[EN]

Uimhir 9.


[EN]

ACHT UM RIALTAS ÁITIÚIL (FORALACHA SEALADACHA), 1923


ACHT CHUN LEIGHISTE NA LOCHTANNA IS MÓ DÁ bhFUIL SA DLÍ ATÁ ANN FÉ LATHAIR I dTAOBH FÓIRITHIN NA mBOCHT AGUS I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE UM RIALTAS ÁITIÚIL AGUS CHUIGE SIN CHUN LEASÚ SEALADACH DO DHÉANAMH AR NA DLITHE A BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMH-RÁITE. [28adh Márta, 1923.] DE BHRÍ go bhfuil gá le fada le leasú agus atharú do dhéanamh ar na dlithe atá ann fé láthair i dtaobh Rialtais Áitiúla i Saorstát Éireann agus, go sonnrách, an dlí atá ann fé láthair i dtaobh fóirithin na mbocht, go bhfuil sé neamh-oiriúnach ar fad do chás Shaorstáit Éireann agus go ndineann sé dochraide neariachtanach do dhaoine 'na mbíonn fóirithin fén dlí sin de dhíth orra agus, san am gcéanna, go bhfuil riara na fóirithine sin róchostasach:

AGUS DE BHRÍ sa chás roimh-ráite go dtáinig sé chun críche i roint contaethe nách féidir fóirithin ar na boicht in aon chor fén dlí atá ann fé láthair agus chun teacht as an éigeandáil d'eirigh amhlaidh gur dhin Comhairlí na gContaethe sin riara fóirithin na mbocht d'ath-ghléasa ina gContaethe féin fé seach agus go bhfuilid le seal ag riara na fóirithine sin do réir Scéimeanna d'ullamhuíodar na Comhairlí sin fé mhola an Aire um Rialtas Áitiúil, Scéimeanna dar príomh-fhorálacha:—

(a) deire do chur leis an seana-ghléas fé n-a ndintí fóirithin ar na boicht i dtithe oibre do bunuíodh i ngach Aontas fé Dhlí na mBocht;

(b) an riarachán do thabhairt le chéile fé aon údarás amháin i ngach contae;

(c) fúndúireachtaí meán-suidhte in ar féidir fóirithin ar bhoicht na contae do bhunú i ngach contae;

(d) cumas do thabhairt chun fóirithin ar gach duine bocht dar gá é laistigh no lasmuich den bhfúndúireacht mheán-suidhte fé mar a meastar is fearr:

AGUS DE BHRÍ, go dtí go bhféadfar ath-ghléasa fórleathan ar iomlán an dlí um Rialtas Áitiúil i Saorstát Éireann d'ullamhú agus do leaga fé bhráid an Oireachtais, go bhfuil sé riachtanach socrú sealadach do dhéanamh chun na lochtanna is mó dá bhfuil sa dlí do leigheas agus, go sonnrách, údarás dlí do thabhairt do sna Scéimeanna roimh-ráite sin i gcóir fóirithin na mbocht do cuireadh i ngníomh ag roint Comhairlí Contae mar adubhradh, comhacht do thabhairt do Chomhairlí Contae eile a leithéidí eile sin de Scéimeanna do chur i bhfuirm, comhachtanna áirithe i gcóir éigeandála do thabhairt d'Údaráis Áitiúla, agus údarás sealadach do thabhairt don Aire um Rialtas Áitiúil chun deighleáil le hUdaráis Áitiúla a bheidh dearmhadach ina ndualgaisí agus ina gcúraimí:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTAIT EIR EANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

[EN]

Brí “Scéim Chontae.”

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “Scéim Chontae” scéim a hullamhófar fén Acht so no dá réir ag Comhairle Chontae chun fóirithin na mbocht sa Chontae sin do riara:

[EN]

cialluíonn an focal “seana-scéim” scéim de sna scéimeanna atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so chun fóirithin na mbocht i gContae do riara:

[EN]

cialluíonn an focal “Seana-scéim Chontae” oiread de sheanascéim agus bhaineann le fóirithin na mbocht agus ná fuil contrárdha d'aon cheann d'fhorálacha an Achta so.

[EN]

Gníomhú Seana-Scéimeanna Contae

2.—(1) O aimsir rithte an Achta so agus dá héis déanfar fóirithin na mbocht i gContae le n-a mbaineann Seana-scéim Chontae do riara fén Seana-scéim Chontae agus dá réir, agus tuigfar an dlí i dtaobh fóirithin na mbocht sa Chontae sin do bheith atharuithe agus dineann so é d'atharú, agus ar an slí sin agus sa mhéid sin is gá chun an tSeana-scéim Chontae sin do chur i lán-fheidhm agus i lán-éifeacht.

[EN]

(2) An tSeana-scéim Chontae a bhaineann le Contae a hainmnítear sa Chéad Cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so tuigfar i do theacht i ngníomh ar an dáta a luaidhtear sa Dara Colún den Dara Sceideal san os coinne ainm na Contae sin agus na leasuithe a dineadh (má dineadh iad) ar an Seanascéim Chontae sin tuigfar iad do theacht i ngníomh ar na dátaí fé seach a luaidhtear sa Tríú Colún den Dara Sceideal san os coinne ainm na Contae sin.

[EN]

(3) On dáta agus d'éis an dáta ar a dtuigtar leis an alt so aon tSeana-scéim Chontae no aon leasú ar aon Scéim den tsórt san do theacht i ngníomh, tuigfar an dlí i dtaobh fóirithin na mbocht sa Chontae le n-a mbaineann an Scéim sin tuigfar é do bheith atharuithe ar an slí sin agus sa mhéid sin ba ghá chun an Scéim no an leasú san, pe'ca aca san é, do chur i lán-fheidhm agus i lán-éifeacht.

[EN]

(4) Gach gníomh, ní agus rud a dineadh no a fágadh gan déanamh fé Sheana-scéim Chontae, no dá réir, aon uair tar éis an Scéim sin do theacht i ngníomh agus roimh rith an Achta so, agus a bhain le fóirithin na mbocht sa Chontae le n-a mbaineann an Scéim sin tuigfar gur go dleathach a dineadh iad no a fágadh iad gan déanamh (pe'ca aca san é) fén dlí mar a hatharuíodh é do réir an fho-ailt deireannaigh sin.

[EN]

(5) Aon fhoráil atá in aon tSeana-scéim agus a bhaineann le héinní seachas fóirithin na mbocht no atá contrárdha d'aon fhoráil den Acht so beidh sí agus tuigfar go raibh sí riamh gan brí gan éifeacht: Ach chun crícheanna an Achta so tuigfar Otharlann Chontae do bheith ina fúndúireacht chun fóirithin na mbocht.

[EN]

(6) Aon ghníomh a dineadh roimh rith an Achta so agus do bheadh dleathach mara mbeadh gur ritheadh an t-Acht so ní bheidh sé nea-dhleathach de bhárr oibriú éinní dá bhfuil san alt so.

[EN]

Féadfaidh Comhairle Chontae Scéim d'ullamhú i gcóir áite ná fuil aon tSeana-scéim ann.

3.—(1) Féadfaidh Comhairle aon Chontae i Saorstát Éireann ná beidh aon tSeana-scéim Chontae ag baint léi, féadfa sí scéim d'ullamhú do réir forálacha an Achta so chun fóirithin ar na boicht sa Chontae sin, agus féadfa sí an scéim sin do leaga fé bhráid an Aire nuair a bheidh sí ullamh aici.

[EN]

(2) Le toil an Aire féadfidh Comhairle aon Chontae-Bhuirge agus Comhairle aon Chontae ata teoranta leis an gContae-Bhuirg sin, in ionad scéimeanna fé leith d'ullamhú fén alt so féadfid cóscéim d'ullamhú chun fóirithin ar na boicht sa Chontae-Bhuirg agus sa Chontae sin agus an chó-scéim sin do leaga fé bhráid an Aire agus, chun crícheanna an Achta so, nuair a bheidh gach có-scéim den tsórt san daingnithe go cuibhe ag an Aire fén Acht so, is Scéim Chontae í agus is aon Chontae amháin an Chontae-Bhuirg agus an Chontae sin.

[EN]

An t-Aire do dhaingniú Scéimeanna.

4.—(1) Déanfidh an t-Aire gach scéim dá leagfar fé n-a bhráid fén Acht so—

[EN]

(a) do dhaingniú gan í d'atharú, no

[EN]

(b) do dhaingniú tar éis í d'atharú agus baint uaithi agus cur léi fé mar is dó leis is gá, no

[EN]

(c) d'oba ar fad.

[EN]

(2) Mí ar a luíod roimh dhaingniú aon Scéime dá leagfar fé n-a bhráid fén Acht so (pe'ca atharóidh sé í no ná hatharóidh), foillseoidh an t-Aire, i dhá bpáipéar nuachta a léightear sa Chontae le n-a mbainfidh an Scéim sin, fógra go bhfuil sé chun an scéim do dhaingniú agus go bhfuil no ná fuil sé chun í d'atharú san am gcéanna, agus le n-a linn sin cuirfe sé cóip den Scéim sin ag triall ar Rúnaí Comhairle na Contae sin agus ar Chléireach gach Comhairle Tuath-Cheanntair no Baile-Cheanntair sa Chontae sin maraon le gach atharú atá (má tá) ar aigne ag an Aire a dhéanamh uirri, agus ar gach tráth réasúnta i rith an mhí sin leigfidh an Rúnaí agus na Cléirigh sin fé seach d'aon duine an chóip sin d'iniúcha agus do chóipeáil in oifig na Comhairle Contae no Tuath-Cheanntair no Baile-Cheanntair, pe'ca aca san é.

[EN]

(3) Gach scéim a leagfar fé bhráid an Aire fén Acht so agus a dhaingneoidh an t-Aire (pe'ca atharóidh sé í no ná hatharóidh) tiocfa sí i ngníomh an lá a daingneofar amhlaidh í agus beidh sí ina Scéim Chontae do réir brí an Achta so agus ón dáta san agus dá éis déanfar fóirithin na mbocht sa Chontae le n-a mbainfidh an scéim sin do riara fén scéim sin agus dá réir, agus tuigfar an dlí i dtaobh fóirithin na mbocht sa Chontae sin do bheith atharuithe ar chuma do thabharfadh lán-fheidhm agus lán-éifeacht don scéim sin.

[EN]

(4) Déanfar gach scéim a dhaingneoidh an t-Aire fén alt so do leaga i láthair gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a daingnithe, agus má dhineann gach Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh aon Tigh den dá Thigh díobh ina dhiaidh sin, rún do rith chun an scéim sin do chur ar neambrí, beidh an scéim sin gan brí dá réir, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén scéim sin.

[EN]

Comhacht chun Scéimeanna Contae d'atharú.

5.—(1) Féadfidh an t-Aire, le hórdú a dhéanfa sé fén alt so, aon Scéim Chontae d o leasú no d'atharú ó am go ham tar éis í do theacht i ngníomh, ar aon tslí is dó leis is gá, agus tiocfidh gach leasú no atharú den tsórt san i ngníomh ó pé dáta a órdóidh an t-Aire leis an ordú san.

[EN]

(2) Sara ndéanfa sé leasú no atharú ar bith ar aon Sceim Chontae fén alt so tabharfidh an t-Aire do Chomhairle na Contae le n-a mbaineann an scéim sin, fógra mí roimh ré go bhfuil sé chun an leasú no an t-atharú san do dhéanamh agus cuirfe sé i bhfáth aon aithris chúise a dhéanfaidh an Chomhairle sin laistigh den mhí sin i dtaobh an leasuithe no an atharuithe sin ach ní bheidh ar an Aire gniomhú as aon aithris den tsórt san ná déanamh dá réir.

[EN]

(3) Gach Ordú dá ndéanfidh an t-Aire fén alt so leagfar é i láthair gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann gach Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh aon Tigh den dá Thigh díobh ina dhiaidh sin, rún do rith chun an t-ordú san do chur ar neambrí beidh an t-Ordú san gan brí dá réir ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén Ordú san.

[EN]

(4) Baineann an t-alt so le Seana-scéimeanna Contae chó maith le Scéimeanna Contae a leagfar fé bhráid agus a daingneofar fén Acht so.

[EN]

Buaine na Scéimeanna Contae.

6.—Leanfidh gach Scéim Chontae i ngníomh go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1924, agus ragha sí in éag ansan.

[EN]

Féadfaidh Scéimeanna Contae deire do chur le Búird, Coistí, & c

7.—(1) Féadfaidh Scéim Chontae a fhoráil go gcuirfear deire le haon Bhórd um Chaomhna na mBocht, Coiste Ospidéil Chontae, Coiste Otharlainne Contae no aon chólucht eile dá bhfuil sa Chontae le n-a mbainfidh an Scéim Chontae agus é ag feidhmiú feidhmeanna a bhaineann le fóirithin na mbocht sa Chontae sin, agus a fhoráil, leis, na comhachtanna agus na dualgaisí uile, i dtaobh fóirithin na mbocht, a bhaineann leis an gcólucht no leis na cóluchtaí 'na gcuirfar deire leo leis an Scéim, d'aistriú chun Comhairle na Contae le n-a mbainfidh an Scéim, no chun Coiste a bhunóidh an Chomhairle sin, in' aonar no i bpáirtíocht le Comhairlí na dTuath-Cheanntar agus na mBaile-Cheanntar laistigh den Chontae: Ach i gcás cuid de líomatáiste feidhmiúcháin aon Bhúird, Coiste no cóluchta eile den tsórt san do bheith lasmuich den Chontae le n-a mbainfidh an Scéim, ní cuirfar deire leis an mBórd, Coiste no cólucht eile sin fén Alt so ach sa mhéid go raibh sé ag feidhmiú feidhmeanna laistigh den Chontae sin.

[EN]

(2) Nuair a déanfar fé Scéim Chontae deire do chur le haon Bhórd, Coiste no cólucht eile den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deireannach san, ansan, agus i ngach cás den tsórt san, ar an dáta agus tar éis an dáta ar a dtiocfidh no ar a dtuigfar a tháinig an Scéim Chontae sin i ngníomh:—

[EN]

(a) tiocfidh maoin uile an Bhúird, an Choiste, no an chóluchta eile sin i seilbh agus i ndílse agus i gcimeád ar iontaoibh do Chomhairle na Contae le n-a mbaineann an Scéim Chontae sin fé mhuirear na bhfiacha agus na bhfiachaisí uile a bhaineann leis an maoin sin agus sealbhóidh an Chomhairle sin an mhaoin sin i gcóir an estáit, an leasa agus na gcrícheanna gcéanna san agus fé sna connartha, na coiníollacha agus na teoranna céanna san gur ina gcóir agus fútha ba chóir an mhaoin sin do shealbhú do réir dlí fén Scéim Chontae sin no ar aon tslí eile,

[EN]

(b) iompóidh, agus beidh, fiacha agus fiachaisí uile an Bhúird, an Choiste no an chóluchta eile sin ina bhfiacha agus ina bhfiachaisí ar an gComhairle Chontae sin agus gan dochar d'fhorálacha an Achta so agus na Scéime Contae sin íocfidh an Chomhairle sin iad as an sórt céanna maoine agus cistí as a n-íocfí na fiacha agus na fiachaisí sin dá mba ná rithfí an t-Acht so: Ach i gcás cuid de líomatáiste feidhmiúcháin an Bhúird, an Choiste no an chóluchta eile sin do bheith lasmuich den Chontae le n-a mbaineann an Scéim Chontae, ní thiocfidh i seilbh do Chomhairle na Contae sin fén bhfo-alt so ná ná ní íocfa sí fén bhfo-alt so, ach oiread agus órdóidh an t-Aire de mhaoin, d'fhiacha agus d'fhiachaisí an Bhúird, an Choiste no an chóluchta eile sin.

[EN]

(3) Má aistrítear chun Comhairle aon Chontae no má gheibheann sí, fén alt so, aon tailte no foirgintí beidh lán-chomhacht ag an gComhairle sin, gan dochar d'fhorálacha na Scéime Contae, gach ceann no aon cheann d'aon tailte no foirgintí den tsórt san do bhainistí, d'atharú agus do mhéadú agus, le cead an Aire (agus ní dá éamuis), an céanna do dhíol, do chur fé léas no d'aistriú ar aon tslí eile agus féadfidh an t-Aire aon choiníollacha is oiriúnach leis do chur i ndeonú a cheada chun an díolacháin, an cur fé léas no an t-aistriú san do dhéanamh agus orra san áirítear coiníollacha i dtaobh cad a déanfar le sochar an díolacháin, an churtha fé léas no an aistrithe sin.

[EN]

Féadfidh an t-Aire tailte agus foirgintí d'aistriú.

8.—Féadfidh an t-Aire díol no cur fé léas no aistriú ar aon tslí eile do dhéanamh ar gach ceann no aon cheann de thailte no d'fhoirgintí ar bith atá no a bheidh aon uair ina ndílse ar iontaoibh aige d'aon chólucht 'nar cuireadh deire leis le haon Scéim Chontae, agus beidh sochar an díolacháin no an churtha fé léas no an aistrithe sin i gcimeád ar iontaoibh ag an Aire chun aon chríche chun a bhféadfí an talamh no na foirgintí sin d'úsáid no do chur do réir dlí fén Scéim Chontae sin no ar aon tslí eile.

[EN]

Conus a có-líonfar dualgaisí a bhaineann le gearra na bolgaí.

9.—Nuair a dhéanfidh aon Scéim Chontae deire do chur le Bórd Caomhnóirí aon Aontais, aistreofar na comhachtanna do bhí ag an mBórd Caomhnóirí sin agus na dualgaisí do bhí air, fé sna hAchtanna um Ghearra na Bolgaí (Éirinn), in aon Chontae-Bhuirge no Baile-Cheanntar no Tuath-Cheanntar atá ina chuid den Aontas san, aistreofar iad chun Comhairle na Contae-Bhuirge no an Bhaile-Cheanntair no an Tuath-Cheanntair sin.

[EN]

Deire le coscanna ar fhóirithin allamuich

10.—Gan dochar d'aon rialacháin a dhéanfidh an t-Aire ina thaobh, féadfar fóirithin allamuich do dheonú d'einne is díol fóirithine i gContae le n-a mbaineann Scéim Chontae, in ainneoin éinní in aon achtachán ná leigeann fóirithin do dheonú ach d'aicmí áirithe daoine agus tuigfar feidhm do bheith ag an bhforáil seo in aon Chontae den tsórt san ó dháta na Scéimeanna Contae sin do theacht i ngníomh agus dá éis sin.

[EN]

Aois-liúntaisí d'oifigigh 'na gcuirfar deire le n-a n-oifigí.

11.—(1) Gach oifigeach fé údarás áitiúil 'na gcuirfar deire len oifig fé aon Scéim Chontae, no dá réir, beidh aige i dtaobh aoisliúntais, in ainneoin éinní dá mbeidh sa Scéim Chontae ach gan dochar d'fhorálacha an ailt seo, na cirt chéanna do bheadh aige dá gcuirfí as a oifig é, roimh rith an Achta so, ar chúis éigin seachas mí-iompar no mí-chumas, agus ní bheidh brí ná éifeacht in aon fhoráil dá mbeidh in aon Scéim Chontae agus a chiallóidh na cirt sin do mhéadú no do luíodú: Ach má dintear, laistigh de ráithe tar éis deire do bheith len' oifig, aon oifigeach den tsórt san do cheapa chun oifige inphinseanála fén Scéim Chontae sin agus nách lú tuarastal agus sochar na hoifige sin ná tuarastal agus sochar na hoifige do bhí aige cheana, ní bheidh teideal aige chun na gceart a tugtar leis an bhfo-alt so i dtaobh aois-liúntais, ach chun crícheanna pinsin, beidh teideal aige chun tréimhse a sheirbhíse fén údarás áitiúil do chur leis an seirbhís a thabharfa sé ina dhiaidh sin fén Scéim Chontae no ar aon tslí eile.

[EN]

(2) I gcás deire do chur le haon Bhórd Caomhnóirí fé aon Scéim Chontae, no dá réir, agus có-oifig do bheith ar seilbh ag éinne roimhe sin mar Chléireach don Bhórd Caomhnóirí sin agus mar Chléireach do Chomhairle Thuath-Cheanntair, no mar Oifigeach Fóirithine do Bhórd Caomhnóirí agus mar Fho-oifigeach Sláintíochta do Chomhairle Thuath-Cheanntair, agus an chó-oifig sin do bheith inphinseanála láithreach roimh dheire do chur leis an mBórd Caomhnóirí sin, tuigfar gurb oifig inphinseanála oifig an Chléirigh don Chomhairle Thuath-Cheanntair sin no oifig an Fho-oifigigh Shláintíochta don Chomhairle Thuath-Cheanntair sin (pe'ca aca san é) faid a bheidh an céanna ar seilbh ag an duine sin bíodh ná beidh an duine sin ag tabhairt a chuid aimsire go léir do sheirbhís na Comhairle sin: Ach i gcás aon oifigeach do Bhórd Caomhnóirí do bheith in'oifigeach do Chomhairle Thuath-Cheanntair, leis, sa chás san, ar chríochnú na hoifige sin aige fén mBórd Caomhnóirí, beidh teideal aige chun imeacht as oifig, mar oifigeach fén gComhairle Thuath-Cheanntair, ar na téarmaí céanna do gheobhadh sé dá gcuirfí deire len' oifig.

[EN]

(3) I gcás Scéim no Scéimeanna Contae do chur deire le Bórd Caomhnóirí aon Aontais atá ag dul isteach i dhá gcontae no níos mó, íocfar pinsin oifigeacha inphinseanála an Aontais sin ag Comhairle na Contae ina raibh an Tigh Oibre ba leis an Aontas san, agus beidh sé de theideal ag Comhairle na Contae sin pé méid den phinsean san is iníoctha ag Comhairle aon chontae eile ina raibh an t-Aontas san ag dul isteach ann d'fháil ó Chomhairle na contae eile sin.

[EN]

(4) In aon chás inar dineadh, roimh rith an Achta so, agus fé alt 8 den Acht um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1919, liúntas do dheonú d'oifigeach mar gheall ar é do chur as oifig fé aon Scéim Chontae, no dá réir, féadfidh Comhairle na Contae chun ar aistríodh fén Acht so an fiachas a bhaineann leis an liúntas san d'íoc leis an oifigeach san, féadfid, más oiriúnach leo é, laistigh de ráithe ó am rithte an Achta so, a fhógairt don oifigeach san agus don Aire gur mian leo ceart an oifigigh sin chun an liúntais sin, no méid an liúntais sin, do chur in imreasán, agus leis sin tuigfar cás imreasáin do réir brí an Ailt 8 san do bheith éirithe, agus tabharfidh an t-Aire breith ar an gceart chun an liúntais sin agus ar mhéid an liúntais sin do réir forálacha an Achta um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1919.

[EN]

D'ainneoin breith ón Aire fén bhfo-alt so do nea-luáil ceart do bheith ag aon oifigeach áirithe den tsórt san chun an liúntais sin, no d'atharú méid an liúntais sin, beidh an t-oifigeach san i dteideal an liúntas d'fháil agus d'íoc leis suas go dtí dáta na breithe sin ar an ráta ar ar deonadh an céanna fén Alt 8 san.

[EN]

(5) O aimsir rithte an Achta so agus dá héis, ní dheonfidh údarás áitiúil d'aon oifigeach, fé fhorálacha Ailt 8 den Acht um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1919, gan cead ón Aire, aon liúntas is mó ná an liúntas a háireofí do réir an scála a foráltar leis na hAchtanna Aois-liúntais, 1834 go dtí 1892 agus leis na rialacha fútha.

[EN]

(6) I gcás oifig inphinseanála do bheith ar seilbh ag aon oifigeach fé Údarás Áitiúil:

[EN]

(a) agus é do chur as a oifig le haon Scéim Chontae, no dá réir; no

[EN]

(b) tar éis rithte an Achta so, é do chur as a oifig ar chúis éigin eile seachas mí-iompar no mí-chumas; no

[EN]

(c) tar éis rithte an Achta so, é d'éirghe as a oifig le cead an Aire—

[EN]

agus é do bheith ar fostú í bhfeadhmannas diombuan ag an Údarás Áitiúil nuair a ceapadh chun na hoifige inphinseanála san é, áireofar mar sheirbhís in oifig inphinseanála, chun críche aon achtacháin i dtaobh aois-liúntas oifigeacha Údaráis Áitiúla, oiread de sheirbhís diombuan an oifigigh sin agus órdóidh an t-Aire, má orduíonn sé aon chuid dí d'áireamh amhlaidh.

[EN]

Comhacht chun Údarás Áitiúil do scur.

12.—(1) Féadfidh an t-Aire, a órdú uair ar bith, más oiriúnach leis é, Fiosrúchán Áitiúil do dhéanamh i dtaobh an chuma ina gcó-líonann aon Údarás Áitiúil a dhualgaisí agus bainfidh le gach Fiosrúchán Áitiúil den tsórt san Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Rialtas Áitiúil (Achtacháin do chur i mbaint), 1898.

[EN]

(2) I gcás

[EN]

(a) an t-Aire do bheith deimhnitheach tar éis Fiosrúchán Áitiúil den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deireannach san do bheith déanta ná fuil dualgaisí Údaráis Áitiúla á gcó-líona go cuibhe agus go héifeachtúil ag an Údarás Áitiúil sin, no

[EN]

(b) Údarás Áitiúil do thabhairt faillí go toiliúil in aon ordú, treoir no rialachán dleathach ón Aire do chó-líona, no

[EN]

(c) Údarás Áitiúil d'fhágaint aon bhreithe, ordú no aithne ó aon Chúirt i Saorstát Éireann gan có-líona

[EN]

féadfidh an t-Aire, le hOrdú, an t-Údarás Áitiúil sin do scur, agus (de bhuadh na comhachta a bronntar ina dhiaidh seo anso air) féadfa sé toghachán nua d'ordú chun daoine do thogha mar bhaill den Údarás Áitiúil sin no maoin agus comhachtanna agus dualgaisí uile an Údaráis Áitiúla san d'aistriú chun aon chóluchta no chun aon daoine no duine is oiriúnach leis.

[EN]

(3) Pé uair a dhéanfidh an t-Aire Ordú fén bhfo-alt deireannach san chun Údarás Áitiúil do scur féadfa sé pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis do cheapa chun dualgaisí an Údaráis Áitiúla san do chó-líona agus féadfa sé ó am go ham gach duine no aon duine den tsórt san do chur chun siúil agus daoine eile do cheapa ina n-ionad agus féadfa sé sealbhuíocht oifige, dualgaisí agus luach saothair gach duine den tsórt san do shocrú.

[EN]

(4) Déanfar luach saothair gach duine a ceapfar fén bhfo-alt deireannach san d'íoc as Ioncum an Údaráis Áitiúla san mar chuid de chostaisí an Údaráis Áitiúla san.

[EN]

(5) Aon uair tar éis Údarás Áitiúil do scur fén alt so féadfidh an t-Aire, le hOrdú, toghachán nua do chur ar siúl chun daoine do thogha mar bhaill den Údarás Áitiúil sin, agus ar chríochnú an toghacháin sin beidh dílsithe sa chólucht a toghfar amhlaidh maoin agus comhachtanna agus dualgaisí uile an Údaráis Áitiúla scurtha, bíodh gur dhin an t-Aire fén alt so an céanna d'aistriú chun aon chóluchta, daoine no duine eile.

[EN]

(6) Féadfidh an t-Aire, le hOrdú, ó am go ham, gach ní agus gach rialachán do dhéanamh is dó leis is gá do dhéanamh chun lán-éifeacht do thabhairt d'aon Ordú a dhéanfa sé fén alt so.

[EN]

Leasú ar altanna 3 agus 6 de 11 & 12 Geo. V. c. 67.

13.—Déanfar fo-alt 3 d'Alt 3 (a údaruíonn d'Udarásanna Áitiúla iasachtaí d'fháil ar ghearra-théarma) agus Alt 6 (a dhineann leathanú, i gcásanna áirithe, ar chomhacht Udarásanna Áitiúla chun iasachtaí d'fháil) den Acht um Udarásanna Áitiúla (Forálacha Airgid), 1921 (11 & 12 Geo. V., c. 67), do leasú tríd na focail “an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, Naoi gCéad Déag a Ceathair Fichead” do chur in ionad na bhfocal “an chéad lá d'Abrán, Naoi gCéad Déag a Trí Fichead” i ngach áit ina bhfachtar na focail sin.

[EN]

Ni fhéadfidh ball d'Údarás Áitiúil bheith ar fostú ag an Údarás san ná ag aon Údarás Áitiúil eile.

14.—(1) Ní shealbhóidh aon duine aon oifig shochair fé aon Údarás Áitiúil ná ní bheidh sé ar fostú ar luach saothair ag an Údarás Áitiúil sin ná fé, ón aimsir agus tar éis na haimsire is túisce 'na ndéanfar, tar éis rithte an Achta so, na baill do thogha no do cheapa chun an Údaráis Áitiúla san, faid a bheidh sé, no laistigh de shé mhí tar éis é do scur de bheith, ina bhall den Údarás Áitiúil sin no d'aon Údarás Áitiúil eile go bhfuil, no go luíonn, a líomatáiste feidhmiúcháin san aon chontae le líomatáiste feidhmiúcháin an Údaráis Áitiúla san, no sa chontae chéanna gur laistigh di a luíoun an líomatáiste sin, no, mara ndéanfa sé roimhe sin cead an Aire d'iarraidh agus d'fháil, in aon Chontae atá teoranta leis an gContae sin.

[EN]

(2) Aon bhall d'Údarás Áitiúil go n-déanfar, le heirghe as no ar aon tslí eile, a bhallraíocht do chríochnú an chéad uair a déanfar no sara ndéanfar na baill do thogha no do cheapa chun an Údaráis Áitiúla san tar éis rithe an Achta so, tuigfar, chun crícheanna an ailt seo, gur scuir an ball san de bheith ina bhall den Údarás Áitiúil sin ar dháta a tháinig sé mhí roimh dháta an toghacháin sin.

[EN]

Comhachtanna os cionn daoine ar fostú ag Udarásanna Áitiúla.

15.(1) Beidh ag an Aire, i dtaobh na ndaoine go léir atá anois no a bheidh ina dhiaidh seo ar fostú ag aon Údarás Áitiúil in aon oifig no in aon fhostuíocht le n-a mbaineann an t-alt so, agus i dtaobh cuntaisí na ndaoine sin, na comhachtanna céanna san uile atá aige anois do réir dlí maidir le hoifigigh do Bhúird Chaomhnóirí d'Aontaisí fé Dhlí na mBocht agus maidir le cuntaisí na n-oifigeach san fé seach.

[EN]

(2) Bainfidh an t-Alt so leis na hoifigí agus na fostuíochta san adéarfidh an t-Aire ó am go ham le hOrdú.

[EN]

Comhacht do Chomhairlí chun airgead do sholáthar i gcóir teagaisc sa Ghaedhilg.

16.—(1) I dteannta aon chomhachta eile dá bhfuil cheana aici, féadfidh Comhairle aon Chontae no aon Bhaile-Cheanntair, sa bhliain airgid áitiúil dár críoch an 31adh lá de Mhárta, 1924, agus ar an gcuma a foráltar le hAlt 19 den Acht um Thalamhuíocht agus Teagasc Teigní (Éirinn), 1899, suim do sholáthar a bheidh có-mhéid le ráta pingine fén bpúnt ar an luach ionrátuithe a luaidhtear san Alt san.

[EN]

(2) Déanfar gach airgead a sholáthrófar fén Alt so do chur chun teagasc sa Ghaedhilg do sholáthar sa chontae no sa bhailecheanntar.

[EN]

(3) Ach amháin sa chás ina bhforáltar a mhalairt leis an Alt so, bainfidh forálacha uile an Achta san le gach airgead a soláthrófar fén Alt so.

[EN]

(4) Aon airgead a dhin Comhairle aon Chontae no aon Bhaile-Cheanntair do sholáthar agus do chaitheamh roimh rith an Achta so, chun teagasc sa Ghaedhilg do sholáthar sa Chontae no sa Bhaile-Cheanntar, tuigfar gur soláthruíodh agus gur caitheadh go dleathach é.

[EN]

Comhacht do Chomhairlí Contae chun duais-dheontaisí, & c., do dheonú.

17.—(1) Féadfidh Comhairle aon Chontae no aon Chontae-Bhuirge, le duais-dheontaisí, scoláireachtaí, sparántaisí, íoc táillí no aon rud eile, cabhrú le haon mhic léighinn no le haon daoine ar intinn bheith ina mic léighinn, ar aon scoil mholta i Saorstát Éireann, má táid ina ngnáth-chomhnaí sa Chontae no sa Bhuirg sin agus má bhíonn an Chomhairle sásta go bhféadfid siad tairbhe do bhaint as an dteagasc sa scoil sin agus go bhfuil gá aca le cabhair, agus má rithid siad pé tástála ábaltachta a leagfar amach do réir an Ailt seo.

[EN]

(2) Isé saghas scoile scoil mholta ná aon scoil chomhnathóireachta no nea-chomhnathóireachta a bheidh molta le hOrdú ó Aire an Oideachais agus ina mbeidh meadhon-oideachas á thabhairt no teagasc no tréineáil i dtalamhuíocht, foraoiseacht, trádáil, ceannaíocht, tigheas, múinteoireacht, no aon abhar eile a bhaineann le gairm beatha.

[EN]

(3) Na tástála ábaltachta a bheidh le rith ag mic léighinn fén Alt so leagfar amach iad i scéim a dhéanfidh Comhairle na Contae no na Contae-Bhuirge a chur i bhfuirm chun crícheanna an Ailt seo do réir rialacha a dhéanfidh Aire an Oideachais, agus ní bheidh feidhm ag aon scéim den tsórt san mara ndéanfidh agus dtí go ndéanfidh Aire an Oideachais í do mhola.

[EN]

(4) Aon chostaisí fé n-a raghaidh Comhairle Chontae no Chontae-Bhuirge fén Alt so íocfar iad, i gcás Comhairle Chontae mar mhuirear ar an gcontae iomlán agus i gcás Comhairle Chontae-Bhuirge mar chostaisí fé n-a ndeaghaidh Comhairle na Buirge i bhfeidhmiú na n-Achtanna um Shláinte Phuiblí (Éirinn), 1878 go dtí 1919, ach an méid a sholáthróidh an Chomhairle sin aon bhliain chun crícheanna an Ailt seo ní bheidh sé thar an méid do thiocfadh as ráta 1d. fén bpúnt no as aon ráta níos aoirde a shocróidh an Chomhairle le cead an Aire.

[EN]

(5) Aon airgead a dhin Chomhairle aon Chontae no Bhaile-Cheanntair a sholáthar agus a chaitheamh chun crícheanna an Ailt seo roimh rith an Achta so, tuigfar gur caitheadh go dleathach é.

[EN]

Aisiocfidh na hUdarásanna Áitiúla na suimeanna a luaidhtear sa Tríú Sceideal.

18.—(1) Na suimeanna airgid uile a luaidhtear sa chéad cholún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a roimh-íocadh leis na hUdarásanna Áitiúla fé seach ar na dátaí fé seach a luaidhtear sa dara colún agus sa tríú colún fé seach den Tríú Sceideal san os coinne na suimeanna san fé seach, faisnítear leis seo iad do bheith ionaisioctha isteach i Stát-Chiste Shaorstáit Éireann, ar no roimh na dátaí sin fé seach a luaidhtear sa cheathrú colún den Tríú Sceideal san os coinne na suimeanna san, ag na hUdarásanna Áitiúla fé seach le n-ar roimh-íocadh na suimeanna san fé seach mar adubhradh.

[EN]

(2) Na híocaíochta a déanfar in aisioc na suimeanna uile roimh-ráite do réir an fho-ailt roimhe seo beid dleathach agus éifeachtach chun gach críche (agus iniúcha cuntaisí an Údaráis Áitiúla d'áireamh).

[EN]

Iocaíochta éifeachtacha íocaíochta an Cheathrú Sceidil.

19.—An íocaíocht ar na suimeanna airgid a luaidhtear sa chéad cholún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a dineadh ag na hUdarásanna Áitiúla fé seach ar na dátaí fé seach agus leis na daoine fé seach a luaidhtear fé seach sa dara, sa tríú agus sa cheathrú cholún den Cheathrú Sceideal san, faisnítear leis seo go bhfuilid agus go rabhadar riamh ina n-íocaíochta éifeachtacha agus dleathacha chun gach críche (agus iniúcha cúntaisí an Údaráis Áitiúla d'áireamh).

[EN]

Orduithe a fhéadfidh an t-Aire a dhéanamh.

20.—Féadfidh an t-Aire, le hOrdú, éinní de sna nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(1) aon tsean-achtachán a bhaineann le Comhairlí Contae no Ceanntair no le Búird Chaomhnóirí do chur i mbaint le haon chólucht puiblí a bunófar fén Acht so nó dá réir no fé aon Scéim Chontae no dá réir, ach pé atharuithe is riachtanach, dar leis, do dhéanamh ar an sean-achtachán san ar dtúis.

[EN]

(2) pé oiriúnithe is gá no is oiriúnach, dar leis, chun an t-Acht so no na Scéimeanna Contae a déanfar fé do chur in éifeacht, na hoiriúnithe sin do dhéanamh ar aon tsean-achtachán a bhaineann le héinní le n-a ndeighleálann no le n-a mbaineann an t-Acht so.

[EN]

(3) rialacha do dhéanamh chun an t-Acht so no na Scéimeanna Contae a déanfar fé do chur in éifeacht agus go sonnrách chun rialú do dhéanamh—

[EN]

(i.) ar mheas agus soláthar costaisí riaracháin Scéime Contae;

[EN]

(ii.) ar chuntasaí, ar iniúchóireacht, agus ar mheastacháin bhliantúla aon chóluchta puiblí a bunófar le Scéim Chontae;

[EN]

(iii.) ar aistriú maoine agus fiachaisí aon chóluchta puiblí 'na gcuirfar deire leis fén Acht so;

[EN]

(iv.) ar aon cheartú cearta, dualgaisí agus fiachaisí nuair is gá an ceartú san fén Acht so;

[EN]

(v.) go genearálta chun an t-Acht so do chur in éifeacht.

[EN]

(4) Gach Ordú a dhéanfidh an t-Aire fén Alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann gach Tigh den Oireachtas, laistigh den la is fiche a shuidhfidh aon Tigh den dá Thigh díobh ina dhiaidh sin, rún do rith chun an t-Ordú san do nea-mbríochaint, beidh an t-Ordú san ar nea-mbrí dá réir, ach ní lú-de éifeacht éinní a déanfar roimhe sin fén Ordú san é.

[EN]

Mínithe.

21.—San Acht so mara n-éilíonn an có-théacs rud éigin eile:—

[EN]

Foluíonn an abairt “Údarás Áitiúil” comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge comhairle bhaile-cheanntair, comhairle thuath-cheanntair, bórd caomhnóirí, baile-choimisinéirí aon bhaile, agus aon chólucht puiblí eile a bunófar le haon Scéim Chontae chun aon cheann d'fheidhmeanna na gcóluchtaí sin tuas d'fheidhmiú agus aon choiste no có-choiste le haon údarás díobh san adubhradh.

[EN]

Cialluíonn an focal “Aire”—

[EN]

(i.) maidir le haon ghníomh, rud no ní dar dineadh no dar fágadh gan déanamh roimh rith an Achta so, éinne de sna daoine seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an t-Aire um Rialtas Áitiúil;

[EN]

(b) an t-Aire um Rialtas Áitiúil de Rialtas Sealadach Shaorstáit Éireann a bhí ann le déanaí;

[EN]

(c) an té do bhí de thuras na huaire ag feidhmiú feidhmeanna an Aire um Rialtas Áitiúil fé údarás Dháil Éireann roimh bunú an Rialtais tSealadaigh roimh-ráite.

[EN]

agus (ii.) maidir le haon ghníomh, rud no ní a déanfar tar éis rith an Achta so, an t-Aire um Rialtas Áitiúil.

[EN]

Foluíonn an focal “Contae” Contae-Bhuirg, agus foluíonn an abairt “Comhairle Chontae” Comhairle Chontae-Bhuirge.

[EN]

Foluíonn an focal “achtachán” orduithe, rialacha agus rialacháin agus achtanna áitiúla chó maith le hachtanna puiblí genearálta.

[EN]

Cialluíonn an focal “sean-achtacháin” achtacháin i bhfeidhm i Saorstát Éireann ar dháta rithte an Achta so.

[EN]

Gearr-Theideal agus Buaine.

22.—(1) Féadfar an t-Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Leanfidh an t-Acht so i bhfeidhm suas go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1924, agus ragha sé in éag ansan.

[EN]

AN CHÉAD SCEIDEAL.


SCEIM CHONTAE AN CHABHAIN.

1 Ar dháta a cheapfidh an Coiste Bainistí na Tithe Oibre sa Bhadhún Buidhe agus i gCill Chathlaigh do dhúna, agus a n-iostuithe sin agus na hiostuithe sin i dTithe Oibre Ghránáird agus Bhaile Átha Truim atá ionmhuirir ar Chontae an Chabháin d'aistriú go Tigh Oibre an Chabháin, tigh a bheidh in' Fhúndúireacht Mheán-suite don chontae go léir, agus dá ngairmfar Teaghlach Chontae an Chabháin.

2. Bainistí an Tighe Oibre atá sa Chabhán fé láthair d'aistriú ó Bhórd Caomhnóirí an Chabháin chun Coiste Bainistí co-dhéanta de 25 baill, 'na gceapfar 15 díobh ag an gComhairle Chontae, duine ag gach Comhairle Bhaile-cheanntair, beirt ag Comhairle Thuath-cheanntair an Chabháin agus duine ag gach Comhairle Thuath-cheanntair eile dá bhfuil laistigh den Chontae, agus an cólucht do dhin an chéad cheapa in aon ionaduíocht do líona aon fhoth-fholúntaisi inti. An chéad Choiste do cheapa nuair a bheidh an Scéim Chó-naisc seo glactha agus ceaduithe go cuibhe ag Roinn an Rialtais Áitiúla de Dháil Éireann. Cúigear do dhéanamh quorum do chruinnithe den Choiste Bainistí sin. Ní foláir cead na Comhairle Contae agus cead Roinn an Rialtais Áitiúla de Dháil Éireann d'fháil i gcóir aon rialachán a dhéanfidh Coiste Bainistí an Teaghlaigh Chontae.

