leis an gcólucht íocach cuid den liúntas no den aisce sin a háireofar do réir seirbhís agus págh an oifigigh sin fén gcólucht rann-íocach agus do réir na slí in ar scuir sé de bheith i seilbh oifige fén gcólucht íocach, agus socrófar an chuid sin le có-aontú idir an dá chólucht no, mara ndintar mar sin é, socróidh an tAire é.
Oifigí nách oifigí fé údarás áitiúil agus 'na bhféadfidh oifigigh inphinsin a bheith ina seilbh.
48.—Ní tuigfar chun críche na Coda so den Acht so status oifigigh inphinsin do bheith bainte d'oifigeach do chólucht áitiúil de dheascaibh é bheith i seilbh oifige mar chléireach do Choiste Pinsean Sean-aoise no do Choiste Arachais Náisiúnta, no i seilbh aon oifige fé Choiste Freastail Scoile fén Irish Education Act, 1892, no i seilbh oifige mar Cheann-Chlárathóir Beireataisí, Báis agus Póstaíocha no mar Chlárathóir Póstaíocha, ach ní cuirfar tuarastal ná sochar oifige na hoifige sin san áireamh nuair a beifar ag déanamh amach an chúitimh is féidir a dheona don oifigeach san fén gCuid seo den Acht so.
Pinsinéirí do chóluchtaí áitiúla á bhfostú ag cóluchtaí áitiúla eile.
49.—(1) Má cheapann no má cheap aon chólucht áitiúil chun aon oifige no fostaíochta (dá ngairmtear “an oifig nua” san alt so) duine atá ag fáil liúntais o chólucht áitiúil fén Acht so no fé aon Acht eile toisc é do scur, roimh rith an Achta so no dá éis sin, de bheith i seilbh oifige (dá ngairmtear “an tseanoifig” san alt so) fé chólucht áitiúil, no fé choiste d'otharlainn no d'óspidéal fhiabhrais chontae, ansan—
(a) más ionann suim bhliantúil profid na hoifige nua agus tuarastal agus sochar oifige bliantúil na sean-oifige no más mó ná san é, scuirfar den liúntas roimhráite d'íoc faid a bheidh an duine sin i seilbh na hoifige nua, agus
(b) más lú suim bhliantúil profid na hoifige nua ná tuarastal agus sochar oifige bliantúil na sean-oifige, ní híocfar leis an duine sin faid a bheidh sé san oifig nua níos mó den liúntas roimhráite ná mar a bheadh có-ionann, i dteanta suim bhliantúil profid na hoifige nua, le tuarastal agus sochar oifige na sean-oifige.
(2) Má luíoduítear liúntas fén alt so, déanfar an méid de (más ann do) a rann-íocann aon chólucht áitiúil seachas an cólucht áitiúil a dheon an liúntas do luíodú sa chothrom chéanna in ar luíoduíodh an liúntas iomlán.
Ioc liúntaisí agus aiscí.
50.—(1) Maidir le suim aon liúntais no aisce a deonadh d'oifigeach do choiste comhairle contae, comhairle bailecheanntair, no comhairle buirge, no d'oifigeach do chó-choiste dhá cheann no níos mó de sna comhairlí sin, fén gCuid seo den Acht so, íocfidh an chomhairle no na comhairlí sin í leis an oifigeach san agus, i gcás oifigigh do chó-choiste, i pé cionúireachtaí le n-a gcó-aontófar no, mara ndintar có-aontú, a shocróidh an tAire.
(2) Aon tsuim is iníoctha fén gCuid seo den Acht so ag cólucht áitiúil ar scór liúntais no aisce a deonadh do dhuine a bhí ina oifigeach no ina fhostaí roimhe sin don chólucht áitiúil sin no do choiste dhe, no do chó-choiste dhe sin agus d'aon chólucht áitiúil eile, déanfar (fé réir forálacha fo-alt (3) d'alt 82 den Acht so) í do chruinniú tríd an ráta gcéanna tré n-a gcruinneofí agus í d'íoc amach as an gciste gcéanna as a n-íocfí agus í do mhuirearú ar an líomatáiste gcéanna ar a muirearófí tuarastal no págh an duine sin dá leanadh sé i seilbh na hoifige no na fostaíochta céanna fén gcólucht áitiúil, fén gcoiste no fén bhfochoiste sin, pe'ca aca é, agus ní háireofar an tsuim sin chun críche aon achtacháin a chuireann teora le méid an ráta san.
Oifigigh do chóluchtaí áitiúla a ceapadh chun na státsheirbhíse.
51.—(1) Aon oifigeach do chólucht áitiúil 'na bhfuil seirbhís deich mblian ar a luíod tugtha uaidh aige agus a ceapfar no a ceapadh tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, chun puist bhuain i Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann, post go mbaineann a dhualgaisí leis na nithe céanna le n-ar bhain dualgaisí a oifige fén gcólucht áitiúil sin, agus a eireoidh no d'eirigh láithreach ina dhiaidh sin as an oifig sin, bainfidh an Chuid seo den Acht so leis an oifigeach san fé is dá n-eiríodh sé as an oifig sin tar éis cúig bliana is trí fichid do shlánú dho agus seirbhís fiche blian ar a luíod tugtha uaidh aige; ach aon liúntas a deonfar d'oifigeach den tsórt san de bhua an ailt seo ní híocfar é mara ndintar ná go dtí go ndéanfar an t-oifigeach san do chur as an Stát-Sheirbhís sin ar chúis nách mí-iompar ná mí-chumas, no mara n-eirighe sé ná go dtí go n-eireoidh sé as an Stát-Sheirbhís sin le toil an Aire Airgid.
(2) Féadfar feidhmiú do dhéanamh aon uair nách déanaí ná trí mhí tar éis rithte an Achta so ar na comhachta atá ag cólucht áitiúil chun liúntas do dheona de bhua an ailt seo d'oifigeach d'eirigh as a oifig roimh rith an Achta so.
Cosc le haistriú pinsean.
52.—(1) Beidh gan brí gach sanna a déanfar agus gach muirear a cuirfar agus gach có-aontú chun sanna do dhéanamh no muirear do chur ar liúntas fén gCuid seo den Acht so.
(2) Ní féadfar aon liúntas a deonfar fén gCuid seo den Acht so do thógaint i bhfeidhmiúchán ná d'aistriú ar aon tslí eile tré chúrsaí dlí chun aon fhiacha ná fiachaisí, ar an té dar deonadh an liúntas san, d'íoc.
Fostaithe do chur ar aois-liúntas.
53.—In aon chás ina bhfuil comhacht ag cólucht áitiúil, fé fhorálacha aon Achta puiblí no áitiúil, liúntas do dheona d'éinne dá bhfostaithe, nách oifigigh, mar gheall ar chailliúint a fhostaíochta, cuirfar alt 42, fo-ailt (1) agus (2) d'alt 44, ailt 46, 49, 50 agus 52 den Acht so in ionad na bhforálacha san, agus bainfidh na hailt agus na fo-ailt sin le deona na liúntas san agus leis na liúntaisí féin tar éis a ndeonta ach na hatharuithe seo a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—
(a) sa bhaint sin folóidh na focail “oifig” agus “oifigeach” “fostaíocht” agus “fostaí” fé seach, agus folóidh an focal “tuarastal” “págh”;
(b) nuair a beifar ag áireamh seirbhíse fostaí, ní háireofar ach an tseirbhís leanúnach a bhí tugtha uaidh ag an bhfostaí sin fén gcólucht áitiúil sin ar dháta na fostaíochta san do chailliúint do;
(c) ní deonfar liúntas fén alt so d'fhostaí gur giorra a sheirbhís ná an tréimhse seirbhíse a héilítear leis an Acht puiblí no áitiúil sin mar choiníoll liúntas do dheona dho fén Acht san.
Cead ón Aire riachtanach chun liúntaisí do dheona d'fhostaithe áirithe i ngealtlanna.
54.—Ní deonfar aon aois-liúntas, gan cead ón Aire, d'aon oifigeach ná seirbhíseach atá ar fostú i ngealtlainn cheanntair no i bhfo-ghealtlainn agus a chuir in úil fé alt a fiche den Asylum Officers Superannuation Act, 1909, ná raibh sé chun buntáiste do bhaint as forálacha an Achta san.
Oifigigh do choistí otharlann contae agus óspidéal fiabhrais contae, coistí gur cuireadh deire leo.
55.—Gach éinne a bhí no a bheidh ina oifigeach do choiste otharlainne contae no óspidéil fhiabhrais chontae ar dháta deire do chur leis an gcoiste sin (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis) fé no do réir alt 7 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923, agus a dhin, maran dochtúir oifigiúil é, a chuid aimsire go léir do thabhairt i seirbhís an choiste sin, marar lú, no maran lú, a thréimhse seirbhíse fén gcoiste sin ná deich mbliana beidh cearta aige chun liúntas d'fháil ón gcomhairle no o sna comhairlí contae no contae-bhuirge gur chun an chéanna no chun coiste den chéanna a haistríodh feidhmeanna an choiste roimhráite nuair a cuireadh deire leis, sé sin, na cearta céanna a bheadh aige fén Acht so dá mb'oifigeach inphinsin é do choiste no do chó-choiste den chomhairle sin no de sna comhairlí sin agus go mbeadh sé i seilbh oifige fé ar feadh tréimhse bheadh chó fada le n-a thréimhse seirbhíse fén gcoiste roimhráite agus go gcuirf as an oifig sin é ar chúis nár mhí-iompar ná mí-chumas.
Cúiteamh i gcailliúint shochair oifige tar éis aistriú dualgaisí.