3. Na Búird Chaomhnóiri atá ann fé láthair do scur de bheith ag feidhmiú ó dháta an Scéim seo do ghlaca don Chomhairle Chontae, le Cead fé Shéala ó Dháil Éireann, agus gach ní a bhaineann le fóirithin allamuich, déarcaisí leighis, etc., do bheith á riara ag Fo-Choiste có-dhéanta d'ionaduithe ón gComhairle Thuath-cheanntair, agus ón gComhairle Bhailecheanntair, agus ón gComhairle Chontae. Beidh na Fó-choistí seo díreach fé láimh an Choiste Bhainistí agus, i dtaobh a bhfeidhmeanna agus a gcomhachtanna, beidh idir iad agus an Coiste Bainistí an cothrom céanna a bheidh idir an Coiste Bainistí agus an Chomhairle Chontae. An Coiste agus an Fo-choiste do shealbhú oifige i ngach cás den dá chás ar feadh téarma an chóluchta a cheapfidh iad.

4. Gach Tuath-cheanntar agus Baile-cheanntar do chabhrú chun íoc costaisí an Teaghlaigh Chontae do réir oiread so an duine.

5. An Chomhairle Chontae do sholáthar an airgid is riachtanach don Choiste Bhainistí chun Teaghlach Chontae an Chabháin do riara do réir meastacháin bhliantúla agus éilimh bhliantúla a dhéanfidh an Coiste Bainistí ar an gComhairle Chontae, agus san do dhéanamh ar an nós a foráltar le hAirtiogal 45 den Ordú um Chuntaisí Aontais, 1905. I gcóir na bliana airgid atá ann anois, ar éileamh ón gCoiste Bainistí, an Chomhairle Chontae do dhéanamh roimh-íoca ó am go ham, fé mar a theastóidh, i pé suimeanna airgid is le r chun riachtanaisí an Teaghlaigh nua, agus, más gá é, an Chomhairle Chontae d'fháil iasachta ón Dáil chun a chur ar a cumas na roimh-íocanna san do dhéanamh. Iniúchóir, a cheapfidh an Dáil, d'iniúcha cuntaisí an Choiste Bhainistí uair sa leathbhliain, agus glaca dá réir sin leis na sean-achtacháin agus na seana-rialacháin a bhaineann le hiniúchóireacht.

6. Maoin-áireamhach do cheapa chó luath agus is féidir é chun na n-earraí sin do luacháil a tógfar ó sna hAontaisí go léir chun Teaghlach Chontae an Chabháin de ghléasa, agus luach na maoine do chur chun creidiúna do gach Aontas óna dtógfar an mhaoín. Coiste Bainistí an Teaghlaigh d'íoc táille an Mhaoin-áireamhaigh.

7. An Coiste Bainistí do dhéanamh scrúduithe láithreach ar an gcuma 'na ndáiltear fóirithin allamuich fé láthair i ngach Aontas, d'fhonn slí níos bailighe agus níos slachtmhaire do cheapa, agus i dtreo ná déanfar fóirithin ach ar na daoine cearta.

8. An Coiste Bainistí do cheapa na n-oifigeach i gcóir an Teaghlaigh Chontae, fé mhola Roinn an Rialtais Áitiúla de Dháil Éireann, ach i gcás ceapa aon oifigigh a bheidh i dteideal no ag fáil aois-liúntais no aisce fén Scéim, ní foláir don oifigeach san, mar choiníoll de choiníollocha a cheaptha, gach éileamh ar aois-liúntas do leigint uaidh; no, má fuair sé aisce, caithfe sé méid na haisce sin d'aisíoc leis an gComhairle Chontae.

9. Gach oifigeach a bheidh i dteideal chun aois-liúntais, agus 'na gcuirfear deire len' oifig fén Scéim Chó-naisc, do chur ar aois-liúntas. Aois-liúntas do réir an seascadú cuid den tuarastal agus den tsochar oifige a gheibheann sé fe láthair ar sheirbhís bhliana do dheona do gach oifigeach 'na bhfuil seirbhís breis agus deich mbliana tugtha aige uaidh. Chun críche an Airtiogail seo áireofar mar fhaid a sheirbhíse don oifigeach san an méid blian seirbhíse a bheidh curtha isteach aige ach 25 fén gcéad den tseirbhís sin do chur leis an seirbhís sin ach ní raghaidh an t-aoisliúntas i gcás aon oifigigh thar dhá dtrian an tuarastail agus an tsochair atá dho fé láthair. Mar chúiteamh i ndeire do chur len' oifig isea deonfar don oifigeach an 25 fén gcéad san sa bhreis ar a bhlianta seirbhíse, agus na hoifigigh 'na gcuirfear deire lena nOifigí ní bheidh aon éileamh acu, mar gheall ar chailliúint Oifige, ar éinní sa bhreis ar a bhforáltar san Airtiogal so. Ar bheith ceaduithe don Scéim seo tabharfidh na Búird Chaomhnóiri do gach oifigeach lena mbainfidh an gnó an fógra is riachtanach a thabhairt i dtaobh deire do bheith curtha len' oifig, agus ba chóir dóibh rún do rith chun aois-liúntas no aisce, pe'ca aca san é, do dheona do gach oifigeach den tsórt san ar an mbása atá leagtha amach leis an Airtiogal so.

I gcás aon oifigigh a bheidh i dteideal chun aisce agus 'na mbeidh deich mbliana seirbhíse no níos lú ná san curtha isteach aige agus 'na gcuirfear deire len' oifig fén Scéim Chó-naisc, bainfidh leis an oifigeach san an t-aisce-scála atá leagtha amach sa Seachtú Sceideal den Acht um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1898 agus áireofar an scála san do réir an tuarastail agus an tsochair oifige a bheidh don oifigeach san ar an dáta ar a gcuirfear deire len' oifig. Más maith leis an gComhairle Chontae é, roinnfar íoc na n-aiscí ar thréimhse nách sia ná cúig bliana agus íocfar uair sa ráithe. Na hoifigigh lena gcúiteofar mar sin ní bheidh aon éileamh thairis sin aca i dtaobh cailliúint oifige.

10. Chó luath agus is féidir é déanfar gach a bhfuil de dhaoine gan meabhair, d'amadáin, agus de lucht taom-ghalair i dtithe oibre na contae d'aistriú go Gealtann Mhuineacháin no go dtí an Fho-ghealtlann sa Mhuinchille tar éis réiteach ina thaobh idir an gCoiste Bainistí agus Co-choiste Gealtlainne Mhuineacháin.

11. Dochtúirí Íclainne agus Mná Cabhartha Ceanntair do leanúint dá ndualgaisí do cho-líona ina gCeanntair Íclainne fé seach a fhanfidh gan atharú ortha.

12. Duine den Fhó-choiste do dhul in urrús ar gach iarrtas ar Fhóirithin Allamuich.

13. Chó luath agus is féidir é tar éis an Scéim do bheith ceaduithe ag an gComhairle Chontae agus ag Roinn an Rialtais Áitiúla de Dháil Éireann an Coiste Bainistí do dhéanamh na socruithe is gá chun na hiostaithe i dTithe Oibre an Bhadhúin Bhuidhe, Chill Chathlaigh Ghránáird agus Bhaile Átha Truim d'aistriú chun an Teaghlaigh Chontae do réir na Scéime

14. An dá leaba-chóiste mhótair do choimeád sa Teaghlach Contae. A fhágaint fén gCoiste Bainistí na mionrudaí eile a bhaineann leis an Scéim d'oibriú amach.


Leasú a dineadh ar an Scéim agus atá i bhfeidhm ó 25adh Márta 1922:—

“Otharlann Chontae an Chabháin do bheith i roinn oibriúcháin Choiste an Teaghlaigh Chontae, agus an Scéim chun Có-nascaithe na nAontaisí do leasú dá réir sin.”

SCÉIM CHONTAE AN CHLÁIR.

RIARACHÁN SLÁINTE PUIBLÍ.

Cinntear

(1) Contae an Chláir do bheith in' aontán chun crícheanna riaracháin Shláinte Phuiblí agus Luimneach a 2 (dá ngairmfar feasta Tuath-cheanntar Mhílic) d'inchorparáil sa Chontae.

(2) Gach seirbhís chun na Sláinte Puiblí sa Chontae do chó-ordú fé aon Údarás amháin, eadhon, Bórd Sláinte na Contae 'na mbeidh a bhreitheanna fé ath-fhéachaint agus fé chead na Comhairle Contae, agus a dhéanfidh maoirseacht agus smacht genearálta thar ceann na Comhairle Contae, ar

(a) Fhúndúireachtaí Sláinte Puiblí.

(b) Fhuireann Leighis na Contae.

(c) Fhuireann Bhanaltrais na Contae.

(d) Na Cigirí Sláinte Puiblí.

(e) Cabhair Theinteáin.

(3) Bórd Sláinte na Contae, co-dhéanta de 30 ball, do dhéanamh suas mar seo:—

10 gComhairleoirí Contae a ceapfar ag an gComhairle Chontae

9 gCathaoirligh Chomhairle Thuath-cheanntair.

2 Chathaoirleach Chomhairle Bhaile-cheanntair.

4 Dhuine a hainmneofar ag an gComhairle Chontae.

3 Ionadaithe do Choiste Árachais na Contae.

2 Ionadaí do Chumann Leighis na Contae.

(4) Gach Comhacht Sláinte Puiblí atá ag an mBórd Caomhnóirí go dtí so d'aistriú go dtí Bórd Sláinte na Contae, agus Bórd Sláinte na Contae d'fheidhmiú a chuid feidhmeanna (do réir nádúir na feidhme) tré.

(a) Fhó-choistí dá bhaill (ach nea-bhaill do chur leo nuair is gá san).

(b) Na cóluchtaí toghtha áitiúla (Comhairlí Tuath-cheann tair agus Comhairlí Baile-cheanntair).

(c) Ionadaithe do ghrúpa de chóluchtaí toghtha áitiúla.


FÚNDÚIREACHTAÍ SLÁINTE PUIBLÍ.

(7) An t-Ospideul Meabhar-ghalar. (Gan atharú.)

(8) An Teaghlach Meán-suidhte Contae

(Tigh Oibre Inis Cluana Rámhfhada d'úsáid chun na críche sin— corp an tighe do chimeád i gcóir seandaoine, lucht anbhfainne, agus síor-chásanna Ospidéil, agus iomlán an líne sin d'fhoirgintí ísle ar a dtugtar “na seideanna” do chimeád i gcóir geilteanna nea-dhíobhálacha agus na seomraí Óspidéil atá sa bhfoirgneamh scartha ina bhfuil an Choinbhint do chimeád i gcóir lucht eitinne),

(9) An Leanbh-árus Contae.

(Cuid de Thigh Oibre Chill Ruis d'úsáid chun na críche seo).

(10) Na hOspidéil Cheanntair.

Na hOspidéil atá in Inis Cluana Rámhfhada, in Inis Tíomáin, i gCill Ruis agus sa Scairbh do chimeád. Maidir le hInis Cluana Rámhfhada suidhfar an t-Ospideul sa bhfoirgneamh dá ngairmtear an Otharlann Chontae agus beidh an t-Ospideul Fiabhrais mar atá go dtí so

I gcás Chill Ruis, breithneoidh Bórd Sláinte na Contae an scéal féachaint ar mhaith an rud “seideanna na bhfear” ar an dtaobh ar a bhfuil an Tigh Oibre, d'úsáid mar Ospideul Fiabhrais.

(11) An Sanitórium Eadarchontae.

An Sanitórium atá ann fé láthair do chimeád ar oscailt, agus seana-scéim leighiste na heitinne do chimeád i bhfeidhm go dtí go mbunófar Sanitórium Eadarchontae.

COISTI BAINISTÍ.


(12) An t-Óspideul Meabhar-ghalar.

An Coiste do bheith mar atá ach é do bheith fé mhaoirseacht ghenearálta Bhórd Slainte na Contae, agus é do leaga a mheastacháin fé bhráid an Bhúird sin, cho maith le tuairiscí leathbhliana ar chor ghenearálta na n-othar.

(13) An Teaghlacl Meán-suidhte Contae.

An Coiste do bheith có-dhéanta den éinne déag Cathaoirleach Comhairlí Tuatha agus Comhairlí Baile a bheidh ar Bhórd Sláinte na Contae agus de chúigear eile a cheapfidh Bórd Sláinte na Contae agus is féidir triúr nách baill den Bhórd do bheith ar an gcúigear san;

(14) An Leanbh-árus Contae.

Fo-choiste seachtair a cheapfidh Bórd Sláinte na Contae, agus gur dochtúir duine den tseachtar san agus gur mná beirt ar a luíod díobh—gan a bheith de chomhacht ag an bhFó choiste dul fé chostas nách costas gnáthaíochta roimh-áirithe gan cead ó Bhórd Sláinte na Contae.

(15) Coistí na nOspideul gCeanntair.

(a) Ospideul Ceanntair Inis Cluana Rámhfhada—an Coiste do bheith có-dhéanta de:—

6 Baill a cheapfidh Comhairle Cheanntair Inis Cluana Rámhfhada.

2 Bhall a cheapfidh Comhairle Bhaile Inis Cluana Rámhfhada.

4 Baill a cheapfidh Comhairle Thuath-cheanntair Chora Finne.

3 Baill a cheapfidh Bórd Sláinte na Contae.

(b) Óspideul Ceanntair Chill Ruis—an Coiste do bheith co dhéanta de:

6 Baill a cheapfidh Comhairle Thuath-cheanntair Chill Ruis.

2 Bhall a cheapfidh Comhairle Bhaile Chill Ruis.

4 Baill a cheapfidh Comhairle Thuath-cheanntair Chill an Dísirt.

3 Baill a cheapfidh Bórd Sláinte na Contae.

(c) Óspideul Ceanntair Inis Tíomáin—an Coiste do bheith co-dhéanta de:

7 mBaill a cheapfidh Comhairle Thuath-cheanntair Inis Tíomáin.

5 Baill a cheapfidh Comhairle Thuath-cheanntair Bhaile Uí Bheacháin.

3 Baill a cheapfidh Bórd Sláinte na Contae.

(d) Óspideul Ceanntair na Scairbhe—an Coiste do bheith có-dhéanta de:

4 Baill a cheapfidh Comhairle Thuath-cheanntair Mhílic.

4 Baill a cheapfidh Comhairle Thuath-cheanntair na Scairbhe.

4 Baill a cheapfidh Comhairle Thuath-cheanntair na Tulaighe.

3 Baill a cheapfidh Bórd Sláinte na Contae:

Ach, i dteannta na mball a háirítear thuas, beidh ina bhall den Choiste Ospidéil Cheanntair ex officio gach Comhairleoir Contae a chomhnuíonn i líomatáiste Óspidéil Cheanntair.

(16) I gcás Ospideulanna Chill Ruis, Inis Tíomáin agus na Scairbhe, beidh ina Rúnaithe do sna hOspidéil Cheanntair na Cléirigh atá ann fé láthair, agus an Clárathóir agus na Cúntasóirí atá in Otharlainn Chontae an Chláir leanfid dá leithéidí sin d'oifigí do bheith acu in Ospideul Ceanntair Inis Cluana Rámhfhada (Foirgintí na hOtharlainne Contae) go dtí go mbeidh an t-Ospideul fé lán-tsiúl;

LEIGINT ISTEACH I BHFÚNDÚIREACHTAÍ SLÁINTE PUIBLÍ.

(18) An t-Ospideul Meabhar-ghalar.—Daoine do leigint isteach ann ar Bharántas Coimiteála fé láimh Dochtúra agus dhá Bhreitheamh i bhfianaise a chéile.

(Diúlta do Gheilteanna Nea-dhíobhálacha agus do Shíorchásanna chó fada agus is féidir é).

(19) An Teaghlach Meán-suidhte.—Daoine do leigint isteach ar theisteas fé láimh thriúir “aitheanta,” teisteas ina mbeidh faisnéis sholamanta á rá go bhfuil an seanduine no an duine anbhfann—

(a) gan bheith ábalta ar aire do thabhairt dó féin.

(b) gan tigh gan áitreabh agus gan gaol a bheadh freagarthach in aire do thabhairt dó.

(c) gan cara, no gaol i bhfad amach, no duine eile sa pharóiste chun teinteán do thabhairt do i gcomaoine deontais.

[Siad daoine 'na dtabharfar “aithint” dá sighnithe ar an bhfaisnéis ná an Chléir, Dochtúirí, Breithimh, Comhairleoirí Contae, Comhairleoirí Tuath-cheanntair agus Comhairleoirí Baile-cheanntair, agus ní foláir na sighnitheoirí do bheith ina dtriúr de thrí haicmí fé leith].

(20) Sara leigfar an seanduine no an duine anbhfann isteach, má bhíonn pinsean no aon liúntas eile dhó, ní foláir do—

(a) Socrú do shighniú chun an pinsean no an deontas, no 10s. sa tseachtain no suim do réir an phinsin do thabhairt do Choiste Bainistí an Teaghlaigh Mheánsuidhte.

(b) Órdú do shighniú a údaróidh do Chléireach an Teaghlaigh an pinsean no an deontas do tharrang ar a shon.

[Gan éinne do leigint isteach go dtí go gcruthófar go daingean nách féidir é chimeád suas ina pharóiste féin].

(21) Ospidéil Cheanntair—Leigint isteach—A órdú don Mhátrún sara leigfe sí othar isteach—

(a) Féachaint chuige go bhfuighe sí ordú fé láimh Dhochtúra rithte á rá cad é an galar atá ar an othar agus cá fhaid is dócha chaithfe sé fanúint san Ospideul.

(b) Féachaint chuige go ndéanfidh an t-othar (no gaol freagarthach an othair) socrú do shighniú do réir na fuirme a bheidh orduithe, chun costas a chimeádtha suas d'íoc do réir a luachála fé mar a bheidh luaidhte sa scála ceaptha no do réir a acfuinne.

(c) A fhiafraí d'aon othar ná fuil aon mhaoin aige a bhfuil se fé árachas in aghaidh breoiteachta agus a bhfaghann sé pinsean ó aon taobh.

(d) Ainm agus sloinne agus seola iomlán an othair agus a ghaoil fhreagarthaigh agus méid iomlán a luachála (no méid a phinsin) d'iontráil sa chlár.

(22) Daoine a raghaidh thar a nOspideul féin beidh ortha na táillí rialacháin d'íoc.

FUIREANN LEIGHIS NA CONTAE.


(23) Stiúra agus smacht genearálta do bheith ag Bórd Sláinte na Contae. agus a bheith air Scéim Seirbhíse Leighis don Chontae do cheapa i gcomhairle le Cumann Leighis na Contae.

Socróidh Bórd Sláinte na Contae—

(1) uimhir agus nádúir na n-oifigí a bheidh le líona, an Dochtúir Oifigiúil do bheith ina chomhnaí ina cheanntar féin agus, má dintear aon phost amháin de dhá cheann, an tuarastal do bheith níos lú dá bhárr.

(2) an méid ball nách mór a bheith ar Fhuirinn Leighis na Contae.

(3) na tuarastail (maidir le ceapanna a déanfar san am a thiocfidh).

(4) an chuma ina n-ath-roinnfar líomatáistí i gcásanna áirithe, no ath-cheartú tuarastail.

(5) seasamh ballra na fuirinne leighis maidir leis na hOspidéil Cheanntair.

Ar shlí ghenearálta is le Bórd Sláinte na Contae na Dochtúirí Oifigiúla do thogha amach i gcóir Fuirinne Leighis na Contae, agus baill den bhFuirinn Leighis do cheapa i gcóir na n-ionad a bheidh ann, ach más féidir é socrófar chun go dtuitfidh árduithe puist chuca fé mar eireoid.

(N.B.—Ní beifear ag brath ar dhochtúirí chun gníomhú mar Chigirí Sláintíochta).

FUIREANN BHANALTRAIS NA CONTAE.


(24) Cuirfar na prínsiobail sin thuas i bhfeidhm tar éis a n-atharuithe ar shlite áirithe.

Múinfar do chúigear ar a luíod den Fhuirinn Bhanaltrais chun friotháil ar chásanna Fiabhrais.

Ní leigfar d'éinne feasta bheith ar Fhuirinn Bhanaltrais na Contae ach Banaltraí a múineadh i Leigheas agus i Máinliaghas.

Suidhfar i gceanntair i bhfad ó sna hOspidéil Banaltra a múineadh Máin-liaghas agus i Leigheas.

Féadfar Fuireann Bhanaltrais na n-Ospideul d'aistriú go sealadach go hOspidéil eile seachas an ceann ina bhfuilid ar fostú más gá é, ach ní féadfar iad do chur le Banaltras Ceanntair.

OIFIGIGH SLÁINTE PUIBLÍ EILE.


(25) Cuirfar deire le hOifigigh Fóirithine do bheith ann (feic “Cabhair Theinteáin”).

(26) Cuirfar deire le hoifig na bhFó-oifigeach Sláintíochta.

(27) Beidh i líomatáiste gach Comhairle Thuatha agus Comhairle Bhaile aon Chigire amháin Sláinte Puiblí (nách Dochtúir Oifigiúil) a cuirfar fé ghearra-chúrsa tréineála ina dhualgaisí ar a n-áirítear maoirseacht na Cabhrach Teinteáin agus beidh sé ar fáil chun dualgaisí eile do chó-líona don Chomhairle.

CABHAIR THEINTEAIN


(31) Thar ceann na Comhairle Contae, beidh maoirseacht agus smacht genearálta ag Bórd Sláinte na Contae ar “Chabhair Theinteáin.”

(37) Ceapfidh Bórd Sláinte na Contae duine éigin freagarthach i ngach paróiste no Uachtarán Chumann San Vincent de Paul i mbailtibh, 'na bhféadfar seic ar an méid iomlán a bheidh le roinnt sa pharóiste gach seachtain do chur chucha maraon le hain mneacha na nglacadóirí agus le fuirmeacha admhála ar an méid a bheidh ag dul dóibh, fuirmeacha admhála a shighneoid ar fháil an airgid dóibh—agus cuirfar na hadmhálana sighnithe tharnais go dtí Cléireach na Comhairle Áitiúla. Mar a chéile an cháilíocht is gá do dhuine chun Cabhair Theinteáin d'fháil agus an cháilíocht is gá dho chun a fháil go leigfí isteach sa Teaghlach Meán-suidhte Contae é.

(38) Chun gurb usaide a déanfar an roinnt ceapfidh an duine freagarthach duine no daoine iontaoibhe i ngach líomatáiste séipéil sa pharóiste chun cuaird a thabhairt ar thithe na ndaoine a bheidh ag fáil cabhrach.

(39) I gcás paróistí ina roinntear méideanna ana-bheaga féadfar an seic do chur ag triall ar an duine freagarthach uair sa mhí, agus féadfar an t-airgead do thabhairt amach gach seachtain

CUR AR AOIS-LIÚNTAS.


(43) D'Oifigigh a chaillfidh a n-ionaid de bhárr na Scéime tabharfar aois-liúntaisí do réir pé rud is ceart i ngach cás dar leis an gCólúcht Puiblí lena mbainfidh.

(44) Do sna hOifigigh atá ann fé láthair a tabharfar aon ionaid a bheidh ag imeacht más oiriúnach san leis an gCólucht Puiblí lena mbainfidh.

(45) Níor chóir aon aois-liúntas do thabhairt dOifigigh a ghlacfidh ionaid fén gComhairle Chontae no fé údarás áitiúil eile má bhíd chó maith leis na hionaid a chailleadar.

(46) Níor chóir aon aois-liúntas do thabhairt dOifigigh a dhiúltóidh, gan dea-réasún, d'ionaid do ghlaca ina gcomharsanacht féin más ionaid iad d'fhéadfidís a líona chó saoráideach agus líonaid na hionaid atá acu fé láthair.

(47) Ba chóir go stadfadh an t-aois-liúntas ar fhágaint na hÉireann don té gur leis é. Chó fada agus is féidir é ba chóir gan ach na hoifigigh is sine do chur ar aois-liúntas.

(47a) Gach ceapa do dhéanamh le hárdú agus le scrúdú do réir scéime lena nglacfidh an Chomhairle sa chéad chruinniú eile bheidh acu.

(48) Costaisí na nithe seo leanas do bheith ina Muirir ar an gContae Iomlán:—

(a) An t-Ospideul Meabhar-ghalar.

(b) An Scéim Eitinne.

(c) An Teaghlach Meán-suidhte do Shean-daoine, do Lucht Anbhfainne, etc.

(d) An Leanbh-árus Contae.

(e) Bórd Sláinte na Contae.

(f) Tuarastail Fuirinne Leighis is Banaltrais na Contae.

(g) Tuarastail na gCigirí Sláinte Puiblí.

(h) Oifigigh a cuirfar chun siúil fén Scéim do chur ar aoisliúntas. (Fé láimh Bhórd Sláinte na Contae a bheidh a mbaineann le Cur ar Aois-liuntas.)

(49) Costaisí na nOspideul gCeanntair do bheith de mhuirear ar na líomatáistí dá bhfónfid na hOspidéil, eadhon:—

(a) Ospideul Ceanntair Inis Cluana Rámhfhada.—Tuathcheanntair Inis Cluana Rámfhada agus Chora Finne agus Baile-cheanntar Inis Chluana Rámfhada.

(b) Óspideul Ceanntair Inis Tíomáin.—Tuath-cheanntar Bhaile Uí Bheacháin agus Chora Finne.

(c) Ospideul Ceanntair Chill Ruis.—Tuath-cheanntair Chill an Dísirt.

(d) Óspideul Ceanntair na Scairbhe.—Tuath-cheanntair Mhílic, na Scairbhe agus na Tulaighe.

(50) Beidh na nithe seo leanas ina Muirir Cheanntair:—

(1) Costas na Cabhrach Teinteáin (ar a dtugtí Fóirithin Allamuich).

(2) Gach gnó do haistríodh ó Bhúird Chaomhnóirí chun Comhairlí Tuath-cheanntair.

(51) Maidir le Tuath-cheanntar Bhaile Uí Bheacháin, 4s. fén £ do bheith mar ráta maximum fén scéim mar gheall ar a ísle atá a ráta i gcóir Muirearacha Aontais go dtí so.

(52) Tar éis a fhiachaisí Ceanntair d'íoc, isé an chéad mhuirear eile bheidh ar an ráta san 4s. fén £ i dTuath-cheanntar Bhaile Uí Bheacháin ná muirear i gcóir an Ospidéil Cheanntair in Inis Tíomáin.

(53) An méid airgid a gheofar de thora an ráta san 4s. fén £ i dTuathcheanntar Bhaile Uí Bheacháin maran leor é chun íoctha na bhfiachaisí a bheidh ar an gCeanntar san de dheascaibh gach muirir soláthrófar an méid a bheidh in easnamh ón gcuid eile de Cheanntair na Contae, gach Ceanntar acu ag íoc do réir a luachála.

(54) Do ghnáth gheobhaidh gach Ceanntar lán-chreidiúint ina dheontaisí mar a gheibheadh go dti so, agus idir dhá linn ní foláir cailliúint na ndeontaisí sin do dhéanamh suas le rátaí a leagfar ar na Ceanntair sin.

AIRGEAD

Prínsiobail Ghenearálta.

(55) Tíolaicfidh na Comhairlí áitiúla agus na Coistí Bainistí áitiúla a meastacháin do Bhórd Sláinte na Contae agus déanfidh an Bórd maoirseacht ortha agus, roimh leaga an mheastacháin ghenearálta Sláinte Puiblí fé bhráid na Comhairle Contae dho, féachfa sé cadé an méid den ráta Sláinte Puiblí a bheidh le n'íoc ag na líomatáistí Tuatha agus na líomatáistí Baile a bheidh freagarthach

(56) Déanfidh Bórd Sláinte na Contae tuarastail na n-oifigeach d'íoc tré mheadhon na gComhairlí agus na gCoistí áitiúla gur féna maoirseacht díreach a bheidh na hoifigigh ag có-lí na a ndualgaisí.

(57) Ní deighleálfar le tairisgintí a bhainfidh le hárduithe tuarastail ach i gcruinniú Mí na Nodlag, tar éis fógra tairsgeana do thabhairt agus d'fhoillsiú i ngach cás i gcruinniú Mí na Samhna, agus (má dheonann Bórd Sláinte na Contae iad) tiocfidh na hárduithe i bhfeidhm ó thosach an chéad bhliana airgid in dhiaidh sin.

BÚIRD CHAOMHNÓIRÍ.

(64) Gach ní a bhaineann le bainistí na nOspideul gCeanntar beidh sé fé smacht na gCoistí Ospidéil.

(65) Thar ceann agus fé stiúrú genearálta Bhórd Sláinte na Contae, déanfidh na Comhairlí Ceanntair agus na Comhairlí Baile maoirseacht díreach ina gceanntair fé seach ar:—

(a) Fhriotháileamh Dochtúiri ina gCeanntair féin.

(b) Shocruithe chun Banaltrais ina gCeanntair féin.

(c) Chigireacht Shláintíochta.

(d) Chabhair Theinteáin do dheona do sheandaoine, do lucht anbhfainne agus do dhaoine dealbha.

(e) Leanbhaí do chur ar altranas agus cóir cheart do chur ortha.

(f) Chimeád Fúndúireachtaí nDúnta (má bhíd ann).

(g) Chlárú, Gearra na Bolgaí agus soláthar íceanna in Íclanna.

(66) Farais sin beidh a gcothrom d'ionaduíocht ag na Comhairlí Áitiúla ar Bhórd Sláinte na Contae, ar Choiste an Teaghlaigh Mheán-suidhte, ar Choistí na nOspideul gCeanntair, agus ar gach Fó-choiste de Bhórd Sláinte na Contae a bhainfidh lena leasanna.

SCEIM CHONTAE NA GAILLIMHE.

Beidh an Coiste Feidhmiúcháin co-dhéanta de chúig baill den Chomhairle Chontae, agus beidh de chomhacht aca san dhá bhall bhreise do chó-thogha.

Ospideul Contae Mean-Suidhte.

1. Bunófar i nGaillimh Ospideul Contae Meán-suidhte ina mbeidh Ranna Leighis, Máin-liaghais, Fiabhrais agus Máithreachais. Gach iostaí dá bhfuil sna hOspidéil Aontais atá ann fé láthair aistreofar é go dtí an tOspideul Contae Meán-suidhte ar dháta a shocróidh an Coiste Feidhmiúcháin a bheidh ceaptha ag an gComhairle Chontae, agus ar chríochnú an aistrithe sin dúnfar na hOspidéil Aontais atá ann fé láthair.

Teaghlach Contae Mean-Suidhte.

2. Bunófar Teaghlach Contae Meán-suidhte i mBaile Loch Riach go sealadach do Sheandaoine agus do Lucht Anbhfainne, agus ar dháta a shocróidh an Coiste Feidhmiúcháin aistreofar chun anTeaghlaigh Chontae Mheán-suidhte gach iostaí atá sna Tithe Oibre Aontais atá ann fé láthair mara bhfuil aon tsocrú eile ina gcóir fén Scéim seo, agus ar chríochnú an aistrithe sin, dúnfar na Tithe Oibre Aontais. Beidh an Teaghlach i mBaile Loch Riach go ceann bliana agus féadfar atharú a dhéanamh ansan.

Teaghlach Contae Do Leanbhaí.

3. Déanfar na Foirgintí ospidéil Aontais a bhaineann le ceann de sna hAontaisí scriosta agus a mbaineann leis na Foirgintí sin do chimeád chun Teaghlach Contae do dhéanamh de do Leanbhaí agus do Mháithreacha Nea-phósta d'Aicme (a) dAirtiogal 4 de seo. Déanfar an t-árus do thabhairt suas, le cimeád ar iontaoibh don Chomhairle Chontae, don Ord Rialta san a thógfidh air féin an Teaghlach Contae sin do Leanbhaí do ghlaca féna chúram, agus san ar pé téarmaí agus coiníollacha a réiteofar idir an Ord san agus an Coiste Feidhmiúcháin.

Maithreacha nea-Phosta.

4. Roinntear Máithreacha Nea-phósta ina dhá n-aicme:—

(a) Nua-chiontóirí, lena ndeighleálfar in aon fhúndúireacht amháin le leanbhaí.

(b) Seana-chiontóiri, a cuirfar go Tigh Maighdilíneach.

Tabharfar caoi do Mháithreacha Nea-phósta dAicme (b) ar fhóirithin d'fháil agus ar mhaitheasú sa Tigh Maighdilíneach i nGaillimh, ar pé téarmaí agus coiníollacha a réiteofar idir an gCoiste Feidhmiúchán agus na Siúracha atá i bhFeighil an Tighe Mhaighdilínigh. Más gá é féadfaidh an Coiste socruithe do dhéanamh le Fúndúireachtaí eile.

Daoine dAicme (b) a dhiúltóidh do dhul isteach sna Fúndúireachtaí a toghfar amach ní leigfar dóibh bheith ina muirear ar na rátaí puiblí ar aon tsaghas cúinse.

Geilteanna Agus Taom-Ghalaraigh I dTithe Oibre Aontais.

5. Aistreofar chun an Teaghlaigh Chontae Mheán-suidhte na Geilteanna Nea-dhíobhálacha no na Taom-ghalaraigh atá i dTithe-Oibre Aontais fé láthair. Déanfidh an Coiste Feidhmiúcháin socruithe fé leith ar ball chun deighleáil le cásanna den tsórt san.

Cabhair Theinteain Shealadach do Dhaoine Gataracha.

6. Soláthróidh an Chomhairle Chontae gach bliain suim nách mó aon bhliain ná an tsuim do thiocfadh as ráta 6d. fén £. Beidh an tsuim sin ar fáil chun cúnamh i bhfuirm airgid no i bhfuirm earraí do thabhairt do dhaoine gátaracha nách iostuithe in aon Fhúndúireacht a cimeádtar suas as na rátaí agus isé an Coiste Feidhmiúcháin a riarfidh i ar mhola ó Choiste Paróiste a bheidh có-dhéanta den tSagart Paróiste agus de thrí Giúistísí Paróiste. Ní féidir fóirithin do thabhairt fén gclás so ach do réir pé rialacháin a dhéanfidh Roinn an Rialtais Áitiúla ina thaobh. I bparóiste ina bhfuil Có-dhála fé chomairce Naomh Vincent de Paul ar bun féadfar na Co-dhála san do thogha amach mar Choiste Moltach.

Garsuin do Chur ar Altranas.

7. Ar aois naoi mblian do bheith slán acu féadfar garsúin do chur ar altranas no i Scoil tSaothair, ach más féidir lucht altroma oiriúnach do sholáthar ní cuirfar garsúin go dtí Fundúireacht. 'Siad rialacháin a bhainfidh le haltranas ná pé rialacháin a cheapfidh Roinn an Rialtais Áitiúla

Dochtuiri Íclainne agus Mna Cabhartha

8. Leanfidh Dochtúirí Iclainne agus Mná Cabhartha Ceanntair ag có-líona a ndualgaisí ina gCeanntair féin mar atá acu á dhéanamh go dtí so. Ar a iarraidh sin don Coiste Feidhmiúcháin féadfidh Roinn an Rialtais Áitiúla, le hOrdú fé Shéala na Roinne, na Ceanntair Iclainne atá ann fé láthair d'ath-chóiriú no d'atharú tar éis féachaint isteach sa scéal.

Oifigigh Di-Fhostuithe do Chur Ar Aois-Liuntas.

9. Beidh Oifigigh do Bhúird Chaomhnóirí 'na gcuirfar deire lena bhfostuíocht de dheascaibh na Scéime seo beid i dteideal chun aois-liúntais no aisce do réir forálacha Imleitreacha 52, 53, agus 55 ó Roinn an Rialtais Áitiúla.

Oifigigh DO Cheapa don Teaghlach Contae agus don Ospideul Contae Mean-Suidhte.

10. Ceapfidh an Coiste Feidhmiúcháin pé oifigigh agus seirbhísigh is dó leo is gá chun gnó an Teaghlaigh Mheán-suidhte agus an Ospidéil Mheán-suidhte do dhéanamh ar fónamh agus, fé cheadú ó Roinn an Rialtais Áitiúla, socróidh sé na tuarastail agus na liúntaisí a bhainfidh leis na ceapanna san. Tuairisceofar gach ceapa den tsórt san don Chomhairle Chontae láithreach. Aon cheapa ná daingneoidh an Chomhairle Chontae sa chruinniú is túisce bheidh ann tar éis an tuairisc d'fháil di beidh sé gan éifeacht ar dháta an chruinnithe sin.

Nuair a bheidh oifigí á líona fén scéim seo, déanfar rogha, nuair is féidir é, d'oifigigh atá ann fé láthair agus 'na scriostar a n-oifigí leis an scéim seo, ach aon oifigeach a bheidh i dteideal no ag fáil aois-liúntais no aisce fén scéim, ní foláir don oifigeach san, mar choiníoll de choiníollacha a cheaptha, gach éileamh ar aois-liúntas do leigint uaidh no, má íocadh aisce leis, méid na haisce d'aisíoc leis an gComhairle Chontae.

Isé an Coiste Feidhmiúcháin a shocróidh coiníollacha agus sealbhuíocht na gceapanna san fén scéim fé cheadú ó Roinn an Rialtais Áitiúla. Déanfar fógra deich lá ar a luíod do thabhairt ar gach ceapa den tsórt san le fógraíocht i bpáipeur nuachta sa chontae agus in aon pháipeur laethúil amháin i mBaile Átha Cliath.

Oifigi ar lár Fen Sceim Seo.

11. Ón 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, amach, beidh deire le gach Oifig fé sna Caomhnóirí um Dhlí na mBocht a bhaineann le hAontaisí Bhéal Átha na Slua, an Chlocháin, na Gaillimhe, Ghleann na Madadh, an Ghuirt, Bhaile Loch Riach, an Chreagáin, Uachtair Áird, Phort Omna, agus Thuama, maran Oifig í dhíobh san a luaidhtear i gClás 8 den Scéim seo, agus ón 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, amach scuirfidh Búird Chaomhnóirí na nAontaisí roimh-ráite de bheith ag feidhmiú.

Comhachtanna an Choiste Fheidhmiuchain.

12. Isé an Coiste Feidhmiúcháin a riarfidh gach gnó a eireoidh fé Chlásanna 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8 agus 10 den scéim seo. Aon ghnó atá á dhéanamh go dtí so ag na Búird Chaomhnóirí ná haistrítear chun an Choiste Fheidhmiúcháin fén scéim seo, riarfar é ag na Comhairlí Ceanntair no ar aon chuma eile a cheapfidh an Chomhairle Chontae le cead ó Roinn an Rialtais Áitiúla.

An Meastachan Bliantuil.

13. Déanfidh an Coiste Feidhmiúcháin, an 1adh lá d'Eanair no roimhe sin, a Meastachán agus a nÉileamh Bliantúil, ar an méid is gá i gcóir seirbhís na hath-bhliana, do leaga fé bhráid na Comhairle Contae.

Gairmfar Cruinniú Speisialta den Choiste Feidhmiúcháin an 18adh lá de Mhí na Nodlag no roimhe sin i ngach Bliain Airgid agus leagfidh an Rúnaí fé bhráid an chruinnithe sin a Mheastachán ar Fhiachaisí an Choiste Fheidmiúcháin i gcóir na hAth-bhliana Airgid agus, le rún a breacfar ar Mhiontuairiscí an Chruinnithe, glacfidh an Coiste leis an gcéanna, le leasuithe air no gan leasuithe air, agus déanfid láithreach, sa bhfuirm atá ceaptha agus féna Séala, Meastachán agus Éileamh ar an méid a theastóidh, agus an céanna do chur ag triall ar an gComhairle Chontae láithreach agus cuirfid cóip dheimhnithe dhe chun Roinn an Rialtais Áitiúla, leis.

I gcóir iarsma na Bliana Airgid dar críoch Márta, 1922, roimh-íocfidh an Chomhairle Chontae leis an gCoiste pé suimeanna a tuigfar a bheith riachtanach i gcóir na bhFúndúireachtai agus na seirbhísí Contae a bunuítear leis an Scéim seo

Cisteoir.

14. Osclóidh an Coiste Feidhmiúcháin cuntas le Cisteoir na Comhairle Contae agus cuirfar Airgead uile an Choiste sa chuntas san.

Iniuchoireacht.

15. Iniúchfar Cuntaisí an Choiste uair sa leath-bhliain ag Iniúchóir Roinn an Rialtais Áitiúla no, neachtar acu, do réir pé Orduithe no Rialacháin a dhéanfidh an Roinn sin.

Orduithe Roinn an Rialtais Áitiula.

16. Beidh an Coiste Feidhmiúcháin fé cheangal gach Buan-orduithe agus Rialacháin dá gcuirfidh Roinn an Rialtais Áitiúla amach.

Oifigigh do Bheith Freagarthach I Maoin na nAontaisi.

17. Beid na hOifigigh atá ag na Búird Chaomhnóirí fé láthair, beid freagarthach i ngach Maoin Aontais atá féna gcúram go dtí go ndéanfar an mhaoin sin do thabhairt suas go fuirmeálta d'ionadaí, a bheidh ceaptha go cuibhe ag an gCoiste, no don Chomhairle Chontae. Iarrfidh gach Aontas cóip den áireamh is déanaí a bheidh déanta ag an Maoin-áireamhach.

Liomataiste Muirir Chun Cricheanna Ratuchain.

18. Chun crícheanna Fóirithin na mBocht beidh deire leis an “Aontas” mar líomatáiste riaracháin ó 31 Mí na Nodlag, 1921, amach. Le ráta a leagfar go cothrom ar iomlán Chontae na Gaillimhe isea soláthrófar gach Airgead a theastóidh chun crícheanna na scéime seo.

Forail Diombuan.

19. Fé mar a shocróidh an Coiste Feidhmiúcháin, le cead Roinn an Rialtais Áitiúla, isea deighleálfar le haon phoínte no punc a éireoidh fén scéim i rith aimsir an atharuithe.

Dualgaisi Oifigeacha an Teaghlaigh Chontae Mhean-suidhte agus an Ospideil Chontae Mhean-suidhte.

An Teaghlach Contae Mean-suidhte.

Rúnaí: Beidh sé in'Oifigeach Lán-aimsire (ach amháin i gcás an Rúnaí chéad-cheaptha), freagarthach don Choiste Feidhmiúcháin i bhféa chaint chuige go ndéanfar gach obair ar fónamh, pe'ca obair chléireachais é no nách ea. Mar Phríomh-oifigeach Feidhmiúcháin don Teaghlach beidh sé freagarthach i ngach breacachán, cuntas agus có-fhreagarthas a bhaineann leis an dTeaghlach. Gníomhóidh sé mar Chléireach d'aon Choiste a ceapfar chun riartha an Teaghlaigh Mheán-suidhte, an Leanbhtheaghlaigh agus an Chiste Chabhra Teinteáin, agus có-líonfa sé a n-órduithe, agus beidh sé freagarthach i ngach obair airgid chó luath agus a aistreofar an céanna chun Coiste Teaghlaigh agus, idir an dá linn, có-líonfa sé Orduithe an Choiste Feidhmiúcháin. Ragha sé fé bhanna £500 agus dhá urra acfuinneacha ina theannta no tabharfa sé banna Cumainn Tacaíochta uaidh go gcó-líonfa sé dualgaisí a oifige mar is díol. Ní foláir ainmneacha agus toiliú scríbhte na dTacaí a tairgfar do chur i dteannta iarrtaisí ar an bpost.

Stór-chimeádaí agus Teach-mhaor: Oifigeach lán-aimsire a bheidh freagarthach don Choiste Feidhmiúcháin i maoirseacht ghenearálta an Teaghlaigh, i ngach maoin phuiblí sa bhFúndúireacht agus i gcuntas do thabhairt go cuibhe i ngach soláthar a glacfar isteach sa Teaghlach. Ní chuirfe sé aon Stóranna amach mara dtabharfar do éileamh sa bhfuirm a bheidh orduithe, agus cimeádfa sé gach éileamh agus tíolacfa sé don Iniúchóir é. Tabharfa sé don Rúnaí pé cúnamh a bheidh uaidh chun cuntaisí do scrúdú agus chun méideanna a bheidh ag dul do cheárduithe, do chonnarthóirí, etc., do dheimhniú, agus có-líonfa sé gach dualgas eile a ordóidh an Coiste Feidhmiúcháin no Coiste na dTeaghlach agus na Cabhra Teinteáin. Ragha sé fé bhanna den tsórt atá ceaptha don Rúnaí.

Mátrún: Freagarthach i ngach socrú Tighis, agus i maoirseacht na Fuirinne, na Cócaireachta, etc., agus i ngach socrú smachtúcháin sa Teaghlach. Beidh sí freagarthach go pearsanta i ngach stoc a tabharfar di as an Stór, agus tabharfa sí agus sighneoidh sí éileamh ar an Stórchimeádaí ar gach stór a theastóidh. Ragha sí fé bhanna £200 agus dhá urra no Cumann Tacaíochta ina teannta go gcó-líonfa sí dualgaisí na hOifige mar is díol.

An t-Ospideul Contae Mean-Suidhte.

Rúnaí: Beidh sé in' Oifigeach lán-aimsire, freagarthach don Choiste Feidhmiúcháin i bhféachaint chuige go ndéanfar gach obair ar fónamh, pe'ca obair chléireachais é no nách ea. Mar Phríomh-oifigeach Feidhmiúcháin don Ospideul, beidh sé freagarthach i ngach breacachán, cuntas agus cofhreagarthas a bhaineann leis an Ospideul. Gníomhóidh sé mar Chléireach d'aon Choiste a ceapfar chun riartha an Ospidéil, agus có-líonfa sé a n-orduithe, agus beidh sé freagarthach i ngach obair airgid chó luath agus a aistreofar an céanna chun Coiste Ospidéil agus, idir an dá linn, có-líonfa sé orduithe an Choiste Fheidhmiúcháin. Ragha sé fé bhanna £500 agus dhá urra ina theannta, no tabharfa sé bannaí Cumainn tacaíochta uaidh, go gcó-líonfa sé dualgaisí a oifige mar is díol. Ní foláir ainmneacha agus toiliú scríbhte na dTacaí a tairgfar do chur i dteannta iarrtaisí ar an bpost. Beidh sé freagarthach i mbailiú fiacha a bheidh ag an Ospideul ar othair fé tháille no ar dhaoine eile.

Stór-chimeádaí: Oifigeach lán-aimsire freagarthach don Choiste Feidhmiucháin i maoirseacht ghenearálta an Ospidéil. Freagarthach i ngach maoin phuiblí sa bhFúndúireacht agus i gcuntas do thabhairt go cuibhe i ngach soláthar a glacfar isteach san Ospideul. Ní chuirfe sé aon Stóranna amach mara dtabharfar do éileamh sa bhfuirm a bheidh orduithe, agus cimeádfa sé gach éileamh agus tíolacfa sé don Iniúchóir é. Tabharfa sé don Rúnaí pé cúnamh a bheidh uaidh chun cuntaisí do scrúdú agus chun méideanna a bheidh ag dul do cheárduithe, do chonnarthóiri etc., do dheimhniú agus có-líonfa sé gach dualgas eile a órdóidh an Coiste Feidhmiúcháin. Ragha sé fé bhanna den tsórt atá ceaptha don Rúnaí.

Mátrún: Freagarthach i ngach socrú Tighis, agus i maoirseacht na Fuirinne, na cócaireachta, etc., agus i ngach socrú smachtúcháin sa Teaghlach. Beidh sí freagarthach go pearsanta i ngach stoc a tabharfar di as an Stór, agus tabharfa sí agus sighneoidh sí éileamh ar an Stór-chimeádaí ar gach stór a theastóidh. Ragha sí fé bhanna £200 agus dhá urra no Cumann Tacaíochta ina teannta go gcó-líonfa sí dualgaisí na hOifige mar is díol. Ní bheidh aon fhreagarthacht uirthe maidir le banaltras, agus ní dhéanfa sí aon chur isteach maidir le cóir na n-othar.

Déanfa sí maoirseacht ar an smachtúchán sa bhFúndúireacht, agus féacfa sí chuige go gcimeádfidh na hoifigigh agus na hothair rialacha an Ospidéil, agus tuairisceoidh sí don Choiste Feidhmiúcháin aon fhaillí a tabharfar i ndualgaisí.

Ard-bhanaltra: Gach othar do thabhairt go speisialta fé aire an Dochtúra Oifigiúla chó luath agus is féidir é tar éis é do leigint isteach in aireagal breoiteachta.

Bheith freagarthach i ndea-bhanaltras na mbreoiteachán agus i ndualgaisí na Fuirinne Banaltrais do chó-líona go sásúil, agus i gcó-liona na dtreoracha a thabharfidh an Dochtúir Oifigiúil i dtaobh íceanna agus fearaistí leighis.

Má chítear aon lochtanna i ngléas cúram agus banaltras na mbreoiteachán no ina gcóir éadaigh agus bídh, na lochtanna san do chur in úil don Dochtúir Oifigiúil gan aon mhoill is féidir a sheachaint.

Fógra i scríbhinn do chur go dtí Rúnaí agus Mátrún an Ospidéil aon uair a iarrfidh cor aon othair fios do chur ar an Dochtúir Oifigiúil, ar an Séiplíneach no ar ghaolta an othair sin, no scéala do chur chucha.

Féachaint chuige go gcimeádfar glan agus i dtreo gach aon rud a bhaineann leis na hothair agus leis na haireagail agus féachaint chuige, leis, go mbeidh aer agus teas agus solus mar is cóir i ngach aireagal.

Féachaint chuige go roinnfear an bia sa cheart ar na hothair agus go dtabharfar do gach othar an déanamh fé leith a ordóidh an Dochtúir Oifigiúil, agus, i gcoitinne, gach treoir réasúnta ón bhFuirinn Leighis do chur i bhfeidhm. Fén bhFuirinn sin amháin a bheidh sí maidir le cóir leighste na n-othar.

Nuair ná beidh an Dochtúir Oifigiúil i láthair, maoirseacht ghenearálta agus smacht do bheith aici ar Bhanaltraí, ar Mhná Aireagail agus ar Fhreastaluithe, agus í do chimeád rialtachta agus disciplín mar is cóir sna haireagail a bheidh féna cúram.

Máin-liaigh agus Dochtúir Tighe: Beidh sé freagarthach i ndéanamh Leighis agus máin-liaghais do thabhairt do sna hothair go léir a bheidh san Ospideul, agus i gcimeád gach breacacháin a bheidh air a chimeád.

SCEIM CHONTAE CHIARRAI.

1. Ar dháta a cheapfidh an Coiste Bainistí, sé sin, chó luath agus leigfid na roimh-shocruithe riachtanacha é, na sé Tithe-Oibre genearálta i gCiarraí (lasmuich den chuid sin de gach Tigh Oibre lena ráitear fé láthair an t-Ospdeul Tighe-Oibre) do chur ar ceal mar Thithe Oibre, agus an scéim seo síos do theacht in éifeacht.

2. Aon Teaghlach Mean-suidhte amháin do Chiarraí, ar a nglaofar Teaghlach Contae Chiarraí, do bhunú sa bhfoirgneamh a úsáidte r fé láthair mar Thigh Oibre agus Ospideul i gCill Áirne; slí do thabhairt sa Teaghlach san do sheandaoine bochta laga gan tigh gan áitreabh, do lucht síor-bhreoiteachta, do mhná (nea-phósta) ag iompar cloinne agus do pé leanbhaí ó Chontae Chiarraí is féidir a leigint isteach sa Teaghlach agus nách féidir a chur ar altranas.

3. Scéim d'ullamhú chun Ospideul Contae Meán-suidhte do bhunú sa bhfoirgneamh a úsáidtear fé láthair mar Thigh Oibre agus Ospideul i dTráighlí, agus brainsíní áitiúla dhe do bheith ann, i gcóir cásanna práinne amháin, in aon áiteanna eile i gCiarraí ar a socrófar.

4. An Coiste Bainistí (vide Uimh. 5) do dhéanamh scrúduithe láithreach ar an gcuma ina ndintear fóirithin allamuich i ngach Aontas fé leith fé láthair:—

Feáchaint cad is cás do sna daoine agus do sna muiríneacha atá ag fáil fóirithine allamuich, chun a dhéanamh amach ce'ca tá no ná fuil teideal acu chun an chéanna, agus a bhfuil an méid a deontar dóibh ceart; cadé an costas a leanann roinnt na fóirithine allamuich; agus conas a dintar an roinnt, d'fhonn slí is bailí agus is éifeachtúla do cheapa, agus d'fhonn a dhéanamh deimhnitheach ná beidh an cúnamh san le fáil ach ag daoine 'na mbeidh teideal acu chuige. An téarma “fóirithin allamuich” do thréigean agus an téarma “liúntas sealadach” do chur in 'ionad.

5. Coiste Bainistí an Teaghlaigh do bheith co-dhéanta de 18 mbaill a ceapfar ag an gComhairle Chontae agus 12 bhall den Choiste sin do bheith ina mbaill den Chomhairle Chontae. An Chomhairle Chontae do líona aon fholúntaisí a thiocfidh sa bhallraíocht. An Coiste do shealbhú oifige go ceann téarma oifige na Comhairle Contae a cheapfidh iad agus suas go dtí dáta céadchruinniu bliantúil na Comhairle Contae nua. An Chomhairle Chontae atá ann fé láthair do cheapa an chéad Choiste ar an gcéad chruinniú a bheidh aici tar éis don Roinn Rialtais Áitiúla de Dháil Éireann glaca léi agus í do cheadú mar an uair dheiridh, agus an chéad Choiste do leanúint in oifig go dtí go gceapfar a gcomharbaí. Ceathrar do dhéanamh quorum do chruinnithe an Choiste sin.

6. An Teaghlach do bheith á bhainistí ag an gCoiste sin thuas agus, fé cheadú Roinn an Rialtais Áitiúla, an Coiste Bainistí do dhéanamh na rialachán a rialóidh gnó an teaghlaigh sin.

7. Fé cheadú Roinn an Rialtais Áitiúla an Coiste Bainistí do cheapa gach oifigigh i gcóir Teaghlaigh Chontae Chiarraí.

8. Ar mheastachán agus éileamh in aghaidh na bliana ón gCoiste Bainistí chun na Comhairle Contae, an Chomhairle Chontae do sholáthar an airgid is riachtanach chun riartha Teaghlaigh Chontae Chiarraí don Choiste Bhainistí, agus an tslí a foráltar le hAirtiogal 45 den Ordú um Chuntaisí Aontaisí, 1905, do chur in oiriúnt chun na críche sin. I gcóir na bliana airgid seo anois ann an Chomhairle Chontae do dhéanamh roimhíoca ó am go ham, ar éileamh ón gCoiste Bainistí, sna suimeanna airgid sin is leor i gcóir riachtanaisí an Teaghlaigh nua agus, más gá é, an Chomhairle Chontae d'fháil iasachta ón Dáil chun a chur ar a cumas na roimhíocanna san do dhéanamh. Iniúchóir a ceapfar ag an Dáil d'iniúcha cuntaisí an Choiste Bhainistí uair sa leath-bhliain agus na sean-achtacháin agus na seana-rialacháin i dtaobh iniúchóireachta do chur in oiriúint dá réir sin.

8a. An Coiste Bainistí do thabhairt tuairiscí ráithiúla do Chomhairle Chontae Chiarraí.

9. Maoin-áireamhach do cheapa chó luath agus is féidir é chun na hearraí sin do luacháil a tógfar as na hAontaisí go léir chun Teaghlach Contae Chiarraí do ghléasa. Luach gach maoine a tógfar do chur chun creidiúna don Aontas as a dtógfar é. Earraí nách gá chun an Teaghlach do ghléasa, iad d'fhágaint i gcóir na nOspideul. Coiste Bainistí an Teaghlaigh d'íoc táille an Mhaoin-áireamhaigh sin.

10. Gach Bórd Caomhnóirí do bheith freagarthach ina n-iostuithe féin d'aistriú chun an Teaghlaigh ar dháta a ceapfar ag an gCoiste Bainistí ach, mara ndintear san, comhacht do thabhairt don Choiste Bainistí sin chun leanbhaí agus pé iostuithe eile is oiriúnach leo do chur mach ar lóistín; chun daoine infheadhma do scaoile chun siúil agus socrú chun an chuid eile d'aistriú chun an Teaghlaigh Chontae.

11. Gach leanbh ná cuirfar amach ar lóistín d'aistriú chun an Teaghlaigh san aon lá amháin agus an chuid eile de sna hiostuithe d'aistriú chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin.

12. Moltar Teaghlach Contae Chiarraí do roinnt mar seo—(a) garsúin, (b) gearra-chaillí, (c) fireannaigh (seandaoine agus daoine fann-laga agus taom-ghalaraigh), (d) baineannacha (seana-mhná agus mná fannlaga agus taom-ghalaraigh), (e) fireannaigh (daoíne ganmeabhair agus amadáin), (f) baineannacna (óinseacha agus lucht lag-intinne), (g) mná (nea-phósta) ag iompar cloinne.

13. “Liúntaisí sealadacha” do thabhairt d'iostaithe a scaoilfar chun siúil [ach amháin do leanbhaí, a cuirfar amach ar lóistín]. Na hiostaithe sin do chur ar aon bhonn le daoine a gheibheann fóirithin allamuich fé láthair. [Fiosrófar na Tithe Oibre roimh dháta an chó-naisc agus scaoilfar chun siúil gach iostaí infheadhma].

Leanbhai do Chur ar Loistin.

14. Leanbhaí do chur amach ar lóistín i ngach cás in ar féidir é. Coiste Bainistí Teaghlaigh Chontae Chiarraí adéarfidh cá mhéid a lomhálfar i gcóir leanbhaí ar lóistín. Nuair nách féidir leanbhaí do chur amach ar lóistín ba mhaith an rud iad do chur chun na Scoileanna Náisiúnta in ionad socrú do dhéanamh chun oideachas do thabhairt dóibh sa Teaghlach.

15. Na Búird Chaomhnóirí atá ann fé láthair do scur de bheith ag feidhmiú ón dáta a ceapfar ag an gCoiste Bainistí fé Airtiogal 1.

16. Ar bheith có-nasctha do sna Tithe Oibre, gach smacht ar na hOspidéil Tighe Oibre atá ann fé láthair agus gach ní eile lena ndeighleáladh na Búird Chaomhnóirí go dtí so agus ná fuil aon tsocrú ina chóir sa scéim, a riara san do bheith le déanamh ag fó-choiste do gach Aontas, códhéanta de 5 baill nách foláir do thriúr acu bheith ina mbaill den Choiste Bainistí. An Coiste Bainistí do cheapa na gCoistí sin, agus triúr is quorum dóibh. Beidh na fó-choistí seo díreach fé smacht an Choiste Bhainistí. Comhacht chun mola an t-aon chomhacht amháin a bheidh acu. An Coiste Bainistí a dhéanfidh gach íoc agus gach ceapa. Féadfar déanamh d'éamais na gCoistí sin aon uair ach iad d'fháil fógra mí i scríbhinn tré n-a gCléireach ón gCoiste Bainistí.

17. Status na n-oifigeach atá ann fé láthair [Oifigigh Tighe Oibre agus Oifigigh Ospidéil Tighe Oibre]—Gan a chimeád ach Oifigigh Fóirithine agus Oifigigh ná fuil baint acu ach le hOspidéil; gach Oifigeach eile do chur chun siúil.

Oifigigh do Chur ar Aois-Liuntas.

18. Gach oifigeach atá i dteideal chun aois-liúntais agus ina gcuirfar deire len' oifig fén Scéim Chó-naisc do chur ar aois-liúntas. Aoisliúntas do dheona do gach oifigeach 'na bhfuil os cionn deich mbliana seirbhíse istigh aige do réir an seascadú cuid den tuarastal agus den tsochar oifige atá dho fé láthair in aghaidh gach bliana seirbhíse. Chun críche an Airtiogail seo isí faid seirbhíse a áireofar d'aon oifigeach den tsórt san ná an méid blian seirbhíse a chuir sé isteach agus a leath san do chur leis—ach ní raghaidh an t-aois-liúntas in aon chás thar dhá dtrian an tuarastail agus an tsochair oifige atá don oifigeach san fé láthair—mar chúiteamh i ndeire do chur len' oifig isea deontar an leath san den aimsir seirbhíse do chur leis an aimsir sin, agus ní bheidh ag na hoifigigh 'na gcuirfar deire le n-a n-oifigí aon éileamh ar chúiteamh i gcailliúint oifige thar mar ráitear san Airtiogal so. Ar bheith ceaduithe don Scéim seo tabharfidh na Búird Chaomhnóirí an fógra riachtanach i dtaobh deire do chur len' oifig do gach oifigeach lena mbaineann an scéal, agus ba chóir dóibh rún do rith chun aois-liúntas ar bhása an Airtiogail seo do dheona do sna hoifigigh sin.

I gcás oifigigh a bheidh i dteideal chun aisce agus gur seirbhís deich mblian no féna bhun an tseirbhís atá déanta aige agus 'na bhfuil a oifig le cur ar ceal fén Scéim Chó-naisc, bainfidh leis sin an t-aisce-scála atá leagtha amach sa seachtú sceideal den Acht um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1898, agus áireofar an scála san do réir an tuarastail agus an tsochair oifige a bheidh don oifigeach san ar dháta a oifige do chur ar ceal. Más maith leis an gComhairle Chontae é, roinnfar íoc na n-aiscí ar thréimhse nách sia ná cúig bliana agus íocfar uair sa ráithe. Na hoifigigh lena gcúiteofar mar sin ní bheidh aon éileamh thairis sin acu i dtaobh cailliúint oifige, agus beidh an nós imeachta maidir le ceapanna do chur ar ceal agus aiscí agus cúiteamh do dheona, beidh sé mar atá leagtha amach ansan thuas i gcás aoisliúntaisí agus cúitihe.

19. Ón dáta a socrófar fé Airtiogal 1, gach costas, muirear agus caithteachas do bheith ina muirear ar an gContae iomlán

SCEIM CHONTAE CHILLDARA.

1. Contae Chill Dara do bheith in' aontán chun riartha na ndualgaisí atá á gcó-líona go dtí so ag Búird Chaomhnóirí agus seirbhísí gaolmhara sa chontae do chó-ordú fé aon Údarás amháin thar ceann na Comhairle Contae sin, agus Bórd Sláinte na Contae do bheith mar ainm air Imeachta uile Bhórd Sláinte na Contae do bheith ag brath ar mhola Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann.

2. Bórd Sláinte na Contae do bheith có-dhéanta de cheithre baill déag ar fhichid, eadhon, sé dhuine dhéag de Chomhairleoirlí Contae, a ceapfar ag an gComhairle Chontae; sé dhuine dhéag de Chomhairleoirí Ceanntair, 'na gceapfar triúr acu ag Comhairle Thuath-cheanntair Náis, Uimh. 1, triúr ag Comhairle Thuath-cheanntair Bhaile Átha hI, Uimh. 1, triúr ag Comhairle Thuath-cheanntair Chill Droichid, Uimh. 1. triúr ag Comhairle Thuath-cheanntair Éadain Doire, Uimh. 2, beirt ag Comhairle Bhaile-cheanntair Bhaile Átha hI, beirt ag Comhairle Bhaile-cheanntair Náis; aon ionadaí amháin a ceapfar ag Coiste Árachais na Contae, agus aon ionadaí amháin ag Cumann Leighis na Contae, duine nách seirbhíseach puiblí.

3. Seachtar is quorum do chruinnithe Bhórd Sláinte na Contae.

4. Gan na Comhairleoirí Contae agus na Comhairleoirí Ceanntair a ceapfar chun Bhórd Sláinte na Contae do leanúint in oifig mar bhaill den Bhord ach chó fada agus leanfid in oifig mar Comhairleoirí den tsórt san go ceann téarma oifige na Comhairle do cheap iad, agus suas go dtí dáta an chéad chruinnithe bhliantúla den Chomhairle sin. An bheirt bhall a ceapfar ag Coiste Árachais na Contae agus ag Cumann Leighis na Contae fé seach raghaid as oifig in éineacht leis na baill eile den Bhórd.

5. Na Comhairlí atá ann fé láthair, agus na cóluchtaí eile atá ráite thuas, do cheapa na mball chun an chéad Bhúird Shláinte Chontae laistigh de 28 lá tar éis a fhógairt dóibh go bhfuil glactha leis an Scéim seo go cuibhe agus go bhfuil sí ceaduithe mar an uair dheiridh ag an Roinn Rialtais Áitiúla de Dháil Éireann

6. I dteannta smacht agus bainistí aon Teaghlaigh, Ospidéil no Fúndúireachta eile a cuirfar ar cois no a bunófar do réir na Scéime seo, gach comhacht atá go dtí so ag Búird Chaomhnóirí d'aistriú go dtí Bórd Sláinte na Contae ach gan obair fén Árd-chláradóir d'aistriú mar sin.

7. Gach comhacht atá go dtí so ag na Búird Chaomhnóirí atá ann fé láthair, maidir le Dochtúirí Oifigiúla Íclainne agus Mná Cabhartha Ceanntair atá ann fé láthair, í do bheith ag Bórd Contae na Sláinte. Beidh aoisliúntas aon Dochtúra Oifigiúla no aon Oifigigh eile a bhaineann fé láthair le Ceanntair Íclainne 'na luíon cuid de i gContae agus an chuid eile dhe i gContae eile atá teoranta léi, beidh sé do réir luachála na gcodacha den cheanntair íclainne a luíon i ngach Contae fé leith díobh, agus as so amach beidh na tuarastail do réir an líomatáiste agus líon na ndaoine.

8. A bheith ar chumas Bhórd Sláinte na Contae, sa mhéid gur oiriúnach leis é, agus laistigh de sna teoranna adéarfar ina dhiaidh seo, a chuid feidhmeanna d'fheidhmiú tré Choistí 'na mbeidh a ngníomhartha ag brath ar mhola Bhord Sláinte na Contae.

9. Bord Sláinte na Contae do cheapa na gCoistí sin agus iad do bheith ag gníomhú díreach fé smacht an Bhúird agus an Bórd do leaga amach a gcomhachtanna agus a ndualgaisí dhóibh agus a bheith ar a chumas déanamh in éamais na gCoistí sin aon uair.

10. D'fhonn an có-ghléasa atá ann fé láthair d'úsáid déanfidh Bórd Sláinte na Contae na Coistí riachtanacha do chó-dhéanamh de dhaoine a bheidh tofa de thuras na huaire mar ionaduithe puiblí.

11. Bord Sláinte na Contae d'íoc gach íocaíochta le Nótaí Foláirimh agus le hOrduithe Iocaíochta tar éis an íocaíocht do bheith údaruithe.

12. Fé cheadú ón Roinn Rialtais Áitiúla, Bórd Sláinte na Contae do dhéanamh gach ceapa is gá chun oibrithe na Scéime seo, ach ní foláir toghacháin nua do bheith ann i gcóir ceapanna nua fén Scéim, agus na hoifigigh a bheidh á gceapa ní foláir dóibh dul fé scrúdú.

13. Aon Árd-oifigeach amháin do cheapa chun gníomhú mar Rúnaí do Bhord Sláinte na Contae agus chun pé dualgaisí a leagfar amach do chó-líona. Socróidh Bord Sláinte na Contae cadé an cúnamh is gá dho, más gá dho é, chun dualgaisí a oifige do chó-líona go cuibhe, agus déanfid soláthar dá réir

14. Ar dháta a cheapfidh Bord Sláinte na Contae, na Fúndúireachtaí a foráltar anso ina dhiaidh seo do bheith ann agus, chun airgead do sholáthar do sna Fúndúireachtaí, glaca le bása do réir oiread so an duine go dtí l Abran, 1922.

15. Ar lá atá le ceapa ag Bórd Sláinte na Contae, leis, deire do chur le hOspideul Fiabhrais Bhaile Átha hI agus leis na hOspidéil Tigh Oibre i mBaile Átha hI agus i gCill Droichid agus na seirbhísí atá ag na Fúndúireachtaí sin á dhéanamh go dtí so do theacht fé smacht Bhórd Sláinte na Contae tríd an Ospideul Contae Meán-suidhte agus an Teaghlach Contae atá le bunú do réir míreanna 16, 17a, agus 17b den Scéim seo.

16. Aon Teaghlach Contae agus Otharlann amháin do bhunú do Chontae Chill Dara do sheandaoine, daoine fann-laga agus daoine dealbha, síor-bhreoiteacháin agus mná ag iompar cloinne, agus na Foirgintí Tighe Oibre i mBaile Átha hI do chur chun na críche sin.

17a. Aon Ospideul Contae amháin do bhunú do Chontae Chill Dara agus na Foirgintí Tighe Oibre i Nás do chur chun na críche sin, agus Othair Phríbháideacha fé Tháille do leigint isteach ar théarmaí a shocróidh Bórd Sláinte na Contae.

17b. Aon Ospideul Fiabhrais amháin do bhunú do Chontae Chill Dara agus an Foirgneamh atá i Nás do chur chun na críche sin. Othair Phríbháideacha fé Tháille do leigint isteach ar pé téarmaí a shocróidh Bord Sláinte na Contae.

18. Gach éinne atá i dteideal chuige do chur amach ar lóistín agus gan cóir fhúndúireachta do chur ach ar an muintir nách féidir a chur amach ar lóistín.

19. An téarma “Fóirithin Allamuich” do chaitheamh i leattaoibh agus an téarma “Cabhair Theinteáin” do chur in'ionad.

20. Na hOifigigh Fóirithine do bheith ann mar atáid fé láthair, agus “Oifigigh Cabhra Teinteáin”' do ghairm díobh. Bórd Sláinte na Contae do leaga amach a ndualgaisí dhóibh agus comhacht do bheith ag an mBórd a gceanntair d'ath-chóiriú no a n-oifigí do chur ar ceal.

21. Má dhineann Bórd Sláinte na Contae a chomhacht do chur i bhfeidhm fén Scéim seo agus oifig Oifigigh Chabhra Teinteáin do chur ar ceal, ansan, i gcóir deabha-chásanna, tabharfar Fuirmeacha Deabhachabhra do gach ball den Choiste a ceapfar fén Scéim seo, fuirmeacha a úsáidfar, leis, i gcásanna lena ndeighleáladh Oifigigh Fóirithine agus in ar gá socrú do dhéanamh chun daoine d'adhlaca no chun comhranna do sholáthar. Díreach mar a déanfí i gcásanna a bhaineann le hiarrtaisí ar “Chabhair Theinteáin” déanfar gach cás Deabha-chabhra do thabhairt ar an bhfuirm cheaptha fé bhráid an chéad chruinnithe eile den Choiste a ceapadh i gcóir an líomatáiste lena mbaineann an scéal.

22. Sara leigfar an seanduine no an duine fann-lag isteach sa Teaghlach Contae, má tá pinsean no aon liúntaisí eile dho, ní foláir do

(a) Réiteach do shighniú chun an pinsean nó an liúntas, nó 10s. sa tseachtain nó suim éigin eile mar a margófar, do thabhairt do Bhórd Sláinte na Contae.

(b) Nó órdú do shighniú a údaróidh do Rúnaí Bhord Sláinte na Contae an pinsean nó an liúntas do tharrang ar a shon, agus é do lóisteáil chun creidiúna do Bhórd Sláinte na Contae.

23. Gan éinne do leigint isteach sa Teaghlach Contae go dtí go gcruthófar go daingean nách féidir é do chimeád suas in aon áit eile.

24. Gach oifigeach le haon Bhord Caomhnóirí, Có-choiste Bainistí, no Údarás eile, 'na mbainfidh an Scéim seo lena phost, scarfa sé len' oifig ar dháta a cheapfidh Bord Sláinte na Contae, agus íocfar cúiteamh no aoisliúntas leis mar gheall ar chailliúint oifige do réir ráta a áireofar do réir téarmaí Imlitreacha a 52, a 53 agus a 55 do cuireadh amach ón Aire um Rialtas Áitiúil agus dar dátaí fé seach 27 agus 28 Meadhon Fhomhair agus 18 Deire Fomhair, 1921. Chun an mhír seo do chur in éifeacht, déanfidh Búird Chaomhnóirí agus Co-choiste Bainisti an fógra riachtanach i dtaobh deire do chur len' oifig do thabhairt do gach oifigeach lena mbainfidh san, marar cuireadh deire leis an oifig sin cheana, agus rithfid rún chun cúiteamh no aois-liúntas a áireofar mar atá ráite do dheona don oifigeach san. I gcás aon oifigigh atá ann fé láthair agus atá i dteideal chun pinsin do cheapa chun aon Oifige fé Bhord Sláinte na Contae, cimeádfar siar an pinsean san faid a leanfa sé sa phost san, ach ní dhéanfidh an cimeád-siar san dochar ná luíodú ar a cheart chun an pinsean d'fháil nuair a scuirfe sé den phost fén Scéim seo do shealbhú, maraon leis an bpinsean ceart a bheidh ag dul do mar gheall ar a sheirbhís sa bhreis. Aon oifigeach a dhiúltóidh d'ionad córéire fén gcólucht nua, gan chúis mhaith aige chuige, ní bheidh teideal aige chun cúiteamh i gcailliúint oifige, ach beidh teideal aige chun pinsin do réir a bhlianta seirbhíse.

25. An Chomhairle Chontae do thabhairt airgid do Bhord Sláinte na Contae, oiread agus is gá dho chun na dualgaisí do cuireadh air do chó-líona, do réir Meastacháin agus Éilimh Bhliantúla a éileoidh an Bórd ar an gComhairle do réir an nós imeachta a foráltar le hAirtiogal 45 den Ordú um Chuntaisí 1905, ach é d'atharú agus do chur in oiriúint chun na críche sin. Cuntas do bheith ag gabháil leis an Meastachán ar uimhir, aicmíocht agus costas na ndaoine a bheidh fé chóir sna Fúndúireachtaí go léir.

26. Ar fháil Éilithe ó Bhórd Sláinte na Contae don Chomhairle Chontae, roimh-íocfidh an Chomhairle Chontae ó am go ham, fé mar a theastóidh, pé suimeanna airgid is leor i gcóir riachtannaisí an Bhúird. I gcóir na bliana airgid seo chughainn glacfidh an Chomhairle Meastacháin na mBord gCaomhnóirí atá ann fé láthair mar Mheastacháin ó Bhord Sláinte na Contae.

27. Iniúchóir a ceapfar ag an Roinn um Rialtas Áitiúil d'iniúcha Cuntaisí Bhórd Sláinte na Contae agus na sean-achtacháin agus na seanarialacháin i dtaobh iniúchóireachta d'oiriunú dá réir. 'Na theanta san, tuairisceoidh Bórd Sláinte na Contae don Chomhairle Chontae uair sa leathbhliain, cho hiomlán agus theastóidh, ar na nithe go léir do fágadh fútha fén Scéim seo.

28. Sí an Chontae Iomlán an líomatáiste ar a mbeidh muirear na gcostaisí féna raghfar do réir forálacha na Scéime seo.

29. Bord Sláinte na Contae do cheapa Maoin-áireamhaigh chun luacháil do dhéanamh ar na hearraí go léir sna Fúndúireachtaí uile lena mbainfidh an Scéim seo, agus luach na n-earraí a thógfidh Bord Sláinte na Contae do chur chun creidiúna do gach Tuath-cheanntar agus Bailecheanntar as a dtógfar iad.

30. Ar theacht i ngníomh don Scéim seo gach Ceartú Airgid do dhéanamh ar bhása luachála idir Bhúird Chaomhnóirí, Có-choistí Bainistí, Comhairlí Tuath-cheanntair, an Chomhairle Chontae, Bórd Sláinte na Contae, agus na líomatáistí lena mbainfidh an Scéim.

31. Bórd Sláinte na Contae dá thógaint air féin bheith freagarthach in iasachtaí a bheidh amuich ar na Búird Chaomhnóirí agus gach fiach do bheith ina mhuirear ar líomatáiste an chóluchta do chuir suas é.

32. Gach Bórd Caomhnóirí do bheith freagarthach ina n-iostaithe féin d'aistriú chun an Teaghlaigh Chontae no chun an Ospidéil Chontae ar dháta a cheapfidh Bórd Sláinte na Contae agus, mara ndéanfid féin é, beidh comhacht ag Bórd Sláinte na Contae leanbhaí do chur amach ar lóistín, chó maith le hiostaithe eile más dó leo gur ceart é, agus daoine infheadhmá do scaoile chun siúil, agus socrú chun an chuid eile d'aistriú chun an Teaghlaigh Chontae nó chun an Ospidéil Chontae, agus gach éinní eile is gá do dhéanamh chun an Scéim do chur in éifeacht.

33. Ar dháta a cheapfidh Bórd Sláinte na Contae na “hAontaisí” do chur ar ceal mar líomatáistí riaracháin agus Búird Chaomhnóirí d'eirghe as bheith ag feidhmiú.

34. Chó luath agus is féidir é agus fé cheadú ón Roinn, Bórd Sláinte na Contae do ghlaca le buanórduithe chun Nós Imeachta agus Gnó do Rialú.

35. Bórd Sláinte na Contae d'údarú chun socruithe do dhéanamh le hOspideul ar bith chun aon Othar áirithe do chur fé chóir leighis.

SCEIM CHONTAE CHILL CHOINNIGH.

1. Aontas Bhaile Mhic Anndáin do thogha amach mar Theaghlach Contae do sheandaoine agus do bhochta fann-laga gan tigh gan áitreabh, do shíor-bhreoiteacháin, do mhná (nea-phósta) ag iompar cloinne, agus do leanbhaí nách féidir a chur ar altranas.

2. Foráltar na nithe seo leanas leis seo:—

(a) Fúndúireacht Áth na nUrluidhe do dhúna ar fad, seandaoine agus daoine fann-laga, máithreacha agus a leanbhaí, agus mná ag iompar cloinne d'aistriú go Baile Mhic Anndáin, ach droch-chásanna chun leighis máin-liaghais do chur go hOspideul Chill Choinnigh.

(b) Ospideul Chalainne do dhúna ar fad agus déanamh leis na hiostaithe mar atá le déanamh lena leithéidí in Áth na nUrluidhe.

(c) Na seandaoine agus na daoine fannlaga, máithreacha agus a leanbhaí, agus mná (má bhíd ann) ag iompar cloinn in Ospideul Chill Choinnigh do chur go Baile Mhic Anndáin. Droch-chásanna chun leighis agus máinliaghais d'aistriú go dtí an foirgneamh éadain, ar a dtugtí an Tigh Scoile. An foirgneamh ina bhfuiltar fé láthair d'fholamhú.

(d) Leanúint den tslí atá i bhfeidhm cheana féin i gCaisleán an Chumair, se sin, síor-bhreoiteacháin, mná fann-laga, agus leanbhaí, etc., do chur go Baile Mhic Anndáin.

(e) Ospideul Chaisleán an Chumair do chimeád ar oscailt do dhroch-chásanna chun leighis agus máin-liaghais, ar coiníoll go raghaid na mianadóirí agus na húnaerí mianaigh i gcó-thacaíocht le leath costas cimeádta suas na fúndúireachta d'íoc. An tacaíocht san do sholáthar laistigh de shé mhí ón dáta ar a molfar an scéim seo.

(f) Na mná infheadhma, na daoine sláintiúla, na seandaoine agus na síor-bhreoiteacháin, idir fireann agus baineann, den Chontae, atá ina n-iostaithe in Aontaisí Charraig na Siúire, Ros Mhic Treoin, Áth na nUrluidhe, agus Phortláirge fé láthair d'aistriú láithreach go hAontas Bhaile Mhic Anndáin.

(g) Deire do chur le gach Ospideul eile dá bhfuil ann.

4. Ba chóir othair eitinne na nOspideul Aontais go léir do chur go Sanitorium Meán-suidhte Chill Choinnigh.

5. Daoine gan meabhair agus lucht lag-intinne ó gach Aontas do chur chun an Teaghlaigh Chontae i mBaile Mhic Anndáin i ngach cás in ar féidir é.

6. Pé méid ar meánacht a chosnóidh an duine dhíobh, é sin d'áireamh mar chostas iostaithe do chimeád suas sa Teaghlach Meánsuidhte ach gach costas riaracháin, etc., do chomhreamh nuair a befar á dhéanamh amach. An caithteachas san do bheith ionchurtha mar mhuirear ar gach líomatáiste Aontais do réir an méid iostaithe a cuireadh ón líomatáiste sin sa Chontae. Fóirithin Allamuich do bheith ina muirear ceanntair.

7. An Teaghlach Contae agus an tOspideul Meán-suidhte do bheith fé bhainistí Choiste dá ngairmfar Bórd Sláinte na Contae, Coiste a bheidh có-dhéanta de:—

10 mBaill den Chomhairle Chontae.

8 Cathaoirligh Comhairle Thuath-cheanntair, Méara Chill Choinnigh.

6 Dhuine a ainmneofar ag an gComhairle Chontae.

3 Dhuine den Chléir a ainmneofar ag an gComhairle Chontae

1 Dochtúir Leighis.

1 Ionadaí do Choiste Árachais na Contae.

An Chomhairle Chontae do líona foth-fholúntaisí

SCEIM CHONTAE LAOIGHISE.

1. Na Tithe Oibre i Mainistir Laoighise agus i Móinteach Mílic.

2. Fúndúireacht Mheán-suidhte do bhunú i bPort Laoighise don Chontae go léir.

3. An Fhúndúireacht Mheán-suidhte do bheith có-dhéanta de:—

(a) Ospideul Meán-suidhte chun aire do thabhairt do chásanna chun Leighis agus do chásanna chun Máin-liaghais ann.

(b) Ospideul Fiabhrais

(c) Teaghlach Meán-suidhte do sheandaoine, do dhaoine fannlaga agus do shíor-bhreoiteacháin.

4. An Otharlann Chontae atá i bPort Laoighise do chimeád mar Fhúndúireacht Mheán-suidhte.

5. An tOspideul i Mainistir Laoighise do chimeád chun aire do thabhairt do chásanna chun Leighis, do chásanna chun Máin-liaghais agus do chásanna Fiabhrais

6. Na foirgintí i Móinteach Mílic do chime d mar Theaghlach Mheán-suidhte.

7. Sa mhéid gur féidir é, cásanna chun Leighiseoireachta agus cásanna chun Máin-liaghais do chur go dtí an Otharlann Chontae

8. De bharr na n-atharuithe sin ní foláir:—

(a) Na seandaoine, na daoine fann-laga, na taom-ghalaraigh, na daoine gan meabhair, agus na síor-bhreoiteacháin atá i dTigh Oibre Mhainistir Laoighise fé láthair d'aistriú go Tigh Oibre Mhóintigh Mhílic.

(b) Nuair a scaoilfar chun siúil na gnáth-chásanna chun leighis agus máin-liaghais atá i Móinteach Mílic, gan a thuille cásanna den tsórt san do chur fé chóir ansan.

(c) Coiste Ospidéil Chontae agus Teaghlacha I Failghe do ghlaca gach iostaí i dTigh Oibre Mhóintigh Mhílic atá ionchurtha mar mhuirear ar an gContae sin.

(d) Comhairle Chontae Chill Dara do dhéanamh aistriú go Laoighis ar gach iostaí in Aontas Bhaile Átha hI atá ionchurtha mar mhuirear ar Chontae Laoighise

(e) Comhairle Chontae Thiobrad Árann Thuaidh d'aistriú gach iostaí in Aontas Ros Cré atá ionchurtha mar mhuirear ar Chontae Laoighise.

(f) Rud den tsórt chéanna do dhéanamh i gcás Cheatharlach.

9. Ach, tré réiteach le contaethe comharsanachta, féadfar deabhachásanna breoiteachta nárbh uiriste a thabhairt go hOspideul Mhainistir Laoighise no go dtí an Otharlann Chontae, e.g., Ceanntar Shliabh Meargaí, féadfar iad do thabhairt go hOspideul comhgarach dóibh i gceanntar Cheatharlach agus iad do chur ina muirear ar Chontae Laoighise do réir oiread san an duine. Gan san do chleachta ach i gcásanna mór-bhreoiteachta.

10. Gan cur isteach do dhéanamh ar Cheanntar Iclainne ná ar Dhochtúirí Iclainne. I gcás aon ath-shocrú do bheith le déanamh ar líomatáiste íclainne, tuarastal an Dochtúra do bheith ina scéal le socrú idir na Comhairlí Contae lena mbainfidh obair an Dochtúra. An Chomhairle Cheanntar go mbeidh furmhór an Cheanntair Iclainne ina líomatáiste, isí íocfidh tuarastal an Dochtúra agus, fé mar a réiteofar eatorra, íocfidh an Chomhairle eile a cothrom ceart den tuarastal leis an gComhairle a íocfidh an Dochtúir.

11. Gan cóir do chur ar dhuine i bhfúndúireacht maran duine é nách féidir é do chur ar altranas no fóirithin allamuich do dhéanamh air Tabharfar cúnamh do dhaoine gátaracha no aire leighis do bhreoiteacháin ina dtithe féin i ngach cás in ar féidir é.