56.—(1) Má dhin oifigeach do bhord caomhnóirí le n-ar cuireadh deire, roimh rith an Achta so, fé fhorálacha an Achta um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923, leanúint, tar éis deire bheith curtha leis an mbord san, de dhualgaisí do cho líona do chó-líonadh sé roimhe sin de bhua a oifige fén mbord san, agus más dó leis an Aire nár dineadh an sochar oifige a gheibheadh an t-oifigeach san ar son có-líona na ndualgas san do chur san áireamh nuair a bhíthas ag socrú méid an chúitimh a bhí iníoctha leis mar gheall ar chailliúint a oifige fén mbord san ar scur don oifigeach san (pe'ca roimh an Acht so no dá éis) ar aon chúis nách mí-iompar ná mí-chumas de sna dualgais roimhráite do chó-líona beidh sé i dteideal cúiteamh i gcailliúin an tsochair roimhráite d'fháil, i dteanta an chúitimh roimhráite on gcomhairle go raibh an cúiteamh roimhráite iníoctha acu, pé méid a shocróidh an tAire.
(2) Gach seana-chléireach do bhord caomhnóirí nár cuireadh deire leis fé scéim chontae roimh rith an Achta Timpea Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), cléireach a scuir no a scuirfidh ina dhiaidh seo, de bhua an Achta san, de dhualgais do chó-líona do chó-líonadh sé roimhe sin maidir le clárú toghthóirí, agus gach seana-chléireach do bhord caomhnóirí ná cuireadh deire leis fé scéim chontae roimh rith Achta na gCoistí Dháréag (Leasú) 1924 (Uimh. 18 de 1924), cléireach a scuir no a scuirfidh ina dhiaidh seo, de bhua an Achta san, de dhualgais do chó-líona do chó-líonadh sé roimhe sin maidir le hullamhú no athscrúdú liostaí de choisteoirí, beidh teideal aige chun cúiteamh d'fháil ón mbord caomhnóirí no ón gcólucht da haistríodh no dá n-aistreofar (pe'ca is gá sa chás) fiachaisí an bhúird sin, pé cúiteamh a shocróidh an tAire mar gheall ar chailliúint an tsochair oifige a gheibheadh sé roimhe sin ar son na ndualgaisí roimhráite sin uile agus fé seach no ar son pé dualgaisí acu gur scuir no go scuirfe sé d'iad do chó-líona.
Sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “seana-chléireach” cléireach a bhí in oifig an lá deiridh de Mhárta, 1898.
(3) Ní raghaidh méid an chúitimh is iníoctha le héinne fén alt so—
(a) thar liúntas bliantúil chó mór le dhá dtrian an méid sochair oifige glan a chaill sé más cúiteamh i bhfuirm liúntais bhliantúla an cúiteamh, ná
(b) thar suim nách mó ná an séú cuid den mhéid sochair oifige glan a chaill sé, más cúiteamh i bhfuirm aisce an cúiteamh.
Sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “an méid sochair oifige glan a chaill sé”—
(i) más ar feadh trí mblian no breis a dineadh có-líona, no a beifar tar éis có-líona do dhéanamh, ar na dualgaisí gur as scur díobh d'éirigh an ceart chun cúitimh, meán-mhéid an tsochair oifige a fuarthas, ar son cólíona na ndualgas san, i rith gach bliana de sna trí bliana a chuaidh díreach roimh an scur san agus in ar có-líonadh na dualgaisí sin no ina mbeifar tar éis a gcó-líonta, agus
(ii) más ar feadh níos lú ná trí bliana a có-líonadh na dualgaisí sin no a beifar tar éis a gcó-líonta, meánmhéid bliantúil an tsochair oifige a fuarthas, ar son có-líona na ndualgas san, i rith na tréimhse in ar cólíonadh na dualgaisí sin no ina mbeifar tar éis a gcólíonta.
CUID V.
ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.
Ballraíocht chomhairlí contae.
57.—(1) Scuirfidh fo-alt (1) d'alt 3 den Local Government (Ireland) Act, 1898, d'éifeacht do bheith aige ón gcéad thoghachán agus tar éis an chéad thoghacháin de chomhairleoirí contae a comófar tar éis rithte an Achta so.
(2) In aon toghachán cinn trí mblian de bhaill chomhairle contae, a comórfar tar éis rithte an Achta so, cuirfar le huimhir na mball a bheidh le togha chun na comhairle contae uimhir is có-ionann le dhá oiread na dtuathcheanntar a bheidh sa chontae sin an lá ceaptha.
(3) Ní bheidh éinne cáilithe chun é thogha mar bhall de chomhairle chontae do thogh-líomatáiste chontae—
(a) mara mbeidh sé cláruithe mar thoghthóir rialtais áitiúla in oiread den chlár de thoghthóirí rialtais áitiúla agus bhaineann leis an togh-líomatáiste contae sin, no
(b) marab únaer é ar mhaoin atá aige ar bith-dhílse, ar léas, no ar aon tsealbhaíocht eile laistigh den toghlíomatáiste chontae sin.
Coistí de chomhairlí contae do cheapa.
58.—(1) Féadfidh comhairle chontae o am go ham pé coistí agus pé méid coistí is oiriúnach leo do cheapa chun crícheanna a bhaineann le feidhmiú no le có-líona aon cheann dá gcomhachta, dá ndualgaisí, agus dá bhfeidhmeanna is dó leis an gcomhairle a regleálfí no a déanfí a bhainistí níos fearr no níos saoráidí ag coiste no tré choiste.
(2) Féadfidh coiste a ceapfar fén alt so bheith ina choiste ghenerálta agus comhacht aige chun comhachta, dualgaisí, agus feidhmeanna d'fheidhmiú no do chó-líona maidir le hiomlán na contae, no ina choiste áitiúil agus comhacht aige chun comhachta, dualgaisí, agus feidhmeanna d'fheidhmiú no do chó-líona maidir le cuid theoranta den chontae agus leis an gcuid sin amháin.
(3) Beidh gach coiste a ceapfar fén alt so có-dhéanta de thriúr ball ar a luíod, agus féadfa sé bheith có-dhéanta ar fad de bhaill den chomhairle no có-dhéanta de bhaill den chomhairle agus de dhaoine eile.
(4) Na gníomhartha a dhéanfidh gach coiste a ceapfar fén alt so beid fé réir a ndaingnithe ag an gcomhairle ach amháin go bhféadfidh an chomhairle, le cead ón Aire, comhacht do thabhairt d'aon choiste áirithe chun aon ghníomh (ar a n-áirítear imeachta dlí do bhunú) do dhéanamh a bheidh laistigh den údarás a bhronn an chomhairle ar an gcoiste agus a fhéadfadh an chomhairle féin do dhéanamh do réir dlí.
(5) Fé mar a ceapfar le rialacháin a dhéanfidh an chomhairle agus a cheadóidh an tAire isea bheidh quorum, nós-imeachta, agus áit chruinnithe aon choiste a ceapfar fén alt so agus an líomatáiste (más ann do) gur laistigh de a fheidhmeoidh aon choiste den tsórt san a bhfeidhmeanna.
(6) Ní bheidh sé dleathach do chomhairle chontae aon cheann dá comhachta ná dá dualgaisí do thabhairt do choiste ach amháin mar a húdaruítear leis an alt so no le dlí ar shlí éigin eile.
Leasú ar an Public Health and Local Government Conferences Act, 1885.
59.—(1) Léireofar an Public Health and Local Government Conferences Act, 1885, agus beidh éifeacht aige fé is dá gcialluíodh an focal “local authority” san Acht san an ní céanna a chialluíonn sé san Acht so.
(2) Déanfar méid aon chostaisí fé n-a raghaidh aon údarás áitiúil, nách údarás sláintíochta, fén Public Health and Local Government Conferences Act, 1885, d'íoc agus do mhuirearú mar chuid de sna costaisí generálta fé n-ar chuaidh an t-údarás áitiúil sin i bhfeidhmiú a ndualgaisí.
Mí-cháilíocht bhall d'údaráis áitiúla.
60.—(1) Má ghníomhuíonn éinne go feasach mar bhall d'údarás áitiúil agus é fé mhí-cháilíocht, no má vótálann sé go feasach agus san toirmiscthe air le haon achtachán no fé, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air i ngach cionta den tsórt san, gan dochar d'aon mhí-cháilíocht ná pionós eile is féidir a chur air mar gheall air.
(2) Má cruthuítear, i gcúiseamh i gcionta fén Acht so, gur ghníomhuigh an cosantóir mar bhall d'údarás áitiúil agus é fé mhí-cháilíocht no gur vótáil sé agus san toirmiscthe air, is ar an gcosantóir a bheidh a chruthú nách go feasach a ghníomhuigh no a vótáil sé amhlaidh.
(3) Féadfidh an tAire, no féadfar ar agra an Aire, cionta fén alt so do chúiseamh.
(4) Má dintar, tar éis rithte an Achta so, éinne do chiontú i ngníomhú mar bhall d'údarás áitiúil agus é fé mhí-cháilíocht, beidh sé, ar feadh tréimhse deich mblian ó dháta an chiontuithe sin, fé mhí-cháilíocht ná leigfidh é thogha ná é cheapa chun aon oifige le n-a ngabhann íocaíocht fé aon údarás áitiúil no is ionbhronnta ag aon údarás áitiúil.
Freagarthachtaí ar bhaill agus ar oifigigh údarásanna áitiúla.
61.—(1) San alt so cialluíonn an focal “oifigeach freagarthach d'údarás áitiúil,” maidir le haon chruinniú den údarás áitiúil sin, rúnaí, cléireach no dochtúir ceannais comhnaithe an údaráis áitiúla san, no príomh-oifigeach feidhmiúcháin eile don údarás san, i gcás é bheith i láthair ag an gcruinniú san no, i gcás gan an rúnaí, an cléireach, an dochtúir ceannais, no an príomhoifigeach feidhmiúcháin sin do bheith i láthair ag an gcruinniú san, aon oifigeach eile don údarás áitiúil sin ag gníomhú ina ionad ag an gcruinniú san.