12. An t-Ospideul Meán-suidhte Sealadach i Mainistir Laoighise, agus an Teaghlach Meán-suidhte Sealadach i Móinteach Mílic, agus ar ball an Fhúndúireacht Mheán-suidhte i bPort Laoighise, beid fé riara Choiste Bhainistí dá ngairmfar Coiste na n-Ospideul no na dTeaghlach (no éinní eile do b'oiriúnaí ná san, dar leis an gComhairle Chontae), Coiste a bheidh có-dhéanta dhíobh so a leanas:—

10 mBaill a ceapfar ag an gComhairle Chontae, 3 Baill ag Comhairle Thuath-cheanntair Mhóintigh Mhílic, 2 bhall ag Comhairle Thuath-cheanntair Mhainistir Laoighise, aon bhall amháin an ceann ag Comhairlí Thuathcheanntair Bhaile Átha hI, Uimh. 2; Ros Cré, Uimh. 3; agus Shliabh Meargaí.

13. Deire do chur leis an “Aontas” mar líomatáiste riaracháin.

14. De dheaseaibh atharuithe sa tslí riaracháin, deire do chur le Búird Chaomhnóirí, agus an Coiste Bainistí do bheith freagarthach in obair na Fóirithine Allamuich do roinnt agus san obair eile atá á dhéanamh go dtí so ag Búird Chaomhnóirí (ach amháin obair fén Árd-Chláradóir).

15. Fé mar atá fé láthair, na Tuath-cheanntair do bheith ina n-aontáin chun críche an riaracháin fén gCoiste Bainistí.

16. Ceapfaidh na Comhairlí Tuath-Cheanntair Fo-Choistí chun deighleáil le hiarrataisí ar Fhóirithin Allamuich agus le hobair eile a bhaineann leis an atharach slí.

17. Deire do chur le hoifig na nOifigeach bhFóirithine. Iarrataisí ar Fhóirithin Allamuich do dhéanamh ar fhuirmeacha speisialta do moladh ag Roinn an Rialtais Áitiúla. An Comhairleoir a bheidh ina chomhnaí i gcomharsanacht an iarrthóra do dheimhniú bona fide-na an iarrthóra. Tar éis d'Fhó-choiste an Cheanntair iad do scrúdú, na hiarrataisí sin do chur ag triall ar Choiste na hOspideul agus na dTeaghlach maraon le molta. Tar éis íocaíochta d'údarú, iad d'íoc le hOrduithe Iocaíochta Sa chás gur gá é agus gur mhaith an rud é, leabhar ina mbeidh roinnt Orduithe Iocaíochta i gcóir tréimhse do chur chun an iarrthóra. An post d'úsáid chun na hOrduithe sin do chur chun siúil.

18. Fuirmeacha Deabha-chabhra do thabhairt do gach Comhaireoir Ceanntair i gcóir deabha-chásanna. Tá na Fuirmeacha san le húsáid, leis, i gcásanna lena ndeighleáladh Oifigeach Fóirithine, i gcásanna in ar gá socrú do dhéanamh chun duine d'adhlaca no chun comhra do sholáthar. Díreach mar a déanfí i gcás Iarratais Chabhra (Fuirm H. H. 1) déanfar gach cás Deabha-chabhra do thabhairt fé bhráid an chéad Chruinnithe eile den bhFo-choiste sa cheanntar lena mbaineann sé, agus san sa bhfuirm cheaptha.

Airgead.

19. Gach Tuath-cheanntar d'íoc gach costais a bhaineann leis féin, na héilithe sa Teaghlach Contae agus san Ospideul Contae do bheith do réir oiread so an duine, fé mar a déanfar amach iad i ndeire gach leath-bhliana do réir oiread so laethanta le chéile. Maidir leis sin, na híocaíochtaí a dhéanfidh othair do chur chun creidiúna don Tuathcheanntar gur uaidh a leigeadh na hothair isteach. I gcás daoine a leigfar isteach sa bhFúndúireacht Mheán-suidhte agus nách ionmhuirir ar aon Tuath-cheanntar laistigh den Chontae iad, tuigfar iad do bheith ina muirear ar an gContae Iomlán.

20. Cuntas fé leith do chimeád sna hOifigí (dá dtagartar anso ina dhiaidh seo) i gcóir gach Tuath-cheanntair cho fada agus bhainfidh oibriú na Scéime seo leis an dTuath-cheanntar.

21. Na héilithe a dhineadh na Búird Chaomhnóirí ar an gComhairle Chontae, isé Coiste na n-Ospideul agus na dTeaglach a dhéanfidh feasta iad, sé sin, an Coiste Bainistí, a gheobhaidh an t-airgead díreach ón gComhairle Chontae.

An Fhuireann

22 Beidh ag an gCoiste Bainistí:—

(a) Árd-oifigeach chun gníomhú mar Chléireach don Choiste Bainistí.

(b) Árd-oifigeach chun có-líonta na ndualgaisí a bhaineann le maoirseacht roinnt na Fóirithine Allamuich agus le cigireacht do dhéanamh ar Leanbhaí ar Altranas.

23. San Ospideul Meán-suidhte Sealadach i Mainistir Laoighise:—

(a) Dochtúir Oifigiúil.

(b) Mátrún, nách foláir a bheith ina Banaltra lán-rithte, chun bheith freagarthach i riara an Ospidéil agus chun na Cuntaisí do chimeád.

(c) Banaltraí agus Freastaluithe mar a tespeánfar a bheith ag teastáil

(d) Dóirseoir.

24. Sa Teaghlach Meán-suidhte Sealadach, Móinteach Mílic:—

(a) Mátrún, a chó-líonfidh na dualgaisí céanna a bheidh ar Mhátrún Mhainistir Laoighise.

(b) Congantóirí mar a tespeánfar a bheith ag teastáil.

(c) Dóirseoir.

26. Chun gurb usa cuntaisí do cheartú agus chun tosnú ar an slí nua gan ualach

Na Caomhnóirí do bhrise gach oifigigh thighe, sé sin, Dochtúirí Oifigiúla Tithe Oibre, Cléirigh, Mátrúin, Oifigigh Fóirithine, Máistrí agus Máistreásaí Scoile, etc., agus na hoifigigh sin do chur ar aois-liúntas no ar pinsean no cúiteamh a dhéanamh leo.

Ceart a bheith ag an gCoiste Có-naisc no ag an gCoiste Bainistí chun pé oifigigh díobh san a bheidh oiriúnach d'ath-cheapa fén Slí Nua.

Láithreach na dhiaidh sin, na caomhnóirí do scur de bheith ag feidhmiú.

27. O thárla ná fuil aon amhras ná gur ceart leanbhaí do chur ar altranas, a iarraidh ar na Caomhnóirí atá ann fé láthair, faid a befar ag feitheamh go ndaingneofar mion-nithe na Scéime, pé ní is gá do dhéanamh láithreach chun an chuid sin den Scéim do chur in éifeacht.

Leasú ar Airtiogal 12 do moladh ag an Aire um Rialtas Áitiúil 30adh Mí na Samhna, 1922:—

“Ionadaí sa bhreis do lomháil do chomhairle Thuath-cheantair Ros Cré Uimh. 3 agus dhá ionadaí sa bhreis do lomháil do chomhairle Thuath-cheanntair Shliabh Meargaí. E a bheith de cheart ag an gCoiste Bainistí naonúr ball sa bhreis do chó-thogha laistigh den líomatáiste riaracháin in aon áit 'na meastar nách leor an méid ionadaithe atá ann fé láthair.”

SCEIM CHONTAE LIATHDROMA.

1. Ar dháta a ceapfidh an Coiste Bainistí á luaidhtear annso ina dhiaidh seo, na hiostuithe uile ó Chontae Liathdroma atá sna Tithe Oibre agus sna hOspidéil a ghabhann leo i mBéal Átha Seannaig, Badhún Buí, i gCara Droma Rúisc, agus i Maothail Mhanacháin d'aistrú go Tigh Oibre an Chluainín dá ndéanfar Fúndúireacht Mhéan-suidhte don chontae go léir agus Teaghlach Chontae Liathdroma mar ainm uirri. An Otharlann Chontae i gCara Droma Rúisc agus an t-Ospideul Fiabhrais a ghabhann le Tigh Oibre Chara Droma Rúisc d'ath-bhunú mar Ospideul Ceanntair chun fónamh don taobh theas de Chontae Liathdroma.

2. Imeoidh Bainistí an Tighe Oibre atá sa Chluainín, imeoidh sí as lámha Bhórd Caomhnóirí an Chluainín agus aistreofar í go dtí Coiste Bainistí a bheidh có-dheanta de cheithre baill déag a ceapfar ag Comhairle Chontae Liathdroma, de thrí baill an ceann ag Tuath-cheanntair an Chluainín agus Mhaothail Mhanacháin, de dhá bhall a ceapfar ag Comhairle Thuath-cheanntair Chara Droma Rúisc Uimh. 1 agus d'aon bhall amháin an ceann ag Tuath-cheanntair Bhéal an Átha Móir agus Chinn Locha. I ngach cás fé leith, beidh Cathaoirleach na Comhairle Tuath-cheanntair ar dhuine de sna hionaduithe a ceapfar. Có-thoghfidh an Coiste trí baill eile, eadhon, triúr ban. Mar sin, beidh seacht mbaill ar fhichid ar fad ar an gCoiste iomlán; agus seachtar is quorum do chruinniú acu. Fé cheadú ó Chomhairle Chontae Liathdroma agus ó Roinn Rialtais Dháil Éireann isea déanfar na rialacháin a dhéanfidh an Coiste sin atá ainmnithe thuas. Beidh téarma oifige an Choiste Bhainistí díreach mar théarma oifige na Comhairle Contae atá ann fé áthair, agus leanfidh an Coiste Bainistí ag feidhmiú go dtí dáta an chéad chruinnithe bhliantúla den Chomhairle Chontae a toghfar tar éis imeacht don Chomhairle Chontae atá ann fé láthair. Beidh an chéad Choiste Bainistí i seilbh oifige faid a mhairfidh tréimhse oifige na Comhairle Contae atá ann fé láthair, agus trí bliana is tréimhse oifige do gach Coiste Bainistí a thiocfidh ina dhiaidh.

Déanfar Bainistí na hOtharlainne i gCara Droma Rúisc do thógaint as lámha an Choiste Otharlainne Contae atá ann fé láthair, agus an t-Ospideul Ceanntair atá i gCara Droma Rúisc (atá có-dhéanta den Otharlann Chontae agus den Ospideul Fiabhrais atá i gCara Droma Rúisc) beidh sé fé bhainistí Fó-choiste a ceapfar ag an gCoiste Bainistí fé cheadú ó Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann.

3. Gairmfar chun Tionóil Speisialta ar dháta a hainmneofar gach cólucht 'na mbeidh ionaduithe aca ar Choiste Bainistí Teaghlaigh Chontae Liathdroma chun ionaduithe do cheapa chun Coiste Bainistí an Teaghlaigh sin. Beidh na Tionóil Speisialta so ann cho luath agus is féidir té ar éis do Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann glaca leis an Scéim seo agus í do cheadú.

4. Na Búird Chaomhnóirí atá ag Aontaisí an Chluainín, Mhaothail Mhanacháin, agus Chara Droma Rúisc fé láthair do scur de bheith ag feidhmiú ón dáta ar a gceadófar an Scéim ag Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann, agus gach ní a bhaineann le Fóirithin Allamuich, le Déarcaisí Leighis, etc., do bheith á riara ag Fó-choistí, a bheidh có-dhéanta de chúig baill do gach Aontas fé leith agus a ceapfar ag na Comhairlí Tuath-cheanntair, fé seach, agus 'na mbeidh beirt acu ina mbaill den Choiste Bainistí. Isí Comhairle Thuath-cheanntair Chara Droma Rúisc, Uimh. 1, a cheapfidh an Fo-choiste atá le ceapa chun deighleáil leis na nithe seo in Aontas Chara Droma Rúisc.

5. Gach costas féna raghfar mar gheall ar Theaghlach Chontae Liathdroma agus na Fúndúireachtaí eile, beidh sé ina mhuirear cothrom ar an gContae Iomlán.

6. Leagfidh Coiste Bainistí Teaghlaigh Chontae Liathdroma fé bhráid Chomhairle Chontae Liathdroma a Meastachán agus a nÉileamh Bliantúil ar a riachtanaisí i gcóir na hath-bhliana. Gairmfar Tionól Speisialta den Choiste Bainistí sin an 16adh lá d'Eanair gach bliana airgid no roimhe sin, agus leagfidh an Cléireach fé bhráid an Tionóil sin a Mheastachán ar na Fiachaisí agus na riachtanaisí sin an Choiste go mbeidh ar an gComhairle Chontae soláthar do dhéanamh ina gcóir i rith na bliana airgid dár gcionn agus, le rún a breacfar ar mhiontuairiscí an Tionóil, glacfidh an Coiste leis an gcéanna tar éis é do leasú, agus leis sin déanfid féna séala meastachán agus éileamh ar an méid a bheidh ag teastáil. Cuirfear an t-éileamh san chun na Comhairle Contae agus cuirfear cóip dheimhnithe dhe ag triall ar Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann. Mara ndéanfidh an Coiste an meastachán agus an t-éileamh san laistigh den aimsir cheaptha, tabharfar comhacht do Chléireach an Choiste chun a Mheastachán do thabhairt do Rúnaí Chomhairle Chontae Liathdroma agus do Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann. I gcóir na bliana airgid seo anois againn, déanfidh Comhairle Chontae Liathdroma, ar éileamh ó Choiste Bainistí Teaghlaigh Chomhairle Chontae Liathdroma, roimh-íoc sna suimeanna san is gá do Theaghlach Contae don Liathdroma agus Ospideul Ceanntair.

7. Ceapfidh Coiste Bainistí Teaghlaigh Chontae Liathdroma Cisteoir dóibh féin, eadhon, Cuideachta éigin Bhancaereachta.

8. Ceapfar Maoin-áireamhach chó luath agus is féidir é chun luacháil do dhéanamh ar na hearraí a tógfar as na Tithe Oibre go léir chun Teaghlach Contae Liathdroma do ghléasa. Cuirfar chun creidiúna do gach Aontas luach na maoine a tógfar as, agus isé Coiste Bainistí Teaghlaigh Chontae Liathdroma a íocfidh táille an Mhaoin-áireamhaigh.

9. Iniúchfar Cuntaisí Coiste Bainistí Teaghlaigh Chontae Liathdroma uair sa leath-bhliain ag Iniúchóir le Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann agus go ceann tamaill glacfar leis na hachtacháin agus na rialacháin atá ann fé láthair.

10. Glacfidh Coiste Bainistí Teaghlaigh Chontae Liathdroma le pé Buan-órduithe agus Rialacháin a bheidh riachtanach dar le Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann.

11. Isé an Coiste Bainistí, fé cheadú ó Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann, a cheapfidh Oifigigh do Theaghlach Chontae Liathdroma. Rúnaíocht an Choiste Bhainistí do líona tar éis scrúdú tástála do sheasamh mhuintirina mbeidh Gaedhilg agus Cúntasóireacht ina n-abhair oblagáideacha I ngach cás in ar féidir é tabharfar tosach don 'na gcuirfar a n-Oifig ar ceal fén Scéim seo, ach má ceaptar aon oifigeach atá i dteideal no ag fáil aoisliúntais no aisce fén Scéim seo, ní foláir don oifigeach san, mar choiníoll de choiníollacha a cheaptha, gach éileamh ar aois-liúntas do leigint uaidh; no má fuair sé aisce, caithfe sé méid na haisce sin d'aisioc le Comhairle Chontae Liathdroma. Beidh gach ceapa ina cheapa sealadach go ceann tréimhse sé mí agus, i ndeire na tréimhse sin, le cead ó Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann, féadfar an tuarastal a bheidh ag gabháil le gach oifig d'atharú. Déanfar ceapanna buana de sna ceapanna ansan, más seirbhís shásúil an tseirbhís a tugadh. Le fógraíocht phuiblí a foillseofar ceapanna, agus éinne dhéanfidh canbhasáil tuigfar é do bheith fé mhícháilíocht.

12. Ar dháta a cheapfidh Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann, déanfidh Caomhnóirí Aontaisí an Chluainín, Chara Droma Rúisc, agus Mhaothail Mhanacháin Tionól Speisialta do ghairm chun deire do chur le ceapa gach Oifigigh agus gach fostaí eile 'na mbeidh deire lena nOifigí agus lena bhfostaíocht le linn an Scéim seo do theacht i ngníomh. Sa chás gurb éinne amháin Cléireach an Aontais agus Cléireach na Comhairle Ceanntair, cuirfar deire len, Oifig mar Chléireach don Aontas agus cuirfar ar aois-liúntas é do réir an tuarastal a ghabhann leis an Oifig sin. Fén Scéim seo tá deire á chur leis na hOifigí agus na fostaíochtaí seo:— Cléireach an Aontais, Máistir, Mátrún, Séiplíneach, Banaltraí, Dóirseoir, Freastaluithe idir Fireann agus Baineann, Mná Aireagail, Dochtúirí Oifigiúla, agus gach aon cheann eile ná luaidhtear go sonnrách fé sna teidil sin.

13. Gach Oifigeach 'na gcuirfear deire len' Oifig agus a bheidh i dteideal aois-liúntais cuirfar ar aois-liúntas é ar coiníoll go gcaillfe sé méid an aois-liúntais sin má gheibheann sé ionad fén gComhairle Chontae no fé Choiste Bainistí Teaghlaigh Chontae Liathdroma, no fé aon Chólucht Puiblí eile in Éirinn, agus má bhíonn tuarastal an ionaid sin cho mór, nó níos mó, leis an méid sin. Gach Oifigeach 'na gcuirfar deire len' Oifig agus ná déanfar a ath-fhostú fé Choiste Bainistí Teaghlaigh Chontae Liathdroma, tabharfar do aois-liúntas no cúiteamh do réir téarmaí na himlitreach a cuireadh amach le déanaí ina thaobh ó Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann. Féadfar aiscí d'íoc go ráithiúil no go leathbhliantúil maran féidir an tsuim iomlán d'íoc i dteanta a chéile. Féadfar agóidí i gcoinnibh méid gach aois-liúntais no aisce do chur fé bhráid Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann agus ní bheidh dul thar a mbreith sin.

14. Gheobhaidh Comhairle Chontae Liathdroma ar iasacht an t-airgead is gá chun an t-alt san roimhe seo do chó-líona, agus beidh aisíoc a Chodacha san agus an Uis a bheidh air, beidh sé ina mhuirear ar na Tuath-cheanntair chearta mheánacha.

15. Leanfid Dochtuirí Iclainne agus Mná Cabhartha Ceanntair de bheith ag có-líona a ndualgaisí ina gCeanntair Iclainne fé seach mar atáid go dtí so.

16. An túisce 'na mbeidh an Scéim seo ceaduithe ag Comhairle Chontae Liathdroma agus ag Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann, déanfidh Coiste Bainistí Teaghlaigh Chontae Liathdroma, chó luath agus is féidir é, na socruithe is gá chun na hiostuithe d'aistriú go Teaglach Chontae Liathdroma sa Chluainín.

17. Maidir le leanbhaí an Tighe Oibre, beidh sé de dhualgas ar an gCoiste Bainistí gach éinne, nó oiread is féidir, de sna leanbhaí fúndúireachta do chur ar altranas. An Fó-choiste a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, cabhróidh sé le Coiste Bainistí Teaghlaigh Chontae Liathdroma chun lucht altranais oiriúnacha do sholáthar sna ceanntair a bheidh fútha, agus tuairisceoidh sé go regealálta cor na leanbhaí a bheidh ar altranas. Féachfidh an Coiste Bainistí chuige go gcuirfar na leanbhaí ar altranas chó luath agus is féidir é—agus ní ciméadfar i dTeaghlach Contae Liathdroma aon leanbh os cionn trí mblian d'aois. Má fachtar nách féidir leanbhaí áirithe do chur ar altranas, féadfidh an Coiste, más maith leo é, na leanbhaí sin d'aistriú go dtí scoil eile den tsórt san

18. Maidir le mná ag iompar cloinne agus máithreacha nea-phósta, caithfar, go ceann tamaill, roinn fé leith do chur sa bhfúndúireacht mheánsuidhte i gcóir a leithéidí

NITHE LE DÉANAMH CHUN AN SCEIM DO CHUR I NGNIOMH AGUS AN NOS-IMEACHTA A BHAINEANN LEIS SIN.

1. Beidh an fhúndúireacht sa Chluainín có-dhéanta de:—

(a) Ospideul do chásanna chun leighis agus do chásanna chun máin-liaghais agus Ospideul Chontae Liathdroma mar ainm air.

(b) Ospideul do lucht Fiabhrais agus Ospideul Fiabhrais Liathdroma mar ainm air.

(c) Theaghlach do sheandaoine, do dhaoine fann-laga agus do shíor-bhreoiteacháin.

2. Moltar na feabhsuithe seo leanas do dhéanamh ar Fhoirgintí an Tighe Oibre sa Chluainín i dtreo go bhéadfar iad d'úsáid mar Ospideul agus Teaghlach Contae:—

(a) Solus leictreach do chur sna foirgintí go léir.

(b) Tigíní Príomháideacha agus Folcáin nua i gcorp an tighe

(c) Aireagail a bheidh go solusmhar aerúil d'ullamhú i gcorp an tighe.

(d) Amharclann mháinliaghais do chur suas.

(e) Seomra díthruailleacháin do chur suas i gcóir an Ospidéil Fiabhrais.

3. I dtreo go bhféadfar an Otharlann Chontae i gCara Droma Rúisc d'úsáid mar Ospideul Ceanntair, moltar na feabhsuithe seo leanas do dhéanamh:—

(a) Amharclann mháinliaghais agus seascathóir do chur suas.

(b) Aireagal do Bhaineannacha d'ullamhú ar an dara húrlar.

(c) Aireagal beag do chur suas chun lucht fiabhrais do ghlaca ann. Maidir leis sin moltar an tOspideul Fiabhrais a ghabhann leis an Tigh Oibre i gCara Droma Rúisc do chimeád gléasta go fóill, go dtí go mbeidh an t-aireagal fíabhrais sin thuas críochnuithe agus an tOspideul Fiabhrais a ghabhann leis na foirgintí Tighe Oibre i gCara Droma Rúisc fé láthair do dhúna ina dhiaidh sin.

4. Má glactar leis an Scéim seo ní foláir na hatharuithe seo leanas dhéanamh ar an riarachán atá ann fé láthair:—

(a) Riarachán na Fúndúireachta Contae sa Chluainín, roinnt na fóirithine allamuich, agus an obair eile ata á dhéanamh go dtí so ag na Búird Chaomhnóirí go léir sa Chontae lasmuich d'obair fén Ard-chláradóir, do bheith fé riar an Choiste Bhainistí roimh-luaidhte.

(b) Fén Scéim seo cuirtar deire leis an “Aontas” mar líomatáiste riaracháin.

(c) Socrú do dhéanamh i gcóir na fuirinne seo leanas sa bhfúndúireacht mheán-suidhte:—(i.) Dochtúir Oifigiúil agus Máin-liaigh do bheith mar Fhuirinn Leighis do Theaghlach Contae Liathdroma. (ii.) Mátrún nách foláir di bheith ina banaltra thréineálta. (iii.) oiread banaltraí agus freastaluithe agus is gá. (iv.) Rúnaí don Choiste Bainistí 'na ndéanfidh an Coiste sin a dhualgaisí do shocrú. (v.) Dóirseoir, tiománai leaba-chóiste, etc.

5. Ní bheidh aon oifigigh fóirithine ann fén Scéim seo, agus ní mór iarrataisí ar fhóirithin allamuich do dhéanamh ar fhuirmeacha ar leithlig. An Comhairleoir Contae a bheidh ina chomhnaí in aon chontae amháin na leis hiarrthóirí do dheimhniú bona fide-na na n-iarrthóirí. Tar éis d'Fho-choiste an cheanntair deighleáil leis na hiarrataisí sin, iad do chur chun an Choiste Bhainistí maraon le molta ina dtaobh. Tar éis íocaíochta bhaith údaruithe iad d'íoc le hOrduithe Iocaíochta, agus, sa chás gur gá é, leabhair d'Orduithe Iocaíochta i gcóir tréimhse d'úsáid sa ghnó san.

6. Fuirmeacha Deabha-chabhra do thabhairt do gach Comhairleoir Ceanntair i gcóir deabha-chásanna. Tá na fuirmeacha san le húsáid, leis, i gcásanna le n-a ndeighleáladh Oifigigh Fóirithine, i gcásanna in ar gá socrú do dhéanamh chun duine d'adhlaca no chun comhra do sholáthar Agus i gcás iarratais chabhra (Fuirm H.H. 1.) déanfar gach cás deabhachabhra do thabhairt fé bhráid an chéad thionóil eile den bhFó-choiste sa cheanntar le n-a mbaineann sé, agus san sa bhfuirm cheaptha.

8. Moltar daoine do chur amach ar lóistín i ngach cás in ar féidir é fén Scéim seo. Ach i gcás daoine fásta ní mór aire do thabhairt ná fuighidh aon duine dubháilceach aon chúnamh lasmuich d'fhúndúireacht, agus má tugtar cúnamh do thúismitheoirí no do dhaoine eile 'na bhfuil cúram leanbhaí, daoine óga no lucht lag-intinne ortha, ní mór féachaint chuige go gcuirfar cóir cheart ar a gcúram. Ní foláir aire speisialta do thabhairt do leanbhaí i dtreo go n-eireoid siad suas ina saoránaigh maithe. Níor cheart leigint d'éinne acu fanúint i bhfúndúireacht más féidir san do sheachaint, ach ba cheart tuisgint do thabhairt dóibh, ó fhíor-thosach a n-óige, sna búntáistí a bhaineann le saol an teinteáin teolaí seachas mar a bhaineann le saol na fúndúireachta. Níor chóir éinne acu do chur chun comhnuithe i mbaile mór, ach iad do chur ar altranas ag daoine galánta ar an dtuath.

9. Maidir le riara generálta an Teaghlaigh Chontae, ní fhéadfadh duine bheith leath aireach a dhóthin i dtaobh mion-rudaí. Caithfar gan leanúint den nós úd na seomraí fé leith, na cócaireachta fé leith agus na socruithe eile fé leith i gcóir na n-oifigeach a bheidh ann.

10. Ba cheart gan ach deabha-chásanna do leigint isteach san Ospideul Ceanntair, agus ansan féin níor cheart é do dhéanamh maran goire dhóibh go mór an t-opideul san ná an fhúndúireacht mheán-suidhte Ní mór gan síor-bhreoiteacháin do chimeád san Ospideul Ceanntair ar aon tsaghas cúinse.

11. Caithfidh gach othar cabhrú do réir a acfuinne chun a chimeádta suas. Gach éinne a bheidh ag fáil liúntais bhreoiteachta agus ná beidh éinne ina chúram air ba chóir do cabhrú ar an gcuma san.

12. Gach othar a bheidh ag íoc lán-chostas a leighis, a bheith de cheart aige aon dochtúirí is maith l is do thabhairt isteach chun comhairle.

SCEIM CHONTAE -BHUIRGE LUIMNIGH.

1. Tigh Oibre Luimnigh do dhúna ó 31 Márta dár gcionn, agus na hiostuithe go léir a bhaineann leis an dTigh Oibre agus gur ó Chontae Luimnigh agus ó Chontae an Chláir iad d'aistriú idir an dá linn go dtí n-a dTeaghlaigh Contae fé seach. Oiread agus is féidir den chuid acu a bhaineann le Cathair Luimnigh do chur amach ar lóistín, agus an chuid eile acu do chimeád i dTeaghlach oiriúnach laistigh den Bhuirg.

2. Oifig gach oifigigh a bhaineann leis an dTigh Oibre fé láthair do chur ar neamhní le fógra míosa ó Mhárta, 1922.

3. Ar fháil scéala ó Roinn an Rialtais Áitiúla, déanfidh an Bórd Caomhnóirí atá ann fé láthair fógra sa chéill sin do thabhairt dá n-oifigigh agus ó dháta a cheapfidh an Roinn agus dá éis scuirfidh na Caomhnóirí de bheith ag feidhmiú mar chólucht, ach ní go dtí pé tráth 'na mbeidh gach fiachas a bhaineann leis an Aontas íoctha acu, agus leabhair an Aontais curtha fé iniúcha acu

4. Gach buan-oifigeach lán-aimsire 'na gcuirfar deire len' oifig fén scéim seo, agus 'na mbeidh seirbhís deich mblian no breis déanta aige deonfar liúntas scuir do agus, más lú ná deich mbliana a théarma seirbhíse, deonfar aisce no suim airgid do. Liuntaisí no aiscí den tsórt san do dhéanamh amach do réir bása a socrófar idir na trí cóluchtaí a chabhruíonn le Tigh Oibre Luimnigh agus fé bhreith Roinn an Rialtais Áitiúla.

5. Chun riara Teaghlaigh nua agus Ospidéil nua na Cathrach do smachtú bunófar Coiste Bainistí (Coiste Rialúcháin) a bheidh có-dhéanta d'aon bhall déag (ar a n-áirítear Méara Luimnigh, ex officio); beidh triúr ban ortha san, mar ba mhaith an rud ban-ionaduithe do bheith ar an gcoiste. Déanfidh an Chomhairle Bhuirge seacht mbaill (ar a mbeidh an Méara) do cheapa as ballra na Comhairle, agus molfidh an seachtar san cheithre baill eile do chó-thogha chun a gceaptha chun an Choiste Bhainistí (ceathrar nách gá dhóibh bheith ina mbaill den Chomhairle Bhuirge).

6. Glacfidh an Coiste Bainistí pé Buan-órduithe is gá dar le Roinn an Rialtais Áitiúla.

7. Déanfidh an coiste pé nithe is gá chun fuireann nua do chur i dTeaghlach agus in Ospideul na Cathrach agus chuige sin cuirfar fógraí sna páipéir nuachta chó luath agus is féidir é tar éis na fógraí i dtaobh cur na n-oifigí ar ceal do bheith tabhartha do sna hoifigigh atá ann fé láthair.

8. An fhuireann nua a cheapfidh an Coiste do bheith có-dhéanta de

(a) Rúnaí Cúntasaíochta (socrófar a dhualgaisí).

(b) Maor Tighe.

(c) Mátrún.

(d) Leor-fhuireann banaltraí agus freastaluithe.

(e) Fear Geata.

(f) Dochtúir Oifigiúil.

(g) Séiplínigh.

Ní hiontofa ar an bhfuirinn bhanaltrais feasta ach banaltra lán-tréineálta.

9. Is fé cheadú Roinn an Rialtais Áitiúla a déanfar aon cheapanna a chinnfidh an Coiste a dhéanamh agus, nuair is gá é dar leis an Roinn, cuirfar scrúduithe ar bun ina gcóir. Ceapanna sealadacha a mhairfidh sé mhí isea bheidh ionta go léir, agus i gceann na tréimhse sin féadfar atharú do dhéanamh ar na tuarastail a bheidh ag gabháil leo má bhíonn Roinn an Rialtais Áitiúla sásta leis sin. Buanófar na ceapanna ach an tseirbhís a tugtar do bheith sásúil.

10. Fén mbainistí nua so scuirfar de lón do roinnt ar oifigigh agus sa mhéid gur féidir é dhéanamh gan dochar do cheart-bhainistí an Teaghlaigh Chathrach, beifear ag brath air go gcomhnóid na hoifigigh lasmuich den Teaghlach san.

11. Gheofar arán don bfúndúireacht ó sna bácúis áitiúla ar connra.

12. Le có-oibriú na Comhairle Buirge is i Leaba-chóiste na Cathrach a déanfar othair do thabhairt isteach sa Teaghlach Cathrach agus amach as.

13. Chun na gcrícheanna a bhaineann le Cabhair Theinteáin do riara ar fuaid na Buirge, ceapfar duine no daoine oiriúnacha chun na dualgaisí eile a bhaineann léi do chó-líona (dualgaisí atá le socrú ag an gCoiste), agus beidh cead ag an gCoiste, ar mhaithe le dea-bhainistí agus le lucht dealbhais, pé atharú oiriúnach is dó leis is gá do dhéanamh ina thaobh san.

14. Trí baill den Choiste Bainistí is quorum i gcóir gnótha ghnáthaíochta, agus cúigear i gcóir aon ghnótha atá ina ghnó ar leithligh dar eis an gCathaoirleach.

15. Leanfidh an chéad Choiste Bainistí ag feidhmiú go dtí dáta an chéad chruinnithe bhliantúla den Chomhairle Bhuirge a toghfar i 1923.

Ceapfidh Comhairle Bhuirge téarma oifige gach Coiste ina dhiaidh sin nuair a bheidh sí ag ceapa na gcoistí sin.

16. Leagfidh an Coiste Bainistí fé bhráid na Comhairle Buirge a meastachán agus a n-éileamh bliantúil ar a riachtanaisí i gcóir na hathbhliana. Gairmfear cruinniú speisialta den Choiste an 15adh lá dEanair gach bliana airgid no roimhe sin agus leagfidh an Rúnaí fé bhráid an chruinnithe sin a mheastachán ar na fiachaisí agus na riachtanaisí sin an Choiste go mbeidh ar an gComhairle Bhuirge soláthar do dhéanamh ina gcóir i rith na bliana airgid dár gcionn, agus le rún a breacfar ar mhiontuairiscí an chruinnithe, glacfidh an Coiste leis an gcéanna tar éis é do leasú no gan é do leasú, agus leis sin déanfid, féna Séala, Meastachán agus Eileamh ar an méid a bheidh ag teastáil, agus déanfid an céanna do chur chun na Comhairle Buirge agus cóip dheimhnithe dhe do chur chun Roinn an Rialtais Áitiúla. Mara ndéanfidh an Coiste an meastachán agus an tEileamh san laistigh den aimsir cheaptha, tabharfar comhacht don Rúnaí chun cóip dá mheastachán do thabhairt do Chléireach na Comhairle Bhuirge agus do Roinn an Rialtais Áitiúla.

17. Féadfidh an Coiste Bainistí Cisteoir do cheapa dhóibh féin, eadhon, Cuideachta éigin Bhancaereachta.

18. Iniúchfar cuntaisí an Choiste Bhainistí uair sa leath-bhliain ag Iniúchóir le Roinn an Rialtais Áitiúla agus dá réir sin glacfar leis na hachtacháin agus na rialacháin a bhaineann le hiniúchóireacht fé láthair.

19. Beidh bainistí agus riara genearálta an Teaghlaigh de chúram ar an gCoiste, d'fhonn spáráil do dhéanamh laistigh agus lasmuich agus d'fhonn saothar na n-iostuithe d'úsáid sa mhéid gur féidir é. Tabharfaidh an Coiste tuairiscí ráithiúla don Chomhairle Bhuirge agus seolfaid cóipeanna deimhnithe den chéanna chun Roinn an Rialtais Áitiúla.

SCEIM CHONTAE LUIMNIGH.

1. Deire do chur le gach Aontas fé Dhlí na mBocht sa Chontae, agus gan a chothú i bhfúndúireachtaí ach daoine nach féidir a scaoile amach as na fúndúireachtaí atá ann fé láthair.

2. Na Tithe Oibre i gCill Mocheallóg agus i Ráth Gaola do dhúna ar fad agus iad do dhíol, chun úsáide Náisiúnta mar mhonarchanna, mar mhuilinn no chun crícheanna ceárdais eile a thabharfidh obair le déanamh do sna daoine.

3. Tithe Oibre Chrom agus an Chaisleáin Nua do dhul as lámha a mBórdanna Caomhnóirí fé seach, agus iad do bheith fé riail Choiste Bhainistí no Cóluchta Rialúcháin, agus an Cólucht Rialúcháin do bheith có-dhéanta de cheithre baill déag, gach Comhairle Cheanntair fé leith sa Chontae ag ceapa aon bhaill amháin agus an Chomhairle Chontae ag ceapa sé baill; gach ball do bheith ina dhuine do toghadh mar ionadaí do sna daoine. Gan ach aon Chólucht amhaín do bheith os cionn an dá fhúndúíreacht.

4. An tOspideul Contae do ghairm den bhfúndúireacht i gCrom, agus an Teaghlach Contae do ghairm den bhfúndúireacht sa Chaisleán Nua.

5. Na hiostuithe breoite go léir (ó Chontae Luimnigh) sna Tithe Oibre sa Chaisleán Nua, i Ráth Gaola, i gCrom, i gCill Mocheallóg; i dTigh Oibre Mhalla, ó Aontas Chill Mocheallóg, laistigh den Chontae; i dTigh Oibre Fhearmuighe ó Thuath-cheanntar Bhaile Mhisteula, Uimh. 2; i dTigh Oibre Luimnigh, ó Thuath-cheanntar Luimnigh, Uimh. 1; i dTigh Oibre Luimnigh, ó Thuath-cheanntar Thiobrad Arann, Uimh. 2; i dTigh Oibre Lios Thuathail, ó Thuath-Cheanntar Ghleann Chorbraighe, d'aistriú chun an Ospidéil Chontae i gCrom.

6. Gach seanduine, duine lag, taom-ghalarach, duine gan meabhair, duine doleighiste, agus droch-chás eitinne, dá bhfuil sna Tithe Oibre agus sna Tuath-cheanntair sin thuas agus a bhaineann le Contae Luimnigh, d'aistriú chun an Teaghlaigh Chontae sa Chaisleán Nua.

7. Daoine do chur amach ar lóistín nuair is féidir in aon chor é d'fhonn bheith spárálach.

8. Dílleachtuithe agus leanbhaí a tréigeadh do chur ar altranas má táid idir 2 bhliain agus 7 mbliana, no, neachtar aca, iad do chur i dtithe dílleachtuithe; leanbhaí fé bhun 2 bhlian do chur amach ar banaltras; gach leanbh eile atá san aois chun dúl go Scoil Cheanntair Ghleann Chorbraighe do chur chun na scoile sin. An Bórd Caomhnóirí atá ann fé láthair do thosnú láithreach ar an gcuid sin den Scéim do chur in éifeacht.

9. Máithreacha nea-phósta agus a leanbhai do scaoile amach as na tithe oibre go léir.

10. Costas aistrithe agus iompair na n-iostuithe agus na n-othar do bheith ina mhuirear ar an gContae.

11. Cúiteamh i gcailliúint oifige do réir an scála mhaximun atá ann go dtí so do thabhairt do gach oifigeach 'na gcuirfar fhiachaint air imeacht as oifig de dheascaibh na scéime seo agus, in aon chas 'nar cheart, dar le Bórd Caomhnóirí, comhartha baochais do thabhairt d'aon oifigeach mar gheall ar fheabhas na seirbhíse dhin sé dhóibh, a bheith de chead acu oiread blianta agus is oiriúnach, dar leo, do chur le faid na seirbhíse sin, chun na haois-liúntaisí do dhéanamh amach, ach a chead san do bheith acu ó Roinn an Rialtais Áitiúla.

12. Gan aon bhia do roinnt ar oifigigh na bhfúndúireacht nua ach in' ionad san a chothrom san d'airgead do lomháil dóibh.

13. An Cólucht Rialúcháin do cheapa fuirinne d'oifigigh don Teaghlach agus don Ospideul Contae; oiread agus is féidir de sna hoifigigh a imeoidh as oifig d'ath-cheapa, chun íoc pinsean do sheachaint, agus gach Aontas d'fháil a cheart-chothraim de cheapanna do réir mar atá tuillte aige.

14. Banaltraí Tuata d'fhostú san Ospideul Contae agus Ord de Mhná Rialta do chur sa Teaghlach Contae.

15. Na Comhairlí Tuath-cheanntair d'fheidhmiú go ceann tamaill eile chun crícheanna fóirithine allamuich, agus déarcaisí leighis, agus chun crícheanna eile ná baineann le fóirithin na mbocht.

16. An Cólucht Rialúchain do cheapa a gCisteora féin do gach fúndúireacht, agus na Comhairlí Ceanntair do sholáthar airgid dóibh. An Cólucht Rialúcháin d'ullamhú a Meastacháin féin agus a nEilimh ar an gComhairle Chontae; an Meastachán agus na hEilithe atá déanta i gcóir na hath-bhliana do luíodú an méid sin i gcóir costaisí ó dháta na bhfúndúireacht d'oscailt go dtí 31 Márta so chugainn.

17. Gach Aontas no Tuath-cheanntar do chabhrú chun costaisí an Ospidéil agus an Teaghlaigh Chontae d'íoc do réir an méid iostuithe a bheidh á gcimeád suas sa dá áit sin.

18. Na héilithe san Ospideul agus sa Teaghlach Contae do bheith oiread so an duine fé mar a déanfar amach i ndeire gach leath-bhliana do réir oiread so laethanta le chéile. Airgead ó dhaoine fé tháille do chur chun creidiúna dá dTuath-cheanntair féin fé seach.

19. Cuntaisí fé leith do chimeád in aghaidh gach Tuath-cheanntair sa mhéid go mbainfidh oibriú na scéime leis na Tuath-cheanntair.

20. A chur de dhualgas ar an gCólucht Rialúcháin na fúndúireachtaí do bhainistí le haire chuibhe ní hamháin d'éifeachtúlacht ach fós do bhaileachas, agus feabhsuithe eile a sheolfidh chun tuille baileachais fós do chur ar bhainistí na bhfúndúireacht. Na hiostuithe d'fhostú agus do chimeád ag obair do réir a gcumais agus a n-ábaltachta, agus costas na cabhra as a n-íocfí do sheachaint amhlaidh oiread agus is féidir é.

21. Tigh Oibre Aontais Luimnigh d'fhágaint lasmuich den scéim fé mar a haontuíodh i gcruinniú an 6adh lá de Mheitheamh, 1921, ach amháin an chuid sin den Aontas gurb é Tuath-cheanntar Luimnigh, Uimh. 1, é. Deire do chur leis na Búird Chaomhnóirí go léir sna hAontaisí Có-nasctha, agus na Comhairlí Tuath-cheanntair fé seach do dhéanamh na hoibre a bhaineann le fóirithin allamuich, déarcaisí leighis, etc.

22. An Bord Bainisti do thógaint gach stuic fhónta dá bhfuil sna Tithe Oibre a dúnfar, ar luacháil ar a socrófar, agus measadóir inniuil d'fhostú chun na críche sin.

23. Tré shocruithe le hospidéil i gcontaethe comharsanachta, agus le hOtharlann Chontae Luimnigh agus Ospideul Cathrach Luimnigh, féadfar “Deabha-chásanna Breoitheachta” ó Thuath-cheanntair nách uiriste dul uatha go dtí an tOspideul Contae i gCrom, féadfar iad do chur chun na bhfúndúreacht san agus suim áirithe an duine sa tseachtain d'íoc asta fé mar a socrófar idir an gCólucht Rialúcháin agus na fúndúireachtaí sin. An tseift seo do chur i bhfeidhm i gcásanna mór-bhreoiteachta amháin.