(2) Má tairgtear ag cruinniú d'údarás áitiúil go ndéanfar aon ghníomh, ní, no rud 'na mbeidh íocaíocht nea-dhlíthiúil le n 'íoc amach as cistí an údaráis áitiúla dá dheascaibh no gur dócha go dtiocfidh easnamh ar na cistí sin no cailliúint dóibh dá dheascaibh, beidh sé de dhualgas ar oifigeach fhreagarthach an údaráis áitiúla cur i gcoinnibh an gníomh, an ní, no an rud san do dhéanamh agus fáthanna an chur-i-gcoinnibh sin do luadha, agus breacfar ar mhion-tuairiscí an chruinnithe sin an cur-igcoinnibh sin agus na fáthanna san agus, má cuirtar an tairisgint sin fé bhreith, breacfar ortha, leis, ainmneacha na mball a bheidh i láthair agus a vótálfidh leis an mbreith sin agus ina coinnibh agus a staonfidh o vótáil ar an mbreith sin.
(3) Leasófar fo-alt (1) d'alt 20 den Local Government (Ireland) Act, 1902, tríd na focail “any member or officer of such public body” do chur ann in ionad na bhfocal “any person account ing.”
Neamh-íoc formhuirear.
62.—(1) Má fhanann gan íoc aon chuid d'aon tsuim a chuir iniúchóir cuntaisí aon údaráis áitiúla mar mhuirear no mar fhormhuirear ar éinne no i gcoinnibh éinne, beidh an duine sin, ar an dáta agus d'éis an dáta a horduítear ina dhiaidh seo anso, fé mhí-cháilíocht ná leigfidh é thogha ná é cheapa ná é bheith mar bhall d'aon údarás áitiúil go dtí go n-íocfar an tsuim a muirearadh no a formhuirearadh amhlaidh.
(2) Mara ndintar athchomharc i gcoinnibh an mhuirir no an fhormhuirir roimhráite, tosnóidh an mhí-cháilíocht fén alt so ar bheith caithte don aimsir a ceapadh don athchomharc san.
(3) Má dintar athchomharc chun an Aire no chun na hArd-Chúirte i gcoinnibh an mhuirir no an fhormhuirir roimhráite, agus, ar dhéanamh an athchomhairc sin, gurb í breith an Aire no na hArd-Chúirte gur go dleathach a dineadh an muirearú no an formhuirearú san agus (i gcás athchomhairc chun an Aire) go bhfuil sé le cur i bhfeidhm, tosnóidh an mhí-cháilíocht fén alt so i gceann mí ó dháta an orduithe le n-ar tugadh breith ar an athchomharc san.
áitiúla áirithe.
63.—(1) San alt so cialluíonn an focal “údarás contae” comhairle chontae, bord sláinte, no coiste no có-choiste d'óspidéal mheabhar-ghalar cheanntair, agus cialluíonn an focal “coiste údaruithe” coiste a cheap údarás contae agus 'na dtugann an tAire, ar iarratas ón údarás contae, údarás chun rann-íocanna d'íoc le n-a bhaill fén alt so.
(2) Chó luath agus is féidir é tar éis an 31adh lá de Mhárta agus tar éis an 30adh lá de Mheán Fhomhair gach bliain íocfidh gach údarás contae—
(a) le gach ball den údarás chontae a bhí i láthair ag trí ceathrúna ar a luíod de sna cruinnithe a bhí ag an údarás contae sin i rith na sé mhí roimhe sin, agus
(b) le gach ball de choiste údaruithe, a cheap an t-údarás contae, a bhí i láthair ag trí ceathrúna ar a luíod de sna cruinnithe a bhí ag an gcoiste údaruithe sin i rith na sé mhí roimhe sin,
pé rann-íoc (más ann do) a húdaruítear leis na rialacha atá sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so mar chabhair chun íoctha na gcostaisí fé n-ar chuaidh an ball san tré bheith i láthair ag cruinnithe an údaráis chontae no an choiste údaruithe sin (pe'ca aca é) i rith na sé mhí sin roimhe sin.
(3) Chun crícheanna an ailt seo ní tuigfar go raibh ball i láthair ag cruinniú mara raibh sé i láthair ag an gcruinniú san ar feadh trí huaire a' chluig ar a luíod no, marar mhair an cruinniú san ach ar feadh tréimhse ba lú ná trí huaire a' chluig, ar feadh iomláin na tréimhse sin.
(4) Ní híocfar aon rann-íoc fén alt so ar son aon chruinniú d'údarás chontae ná de choiste den údarás san a bhí ann roimh an gcéad thoghachán do bhaill don údarás chontae sin a comóradh tar éis rithte an Achta so.
(5) Einne a dhéanfidh ráiteas bréagach go feasach no a leigfidh go feasach a leithéid do dhéanamh chun go n-íocfí suim leis féin no le duine eile fén alt so no dá réir, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daoroibre ar feadh téarma nách sia ná bliain.
(6) Einne a ciontófar i gcionta fén alt so, as san amach beidh sé fé mhí-cháilíocht ná leigfidh é thogha ná é bheith mar bhall d'aon údarás áitiúil agus ná leigfidh é cheapa chun ná é bheith i seilbh aon oifige ná fostaíochta fé aon údarás áitiúil.
Cruinnithe d'údaráis áitiúla a tréigtear cheal quorum.
64.—Má tréigtar cruinniú d'údarás áitiúil toisc ná fuarthas quorum, breacfar láithreach ainmneacha na mball a tháinig ar an am agus san áit a ceapadh don chruinniú san, agus chun crícheanna aon achtacháin a bhaineann le mí-cháilíocht a choiscfadh ballraíocht d'údarás áitiúil agus chun crícheanna alt 63 den Acht so agus chun crícheanna na rialacha atá sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, tuigfar go raibh cruinniú den údarás áitiúil sin san áit sin an t-am san, agus go raibh i láthair ag an gcruinniú san na baill go bhfuil a n-ainmneacha ar breaca amhlaidh.
Leabharlanna.
65.—(1) Beidh sé de chomhacht ag comhairle aon chontae glaca, tré rún, leis an Public Libraries (Ireland) Act, 1855, d'iomlán a gcontae no d'aon chuid no codacha áirithe dhi, lasmuich d'aon bhailecheanntar.
(2) Nuair a rithfidh comhairle contae rún fén alt so déanfidh an chomhairle, maidir leis an líomatáiste dar glacadh leis an Acht san leis an rún san, na Public Libraries (Ireland) Acts, 1855 to 1920, do chur i bhfeidhm mar údarás leabharlainne don líomatáiste sin.
(3) Na costaisí fé n-a raghaidh comhairle contae mar údarás leabharlainne do réir rúin fén alt so, cuirfar mar mhuirear iad ar an líomatáiste dar glacadh an tAcht san leis an rún san.
(4) Féadfidh comhairle aon chontae socrú do dhéanamh le comhairle aon bhailecheanntair sa chontae sin, no le comhairle aon chontae-bhuirge atá teoranta leis an gcontae sin, go n-úsáidfidh iomlán na contae, no cuid éigin áirithe dhi, chun crícheanna uile na nAcht san no chun aon chríche acu, aon chuid d'fhoirgint no de shaoráidí leabharlainne aon leabharlainne puiblí atá suidhte sa bhailecheanntar no sa chontae-bhuirg sin, ar pé téarmaí ar a socrófar idir comhairle an bhailecheanntair no na contae-bhuirge ina bhfuil an leabharlann san suidhte agus comhairle na contae sin.
(5) Na comhachta a tugtar leis an bhfo-alt san roimhe seo beid gan dochar do sna comhachta a tugtar le halt 3 den Public Libraries (Ireland) Act, 1894 (agus é leasuithe no leathnuithe le haon achtachán eile, ar a n-áirítear an t-alt so), le halt 4 den Acht san agus leis an gcéad fho-alt eile den alt so, agus beid mar bhreis leis na comhachta san agus ní mar luíodú ortha.
(6) Féadfidh comhairle aon bhailecheanntair, ar pé téarmaí ar a socrófar idir an chomhairle sin agus comhairle na contae ina bhfuil an ceanntar san, agus a cheadóidh an tAire, féadfid a gcomhachta agus a ndualgaisí fé sna Public Libraries (Ireland) Acts, 1855 to 1920, do leigint le comhairle na contae sin, agus sa chás san scuirfidh na comhachta agus na dualgaisí a leigfid uatha amhlaidh de bheith acu agus beidh éifeacht ag forálacha na Coda so den Acht so fé is dá rithfeadh comhairle na contae rún fén alt so ag glaca leis an Public Libraries (Ireland) Act, 1855, do líomatáiste an bhailecheanntair sin.
(7) I gcás comhairle chontae do bheith ina n-údarás leabharlainne do dhá cheann no breis de líomatáistí fé leith ina gcontae agus go ndintar aon chostaisí fé n-a dtéigheann an chomhairle chontae sin mar údarás leabharlainne do chur mar mhuirear ar gach líomatáiste dhíobh san fé seach, féadfidh an chomhairle chontae, le toil an Aire, na líomatáistí sin do chó-nasctha, agus cuirfar ar an líomatáiste có-nasctha san muirear aon chostaisí fé n-a raghaidh an chomhairle chontae ina dhiaidh sin mar údarás leabharlainne don líomatáiste chó-nasctha san.
Féadfidh an t-údarás leabharlainne leictiúirí, etc., do chur ar bun i scoileanna.
66.—Beidh ar chomhachta údaráis áitiúla fé sna Public Libraries (Ireland) Acts, 1855-1920, comhacht chun dul fé chostas, amach as an ráta leabharlainne, chun leictiúirí agus taisbeántaisí puiblí (pe'ca gan íoc a leigfar daoine isteach chun na leictiúirí no na dtaisbeántaisí sin no ar íoc pé éilithe agus fé pé coiníollacha a cheapfidh an t-údarás leabharlainne) agus leabharlanna do chur ar bun i scoileanna.
Aiteanna chun sláinte agus aoibhnis d'fhógairt.