24. Ticéadaí chun dul isteach san Ospideul agus sa Teaghlach Contae do bheith le fáil ó bhaill den Chólucht Rialúcháin agus ó gach Comhairleoir Ceanntair ó Thuath-cheanntar fén Scéim Chontae; agus fós ó dhochtúirí oifigiula. Gan éinne do leigint isteach san Ospideul Contae ach ar theisteas dochtúra. Lucht roinnte ticéadaí do dheimhniú bona fide-na an iarrthóra, agus aire speisialta do thabhairt don scála d'éilithe is acfuinn don iarrthóir d'íoc.

25. An Cólucht Rialúcháin do shocrú scála d'éilithe chun otharacha fé tháille do chimeád suas san Ospideul agus sa Teaghlach Contae.

26. Daoine a gheobhaidh bás san Ospideul no sa Teaghlach Contae do thabhairt go Eaglais Pharóiste a gceanntair dhúthchais ar chostas an Chóluchta Rialúcháin agus, i gcás daoine bochta, comhra agus aiséadach do sholáthar dóibh.

27. I gcás oifigigh sna fúndúireachtaí Contae do thabhairt faillí nó do bheith nea-rialta i gcó-líona a ndualgaisí, comhacht do bheith ag an oifigeach i gceannas chun aon oifigeach den tsórt san do chur ar fionnraí agus tuairisc ar an scéal do chur chun an chéad chruinniú eile den Chólucht Rialúcháin.

28. Cruinnithe den Chólucht Rialúcháin do bheith ann uair sa choicíos i Seomra na Comhairle Contae, Luimneach no, nuair a cinnfear amhlaidh, san Ospideul Contae, Crom, no sa Teaghlach Contae, an Caisleán Nua; féadfidh an Cathaoirleach cruinniú speisialta do ghlaoch, nó féadfar é do dhéanamh ar éileamh aon bheirte de sna baill. Cúig baill is quorum ann.

29. Féadfidh an Cólucht Rialúcháin cur leis na rialacha so, no iad d'atharú aon uair, tar éis fógra chuibhe do gach ball, ach ní mór an céanna do chur fé bhráid Roinn an Rialtais Áitiúla chun go molfid é.

30. An Scéim iomlán chun Có-nasctha na nAontaisí sa Chontae d'atharú i gceann dhá bhlian más gá é.

SCÉIM CHONTAE LONGPHUIRT.

1. Dúntar na Tithe Oibre atá i nGránárd agus i mBaile Mathúna.

2. Bunuítear Fúndúireacht Mheán-suidhte i Longphort don Chontae uile. Fóirgintí an Tighe Oibre do chur chun na húsáide sin agus “Teaghlach Chontae Longphuirt” do ghairm de.

3. An fhúndúireacht i Longphort do bheith có-dhéanta de:—

(a) Ospideul meán-suidhte chun cásanna chun Leighis agus Máin-liaghais do leigheas.

(b) Ospideul i gcóir Aicídí Tógálacha.

(c) Teaghlach Meán-suidhte do Dhaoine Laga, seandaoine agus Síor-bhreoiteacháin.

(d) Mná (nea-phósta) ag iompar cloinne.

4. Iostuithe Tithe Oibre Ghránáird agus Bhaile Mathúna d'aistriú chun an Teaghlaigh Chontae chó-luath agus is féidir é tar éis an scéim do bheith ceaduithe.

5. Na leanbhaí atá i dTithe Oibre Ghránáird, Bhaile Mathúna agus Longphuirt do chur ar altranas agus Coiste an Teaghlaigh do shocrú an méid a íocfar asta.

6. Iostuithe atá sna Tithe Oibre sin agus atá ionmhuirir ar Chontaethe eile d'aistriú chun a gContaethe féin fé seach.

7. An Fhúndúireacht Mheán-suidhte i Longphort agus roinnt na fóirithine allamuich agus an obair eile atá á dhéanamh go dtí so ag an mBórd Caomhnóirí, do bheith fé riara Coiste Bhainistí ar a nglaofar “Coiste Teaghlaigh Chontae Longphuirt” agus a bheidh co-dhéanta mar leanas:—

11 Chomhairleoir Contae—3 ó gach Tuath-cheanntar, maraon leis an gCathaoirleach agus an Leas-chathaoirleach a bheidh ina mBaill ex officio den Choiste.

9 gCaomhnóirí—3 ó gach Tuath-cheanntar.

2 Chomhairleoir Bhaile-cheanntair—duine ó gach Bailecheanntar.

22 ar fad.

Trí baill is quorum. An Coiste do theacht in oifig lá atá le ceapa. An Coiste do thogha go bliantúil.

Gach ceann de sna cóluchtaí sin thuas do thogha Ionaduithe chun “Coiste an Teaghlaigh.”

8. Deire do chur leis an Aontas mar líomatáiste riaracháin.

9. Na tuath-cheanntair do chimeád go fóill i gcóir riaracháin fén Ardchoiste Bainistí agus i gcóir gnó na mbóthar fén gComhairle Chontae. Na héilithe san Ospideul Contae do bheith oiread so an duine fé mar a déanfar amach i ndeire gach leath-bhliana é ar feadh oiread so laethanta le chéile. An méid íocfid na hothair do chur chun creidiúna don Tuathcheanntar. Cásanna a bheidh fé leigheas san Ospideul, agus nách ionmhuirir ar aon Tuath-cheanntar sa Chontae, d'áireamh mar mhuirear ar an gContae iomlán.

10. Chun crícheanna an Sceidil seo Tuath-cheanntar Ghránáird agus Longphuirt do ghlaoch ar Bhaile-cheanntair Ghránáird agus Longphuirt.

11. Comhairlí Tuath-cheanntair do cheapa Coistí Ceanntair chun deighleáil le hiarrataisí ar liúntas sealadach, etc. Ba leor coiste deich niúir. Triúr is quorum do.

12. Aon Ard-oifigeach amháin do cheapa chun gníomhú mar Chléireach no Rúnaí do Choiste an Ospidéil agus an Teaghlaigh.

13. Ba chóir socrú sa bhFúndúireacht Mheánsuidhte i gcóir na bhfuireann so a leanas:

(a) An Dochtúir Oifigiúil atá i dTigh Oibre Longphuirt fé láthair.

(b) Maoirseoir

(c) Mátrún.

(d) Oiread Banaltraí agus Freastaluithe agus is gá.

(e) Dóirseoir.

14. Iarrataisí ar liúntas sealadach do dhéanamh ar Fhuirmeacha Speisialta. Ní mór deimhniú i scríbhinn ar bona fides an iarrthóra do theacht ó chomhairleoir don Cheanntar. Tar éis don Choiste Cheanntair deighleáil leis na hiarrataisí sin cuirfar ag triall ar Choiste an Teaghlaigh agus an Ospidéil iad. Tar éis a údaruithe íocaíocht do dhéanamh le hOrduithe Iocaíochta agus do phostáil chun na n-iarrthóirí. Aon uair is gá é, leabhair d'Orduithe Iocaíochta i gcóir tréimhse do chur chun iarrthóirí. Dáta an lae is déanaí a bheidh íocaíochta le fáil do chur ar gach Ordú fé leith. An téarma “liúntas sealadach” do chur in ionad “fóirithin allamuich.”

15. Tabharfar “Fuirmeacha Deabha-chabhra” do gach Comhairleoir Baile-cheanntair agus do gach Comhairleoir Tuath-cheanntair i gcóir deabha-chásanna. Tá na fuirmeacha san le húsáid nuair is gá socrú do dhéanamh chun duine d'adhlaca no comhra do sholáthar. Gach cás deabha-chabhra lena ndeighleálfar do thabhairt fé bhráid an chéad chruinniú eile den Choiste Cheanntair sa líomatáiste lena mbaineann sé agus san sa bhFuirm orduithe

16. Cuntaisí fé leith do gach Tuath-cheanntair do chiméad in oifig na Fúndúireachta Meán-suidhte sa mhéid go mbainfidh an scéim leis na Comhairlí Tuath-cheanntair.

17. Na héilithe do dhineadh Búird Chaomhnóirí isé Coiste an Ospidéil agus an Tighe a dhéanfidh feasta iad agus gheobhaidh an coiste sin airgead ó Chomhairlí Contae.

18. Maoin-áireamhach do cheapa chun na hearraí sin do luacháil a tógfar as na hAontaisí chun an Teaghlach Contae do ghléasa, agus luach a choda féin den Stoc san do chur chun creidiúna do gach Aontas fé leith.

19. Gach Bord Caomhnóirí do bheith freagarthach in aistriú a n-iostuithe féin chun na Fúndúireachta Meán-suidhte.

Oifigigh do Chur Ar Aois-Liuntas.

20. Gach oifigeach a bheidh i dteideal chun aoisliúntais, agus 'na gcuirfar deire len' oifig fén Scéim Chó-naisc, do chur ar aois-liúntas. Aoisliúntas do réir an seascadú cuid den tuarastal agus den tsochar oifige atá dho fé láthair do dheona, in aghaidh gach bliana seirbhíse, do gach oifigeach 'na bhfuil seirbhís breis agus deich mbliana tugtha uaidh aige. Chun críche an airtiogail seo áireofar mar fhaid a sheirbhíse don oifigeach san an méid blian seirbhíse a bheidh curtha isteach aige ach 50 fén gcéad den tseirbhís sin do chur leis an seirbhís sin, ach ní raghaidh aois-liúntas aon oifigigh thar dhá dtrian an tuarastail agus an tsochair atá dho fé láthair. Mar chúiteamh i ndeire do chur len' oifig isea deonfar don oifigeach an 50 fén gcéad san sa bhreis ar bhlianta seirbhíse, agus na hoifigigh 'na gcuirfar deire lena n-oifigí ní bheidh aon éileamh aca, mar gheall ar chailliúint oifige, ar éinní sa bhreis ar a bhfóráltar san airtiogal so. Ar bheith ceaduithe don Scéim seo tabharfidh na Búird Chaomhnóirí do gach oifigeach lena mbainfidh an gnó an fógra is riachtanach a thabhairt i dtaobh deire do bheith curtha len' oifig, agus ba chóir dóibh rún do rith chun aois-liúntas do dheona do gach oifigeach den tsórt san ar an mbása atá leagtha amach san Airtiogal so.

I gcás aon oifigigh a bheidh i dteideal chun aisce agus 'na mbeidh deich mbliana seirbhíse no níos lú ná san curtha isteach aige agus 'na gcuirfar deire len' oifig fén Scéim Chó-naisc, bainfidh leis an oifigeach san an t-aisce-scála atá leagtha amach sa seachtú Sceideal den Acht um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1898, agus áireofar an scála san do réir an tuarastail agus an tsochair oifige a bheidh don oifigeach san ar an dáta ar a gcuirfar deire len' oifig. Más maith leis an gComhairle Chontae é, roinnfar íoc na n-aiscí ar thréimhse nách sia ná cúig bliana agus íocfar uair sa ráithe. Na hoifigigh lena gcúiteofar mar sin ní bheidh aon éileamh thairis sin acu i dtaobh cailliúint oifige, agus beidh an nós imeachta, maidir le ceapanna do chur ar ceal agus aiscí agus cúiteamh do dheona, beidh sé mar atá leagtha amach ansan thuas i gcás aois-liúntaisí agus cúitithe.

21. An meán-chostas seachtaine per capita do chur de mhuirear ar gach Tuath-cheanntar, do réir an méid iostuithe bheidh ann, agus muirir fhúndúireachta do bheith ina muirear cothromúil do réir bása luachála.

Nota.—Aon rud no ní a thiocfidh as an scéim seo agus ná fuil socrú déanta ina chóir, socrófar é idir na cóluchtaí áitiúla lena mbainfidh, agus beidh san fé cheadú na Comhairle Contae agus an Bhúird um Rialtas Áitiúil.

SCEIM CHONTAE MHUIGHEO.

1. Gach Tigh Oibre sa Chontae do dhúna, agus gach iostuí a bhaineann leis an dTigh Oibre, mar Thigh Oibre, d'aistriú chun an Tighe Oibre Mheán-suidhte i gCaisleán an Bharraigh ar dháta a ceapfar. (Feic mír 6.)

2. Na hOspidéil a ghabhann leis na Tithe Oibre i mBaile an Róba, i gClár Chloinne Muiris agus i gCathair na Mart, do dhúna agus na hothair d'aistriú chun an Ospidéil Mheán-suitte i gCaisleán an Bharraigh. Fónfidh au tOspideul Meán-suidhte do sna líomatáistí Aontais 'na bhfuil Ospidéil Bhaile an Róba, Chláir Chloinne Muiris, Chathair na Mart agus Chaisleán an Bharraigh ag fónamh dóibh go dtí so, agus fónfid leis, don Chontae maidir le gach breoiteachán 'na bhféadfí síor-breoiteachán do ghlaoch air agus nách féidir a leigint isteach in Ospidéil Cheanntair.

3. Fanfidh Ospideul Fiabhrais ar oscailt i mBéal an Mhuirthid le haghaidh lucht fiabhrais amháin.

4. Cuid den Ospideul a ghabhann le Tigh Oibre Bhéal Atha na Muice fé láthair do choinneáil mar Ospideul Ceanntair do roinnt áirithe cásanna amháin (a luaidhtear anso ina dhiaidh seo—feic mír 21).

5. Ospideul den chineál a bheidh i mBéal Átha na Muice do choinneáil i mBéal Átha an Fheadha. (Feic mír 21.)

RIARACHAN.

6. Beidh an Teaghlach agus an tOspideul Meán-suidhte i gCaisleán an Bharraigh fé bhainistí Choiste Bainistí ar a nglaofar “Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul.” Beidh an Coiste co-dhéanta dhíobh so a leanas:—

Dhá bhall de gach Aontas sa Chontae, agus Cathaoirleach na Comhairle Tuath-cheanntair ar dhuine acu; 1 bhall amháin o gach Comhairle Bhaile-cheanntair; 8 mbaill ón gComhairle Chontae. Beidh comhacht ag an gCoiste chun 3 baill eile, eadhon, triúr ban, do cho-thogha agus déanfid amhlaidh.

Mar gheall ar chúiseanna is follas, ba mhaith an rud ban-ionaduithe do bheith ar an gCoiste más féidir é sin do thabhairt chun críche tré mhná do thogha mar ionaduithe do sna cóluchtaí lena mbainfidh an scéal. Ní gá co-thogha chuige.

Trí baill den Choiste is quorum i gcóir gnáth-ghnótha ghnáthaíochta, agus cúigear is quorum i gcóir aon ghnótha is gnó speisialta dar le Cathaoirleach an Choiste.

Glaofar cruinniú speisialta de gach cólucht 'na mbeidh ionaduithe acu ar Choiste an Teaghlaigh agus na nOspideul, chun bheith ann ar dháta a ceapfar, chun ionaduithe do cheapa chun Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul. Beidh na cruinnithe speisialta san ann chóluath agus is féidir é tar éis don Chomhairle Chontae glaca leis an Scéim Chó-naisc agus tar éis do Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann í do cheadú.

7. Beidh téarma oifige Choiste an Teaghlaigh agus na nOspideul díreach mar théarma oifige na Comhairle Contae atá ann fé láthair, agus leanfaid ag feidhmiú go dtí dáta céad-chruinniú na Comhairle Contae nua. Beidh an Chéad Choiste Teaghlaigh agus Ospideul i seilbh oifige faid a bheidh seilbh oifige ag an gComhairle Chontae atá ann fé láthair, agus ceapfar gach Coiste ina dhiaidh sin i gcóir tréimhse trí mblian.

8. Leagfidh Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul fé bhráid na Comhairle Contae a Meastachán agus a nEileamh Bliantúil ar a riachtanaisí i gcóir na hath-bhliana. Gairmfear cruinniú speisialta den Choiste an 15adh lá dEanair gach bliana airgid no roimhe sin, agus leagfidh an Rúnaí fé bhráid an chruinnithe sin a Mheastachán ar na fiachaisí agus na riachtanaisí sin an Choiste 'na mbeidh ar an gComhairle Chontae soláthar do dhéanamh ina gcóir i rith na bliana airgid dár gcionn agus, le rún a breacfar ar mhiontuairiscí an chruinnithe, glacfidh an Coiste leis an gcéanna tar éis é do leasú no gan é do leasú, agus leis sin déanfid, féna Séala, Meastachán agus Eileamh ar an méid a bheidh ag teastáil, agus déanfid an céanna do chur chun na Comhairle Contae ar luas agus cóip dheimhnithe dhe do chur chun Roinn an Rialtais Áitiúla. Mara ndéanfidh an Coiste an Meastachán agus an tEileamh san laistigh den aimsir cheaptha, tabharfar comhacht do Rúnaí an Choiste chun cóip dá Mheastachán do thabhairt do Rúnaí na Comhairle Contae agus do Roinn an Rialtais Áitiúla.

I gcóir na bliana airgid atá againn anois déanfidh an Chomhairle Chontae, ar éileamh Choiste an Teaghlaigh agus na nOspideul, pé suimeanna a measfar a bheith riachtanach i gcóir an Teaghlaigh nua do roimh-íoc.

9. Sé Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul féin a cheapfidh Cisteoir dóibh féin, eadhon, Cuideachta Bhancaereachta.

Iniuchoireacht.

10. Déanfidh Iniúchóir ó Roinn Rialtais Áitiúla na Dála cuntaisí Choiste an Teaghlaigh agus na nOspideul d'iniúcha uair sa leath-bhliain, agus glacfar dá réir sin leis na hachtacháin agus na rialacháin atá ann fé láthair i dtaobh iniúchóireachta.

11. Beidh riara agus bainisti ghenearálta an Teaghlaigh agus an Ospidéil de chúram ar an gCoiste, d'fhonn spáráil do dhéanamh lasmuich agus laistigh, agus d'fhonn saothar na n-iostuithe d'úsáid oiread agus is féidir é. Tabharfidh an Coiste tuairiscí ráithiúla do Chomhairle Chontae Mhuigheo agus seolfid cóipeanna deimhnithe den chéanna chun Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann.

12. Glacfidh an Coiste le pé Buanórduithe agus Rialacháin is riachtanach dar le Roinn Rialtais Áitiúla na Dála.

Riarachan.

13. Déanfidh an Coiste na ceapanna so a leanas agus leagfid amach na dualgaisí oifige a bhainfidh le gach ceapa fé seach díobh:—

(a) Rúnaí Cuntasaíochta do Choiste an Teaghlaigh agus na nOspideul agus a dhualgaisí do leaga amach do.

(b) Mátrún nách mór di bheith ina banaltra thréineálta; a dualgaisí le leaga amach.

(c) Oiread Banaltraí agus Freastaluithe agus theastóidh.

(d) Stór-chimeádaí; a dhualgaisí le leaga amach.

(e) Dóirseoir.

Dochtuiri.

Mar shocru sealadach, an Dochtúir Oifigiúil a bhaineann leis an dTigh Oibre i gCaisleán an Bharraigh fé láthair agus Máin-liaigh na hOtharlainne Contae do bheith ina bhFuirinn Leighis. An Coiste do shocrú an luach saothair a bheidh ag gabháil leis na hoifigí sin. Nuair a bheidh an t-airgead ann chuige ceapfar aon Dochtúir Oifigiúil lán-aimsire amháin chun dualgaisí an Teaghlaigh agus an Ospidéil do chó-lióna.

Beidh gach ceapa ina cheapa sealadach go ceann sé mhí, agus féadfar an tuarastal a bhainfidh lena leithéid d'oifig d'atharú i ndeire na tréimhse sin le cead ó Roinn an Rialtais Áitiúla. Déanfar buancheapa den cheapa ansan más seirbhís shásúil an tseirbhís do tugadh. Tabharfar tosach d'oifigigh do cuireadh ar aois-liúntas fén Scéim Chó-naisc.

Le fógraíocht phuiblí a foillseofar ceapanna, agus éinne dhéanfidh canbhasáil tuigfar é do bheith fé mhí-cháilíocht.

Fo-Choisti.

14. Chun crícheanna riaracháin Chabhra Puiblí i bhfuirm Earraí Déarcaisí Leighis agus nithe eile den tsórt san lena ndeighleáladh na Búird Chaomhnóirí, ceapfidh gach Comhairle Thuath-cheanntair Fó choiste cúigear ball.

Baill den Choiste Chontae beirt aca san agus baill de chó-ghléasa déirciúil beirt eile acu. Trí baill de gach fó-choiste fé leith a dhéanfidh quorum

15. Scuirfid na Búird Chaomhnóirí de bheith ann ón dáta ar a mbunófar Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul agus beidh a bhfeidh meanna le feidhmiú as san amach ag na fó-choistí.

Cabhair Phuibli I Bhfuirm Earrai.

16. Cuirfar an téarma Cabhair Phuiblí i bhfuirm Earraí in ionad an téarma fóirithin allamuich.

Riarachan Cabhra Puibli I bhFuirm Earrai.

Cuirfar deire le hoifig gach Oifigigh Fóirithine mar Oifigeach Fóirithine (feic mír 27) agus déanfar Cabhair Phuiblí i bhfuirm Earraí do riara mar leanas feasta:—

Gach Fó-choiste do cheapa duine dá mbaill féin mar Rúnaí Oinigh agu déanfa sé sin obair chléireachais an Fhó-choiste.

Glacfidh an Fó-choiste ar Fhuirm A iarrataisí ar Chabhair Phuiblí i bhfuirm Earraí agus cruinneoid uair sa choicíos chun an céanna do bhreithniú agus tabharfid a molta ar Fhuirm A do Choiste an Teaghlaigh agus na nOspideul.

Tabharfar na molta san do Choiste an Teaghlaigh agus na nOspideul sna gnáth-chruinnithe bheidh acu chun glaca leo no diúltú dhóibh.

Tar éis cead d'fháil iarrfidh an Coiste Bainistí ar an gcó-ghléasa déirciúil áitiúil có-oibriú leo agus cuirfar deimhnithe ag triall ar an gcó-ghléasa san. Déanfid na deimhnithe sin iarrthóirí do chur i dteideal chun Cabhair Phuiblí i bhfuirm Earraí d'fháil agus isé an có-ghléasa déirciúil áitiúil a roinnfidh na deimhnithe sin ortha. Le fiosrú agus le faire féachfidh an co-ghléasa chuige go bhfuighfar gach seachtain an chabhair is gá ón mBiatach gur chuige a bheidh an deimhniú dírithe ag Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul.

Scrífidh an có-ghléasa déirciúil áitiúil tuairiscí míosúla ar chor agus ar chás lucht na cabhra d'fháil agus scrúdóid aon ghearáin a déanfar. I ndeire gach mí déanfidh an Biatach do thug earraí uaidh ar dheimhnithe a chuntas do thabhairt don chó-ghléasa déirciúil áitiúil agus déanfa siad san an céanna do chur chun Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul chun go n-íocfar é.

I gcásanna ana-dheabhaidh beidh comhacht ag an bhFó-choiste chun cabhair do thabhairt uatha láithreach. Chun na críche sin déanfidh Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul fuirmeacha speisialta deabhachabhra do sholáthar: agus beid na fuirmeacha deabha-chabhra san ar fáil go dtí pé tráth a bheidh caoi ag Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul ar ghnáth-deimhnithe do chur amach.

Leanbhai.

17. Beidh de dhualgas ar Choiste an Teaghlaigh agus na nOspideul na leanbhaí fúndúireachta go léir, no oiread agus is féidir díobh, do chur ar altranas. Cabhróid na Fó-choistí le Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul maidir le lucht altranais oiriúnach do sholáthar sna ceanntair a bheidh féna smacht agus tuairisceoid go regealálta cor na leanbhaí a bheidh curtha ar altranas aca. Féadfidh Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul chuige go gcuirfar na leanbhaí ar altranas chóluath agus is féidir é—ní cimeádfar sa bhFúndúireacht Mheán-suidhte aon leanbh atá os cionn 3 mblian. Má fachtar nách féidir son leanbhaí áirithe do chur ar altranas féadfidh an Coiste, más maith leo é, iad do chur chun Scoile Saothair no fúndúireacht eile den tsórt san.

Mna Nea-Phosta Ag Iompar Cloinne Agus Maithreacha Nea-Phosta.

18. Caithfar seomra ar leithiligh den bhFúndúireacht Mheán-suidhte do chimeád go fóill i gcóir na haicme sin.

An Teaghlach Mean-Suidhte.

Do moladh na ranna so i gcóir an Teaghlaigh Mheán-suidhte:—(a) Garsúin; (b) Gearrachaillí; (e) Fireannaigh, seandaoine agus daoine fannlaga agus daoine taomghalaraigh; (d) Baineannacha, seana-mhn í agus mná fannlaga agus taomghalaracha; (e) Fireannaigh, daoine gan meabhair agus amadáin (sealadach); (g) Mná nea-phósta ag iompar cloinne (sealadach).

Daoine gan Meabhair agus Amadain.

19. Le toil Choiste Bhainistí na Gealtlainne Contae socróidh Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul go bhfuighidh daoine den tsórt san thuas díon i bhfoirgintí na Gealtlainne. Go dtí go ndéanfar an socrú san cimeádfar an aicme sin i roinn fé leith den Teaghlach Meán-suidhte.

Ceanntair Iclainne.

20. Ní déanfar aon chur-isteach ar Cheanntair Iclainne ná ar Dhochtúirí Iclainne go fóill.

Ospideil Cheanntair.

21. Cuirfar bainistí na nOspideul gCeanntair ar iontaoibh Fó-choistí na gComhairlí dTuath-cheanntair, agus có-thoghfidh gach fó-choiste beirt bhan mar bhaill chun cabhrú i maoirseacht an Ospidéil. Ba chóir don Fhó-choiste cuaird do thabhairt ar an Ospideul go minic, agus ba chóir na cuarda san do thabhairt nuair ná beadh coinne leo. Comórfar cruinnithe na bhFó-choistí seo uair sa mhí ar dháta a cheapfidh Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul agus leagfar tuairisc fé bhráid an Choiste sin uair sa ráithe. Cuirfar cóip dheimhnithe den tuairisc chéanna san ag triall ar Roinn an Rialtais Áitiúla.

'Siad Dochtúir Oifigiúil an Tighe Oibre atá ann anois agus an tSiúr Bhanaltrais i gceannas a dhéanfidh riara an Ospidéil ar an dtaobh istigh. Soláthrófar leabhair chuntais agus páipéirí oiriúnacha len' aghaidh sin. Ní lomhálfar aon luach-saothair sa bhreis mar gheall ar obair chléireachais a dhéanfidh an Dochtúir Oifigiúil agus an tSiúr Bhanaltrais i gCeannas.

Beidh an Fó-choiste freagarthach ina ngníomhartha go léir díreach do Choiste an Teaghlaigh agus na nOspideul. Beidh comhacht ag Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul chun an Fó-choiste sin do chur ar ceal ach fógra sé mhí ina thaobh do thabhairt, ach ní dhéanfidh an cur-ar-ceal san baint ó dhleathacht aon ghnímh do dhin an Fó-choiste roimh an gcur-ar ceal san.

Beidh seasamh an Fhó-choistear an gComhairle Thuath-cheanntair chun airgead d'fháil agus chun na críche sin tíolaicfid Meastachán agus Eileamh Bhliantúil tar éis do Choiste an Teaghlaigh agus na nOspideul iad do cheadú.

Le haghaidh na bliana so déanfidh Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul airgead do sholáthar i gcóir riachtanaisí. Ní leigfear isteach in aon chor sna hOspidéil Cheanntair ach deabha-chásanna chun máinliaghais agus deabha-chásanna chun leighis. Cuirfidh Roinn an Rialtais Áitiúla le chéile liost de pé cásanna a meastar is ceart a leigint isteach.

Ní leigfar isteach aon tsaghas síor-bhreoiteachtáin. Ní foláir a leithéid do chur go dtí an Teaghlach Meán-suidhte i gCaisleán an Bharraigh chun aire do thabhairt do.

22. Beidh ar othair a leigfar isteach sna hOspidéil Cheanntair beidh ortha íoc do réir a n-acfuinne as a gcimeád suas agus as freastal ortha. Cimeádfar leabhar d'othair tháille chun gach gnó den tsórt san do breaca ann, agus an t-airgead a gheofar ar an slí sin lóisteálfar é le Cisteoir cuibhecheaptha, eadhon, Cuideachta Bhancaereachta.

Banaltras Teinteain.

23. Nuair a bheidh an t-airgead ann chuige féadfidh Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul banaltras teinteáin do tharrang chuca, agus chun na críche sin féadfid Banaltraí Cheanntair do cheapa 'na ndéanfar líomatáistí oibre agus dualgaisí do leaga amach dóibh níos déanaí. Beidh ar a ndualgaisí:—(a) Aruis na mbocht d'fhioscrú agus cúnamh tráthúil agus comhairlí aisiúla do thabhairt uatha mar sin chun breoiteacht do chimeád amach; (b) Teagasc do thabhairt ar conus na háruis agus na leanbhaí do bhainistí agus do chimeád glan; (c) Comhairle do thabhairt i dtaobh an bhídh is ceart a thabhairt do bhreoiteacháin; (d) Díthruailleachán agus obair eile fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, rudai a dhinid oifigigh neathréineálta fé láthair.

24. Beidh gach Bord Caomhnóirí freagarthach ina gcuid iostuithe féin d'aistriú chun an Teaghlaigh Mheán-suidhte ar dháta a cheapfidh Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul. Mara ndéanfidh na Búird Chaomnóirí iad d'aistriú beidh comhacht ag Coiste sin an Teaghlaigh agus na nOspideul chun leanbhaí do chur amach ar lóistín chó maith le haon iostuithe eile gur ceart, dar leo, san do dhéanamh leo; chun daoine infheadhma do scaoile chun siúil; agus chun socrú do dhéanamh chun an chuid eile d'aistriú chun an Teaghlaigh Mheán-suidhte. Isiad na Caomhnóirí a íocfidh as an aistriú san chun an Teaghlaigh Mheán-suidhte. Gach leanbh ná cuirfar amach ar lóistín aistreófar é chun an Teaghlaigh an lá a bheidh ceaptha.

25. Ceapfar Maoin-áireamhach chó luath agus is féidir é chun luacháil do dhéanamh ar na hearraí a tógfar as na hAontaisí chun úsáid sa Teaghlach agus san Ospideul Contae. Cuirfar chun creidiúna do gach Aontas fé leith luach na n-earraí no an stuic a tógfar as. Ioc táille an Mhaoin-áireamhaigh sin do bheith ar Choiste an Teaghlaigh agus na nOspideul.

26. Ar dháta a cheapfidh Roinn an Rialtais Áitiúla, gairmfidh Caomhnóirí gach Aontais fé leith Cruinniú Speisialta chun cur-ar-ceal do dhéanamh ar cheapa gach oifigigh agus gach fostaí eile 'na mbeidh deire lena n-oifigí agus lena bhfostaíocht le linn teacht i ngníomh don Scéim Chó-naisc.

Sa chás go bhfuil Cléireach an Aontais ina Cléireach don chomhairle Thuath-cheanntair chó maith cuirfar ar ceal a oifig mar chléireach don Aontas agus cuirfar ar aois-liúntas é. (Feic Mír 27).

Cuirfar ar ceal fén alt so na hoifigí agus na fostaíochtaí seo a leanas:— Cléireach Aontais, Máistir, Mátrún, Séiplíneach, Banaltraí, Dóirseoir Freastaluithe, idir fhireann agus baineann; Mná Aireagail, agus gach éinne eile ná háirítear fé sna hainmneacha san.

Cur ar Aois-Liuntas.

27. Gach oifigeach 'na gcuirfar a oifig ar ceal agus a bheidh i dteideal aois-liúntais, cuirfar ar aois-liúntas é mar leanas (ach caillfe sé méid an aois-liúntais sin má gheibheann sé ionad fén gComhairle Chontae no fé Choiste an Teaghlaigh agus na nOspideul, no fé aon chólucht eile atá fé údarás na Comhairle Contae, agus má bhíonn tuarastal an ionaid nua cho mór, no níos mó, leis an méid sin):—

Gach oifigeach gur sia ná deich mbliana a sheirbhís deonfar dó, in aghaidh gach bliana seirbhíse, aois-liúntas do réir an seascadú cuid den tuarastal agus den tsochar oifige atá dho fé láthair. Aireofar mar fhaid seirbhíse dho an méid blian seirbhíse a bheidh curtha isteach aige ach 50 fén gcéad den tseirbhís sin do chur leis an seirbhís sin, ach ní raghaidh an t-aois-liuntas i gcás aon oifigigh thar dhá dtrian an tuarastail agus an tsochair oifige atá dho fé láthair. Mar chúiteamh i ndeire do chur len' oifig isea deonfar don oifigeach an 50 fén gcéad san sa bhreis ar a bhlianta seirbhíse agus na hoifigigh 'na gcuirfar deire lena n-oifigí ní bheidh aon éileamh acu ar éinni sa bhreis ar a bhforáltar san alt so.

Aireofar méid sochar oifige an oifigigh do réir bása mheánacht an tsochair sin i gcóir na dtrí mblian a bheidh críochnuithe roimh imeacht as oifig do.

Aisci.

28. I gcás aon oifigigh a bheidh i dteideal chun aisce d'fháil agus 'na gcuirfar deire len' oifig fén Scéim, beidh mar leanas méid an aisce a áireofar do réir an tuarastail agus an tsochair oifige a bheidh don oifig each san ar an dáta 'na gcuirfar deire len' oifig:—

Maran sia a sheirbhís ná dhá leath-bhliain, tuarastal agus sochar bliana.

Más sia a sheirbhís ná dhá leath-bhliain, tuarastal agus sochar bliana maraon leis an gceathrú cuid den méid sin in aghaidh gach leath-bhliana seirbhíse os cionn an dá leath-bhlian tosaigh, ach gan é dhul, i gcás aon oifigigh, thar sochar chúig mblian glan. Aireofar méid sochar na n-oifigeach do réir mheánacht trí leath-bhliana a bheidh críochnuithe díreach roimh imeacht as oifig.

Maran féidir an t-iomlán d'íoc in éneacht, féadfar na hAiscí d'íoc do réir oiread so sa ráithe no sa leath-bhliain.

Féadfar agóidí i gcoinnibh méid aois-liúntais no aisce do chur fé bhráid Roinn an Rialtais Áitiúla agus ní bheidh dul thar breith na Roinne sin.

29. An t-airgead is gá chun Altanna 27 agus 28 do chó-líona gheobhaidh an Chomhairle Chontae ar iasacht é agus beidh aisíoc a chuideanna agus an úis a bheidh air ina mhuirear ar na Tuath-cheanntair lena mbainfidh.

SCEIM CHONTAE NA MIDHE.

1. Gach Tigh Oibre agus Ospideul Tighe Oibre do dhúna mar Thigh Oibre agus mar Ospideul.

2. Ospideul don Chontae uile, dá ngairmfar Ospideul Contae na Midhe, do bhunú san Uaimh. Foirgintí an Tighe Oibre atá ansan do chur chun na húsáide sin.

3. Gan a chur fé chóir leighis san Ospideul Contae ach daoine 'na mbeidh ana-ghéar-ghá acu le dochtúir no le máinliaigh.

4. Teaghlach don Chontae uile do bhunú in Ath Truim agus Teaghlach Contae na Midhe mar ainm air. Foirgintí an Tighe Oibre atá san áit sin do chur chun na húsáide sin.

5. Gach gnáth-iostaí i dTigh Oibre i gContae na Midhe nách féidir a chur amach ar lóistín, é do chur chun an Teaghlaigh.

6. An Teaghlach agus an tOspideul Contae do bheith fé riara Choiste Bhainistí a bheidh có-dhéanta mar leanas:—

17 mBaill a ceapfar ag an gComhairle Chontae.

2 Bhall a ceapfar ag gach Comhairle Thuath-cheanntair fé leith sa Chontae.

1 Bhall amháin a ceapfar ag gach Comhairle Bhaile-cheann tair fé leith sa chontae.

An Chomhairle Chontae d'órdú gach ceapa ina dhiaidh sin.

7. Fé cheadú ó Roinn an Rialtais Áitiúla an Coiste Bainistí do dhéanamh riarachán chun gnó an Teaghlaigh agus an Ospidéil Chontae do stiúrú.

8. Gach Comhairle Cheanntair do thabhairt oiread so per capita chun an Teaghlach agus an tOspideul Contae do chimeád suas.

Cuntaisí fé leith do chimeád in Oifigí an Teaghlaigh agus an Ospidéil Chontae do gach Tuath-cheanntar fé leith sa mhéid go mbainfidh oibriú na Scéime le gach Tuath-cheanntar fé leith.

Baile-cheanntair d'áireamh mar chuid den Tuath-cheanntar ina luighid siad.

9. Fé cheadú ón gComhairle Chontae an Coiste Bainistí do dhéanamh na nEilithe sin ar an gComhairle Chontae do dhineadh Búird Chaomhnóirí sa Chontae. An Chomhairle Chontae d'íoc an airgid díreach leis an gCoiste Bainistí.

10. Fé cheadú ó Roinn an Rialtais Áitiúla an Coiste Bainistí do cheapa gach oifigigh don Teaghlach agus don Ospideul Contae agus do dhéanamh gach rialacháin i dtaobh tuarastal.

11. Ar mhaithe leis na Rát-íocuithe, postanna nua do líona d'oifigigh atá ann fé láthair i gcásanna in ar féidir é.

12. An Coiste Bainistí do shocrú scála de tháillí Ospidéil do réir bhása luachála, o lán-íoc o gach othar darb acfuinn é o dtí tada ó dhaoine dealbha.

13. Maoin-áireamhach do cheapa chó luath agus is féidir é chun na hearraí sna hAontaisí go léir do luacháil.

Fó-choiste do cheapa cun dul i gcomhairle le Comhairle Chontae Lumhaighe i dtaobh maoin-áireamh do dh anamh i dTithe Oibre Dhroichead Atha agus Ath Fhirdiadh.

An Coiste Bainistí d'íoc táille an mhaoin-áireamhaigh sin.

14. Fo-choiste do cheapa chun dul i gcomhairle le Comhairle Chontae Lumhaighe i dtaobh an fhiachais do roinnt maidir le haois-liúntas d'íoc le hoifigigh in Aontaisí Dhroichead Atha agus Ath Fhirdiaidh.

15. Gach Bord Caomhnóirí do bheith freagarthach in iostuithe a nAontais féin d'aistriú chun an Teaghlaigh agus an Ospidéil Chontae ar dháta a cheapfidh an Coiste Bainistí agus nách déanaí ná 1 Eanair, 1922.

16. An Coiste Bainistí do scrúdú gach a mbaineann le hath-chóiriú na slí chun Fóirithin Allamuich do roinnt d'fhonn baileachas do dhéanamh ná beidh bun-os-cionn le feabhsú fóirithin na mbocht.

17. An Coiste Bainistí do thabhairt tuairiscí ráithiúla do Chomhairle Chontae na Midhe.

18. Gan a bheith i gceapa aon oifigigh don Teaghlach agus don Ospideul Contae an chéad bhliain ach ceapa sealadach.

19. A chur ar oifigeach i ngach ceann de sna Tithe Oibre sa Chontae bheith freagarthach i bpearsain go díreach i ngach stoc agus maoin le linn an aistrithe.

20. Seirbhís fhónta de leaba-chóistí mótair do bhunú agus do chiméad suas ar fuaid na Contae.

21. E do bheith le tuisgint go soiléir ag na hoifigigh atá ann fé láthair gur Fúndúireachtaí nua an Teaghlach agus an tOspideul atá le bunú, agus ná fuil aon cheart ag na hoifigigh san Uaimh agus in Ath Truim chun na bpostanna nua seachas mar atá ag oifigigh aon Aontais eile i gContae na Midhe.

22. An Scéim seo do theacht i ngníomh 1 Eanair, 1922.

23. I dtreo go bhféadfar cuntaisí do shocrú idir na Contaethe, 'na ndineadh cuideanna dhíobh cuideanna de sna seana-Líomatáistí Aontais, ordú do thabhairt do sna Búird Chaomhnóirí gach oifigeach laistigh, gach Dochtúir Oifigiúil i dTigh Oibre, gach Cléireach agus gach Oifigeach Fóirithine do chur ar pinsean do réir Imlitreacha 53 agus 55 ó Roinn an Rialtais Áitiúla, ach a bheith de cheart ag an gCoiste Bainistí aon oifigeach oiriúnach 'na mbeadh gá lena sheirbhís fén bplean nua do chimeád in oifig no ina bhfostuíocht.

24. On 1adh lá dEanair, 1922, na Búird Chaomhnóirí atá sa Chontae do scur de bheith ag feidhmiú mar Bhúird Chaomhnóirí—an tAontas do bheith ar ceal mar líomatáiste riaracháin—agus ionaduithe na Contae seo do tharrang siar ón dá Thigh Oibre lasmuich den Chontae 'na gcabhruíonn an Chontae leo fé láthair.

25. An Coiste Bainistí do cheapa agus roimh-Chruinniú do bheith acu ar dháta nách déanaí ná 26 Mí na Samhna, 1921, chun pé ní is gá do dhéanamh chun go mbeadh an Scéim i ngníomh an 1adh lá dEanair, 1922, agus Rúnaí na Comhairle Contae do ghníomhú mar Rúnaí don Choiste Bainistí go dtí go gceapfar Rúnaí dhóibh.

FOIRITHIN ALLAMUICH DO ROINNT.

1. Fó-choiste de Choiste an Teaghlaigh agus an Ospidéil d'fhéachaint i ndiaidh roinnt na Fóirithine Allamuich. An Coiste seo do theacht le chéile uair sa choicíos agus do thabhairt tuairisce do Choiste an Teaghlaigh agus an Ospidéil.

2. Fén bplean nua (ná beidh aon Oifigigh Fóirithine ag baint leis) iarrataisí ar fhóirithin allamuich do dhéanamh ar fhuirmeacha speisialta. Deimhniú ar bona fides an iarrthora do theacht ón gComhairleoir a chomhnuíonn sa chomhursnacht. Tar éis d'Fhó-choiste an Cheanntair deighleáil leo, na hiarrataisí sin do chur chun Coiste an Teaghlaigh agus an Ospidéil maraon leis na molta. Ar údarú íocaíochta, an íocaíocht do dhéanamh le hOrduithe Iocaíochta i gcóir tréimhse aimsire, Orduithe a cuirfar chun an iarrthóra; an post d'úsáid chun iad do chur chun siúil.