67.—(1) Féadfidh comhairle aon chontae no contae-bhuirge no buirge eile no bailecheanntair, no coimisinéirí aon bhaile, go haonarach no le chéile, no maraon le haon chomhairle no comhairlí eile no le haon dream no dreamanna eile coimisinéirí den tsórt san, buntáistí agus taithneamhacht na contae sin no aon choda dhi, no na buirge, an cheanntair no an bhaile sin, mar áit chun sláinte no aoibhnis, d'fhógairt agus airgead do chaitheamh ar a bhfógairt, tré fhógráin do chur i bpáipéirí nuachta no tré phostaerí, placárdaí no ar aon tslí eile is oiriúnach leo, no, i gcás có-fhógraíochta no fógraíochta le chéile, an ní céanna do dhéanamh maidir le líomatáiste atá có-dhéanta d'iomlán no d'aon chodacha de chontaethe, buirgí, ceanntracha agus bailte fé seach na gcomhairlí no na gcoimisinéirí uile agus fé leith a chuirfidh le chéile amhlaidh.
(2) Féadfidh comhairle aon chontae no contae-bhuirge no buirge eile no bailecheanntair no coimisinéirí aon bhaile, le toil an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, pé rann-íoc, bliantúil no eile, is oiriúnach leo d'íoc le cistí aon chomhlachais—
(a) a cuireadh ar bun chun buntáistí agus taithneamhacht áiteanna i Saorstát Éireann no in aon chuid de, mar áiteanna chun sláinte no aoibhnis, d'fhógairt, agus
(b) a cheaduigh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, agus
(c) ar ar éilimh an tAire sin, mar choiníoll ar a gceadódh sé é, go gcuirfí a chuntaisí fé iniúcha ag iniúchóir don Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí:
Ach gach rann-íoc a híocfar fén bhfo-alt so le cistí aon chomhlachais den tsórt san, déanfidh an comhlachas san iad do chaitheamh do réir scéime a cheadóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, agus ní i slí eile.
(3) Maidir leis na costaisí fé n-a raghfar fén alt so—
(a) i gcás comhairle contae, íocfar iad amach as na cistí contae agus cruinneofar iad tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán, agus
(b) i gcás comhairle contae-bhuirge no buirge eile no bailecheanntair, íocfar iad amach as aon ráta no ciste is ionchurtha chun crícheanna na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, díreach fé is dá mba chun crícheanna na nAcht san a raghfí fé sna costaisí sin, agus
(c) i gcás coimisinéirí baile, cruinneofar iad tríd an ráta a ghearrfid fé alt 60 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, ach cimeádfar amach as an áireamh iad nuair a beifar ag déanamh amach pé teorann atá leis an ráta san do réir dlí.
(4) Ní raghaidh méid an ráta a cruinneofar chun crícheanna an ailt seo ag comhairle aon chontae no contae-bhuirge thar pingin fén bpunt, agus ní raghaidh méid an ráta a cruinneofar chun crícheanna an ailt seo ag comhairle aon bhuirge, nách contaebhuirg, no ag comhairle aon bhailecheanntair no ag coimisinéirí aon bhaile, maraon le méid an ráta a cruinneofar chun na gcrícheanna san ag comhairle na contae ina bhfuil an bhuirg, an ceanntar no an baile sin, ní ragha sé thar trí pingne fén bpunt.
Údaráis áitiúla do thógaint tailimh.
68.—(1) Aon ordú sealadach, le n-a dtugtar comhacht d'údarás áitiúil chun talamh no maoin no cirt eile do thógaint ar shlí eile seachas le có-aontú, a dhéanfidh an tAire fé fhorálacha na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, no fé fhoralácha alt 10 den Local Government (Ireland) Act, 1898, tar éis fiosrúchán áitiúil do dhéanamh den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (4) d'alt 203 den Public Health (Ireland) Act, 1878, féadfidh an tAire no an Chúirt Chuarda é do dhaingniú do réir na rialacha atá leagtha amach sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
(2) Seachtain ar a luíod sara ndaingneoidh an tAire ordú fén alt so, cuirfe sé fé ndeár go ndéanfar fógra go bhfuil daingniú an orduithe sin beartuithe aige d'fhoillsiú i bpáipéar nuachta a léightear sa cheanntar ina bhfuil an talamh no an mhaoin atáthar ad iarraídh a thógaint no gur air no ina thaobh atáthar ad iarraidh ceartanna d'fháil.
(3) Ar dhéanamh aon daingniú den tsórt san don Aire no don Chúirt Chuarda, ní bheidh dul thar an Ordú no, má leasuítear é, thar an Ordú agus é leasuithe amhlaidh, agus beidh éifeacht Achta den Oireachtas aige, agus (i gcás daingniú ón Aire, fé réir a chruthuithe gur foillsíodh go cuibhe an fógra a héilítear leis an alt so) beidh an daingniú ón Aire no ón gCúirt Chuarda ina fhianaise dho-chlaoite gur dineadh mar a héilítear leis an Acht so agus gur dineadh an t-ordú go cuibhe agus go bhfuil sé ceaduithe do réir comhachtanna na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, no comhachtanna an Local Government (Ireland) Act, 1898, pe'ca aca é.
Rátú foirgintí nua.
69.—(1) San alt so cialluíonn an focal “foirgint nua”—
(a) foirgint gur dineadh no go ndéanfar a tógáil do thosnú agus do chríochnú i rith na tréimhse ón 1adh lá d'Abrán, 1920, go dtí an 1adh lá d'Abrán, 1927, no
(b) foirgint gur dineadh a déanmhacht do mhéadú no d'fheabhsú go substainteach agus gur dineadh no go ndéanfar an méadú no an feabhsú san do thosnú agus do chríochnú i rith na tréimhse roimhráite;
Cialluíonn an focal “bliain shaoirse”—
(i) maidir le haon fhoirgint nua atá saor o ath-luacháil fé fhorálacha alt 7 den Dublin Reconstruction (Emergency Provisions) Act, 1916—aon bhliain de sna blianta airgeadais áitiúla idir an 1adh lá d'Abrán, 1929, agus an 31adh lá de Mhárta, 1933;
(ii) maidir le haon fhoirgint nua atá saor o ath-luacháil fé fhorálacha alt 8 den Acht um Athdhéanamh i mBaile Atha Cliath (Forálacha Ocáideacha) 1924— aon bhliain de sna blianta airgeadais áitiúla idir an 1adh lá d'Abrán, 1930, agus an 31adh lá de Mhárta, 1933;
(iii) maidir le haon fhoirgint nua eile—aon bhliain de sna blianta airgeadais áitiúla idir an 1adh lá d'Abrán, 1926, agus an 31adh lá de Mhárta, 1933.
(2) Chun crícheanna meas agus gearra aon ráta a cruinnítear ag údarás áitiúil chun seirbhíse aon bhliana saoirse, agus fé réir forálacha fo-alt (3) den alt so, tuigfar luacháil gach foirginte nua fé sna hAchtanna Luachála do bheith luíoduithe dhá dtrian.
(3) Beidh an fo-alt san roimhe seo gan éifeacht i gcás aon tighe a tógadh fé sna Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, fé sna Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, no fé Acht na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924, 'nar dineadh cuid de sna rátaí is inghearrtha air do mhaitheamh fé fhorálacha alt 7 den Acht san.
(4) Chun an teora do dhéanamh amach a chuireann aon reacht leis an méid is féidir d'údarás áitiúil a fháil ar iasacht, ní tuigfar luacháil ionrátuithe aon fhoirginte do bheith luíoduithe de bhua an ailt seo.
(5) Má bhíonn aon amhras, imreasán no ceist ann i dtaobh ce'ca tá foirgint ina foirgint nua do réir brí an ailt seo no ná fuil, isé an tAire a thabharfidh breith ar an amhras, ar an imreasán, no ar an gceist sin, agus ní bheidh dul thar a bhreith.
Ní fhéadfidh ball d'údarás áitiúil bheith ar fostú ag an údarás san, ná ag údarás áitiúil eile.
70.—(1) On gcéad uair agus tar éis na céad uaire a toghfar no a ceapfar baill chun aon údaráis áitiúla tar éis rithte an Achta so ní bheidh éinne i seilbh aon oifige sochair fén údarás san ná ar fostú ar luach saothair acu ná fútha faid a bheidh sé, ná laistigh de dhá mhí dhéag tar éis do scur de bheith, ina bhall den údarás áitiúil sin no d'aon údarás áitiúil eile go bhfuil a líomatáiste feidhmiúcháin sa chontae no sa chontae-bhuirg chéanna, no suidhte sa chontae no sa chontae-bhuirg chéanna, ina bhfuil líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san no ina bhfuil sé sin suidhte, no in aon chontae no contae-bhuirg atá teoranta leis an gcontae no leis an gcontae-bhuirg sin.
(2) Aon bhall d'údarás áitiúil go mbeidh deire le n-a bhallraíocht, tré n-a eirghe as no ar aon tslí eile, an chéad uair eile no roimh an gcéad uair eile a toghfar no a ceapfar baill chun an údaráis áitiúla san tar éis rithte an Achta so, tuigfar, chun crícheanna an ailt seo, gur scuir sé de bheith ina bhall den údarás áitiúil sin ar dháta dhá mhí dhéag roimh dháta an toghacháin sin.
Oifigigh d'údaráis áitiúla do dhéanamh dearbhuithe nuair a ceapfar iad no nuair a méadófar a luach saothair.
71.—(1) Má dhineann údarás áitiúil tar éis rithte an Achta so rún do rith, ag ceapa duine chun bheith ina oifigeach don údarás áitiúil sin no ag méadú tuarastal no sochar oifige oifigigh don údarás áitiúil sin, beidh an rún san—
(a) gan éifeacht go dtí go mbeidh dearbhú do réir an ailt seo déanta agus sighnithe, laistigh de mhí tar éis dáta an rúin sin, ag an duine no ag an oifigeach san, agus
(b) ar nea-mbrí ar fad má bhíonn an duine no an t-oifigeach san gan an dearbhú san do dhéanamh agus do shighniú laistigh den tréimhse sin de mhí.
(2) An dearbhú atá le déanamh mar adubhradh ag an duine no ag an oifigeach san mar adubhradh, is i láthair Feadhmannaigh Shíochána a dhéanfidh agus a shighneoidh sé é agus is sa bhfuirm seo a leanas a bheidh sé:—
Ar a bheith tar éis rún do rith do...................................................
..........................................(Cuirtar síos ainm an údaráis áitiúla)
an......................lá de......................19........., am' cheapa-sa A. B.
chun oifig............................................................ (no ag méadú mo
thuarastail no mo shochair oifige-se mar.........................................
.....................................pe'ca aca is gá sa chás), dinim-se, A.B. sin, leis seo, a dhearbhú go solamanta agus go macánta go dtabharfad géillsine do Shaorstát Éireann agus dá bhunreacht fé mar atáid bunuithe do réir dlí agus, má daingnuítear an ceapa san (no pe'ca daingneofar no ná daingneofar an méadú san, pe'ca aca is gá sa chás) ag an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, go gcó-lionfad dualgaisí na hoifige sin (no m'oifige pe'ca aca is gá sa chás) go cuibhe agus go dílis chó fada lem' thuisgint agus lem' chumas agus go gcimeádfad agus go gcó-líonfad pé orduithe agus treoracha, i dtaobh na ndualgas san, a tabharfar dom go dleathach.
(3) Ní dhéanfidh éinní san alt so dochar ná difir d'oibriú aon achtacháin le n-a n-éilítear ceadú no daingniú ón Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'aon rún den tsórt san roimhráite.
Comhacht chun údarás áitiúil do scur.
72.—(1) Féadfidh an tAire a ordú aon uair, más oiriúnach leis é, go ndéanfar fiosrúchán áitiúil i dtaobh na cuma ina gcó-líonann aon údarás áitiúil a dhualgaisí agus bainfidh le gach fiosrúchán áitiúil den tsórt san Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898.
(2) I gcás—
(a) an tAire do bheith deimhnitheach, tar éis fiosrúchán áitiúil den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do bheith déanta, ná fuil dualgaisí údaráis áitiúla á gcó-líona go cuibhe agus go héifeachtúil ag an údarás áitiúil sin, no
(b) údarás áitiúil do thabhairt faillí go toiliúil in aon ordú, treoir no rialachán dleathach ón Aire do chó-líona, no
(c) údarás áitiúil d'fhágaint aon bhreithe, ordú no aithne o aon chúirt i Saorstát Éireann gan có-líona, no
(d) údarás áitiúil do dhiúltú, tar éis fógra chuibhe, d'iniúcha a chuntaisí, ag iniúchóir don Aire, do lomháil,
féadfidh an tAire, le hordú, an t-údarás áitiúil sin do scur agus (de bhua na comhachta a bronntar ina dhiaidh seo anso air) féadfa sé toghachán nua d'ordú chun daoine do thogha mar bhaill den údarás áitiúil sin no maoin agus comhachta agus dualgaisí uile agus fé seach an údaráis áitiúla san d'aistriú chun aon chóluchta no chun aon daoine no duine is oiriúnach leis.
(3) Má dhineann an tAire ordú fén alt so chun údarás áitiúil do scur féadfa sé pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis do cheapa chun dualgaisí an údaráis áitiúla san do chó-líona agus féadfa sé o am go ham gach duine no aon duine den tsórt san do chur as oifig agus daoine eile do cheapa ina n-ionad agus féadfa sé sealbhaíocht oifige, dualgaisí agus luach saothair gach duine den tsórt san do shocrú.
(4) Déanfar luach saothair gach duine a ceapfar fén bhfo-alt san roimhe seo d'íoc as ioncum an údaráis áitiúla san mar chuid de chostaisí an údaráis áitiúla san.
(5) Ar dháta nách déanaí ná trí bliana tar éis údarás áitiúil do scur fén alt so, déanfidh an tAire, le hordú, a chur fé ndeár go gcuirfear toghachán nua ar siúl chun daoine do thogha mar bhaill den údarás áitiúil sin, agus ar chríochnú an toghacháin nua san dílseoidh sa chólucht a toghfar amhlaidh maoin agus comhachta agus dualgaisí uile an údaráis áitiúla scurtha bíodh gur dhin an tAire fén alt so iad d'aistriú chun aon chóluchta, daoine no duine eile.
(6) Féadfidh an tAire o am go ham, le hordú, gach ní agus gach rialachán is dó leis is gá do dhéanamh chun lán-éifeacht do thabhairt d'aon ordú a dhéanfa sé fén alt so.
(7) Gach ordú a dhin an tAire no an tAire um Rialtas Áitiúil fé alt 12 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923), leanfa sé i bhfeidhm, d'ainneoin athghairm an ailt sin leis an Acht so, fé is dá mba fén alt so a dhéanfadh an tAire an t-ordú san agus bainfidh forálacha an ailt seo le gach ordú den tsórt san fé is dá mba fén alt so a déanfí an t-ordú san.
Comhachta do leigint chun daoine eile.
73.—(1) Féadfidh comhairle chontae no buirge, le toil an Aire, gach cuid no aon chuid dá comhachta, dá dualgaisí agus dá feidhmeanna (ar a n-áirítear gach ceann no aon cheann de chomhachta, de dhualgaisí, agus d'fheidhmeanna búird shláinte) do leigint chun pé duine no daoine a cheapfidh an tAire o am go ham chuige sin agus leis sin feidhmeoidh agus có-líonfidh an duine no na daoine sin na comhachta, na dualgaisí agus na feidhmeanna san go dtí go mbeidh an chéad thoghachán cinn trí mblian eile ann de chomhairleoirí contae.
(2) Is mar chuid de chostaisí generálta na comhairle sin a híocfar luach saothair éinne a ceapfar fén alt so.
Comhacht chun bailecheanntair do chur le ceanntair shláinte chontae.
74.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfidh an tAire, le hordú, aon bhailecheanntar nách buirg do chur le ceanntar sláinte contae atá teoranta leis an mbailecheanntar san agus san aon chontae leis, agus ón dáta agus tar éis an dáta ar a dtiocfidh an t-ordú san i ngníomh beidh an bailecheanntar san ina chuid den cheanntar shláinte chontae sin roimhráite.
(2) Má dintar le hordú a dineadh fén alt so, aon bhailecheanntar do chur le ceanntar sláinte contae, tuigfar gur baile in ar glacadh le forálacha an Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, go hiomlán, an bailecheanntar san, agus go dtí an chéad thoghachán eile de choimisinéirí bailte isí comhairle an bhailecheanntair sin a bheidh mar bhord choimisinéirí don bhaile sin.
(3) Fé réir forálacha an ailt seo féadfidh an tAire le hordú bord coimisinéirí aon bhaile do scur agus comhachta, dualgaisí, maoin, agus fiachaisí an bhúird sin d'aistriú go dtí bord sláinte an cheanntair shláinte chontae dar cuid an baile sin.
(4) Ní dhéanfidh an tAire aon ordú fén alt so ag cur bailecheanntair le ceanntar sláinte contae ná ag scur búird choimisinéirí baile—
(a) mara n-iarraidh comhairle an bhailecheanntair sin no bord coimisinéirí an bhaile sin, pe'ca aca é, ar an Aire an t-ordú san do dhéanamh, no
(b) maran deimhin leis an Aire, tar éis fiosrúchán áitiúil do bheith déanta i dtaobh có-líona dualgaisí na comhairle no an bhúird sin, pe'ca aca é, ná fuil na dualgaisí sin á gcó-líona go cuibhe agus go héifeachtúil.
(5) Beidh in aon ordú a déanfar fén alt so pé forálacha a dheabhróidh bheith riachtanach no oiriúnach chun oiriúnú do dhéanamh ar na forálacha, i dtaobh oibreacha puiblí, atá in aon achtachán, agus chun ceartuithe do dhéanamh ar mhaoin, ar chirt, agus ar fhiachaisí.
(6) In aon ordú a déanfar fén alt so i dtaobh bailecheanntair féadfar a fhaisnéis go bhfuil iomlán fiacha an bhailecheanntair sin no aon chuid no codacha dhíobh iníoctha ag an gceanntar sláinte contae agus gur costaisí generálta no costaisí speisialta ar an gceanntar sláinte contae a n-íoc san, agus sa chás dheiridh sin féadfar a fhaisnéis san ordú san go mbeidh an t-íoc san ina mhuirear fé leith ar an líomatáiste ar a gcuirfí muirear na gcostaisí sin dá mba ná déanfí an t-ordú san, no ar pé cuid is oiriúnach leis an Aire den cheanntar shláinte chontae agus an líomatáiste sin d'áireamh mar chuid de.
Leasú ar alt 60 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854.
75.—In aon bhaile ina bhfuil an Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, i bhfeidhm, féadfidh méid aon cháinmheasa fé alt 60 den Acht san, d'ainneoin na dteorann san alt san, dul chó hárd le dhá scilling agus sé pingne fén bpunt ach gan dul thairis sin, má glacadh leis na forálacha den Acht san a bhaineann le huisce, no chó hárd le dhá scilling fén bpunt marar glacadh leis na forálacha san a bhaineann le huisce.
Leasú ar an National Insurance Act. 1911.
76.—(1) Leasófar míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) d'alt 16 den National Insurance Act, 1911, tríd na focail “other than Poor Law Authorities” do leigint ar lár i ngach mír de sna míreanna san.
(2) Leasófar fo-alt (3) d'alt 64 den National Insurance Act, 1911, tríd na focail “not being Poor Law Authorities” do leigint ar lár.
(3) Leasófar fo-alt (4) d'alt 64 den National Insurance Act, 1911, tríd na focail “other than a Poor Law Authority” do leigint ar lár.