3. Fuirmeacha Deabha-chabhra do thabhairt do gach ionadaí do Bhaile-cheanntar agus do Thuath-cheanntar i gcóir deabha-chásanna. Tá na fuirmeacha so ceaptha, leis, chun úsáide i gcásanna lena ndeighleáladh Oifigeach Fóirithine roimhe seo, i gcásanna in ar gá socrú chun duine d'adhlaca no comhra do sholáthar. Dálta an cháis ina n-iarrfar cabhair (Fuirm H.H., l) gach cás Deabha-chabhra do thabhairt fé bhráid an chéad chruinniú eile den Fhó-choiste sa líomatáiste lena mbainfidh agus sa bhfuirm cheaptha.

4. Comhairlí Tuath-cheanntair do cheapa Fó-choistí chun deighleáil le hiarrataisí ar Fhóirithin Allamuich.

5. Gach Fó-choiste do chruinniú uair sa tseachtain ar a luíod agus do thabhairt tuairisce d'Fhó-choiste an Ospidéil agus an Teaghlaigh

SCHEIM CHONTAE MHUINEACHAIN.

1. Fúndúireacht ar a nglaofar Teaghlach do bhunú don Chontae uile agus foirgintí an Tighe Oibre i Muineachán do chur chun na húsáide sin

2. Na Tithe Oibre atá i gCluain Eois, Caisleán Mathúnach agus Carraig Mhachaire Rois do dhúna.

3. Ospidéil Tighe Oibre Chluain Eois agus Charraig Mhachaire Rois do chimeád go fóill mar Ospidéil Cheanntair, Ospideul Chluain Eois do bheith ag fónamh don taobh thuaidh den Chontae agus Ospideul Charraig Mhachaire Rois don taobh theas. Aireagal máithreachais do chóiriú i ngach Ospideul.

4. Slí do bheith sa Teaghlach do gach seanduine, duine fann-lag, gealt nea-dhíobhálach, amadán, agus síor-breoiteachán.

5. Na hóspidéil d'úsaid i gcóir na muintire sin amháin a bheidh i ngátar aire shealadach do thabhairt dóibh.

6. Leanbh do chur ar altranas más féidir é.

7. Aireagal fé leith do bheith sa Teaghlach i gcóir lucht eitinne do leighiste,

8. Riara an Teaghlaigh Chontae do bheith fé Choiste, ar a dtabharfar Coiste an Teaghlaigh Chontae (go dtí tar éis an chéad toghcháin eile i gcóir na Comhairle Contae, riara an Teaghlaigh ortha féin), agus a bheidh có-dhéanta mar leanas:—10 mBaill a ceapfar ag an gComhairle Chontae, 4 Baill a ceapfar ag gach Comhairle Thuath-cheanntair, agus 1 Bhall amháin ag gach Comhairle Bhaile-cheanntair sa Chontae. (Seacht mbaill do bheith ina quorum.)

9. An tOspideul Ceanntair do bheith fé riara Coiste a ceapfar ag Comhairlí Ceanntair Áitiúla na gceanntar san fé seach ina bhfuil na hOspidéil suidhte

10. Deire do chur leis an “Aontas” mar líomatáiste riaracháin.

11. Gach Tuath-cheanntar do bheith fé mhuirear a chion féin de chostas chiméad-suas an Teaghlaigh do réir an méid othar a leigfar isteach ann ón Tuath-cheanntar óna dtáinig na hothair.

12. I gcóir oibriú na Scéime, Baile-cheanntair Charraig Mhachaire Rois, Chaisleán Mhathúnaigh, Chluain Eois agus Mhuineacháin d'áireamh mar chuid de Thuath-cheanntair Charraig Mhachaire Rois, Chaisleán Mhathúnaigh, Chluain Eois agus Mhuineacháin fé seach.

13. Gach othar do dhéanamh íoc do réir a acfuinne i gcostas a chimeádtasuas.

14. Ar chúiseanna bhaineann le baileachas ní atharófar an tslí ina ndintar fóirithin allamuich fé láthair. Dá bhrí sin coinneofar an ceathrar Oifigeach fóirithine atá ag obair fé láthair ach nuair a thiocfidh folúntaisí ní líonfar iad arís.

15. De bharr dúna na dTithe Oibre agus de bharr an atharuithe ghenearálta ar riarachán Dlí na mBocht, beidh fé riara Choiste Teaghlaigh na Contae gachaon obair atá á dhéanamh go dtí so ag na Búird Chaomhnóirí, agus mar sin cuirfar deire le post gach oifigigh ná beidh ag teastáil agus cuirfar gach oifigeach den tsórt san ar aois-liúntas. Socrú do dhéanamh sa Teaghlach ina gcóir seo a leanas:—Cléireach, Cláradóir, Mátrún, Dóirseoir, Dochtúir Oifigiúil, agus oiread agus theastóidh de Bhanaltraí agus d'Fhreastaluithe. Fuireann gach Ospidéil Cheanntair do bheith có-dhéanta de Dochtúir Oifigiúil, d'Ard-bhanaltra, de Bhanaltra Chonganta agus de Mhnaoi Aireagail.

Na cea anna san go léir do bheith ina gceapanna sealadacha agus na daoine a ceapfar do bheith i seilbh oifige go ceann sé mhí amháin. Idir an dá linn gach post d'fhógairt go puiblí agus buan-oifigigh do cheapa. Oifigigh a bheidh ann le linn an co-nasc do bheith á dhéanamh, tosach do thabhairt dóibh má fachtar iad do bheith ábalta ar an obair a dhéanamh.

SCEIM CHONTAE I FAILGHE.

1. Na Tithe Oibre i mBiorra, in Eadan Doire agus sa Tualach Mhór agus an Otharlann Chontae sa Tulach Mhór do dhúna.

2. Fúndúireacht mheán-suidhte do bhunú sa Tulach Mhór don Chontae go léir agus Foirgintí an Tighe Oibre sa Tulach Mhór do chur chun na húsáide sin.

3. An Fhúndúireacht sa Tulach Mhór do bheith có-dhéanta de:—

(a) Ospideul Meán-suidhte, dá ngairmfar Ospideul Contae I Fáilghe, i gcóir cásanna chun leighis agus cásanna chun máin-liaghais.

(b) Ospideul i gcóir lucht Fiabhrais agus Ospideul Fiabhrais I Fáilghe mar ainm air.

(c) Teaghlach Meán-suidhte do shean-daoine, daoine fannlaga agus síor-bhreoiteacháin.

4. Iostaithe atá i dTithe Oibre Bhiorra, Eadain Doire agus na Tulaighe Móire agus atá ion-mhuirir ar Chontae I Fáilghe agus nách féidir a chur amach ar lóistín, iad d'aistriú chun na Fúndúireachta Meánsuidhte.

5. Iostuithe atá sna Tithe Oibre sin agus atá ionmhuirir ar Chomhairle eile d'aistriú chun a gContaethe féin fé seach.

I gcás Bhiorra fágfidh san go mbeidh ar Chomhairle Trian Thuaidh Thiobrad Arann socrú do dhéanamh chun iostuithe atá ionmhuirir ar an gCoiste sin do ghlaca ó Chaomhnóirí Bhiorra; i gcás Eadain Doire do chaithfadh Comhairlí Chontae Chill Dara agus Chontae na Midhe rud den tsaghas chéanna do dhéanamh; agus i gcás na Tulaighe Móire do bheadh ar Chomhairle na hIarmhidhe socrú mar sin do dhéanamh, leis.

6. Iostuithe atá i dTithe Oibre Ros Cré agus Mhóintigh Mhílic agus atá ionmhuirir ar Chontae I Failghe d'aistriú chun na Fúndúireachta Meánsuidhte sa Tulach Mhór.

7. Cóir na Fúndúireachta do chur ar an muintir sin amháin nách féidir a chur amach ar lóistín. I ngach cás in ar féidir é, is ina n-áruis féin a thabharfar cabhair do dhaoine.

De bharr dúna na dTithe Oibre agus atharú na slí ina ndintar Fóirithin Allamuich ní foláir atharú riaracháin do dhéanamh. Tar éis an scéal do bhreithniú go haireach do chinn an Coiste:—

8. An Fhúndúireacht Mheán-suidhte sa Tulach Mhór agus roinnt na Fóirithine Allamuich agus an obair eile atá á dhéanamh go dtí so ag Búird Chaomhnóirí, lasmuich d'obair fén Ard-chláradoir, na nithe sin do bheith á riara fé Choiste Bainistí a bheidh có-dhéanta ar an slí seo a leanas:

6 Baill a ceapfar ag Comhairle Cheanntair Bhiorra, 6 Baill ag Comhairle Cheanntair na Tulaighe Móire, 4 Baill ag Comhairle Cheanntair Eadain Doire, 3 Baill ag Comhairle Cheanntair Ros Cré, I Bhall amháin ag gach ceann de dhá Chomhairle Bhailecheanntair, agus 10 mBaill ag an gComhairle Chontae. Triúr do bheith ina quorum i gcóir gnáth-oibre náthaíochta; seachtar i ngach cás eile. An Coiste seo do theacht in oifig tar éis an chéad chruinniú bliantúil eile den Comhairle Chontae. Idir an dá linn Coiste Speisialta do dhéanamh na hoibre a bhainfidh le haistriú iostuithe agus othar agus le mionrudaí riachtanacha eile.

9. Deire do chur leis an “Aontas” mar líomatáiste riaracháin.

10. Na Tuath-cheanntair do chimeád mar atáid fé láthair chun crícheanna a riartha fén gCoiste Bainistí ar an slí seo a leanas:—

Gach Tuath-cheanntair fé leith d'íoc gach costas a bhaineann leis féin amháin; na héilithe sa Teaghlach Contae agus san Ospideul Contae do bheith do réir oiread so an duine fé mar a déanfar amach i ndeire gach leath-bhliana do réir oiread so laehanta le chéile. Maidir leis sin aon rud a íocfidh na hothair do chur chun creidiúna don Tuath-cheanntar óna dtáinig na hothair. Daoine a leigfar isteach sa bhFúndúireacht Mheán-suidhte agus nách ionmhuirir ar aon Tuathcheanntair laistigh den Chontae d'aireamh ina Muirir ar an gContae Iomlán.

11. Baile-cheanntair Bhiorra agus na Tulaighe Móire d'áireamh mar chuid de Thuath-cheanntair Bhiorra agus na Tulaighe Móire, fé seach, chun crícheanna fén Scéim seo.

12. Na Comhairlí Tuath-cheanntair do cheapa Fó-choistí chun deighleáil le hiarrataisí ar Fhóirithin Allamuich agus chun bainistí na nOspideul gCeanntar i mBiorra agus in Eadan Doire, a fachtar is gá a chimeád ar oscailt go ceann tamaill mar gheall ar dheacrachtaí a bhaineann le hiompar ó áit go háit.

13. Dhá Ard-oifigeach do cheapa, duine acu chun ghníomhú mar Chléireach do Choiste na nOspideul agus na dTeaghlach, agus an duine eile chun có-líona na ndualgaisí a bhaineann le maoirseacht do dhéanamh ar roinnt na Fóirithine Allamuich agus le cigireacht do dhéanamh ar Leanbhaí ar Altranas.

14. Socrú do dhéanamh sa bhFúndúireacht Mheán-suidhte i gcóir na Fuirinne seo a leanas:—

(a) Mar shocrú sealadach an Dochtúir Oifigiúil atá i dTigh Oibre na Tulaighe Móire fé láthair agus Máin-liaigh na hOtharlaine Contae do bheith ina bhFuirinn Leighis.

(b) Mátrun nách foláir di bheith ina Banaltra lán-rithte— comhairlítear Siúr den Chóthionól atá ann fé láthair do chur sa phost.

(c) Oiread Banaltraí agus Freastaluithe agus is gá.

(d) Cléireach chun gníomhú mar Chláradoir 'na ndéanfidh an Coiste Bainistí a dhualgaisí do leaga amach.

(e) Dóirseoir.

15. Sna hOispidéil Cheanntair:—

Toisc gur rudaí sealadacha na hOspidéil Cheanntair atá i mBiorra agus in Eadan Doire an fhuireann atá sna hOspidéil sin do luíodú go dtí go ndúnfar ar fad iad. An Ard-bhanaltra do bheith freagarthach sa riarachán idir an dá linn agus ba chóir cúnamh do bheith aici ó Chláradóir a ceapfí ar ainm thuarastal.

16. Fén Scéim nua (ná beidh aon Oifigigh Fóirithine ag baint léi), iarrataisí ar Fhóirithin Allamuich do dhéanamh ar fhuirmeacha speisialta. Deimhiú ar bona fide-na an iarrthóra do theacht ón gComhairleóir a chomhnuíonn sa chomhursnacht. Tar éis d'Fhó-choiste an Cheanntair deighleáil leis na hiarrataisí, iad do chur chun Coiste na nOspideul agus na dTeaghlach maraon le molta ina dtaobh. Ar údarú íocaíochta, an íocaíocht do dhéanamh le hOrduithe Iocaíochta. In aon chás gur gá é agus gur maith an rud le déanamh é leabhair d'Orduithe Iocaíochta i gcóir tréimhse aimsire do chur chun an iarrthóra tríd an bpost.

17. Fuirmeacha Deabha-chabhra do thabhairt do gach ionadaí do Bhaile-cheanntar agus do gach Comhairleóir Ceanntair i gcóir deabhachásanna. Tá na fuirmeacha san ceaptha chun úsáide i gCásanna lena ndeighleáladh Oifigeach Fóirithine roimhe seo, i gcásanna in ar gá socrú do dhéanamh chun duine d'adhlaca no comhra do sholáthar. Fé mar a déanfí i gcás Cabhair-iarratais (Fuirm H. H. I.), gach cás Deabhachabhra do thabhairt fé bhráid an chéad chruinniú eile d'Fhó-choiste an líomatáiste lena mbaineann agus san sa bhfuirm cheaptha.

18. Cuntaisí fé leith do chimeád in Oifigí na Fúndúirachta Meánsuidhte do gach Tuath-cheanntar fé leith, sa mhéid go mbainfidh an Scéim le Comhairle Thuath-cheanntair.

19. Coiste na nOspideul agus na dTeaghlach do dhéanamh na n-éilithe sin ar Chomhairlí Contae do dhineadh Búird Chaomhnóirí sa Chontae agus gheobhaidh an Coiste sin an t-airgead díreach ón gComhairle Chontae.

20. Chun go bhféadfaí cuntaisí do shocrú idir na Contaethe, 'na ndineadh cuideanna aca cuideanna de sna seana-líomatáistí Aontais, tugadh órdú do sna Caomhnóirí go léir gach oifigeach laistigh, gach Dochtúir Oifigiúil do Thigh Oibre, gach Cléireach agus Oifigeach Fóirithine do chur ar pinsean, ach do fágadh de cheart ag an gCoiste Speisialta aon oifigeach oiriúnach 'na mbeadh a sheirbhís ag teastáil fén bPlean Nua, do chimeád in oifig no ina bhfostuíocht. Tar éis an méid sin do beith déanta do scuirfadh na trí Búird Chaomhnóirí a bhaineann le Tithe Oibre laistigh den Chontae, do scuirfidís de bheith ag feidhmiú (agus tá san déanta ag dhá cheann cheana féin) agus do dhéanfadh an dá ionadaí ón gContae seo tarrang siar ón dá Thigh Oibre, lasmuich den Chontae, a fhaghann cabhair uainn.

21. Ní foláir feasta bheith níos airighe agus níos aon-fhuirmighe sa tslí ina ndeighleáltar le cabhair theinteáin ná mar a bhítí agus, sa mhéid gur féidir é, deire do chur le haon droch-obair a bhaineann leis na cúrsaí sin. Iarrtar ar gach Comhairleoir Ceanntair, agus moltar go láidir do cabhrú go dícheallach san obair sin.

22. Is mó búntaiste a bhaineann le daoine do chur amach ar lóistín, pe'ca leanbhaí iad no daoine fásta. I gcás na ndaoine fásta, ámh, ní mór aire do thabhairt sara bhfaghadh daoine dubháilceacha aon Chabhair lasmuich d'Fúndúireacht agus nuair a tabharfar Cabhair d'aithreacha no do mháithreacha no do dhaoine eile 'na bhfuil cúram leanbhaí no daoine óga no lucht lag-intinne ortha, ní foláir féachaint chuige go dtabharfar aire cheart don obair sin. Caithfar aire fé leith do thabhairt do sna leanbhaí i dtreo go ndéanfidh saoránaigh maithe dhíobh. Ba chóir gan leigint d'éinne acu fanúint i bhFúndúireacht más féidir é do sheachaint. O fhíor-thosach a n-óige ba chóir tuisgint do thabhairt dóibh sna búntaistí a bhaineann le saol an teinteáin teolaí seachas mar a bhaineann le saol na Fúndúireachta. Ba chóir gan éinne acu do chur chun comhnuithe i mbaile mór, ach iad do chur ar altranas ag daoine galánta ar an dtuath.

24. Le linn bheith ag scrúdú an phlean tugtar fé ndeara an chuma gheografach atá ar Cheanntair Íclainne agus suidheamh áit chomhnaithe na nDochtúirí. Ina lán cásanna do socruíodh na teoranta, do réir cosúlachta, gan aon aire do thabhairt don rud a bheadh caothúil do dhaoine bochta a bheadh breoite no do sna dochtúirí. Tá ana-dhifríochtaí idir na ceanntair, leis, maidir lena méid agus maidir le líon na ndaoine ionta. Rud nách mór a bhreithniú uair éigin eile isea conus ath-cheartú do dhéanamh ortha. Baineann san go mór mór le gach Ceanntar 'na bhfuil cuid de laistigh den Chontae agus cuid de lasmuich. Fé láthair isé rud atá beartuithe ná ár gcuid-ne de sna tuarastail sin d'íoc do réir méid na líomatáistí agus do réir lí n na ndaoine ionta—a us an Cólucht no an Chontae Lasmuich d'íoc farasbár an tuarastail láithrigh. Tá baint le bheith ag an méid sin le Dochtúirí Íclainne chó maith le Banaltraí.

25. Maidir le riara genearálta laistigh d'Ospidéil agus de Theaghlaigh, ní fhéadfadh duine bheith leath-aireach a dhóthin i dtaobh mion-rudaí. Ba mhór an diomailt a thagadh roimhe seo de bharr an nós úd na seomraí fé leith no na bhfóirne fé leith de sheomraí, na cócaireachta fé leith agus na socruithe eile fé leith i gcóir na n-oifigeach a bhíodh ar fostú ionta. Pa mhó ná costas na Fóirithine Allamuick costas na dteinte agus na soillse amháin a bhíodh ag beagán oifigeach i bhFúndúireacht áirithe, rud ba léir ó bhreacacháin droch-chiméadta. Ní foláir gan leigint do san leanúint. Ní foláir socruithe do dhéanamh igcóir na fuirinne, rud éigin den tsórt a bhíonn ann do Bhanaltraí i bhFúndúireachtaí Meán-suidhte; ní foláir an t-iomlán do chur fé chúram Banaltra lán-tréineálta-dáma Siúr í sin den Chóthionól atá ag obair ann anois ba dheimhniú éar gach ní a bheith á dhéanamh sa cheart. Ba chóir seomra suaímhnis do thabhairt don fhuirinn agus cistin, no úsáid na cisteanach coitianta atá ann fé láthair, agus seomraí leapan, comhngarach dóibh sin. Deineann na socruithe sin daoine pósta 'na bhfuil clann acu do dhúna amach.

26. Díreach mar a déanfí i dtaobh scaireanna lóin, ní foláir scála do dhéanamh amach chun an méid guail agus an méid de gach liúntas eile a lomhálfí i gcóir oifigí oifigeach agus i gcóir na n-othar do shocrú.

27. Beart de sna fuirmeacha riachtanacha do thabhairt do Chomhairleoirí an Fhó-choiste agus an Ard-choiste; Cléire ch san Ard-oifig do chiméad cuntas ar letreacha isteach cho maith le letreacha amach. Costas stampaí d'aisíoc le Cathaoirligh na bhFó-choistí i ndeire na tréimhse airgiad.

28. An t-atharú ba ghá a dhéanamh ar shlí na gcuntaisí do chimeád tá sé déanta agus ní foláir claoi leis.

29. Chun go bhféadfar cúmpráidí do dhéanamh agus chun costas Leabhra agus Fuirmeacha do chimeád síos, etc., moltar aon scála amháin de Biatha do bheith ann i gcóir na nOspideul gCeanntair agus an Ospidéil Mheán-suidhte.

30. Ba chóir gan ach deabha-chásanna amháin do leigint isteach sn a hOspidéil Cheanntair agus gan san féin do dhéanamh ach nuair a bheadh an tOspideul Ceanntair i bhfad níos comhngaraí ná an tOspideul Meánsuidhte, agus ní foláir gan aon tsíor-bhreoiteacháin do chimeád in aon Ospideul.

31. Ba chóir do gach othar cabhrú do réir a acfuinne chun é do chimeád suas. Iad san a fhaghann liúntaisí breoiteachta ba chóir do gach éinne aca cabhrú mar sin mara bhfuil éinne de chúram air.

32. Othair a leigfar isteach agus a íocfidh an lán-chostas, a bheith de cheart acu aon Dochtúir is maith leo do thabhairt isteach chun comhairle

34. Tá an Scéim seo ceaduithe ag Roinn an Rialtais Áitiúla agus ní foláir gach aon phioc riamh di do chur i ngníomh láithreach.

SCEIM CHONTAE ROSCOMAIN.

1. Gach Tigh Oibre sa Chontae agus don Chontae do chur ar ceal mac Thigh Oibre.

2. Gan aontaisí fé Dhlí na mBocht ná Caomhnóirí fé Dhlí na mBocht do bheith a thuille.

3. Na Comhairlí Tuath-cheanntair do luíodú ó sheacht cinn go dtí cheithre cinn, tré thrí Tuath-cheanntair bheaga do chur le cinn mhóra in aice leo sa Chontae mar leanas:—Beul-Ath na Slua, Uimh. 2, le hAthluain, Uimh. 2; Cara Droma Rúisc, Uimh. 2, le Mainistir na Búille, Uimh. 1: agus Béal Ath na mBuillí le Roscomáin.

4. Gnó na mBórd gCaomhnóirí d'aistriú mar leanas:—

(a) An chuid a bhaineann le fóirithin laistigh, chun na Comhairle Contae agus na gComhairlí gCeanntair agus iad ag gníomhú tré Chó-choiste a ceapfar amach as na cóluchtaí sin fé seach agus ar a nglaofar “Coiste Teaghlaigh Chontae Roscomáin.”

(b) An chuid a bhaineann le fóirithin allamuich agus le fóirithin íclainne agus le crícheanna fóirithine eile do dhaoine neambocht, chun na gcomhairlí ceanntair áitiúla.

(Nota.—Níl aon Bhaile-cheanntair i gContae Roscomáin, agus níl aon mheasca le contaethe comhursnachta ach go mbeidh có-bhaint, mar atá go dtí so, ag Contaethe Roscomáin agus na Gaillimhe le hOspideul Meabhar-ghalar Bhéal Ath na Slua).

5. An seana-thigh oibre i Roscomáin d'iompáil ina Theaghlach agus in' Ospideul Contae agus brains-ospideul aige i Mainistir na Búille, sa tsean-otharlainn aontais, do dhaoine breoite ó iomlán Tuathcheanntar Mhainistir na Búille, Uimh. 1 (maraon le tuath-cheanntar na Carraige, Uimh. 2, atá á chur leis), agus ón dtaobh thuaidh de Thuathcheanntar an Chaisleáin Riabhaigh fé mar atá sé gabhtha isteach i gceanntar iclainne Bhealach an Doirín, Dhún Gar, agus Loch Glinne.

6. Coiste an Teaghlaigh Chontae do bheith có-dhéanta de dheich fichead ball 'na gceapfidh an Chomhairle Cheanntair an leath eile, a roinnfar mar leanas, mar gheall ar mhéid acraí méid daoine agus luacháil gach ceanntair fé leith:—

Comhairle Cheanntair.

An méid Ball.

Ath Luain, Uimh. 2 (maraon le Béal Ath na Slua, Uimh. 2)

...

2

Mainistir na Búille (maraon leis an gCarraig, Uimh. 2)

...

3

Roscomáin (maraon le Béal Ath na mBuillí)

...

...

5

An Caisleán Riabhach

...

...

...

...

5

Ar fad

...

...

15

7. Einne a scuirfidh de bheith ina bhall den Comhairle do cheap é scuirfe sé de bheith ina bhall de Choiste an Teaghlaigh Chontae.

8. Coiste Brains-Ospideul Mhainistir na Búille do bheith có-dhéanta de bhaill de Choiste an Teaghlaigh Chontae a toghadh do thuaisceart na contae, gur do an Brains-ospideul san, no atá ina gcomhnaí ann, agus aondacht smachta do chimeád ar an gcuma san.

9. Baill Choiste an Teaghlaigh Chontae agus Choiste Brains-ospideul Mhainistir na Búille do bheith i seilbh oifige go dtí go gcuirfar daoine eile ina n-ionad le ceapanna nua tar éis toghchán na gcomhairleoirí contae agus ceanntair uair sa trí bliana.

10. Coiste Brains-óspideul Mhainistir na Búille do thabhairt billí no cuntaisí míosúla cuibhe-dheimhnithe do Choiste an Teaghlaigh Chontae ar a gcaithteachas go léir, maraon le liost díobh a sighníodh ag an gcathaoirleach i gceannas agus ag dhá bhall eile ar an gcruinniú in ar ritheadh chun a n-íoctha iad. Gach suim airgid a gheobhaidh Coiste Brains-ospideul Mhainistir na Búille no a glacfar thar a gceann do lóisteáil laithreach chun creidiúna do chuntas Choiste an Teaghlaigh Chontae.

11. Gan dochar do smacht generálta Choiste an Teaghlaigh Chontae i dtaobh gach airgid a solathrófar as na rátaí, ní gá daingniú ó Choiste an Teaghlaigh Chontae ar ghníomhartha Choiste an Bhrains-ospidéil.

12. Contaisí uile an Teaghlaigh Chontae agus an Bhrains-ospidéil i Mainistir na Búille do bheith ina muirir ar an gcontae iomlán, mar is ar mhaithe leis an gcontae iomlán do ceapadh an scéim agus níor mhaith an bása do réir oiread so an duine toisc gur baolach go ngoillfadh sé ro-mhór ar na ceanntair ina bhfuil furmhór na ndaoine mbocht.

13. Rúnaí Coiste an Teaghlaigh Chontae do thabhairt cuntais don Chomhairle Chontae agus do gach Comhairle Cheanntair ar fháltas agus ar chaithteachas an Choiste tar éis gach iniúcha leath-bhliantúil ar na cuntaisí.

14. A bheith de dhualgas ar Choiste an Teaghlaigh Chontae an Teaghlach Contae do bhainistí, le haire chuibhe ní hamháin d'éifeachtúlacht ach fós do bhaileachas, agus feabhas do chur ar bhainistí an Teaghlaigh as a dtiocfidh go ndéanfar tuille baileachais fós. Na hiostuithe ná beidh in ospideul d'fhostú agus do chimeád ag obair do réir a gcumais agus a n-ábaltachta d'fhonn costas cabhra ón dtaobh amuich do sheachaint oiread agus is féidir é.

15. Daoine bochta i dteideal chun fóirithin allamuich d'fháil agus daoine oiriúnacha gur cóir í do thabhairt dóibh, gan iad do chur chun an Teaghlaigh Chontae ná do chimeád ann.

16. Coiste an Teaghlaigh Chontae do líona folúntaisí a thiocfidh i bhfuirinn an Teaghlaigh Chontae le hoifigigh a bhaineann leis na tithe oibre a dúnfar agus 'na gcuirfar deire lena n-oifigi fén scéim seo i dtreo nár ghá pinsin ná aiscí d'íoc le hoifigigh atá ábalta agus toilteannach ar leanúint ag déanamh oibre sa Teaghlach Contae den tsaghas atá acu á dhéanamh go dtí so.

17. Coiste Teaghlaigh Chontae Roscomáin d'íoc do réir oiread so an duine as othair nách síor-bhreoiteacháin, ó fhíor-dheisceart Chontae Roscomáin, a leigfar isteach in Ospideul Ceanntair Ath Luain i gContae chomhursnachta na hIarmhidhe.

18. Coiste Teaghlaigh Chontae Shligigh d'íoc mar an gcéanna i gcás othar den tsaghas céanna a leigfar isteach sa Bhrains-óspideul i Mainistir na Búille, Co. Roscomáin, ón dtaobh theas de Chontae Shligigh comhngarach do Mhainistir na Búille.

19. Na tithe oibre ná beidh in úsáid do dhíol chun úsáid Náisiúnta do dhéanamh díobh mar mhonarchanna no mar mhuilinn no chun crícheanna ceárdais eile a thabharfidh obair le déanamh do sna hoibritheoirí áitiula.

20. Coiste an Teaghlaigh Chontae féin do cheapa Cisteora dhóibh féin agus d'fháil airgid díreach ón gComhairle Chontae.

21. Ní bainfar leis an gceart atá ag na húdaráis sláintíochta chun cásanna íclainne agus cásanna eile do chur go Baile Atha Cliath, no go hóspidéil eile d'othair ón dtaobh amuich, chun cóir speisialta do chur orra.

22. Fé mhola ón gComhairle Chontae agus fé cheadú ón Aireacht um Rialtas Áitiúil Coiste an Teaghlaigh Chontae do shocrú aon ruda no ní a eireoidh fén scéim seo agus ná fuil aon tsocrú déanta ina chóir anse.

SCEIM CHONTAE SHLIGIGH.

1. Ar dháta a cheapfidh an Coiste Bainistí, a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, aistreofar na hiostuithe go léir i dTithe Oibre Dhroma Mhóir agus Thobar an Choire, agus sna hospidéil a ghabhann leo, agus na hiostuithe atá i dTigh Oibre Mhainistir na Búille, agus san Ospideul a ghabhann leis, agus a thainig ón gcuid sin d'Aontas Mhainistir na Búille a luíonn i gContae Shligigh, aistreofar iad go Tigh Oibre Shligigh, rud dá ndéanfar fúndúireacht mheán-suidhte don chontae uile agus dá ngairmfar Teaghlach Chontae Shligigh.

2. Imeoidh bainistí an Tighe Oibre atá i Sligeach fé láthair, imeoidh sí as lámha Bhord Caomhnóirí Shligigh agus aistreofar í go dtí Coiste Bainistí a bheidh có-dhéanta de 8 mbaill a ceapfar ag Comhairle Chontae Shligigh, aon bhall amháin a ceapfar ag Comhairle Bhaile-cheanntair Shligigh, dhá bhall an ceann a cheapfidh gach Comhairle Thuath-cheanntair fé leith sa chontae agus duine acu do bheith ina Chathaóirleach ar an gcólucht san. Cothoghfidh an Coiste tri baill eile, eadhon, triúr ban. Cúigear is quorum do chruinnithe den Choiste Bainistí. Fé cheadú ón gComhairle Chontae agus ó Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann isea déanfar na rialacháin a dhéanfidh an Coiste sin i dtaobh bainistí an Teaghlaigh Chontae. Mar a chéile téarma oifige an Choiste Bainistí agus téarma oifige na Comhairle Contae, agus leanfidh an Coiste Bainistí ag feidhmiú go dtí dáta an chéad chruinniú bliantúil den Chomhairle Chontae nua. Beidh an chéad Choiste i seilbh oifige ar feadh tréimhse oifige na Comhairle Contae atá anois againn, agus i gcóir tréimhsí trí mblian a ceapfar gach Coiste ina dhiaidh sin.

3. Chun ionaduithe do cheapa chun an Choiste Bhainistí, gairmfear cruinniú speisialta de gach cólucht fé leith go mbeidh ionaduithe acu ar an gCoiste Bainistí, cruinniú a bheidh ann ar an dáta a ceapfar. Beidh na cruinnithe speisialta san ann chó luath agus is féidir é tar éis don Chomhairle Chontae glaca leis an scéim chó-naisc agus tar éis do Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann i do cheadú.

4. On dáta ar a gceadófar an Scéim ag Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann scuirfidh na Búird Chaomhnóirí atá ann fé láthair de bheith ag feidhmiú agus gach a mbaineann le fóirithin allamuich, déarcaisí leighis, etc., beidh sé fé riara fo-choiste a bheidh có-dhéanta de 5 baill a ceapfar do gach Aontas ag an gComhairle Thuath-cheanntair, agus beidh beirt de gach cúigear díobh san ina mbaill den Choiste Bainistí.

5. Cabróidh gach Aontas, do réir oiread so an duine, chun costaisí an Teaghlaigh Chontae d'íoc.

6. Leagfidh an Coiste Bainistí fé bhráid na Comhairle Contae a Meastachán agus a nÉileamh bliantúil ar a riachtanaisí i gcóir na hathbhliana. Gairmfar cruinniú speisialta den Choiste an 15adh lá d'Eanair gach bliana airgid no roimhe sin agus leagfidh an Rúnaí fé bhráid an chruinnithe sin a Mheastachán ar na fiachaisí agus na riachtanaisí sin an Choiste go mbeidh ar an gComhairle Chontae soláthar do dhéanamh ina gcóir i rith na bliana airgid dár gcionn agus, le rún a breacfar ar mhiontuairiscí an chruinnithe, glacfidh an Coiste leis an gcéanna tar éis é do leasú no gan é do leasú, agus leis sin déanfid, féna Séala, Meastachán agus Éileamh ar an méid a bheidh a teastáil agus déanfid an céanna do chur ar luas chun na Comhairle Contae agus cóip dheimhnithe dhe do chur chun Roinn an Rialtais Áitiúla. Mara ndéanfidh an Coiste an Meastachán agus an tÉileamh san laistigh den aimsir cheaptha, beidh comhacht ag Rúnaí an Choiste chun cóip dá Mheastachán do thabhairt do Rúnaí na Comhairle Contae agus do Roinn an Rialtais Áitiúla. I gcóir na bliana airgid atá ann anois déanfidh an Chomhairle Chontae, ar éileamh ón gCoiste, na suimeanna san do roimh-íoc a measfar a bheith riachtanach don teaghlach nua.

7. Ceapfidh an Coiste Bainistí Cisteoir dóibh féin, eadhon, Cuideachta Bhancaereachta.

8. Ceapfar Maoin-áireamhach chóluath agus is féidir é chun luacháil do dhéanamh ar na hearraí a tógfar as na hAontaisí go léir chun Teaghlach Chontae Shligigh do ghléasa. Cuirfar chun creidiúna do gach Aontas luach na n-earraí a tógfar as. An Coiste Bainistí a íocfidh táille an Mhaoin-áireamhaigh sin.

9. Iniúchfar cuntaisí an Choiste Bhainistí uair sa leath-bhliain ag iniúchóir le Roinn Rialtais Áitiúla na Dála, agus déanfar na hachtacháin agus na rialacháin atá ann fé láthair do chur in oiriúint dá réir sin.

10. Glacfidh an Coiste le pé Buanórduithe agus Rialacháin is gá dar le Roinn Rialtais Áitiúla na Dála.

11. Fé cheadú ó Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann, isé an Coiste Bainistí a cheapfidh na hoifigigh i gcóir an Teaghlaigh Chontae agus i ngach cás in ar féidir é tabharfar tosach don mhuintir 'na ndéanfar fén Scéim deire do chur lena n-oifig, ach má ceaptar oifigeach atá i dteideal no ag fáil aois-liúntais no aisce fén Scéim caithfe sé, mar choiníoll de choiníollacha a cheaptha, gach éileamh ar Aoisliúntas do leigint uaidh no, má tugadh aisce dho, caithfe sé méid an aisce sin d'aisíoc leis an gComhairle Chontae. Beidh gach ceapa ina cheapa sealadach go ceann sé mhí agus féadfar an tuarastal a bhainfidh lena leithéid d'oifig d'atharú i ndeire na tréimhse sin le cead ó Roinn an Rialtais Áitiúla. Déanfar buan-cheapa den cheapa ansan más seir hís shásúil an tseirbhís do tugadh. Le fógraíocht phuiblí a foillseofar ceapanna, agus éinne a dhéanfidh canbhasáil tuigfar é do bheith fé mhí-cháilíocht.

12. Ar dháta a cheapfidh Roinn an Rialtais Áitiúla, gairmfidh Caomhnóirí gach Aontais fé leith cruinniú speisialta chun cur-ar-ceal do dhéanamh ar cheapa gach oifigigh agus gach fostaí eile 'na mbeidh deire lena n-oifigí agus lena bhfostaíocht le linn teacht i ngníomh don Scéim Chó-naisc. Sa chás go bhfuil Cléireach an Aontais ina Chléireach don Chomhairle Thuath-cheanntair, cuirfar ar ceal a oifig mar Chléireach don Aontas agus cuirfar é féi ar aois-liúntas. Cuirtar ar ceal fén alt so na hoifigí agus na fostaíochta so leanas:—Cléireach an Aontais, Máistir, Mátrún, Séiplíneach, Banaltraí, Dóirseoir, Freastaluithe, idir fhireann agus baineann, Mná Aireagail, agus gach éinne eile ná háirítear fé sna hainmneacha san.

13. Cuirfar ar aois-liúntas mar leanas gach oifigeach 'na gcuirfar deire len' oifig agus a bheidh i dteideal aois-liúntais ach aon oifigeach a cuirfa ar aois-liúntas agus a gheobhaidh ionad fén gComhairle Chontae no fén gCoiste Bainistí no fé aon chólucht puiblí eile fé údarás na Comhairle Contae, caillfe sé méid a aos-liúntais má bhíonn tuarastal an ionaid nua cho mór, no níos mó, leis an méid sin:— Gach oifigeach gur sia ná deich mbliana a sheirbhís deonfar do, in aghaidh gach bliana seirbhíse, aois-liúntas do réir an seascadú cuid den tuarastal agus den tsochar oifige atá dho fé láthair. Aireofar mar fhaid seirbhíse dho an méid blian seirbhíse a bheidh curtha isteach aige ach 50 fén gcéad den tseirbhís sin do chur leis an seirbhís sin ach ní raghaidh an t-aoisliúntas i gcás aon oifigigh thar dhá dtrian an tuarastail agus an tsochair oifige atá dho fé láthair. Mar chúiteamh i ndeire do chur len' oifig isea deonfar don oifigeach an 50 san fén gcéad sa bhreis ar a bhlianta seirbhíse, agus na hoifigigh 'na gcuirfar deire lena n-oifigí ní bheidh aon éileamh acu ar éinní thar mar a foráltar san alt so. Áireofar méid sochar oifig an oifigigh do réir mheánacht an tsochair sin i gcóir na dtrí mblian a bheidh críochnuithe roimh imeacht as oifig do.

14. I gcás aon oifigigh a bheidh i dteideal chun aisce d'fháil agus 'na gcuirfar deire len'oifig fén Scéim, beidh mar leanas méid an aisce a áireofar do réir an tuarastail agus an tsochair oifige a bheidh don oifigeach san ar an dáta 'na gcuirfar deire len' oifig: Maran sia a sheirbhís ná dhá leath-bhliain, tuarastal agus sochar bliana. Más sia a sheirbhís ná dhá leath-bhliain, tuarastal agus sochar bliana maraon leis an gceathrú cuid den méid sin in aghaidh gach leath-bhliana seirbhíse os cionn an dá leathbhlian tosaigh, ach gan é do dhul, i gcás aon oifigigh, thar sochar chúig mblian glan. Aireofar méid sochar oifigigh do réir mheánacht trí leathbliana a bheidh críochnuithe díreach roimh imeacht as oifig do. Mara mbeidh an t-airgead ann chun an t-iomlán d'íoc in éineacht féadfar na haiscí d'íoc do réir oiread so sa ráithe no sa leath-bhliain. Féadfar agóidí i gcoinnibh méid aois-liúntais no aisce do chur fé bhráid Roinn an Rialtais Áitiúla agus ní bheidh dul thar breith na Roinne sin.

15. An t-airgead is gá chun an t-alt deiridh sin do chó-líona gheobhaidh an Chomhairle Chontae ar iasacht é agus beidh aisíoc a chuideanna agus aisíoc an úis a bheidh air beid ina muirear ar na Tuath-cheanntair lena mbainfidh.

16. Leanfidh Dochtuirí Iclainne agus Banaltraí Máithreachais Ceanntair ag có-líona a ndualgaisí fé mar atáid a dhéanamh go dtí so ina gCeanntair Iclainne féin fé seach.

17. Déanfar bainistí an Ospidéil Fiabhrais Chontae d'aistriú chun Coiste Bainistí Teaghlaigh Chontae Shligigh.

18. Chó luath agus bheidh an Scéim ceaduithe ag an gComhairle Chontae agus ag Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann déanfidh an Coiste bainistí, cho tapaidh agus is féidir é, na socruithe riachtanacha chun na hiostuithe atá i dTithe Oibre Dhroma Mhóir, Thobar an Choire agus Mhainistir na Búille, agus sna hOspidéil a ghabhann leo san, d'aistriú chun an Teaghlaigh Chontae.

19. Beidh sé de dhualgas ar an gCoiste Bainistí na leanbhaí fúndúi reachta go léir, no oiread agus is féidir díobh, do chur ar altranas. Cabhróidh an fó-choiste leis an gCoiste Bainistí chun lucht altranais oiriúnach do sholáthar sna ceanntair a bheidh féna smacht, agus tuairisceoid go regealálta ar chor na leanbhaí a bheidh curtha ar altranas cheana. Féachfidh an Coiste Bainistí chuige go gcuirfar na leanbhaí ar altranas chóluath agus is féidir é—ní ciméadfar sa bhfúndúireacht mheán-suidhte aon leanbh os cionn trí mblian d'aois. Má fachtar nách féidir aon leanbhaí áirithe do chur ar altranas féadfidh an Coiste, más maith leo é, féachaint chuige go n-aistreofar iad go dtí scoil saothair no fúndúireacht éigin den tsort san.

SCEIM CHONTAE THIR CHONAILL.

PRIOMH-CHNAMHA NA SCEIME.

Tithe Oibre.

Dúnfar gach Tigh Oibre dá bhfuil sa chontae.

Re Iostuithe na dTithe Oibre ata ann fe Lathair.

2. Iostuithe atá sna Tithe Oibre atá i dTír Chonaill fé láthair, má táid ionmhuirir ar Aontaisí lasmuich de Thír Chonaill, iad d'aistriú chun a gcontaethe féin fé seach.

3. Iostuithe atá i dTithe Oibre lasmuich de Thír Chonaill agus atá ionmhuirir ar Aontaisí i dTír Chonaill, iad do chur amach ar lóistín no d'aistriú go dtí Teaghlach Meán-suidhte.

4. Gan cóir Fhúndúireachta do chur ach ar an muintir sin amháin nách féidir a chur amach ar lóistín.

Otharlanna.