Leasú ar alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898.
77.—Leasofár fo-alt (7) d'alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, tríd na focail go léir sa bhfo-alt ós na focail “and the expenses” go deire do leigint ar lár agus na focail seo a leanas do chur isteach ina n-ionad, sé sin le rá:—“and the expenses of each half-year ending on the 30th day of September or the 31st day of March shall be defrayed by the several counties in proportion to the number of lunatics from each county maintained in the lunatic asylum in such half-year, and the committee for the asylum shall be a joint committee of the councils of the counties with a representation of each council (determined in case of dispute by the Minister for Local Government and Public Health) in proportion to the number of lunatics from each county, according to the average of the three local financial years which ended next before the last triennial election of county councillors.”
Síntiús o comhairle chontae do chistí na chomhairle generálta.
78.—Leasófar agus leasuítear leis seo alt 16 den Local Government (Ireland) Act, 1902 (le n-a dtugtar comhacht do chomhairle chontae chun síntiús d'íoc i gcóir comhlachais chomairlí contae na hÉireann) tré fiche punt do chur ann in ionad deich bpúint mar theorainn leis an méid a féadfar a íoc mar shíntiús aon bhliain áirithe le cistí an chomhlachais.
“Oispdéil mheabhairghalar” do bheith mar ainm ar ghealtlanna.
79.—Gairmfar ospidéal meabhair-ghalar feasta de gach gealtlainn cheanntair a coinnítear suas ag comhairlí contae fé alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus leasófar agus leasuítear leis seo teideal gach gealtlainne ceanntair den tsórt san tríd na focail “mental hospital” do chur in ionad na bhfocal “lunatic asylum” san alt san.
Tuarastal máinliaigh otharlainne contae.
80.—Ní bheidh sé dleathach do chomhairle aon chontae a bheartú le rún go ndéanfar suim bhliantúil do chruinniú ón gcontae sin agus d'íoc mar thuarastal le máinliaigh otharlainne no otharlanna na contae sin fé fhoráil alt 86 den Grand Jury (Ireland) Act, 1836, mar a hoiriúnuíodh é leis an Local Government (Adaptation of Irish Enactments) Order, 1899, gan cead ón Aire, agus scuirfidh oiread den alt san 86 agus chuireann teora leis an méid is féidir a chruinniú agus a íoc amhlaidh, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige.
Forálacha i dtaobh comhachtanna agus dualgaisí aistrithe.
81.—(1) Na forálacha d'aon achtachán, atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so, i dtaobh aon cheann de sna comhachta, de sna dualgaisí, de sna maointe, no de sna fiachaisí a haistrítear chun comhairle contae no chun búird shláinte leis an Acht so, léireofar iad fé réir pé atharuithe is gá chun éifeacht do thabhairt don Acht so.
(2) Má bhíonn, no más dó leis an Aire gur dócha go mbeidh, aon amhras, imreasán, no ceist ann i dtaobh ce'ca do haistríodh no nár haistríodh aon chomhacht, dualgas, maoin, no fiachas chun comhairle contae no chun an bhúird shláinte leis an Acht so no fé, tabharfidh an tAire breith ar an amhras, ar an imreasán, no ar an gceist sin, agus má bhaineann an t-amhras, an t-imreasán, no an cheist sin le léiriú aon reachta, orduithe, no rialacháin, féadfidh an tAire, le hordú, a rá cadiad na hatharuithe a déanfar ar an reacht, ar an ordú, no ar an rialachán san fé fho-alt (1) den alt so.
Aistriú oifigeach.
82.—(1) Má aistrítear gnó aon chomhairle no coiste chun aon chomhairle contae leis an Acht so, beidh na sean-oifigigh don chomhairle no don choiste sin, a bhí ag gabháil don ghnó san, beid ina n-oifigigh don chomhairle chontae sin an lá ceaptha agus dá éis ar an gcuma gcéanna ina mbeidís amhlaidh, fé réir forálacha an ailt seo, dá gceapfadh an chomhairle chontae sin iad, agus féadfidh an chomhairle chontae sin aon oifigeach den tsórt san d'aistriú chun búird shláinte aon cheanntair shláinte chontae sa chontae sin.
(2) Chun crícheanna na n-achtachán a bhaineann le cur ar aois-liúntas no le cúiteamh i gcailliúint oifige, áireofar na seirbhísí a thug éinne de shean-oifigigh aon chomhairle no coiste den tsórt san uaidh sarar haistríodh é fén alt so chun comhairle contae no chun búird shláinte, áireofar iad mar sheirbhísí fén gcomhairle chontae no fén mbord sláinte sin.
(3) Má cuirtar aon tsean-oifigeach do chomhairle thuathcheanntar as oifig de dheascaibh atharuithe a déanfar leis an Acht so no fé, déanfar costas aon chúitimh a deonfar don oifigeach san mar gheall ar chailliúint oifige den tsórt san do mhuirearú ar líomatáiste na contae, lasmuich de líomatáiste aon bhailecheanntair sa chontae sin, gur haistríodh gnó na comhairle tuathcheanntair sin chun a comhairle leis an Acht so.
(4) San alt so cialluíonn an focal “sean-oifigeach” aon oifigeach a bheidh in oifig an lá ceaptha.
Cead d'oifigeach chun oifigí do leigint uaidh.
83.—Má tá oifigeach do chomhairle thuathcheanntair i seilbh níos mó ná aon oifig amháin fén gcomhairle sin, no fén gcomhairle sin agus fé údarás áitiúil eile, agus go gcuirfar é as an oifig óna bhfaghann sé furmhór a ioncuim de dheascaibh atharuithe a dineadh leis an Acht so no fé, beidh teideal aige chun na hoifigí sin uile do leigint uaidh agus cúiteamh d'fháil ar na téarmaí agus ar na coiníollacha céanna ar a bhfuigheadh sé é dá gcuirtí deire le n-a oifigí go léir.
Bailiú agus caitheamh rátaí reatha.
84.—(1) Bainfidh an t-alt so le haon ráta a dhéanfidh comhairle chontae na bhailecheanntair roimh an gcéad lá de Mheitheamh, 1925, chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, 1926.
(2) Déanfar gach ráta le n-a mbaineann an t-alt so do chruinniú agus do bhailiú fé is dá mba ná rithfí an tAcht so.
(3) An sochar a thiocfidh as gach ráta le n-a mbaineann an t-alt so agus a cruinneofar i gcóir costaisí aon dualgais a bhíodh ar chomhairle thuathcheanntair, féadfar é chaitheamh i gcó-líona an dualgais sin ag an gcomhairle chontae no ag an mbord sláinte chun ar haistríodh an dualgas san fén Acht so.
(4) Má dineadh an líomatáiste ar a mbíodh muirear costaisí có-líonta aon dualgais de dhualgaisí comhairle chontae, bhailecheanntair no thuathcheanntair roimh rith an Achta so do leathnú leis an Acht so go díreach no mar gheall ar aistriú an dualgais sin ón gcomhairle sin, féadfar sochar aon ráta le n-a mbaineann an t-alt so do chaitheamh fén Acht so i gcó-líona an dualgais sin sa líomatáiste leathnuithe sin.
(5) I gcás méid aon ráta le n-a mbaineann an t-alt so, agus a cruinníodh agus a gearradh in aon líomatáiste agus air, do bheith níos mó no níos lú ná méid an ráta a cruinneofí agus a gearrfí sa líomatáiste sin agus air fén Acht so chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla san, cuirfar an bhreis no an t-easnamh san san áireamh mar cheartú ar an ráta a cruinneofar agus a gearrfar chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, 1927.
Leasú ar na hAchtanna chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1922 go 1924.
85.—Athghairmtear leis seo an tAcht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló (Leasú), 1924 (Uimh. 39 de 1924), agus ina ionad san achtuítear leis seo go léireofar an tAcht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1922 (Uimh. 4 de 1922), agus go mbeidh éifeacht aige fé is dá ndintí deire trí mí o am rithte an Achta so do chur ann in ionad an 1adh lá d'Eanair, 1924. san áit ina luaidhtear an dáta san i bhfo-alt (1) d'alt 1 agus i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Acht san.
Comhachta an Aire.
86.—(1) Féadfidh an tAire, le hordú, éinní dhíobh so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—
(a) aon achtacháin atá ann cheana i dtaobh comhairlí contae no ceanntair do chur i mbaint le búird shláinte fé réir pé atharuithe is dó leis is gá;
(b) oiriúnuithe do dhéanamh ar aon achtachán atá ann cheana (ar a n-áirítear aon Acht Áitiúil), i dtaobh éinní le n-a ndeighleálann an tAcht so no dá ndineann an tAcht so difir, pé oiriúnuithe is dó leis is gá no is oiriúnach chun an tAcht so do chur in éifeacht;
(c) rialacha do dhéanamh chun an tAcht so do chur in éifeacht, agus go sonnrách chun regleáil do dhéanamh—
(i.) ar mheas agus ar chruinniú costaisí bordanna sláinte,
(ii.) ar chuntaisí, ar iniúcha, agus ar mheastacháin bhliantúla bordanna sláinte i dtreo go bhféadfar aontáin chostais do bhunú chun crícheanna compráide agus smachta,
(iii.) ar aistriú maoine agus fiachaisí aon chóluchta phuiblí go gcuireann an tAcht so deire leis,
(iv.) ar aon cheartú is gá a dhéanamh ar chearta, ar dhualgaisí no ar fhiachaisí chun crícheanna an Achta so,
(v.) ar ghníomhartha comhairlí contae, comhairlí tuathcheanntair, comhairlí bailecheanntair, bordanna sláinte, coistí agus oifigeacha i rith na tréimhse idir am rithte an Achta so agus an lá ceaptha;
(d) rialacháin do dhéanamh i dtaobh nós-imeachta údarásanna áitiúla maidir leis an ngnó a cuireadh ortha no a haistríodh chúcha le haon achtachán (ar a n-áirítear an tAcht so) no dá réir, agus, le haon rialacháin den tsórt san, nea-mbríochaint no atharú do dhéanamh ar an Local Government (Procedure of Councils) Order, 1899 (mar a leasuíodh é le haon ordú sealadach a daingníodh go cuibhe) no ar aon fhoráil den ordú san;
(e) má chítar do go bhfuil in aon Acht Áitiúil aon fhorálacha atá cosúil no bunoscionn le forálacha an Achta so, a dhearbhú ná fuil na forálacha san i bhfeidhm a thuille.