5. Dúnfar na hotharlanna a bhaineann leis na Tithe Oibre seo a leanas—eadhon, Dún Fionnachaidh, Béal na nGallóglach, Srath an Urláir agus Leitir Ceanainn.

Ospideil Fhiabhrais.

6. Dúnfar gach Ospideul Fiabhrais dá bhfuil sa chontae ach amháin iad so a leanas—eadhon, Dún na nGall, na Gleannta, agus Carn Domhnaigh. Aireagail Leithreachais do chimeád ar leithligh san Otharlainn Fhiabhrais i Leitir Ceanainn i gcóir lucht aicídí tógálacha.

Ospideil Cheanntair.

7. Bunófar Ospidéil Cheanntair sna hOtharlanna a ghabhann leis na Tithe Oibre seo leanas, eadon, Dún na nGall, na Gleannta agus Carn Domhnaigh. Ospideul Ceanntair do dhéanamh den Ospideul Fiabhrais atá i Leitir Ceanainn.

Nota.—Comhairlítear socrú do dhéanamh le hIontaobhuithe Ospidéil I Shiadhail chun othair do ghlaca agus do chur fé chóir leighis agus, má dintar san, gan Ospidéil Cheanntair agus Fhiabhrais Dhún na nGall do bhunú.

An Teaghlach Mean-Suidhte.

8. Bunófar Teaghlach Meán-suidhte i Srath an Urláir do sheandaoine, do dhaoine fann-laga agus do shíor-bhreoiteachaín, agus do chásanna máithreachais, mar a mínítear i mír 29. Na foirgintí tighe oibre atá ann fé láthair do nua-chuma agus d'athnuachtaint chuige sin. Na hiostaithe uile atá i dTithe Oibre atá sa chontae, más ionmhuirir ar aon Aontas iad agus nách féidir iad do chur amach ar lóistin, iad d'aistriú chun an Teaghlaigh Mheán-suidhte.

Otharlann Chontae Leithbhirr.

9. Beidh “Ospideul Contae Thír Chonaill” mar ainm ar an Otharlainn atá i Leithbhearr fé láthair agus beidh sé ar oscailt chun cásanna chun leighis agus cásanna chun máinliaghais ón gContae go léir do ghlaca. Aireagail phríomháideacha agus aireagail phuiblí do bhunú.

Aontaisi.

10. Deire do chur leis an Aontas mar liomatáiste riaracháin. Gach Bord Caomhnóirí do scur de bheith ag feidhmiú chó luath agus thiocfidh an Scéim seo i ngníomh.

11. Gach Oifigeach Aontais do chur ar pinsean no cúiteamh do thabhairt do i dtaobh dualgaisí a tógfar de de bhárr oibriú na Scéime seo.

12. An cúiteamh no an t-aois-liúntas san do lomháil no do shocrú do réir scálaí atá i bhfeidhm go dtí so, agus é do bheith ina mhuirear ar an “gContae Iomlán,” as a ndúnfar amach Tuath-cheanntair an tSratha Bháin, Uimh. 2, áit in ar dineadh cúiteamh d'íoc agus do chur ina mhuirear ar Thuath-cheanntar an tSratha Bháin, Uimh. 2, cheana féin.

13. In ionad an téarma “Fóirithin Allamuich” agus in ionad an téarma “Oifigeach Fóirithine” cuirfar, fé seach, na téarmai “Tairbhe Náisiúnta” agus ‘ Oifigeach Tairbhe Náisiúnta.”

14. In ionad an téarma “Iostaí” cuirfar “Comhnathóir.”

15. In ionad an téarma “Bean Chabhartha Iclainne” cuirfar “Banaltra Cheanntair.”

AN TEAGHLACH MEAN-SUIDHTE.

Bainisti.

16. Beidh gnóthaí an Teaghlaigh Mheán-suidhte fé riara Choiste Bhainistí a ceapfar ag an gComhairle Chontae agus a bheidh có-dhéanta mar leanas, eadhon, 18 n-ionaduithe don Chomhairle Chontae; ball no ionaduí ó gach Comhairle Bhaile-cheanntair agus Thuath-cheanntair, maraon le 5 baill a có-thoghfar (triúr den chléir, dochtúir oifigiúil, agus bean). Cúigear den Choiste sin thuas do dhéanamh quorum. Nuair a bheidh an Coiste sin tofa, iad do chroma láithreach ar an Teaghlach Meán-suidhte d'ullamhú chun iostuithe, etc., do ghlaca isteach ann.

17. An Coiste sin, có-dhéanta mar adubhradh, do theacht le chéile uair sa mhí ar a luíod. An Coiste do cheapa lae an chruinnithe.

18. Beidh ar na Rialacháin no Fo-dhlithe lena nglacfidh an Coiste chun Bainistí an Teaghlaigh do dhéanamh níos éifeachtúla, beidh ortha scála lena rialófar cá mhéid gual a tabharfar amach i gcóir na dteinte go léir, pe'ca i seomraí na n-oifigeach agus na bhfreastaluithe a bheid no i seomraí na n-othar agus na gcomhnathóirí.

19. Beidh comhacht ag Coiste an Teaghlaigh Mheán-suidhte socrú do dhéanamh chun daoine atá ar aigne bheith ina gcomhnathóirí d'iompar chun an Teaghlaigh Mheán-suidhte, agus beidh comhacht acu, leis, chun socrú do dhéanamh chun aon chomhnathóir gur mian leis é do bhreith chun siúil ón dTeaghlach.

20. Socróidh an Coiste i gcóir na fuirinne seo leanas don Teaghlach: Dochtúir Oifigiúil Cuarda, Mátrún, nách foláir di bheith ina banaltra thréineálta. Banaltraí tréineálta, nách foláir do dhuine acu bheith rithte ina banaltra mháithreachais (i gcás aon bhanaltra atá ann fé láthair do chiméad is leor an téarma “rithte”); Cláradóir, Séiplínigh agus Freastaluithe, agus togha Cócaire ar dhuine aca san; Dóirseoir, a ghníomhóidh mar Thiománaí Leaba-chóiste agus, má chítar gur gá é, Stór-chimeádaí.

21. Coiste an Teaghlaigh Mheán-suidhte do bheith freagarthach i bhfiachaisí neamh-íoctha na mBord gCaomhnóirí atá ann fé láthair maidir le pé seirbhísí a aistreofar chun an Choiste sin fén Scéim seo. Iniúchóir Roinn an Rialtais Áitiúla do réiteach gach ceiste a bhaineann le cuntaisí do scara agus fiachaisí do roinnt ach féadfar a iarraidh ar Roinn an Rialtais Áitiúla a bhreith sin d'atharu.

22. Foth-fholúntaisí ar Choiste an Teaghlaigh Mheán-suidhte do líona le daoine a ainmneoidh an Chomhairle Chontae, daoine den chólucht no den aicme ó n-ar toghadh ar dtúis an duine go mbeidh a shuíochán folamh.

23. Déanfidh an Coiste Meastachán agus Eileamh Bliantúil ar an gComhairle Chontae i gcóir a riachtanaisí, agus tabharfid uatha gach mion-eolas riachtanach, agus san am gcéanna cuirfid chun na Comhairle Contae ar dháta nách déanaí ná an 15adh lá d'Eanair gach bliana Meastacháin agus Eilithe Bliantúla na nOspideul Contae, Ceanntair agus Fiabhra's agus na gCoistí Tairbhe Naisiúnta, maraon le haon rud a bheidh, má bhíonn, acu le rá ina dtaobh.

24. Aon daoine a bheidh ag lorg dul isteach sa Teaghlach Meánsuidhte ní leigfar isteach iad mara rabhdar ina gcomhnuí sa Chontae ar feadh an dá mhí dhéag roimh dháta an iarratais. Iarratóirí ná beidh an coiníoll san có-líonta acu féadfar slí do thabhairt dóibh ann go sealadach, más maith leis an gCoiste é, go dtí go n-aistreofar chun Teaghlaigh lasmuich den Chontae iad.

Chun dul isteach sa Teaghlach Mean-Suidhte.

25. Daoine a bheidh ad iarraidh go leigfí isteach sa Teaghlach Meán-suidhte iad, déanfid san tré an fhuirm cheaptha do líona, fuirm a bheidh le fáil o bhaill de Choiste an Teaghlaigh Mheán-suidhte, o bhaill den Choiste Tairbhe Náisiúnta, agus o Chomhairleoirí Contae, agus on Oifigeach Tairbhe Náisiúnta. Tar éis an fhuirm sin do chríochnú ba chóir í do chur chun an Oifigigh Thairbhe Náisiúnta, a dhéanfidh láithreach a thuairisc uirri do chur chun an Choiste Thairbhe Náisiúnta agus ansan féadfid siad-san a údarú go leigfar an t-iarrthir isteach sa Teaghlach Meánsuidhte ach go mbeidh Coiste an Teaghlaig Mheánsuidhte sásta.

26. Sa mhéid gur féidir é, síor-bhreoiteacháin do chur fé chóir sa Teaghlach Meán-suidhte agus gan iad d'aistriú go dtí na hOspidéil Cheanntair, ach amháin sa chás ina ndeimhneoidh Dochtúir Oifigiúil an Teaghlaigh Mheán-suidhte an t-aistriú san do bheith riachtanach.

27. Tabharfar do chomhnathóirí eile an Teaghlaigh Mheán-suidhte cuid éadaigh a bheidh do réir pátrúna deifriúla agus déanta suas sna gnáth-fhaisin. Beidh deire le córda-an-rí d'úsáid. Gach stoc de chórda-an-rí atá ann fé láthair, agus gach éide déanta-suas mar atá in úsáid fé láthair, do dhíol. Stuic tweed, den tsórt a cuirtí roimhe seo in éidí d'fhearaibh, d'úsáid ar shlite eile seachas mar chuid éadaig.

28. Comhnathóirí eile an Teaghlaigh Mheán-suidhte do roinnt ina n-aicmí do réir innscne, aois, agus staid a sláinte.

29. Cóireofar Aireagal Maithreachais sa Teaghlach Meán-suidhte do mhná ag iompar cloinne agus beidh sé deighilte amach ó s a ranna eile agus ní leigfar don mhuintir a bheidh ann aon choidreamh do bheith acu le comhnathóirí eile. Go dtí go ndéanfar tuille rialachán, is do réir toil Choiste an Teaghlaigh Mheán-suidhte bheidh na rialacha i dtaobh máithreacha agus leanbhaí do leigint isteach, do chiméad agus do scaoile chun siúil.

30. Gach comhnathóir sa Teaghlach Meán-suidhte a bheidh ag fáil Pinsin Sean-aoise no Tairbhe Breoiteachta agus gan cúram air, beidh air cion den chéanna do thabhairt chun é do chimeád suas sa Teaghlach san. Beidh sé de dhualgas ar Choiste an Teaghlaigh sin a shocrú cadé an cion é sin.

31. Comhnathóirí sa Teaghlach Meán-suidhte a gheobhaidh, tar éis iad do leigint isteach ann, gur féidir dóibh áitreabh do sholáthar dóibh féin lasmuich, tabharfidh Coiste an Teaghlaigh caoi dhóibh ar Thairbhe Náisiúnta d'iarraidh.

32. Déanfidh Coiste an Teaghlaigh Mheán-suidhte i ngach cás cur chun costas cimeád-suas agus frithálamh leanbhaí tabharthaa agus a máithreacha do bhaint de sna fir go dtuigtar gurb iad aithreacha na leanbhaí iad, agus beidh comhachta acu chun leanbhaí tabhartha do choinneáil, do chiméad suas no do chur chun siúil do réir a dtoile.

33. Beidh comhacht ag Coiste an Teaghlaigh Mheán-suidhte chun leanbhaí ná beadh a ndóithin maoine ag á dtuismitheoirí chuige dar leis an gCoiste, pe'ca sa Teaghlach Meán-suidhte a chomnuid no in áit éigin eile, do chur chun fúndúireachtaí d'fhonn cóir fé leith do chur ortha agus chun costas a gcimeádta-suas d'íoc faid a bheid sna fúndúireachtaí sin.

34. Déanfidh an Chomhairle Chontae Maoin-áireamhach inniúil do thogha amach chun an Chomhairle do chomhairliú i dtaobh aon abhair, earraí, áiseanna no fearais ba chóir a fháil o Thithe Oibre atá ann fé láthair chun úsáide sa Teaghlach Meán-suidhte no sna hOspidéil Cheanntair. Tar éis an stoc san do thogha amach, é do luacháil agus an luach a déanfar amach ar an gcuma san do chur chun creidiúna don Aontas óna bhfuarthas an stoc.

35. Leagfidh Cléireach an Choiste fé bhráid an ghnáth-chruinnithe dheiridh den bhliain riaracháin tuairisc a neosaidh cá mhéid cruinniu ar a raibh gach ball fé leith den Choiste i rith an dá mhí dhéag roimhe sin. Aon bhall den Choiste gur theip air bheith ar leath na gcruinnithe ar a luíod beidh sé fé mhí-cháilíocht agus ní fhéadfar é d'ath-thogha mara dtespeántar chun sástachta an Choiste nár fhéad sé bheith i láthair toisc é do bheith breoite no mar gheall ar leor-chúis éigin eile. Folúntaisí a thiocfidh ar an gcuma san do líona ar an gcruinniú bhliantúil a leanfidh an gnáth-chruinniú deiridh sa bhliain riaracháin.

36. Beidh cruininú bliantúil an Choiste seo ann ar aon dáta leis an gcéad ghnáth-chruinniú i ngach bliain riaracháin.

37. Déanfar slí fé leith sa Teaghlach Meán-suidhte do pé daoine gan meabhair agus taom-ghalaraigh nách féidir socrú ina gcóir san Ospideul Meabhar-ghalar.

Genearalta.

38. In aon chás gur mhaith an rud le déanamh é, dar le Coiste an Teaghlaigh Mheán-suidhte, féadfar iostuithe Tithe Oibre atá ann fé láthair no daoine is ceaduithe a leigint isteach sa Teaghlach Meán-suidhte, féadfar iad do chur amach ar lóistin i dTeaghlaigh no i bhFúndúireachtaí oiriúnacha ceaduithe, agus sna cásanna san cabhróidh an Teaghlach Meán-suidhte le suim nách mó ná costas an chiméad-suas sa Teaghlach Meán-suidhte; a maoin (má bhíonn maoin acu) do chur san áireamh.

AN tOSPIDEUL CONTAE.

Bainisti.

39. Beidh gnóthaí Ospideul Contae Thír Chonaill fé riara Choiste Bainistí a bheidh có-dhéanta mar leanas.

(Nota.—O dheabhruíonn sé go bhfuil únaereacht Ospidéal Leithbhirr dílsithe in Iontaobhuithe, do chinn an Coiste fanúint le tuille eolais i dtaobh an chéanna sara dtabharfidís aon Chomhairle i dtaobh códhéanamh an Choiste Bhainistí).

40. Ní bheidh éinne i dteideal a leigthe isteach san Ospideul Contae gan é do bheith ina chomnuí sa Chontae ar feadh ráithe ar a luíod roimh dháta a leigthe isteach. Ar údarás sighnithe o Dhochtúir no o bhall de Choiste an Ospidéil Chontae isea leigfar duine isteach, ach amháin i gcásanna tionóisce no deabhaidh, nuair a bheidh comhacht ag an Máinliaigh Cuarda, an Dochtúir Cuarda no an Mátrún an duine do leigint isteach más ceart é dar leo.

41. Fuireann an Ospidéil Chontae do bheith có-dhéanta dhíobh so leanas:—Máinliaig Cuarda, Dochtúir Cuarda, Mátrún, nách foláir di bheith ina banaltra tréineálta agus rithte ina banaltra mháithreachais; Séiplínigh agus oiread Banaltraí Tréineálta agus is gá (má cimeádtar chun seirbhíse aon bhanaltra atá ann fé láthair, is leor i do bheith ina banaltra “rithte”), agus Freastaluithe; Cléireach chun gníomhú mar Chláradóir, 'na ndéanfidh an Coiste Bainistí a dhualgaisí do leaga amach; Dóirseoir, a ghníomhóidh mar Thiománaí Leaba-chóiste, agus Freastaluithe eile a tuigfar a bheith ag teastáil, agus togha Cócaire.

42. Leaba-chiste ina mbeidh cóir theasa do sholáthar i gcóir an Ospidéil Chontae amháin. Nuair a bheidh othar á iompar ann, banaltra do bheith ina fhochair.

43. Coiste Bainistí an Ospidéil Chontae do theacht le chéile uair sa mhí ar a luíod; an Coiste a cheapfidh lá an chruinnithe.

44. Coiste na nOspideul gContae do dhéanamh socruithe chun na hothair go leir do roinnt ina n-othair “fé tháille,” ina n-othair “fé chuid den táille,” agus ina n-othair “neamh-íocacha,” chó luath agus is féidir é tar éis iad do leigint isteach. Comhairlítear a iarraidh ar othair a fhaghann Pinsean Sean-aoise no Tairbhe Breoiteachta agus gan aon chúram air cuid dá maoin do thabhairt uatha chun íoc as a gcimeád suas

45. Beidh ar aon Rialacháin no Fó-dhlithe lena nglacfidh an Coiste chun bainistí an Ospidéil Chontae do dhéanamh níos éifeachtúla, beidh ortha scála lena rialófar cá mhéid gual a tabharfar amach i gcóir na dteinte go léir, pe'ca i seomraí na n-oifigeach agus na bhfreastaluithe a bheid no i seomraí na n-othar agus na gcomnathóirí.

46. Leagfidh Cléireach an Choiste fé bhráid an ghnáth-chruimmithe dheiridh den bhliain riaracháin tuairisc a neosaidh cá mhéid cruinniú ar a raibh gach ball fé leith den Choiste i rith an dá mhí dhéag roimhe sin. Aon bhall den Choiste gur theip air bheith r leath na gcruinnithe ar a luíod beidh sé fé mhí-cháilíocht agus ní fhéadfar é d'ath-thogha mara dtespéantar chun sástachta an Choiste nár fhéad sé bheith i láthair toisc é do bheith breoite no mar gheall ar leor-chúiséigin eile. Folúntaisí a thiocfidh ar an gcuma san do líona ar an gcruinniú bliantúil a leanfidh an gnáth-chruinniú deiridh sa bhliain riaracháin.

47. Féadfid othair, ar a gcostas féin, pé dochtúirí ón dtaobh amuich maith leo do thabhairt isteach chun comhairle.

OSPIDEIL CHEANNTAIR IS FHIABHRAIS.

48. I ngach Ospideul Ceanntair déanfar socrú i gcóir na Fuirinne seo a leanas, fuireann a bheidh i bhfeighil an Ospidéil Fhiabhrais, leis:— Dochtúir Oifigiúil Cuarda; Mátrún, eadhon, banaltra thréineálta a bheidh rithte ina banaltra fhiabhrais agus mháithreachais; Banaltraí Tréineálta, oilte ar chásanna fiabhrais, duine acu rithte ina banaltra mháithreachais (má cimeádtar chun seirbhíse aon Bhanaltra atá ann fé láthair is leor í do bheith ina banaltra “rithte”); Cléireach; togha Cócaire; Freastaluithe, agus Tiománaí Leaba-chóiste.

49. Cóireofar aireagail phuiblí agus aireagail phríobháideacha i ngach Ospideul Ceanntair. Dul ar aghaidh le gach atharú den tsórt san do dhéanamh chó luath agus is féidir é. Pleananna agus áireamhachtaí do leaga fé bhráid Coiste a bheidh ionadathach don Chomhairle Chontae agus do dhochtúirí na Contae.

Bainisti.

50. Déanfidh an Chomhairle Chontae Coistí do cheapa chun na hOspidéil Cheanntair agus Fhiabhrais do bhainistí agus na Coistí sin do bheith co-dhéanta de sna hionaduithe seo a leanas, eadhon:—Ocht mbaill de Chomhairlí Ceanntair na líomatáistí 'na bhfuil na hOspidéil Cheanntair agus Fhiabhrais ceaptha ina gcóir, dhá bhall den Chomhairle Chontae, triúr den chléir, triúr ban, dhá bhall eile agus duine acu ina dhochtúir más féidir é.

51. Má áirítear Baile-cheanntar mar chuid de Thuath-cheanntar chun crícheanna na Scéime seo, beidh an Coiste có-dhéanta d'ocht mbaill de sna Comhairlí Tuath-cheanntair cheithre baill den Chomhairle Bhailecheanntair, etc.

Tuberculosis.

52. Cóireofar Aireagail Eitinne d'fhireannaigh agus do bhaineannacha i ngach Ospideul Ceanntair.

53. Ar mhola o Chomhairleoir Contae, o bhall den Choiste, no o Dhochtúir isea leigfar duine isteach in Ospideul Ceanntair. Comhachtanna do bheith ag an Mátrún chun daoine do leigint isteach, más dó léi gur ceart é, i gcásanna deabhaidh.

54. Fé cheadú on gCoiste Bainistí, isiad Coistí na nOspideul gCeanntair a shocróidh cé hiad na daoine a bheidh ina n-othair fé tháille agus cé hiad a chabhróidh, le hiomlán no le cuid den íocaíocht, chun costas cimeád-suas agus frithálmha d'íoc faid a bheid sna hOspidéil sin Othair a bheidh ag fáil Pinsean Sean-aoise no Tairbhe Breoiteachta agus gan aon chúram ortha, tabharfid cion dá maoin chun iad do chiméad suas faid a bheid sna hOspidéil sin. Isé an Coist a shocróidh cadéan cion é sin.

55. Féadfid othair, ar a gcostas féin, pé dochtuirí ón dtaobh amuich is maith leo do thabhairt isteach chun comhairle.

56. Chun gurb usa scrúdú do dhéanamh agus chun spáráil do dhéanamh, maidir le leabhair, fuirmeacha, etc., glacfar le scálaí bídh a bheidh mar a chéile in Ospidéil Chontae, Cheanntair agus Fhiabhrais, d'oifigigh, d'othair agus do fhreastaluithe sna hOspidéil sin.

57. Foth-fholúntaisí ar Choistí na nOspideul gContae do líona le daoine a ainmneoidh an Chomhairle Chontae, daoine den chólucht no den aicme ó n-ar toghadh ar dtúis an duine go mbeidh a shuíochán folamh.

58. Déanfidh Coistí na nOspideul gCeanntair agus na nOspideul Fiabhrais Meastacháin agus Eilithe Bliantúla ar an gComhairle Chontae i gcóir a riachtanaisí, agus tabharfid gach mion-eolas riachtanach do Choiste an Teaghlaigh Mheán-suidhte seacht lá glan roimh an gcruinniú a bheidh ag an gCoiste deiridh sin i Mí na Nodlag.

59. Beidh ar aon Rialacháin no Fó-dhlithe lena nglacfidh na Coistí sin chun bainistí na nOspideul san do dhéanamh níos éifeachtúla, beidh ortha scála lena rialófar cá mhéid gual a tabharfar amach i gcóir na dteinte go léir, pe'ca i seomraí na nOifigeach agus na bhFreastaluithe a bheid no sna seomraí a bheidh in úsáid ag an hothair.

60. Leaba-chóistí Mótair ina mbeidh córacha teasa do sholáthar chun úsáide gach Ospidéil Cheanntair fé leith, agus, nuair a bheidh othar dá iompar i gceann acu, banaltra do dhul in éineacht leis

61. Cruinniú den Choiste Bainistí do bheith ann uair sa mhí; gach Coiste do cheapa lá cruinnithe dhóibh féin

62. Leagfidh Cléireach an Choiste fé bhráid an ghnáth-chruinnithe dheiridh den bhliain riaracháin tuairisc a neosaidh cá mhéid cruinniú ar a raibh gach ball fé leith den Choiste i rith an dá mhí dhéag roimhe sin. Aon bhall den Choiste gur theip air bheith ar leath na gcruinnithe ar a luíod beidh sé fé mhí-cháilíocht agus ní fhéadfar é d'ath-thogha mara dtespeántar chun sástachta an Choiste nár fhéad sé bheithi láthair toisc é do bheith breoite no mar gheall ar leor-chúis éigin eile. Folúntaisí a thiocfidh ar an gcuma san do líona ar an gcruinniú bliantúil a leanfidh an gnáth-chruinniú deiridh sa bhliain riaracháin.

63. Beidh cruinniú bliantúil an Choiste seo ann ar aon dáta leis an gcéad ghnáth-chruinniú i ngach bliain riaracháin.

TAIRBHE NÁISIÚNTA.

64. Aistrítear riara an Tairbhe Náisiúnta agus na nDéarcaisí Leighis chun an Choiste Thairbhe Náisiúnta. Beidh an Coiste seo có-dhéanta de dhá Chomhairleoir Chontae áitiúla agus de chúig baill den Chomhairle Cheanntair agus má luigheann Baile-cheanntar laistigh den liomatáiste cuirfar leo san trí baill den Chomhairle Bhaile-cheanntair agus pé baill den Chomhairle Bhainistí a chomhnuíonn sa Cheanntar.

65. Socróidh Coiste an Teaghlaigh Mheán-suidhte scála aon fhuirmeach de Thairbhe Náisiúnta don Chontae, agus ceapfid Rialacha chun riartha an Tairbhe sin. Go dtí go gceapfar na Rialacha san, comhacht discrédeachta do bheith ag an gCoiste Tairbhe Náisiúnta. A bheith de cheart ag iarrthóirí 'na mbeidh cúis gearáin acu a ngearán do chur fé bhráid Roinn an Rialtas Áitiúla.

66. Déanfidh Coiste an Teaghlaigh Mheán-suidhte chun úsáide sa Chontae fuirm iarratais aon-fhuirmeach Tairbhe Náisiúnta do leaga amach. Ní bacfar aon iarratas ar an dTairbhe sin ach amháin nuair a déanfar é ar an bhfuirm sin fé dheimhniú chuibhe ón Oifigeach Tairbhe Náisiúnta no o bhall den Choiste Tairbhe Náisiúnta, i gcóir an líomatáiste ina gcomhnuíonn an t-iarrthóir.

67. In aon chás ina gcruthófar gur deonadh Tairbhe Náisiúnta do dhaoine ná raibh i dteideal é d'fháil, beidh an té gur ar a údarás a deonadh an céanna beidh sé i mbaol a churtha fé fhor-mhuirear an méid d'íocadh go nea-rialta mar sin.

68. Ní bheidh éinne i dteideal Tairbhe Náisiúnta d'fháil gan bheith ina chomhnuí sa Chontae le dhá mhí dhéag ar a luíod roimh dháta iarratais an chéanna.

69. I gcás costas roinnt na Fóirithine Allamuich do bheith ró-árd, dar leis an gComhairle Chontae i gcomórtas leis an méid Tairbhe Náisiúnta a bheidh á roinnt, déanfidh an Coiste Tairbhe Náisiúnta oifig an Oifigigh Tairbhe Náisiúnta do chur ar ceal agus socrú chun Tairbhe Náisiúnta d'íoc le hOrduithe Iocaíochta. In aon áit ina gcuirfar deire leis an oifig sin, an t-iarrthóir d'iarraidh Tairbhe Náisiúnta. fé mar a dubhradh, ar bhall den Choiste Tairbhe Náisiúnta do ceapadh don áit ina gcomhnuíonn an t-iarrthóir.

Deabha-Chasanna.

70. I ndeabha-chásanna beidh cead ag an Oifigeach Tairbhe Náisiúnta Tairbhe sealadach do thabhairt uaidh, in airgead no in earraí, do réir a thoile, ag brath air go gceadóidh an Coiste Tairbhe Náisiúnta é. I gceanntar ná fuil aon Oifigeach Tairbhe Náisiúnta, Cléireach an Choiste Tairbhe Náisiúnta d'íoc Tairbhe shealadaigh ar mhola o bhall den Choiste Tairbhe Náisiúnta, ball i gcóir an líomatáiste ina gcomhnuíonn an t-iarrthóir.

71. Féadfidh an tOifigeach Tairbhe Náisiúnta, no, san áit ná fuil aon Oifigeach den tsórt san, féadfidh Cléireach an Choiste Tairbhe Náisiúnta no ball den Choiste sin socrú chun riachtanaisí sochraide do sholáthar agus aon íocaíochtaí riachtanacha do dhéanamh i dtaobh socruithe sochraide agus aistriú agus adhlaca cuirp.

72. Ní bheidh teideal chun Tairbhe Náisiúnta ag daoine gur feasach iad do bheith ina ndaoine dubháilceacha.

73. Ag cur leanbhaí ar altranas dóibh, déanfidh Coiste an Teaghlaigh Mheán-suidhte rogha de lucht altroma a chomhnuíonn i gceanntair thuatha, agus ní mór féachaint chuige ná cuirfar leanbhaí ar altranas ach ag daoine galánta agus, más féidir é a shocrú, isé áit ina gcuirfar clann tabhartha ar altranas ná i líomatáistí lasmuich den cheanntar in ar rugadh iad no ina gcomhnuíonn an t-athair no an mháthair no iad araon.

74. Déanfidh Coiste an Teaghlaigh Mheán-suidhte scála aonfhuirmeach de luach saothair do lucht altroma do shocrú, luach saothair a íocfar in aghaidh an mhí le hOrduithe Iocáiochta ag an gCoiste gcéanna. Déanfidh an Coiste, leis, scála aon-fhuirmeach do shocrú maidir le cuid éadaig do sholáthar do leanbhaí ar altranas, agus tabharfid orduithe amach do cheannuithe áitiúla, uair sa leath-bliain, chun an chuid éadaig riachtanach do sholáthar do réir an scála

Ba chóir do gach Coiste Tairbhe Náisiúnta socruithe do dhéanamh chun go gceapfí Coiste de mhná chun maoirseacht do dhéanamh ar na leanbhaí ar altranas agus chun cuid éadaigh oiriúnach do cheannach.

75. Lomhalfaidh lucht altroma do Bhan-chigire fé Roinn an Rialtais Áitiúla no do bhall no do bhaill de Choiste na mBan cuaird do thabhairt ar leanbhaí ar altranas.

MOLTA GENEARALTA.

76. Socrófar i gcóir na nOifigeach go léir fén Scéim seo scála de Thuarastail a méadófar ón bhfigiúir is ísle go dtí an figiúir is aoirde le breiseanna bliantúla socruithe ar son seirbhíse sásúla.

77. Na hOrduithe, na Rialacháin, etc., atá ann fé láthair i dtaobh conus gnó agus bainistí gach Fúndúireachta dá dtagartar anso do dhéanamh, glacfar leo go sealadach ach amháin sa mhéid go n-atharófar leis an Scéim seo iad.

78. Faid a befar ag feitheamh le bunú Seirbhíse Síbhialta Náisiúnta, déanfidh canbhasáil, díreach no nea-dhíreach, lucht a dhéanta do chur fé mhí-cháilíocht maidir le ceapanna.

I gcás na gceapanna go léir, lasmuich de cheapanna Dochtúirí Oifigiúla, Banaltraí Tréineálta agus Aturnae, beidh ar gach iarrthóir 'na mbeadh obair Chléireachais aige le déanamh mar chuid da dhualgaisí beidh air scrúdú tástála do rith. Scrúdathóirí a ceapfar ag Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann do dhéanamh an scrúdú tástála san. Eolas ar Ghaedhilg do bheith riachtanach.

79. Isiad na Comhairlí agus na Coistí a shocróidh ce'ca Oifigigh go mbeidh ortha dul i mbannaí ar a ndualgaisí do chó-líona go cuibhe agus isiad a shocróidh méid na hurraíochta

80. Déarfar i ngach Fuirm Thairisgeana gur Déantús Éireannach a bheidh i ngach earra a tairgfar a sholáthar, sé sin, más féidir é d'fháil ar fhiacha réasúnta, agus beidh ainm an déantóra sa bhFuirm.

81. Féadfar banaltraí in Ospidéil Cheanntair agus Fhiabhrais, lasmuich den Mhátrún, féadfar iad d'aistriú go sealadach go hOspidéil eile seachas na cinn ina mbíd i bhfostaíocht do ghnáth. É sin do bheith ina choiníoll de choiníollacha a bhfostuíochta.

82. Ina Mhuirear ar an gContae Iomlán a bheidh gach caithteachas fén Scéim seo, lasmuich de Thairbhe Náisiúnta, rud a bheidh ina Mhuirear ar Cheanntair.

83. Chun crícheanna an Tairbhe Náisiúnta áireófar Bailecheanntair Bhun Dobhráin, Leitir Ceanainn agus Bhun Crannaighe mar choda de Thuath-cheanntair Bhéal Atha Seanaigh Leitir Ceanainn agus Inis Eoghain fé seach.

84. I gcás cuideanna de dhá Chontae no breis do bheith in aontas go dtí so, Iniúchóir le Roinn an Rialtais Áitiúla d'atharú na gcuntaisí uile dá réir. Maidir leis sin, ba chóir éilithe do dhéanamh mar gheall ar an gcion de luach caipitalach gach foirgnimh gur Mhuirear ar Aontas an caithteachas do bhain leis.

85. Ba chóir caoi do thabhairt d'Oifigigh Slaíntíochta atá ann fé láthair ar ghabháil tré chúrsa teagaisc ar shláintíocht agus ar shláinteolas. Nuair a bheidh daoine le ceapa chun an ionaid seo, ba chóir a bheith ar gach iarrthóir scrúdú tástála sna nithe sin do rith

86. Féadfar ath-chóiriú do dhéanamh ar theoranna Ceanntracha Íclainne atá ann anois agus, más gá é, ceartú do dhéanamh ar Cheanntracha Íclainne atá le hais a chéile. I gcásanna den tsórt san ba chóir mapaí d'ullamhú a thespeánfaidh na Ceanntracha Íclainne. I gcás líomatáiste atá lasmuich de Thír Chonaill do bheith i gCeanntar Íclainne, is do réir “líomatáiste agus daoiniúlacht” a áireófar an cion a bheidh len'íoc ag an údarás a bheidh freagarthach sa chuid de Thír Chonaill atá sa Cheanntar Íclainne sin. Gach abhar imreasáin do chur fé bhráid Roinn an Rialtais Áitiúla. Ní bheidh dul thar breith na Roinne ina thaobh.

87. Fé mar a thiocfaidh folúntaisí cuirfar in ionad na mBanaltraí Maithreachais Ceanntair atá ann fé láthair Banaltraí Tréineálta a bheidh rithte ina mBanaltraí Máithreachais agus Eitinne, agus tabharfa siad-san cúnamh banaltrais do gach éinne a bheidh ina theideal, chó maith le teagasc ar shláinteolas agus ar conas bia do chócaireacht do dhaoine breoite. I líomatáistí i bhfad o Ospideul Ceanntair féadfaidh an Coiste Tairbhe Náisiúnta más dó leo gur maith an rud le déanamh é, Banaltraí Thréineálta a tréineáladh i gcúrsaí Máithreachais agus Eitinne do cheapa i dteannta na Banaltra Iclainne a bheidh ann no, in' ionad san, féadfaid cabhrú chun aon Bhanaltra Thréineálta sa Cheanntar do chimeád suas, Banaltra a cimeádtar suas le bronntanaisí féile no ar aon tslí eile. Féadfar ath-shocrú a dhéanamh ar theoranta na líomatáistí dá bhfónaid na Banaltraí atá ann fé láthair agus, i ngach áit in ar gá é, an méid líomatáistí agus Banaltraí do mhéadú no do luíodú.

88. Tar éis Fúndúireacht do bheith dúnta, a chur ar Mháistir an Tighe Oibre bheith freagarthach go pearsanta i ngach stoc agus maoin faid a bheidh an Fhúndúireacht á folamhú.

89. Caoí ar ghabháil tré chúrsa tréineálta i mBanaltras Fiabhrais, Maithreachais no Eitinne do thabhairt do Bhanaltraí rithte atá ann fé láthair agus a cimeádfar i seirbhís.

90. Glacfidh Coiste an Teaghlaigh Mheán-suidhte agus Coiste na nOspideul Fiabhrais, Contae agus Ceanntair le slí shimplí aon-fhuirmeach chun cuntaisí do chiméad.

91. Fé cheadú ón gComhairle Chontae agus Dháil Eíreann isea dhéanfid cóluchtaí lena mbaineann an Scéim seo gach caithteachas caipitalach agus gach caitheamh airgid is mian leo a dhéanamh maidir le feabh suithe buana.

92. “Scéim Thír Chonaill chun Deire do chur le Tithe Oibre agus Ospidéil d'athghléasa” do bheith mar ainm ar an Scéim seo, agus é do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Abrán, 1922, no roimhe sin.

SCEIM CHONTAE PHORTLAIRGE.

An Scéim seo chun Co-nasctha Tithe Oibre Chontae Phortlairge do bhaint le Cathair Phortlairge, a luíonn laistigh den Chontae.

An Data A Ceapfar.

Deire do chur le gach Tigh Oibre laistigh den Chontae, mar Thigh Oibre, o dháta a cheapfaidh Bórd Sláinte na Contae (feic co-dhéanamh an Bhúird níos sia síos).

Ceapanna ar Ceal

Gach Ceapa Oifigiúl do dineadh i gcóir Tighe Oibre do bheith ar ceal ar an dáta san agus scála d'Aois-liúntaisí do bheith socair ag na Búird chaomhnóirí fé seach roimhe sin (feic “Bása na nAois-liúntaisí” níos sia síos).

Feadfar Sean-Oifigigh d'Fhostu Fen Sceim Nua.

Oifigigh a bhaineann leis na Tithe Oibre fé láthair do bheith ionfhostuithe fén Scéim nua, agus cuirfar chun creidiúna do pé méid díobh a fostófar amhlaidh na blianta seirbhíse atá tabhartha cheana acu má bítear agus nuair befar ag socrú i dtaobh Aois-liúntas dóibh níos déanaí.

Deire Le Liomataiste Riarachain an Aontais.

Deire do bheith leis an Aontas mar Líomatáiste Riaracháin ó dháta a cheapfidh Bord Sláinte na Contae, agus na Búird Chaomhnóirí atá ann fé láthair d'eirghe as bheith ag riara Dlí na mBocht ón dáta san.

Teaghlach Contae.

Teaghlach Contae do bhunú i nDún Garbhán do (a) shíor-bhreoiteacháin; (b) seandaoine agus daoine fann-laga; (c) máithreacha nea-phósta; (d) mná nea-phósta ag iompar cloinne; (e) leanbhaí nách féidir a chur ar altranas; (f) daoine sláintiúla nea-dhíobhálacha atá gan meabhair; agus (g) taomghalaraigh sláintiúla.

Ospideul Tigini.

Ospideul Tigíní do chur leis an dTeaghlach i nDún Garbhán agus áiteanna fé leith ann do lucht fiabhrais, do Thuath-cheanntar agus Bailecheanntar Dhún Garbhán agus do Thuath-cheanntair Leasa Mhóir agus Eochaille Uimh. 2.

Ospideul Contae.

Ospideul Contae do bhunú i bPortláirge agus an bloc tosaigh no cuid oiriúnach eile d'fhoirgintí Aontais Phortláirge do chur chun na húsáide sin do Chomhairlí Tuath-cheanntair Chluain Meala Uimh. 2, Charraig na Siuire Uimh. 2, Chill Mhic Thomáisín agus Phortláirge, Uimh. 1, agus do Bhuirg Phortlairge.

Ospideul Fiabhrais Phortlairge.

An tOspideul Fiabhrais i bPortláirge do chimeád mar Ospideul Fiabhrais, agus cuid d'fhúndúireacht Dhún Garbhán d'úsáid mar Ospideul Fiabhrais, más gá é.

Iostuithe Do Chur Amach Ar Loistin.

Chó luath agus bheidh an Scéim Chó-naisc molta ag Dáil Éireann, na Búird Chaomhnóirí atá ann fé láthair do chroma láithreach ar gach iostuí do chur amach ar lóistín más féidir lóistín oiriúnach do sholáthar do agus, más féidir é, ag á mhuintir féin. Maran féidir aon tsaghas eile áitribh do sholáthar do níor mhiste é do chur i bhfúndúireacht shaothair no i bhfúndúireacht eile ar théarmaí réasúnta.

Basa Na nAois-Liuntaisi.

Na Búird Chaomhnóirí do thabhairt aghaidh gan mhoill ar Scála d'Aois-liúntaisí do dhéanamh amach d'Oifigigh atá i bhfostuíocht fé Dhlí na mBocht acu agus atá i dteideal chun an chéanna; an Scála san do chur fé bhráid Dháil Éireann chun a cheaduithe; agus na Caomhnóirí do bheith ag brostú na Scéime seo ar aghaidh ar shlite eile sa mhéid gur féidir é, go dtí go scuirfid de bheith ag féidhmiú. Sé bása gurdá réir a âireofar an tAois-liúntas ná an bása atá leagtha amach in Alt 8 den Acht um Rialtas Áitiúla, 1919, fé mar a léirigh agus a mhéaduigh Dáil Éireann é in Imlitreacha 52, 53 agus 55 do cuireadh ag triall ar Chóluchtaí Puiblí.

Iostuithe Infheadhma do Chur Chun Siuil.

Na Búird Chaomhnóirí atá ann fé láthair do chur gach iostuí infheadhma amach as an Tithe Oibre an lá ceaptha.

Iostuithe d'Aistriu.

Iostuithe eile nách féidir a chur amach ar lóistín, iad d'aistriú chun a gcontaethe féin, chun an Teaghlaigh Chontae agus chun an Ospidéil Chontae ar chostas na gCaomhnóirí.

Bord Sláinte Contae do cheapa.

Bord Sláinte Contae do cheapa chun gnóthaí an Teaghlaigh Chontae agus an Ospidéil Chontae do bhainistí agus do riara agus chun na ceapanna fuirinne riachtanacha do dhéanamh agus chun ceapanna eile do dhéanamh fé mar a bheidh riachtanach.

Co-Dheanamh An Bhuird.

Ballra Bhórd Sláinte na Contae do bheith có-dhéanta mar leanas:—

15 Baill a ceapfar ag an gComhairle Chontae agus beirt bhan ar a luíod ortha san.

7 mBhaill a ceapfar ag Bárdas Phortláirge agus beirt bhan ar a luíod ortha san.

Comhairle Tuath-cheanntair Dhún Garbhán—2.

Comhairle Thuath-cheanntair Leasa Mhóir—2.

Comhairle Thuath-cheanntair Phortláirge—2.

Comhairle Bhaile-cheanntair Dhún Garbhán—1.

Tuath-cheanntar Charraig na Siúire Uimh. 2—1.

Tuath-cheanntar Chluain Meala—1.

Tuath-cheanntar Chill Mhic Thomáisín—1.

Tuath-cheanntair Eochaille, Uimh. 2—1.