(2) Gach ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann ceachtar de dhá Thigh an Oireachtais, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis leaga an orduithe fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén ordú san.
Athghaírmeanna.
87.—Dintar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid adeirtar sa tríú colún den Sceideal san.
Gearr-theideal agus léiriú.
88.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla, 1925, do ghairm den Acht so.
(2) Léireofar Cuid II. den Acht so mar éinní amháin leis na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919.
CEAD SCEIDEAL.
RIALACHA CHUN AN LIOMATAISTE MUIRIR DO SHOCRU I gCOIR FIACHAISI COMHAIRLE TUATH-CHEANNTAIR.
1. Fiachaisí fé n-ar chuaidh an chomhairle thuathcheanntair mar údarás sláintíochta don tuathcheanntar muirearófar iad mar leanas:—
(a) fiachaisí a bheadh ina gcostaisí generálta ar an gcomhairle thuathcheanntair mara mbeadh gur ritheadh an tAcht so is ar líomatáiste an tuathcheanntair a muirearófar iad;
(b) fiachaisí a bheadh ina gcostaisí speisialta ar an gcomhairle thuathcheanntair agus ina muirear ar líomatáiste áirithe, mara mbeadh gur ritheadh an tAcht so, is ar an líomatáiste áirithe sin a muirearófar iad.
2. Aon fhiachaisí ar chomhairle thuathcheanntair seachas iad súd go ndintar socrú ina gcóir i Riail 1 is ar líomatáiste an tuathcheanntair a muirearófar iad.
DARA SCEIDEAL.
RIALACHA CHUN NOS-IMEACHTA BORDANNA SLAINTE DO REGLEAIL.
1. Beidh bord sláinte có-dhéanta de dheichniúr a thoghfidh an chomhairle chontae as a mbaill féin ag an gcéad chruinniú cinn bliana den chomhairle a comórfar tar éis toghacháin chinn trí mblian agus cuid den chéad ghnó a déanfar ag an gcruinniú cinn bliana san isea na daoine sin do thogha.
2. Toghfar baill an bhúird shláinte mar leanas:—
(a) in aghaidh gach togh-líomatáiste chontae fé leith sa cheanntar shláinte chontae toghfar aon bhall amháin den bhórd shláinte as na comhairleoirí contae a toghadh don líomatáiste sin;
(b) de sna baill eile (dá ngairmtear baill bhreise sa riail seo) féadfidh aon scata de chomhairleoirí contae ar a mbeidh an líon riachtanach de sna comhairleoirí sin comhairleoir d'ainmniú chun bheith ina bhall den bhord shláinte, agus ar a ainmniú amhlaidh beidh an ball san tofa gan aon vótáil;
(c) toghfar an chuid eile de sna baill bhreise i ndiaidh a chéile le móráireamh de vótanna na gcomhairleoirí contae nách baill d'aon scata de chomhairleoirí contae den tsórt san roimhráite;
(d) sí uimhir de chomhairleoirí is riachtanach chun scata dhéanamh chun crícheanna na rialach so ná an uimhir a gheobhfar tríd an uimhir iomlán de chomhairleoirí contae a bheidh i láthair ag an toghachán do roinnt ar an uimhir de bhaill bhreise a bheidh le togha no, marab uimhir shlán an uimhir a gheobhfar amhlaidh, an chéad uimhir shlán is mó ná an uimhir a gheobhfar amhlaidh;
(e) ní fhéadfidh aon chomhairleoir contae bheith ina bhall de níos mó ná aon scata amháin.
3. Beidh na baill de bhord shláinte i seilbh oifige go dtí an lá tar éis an lae ar a ceapfar a gcomharbaí fé Riail 1 den Sceideal so.
4. Triúr ball is quorum do bhord shláinte.
5. Aon bhall de bhord shláinte a scuirfidh de bheith, no a thiocfidh fé mhí-cháilíocht ná leigfadh do bheith, ina bhall den chomhairle chontae a cheap é, scuirfe sé, leis, de bheith, no beidh sé fé mhí-cháilíocht ná leigfidh do bheith, ina bhall den bhord shláinte.
6. Féadfidh aon bhall de chomhairle chontae, le haontú ón gceathrú cuid ar a luíod de bhaill na comhairle sin, fógra do thabhairt i scríbhinn aon uair do rúnaí na comhairle go bhfuil sé chun a thairisgint go gcuirfar deire le ballraíocht aon bhaill áirithe den bhord shláinte do cheanntar shláinte chontae sa chontae sin, agus leis sin gairmfidh an rúnaí cruinniú speisialta den chomhairle chontae chun teacht le chéile ar dháta nách déanaí ná mí tar éis do an fógra san d'fháil, agus tabharfa sé do gach ball den chomhairle chontae fógra ceithre lá déag ar a luíod i dtaobh an chruinnithe sin, agus má rithtear rún ag an gcruinniú san ag aontú leis an dtairsigint sin le móráireamh ar a mbeidh dhá dtrian ar a luíod dá mbeidh i láthair de sna comhairleoirí, leis sin beidh deire le ballraíocht an bhaill sin den bhord shláinte.
7. Aon bhall de bhord shláinte a bheidh, ar feadh tréimhse leanúnaí de thrí mhí, gan bheith ag cruinniú den bhord san, beidh deire le n-a bhallraíocht láithreach agus, ag an gcéad chruinniú eile bheidh acu tar éis deire na tréimhse sin, ceapfidh an chomhairle chontae duine dá mbaill chun an folúntas a dineadh amhlaidh i mballraíocht an bhúird shláinte do líona.
8. Féadfidh ball de bhord shláinte aon uair eirghe as a bhallraíocht tré scríbhinn fé n-a láimh do sheachada do rúnaí na comhairle contae agus do rúnaí an bhúird shláinte, ach ní raghaidh an t-eirghe-as san in éifeacht go dtí an chéad chruinniú den chomhairle chontae a bheidh ann tar éis an scríbhinn sin do bheith fachta.
9. Beidh aon chruinniú amháin cinn bliana ag gach bord sláinte gach bliain, agus beidh cruinniú acu chun a ngnó do dhéanamh uair sa mhí ar a luíod agus pé tráthanna eile is gá chun a gcomhachta d'fheidhmiú agus chun a ndualgaisí do chólíona sa cheart.
10. Cruinniú cinn bliana an chéad chruinniú a bheidh ag bord sláinte tar éis a thofa, agus comórfar cruinniú cinn bliana gach bliain ina dhiaidh sin laistigh de mhí tar éis lá cinn bliana an toghacháin sin.
11. Ag gach cruinniú cinn bliana de bhord shláinte toghfidh an bord cathaoirleach, agus féadfid leas-chathaoirleach do thogha, as a mbaill, agus beidh siad-san i seilbh oifige go dtí an chéad chruinniú cinn bliana eile den bhord.
12. Ag gach cruinniú de bhord shláinte isé an cathaoirleach a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú má bhíonn sé i láthair. Má bhíonn an cathaoirleach as láthair isé an leaschathaoirleach a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Má bhíonn an cathaoirleach as láthair, agus fós, más rud é ná beidh leas-chathaoirleach tofa no go mbeidh an leas-chathaoirleach as láthair, isé bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú ná pé ball den bhord a thoghfidh na baill a bheidh i láthair an uair sin.
13. Beidh an dara vóta no vóta réitigh ag an gcathaoirleach ag cruinniú de bhord shláinte.
14. Déanfidh an chomhairle chontae foth-fholúntaisí a thiocfidh ar bhord shláinte do líona laistigh de mhí tar éis iad do theacht no laistigh de pé aimsir bhreise a lomhálfidh an tAire ach más ball den bhord shláinte, ball a toghadh do thogh-líomatáiste fé mhír (a) de Riail 2 de sna Rialacha so, fé ndeár an foth-fholúntas, líonfar an foth-fholúntas as comhairleoirí contae a toghadh sa togh-líomatáiste sin.
15. Beidh stiúra gnótha agus ordú imeacht búird shláinte do réir rialachán a dhéanfidh an tAire o am go ham.
16. Déanfar suas cuntaisí fáltaisí agus caiteachais gach búird shláinte agus coistí agus oifigeacha an bhúird sin go leathbhliantúil go dtí an 30adh lá de Mheán Fhomhair agus an 31adh lá de Mhárta gach bliain, i pé fuirm a ordóidh an tAire, agus déanfidh pé duine a cheapfidh an tAire chuige sin iad d'iniúcha.
17. Tíolacfidh bord sláinte don chomhairle chontae chó luath agus is féidir é tar éis deire gach leath-bhliana cuntas achmair ar a fháltaisí agus ar a chaiteachas agus tuarasgabháil ar an obair a dhin an bord i rith na leath-bhliana.
TRIU SCEIDEAL.
COISTI LE N-A gCUIRFAR DEIRE FE CHUID II. DEN ACHT SO.
Coistí Bainistí a ceapadh fé alt 5 den Tuberculosis Prevention (Ireland) Act, 1908.
Coistí a ceapadh chun crícheanna an Midwives (Ireland) Act, 1918, fé alt 16 den Acht san.
Coistí a ceapadh fé fho-alt (4) d'alt 2 den Blind Persons Act, 1920.
CEATHRU SCEIDEAL.
ACHTANNA A FEIDHMEOFAR AR FUAID SHAORSTAIT ÉIREANN.
Infectious Disease (Notification) Act, 1889.
Infectious Disease (Prevention) Act, 1890.
Public Health Acts Amendment Act, 1890. Cuid III.
Public Health Acts Amendment Act, 1907. Codacha IV. agus V.
Tuberculosis Prevention (Ireland) Act, 1908. Cuid I.
CUIGIU SCEIDEAL.
RIALACHA CHUN COSTAISI TAISTIL D'IOC LE BAILL D'UDARAIS CHONTAE AGUS DE CHOISTI.
1. Sna rialacha so—
cialluíonn na focail “údarás contae” agus “coiste údaruithe” na nithe céanna a chialluíd in alt 63 den Acht so;
cialluíonn an focal “rann-íoc” rann-íoc is iníoctha fé alt 63 den Acht so mar chabhair chun costaisí taistil baill;
cialluíonn an focal “ball” ball d'údarás chontae no de choiste údaruithe.
2. Déanfidh gach ball, láithreach tar éis a thofa no a cheaptha, seola a ghnáth-áite comhnaithe do chur in úil don údarás chontae i scríbhinn, seola dá ngairmtear sna rialacha so áit chomhnaithe oifigiúil an bhaill sin.
3. Na rann-íocanna a híocfar le ball áireofar iad do réir faid an turais o áit chomhnaithe oifigiúil an bhaill go háit chruinnithe an údaráis chontae no an choiste údaruithe agus do réir an mhodha iompair a húsáidtear ar an turas san.
4. I gcás in ar bhféidir níos mó ná aon bhealach amháin do ghabháil sa turas o áit chomhnaithe oifigiúil baill go háit chruinnithe an údaráis chontae no an choiste údaruithe, no in ar bhféidir an turas do dhéanamh ar mhodhanna iompair difriúla, tuigfar, chun crícheanna na rialacha so, gur gabhadh an bealach agus gur húsáideadh an modh iompair is lú 'na n-íocfí íocaíocht ar a son fé sna rialacha so.
5. Íocfar , le gach ball le n-a bhfuil rann-íoc iníoctha fé alt 63 den Acht so, suim a háireofar sa tslí a horduítear sa chéad riail eile, ar son gach cruinnithe den údarás chontae no den choiste údaruithe ar ar fhreastal sé ach ní híocfar aon rann-íoc le haon bhall den tsórt san ar son cruinniú a comóradh in áit is giorra ná cúig mhíle ar aon bhealach óna áit chomhnaithe oifigiúil.
6. Is mar leanas a háireofar an tsuim is iníoctha fén riail sin roimhe seo ar son gach cruinnithe fé leith, sé sin le rá, ceithre pingne ar gach míle den turas a dineadh de bhóthar iarainn o áit chomhnaithe oifigiúil an bhaill go háit an chruinnithe, agus cúig pingne ar gach míle den turas san a dineadh in aon tslí eile seachas de bhóthar iarainn.
SEU SCEIDEAL.
RIALACHA CHUN DAINGNIU DO DHEANAMH AR ORDUITHE SEALADACHA A THUGANN COMHACHT D'UDARAIS ÁITIÚLA CHUN TALAMH DO THOGAINT.
1. Seirbheálfar cóip den Ordú Shealadach ar an slí orduithe, maraon le ráiteas go ndaingneofar an t-ordú agus go mbeidh éifeacht Achta den Oireachtas aige mara ndinidh duine éigin le n-a mbaineann an scéal achuinge do thíolaca, laistigh den tréimhse orduithe, don Aire no don Chúirt Chuarda 'na bhfuil údarás aici san áit ina bhfuil an talamh atá le tógaint, achuinge á iarraidh ná déanfí dlí den ordú, no d'aon chuid áirithe dhe, gan tuille fiosrúcháin.
2. Déanfidh oifigeach den Chúirt Chuarda cóip de gach achuinge chun na Cúirte Cuarda fé sna Rialacha so do chur ag triall ar an Aire, agus má tarraingtear siar an achuinge cuirfar chuige, leis, ar an gcuma gcéanna, fógra á rá san.
3. Más deimhin leis an Aire gur có-líonadh na rialacháin orduithe ar gach slí, ansan, tar éis na tréimhse orduithe—
(a) marar tíolaeadh aon achuinge no má tarraingtear siar gach achuinge den tsórt san, daingneoidh an tAire an tOrdú gan a thuille fiosrúcháin;
(b) má tíolacadh achuinge don Chúirt Chuarda agus nár tarraingeadh siar í, ansan, ag an gcéad shuidhe den chúirt sin a bheidh ann tar éis seachtain do bheith caithte o dháta thíolactha na hachuinge no tar éis an tréimhse orduithe do bheith caithte, pe'ca am aca is déanaí, no ar pé dáta, níos déanaí ná san, a ordóidh an chúirt, éistfidh an chúirt an achuinge agus tabharfa sí breith ar gach ceist a eireoidh ina taobh, agus féadfa sí an t-ordú do dhaingniú, tar éis é leasú no gan é leasú, no an t-ordú do nea-lomháil, agus féadfa sí costaisí do mhola a bheidh le n'íoc ag an achuingeoir, no ag aon pháirtí ag cur i gcoinnibh na hachuinge, no le haon taobh acu;
(c) marar tíolacadh aon achuinge don Chúirt Chuarda, ach gur tíolacadh achuinge don Aire agus ná tarraingeadh siar í, ansan, mara bhfógróidh an t-údarás áitiúil don Aire go bhfuilid chun a n-iarratas ag iarraidh an orduithe, no an chuid sin de le n-a mbaineann an achuinge, pe'ca aca é, do tharrac siar, déanfidh an tAire tar éis tuarasgabháil iomlán ar an bhfianaise a tógadh sa bhfiosrúchán bhunaidh do bhreithniú agus tar éis pé fiosrúchán áitiúil sa bhreis (más ann do) is dó leis is gá, déanfa sé an t-ordú do dhaingniú, tar éis é leasú no gan é leasú, no an t-ordú do nea-lomháil.
4. Má tíolacadh achuinge don Aire no don Chúirt Chuarda fé sna Rialacha so, agus ná baineann sí ach le cuid d'ordú shealadach, féadfidh an tAire dhá ordú no trí do dhéanamh den ordú shealadach mar leanas:—
(a) ordú ina mbeidh an chuid den ordú bhunaidh ná baineann aon achuinge den tsórt san léi;
(b) ordú ina mbeidh an chuid no na codacha den ordú bhunaidh le n-a mbaineann aon achuinge chun na Cúirte Cuarda;
(c) ordú ina mbeidh an chuid no na codacha den ordú bhunaidh le n-a mbaineann aon achuinge chun an Aire agus le ná baineann achuinge chun na Cúirte Cuarda;
agus déanfidh ordú críochnuithe de gach ceann de sna horduithe nua san no daingneofar é fé sna Rialacha so fé is dá ndineadh an tAire i dtosach an t-ordú nua san mar ordú fé leith.
5. Regleálfidh rialacha cúirte an cleachta agus an nós-imeachta maidir le tíolaca, le tarrac-siar agus le héisteacht achuingeacha chun na Cúirte Cuarda agus leis na costaisí a bhainfidh leis na nithe sin.
SEACHTU SCEIDEAL.
ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.
Síosón agus Caibideal. | Gearr-theideal. | Méid na hathghairme. |
6 & 7 Will. IV. c. 116 | The Grand Jury (Ireland) Act, 1836. | Ailt 1, 38, 50, 51, 52, 55 agus 56; alt 80, 0 “not exceeding one pound” go deire an ailt; alt 162. |
28 Vic. c. 26 | The Union Officers Superannuation (Ireland) Act, 1865. | An tAcht go léir. |
32 & 33 Vic. c. 50 | The Medical Officers Superannuation Act (Ireland), 1869. | An tAcht go léir. |
32 & 33 Vic. c. 79 | The Local Officers Superannuation Act (Ireland), 1869. | An tAcht go léir. |
35 & 36 Vic. c. 89 | The Union Officers (Ireland) Act, 1872. | An tAcht go léir. |
38 & 39 Vic. c. 56 | The County Surveyors (Superannuation) Act (Ireland), 1875. | An tAcht go léir. |
48 & 49 Vic. c. 80 | The Union Officers (Ireland) Act, 1885. | An tAcht go léir. |
61 & 62 Vic. c. 37 | The Local Government (Ireland) Act, 1898. | Fo-alt (2) d'alt 3, ailt 8 agus 11, ach amháin sa mhéid go mbaineann na hailt sin le Cathair no le Contae Bhaile Atha Cliath; fo-alt (2) d'alt 12; fo-ailt (2), (6) (7), agus (8) d'alt 27, ach amháin sa mhéid go mbaineann na fo-ailt sin le Cathair no le Contae Bhaile Atha Cliath; fo-alt (2) d'alt 82, ach amháin sa mhéid go mbaineann an fo-alt san le Cathair no le Contae Bhaile Atha Cliath; fo-alt (11) d'alt 83; alt 87. |
-- | The Local Government (Application of Enactments) Order, 1898. | Fo-airtiogal (11) d'airtiogal 12 den Sceideal. |
63 & 64 Vic. c. 41 | The Local Government (Ireland) (No. 2) Act, 1900. | An tAcht go léir. |
9 Edw. VII. c. 32 | The Health Resorts and Watering-Places (Ireland) Act, 1909. | An tAcht go léir. |
3 Edw. VII. c. 36 | The Motor Car Act, 1903. | Fo-alt (2) d'alt 10. |
9 Edw. VII. c. 47 | The Development and Road Improvement Funds Act, 1909. | Fo-alt (2) d'alt 10. |
9 & 10 Geo. V. c. 19 | The Local Government (Ireland) Act, 1919. | Alt 8. |
9 & 10 Geo. V. c. 21 | The Ministry of Health Act, 1919. | An tAcht go léir. |
Ailt 12 agus 14. |