33 Baill ar fad.

Isé saghas daoine a cheapfidh an Chomhairle Chontae agus Bárdas Phortláirge chun bheith ina mBaill de Bhórd Sláinte na Contae ná ionaduithe puiblí atá freagarthach ar shlí chinnte do lucht na rátaí d'íoc.

Tearma Oifige.

Baill Bhórd Sláinte na Contae do bheith i seilbh oifige ar feadh téarma oifige na gcóluchtaí fé seach a cheapfidh iad.

Quorum.

Bórd Sláinte na Contae do bheith co-dhéanta de 33 baill ar fad, gan baillchó-thofa d'áireamh, agus 7 mbaill mar quorum.

Co-Thogha.

A bheith de chomhacht ag Bórd Sláinte na Contae 3 baill sa bhreis no níos lú ná san do chó-thogha.

Foluntaisi Ar Bhord Slainte Na Contae.

Aon uair a bheidh aon ionad ar Bhórd Sláinte na Contae folamh, an Cólucht Puiblí do chéad-cheap duine chun an ionaid sin do líona an ionaid sin ar an gcuma 'nur dhineadar é an chéad uair.

Dha Ait I gCoir Cruinnithe.

Bórd Sláinte na Contae do chomóra gach re gcruinniu i bPortláirge agus i nDún Garbhán fé seach.

An Chead Chruinniu.

An Chéad Chruinniú de Bhórd Sláinte na Contae do chomóra chó luath agus bheidh sé caothúil tar éis an Scéim do bheith daingnithe.

An La Ceaptha Do Shocru.

Breithniú agus, más féidir é, socrú ar an gcruinniú san ar cadé an lá ba chóir Tithe Oibre na Contae do dhúna mar Thithe Oibre.

Tuairisci Raithiula.

Bórd Sláinte na Contae do thabhairt Tuairiscí Ráithiúla do Chomhairle Chontae Phortlairge agus do Bhárdas Phortláirge i bhfuirm a leagfar amach ag an mBórd.

An Otharlann.

Aon uair is dó leo gur rud oiriúnach le déanamh é, Bórd Sláinte na Contae do labhairt le Bórd na hOtharlainne Contae agus Cathrach, Portláirge, d'fhonn socrú chun oibre do dhéanamh a bheidh tairbheach dóibh araon.

Gan aon tsocrú den tsórt san do chur i ngníomh go dtí go mbeidh sé ceaduithe ag Dáil Éireann.

Deire Le Foirithin Allamuich.

Deire do chur le gach Fóirithin Allamuich; mar Fhóirithin Allamuich, ón lá ceaptha, ach tar éis gach cás fé leith do lán-scrúda, féadfar a cothrom no a samhail de “Chabhair Theinteáin” do thabhairt do lucht gátair tar éis an dáta san.

Cabhair Theinteain Do Roinnt.

Fén bplean nua (bplean ná beidh aon Oifigigh Fóirthine ag baint leis), iarrataisí ar “Chabhair Theinteáin” do dhéanamh ar fhuirmeacha speisialta agus Comhairleoir Contae no saghas éigin eile Comhairleora a chomhnuíonn sa chomhursnacht do dheimhniú bona fides an iarrthóra Tar éis do sna hiarrataisí sin teacht fé bhráid Chomhairle Cheanntair no Chomhairle éigin eile, no fé bhráid Choiste Speisialta do ceapadh chuige sin ag an gComhairle Cheanntair no an Chomhairle eile sin, iad do chur ag triall ar Bhórd Sláinte na Contae maraon le pé molta a dineadh ina dtaobh.

Orduithe Iocaiochta.

Tar éis a údaruithe sin, “Cabhair Theinteáin” d'íoc le hOrduithe Iocaíochta a cuirfar chun siúil tríd an bpost no ar aon tslí eile a gheobhfar a bheith níos sábhálta agus níos caothúla.

Coisti Speisialta.

Na Baill a toghfar ag na Cóluchtaí Puiblí chun gníomhú ar Bhórd Sláinte na Contae do cheapa chun na gCoistí Áitiúla Speisialta, coiste a ghníomhóidh i dteanta Bhord Sláinte na Contae agus a dheighleálfaidh le hiarrataisí ar “Chabhair Theinteáin” agus a thabharfaidh aire do gach ní eile lena ndeighleáladh na Búird Chaomhnóirí agus ná fuil aon tsocrú eile ina chóir sa Scéim seo.

Comhacht Chun Molta Amhain Do Dheanamh.

Gan a bheith ag na Coistí Speisialta ach Comhachta chun Molta do dhéanamh; iad do bheith fé smacht Bhórd Sláinte na Contae, agus féadfar iad do chur ar ceal tré fhógra míosa dá gCléireach ón gcólucht san.

Fuirmeacha Deabha-Chabhra.

Roinnt “Fuirmeacha Deabha-chabhra” do thabhairt i gcóir deabhachásanna do Chléireach gach Cóluchta Phuiblí 'na mbeidh ionaduithe acu ar Bhórd Sláinte na Contae, agus féadfaidh aon bhall d'aon Chólucht den tsórt san na fuirmeacha san d'fháil ón gCléireach agus iad d'úsáid i ndeabhachásanna fé mar a bheidh gá leis. Tá na fuirmeacha san le húsaid, leis, i gcásanna lena ndeighleáladh Oifigeach Fóirithine roimhe seo más gá socrú i gcóir sochraide no chun comhra do sholáthar. Fé mar a déanfar i gcás iarratas ar Chabhair Theinteáin, gach cás i gcóir “Deabha-chabhra” do thabhairt fé bhráid an chéad chruinniú eile den Choiste Speisialta sa líomatáiste lena mbaineann sé agus sa bhfuirm cheaptha.

Stoc I dTithe Oibre.

Maoin-áireamach do cheapa chó luath agus is féidir é chun luacháil do dhéanamh ar na hearraí a tógfar as na Tithe Oibre chun an Teaghlach Contae agus an tOspideul Contae do ghléasa. Luach gach earra do chur chun creidiúna don Aontas as a dtógfar í agus Bórd Sláinte na Contae do dhíol aon stuic ná teastóidh agus san ar an gcuma is fearr dar leo agus sochar an díolacháin sin d'íoc pro tem chun creidiúna don Chomhairle Chontae agus é do bheith i gcuntas fé leith acu go dtí go roinnfear é Bórd Sláinte na Contae d'íoc táille an Mhaoin-áireamhaigh.

Maoin Indiolta d'aistriu

Leas Indíolta gach saghas Maoine atá ag na Búird Chaomhnóirí ar fuaid na Contae fé láthair d'aistriú, má bhíonn a leithéid ann, go dtí Bórd Sláinte na Contae chun é d'úsáid no do dhíol do réir na hócáide, fé cheadú ó Dháil Éireann. Sochar an díolacháin d'íoc pro tem chun creidiúna don Chomhairle Chontae agus é do bheith i gcuntas fé leith go dtí go roinnfear é

Rata Aon-Mheide Don Chontae Agus Don Chathair

Ón lá ceaptha amach, gach costas, muirear agus caitheamh lasmuich díobh san a muirearáltar go sonnrách sa scéim seo (i.e., costaisí iostuithe, etc., d'aistriú) d'íoc as Ráta Aon-mhéide ar Luacháil Chontae agus Chathair Phortláirge, ráta a buailfar agus a baileofar mar a buailtear agus a bailítear rátaí eile do ghnáth laistigh den Chontae agus den Chathair.

Airgeadas Genearalta.

An Chomhairle Chontae agus Comhairle Bhuirge Chathair Phortláirge do sholáthar an airgid riachtanaigh do Bhórd Sláinte na Contae chun an Teaghlach Contae agus an tOspideul Contae do riara, sé sin, ar mheastachán agus éileamh bliantúil ar an gComhairle Chontae agus ar an gComhairle Bhuirge ó Bhórd Sláinte na Contae, meastachán agus éileamh a bheidh do réir Luachálana fé seach na líomatáistí riaracháin atá fén dá chólucht san, agus déanfar an nós imeachta a foráltar le hAirtiogal 45 den Ordú um Chuntaisí Aontais, 1905, do chur in oiriúint don ghnó san.

Airgeadas Na Bliana So.

I gcóir na bliana airgid atá ann fé láthair agus ar éileamh ó Bhórd Sláinte na Contae agus ó am go ham fé mar a theastóidh, an Chomhairle Chontae agus an Chomhairle Bhuirge do roimh-íoc pé suimeanna is leor i gcóir riachtanaisí an Teaghlaigh Nua agus an Ospidéil Nua agus, más gá é, an Chomhairle Chontae agus an Chomhairle Bhuirge d'fháil iasachta ó Dháil Éireann i dtreo go bhféadfaid na roimh-íocanna san do dhéanamh.

Iniuchoireacht.

Iniúchóir a ceapfar ag Dáil Éireann d'iniúcha Cuntaisí Bhórd Sláinte na Contae uair sa leath-bhliain agus na hachtacháin agus na rialacháin iniúchóireachta atá ann fé láthair do chur in oiriúint dá réir sin.

Sochar Oifige.

An sochar a gheibheann aon oifigeach as obair chúiteamhach do thóg sé air féin dá dheoin féin agus ná beadh teideal aige chuige de bhua a phríomh-oifige fé Dhlí na mBocht, gan é d'aireamh mar shochar oifige chun crícheanna pinsin.

Aisci.

Más maith leis an gComhairle Chontae agus leis an gComhairle Bhuirge é, íoc aiscí le hoifigigh is lú seirbhís ná 10 mbliana do roinnt ar théarma chúig mblian, abair, agus an t-íoc do dhéanamh go ráithiúil.

Fogra I dTaobh cur Oifige ar ceal.

Nuair a bheidh an Scéim seo ceaduithe ag Dáil Éireann agus an lá ceaptha socair, na Búird Chaomhnóirí do thabhairt an fhógra riachtanaigh i dtaobh deire chur len' oifig (a bheidh ar ceal an lá ceaptha) do gach oifigeach lena mbainfidh agus iad do rith rúin chun aois-liúntas do réir an bhása adubhradh thuas do dheona do gach oifigeach 'na mbeidh teideal aige chuige.

Teora le Fiachas.

Oifigigh 'na gcuirfar deire a n-oifigí fén Scéim seo, gan aon éileamh do bheith acu mar gheall ar chailliúint oifige thar mar a foráltar sna rúin seo.

SCEIM CHONTAE NA HIARMHIDHE.

1. Deire do chur le gach Tigh Oibre sa Chontae mar Thigh Oibre.

2. An Tigh Oibre sa Mhuileann Cearr d'iompáil ina Theaghlach Contae d'iostuithe nea-mbreoite na Contae. An tOspideul a ghabhann leis d'úsáid i gcóir daoine breoite agus i gcoir cásanna tionóisce ón gceanntar gurb é Tuath-cheanntar an Mhuilinn Chearr fé láthair é.

3. Corp Tighe Oibre Ath Luain do dhúna agus an tOspideul do chimeád i gcóir daoine breoite ó Bhaile-cheanntar Athluain agus ó sna ceanntair sin gurb iad Tuath-cheanntair Ath Luain Uimh. 1 agus an Bhaile Mhóir anois iad.

4. Tigh Oibre Dhealbhna Móire do dhúna ar fad

5. “Teaghlach Contae na hIarmhidhe” do ghairm den Teaghlach Contae sa Mhuileann Cearr agus é do bheith á rialú ag Coiste sé bhall déag 'na gceapfar a leath ag an gComhairle Chontae agus an leath eile ag Comhairle Thuath-cheanntair Ath Luain, Comhairlí Baile-cheanntair Ath Luain, Dhealbhna Móire agus an Mhuilinn Cearr, sé sin, beirt o gach Comhairle Cheanntair díobh.

6. Aon cheanntar amháin do dhéanamh de Thuath-cheanntar na Cúile agus de Thuath-cheanntar Dhealbhna Móire.

7. Aon cheanntar amháin do dhéanamh de Thuath-cheanntar an Bhaile Mhóir agus de Thuath-cheanntar Ath Luain, Uimh. 1.

8. Ospideul Ath Luain do bheith fé bhainistí Choiste ar a mbeidh ionaduithe leis an gComhairle Chontae agus Comhairlí na dTuath-cheanntar agus na mBaile-cheanntar dá mbeidh an tOspideul san ag fónamh.

9. Costaisí Choiste Ospidéal Ath Luain do bheith do réir bása luachála mar atá go dtí so.

10. Costaisí Choiste Teaghlaigh Chontae na hIarmhidhe do bheith ina muirear ar an gContae Iomlán maidir le muirir riaracháin agus teaghlachais, agus iad do bheith ina Muirear Ceanntair per capita maidir le muirir ar a dtugtar Muirir Chiméad Suas Laistigh agus Chuid Eadaigh, ach féadfaidh an Chomhairle Chontae agus na Comhairlí Ceanntair socrú ar ráta aon-mhéide ar bása na luachála suas go dtí ráta púntá i ste áirithe i gcóir na muirear go léir.

11. An Chomhairle Chontae do thabhairt airgid do gach Coiste fé leith per a Meastacháin agus a nEilithe féin, Meastacháin agus Eilithe a ullamhófar tar éis dul i gcomhairle leis na Cléirigh Aontais, agus Meastacháin agus Eilithe na nAontaisí do luíodú dá réir sin i gcóir na bliana airgid reatha.

12. Gan Aontaisí ná Caomhnóirí fé Dhlí na mBocht do bheith ann feasta chun críche ar bith.

13. Gnó an Bhúird Chaomhnóirí d'aistriú chun Coiste Bainistí an Teaghlaigh Chontae agus Ospidéil sa mhéid go mbaineann sé le fóirithin fhúndúireachta do dhéanamh ar Ath Luain fé seach bhreoiteacháin agus ar bhochta na Contae.

14. An chuid eile de ghnó na mBórd gCaomhnóirí, lasmuich de chabhair theinteáin, d'aistriú chun na gComhairlí Ceanntair.

15. An chuid eile de ghnó Bhórd Caomhnóirí Ath Luain, an chuid a bhaineann le Contae Roscomáin, d'aistriú chun Comhairle Cheanntair Ath Luain, Uimh. 2.

16. An chuid eile de ghnó Bhórdanna Caomhnóirí Ath Luain agus Bhaile Mathúna, an chuid a bhaineann le Contae na hIarmhidhe, d'aistriú chun Có-choiste a ceapfar ag Comhairle Bhaile-cheanntair Ath Luain (agus an Baile Mór maraon leis) as a gcóluchtaí féin fé seach. Ioc costaisí an Chóchoiste do bheith ar na Comhairlí Ceanntair sin do réir bása luachála mar atá go dtí so.

17. An chuid eile de ghnó Bhórd Caomhnóirí Dhealbhna Móire agus de ghnó Bhórd Caomhnóirí Ghránáird, an chuid a bhaineann le Contae na nIarmhidhe, d'aistriú chun Comhairle Thuath-cheanntair Dhealbhna Móire (maraon le Comhairle Thuath-cheanntair na Cúile).

18. An chuid eile de ghnó Bhórd Chaomhnóirí an Mhuilinn Chearr d'aistriú chun Comhairle Thuath-cheanntair an Mhuilinn Chearr.

19. An Bronntas Rialtais a tugtar do Chontae Roscomáin in ionad rátaí ar Bheairic Ath Luain d'íoc le Contae na hIarmhidhe feasta. Gan Contae Roscomáin do bheith feasta fé fhiachas costaisí a bheidh ar Chontae na hIarmidhe i dtaobh Tighe Chúirte Ath Luain.

20. Aon othair a leigfear isteach in Ospideul Ath Luain mar dheabhachásanna ón gcuid sin de Chontae Roscomáin atá comhngarach do Bhaile Ath Luain, Coiste Teaghlaigh agus Ospidéil Chontae Roscomáin d'íoc asta do réir bása per capita, no do réir ráta áirithe an duine má socruítear san leo.

21. Deire do chur leis an slí ina roinntear fóirithin allamuich, agus na hOifigigh Fóirithine do chur ar aois-liúntas no cúiteamh do dhéanamh leo i gcailliúint a n-oifige.

22. Co-oibreoidh na Comhairlí Ceanntair le baill d'fhó-choiste de Choiste an Teaghlaigh agus na nOspideul gContae i maoirseacht agus i seiceáil roinnt na Cabhra Teinteáin.

23. An téarma Cabhair Theinteáin do chur in ionad Fóirithin Allamuich.

24. Rúnaí Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul gContae do dhéanamh na n-íocaíochta a bhaineann le Cabhair Theinteáin. Gach fiachas a bheidh ar Ospideul Ceanntair Ath Luain d'íoc ar an gcuma gcéanna.

25. Roinnt na Cabhra Teinteáin do dhéanamh feasta le hOrduithe Iocaíochta. Iarratas ar liúntas sealadach do dhéanamh ar fhuirmeacha speisialta. Ní foláir Comhairleoir an Cheanntair do dhéanamh deimhniú i scríbhinn ar bona fides an iarrthóra. Tar éis don Choiste Ceanntair deighleáil leis na hiarrataisí seo cuirfear iad ag triall ar Choiste an Teaghlaigh agus na nOspideul maraon leis na molta. I ngach cás gur gá é leabhar d'Orduithe Iocaíochta i gcóir tréimhse do chur ag triall ar an iarrthóir Cuirfear ar gach Ordú an dáta ar a mbeidh íocaíocht le fáil.

26. Tabharfar Fuirmeacha Deabha-chabhra do gach Comhairleoir Baile-cheanntair agus do gach Comhairleoir Tuath-cheanntair i gcóir deabha-chásanna. Na fuirmeacha san d'úsáid i gcásanna in ar gá socrú chun duine d'adhlaca no comhra do sholáthar. Gach deabha-chás lena ndeighleálfar do thabhairt fé bhráid an chéad chruinniú eile den Choiste Cheanntair sa líomatáiste lena mbaineann agus sa bhfuirm cheaptha.

27. Cabhróidh Comhairle Cheanntair Ath Luain Uimh. 1 cho maith céanna maidir le deighleáil le connartha deisiúcháin agus connartha chun abhar agus lón do sholáthar. Aon ordú agus gach ordú a dhéanfaidh Fó-choiste agus Comhairle Cheanntair den tsórt san pe'ca chun abhar no lón do sholáthar é no chun deisiúchán do dhéanamh no chun Cabhair Theinteáin do thabhairt, ní foláir Coiste an Teaghlaigh agus an Ospidéil Chontae do dhéanamh deimhniú air.

28. Coiste an Ospidéil agus an Teaghlaigh do dhéanamh na n-éilithe a dhineadh na Búird Chaomhnóirí roimhe seo agus gheobhaibh an Coiste sin airgead díreach ón gComhairle Chontae.

29. Leanbhaí atá i dTithe Oibre fé láthair do chur ar altranas no do chur chun Scoileanna Saothair. Coiste an Teaghlaigh do shocrú an méid a íocfar as an altranas no as an ní eile sin.

30. Tosnóidh Cléirigh na gComhairlí Ceanntair láithreach ar chuntaisí Aontaisí 'na gcuirfear deire leo do chur i dtreo ón dáta ar a n-aistreofar na hiostaithe agus na hothair do chur chun an Teaghlaigh agus an Ospidéil Chontae.

31. Oifigigh fé Ordú na dTithe Bainne agus mBó-thithe do chur chun siúil,

32. Beirt chigirí do cheapa a bheidh freagarthach i maoirseacht do dhéanamh maidir le roinnt na Cabhra Teinteáin agus dualgaisí an Fhó-oifigigh Shláintíochta agus Chigirena dTithe Bainne agus na mBóthithe. Beidh ortha, leis, cigireacht do dhéanamh ar leanbhái altranais sa chontae.

33. Coiste an Teaghlaigh agus na nOspideul do cheapa uair sa trí bliana tar éis gach toghacháin.

34. Tiocfaidh an Scéim i ngníomh an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1921.

35. Fé mhola ón gComhairle Chontae agus, ina dhiaidh sin, fé cheadú ón Aireacht um Rialtas Áitiúil, na cóluchtaí lena mbainfe sé do shocrú aon ruda no ní a eireoidh fén Scéim seo agus ná fuil aon tsocrú déanta ina chóir anso.

SCEIM CHONTAE LOCH GARMAN.

1. Deire do chur leis na cheithre Tithe Oibre generálta atá sa Chontae.

2. Na fúndúireachtaí seo leanas do bhunú:—

(a) Teaghlach Contae in Inis Cortha do sheandaoine agus daoine bochta laga gan áitreabh (nách féidir a chur amach ar lóistín le “Cabhair Theinteáin”), do shíorbhreoiteacháin, do mhná (nea-phósta) ag iompar cloinne agus do dhaoine gan meabhair agus do thaomghalaraigh; agus do leanbhaí nách féidir a chur ar altranas.

(b) Ospideul Contae i Loch Garman do chásanna chun leighis agus cásanna chun máinliaghais.

(c) Ospideul Fiabhrais Contae i Loch Garman i gcóir aicidí tógálacha agus chun crícheanna faireacháin.

(d) Ospideul Ceanntair i nGuaire do dheabha-chásanna chun leighis agus chun máinliaghais ó Cheanntar Ghuaire.

(e) Ospideul Ceanntair i Ros Mhic Treoin do dheabhachásanna chun leighis agus chun máinliaghais ó Cheanntar Ros Mhic Treoin.

(f) Annexus, ina mbeidh slí do 12 othar agus a tógfar i gceanngal leis an Ospideul Ceanntair i nGuaire, i gcóir lucht fiabhrais ó Cheanntar Ghuaire, agus go dtí go dtógfar é slí do thabhairt do sna hothair sin in aireagal in Otharlainn an Tighe Oibre.

3. Na foirgint sin in Inis Cortha agus i Loch Garman a húsáidtear mar Thithe Oibre fé láthair agus na hOspidéil Fhiabhrais i nGuaire, Ros Mhic Treoin agus Loch Garman, d'úsáid chun crícheanna na Scéime.

4. Údarás, dá ngairmfear Bórd Contae na Sláinte Puiblí agus a bheidh có-dhéanta de 30 mbaill, do bhunú chun na comhachtanna so leanas d'fheidhmiú:—

(a) Comhachtanna bainistí agus smachta an Teaghlaigh agus na nOspideul gContae, agus an Ospidéil Mheabharghalar in Inis Cortha (An tOspideul Meabhar-ghalar do bheith á bhainistí ag an gCoiste atá ann fé láthair ach iad do bheith fé mhaoirseacht ghenerálta Bhord na Sláinte Puiblí agus iad do leaga a meastacháin agus a dtuairisce bliantúla fé bhráid an Bhúird sin).

(b) Comhachtanna agus feidhmeanna na mBord gCaomhnóirí atá ann fé láthair.

(c) Aon chomhachtanna agus feidhmeanna a thabharfaidh an Chomhairle Chontae dhóibh.

(d) Có-dhéanamh an chéad Bhúird do bheith mar leanas:—

8 gComhairleoirí Contae.

4 Cathaoirligh Comhairlí Tuath-cheanntair.

4 Ionaduithe do Bhúird Chaomhnóirí.

2 Ionadaí do Bhárdas Loch Garman (an té a bheidh ina Mhéara ar Loch Garman de thurus na huaire do bheith ar dhuine acu).

2 Ionadaí do bhailte Inis Cortha agus Ros Mhic Treoin.

1 Ionadaí amháin do Choimisinéirí Baile Ghuaire.

4 daoine a ainmneofar ag an gComhairle Chontae.

3 Ionadaithe do Choiste Arachais na Contae.

2 Ionadaí do Chumann Leighis na Contae.

(1.) I gcóir gnáth-riarachán Bhord na Sláinte Puiblí, is leor seacht mbaill mar quorum.

(2.) Féadfaidh Bord na Sláinte aon chuid dá bhfeidhmeanna d'fheidhmiú tré fhó-choistí a ceapfar, agus féadfaid fó-choiste do cheapa chun aon fheidhm speisialta d'fheidhmiú. Beidh an fó-choiste sin fé réir Bhord na Sláinte Puiblí ar an gcuma gcéanna 'na mbeidh Bórd na Sláinte Puiblí fé réir na Comhairle Contae.

5. Mar seo a leanas isea a bheidh líomatáistí fé mhuirear costaisí féna raghfar mar gheall ar na fúndúireachtaí a bunófar fén Scéim:—

Muirir riaracháin i gcóir an Teaghlaigh Chontae, an Ospidéil Chontae agus na nOspideul gCeanntair i Ros Mhic Treoin agus i nGuaire do bheith ina muirir ar an gContae Iomlán agus cimeád suas na n-othar san Ospideul Contae sa Teaghlach Contae, agus sna hOspidéil Cheanntair do bheith ionmhuirir ar gach Tuath-cheanntar fé leith, do réir an méid othar.

Mar seo a leigfear daoine isteach sna fúndúireachtaí nua:—

Isteach san Ospideul Contae.

(a) Ar ordú chun Leigint-isteach agus é sighnithe ag Dochtúir.

(b) Beidh comhacht ag baill de Bhórd na Sláinte Puiblí chun ordú do thabhairt d'aon duine bocht á ordú go scrúdófar é ag aon duine áirithe de sna Dochtúirí Oifigiúla.

Isteach sa Teaghlach Contae.

Leigfear duine isteach ar ordú fé láimh aon bhaill de Bhórd na Sláinte Puiblí no d'Fhó-choiste, no fé láimh aon duine na mbeidh údarás aige chuige sin o Bhord na Sláinte Puiblí, agus fé láimh dhuine den chléir ina theannta san.

SCEIM CHONTAE CHILL MHANNTAIN.

1. Contae Chill Mhanntáin do bheith in aontán maidir le có-líona na ndualgaisí atá á gcó-líona go dtí so ag Búird Chaomhnóirí agus lena samhail eile sin de sheirbhísí sa Chontae, rudaí a có-ordófar fé aon Údarás amháin agus a bheidh dá riara aige thar ceann na Comhairle Contae, údarás dá ngairmfear Bórd Sláinte na Contae. Imeachta uile Bhórd Sláinte na Contae do bheith fé réir Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann.

2. Bórd Sláinte na Contae do bheith có-dhéanta de fiche ball, eadhon, éinne déag den Chomhairle Chontae a ceapfar ag an gComhairle Chontae; seachtar Comhairleoirí Ceanntair 'na ndéanfaidh gach ceann fé leith de cheithre Comhairlí Tuath-cheanntair agus de thrí Comhairlí Baile-cheanntair na Contae duine fé leith díobh do cheapa; ionadaí a ceapfar ag Coiste Arachais na Contae; agus iondaí a ceapfar ag Cumann Leighis na Contae.

3. Cúigear do dhéanamh quorum do chruinnithe Bhórd Sláinte na Contae.

4. Gan na Comhairleoirí Contae agus Ceanntair a ceapfar chun Bórd Sláinte na Contae do bheith ina mbaill den Bhórd ach cho fada agus bheidh teideal acu chuige mar Chomhairleoirí den tsórt san i gcaitheamh téarma oifige na Comhairle do cheap iad, agus suas go dtí dáta an chéad Chruinniú Bliantúil den Chomhairle sin. Fanfaidh an bheirt bhall eile ina mbaill go ceann pé tréimhse, nách sia ná trí bliana, a shocróidh Coiste Arachais na Contae agus Cumann Leighis na Contae, fé seach.

5. Na Comhairlí Contae atá ann fé láthair agus na cóluchtaí eile sin thuas do cheapa na mball i gcóir an chéad Bhúird Shláinte Chontae ar an gcéad chruinniú a bheidh ag gach ceann fé leith acu tar éis é do bheith fógartha dhóibh go bhfuil glactha leis an Scéim agus go bhfuil sí ceaduithe mar an uair dheireannach ag Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann.

6. I dteannta smacht agus bainistí aon Teaghlaigh, Ospidéil no Fúndúireachta a cuirfear suas no a bunófar do réir na Scéime seo, gach comhacht dá bhfuil go dtí so ag Búird Chaomhnóirí (ach amháin sa mhéid go mbaineann sí le Dochtúirí Oifigiúla Iclainne agus Banaltraí Máithreachais Ceanntair do mhaoirseacht agus d'íoc) d'aistriú chun Bórd Sláinte na Contae.

7. Na comhachta atá go dtí so ag na Búird Chaomhnóirí atá ann fé láthair, agus a bhaineann le Dochtúirí Oifigiúla Iclainne agus Banaltraí Máithreachais Ceanntair, do bheith ag Bord Sláinte na Contae go dtí pé tráth a ordóidh agus a shocróidh Roinn an Rialtais Áitiúla a mhalairt.

8. A bheith de chead ag Bord Sláinte na Contae, sa mhéid gurb oiriúnach leo é, agus gan dochar do sna teoranna a áireofar ina dhiaidh seo, a bhfeidhmeanna d'fheidhmiú tré Choistí.

9. Bórd Sláinte na Contae do cheapa na gcoistí agus na coistí do bheith ag gníomhú díreach fé smacht an Bhúird. Ní bheidh comhacht ag na Coistí ach chun nithe do mhola agus féadfar iad do scur uair ar bith.

10. Creideann an Coiste Có-naisc gur mhaith an rud úsáid do dhéanamh, oiread agus is féidir é, den chó-ghléasa atá ann fé láthair agus, dá bhrí sin, molaid go láidir do Bhórd Sláinte na Contae na Coistí a theastóidh do chó-dhéanamh de pé daoine a bheidh de thurus na huaire ina mbaill de sna Comhairlí Tuath-cheanntair agus Baile-cheanntair agus den Chomhairle Chontae.

11. Bord Sláinte na Contae do dhéanamh na n-íocaíochta go léir le Nótaí Foláraimh agus le hOrduithe Iocaíochta tar éis na híocaíochta do bheith údaruithe.

12 (a). Fé cheadú ó Roinn an Rialtais Áitiúla, Bórd Sláinte na Contae do dhéanamh na gceapanna go léir is gá chun an Scéim seo d'oibriú.

12 (b). Bórd Sláinte na Contae do thabhairt ionad den tsaghas atá acu d'oifigigh rithte atá fé údaráis atá ann anois agus a raghaidh as oifig de dheascaibh na Scéime seo, sé sin, d'oiread díobh agus a theastóidh agus, chun méid a n-aois-liúntais do shocrú ina dhiaidh sin, áireofar faid na gceapanna san ó dháta na gceapanna bunaidh.

13. Aon árd-oifigeach amháin do cheapa mar Rúnaí do Bhórd Sláinte na Contae agus chun aon tseirbhísí eile dá gceapfar do a dhéanamh cho maith céanna.

14. Deire do chur le trí Tithe Oibre Chontae Chill Mhanntáin mar Thithe Oibre an lá a ceapfar ag Bord Sláinte na Contae, agus na Fúndúireachtaí luaitear níos sia amach sa Scéim seo do bheith ann.

15. Deire do chur leis an Otharlann Chontae i gCill Mhanntáin, leis an Ospideul Fiabhrais i gCill Mhanntáin, leis an Ospideul Fiabhrais san Inbhear Mór, agus leis an Ospideul Fiabhrais i mBaile O gCearnaig lá a ceapfar ag Bord Sláinte na Contae, leis, agus na seirbhísí a bhaineann leis na Fúndúireachtaí sin do theacht fé smacht Bhórd Sláinte na Contae tríd an Ospideul Contae Méan-suidhte a bunófar do réir mír 17 den Scéim seo.

16. Aon Teaghlach amháin do sheandaoine agus do dhaoine fannlaga, do shíor-bhreoiteacháin agus do mhná ag iompar cloinne, do bhunú do Chontae Chill Mhanntáin agus na foirgintí atá i Ráth Droma do chur chun na húsáide sin.

17 (a). Aon Ospideul Contae amháin do bhunú do Chontae Chill Mhanntáin, agus na foirgintí a úsáidtear mar Otharlainn Chontae agus mar Ospideul Fiabhrais i gCill Mhanntáin d'úsáid i gcóir an Ospidéil agus chun gach fíor-dhroch-chás do chur fé leigheas ionta, ar tháille, agus an Chontae d'íoc as othair dhealbha.

17 (b). Aon Ospideul Fiabhrais amháin don Chontae do bhunú i Síol Eiligh agus na foirgintí atá ansan do chur chun na críche sin.

18. Gach éinne atá i dteideal chuige do chur amach ar lóistín agus gan a chimeád i bhfúndúireacht ach na daoine nách féidir a chur amach ar lóistín.

19. An téarma “Fóirithin Allamuich” d'imeacht agus “Cabhair Theinteáin” do chur in' ionad.

20. O thárla ná beidh aon Oifigigh Fóirithine ann fén bplean nua, arrataisí ar “Chabhair Theinteáin” do dhéanamh ar fhuirmeacha speisialta, fuirmeacha a cuirfear ag triall ar Bhórd Sláinte na Contae tar éis don Choiste Áitiúil deighleáil leo.

21. Fuirmeacha Deabha-chabhra do thabhairt, i gcóir deabhachásanna, do gach duine den Choiste a ceapfar fén Scéim seo agus iad d'úsáid, leis, i gcásanna lena ndeighleáladh Oifigigh Fóirithine roimhe seo, i gcásanna in ar gá socrú chun mairbh do chur no comhranna do sholáthar. Beidh comhacht ag an mball san, leis, i ndeabha-chásanna, ticéidí do thabhairt amach chun daoine do leigint isteach sa Teaghlach Contae no san Ospideul Contae; agus caranna do sholáthar chun iarrthóirí d'iompar, agus chun frithálamh oiriúnach do sholáthar más gá é. Díreach mar a déanfí i gcásanna lena mbainfadh iarrataisí ar Chabhair Theinteáin, déanfar gach cás Deabha-chabhra do thabhairt, ar an bhfuirm cheaptha, fé bhráid an chéad chruinniú eile de Choiste an líomatáiste lena mbaineann.

22. Sara leigfar isteach sa Teaghlach Contae é, ní foláir don tseanduine no don duine fann-lag, má bhíonn pinsean no liúntas eile aige á fháil,

(a) Socrú do shighniú chun an pinsean no an liúntas, no 10s. sa tseachtain no suim éigin eile ar a socrófar, do thabhairt do Bhórd Sláinte na Contae.

(b) Ordú do shighniú a údarú do Chléireach an Bhúird an pinsean no an liúntas do tharrang ar a shon agus é do lóisteáil chun creidiúna do Bhord Sláinte na Contae.

(c) Ní foláir na socruithe sin do shighniú i bhfianaise an Choiste no, i ndeabha-chásanna i bhfianaise aon bhaill den Choiste.

23. Gan éinne do leigint isteach sa Teaghlach Contae go dtí go gcruthófar go daingean nách féidir é chimeád suas lasmuich de.

24. Oifigigh Fóirithine, atá ag gníomhú mar Fho-oifigigh Sláintíochta, leis, do scaoile an dá oifig uatha.

25. Cuirfear deire le hOifig na bhFo-oifigeach Sláintíochta agus beidh i ngach líomatáiste Baile-cheanntair agus Tuath-cheanntair aon Chigire Sláinte Puiblí amháin (nách Dochtúir Oifigiúil) nách mór do bheith tréineálta ina dhualgaisí mar is gá agus a bheith ar fáil chun dualgaisí eile do chó-líona don Chomhairle a cheapfidh é.

26. Gach oifiigeach d'aon Bhord Caomhnóirí, do Chó-choiste Bainistí no d'aon Údarás eile, 'na mbainfidh an Scéim seo len' ionad, do scarúint len' oifig ar dháta a shocróidh Bórd Sláinte na Contae, agus cúiteamh no aois-liúntas d'íoc leis, mar gheall ar chailliúint a oifige dho, do réir ráta a áireofar do réir téarmaí Imlitre Uimh. 52, do chuir an tAire um Rialtas Áitiúil amach fé dháta an 27adh lá de Mheadhon Fhomhair, 1921, agus Uimh. 55, dar dáta 18 Deire Fomhair, 1921. Chun an mhír seo do chur in éifeacht tabharfidh Búird Chaomhnóirí agus Có-choistí Bainislí do gach oifigeach lena mbaineann an scéal an fógra riachtanach i dtaobh deire do beith len' oifig agus rithfid rún chun cúiteamh no aois-liúntas, a áireofar mar adubhradh, do dheona don oifigeach san.

27. Ar Mheastachán agus Eileamh Bliantúil a cuirfidh Bórd Sláinte na Contae fé bhráid na Comhairle Contae ar an nós a foráltar le hAirtiogal 45 den Ordú um Chuntaisí, 1905, agus é atharuithe agus oiriúnithe chun na críche seo, tabharfidh an Chomhairle don Bhord an t-airgead is gá don Bhord chun na dualgaisí atá á gcur air do cho-líona.

28. I gcóir na bliana airgid atá anois againn agus ar Eilithe ó Bhórd Sláinte na Contae agus ó am go ham fé mar a theastóidh, an Chomhairle Chontae do roimh-íoc pé suimeanna is leor i gcóir riachtanaisí an Bhúird.

29. Iniúchóir a ceapfar ag Dáil Éireann d'iniúcha Cuntaisí Bhórd Sláinte na Contae uair sa leath-bhliain agus na hachtacháin agus na rialacháin iniúchóireachta atá ann fé láthair do chur in oiriúint dá réir sin. Agus fós Bórd Sláinte na Contae do thabhairt tuairisce cho hiomlán agus is gá, uair sa leath-bhliain, don Chomhairle Chontae ar na nithe a cuirtear ar a n-iontaoibh fén Scéim seo.

30. An líomatáiste muirir i gcóir na seirbhísí a dhéanfaidh Bórd Sláinte na Contae do réir na Scéime seo do bheith mar atá fé láthair, agus chun na críche sin gach Baile-cheanntar sa Chontae do bheith, mar atá go dtí so, in aon ghrúpa amháin leis an Tuath-cheanntar ata in aice leis.

31. Muirir chimeád-suas an Teaghlach Chontae agus an Ospidéil Chontae do bheith do réir oiread so laethanta le chéile.

32. Fé cheadú ó Roinn Rialtais Áitiúla Dháil Éireann, Bórd Sláinte na Contae do cheapa Maoin-aireamhaigh chun luacháil do dhéanamh ar gach earra sna Fúndúireachtaí lena mbaineann an Scéim, agus luach gach earra den tsórt san a thógfaidh Bord Sláinte na Contae do chur chun creidiúna don Tuath-cheanntar as a dtógfar í.

33. Ar theacht i ngníomh don Scéim seo gach ceartú airgeadais riachtanach do dhéanamh idir Bhúird Chaomhnóirí, Có-choistí Bainistí, Comhairlí Tuatha, an Chomhairle Chontae, agus Bórd Sláinte na Contae.

34. Bórd Sláinte na Contae dá thógaint air féin bheith freagarthach in iasachtaí atá amuich ar roinnt Bórdanna Caomhnóirí.

35. Gach Bord Caomhnóirí fé leith do bheith freagarthach ina n-iostaithe féin d'aistriú chun an Teaghlaigh Chontae no an Ospidéil Chontae ar dháta a cheapfaidh Bórd Sláinte na Contae agus, mara ndéanfaid amhlaidh, a bheith de chomhacht ag Bord Sláinte na Contae leanbhaí do chur amach ar lóistín cho maith le pé iostaithe eile gur fearr dar leo san do dhéanamh leo; daoine infheadhma do chur chun siúil; socrú chun an chuid eile d'aistriú chun an Teaghlaigh Chontae no an Ospidéil Chontae agus gach éinní eile do dhéanamh is gá a dhéanamh chun an Scéim do chur in éifeacht.

36. Ar dháta a cheapfaidh Bórd Sláinte na Contae deire do chur le “hAontaisí” mar líomatáistí riaracháin agus Búird Chaomhnóirí d'eirghe as bheith ag feidhmiú

37. Cho luath agus is féidir é agus fé cheadú ón Roinn, Bórd Sláinte na Contae do ghlaca le Buan-orduithe chun Rialuithe Nós-Imeachta agus Gnótha.

AN DARA SCEIDEAL.

Contaethe.

Dáta an Scéim do teacht i ngníomh

Dáta na leasuithe do theacht i ngníomh

An Cabhán

...

...

16 Meádhon Fhomhair, 1921

25 Márta, 1922.

An Clár

...

...

26 Deire Fomhair, 1921

--

Gaillimh

...

...

22 Mí na Samhna, 1921

--

Ciarraí

...

...

1 Lúnasa, 1921

--

Cilldara

...

...

14 Feabhra, 1922

--

Cill Choinnigh

...

7 Mí na Samhna, 1921

--

Laoighis

...

...

1 Bealtaine, 1921

30 Mí na Samhna, 1922

Liathdruim

...

...

5 Mí na Samhna, 1921

--

Contae-Bhuirg Luimnigh

2 Márta, 1922

--

Contae Luimnigh

...

27 Meitheamh, 1921

--

Longphort

...

...

4 Abrán, 1922

--

Muigheo

...

...

1 Deire Fomhair, 1921

--

An Mhidhe

...

...

18 Mí na Samhna, 1921

--

Muineachán

...

...

9 Meadhon Fhomhair, 1921

--

I Fáilghe

...

...

4 Lúnasa, 1921

--

Roscomáin

...

...

21 Márta, 1921

--

Sligeach

...

...

26 Meadhon Fhomhair, 1921

--

Tír Chonaill

...

...

6 Mí na Nodlag, 1921

--

Portláirge

...

...

22 Mí na Samhna, 1921

--

An Iarmhidhe

...

1 Lúnasa, 1921

--

Loch Garman

...

25 Deire Fomhair, 1921

--

Cill Mhanntáin

...

16 Mí na Samhna, 1921

--

AN TRIÚ SCEIDEAL.

Suimeanna Airgid

An tUdarás Áitiúil le n-ar roimh-íocadh

Dáta an Roimh-íoca

Dáta chun Aisíoc

£

s.

d.

4,400

0

0

Comhairle Chontae Loch Garman.

17 Lúnasa, 1921.

20 Meadhon Fhomhair, 1923

3,000

0

0

Comhairle Chontae Chiarraí.

19 Lúnasa, 1921.

30 Meadhon Fhomhair, 1923

4,400

0

0

Comhairle Chontae Thír Chonaill.

3 Deire Fomhair, 1921.

20 Meadhon Fhomhair, 1923

AN CEATHRÚ SCEIDEAL.

An tSuim Airgid

An tUdarás Áitiúil d'íoc

Dáta an íoca

An té le n-ar íocadh

£

s.

d.

4,000

0

0

Comhairle Chontae Mhuigheo.

31 Mí na Nodlag, 1922.

An tAire.

500

0

0

Comhairle Chontae Roscomáin.

25 Feabhra 1922.

An tAire.

2,500

0

0

Comhairle Chontae Roscomáin.

25 Feabhra, 1922.

An tAire.

2,500

0

0

Comhairle Chontae Mhuineacháin.

29 Lúnasa, 1922.

An tAire.